| | |
Uimh. 1.
|
[16adh Iúl, 1923.] | | |
DE BHRÍ gur dhin an tAire um Rialtas Áitiúil an tOrdú Sealadach atá sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí (Éirinn), 1878 go 1907, mar a hoiriúnuíodh iad leis an
Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922
:
| | |
AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé riachtanach go ndaingneodh an tOireachtas an tOrdú Sealadach san:
| | |
AGUS DE BHRÍ gur leagadh fé bhráid dhá Thigh an Oireachtais roimh rith an Achta so cóipeanna de sna pleananna, dá ngairmtear “na pleananna fágtha” san Ordú Sealadach san agus anso ina dhiaidh seo, agus iad séaluithe le séala an Aire um Rialtas Áitiúil:
| | |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—
| |
|
|
1.
—Daingnítear leis seo an tOrdú Sealadach atá sa Sceideal a ghabhann leis seo agus beidh lán-dleathacht agus lán-fheidhm ag gach foráil atá ann.
| |
|
|
2.
—Glacfar mar fhianaise cóipeanna de sna pleananna fágtha agus iad séaluithe le séala an Aire um Rialtas Áitiúil agus tuigfar gur fíor-chóipeanna iad de sna pleananna fágtha mara dtaisbeántar nách ea.
| |
|
|
3.
—Féadfar
Acht an Orduithe Shealadaigh um Oibreacha Uisce Ráth Dúin Uimh. 1 (Daingniú), 1923
, do ghairm den Acht so.
| | |
SCEIDEAL.
| | |
| | |
AIREACHT UM RIALTAS ÁITIÚIL.
| | |
| | |
Ordu Sealadach chun a chur ar chumas Chomhairle Thuathcheanntair Ráth Dúin Uimh. 1, Clásanna Eigeantacha na nAchtanna um Chlásanna Talmhan do chur i bhfeidhm.
| | |
DE BHRÍ go dteastuíonn ó Chomhairle Thuath-cheanntair Ráth Dúin Uimh. 1 (dá ngairmtear “an Chomhairle Cheanntair” san Ordú so) na tailte, an t-uisce agus na cirt a tuairiscítear sa sceideal a ghabhann leis seo do cheannach chun uisce do sholáthar do Bhailte Fearainn Chill Tiarnáin, Thiarnas Chill Tiarnáin, Bhaile an Rí, Bhaile Bhraonáin, Charraig Maighin Bheag, Bhaile I Ogáin, Ghleib (Cill Tiarnáin), Bhaile Shéamuis, Chillghobín, Newtown Little (Togharoinn Ghleanna Cualann), Thaobh Coille, Bhaile I Mhurchadha, Bhaile Fhaille, Carmanhall, Bhaile Dhrín, maraon le sráid-bhailte Chill Tiarnáin, Bhaile Bhuidhe agus Thaobh na Coille atá ina gceanntar:
| | |
AGUS DE BHRÍ gur fágadh agam-sa, an tAire um Rialtas Áitiúil, pleananna de sna tailte, den uisce agus de sna cirt sin, dá ngairmtear ina dhiaidh seo anso “na pleananna fágtha,” agus gur dineadh cóip de sna pleananna fágtha d'fhágaint, agus go bhfuil sí anois, in oifig na Comhairle Ceanntar chun go scrúdódh an phuiblíocht í:
| | |
ANOIS, DA BHRI SIN, orduím-se, an tAire um Rialtas Áitiúil, de bhua na gcomhacht a tugadh dom le halt 203 den Acht um Shláinte Phuiblí (Éirinn), 1878, fé mar a oiriúnuíodh é leis an
Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922
, agus de bhua gach comhachta eile le n-a gcuirtear san ar mo chumas, órduím-se leis seo éifeacht do bheith ag na forálacha so a leanas ó dháta an Achta le n-a ndaingneofar an tOrdú so agus dá éis, sé sin:—
| | |
1. Beidh de chomhacht ag an gComhairle Cheanntair comhachtanna na nAcht um Chlásanna Talmhan, fé mar a leasuíodh iad le hAlt 8 den Acht um Shláinte Phuiblí (Éirinn), 1896, maidir le ceannach agus gabháil tailte ar aon tslí eile seachas le réiteach, no aon chomhacht díobh, do chur i bhfeidhm chun na críche roimh-ráite, i dtaobh na dtailte, an uisce agus na gceart a tuairiscítear sa Sceideal a ghabhann leis seo.
| | |
2. Chun crícheanna an Orduithe seo folóidh an focal “talamh” sna hAchtanna um Chlásanna Talmhan na tailte, an t-uisce agus na cirt a tuairiscítear sa Sceideal a ghabhann leis seo.
| | |
3. Isí an Chomhairle Cheanntair a íocfaidh na costaisí agus na caitisí fé n-a raghaidh an Chomhairle Cheanntair agus an tAire um Rialtas Áitiúil, i dtaobh an tOrdú so d'iarraidh, d'ullamhú, do dhéanamh agus do dhaingniú, agus an t-airgead a theastóidh ina chóir sin soláthróidh Comhairle Chontae Bhaile Atha Cliath é ar an gcuma a foráltar san Acht um Rialtas Áitiúil (Éirinn), 1898, mar chuid de chostaisí na Comhairle Ceanntair.
| | |
4. Féadfar “An tOrdú um Oibreacha Uisce Ráth Dúin Uimh. 1, 1923” do ghairm den Acht so.
| | |
Tugtha fém Shéala Oifige an t-aonmhadh lá deag ar fhichid so de Bhealtaine sa Bhliain dAois ár dTiarna Míle Naoi gCéad a Trí Fichead.
