27 1923

Uimhir 27.


ACHT DLÍ THALMHAN (COIMISIÚN), 1923.


ACHT CHUN AN DLÍ A BHAINEAS LE COIMISIÚN TALMHAN NA hÉIREANN DO LEASÚ AGUS CHUN BORD NA gCEANNTAR gCUMHANG IN ÉIRINN DO SCUR AGUS A FHEIDHMEANNA D'AISTRIÚ GO DTÍ COIMISIÚN TALMHAN NA hÉIREANN AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN. [24adh Iúl, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Míniú ar théarmaí áirithe.

1. —San Acht so, mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt—

Cialluíonn an focal “Bord na gCeanntar gCumhang” Bord na gCeanntar gCumhang in Éirinn;

Cialluíonn an focal “dáta an aistrithe” an dáta ar ar dineadh riarachán na seirbhísí puiblí a bhaineann le ceannach talmhan d'aistriú, maidir le Saorstát Éireann, chun Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann;

Cialluíonn an focal “na hAchtanna Dlí Thalmhan” na hAchtanna Dlí Thalmhan mar a mínítear leis an Acht Talmhan Éireannach, 1909;

Cialluíonn an focal “na hAchtanna Ceannach Talmhan” na hAchtanna Ceannach Talmhan mar a mínítear leis an Acht Talmhan Éireannach, 1909, maraon le haon Acht ina dhiaidh sin atá i bhfeidhm anois agus atá do réir a théarmaí le léiriú mar éinní amháin leis na hAchtanna Ceannach Talmhan;

Beidh ag an bhfocal “Achtanna Bord na gCeanntar gCumhang (Éirinn)” an brí céanna atá aige san Acht Talmhan Éireannach, 1909, ach f0loiidh se Cuid III. den Acht san.

Comhachtanna Coimisiún Talmhan na hÉireann do dhaingniú.

2. —(1) In ainneoin forálacha Cuid III. den Dara Sceideal d'Acht Shaorstáit Éireann (Forálacha Leanúnacha), 1922, tré n-ar scuir oifig Choimisinéir Choimisiún Talmhan na hÉireann de bheith ar bith o dháta an aistrithe, tuigfar Coimisiún Talmhan na hÉireann do bheith ar bith i gcomhnaí i Saorstát Éireann mar chorparáid o dháta an aistrithe, agus o dháta rithte an Achta so agus dá éis beidh se có-dhéanta de Choimisinéir Breithiúntais agus de pé méid Coimisinéirí eile is gá dar le hArd-Chomhairle Shaorstáit Éireann.

(2) In ainneoin na bhforálacha roimhráite beidh ag Coimisiún Talmhan na hÉireann agus tuigfar go raibh acu ríamh o dháta an aistrithe gach údarás, comhacht, dualgas agus oblagáid a bhí ag Coimisiún Talmhan na hÉireann no ortha díreach roimh dháta an aistrithe agus a bhí infheidhmithe no le có-líona i Saorstát Éireann.

(3) Gach maoin de gach cineál agus de gach sórt a bhí dílsithe i gCoimisiún Talmhan na hÉireann díreach roimh dháta an aistrithe, agus a bhí suidhte i Saorstát Éireann no a bhí dílsithe i gCoimisiún Talmhan na hÉireann chun críche feidhmeanna a bhí le có-líona i Saorstát Éireann, in ainneoin na bhforálacha roimhráite beidh sí agus tuigfar go raibh sí riamh o dháta an aistrithe, dílsithe i gCoimisiún Talmhan na hÉireann le haghaidh estáití, leasanna agus crícheanna agus fé iontaobhaisí de sna saghsanna san gur le n-a n-aghaidh agus fútha a bhí an mhaoin sin dílsithe fé seach i gCoimisiún Talmhan na hÉireann díreach roimh dháta an aistrithe.

Coimisinéir Breithiúntais do cheapa.

