25 1923

Uimhir 25.


ACHT UM CHOMHACHTANNA DON CHÓLUCHT TALMHAN, 1923.


ACHT CHUN A CHUR I gCUMAS AN CHÓLUCHT TALMHAN DO MHÁIRNÉALAIGH AGUS DO SHAIGHDIÚIRÍ ÉIREANNACHA COMHACHTANNA ÁIRITHE D'FHEIDHMIÚ I SAORSTÁT ÉIREANN, AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS AN gCÓLUCHT ROIMHRÁITE. [16adh Iúl, 1923.]

DE BHRÍ go bhforáltar le halt 3 d'Acht a rith Páirlimint Ríochta Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí agus dá ngairmtear Acht Shaorstáit Éireann (Forálacha Leanúnacha), 1922, go mbunófar chun na gcrícheanna atá leagtha amach san alt san cólucht ar a nglaofar an Cólucht Talmhan do Mhairnéalaigh agus do Shaighdiúirí Eireannacha ach ná tiocfidh an t-alt san i ngníomh go dtí go ndeimhneoidh an Cisteán Briotáineach (imeasc nithe eile) go bhfuil rithte ag Oireachtas Shaorstáit Éireann pé reachtúchán is gá chun a chur ar chumas an Chóluchta san talamh do sholáthar agus do shealbhú agus chun aon talamh agus maoin eile atá len' aistriú chun an Chóluchta fén alt san do dhílsiú sa Chólucht agus chun a chur ar chumas an Chóluchta ar shlite eile crícheanna an ailt sin do thabhairt chun críche:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Forálacha i dtaobh comhachtanna chun crícheanna an Chóluchta d'fheidhmiú i Saorstát Éireann.

1. —(1) Beidh ag an gCólucht Talmhan do Mhairnéalaigh agus do Shaighdiúirí Eireannacha (dá ngairmtear an “Cólucht” san Acht so) comhacht chun talamh do sholáthar agus do shealbhú i Saorstát Éireann agus pé comhachtanna eile is gá chun a chur ar chumas an Chóluchta crícheanna Ailt a Trí d'Acht Shaorstáit Éireann (Forálacha Leanúnacha), 1922, do thabhairt chun críche:

Ach ní tuigfar go dtugann éinní sa bhforáil seo roimhe seo comhacht don Chólucht chun talamh do sholáthar go héigeanta i Saorstát Éireann.

(2) Ar a iarraidh sin air don Chólucht agus más oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire um Rialtas Áitiúil, ar shlí eile seachas le marga, talamh do sholáthar chun é d'aistriú chun an Chóluchta agus chun an talamh san do sholáthar, beidh aige na comhachta go léir a bronnadh ar Bhord Rialtais Áitiúla na hÉireann de bhua Ailt a Ceathair den Acht Talmhan Éireannach (Soláthar do Mháirnéalaigh agus Saighdiúirí), 1919, maraon le comhacht chun aon scéim a chúm an Bord san roimh an séú lá de Mhí na Nodlag, naoi gcéad déag a dó fichead, d'fheidhmiú agus do chríochnú, chó fada is théighean talamh do sholáthar go héigeanta fén scéim sin, ar an gcuma gcéanna is dá mb'é an tAire um Rialtas Áitiúil a dhéanfadh, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar ar an Aire leis an Acht so, na himeachta san do bhunú a bhunuigh an Bord san roimh an dáta san.

(3) Aon talamh, maoin no cirt a sholáthair Bord Rialtais Áitiúla na hÉireann fé Alt a Ceathair den Acht Talmhan Éireannach (Soláthar do Mháirnéalaigh agus Saighdiúirí), 1919, no a sholáthróidh an tAire um Rialtas Áitiúil fé sna comhachtanna a bronntar air leis an alt so, beid aistrithe chun an Chóluchta agus dílseoid ann ar pé dátaí fé seach a háireófar in Orduithe a dhéanfaidh an tAire sin gan aistriú, sanna ná gléas eile do bheith riachtanach, ach fé réir aon fhiachaisí a luadhfar sna hOrduithe fé seach.

(4) Má dhineann an Cólucht socruithe le haon Roinn de Rialtas Shaorstáit Éireann chun go ndéanfadh an Roinn sin no oifigigh den Roinn sin aon chomhachtanna no dualgaisí atá ag an gCólucht, no air, d'fheidhmiú agus do chó-líona thar ceann an Chóluchta, beidh ag an Roinn no ag na hoifigigh sin na comhachtanna a bronnadh ar an gCólucht, i dtaobh Shaorstáit Éireann, leis an Acht so agus le hAlt a Trí sin d'Acht Shaorstáit Éireann (Forálacha Leanúnacha), 1922, agus feadfid iad d'fheidhmiú sa mhéid agus ar pé téarmaí agus coiníollacha ar a réiteofar.

(5) Ní bhainfidh mír (d) d'fho-alt (4) ná fo-ailt (7) agus (8) d'Alt a Ceathair den Acht Talmhan Éireannach (Soláthar do Mháirnéalaigh agus Saighdiúirí), 1919, leis na comhachtanna a bronntar leis an alt so ar an Aire um Rialtas Áitiúil, agus an chomhacht a bronnadh ar Bhord Rialtais Áitiúla na hÉireann le fo-alt 6) den alt san chun Orduithe do dhéanamh chun achtacháin d'oiriúnú féadfar í d'fheidhmiú tré Orduithe a dhéanfidh an tAire um Rialtas Áitiúil agus an Cólucht i dteanta a chéile.

Gearr-Theideal.

2. —Féadfar an tAcht um Chomhachtanna don Chólucht Talmhan, 1923 , do ghairm den Acht so.