33 1923

Uimhir 33.


ACHT LEITHREASA, 1923.


ACHT CHUN SUIM AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A CEATHAIR FICHEAD, AGUS CHUN NA SOLÁTHAIR EILE A DEONADH SA tSIOSÓN SO DEN OIREACHTAS DO CHUR I LEITHREAS.

[8adh Lúnasa, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Deontaisi as an bPrimh-Chiste.

£31,312,811 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste.

1. —Féadfidh an tAire Airgid suim aon mhilleon déag ar fhichid, trí chéad míle is dhá mhíle dhéag, ocht gcéad is aon phunt déag do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun iomlánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh chun seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a ceathair fichead.

Comhacht don Aire Airgid chun airgead d'fháil ar iasacht

2. —(1) Ar chreidiúint na suime sin féadfidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar aon mhilleon déag ar fhichid, trí chéad míle is dhá mhíle dhéag, ocht gcéad is aon phunt déag d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfidh Banc na hÉireann an céanna do roimh-íoc leis agus chun críche na hiasachta san féadfidh an tAire Airgid aon urúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé pé coiníollacha is oiriúnach leis i dtaobh aisíoca, fuascailte no éinní eile.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urúsanna a tabharfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairt amach na n-urús san.

(3) Aon airgead a gheobhfar de bharr urúsanna a tabharfar amach fén Acht so cuirfar chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé mar chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ‘na mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Deontaisi do Chur i Leithreas.

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí solathair do chur i leithreas

3. —Na suimeanna uile a deontar as an bPrímh-Chiste sin, leis an Acht so agus leis an Acht eile a luaidhtear i Sceideal (A) a ghabhann leis an Acht so, chun an soláthar a deonadh do dhéanamh iomlán agus ‘na ndineann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim sé milleon is dachad, céad is cheithre mhíle, ocht gcéad naoi bpúint déag is cheithre fichid, cuirfar iad agus tuigfar iad do bheith curtha i leithreas, o dháta rithte an Achta a luaidhtear sa Sceideal san (A), chun na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear i Sceideal (B) a ghabhann leis seo.

An achmaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann leis seo, maraon leis na nótaí (más ann dóibh) a ghabhann leis na sceidil sin, tuigfar gur cuid den Acht so iad díreach fé mar a bheidís i gcorp an Achta so.

I dteanta na suimeanna a deontar leis seo as an bPrímh-Chiste, féadfar na suimeanna a taisbeántar fé seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhann leis seo do chur chun úsáide amach as aon airgead a hórduítear fé Alt a dó den Acht ar Chuntaisí Puiblí agus Muirir, 1891, a chur chun úsáide mar leithreasaí i gcabhair do sna deontaisí i gcóir na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear sa sceideal san.

Faisnéis is gá a dhéanamh i gcásanna áirithe sara bhfuighfar suimeanna a cuireadh i leithreas.

4. —Ní bhfuighidh éinne aon chuid de dheontas a deonfar, do réir an Achta so, i gcóir seirbhísí neamh-fheidhmiúla go dtí go ndéanfa sé pé faisnéis a hordófar o am go ham, le barántas ón Aire Airgid, do shighniú i bhfianaise duine de sna daoine a luadhfar sa bharántas san.

Ach má dintar aon íocaíocht den tsórt san níos minicí ná uair sa ráithe féadfidh an tAire Airgid cead do thabhairt gan ach aon fhaisméis amháin do thabhairt i láthair i gcóir gach ráithe.

Einne a dhéanfidh faisnéis chun críche an ailt seo agus a fhios aige neamh-fhírinne do bheith in aon phonc táchtach di, beidh sé ciontach i mí-iompar.

Gearr-Theideal.

5. —Féadfar, chun gach críche, an tAcht Leithreasa, 1923 , do ghairm den Acht so.

AN ACHMAIREACHT AR SCEIDIL (A) AGUS (B) DA dTAGARTAR SAN ACHT SO.


SCEIDEAL (A).

Deontaisí as an bPrímh-Chiste

...

...

£46,104,899


SCEIDEAL (B).