3. —Go dtí go mbunófar Cúirteanna do réir Airtiogail 64 de Bhunreacht Shaorstáit Éireann, bainfidh fo-alt (5) d'Alt 28 den Acht Ceannach Talmhan (Éirinn), 1891, le hoifig an Choimisinéara Bhreithiúntais fén Acht so, agus o am bunuithe na gCúirt sin agus dá éis cuirfar Breitheamh den Ard-Chúirt, ar pé slí a ordóidh an dlí, chun oifig an Choimisinéara Bhreithiúntais do chó-líona fén Acht so.

Coimisinéirí do cheapa.

4. —(1) Isí Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann a cheapfidh na Coimisinéirí (lasmuich den Choimisinéir Breithiúntais) de Choimisiún Talmhan na hÉireann.

(2) Ar bheith ceaptha do Choimisinéirí fén alt so, déanfar gach údarás, comhacht agus dualgas a bhí do réir dlí dílsithe i gCoimisinéirí Estáit Choimisiún Talmhan na hÉireann, no curtha ortha, díreach roimh dháta an aistrithe, agus a bhí infheidhmithe no le có-líona i Saorstát Éireann, déanfar iad do dhilsiú i no do chur ar na Coimisinéirí a bheidh ceaptha amhlaidh, agus beid dilsithe ionta no curtha ortha, agus gach luadh no tagairt, atá in aon Acht, riail, rialachán no ordú, do Choimisinéirí Estáit Choimisiún Talmhan na hÉireann no d'aon duine no daoine de sna Coimisinéirí Estáit sin, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt do Choimisinéirí a ceapadh fén alt so no don oiread chéanna dá leithéidí de Choimisinéirí.

(3) Ní tuigfar éinní san Acht so do bheith ag údarú Coimisinéirí Estáit de Choimisiún Talmhan na hÉireann do cheapa.

(4) An méid sin d'fho-alt (3) d'Alt 28 den Acht Ceannach Talmhan (Éirinn), 1891, a fhorálann gach Coimisinéir de Choimisiún Talmhan na hÉireann do chimeád seilbh a oifige do réir na sealbhaíochta céanna is dá mba Bhreitheamh Cúirte Contae in Éirinn é, ní bhainfe sé le Coimisinéirí a ceapfar fén alt so.

Bord na gCeanntar gCumhang do scur.

5. —Láithreach tar éis rithte an Achta so beidh Bord na gCeanntar gCumhang ar scur agus, leis sin déanfar gach oifigeach agus duine a bheidh ar fostú ag Bord na gCeanntar gCumhang an uair sin d'aistriú chun fostaíocht Choimisiún Talmhan na hÉireann agus chun crícheanna na nAcht Aois-liúntais, 1834 go 1919, tuigfar go rabhadar á n-íoc, as airgead do sholáthair an Pháirlimint no an tOireachtas ar feadh aimsire a seirbhíse fé Bhord na gCeanntar gCumhang do réir brí Ailt 17 den Acht Aois-liúntais, 1859, agus, chun crícheanna Ailt 2 den Acht Aois-liúntais, 1909, tuigfar gur sheirbhís i mbuan-tSeirbhís Shíbhialta an Stáit an tseirbhís inphinsin, fé Bhord na gCeanntar gCumhang, a thug na hoifigigh agus na daoine sin uatha atá inphinsin do réir forálacha aon scéime a dineadh fé Alt 52 den Acht Talmhan Éireannach, 1909.

Údarás agus comhacht Bhord na gCeanntar gCumhang d'aistriú.

6. —(1) Láithreach tar éis rithte an Achta so aistreofar go dtí Coimisiún Talmhan na hÉireann agus dílseofar ann gach údarás, comhacht agus dualgas a bhain le Bord na gCeanntar gCumhang no a bhí dílsithe ann ar aon tslí láithreach roimh rith an Achta so fé no de bhua Achtanna Bord na gCeanntar gCumhang (Éirinn), agus a bhí suidhte no intheidhmithe laistigh de líomatáiste Shaorstáit Éireann.

