18 1923

Uimhir 18.


ACHT AN OIREACHTAIS (BAILL D'ÍOC), 1923.


ACHT CHUN SOLÁTHAR DO DHÉANAMH CHUN LIÚNTAISI D'ÍOC LE BAILL DEN OIREACHTAS AGUS CHUN A ÚDARÚ GO SOLÁTHRÓFAR SAORÁIDÍ ÁIRITHE DO SNA BAILL SIN CHUN TAISTEAL DO DHÉANAMH GAN ÍOC AS. [18adh Meitheamh, 1923.]

DE BHRÍ go bhfuil sé achtuithe le hAirtiogal 23 de Bhunreacht Shaorstáit Éireann go ndéanfaidh an tOireachtas socrú chun a bhaill d'íoc agus go bhféadfa sé ina theanta san saoráidí do sholáthar dóibh chun taisteal do dhéanamh in Éirinn gan íoc as:

AGUS DE BHRÍ gur chinn Seanad Éireann le rún, an 10adh lá d'Eanair, 1923, gur mar a chéile an díolaíocht a íocfí le baill de Sheanad Éireann agus an díolaíocht do shocródh Dáil Éireann dá baill, agus go soláthrófí deimhnithe no ticéidí saosúir den chéad ghrád go tithe agus ó thithe Seanadóirí:

AGUS DE BHRÍ gur chinn Dáil Éireann le rún, an 24adh lá d'Eanair, 1923, go lomhálfí suim £30 sa mhí do gach duine dá baill i gcóir costaisí agus go dtabharfí dho saoráidí den chéad ghrád chun taisteal do dhéanamh ar an mbóthar iarainn idir Bhaile Atha Cliath agus a dháilcheanntar gan íoc as:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach soláthar do dhéanamh do réir Airtiogail 23 sin den Bhunreacht chun na liúntaisí a luaidhtear sna Rúin sin d'íoc le baill den Oireachtas agus chun saoráidí chun taisteal gan íoc as do sholáthar dóibh do réir na Rún gcéanna:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Baill den Oireachtas d'fháil liúntais agus saoraidí taistil.

1. —Beidh gach ball den Oireachtas i dteideal, fé réir forálacha an Achta so, an liúntas agus na saoráidí taistil a áirítear san Acht so d'fháil agus iad d'íoc leis as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Méid an liúntais do bhaill den Oireachtas.

2. —(1) Isé liúntas a íocfar le gach ball den Oireachtas fén Acht so ná liúntas do réir £30 sa mhí.

(2). An tuarastal a bheidh do bhall den Oireachtas de thurus na huaire de bhua aon oifig díobh so a leanas do bheith ar seilbh aige, sé sin le rá—

(a) Ceann Comhairle Dháil Éireann,

(b) Leas-Cheann Comhairle Dháil Éireann,

(c) Cathaoirleach Sheanaid Éireann,

(d) Leas-Chathaoirleach Sheanaid Éireann,

(e) Uachtarán na hArd-Chomhairle,

(f) Aon oifig go bhfuil a sealbhaíocht ag brath ar an móráireamh i nDáil Éireann d'fhanúint ina dtaca le hUachtarán na hArd-Comhairle,

(g) Aon oifig go bhfuil a sealbhaíocht ag brath ar théarma saoil aon Dála áirithe,

tuigfear é do bheith ag folú an liúntais a bheadh le n’ íoc leis an mball san fén Acht so agus, dá réir sin, faid a bheidh aon bhall den Oireachtas ag fáil tuarastail mar gheall ar aon cheann de sna hoifigí roimh-ráite, ní bheidh sé i dteideal aon liúntais thairis sin fén Acht so.

Cur síos ar shaoráidí taistil do bhaill den Oireachtas.

3. —(1) Isiad saoráidí taistil a gheobhaidh gach ball den Oireachtas fén Acht so ná—

(a) i gcás ball de Dháil Éireann, saoráidí taistil, mar a mínítear leis an Acht so, idir Bhaile Atha Cliath agus aon áit sa dáilcheanntar dar ball é, agus

(b) i gcás ball de Sheanad Éireann, saoráidí taistil, mar a mínitear leis an Acht so, idir Bhaile Atha Cliath agus an áit 'na mbeidh gnáth-chomhnaí air de thuras na huaire: Ach an áit chomhnaithe sin do bheith i Saorstát Éireann ach amháin in aon chás gur deimhin leis an Aire Airgid go bhfuil nithe fé leith i Saorstát Éireann is leor do réir réasúin chun an ball san do chosc de thuras na huaire ar chomhnaí do dhéanamh i Saorstát Éireann agus do dhéanfadh é do bheith dleathach saoráidí do lomháil don bhall san, go hiomlán no go leathrannach, chun taisteal do dhéanamh chun na háite no ón áit ina mbeadh comhnaí air.