Deontaisi do Chur i Leithreas.

Suimeanna ná raghaidh thar

Deontaisí Soláthair.

Leithreasaí i gCabhair.

1922-1923 (Breis)

...

...

£692,914

1923-1924

...

...

...

£45,411,985

£470,280

SCEIDEAL (A).

Deontas as an bPrimh-Chiste.

Chun seirbhíse na bliana dar chríoch 31 Márta, 1923:—

£

Fé Acht 7 de 1923 (Acht Prímh-Chiste

(Uimh. 1)).

...

...

...

...

692,914

Chun seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1924:—

Fé Acht 7 de 1923 (Acht Prímh-Chiste

(Uimh. 1)).

...

...

...

...

14,099,174

Fén Acht so

...

...

...

...

31,312,811

An tIomlán

...

...

...

£46,104,899

SCEIDEAL (B).—Cuid I.

Sceideal de Shuimeanna Breise a deonadh chun íoctha muirearacha na Seirbhísí a luaidhtear anso go speisialta i gcóir na bliana dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1923, eadhon:—

Suimeanna ná raghaidh thar

--

Deontaisí Soláthair.

Leithreasaí i gCabhair.

(1)

(2)

(3)

(4)

Uimh.

£

£

13

Chun caiteachais i dtaobh Tithe Puiblí; chun coinneáil-suas páirceanna agus oibreacha pui-blí áirithe, chun coinneáilsuas oibreacha draeneála ar abhainn na Sionainne, agus chun

Ildeontaisí i gCabhair     ...

149,378

--

14

Chun íocaíochtanna fén Acht um Bhóithre Tram agus Cuidea-chtanna Puiblí (Éirinn), 1883, etc., agus chun crícheanna eile a bhaineann le Bóithre Iarainn na hÉireann     ...     ...

24,378

--

19

Chun costaisí Roinn an Oideach-ais Náisiúnta, mar aon le deon-taisí i gcabhair do Chiste Phinsin na Múinteorí     ...

79,400

--

32

Chun tuarastail agus costaisí na hAireachta um Thiúscal agus Thráchtáil, mar aon le Moltóir agus Cúirteanna Réiteoirí, chun síntiúisí do Chiste an Arachais Díomhaointis agus do Scéime-anna Speisialta, agus don Chiste do Chúram Oibrithe Díomhaoine, agus chun íocaí-ochta le Cumannacha fé sna hAchtanna Árachais Díomhaointis     ...     ...     ...

58,225

--

39

Chun costas an Airm     ...

267,000

--

55

Chun tuarastail agus costaísí Oifig an Phuist, maraon le Telegrafa agus Telefóna     ...

103,500

--

65

Chun tuarastail agus costaisí Sheanaid Éireann     ...     ...

11,033

--

An tIomlán     ...

£692,914

--

SCEIDEAL (B).—Cuid II.

Sceideal de Shuimeanna a deonadh agus de shuimeanna a féadfar a chur mar Leithreasaí i gCabhair in a dteanta san chun íoctha Muirearacha na Seirbhísí Puiblí ar leithrigh a luaidhtear anso go speisialta agus a thiocfidh chun íocaíochta i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1924, eadhon:—

Suimeanna ná raghaidh thar

--

Deontaisí Soláthair.

Leithreasaí i gCabhair.

(1)

(2)

(3)

(4)

Uimh.

£

£

1

Chun pé cuid de thuarastail agus de chostaisí teaghlachas an tSeanascail nách muirear ar an bPrímh-Chiste.     ...

11,423

--

2

Chun tuarastail agus costaisí an Oireachtais     ...     

95,060

--

3

Chun tuarastail agus costaisí an Uachtaráin agus Oifig na hArd-Chomhairle      ...     

7,399

--

4

Chun pé cuid de thuarastail agus de chostaisí Roinn an Ard-Scrúdóra nách muirear ar an bPrímh-Chiste     ...     ...

16,000

200

5

Chun tuarastail agus costaisí Aireacht an Airgid agus a Brainse-Ranna     ...     ...