(2) I gcás údarás no comhachtanna Bord na gCeanntar gCumhang maidir le talamh atá suidhte i gContaethe na gCeanntar gCumhang mar a mínítear le hAlt 46 den Acht Talmhan Éireannach, 1909, i gcás iad do bheith ag baint ón údarás no o sna comhachtanna a bhí infheidhmithe ag Coimisiún Talmhan na hÉireann i dtaobh tailimh atá suidhte amhlaidh no iad do bheith ní ba lú in aon tslí ná an t-údarás no na comhachtanna a bhí ag Coimisiún Talmhan na hÉireann i dtaobh tailimh ná fuil suidhte amhlaidh, beidh ag Coimisiún Talmhan na hÉireann maraon le húdarás agus comhachtanna roimhráite Bhord na gCeanntar gCumhang, i dtaobh na dtailte atá suidhte amhlaidh, gach údarás agus comhacht a bhí dílsithe i gCoimisiún Talmhan na hÉireann ar dháta an aistrithe i dtaobh tailimh atá suidhte amhlaidh no i dtaobh tailimh ná fuil suidhte amhlaidh.

(3) Gach aon údarás, comhacht agus dualgas a haistrítear leis an alt so agus a bhí, roimh rith an Achta so, infheidhmithe no le có-líona ag Bord na gCeanntar gCumhang no ag aon bhaill no ball den Bhord san, o am rithte an Achta so agus dá éis beid infheidhmithe agus có-líonfar iad ag Coimisinéirí Talmhan na hÉireann (lasmuich den Choimisinéir Bhreithiúntais), ach fé réir chirt (má bhíonn ann) den tsórt a bhí ann roimh rith an Achta so, chun athchomharc (maraon le hathchomharc tré mhíníu cúise do dhéanamh no tré phuinte dlí do chur fé bhreith) do dhéanamh chun Coimisinéir Breithiúntais Choimisiún Talmhan na hÉireann.

Maoin Bhord na gCeanntar gCumhang d'aistriú.

7. —(1) Láithreach tar éis rithte an Achta so agus gan aon úirlis chun a n-aistrithe, dílseoidh gach talamh, tionóntachán agus ionoighreachta a luíonn i Saorstát Éireann agus a bhí dílsithe i mBord na gCeanntar gCumhang no a bhí i gcimeád ar iontaoibh do roimh rith an Achta so, dílseoid agus beid dílsithe i gCoimisiún Talmhan na hÉireann chun gach estáit agus leasú gur chúcha a bhí na tailte, na tionóntacháin agus na hionoigreachtaí céanna fé seach ar seilbh ag Bord na gCeanntar gCumhang no ar seilbh don Bhord san.

(2) Láithreach tar éis rithte an Achta so dílseoidh i gCoimisiún Talmhanna hÉireann agus beidh dá chuid féin aige gach aon mhaoin agus sócmhainn riamh (nách talamh ná tionóntachán ná ionoigreachta) a bhí dílsithe i mBord na gCeanntar gCumhang no dá chuid féin aige láithreach roimh rith an Achta so.

(3) Gach airgead, stoc, scar agus urrús a haistrítear go dtí Coimisiún Talmhan na hÉireann leis an Acht so agus a bhí ar dháta rithte an Achta so, i leabhair Bhanc na hÉireann no aon chorporáide no cuideachtan eile in ainm Bhord na gCeanntar gCumhang, déanfaidh an banc, corporáid no cuideachta san, ar a iarraidh sin d'Aire na Talmhaíochta, iad d'aistriú ina leabhair chun bheith in ainm Choimisiún Talmhan na hÉireann.

(4) O am rithte an Achta so agus dá éis féadfidh Coimisiún Talmhan na hÉireann dlí do chur, in’ ainm féin, mar gheall ar gach banna, oblagáid, urrús no rud-ar-fionnraoi eile a dineadh le Bord na gCeanntar gCumhang no chuige agus ’na n-aistrítear a thairfe leis an Acht so, agus ní gá do Choimisiún Talmhan na hÉireann fógra i dtaobh an aistriú a dineadh leis an Acht so do thabhairt don duine atá fé cheangal an bhanna, na hoblagáide, an urrúis no an rud-ar-fionnraoi sin.

Oiriúnú ar chonnartha neachríochnuithe.