(2) Soláthrófar na saoráidí taistil roimh-ráite agus íocfar asta ar pé cuma a ordófar ó am go ham le rialacháin a dhéanfidh an tAire Airgid tar éis comhairle do ghlaca le Ceann Comhairle Dháil Éireann agus le Cathaoirleach Sheanaid Éireann.

An t-am a tosnófar ar liúntaisí agus saoráidí taistil d'íoc.

4. —An liúntas atá le n' íoc le gach ball den Oireachtas agus na saoráidí taistil atá le fáil aige fén Acht so, tosnóid agus beid iníoctha leis (fé réir na bhforálacha den Acht so i dtaobh balla i seilbh oifigí áirithe) ón lá a thug no a thabharfa sé an mhóid tar éis na huaire is déanaí a toghadh chun an Oireachtais é.

Foráil i gcóir balla do coisceadh no a coiscfar tré bhreoiteocht, etc., ar an móid do thabhairt.

5. —(1) Má dineadh aon bhall den Oireachtas, a toghadh chun an Oireachtais roimh rith an Achta so, do chosc ar an móid do thabhairt an chéad lá tar éis a thoghtha a shuidh an Tigh chun ar toghadh é agus gurb é rud a choisc air é ná breoiteacht no rud éigin eile nárbh í a thoil ná a chionta féin fé ndeár é, agus má thug no má thugann sé an mhóid an chéad lá a shuidh no a shuidfidh an Tigh sin tar éis deire do bheith leis an mbreoiteacht san no le haon rud eile den tsórt san roimh-ráite, tuigfar chun crícheanna an Achta so gur thug an ball san an mhóid an chéad lá, tar éis a thoghtha, do shuidh an Tigh sin.

(2) Má dintar aon bhall den Oireachtas, a toghfar chun an Oireachtais tar éis rith an Achta so, do chosc ar an móid do thabhairt an chéad lá tar éis a thoghtha a shuidfidh an Tigh chun ar toghadh é agus gurb é rud a choiscfidh air é ná breoiteacht, no rud éigin eile nách í a thoil ná a chionta féin fé ndéar é, agus má thugann sé an mhóid an chéad lá a shuidhfidh an Tigh sin tar éis deire do bheith leis an mbreoiteacht san no le haon rud eile den tsórt san roimh-ráite tuigfar chun crícheanna an Achta so gur thug an ball san an mhóid sin an chéad lá do shuidh an Tigh sin tar éis a thoghtha chun an Tighe sin.

(3) Má eiríonn aon cheist no aighneas i dtaobh ce'ca tá no ná fuil no i dtaobh a mhéid atá ball den Oireachtas i dteideal chun sochar an ailt seo socrófar an cheist no an t-aighneas san—

(a) i gcás ball de Dhá l Éireann ag an gCeann Comhairle, agus

(b) i gcás ball de Sheanad Éireann, ag an gCathaoirleach,

agus ní bheidh dul thar socrú an Chinn Chomhairle no an Chathaoirligh (pe'ca aca san e) in aon chás den tsórt san.

Míaithe.

6. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “saoráidí taistil” soláthar chun taisteal céad-ghráid do dhéanamh ar bhóithre iarainn gan íoc as agus aisíoc pé costaisí taistil eile gur deimhin leis an Aire Airgid gur rud réasúnta dul fútha;

na focail “toghtha,” “toghadh” agus “toghfar,” nuair úsáidtear iad i dtaobh ball de Sheanad Éireann foluíd fé seach toghtha, toghadh agus toghfar le vóta de Sheanad Éireann, agus nuair úsáidtear toghtha agus toghadh i dtaobh duine gur dhin ball de Sheanad Éireann de roimh rith an Achta so foluíd fé seach ainmnithe agus ainmníodh;

cialluíonn an abairt “an mhóid” an mhóid a orduítear le Bunreacht Shaorstáit Éireann mar mhóid atá le tabhairt ag baill den Oireachtas, agus cialluíonn an abairt “an mhóid do thabhairt” agus abairtí eile den tsaghas san an mhóid roimhráite do thabhairt ar an gcuma a orduítear leis an mBunreacht;

(2) Gach ball den Dáil sco anois ann a bhí ina bhall di an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, tuigfar chun crícheanna an Achta so gur toghadh chúichi an lá san é.

Gearr-Theideal.

7. —Féadfar Acht an Oireachtais (Baill d'Ioc), 1923 , do ghairm den Acht so.