50,496

--

6

Chun tuarastail agus costaisí Roinn an Ioncuim     ...

634,250

1,800

7

Chun Pinseana Sean-aoise fé Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1919, chun Costaisí Riaracháin áirithe a bhaineann leo san, agus chun Pinseana fé Acht na nDall, 1920     ...     ...     

3,277,000

700

8

Chun Bun-airgead do sholáthar do Chiste na nIasachtaí Áitiúla, agus chun aisíoc do dhéanamh le Rialtas na Breataine mar gheall ar iasachtaí áitiúla a bhí gan íoc ar an 1adh Abrán, 1922     ...     ...     ...

705,000

--

9

Chun tuarastail agus costaisí eile Coimisiún Sealadach, Coistí agus Fiosrúchán Speisialta     ...

14,755

--

10

Chun tuarastail agus costaisí Oifig na nOibreacha Puiblí     ...

70,678

16,918

11

Chun caiteachais i dtaobh Tithe Puiblí; chun coinneáil-suas páirceanna agus oibreacha puiblí áirithe; chun coinneáilsuas oibreacha draeneála ar abhainn na Sionainne agus Chun Ildeontaisí i gCabhair     ...

1,165,700

14,060

12

Chun íocaíochtanna fén Acht um Bhóithre Tram agus Cuideachtana Puiblí (Éirinn), 1883, etc., agus chun crícheanna eile a bhainoann le Bóithre Iarainn na hÉireann     ...     ...

54,708

--

13

Chun íocaíochtanna i bhfuirm Iasachtaí chun Crícheanna Ath-thógála     ...     ...

100,000

--

14

Chun caiteachais i dtaobh mille no díobháil do mhaoin a dineadh ar 21adh Eanair, 1919, no ina dhiaidh sin     ...

10,385,000

--

15

Chun íocaíochtanna áirithe cúitimh i dtaobh Leonta Pearsanta no Báis     ...     ...     ...

500,550

--

16

Chun caiteachais mar gheall ar Aois-liúntaisí, Cúiteamh, Liúntaisí agus Aiscí Truagha agus Breise fé Reachtanna iolardha; Cúiteamh fé Airtiogal 10 de Chonnradh an 6adh Mí na Nodlag, 1921;Liúntaisí Truagha, Aiscí, agus Pinsin Bhreise a deonadh ag an Aire Airgid; tuarastal an Dochtúra Réitigh, agus íocaíochtanna iolardha i dtaobh Pinsean a íocann an Rialtas Briotáineach fé láthair

1,640,055

--

17

Chun caiteachais i dtaobh Rátaí agus Síntiúisí in ionad Rátaí, etc., ar Mhaoin Rialtais     ...

120,000

--

18

Chun Seirbhísí Sicréideacha     ...

50,000

--

19

Chun Deontas i gCabhair do Chiste Teangmhais     ...

20,000

--

20

Chun Deontas Fás-saothrúchán na hÉireann (Deontas i gCabhair)     ...     ...     ...

159,500

--

21

Chun Deontais i gCabhair don Chiste Fás-saothrúcháin     ...

41,000

--

22

Chun costaisí fé Acht Ionadaíocht na nDaoine, 1918     ...

54,000

--

23

Chun tuarastail agus costaisí an Ghailire Náisiúnta     ...     ...

4,644

--

24

Chun Costaisí Ilghnéitheacha áirithe, maraon le Deontaisí áirithe i gCabhair     ...     ...

6,715

50

25

Chun Páipéarachais, Clódóireachta, Páipéir, Greamuíochta agus Leabhra Clóbhuailte i gcóir na Seirbhíse Puiblí; chun tuarastail agus costaisí Oifig an tSoláthair; agus chun Ilsheirbhísí Ilghnéitheacha mar aon le Tuairiscí Díospóireachtaí an Oireachtais     ...     ...

205,000

25,975

26

Chun tuarastail agus costaisí na Luachála Generálta agus na Suirbhéireachta Teorann, maraon le Luacháil Diúité Eastáit fén Acht Airgid (1909-10), 1910     ...     ...