8. —(1) Gach dintiúir agus gach connra agus réiteach i scríbhinn a dineadh roimh rith an Achta so le héinne no ag éinne, ag Coimisinéirí Estáit Choimisiún Talmhan na hÉireann no leo, no ag Bord na gCeanntar gCumhang no leis, má tá agus sa mhéid go bhfuil téarmaí agus forálacha an dintiúra, an chonnartha no an réitigh sin gan bheith lán-fhéidhmithe agus críochnuithe, léireofar agus léifear iad fé mar a bheadh ainm Choimisiún Talmhan na hÉireann sa dintiúir, connra no réiteach san in ionad ainm na gCoimisinéirí Estáit no ainm Bhord na gCeanntar gCumhang pe'ca aca é.

(2) Na tairfí a bronntar agus na hoblágáidí a cuirtar ar na Coimisinéirí Estáit roimhráite no ar Bhord na gCeanntar gCumhang, pe'ca aca é, le haon dintiúir, connra no réiteach den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt roimhe seo, sa mhéid go mbeidh an céanna gan có-líona agus o am rithte an Achta so beid dilsithe i gCoimisiún Talmhan na hÉireann no curtha air fé seach, chó hiomlán is da mbeadh Coimisiún Talmhan na hÉireann ainmnithe sa dintiúir, sa chonnra no sa réiteach san.

Cad déanfar le cistí Bord na gCeanntar gCumhang.

9. —(1) O am rithte an Achta so agus dá éis beidh gan éifeacht na forálacha reachtúla so a leanas agus atá ann fé láthair, sé sin le rá—

(a) Alt 5 d'Acht Bhord na gCeanntar gCumhang (Éirinn), 1899;

(b) Alt 38 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, sa mhéid go bhforálann sé suim £20,000 d'íoc le Bord na gCeanntar gCumhang gach bliain airgeadais;

(c) Alt 49 den Acht Talmhan Éireannach, 1909, sa mhéid go bhforálann sé suim £144,750 sa bhliain d'íoc le Bord na gCeanntar gCumhang (eadhon, fuighlach suime bliantúla £163,750 a luaidhtear san alt san agus a fhanann tar éis suim £19,000 sa bhliain d'íoc le Roinn na Talmhaíochta agus an Chéard-Oideachais).

(2) An muirear bliantúil ar airgead a sholáthruíonn an tOireachtas, muirear a bunuíodh le hAlt 1 den Acht Deontas Fás-saothrúcháin d'Éirinn, 1903, luíodofar suim £20,000 é, eadhon, an tsuim bhliantúil is iníoctha fé Alt 38 san den Acht Talmhan Éireannach, 1903, le Bord na gCeanntar gCumhang.

(3) O am rithte an Achta so agus dá éis íocfar le Coimisiún Talmhan na hÉireann agus úsáidfar mar leithreas i gcabhair don vóta i gcoir Choimisiún Talmhan na hÉireann an tsuim bhliantúil a cuirtar ar chur Bhord na gCeanntar gCumhang de bhua fo-ailt (1) d'Alt 35 den Acht Ceannach Talmhan (Éirinn), 1891.

(4) Gach maoin agus sócmhainn (nách tailte ná tionóntacháin ná ionoighreachtaí) a haistrítear leis an Acht so o Bhord na gCeanntar gCumhang go dtí Coimisiún Talmhan na hÉireann déanfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann iad d'úsáid no do chimeád, fé rialacháin a dhéanfaidh an tAire Airgid, i gcóir fiachaisí atá no a ráineoidh a bheith ar Bhord na gCeanntar gCumhang agus ar pé cuma a ordóidh an tAire Airgid, íocfar isteach sa Stát-Chiste no díolfar ar mhaithe leis an Stát-Chiste pé méid díobh ná húsáidfar no ná cimeádfar amhlaidh.

Leanfar d'imeachta neachríochnuithe a bhunaigh Bord na gCeanntar gCumhang no a bunuíodh ina choinnibh.