| | |
EARNÁN DE BLAGHD,
| | |
Aire um Rialtas Áitiúil.
| | |
Sceideal.
| | |
| | |
CONTAE BHAILE ATHA CLIATH.
| | |
| | |
COMHAIRLE THUATH-CHEANNTAIR RATH DUIN UIMH. 1
| | |
| | |
Paroiste Chill Tiarnain agus Baile Fearainn Thiarnas Chill Tiarnain.
| | | |
Uimh. ar an bPlean
|
Tuairisc na Talmhan.
|
Unaerí.
|
Léasaithe.
|
Sealbhóirí.
|
|
1
|
Talamh ina bhfuil 4 phéirse. Sruth agus a bhruach agus ceart chun an t-uisce a ritheann ann do chasa, do smachtú agus d'úsaid chun críche an tsoláthair uisce.
|
E. O Braonáin.
|
Bean an Mhórdhaigh.
|
Tomás Mac Giolla Easbuig.
|
|
2
|
Talamh ina bhfuil ceathrú acra agus 26 phéirse. Clais uisce agus a bhruacha chun uisce d'iompar, maraon le gach ceart chun rith an uisce ann d'fheabhasú no do smachtú.
|
do.
|
do.
|
do.
|
|
3
|
Ta amh ina bhfuil ceathrú acra. Clais uisce agus a bhruach chun uisce d'iompar maraon le gach ceart chun rith an uisce ann d'fheabhasú no do smachtú.
|
do.
|
do.
|
do.
|
|
4
|
Talamh ina bhfuil 12 phéirse agus na dréineacha, na dabhcháin agus an sruth no an chlais uisce atá ann agus a n-úsáid iomlán d'fháil.
|
Ionaduithe Mháire Nic Aindriais.
|
Micheál O Broin.
|
Micheál O Broin
|
|
5
|
Talamh ina bhfuil 23 phéirse, agus an píopa atá curtha síos ann. An talamh d'úsáid mar chosán agus an píopa no an dréin d'úsáid chun uisce d'iompar i gcóir an tsoláthair uisce.
|
do.
|
do.
|
do.
|
|
6
|
Talamh ina bhfuil 5 phéirse agus an píopa no an dréin atá ann. An talamh d'úsáid mar chosán agus an píopa no an dréin d'úsáid chun uisce d'iompar i gcóir an tsoláthair uisce
|
Ionaduithe Mháire Nic Aindriais.
|
Micheál O Broin.
|
Micheál O Broin.
|
|
7
|
Talamh ina bhfuil 1 acra 24 phéirse agus an linn atá ann chun scagairí agus dabhcháin do dhéanamh agus ceart chun an linn d'úsáid chun uisce do stóráil no do shocrú ann.
|
do.
|
do.
|
do.
|
|
8
|
Talamh ina bhfuil leathacra agus 38 bpéirse. An bóthar agus ceart chun é d'úsáid mar shlí chun na scagairí. Dabhcháin agus linnte mar a tuairiscítear in Uimh. 7.
|
do.
|
do.
|
do.
|
|
| |
| | | |
Tuairisc na Talmhan.
|
Ainmneacha daoine atá ina nUnaerí, ina Léasaithe, no ina Sealbhóirí do thalamh atá teoranta no buailte suas leis an abhainn no leis an sruth a ráitear sa chéad cholún.
|
|
Ceart chun an t-uisce do thabhairt o Abha Bhaile I Lachtnáin a ghabhann tré Bhaile Fearainn Thiarnas Chill Tiarnáin 'na bhfuil uimhir 1 aige ar na pleananna fágtha, agus fós ón gclais uisce 'na bhfuil uimhir 2 agus uimhir 3 aice agus ó sna píopaí, dréineacha, condúití agus dabhcháin 'na bhfuil 4, 5, agus 6 mar uimhreacha acu agus ón linn atá ina cuid d'uimhir 7 agus cirt uisce na habhann no an tsrotha san, na claise uisce, na ndabhchán, na ndréineacha no na gcondúití, agus na linne sin d'fháil, 'na luíonn gach ceann acu i mBaile Fearainn Thiarnas Chill Tiarnaín.
|
Seoirse Mac Fhearguis, Tomás mac Giolla Easpuig, E. O Braonáin, Bean an Mhórdhaigh, Séamus O Maonaigh, an Cornal A. mac Giolla Phádraig, Bean an Bhreitigh, Pilip O Raghallaigh (Baile Buidhe), Pilib O Raghallaigh (Baile an Rí), Mícheál O Broin, Ionadaithe Mháire nic Aindriais, Cathal de Sutún, Alastar Friseal, Tomás mac Stiopháin, Seoirse mac an Chrosáin, Tomás mac an Chrosáin, Séamus Díring, Seoirse Ruiséil, Giolla Easpuig mac Giolla Chríost, Criostóir O Broin, Cuideachta Mhianachóireachta na hÉireann, Traelach O Broin, an Captaen Pó, Bean an Bhrianaigh, Bean Mhig Uidhir, Mícheál O Raghallaigh, Tomás mac Eoghain, Diarmuid O hAinglighe, Isác mac Stiopháin, Bórd Caomhnóirí Ráth Dúin, Liam O Gréacháin, Aindrias mac Gabhann, Seoirse Bower, an Captaen L. O Raghaill, Seán Trial, Pádraig de Fílde, Donnchadh O Broin, Ionadaithe Sheáin I Bhroin, Peadar O Cinneide.
|
|
|