10. —Ar bheith rithte don Acht so déanfaidh peáirtí de Choimisiún Talmhan na hÉireann, agus beidh sé ina pheáirtí, in ionad Bhord na gCeanntar gCumhang, i ngach cúis dlí, ní agus imeacht go bhfuil Bord na gCeanntar gCumhang ina pheáirtí ionta, agus a bheidh gan críochnú le linn rithte an Achta so, in aon Chúirt i Saorstát Éireann, agus dá réir sin is idir Choimisiún Talmhan na hÉireann agus na peáirtithe eile ionta a leanfar de gach cúis dlí, ní agus imeacht den tsórt san.

Oiriúnú ar achtacháin atá ann anois.

11. —(1) Gan dochar ná díobháil d'fhorálacha an Achta so agus mara n-éilíonn an có-theács ní éigin eile, déanfar gach luadh no tagairt, do sna Coimisinéirí Breithiúntais no do Choimisinéirí Coimisiún Talmhan na hÉireann no d'éinne acu, in aon Acht no Ordú le n-a mbaineann an t-alt so, déanfar é do léiriú agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt don Choimisinéir Bhreithiúntais a ceapfar fén Acht no don Bhreitheamh a bheidh ag có-líona a oifige sin de thurus na huaire no do sna Coimisinéirí, no don méid céanna Coimisinéirí, a ceapfar fén Acht so, pe'ca is gá sa chás.

(2) Mara n-éilíonn an có-théacs ní éigin eile, léireofar agus feidhmeofar mar luadh no tagairt do Choimisiún Talmhan na hÉireann gach luadh no tagairt do Bhord na gCeanntar gCumhang, atá in aon Acht no Ordú le n-a mbaineann an t-alt so, ach amháin Achtanna Bord na gCeanntar gCumhang (Éirinn).

(3) Féadfaidh Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann oiriúnuithe no atharuithe generálta no áirithe, do dhéanamh o am go ham ar aon Acht no Ordú le n-a mbaineann an t-alt so fé mar is gá, dar leis an Ard-Chomhairle, chun amhraistí no deacrachtaí do chur as an slí maidir leis an Acht no an Ordú san do chur i mbaint le Coimisiún Talmhan na hÉireann no leis na baill a ceapfar do fén Acht so no fé mar is gá chun forálacha an Achta so do chur in éifeacht.

(4) Baineann an t-alt so le gach Acht, a dhin Páirlimint Ríochta Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí, a bhí i bhfeidhm an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, sa líomatáiste atá laistigh d'údarás Shaorstáit Éireann anois agus le gach Acht den Oireachtas agus le gach Ordú a dineadh fé aon Acht den tsórt san roimhráite, agus a bhí i bhfeidhm ar an dáta agus sa líomatáiste roimhráite, agus san alt so foluíonn an focal “Ordú” riail agus rialachán.

Fé smacht an Aire Talmhaíochta.

12. —Ag déanamh feidhmiú dho ar pé méid dá chomhachtanna agus dá dhualgaisí atá ina gcomhachtanna agus ina ndualgaisí riaracháin no feidhmiúcháin, beidh Coimisiún Talmhan na hÉireann fé smacht an Aire Talmhaíochta.

Costaisí Coimisiún Talmhan na hÉireann.

13. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas tuarastail no luach saothair ballra, oifigeacha, agus fuirinne Coimisiún Talmhan na hÉireann agus gach airgead is gá do Choimisiún Talmhan na hÉireann chun feidhmithe na gcomhacht no chun có-líona na ndualgaisí atá á bhfeidhmiú no á gcó-líona ag Bord na gCeanntar gCumhang go dtí so agus gach costas eile den tsórt san a bhainfidh le feidhmiú an Achta so.

Gearr-Theideal agus Léiriú.

14. —(1) Féadfar an tAcht Dlí Thalmhan (Coimisiún), 1923 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Dlí Thalmhan agus féadfar é do luadh i dteanta na nAcht san agus léireofar é, leis, mar éinní amháin leis na hAchtanna Ceannach Talmhan agus féadfar é do luadh i dteanta na nAcht san.

(3) Déanfar an méid den Acht so a bhaineann le Bord na gCeanntar gCumhang do léiriú mar éinní amháin le hAchtanna Bord na gCeanntar gCumhang (Éirinn) agus féadfar é do luadh i dteanta na nAcht san.