37,192

7,920

27

Chun tuarastail agus costaisí oifig Choimisinéirí na dTabharthas agus na dTiomna Déirciúla     ...

2,915

48

28

Chun tuarastail agus costaisí an Choimisiúin Arachais agus chun Ilsíntiúisí agus Ildeontaisí mar gheall ar chostas Socharanna agus Costaisí Riaracháin fé sna hAchtanna Arachais Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1921 (maraon le Deontaisí áirithe i gCabhair)     ...     ...     ...

348,663

1,000

29

Chun tuarastail agus liúntaisí agus costaisí oifigeacha iomdha Cúirte Contae, chun Bonus do Chathaoirligh Cheathrú Shiosóin agus do Bhreacthóirí agus do Chléirigh na Coróinneach agus na Síochána, agus chun costaisí Ath-fhéachainte     ...

75,203

4,570

30

Chun costaisí Coir-phróiseacht agus Dlí-mhuirearacha eile maraon le Deontas i gcabhair do chostaisí áirithe is iníoctha amach as Rátaí Áitiúla do réir Reachta     ...     ...     ...

54,154

200

31

Chun caiteachais i dtaobh Longlainne Inis Sionnach     ...

85,000

--

32

Chun tuarastail agus costaisí na hAireachta um Ghnóthaí Dúithche     ...     ...     ...

29,546

--

33

Chun tuarastail agus costaisí an Ghárda Síochána     ...     ...

1,147,939

7,000

34

Chun tuarastail agus costaisí na Roinne Taighde um Chuirpthigh

47,554

--

35

Chun tuarastail agus costaisí an Choimisineura Phóilíneachta, na gCúirteanna Póilíneachta, agus Teaghlachas Póilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath     ...

327,537

61,119

36

Chun caiteachais mar gheall ar Bhord Generálta na bPríosún agus na dTeaghlachaisí fé n-a smacht, Clárú na Síor-chuirptheach, agus Coinneáil-suas na nGealt gCuirpthe a coinnitear in Ospidéil Mheabhar-Ghalar Cheanntair     ...     ...

225,631

1,500

37

Chun tuarastail agus costaisí na nGiúistísí Dúithche     ...

42,000

--

38

Chun pé cuid de thuarastail agus de chostaisí Chúirt Uachtarach an Údaráis nách muirear ar an bPrímh-Chiste     ...     ...

152,300

5,370

39

Chun coinneáil-suas Geilteanna Cuirpthe i nGealtlann Dúndroma     ...     ...     ...

15,715

5,104

40

Chun tuarastail agus costaisí Oifig na nAnálacha Puibli agus Cimeádaí na Stat-Pháipéar, Baile Atha Clíath     ...     ...

10,635

--

41

Chun tuarastail agus costaisí na hAireachta um Rialtas Áitiúil, maraon le Deontaisí agus costaisí eile a bhaineann le Tógáil Tithe, Deontaisí d'Údaráis Áitiúla, agus Ildeontaisi i gCabhair agus costaisí oifig Chigire na nGealtlann     ...

955,202

8,244

42

Chun tuarastail agus costaisí Roinn Ard-Chláradóra na mBeireatas, etc.     ...     ...

20,740

1,000

43

Chun caiteachais mar gheall ar Ospidéil agus Otharlanna, agus Liúntaisí áirithe ilghnéitheacha Déirciúla agus eile, maraon le hIldeontaisí i gCabhair     ...

16,738

--

44

Chun caiteachais mar gheall ar Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, maraon le hAiteanna Coinneála     ...     ...     ...

108,288

1,700

45

Chun tuarastail agus costaisí Aireacht na Talamhuíochta agus Seirbhísí áirithe atá fé riara na hAireachta san, maraon le hIldeontaisí i gCabhair

400,982

48,392

46

Chun tuarastail agus costaisí na bhFúndúireachtaí Eoluíochta agus Ealadhan i mBaile Atha Cliath agus Suirbhéireachta Géolaighe na hÉireann agus chun Deontaisí Bliantúla do Scoileanna agus do Bhuidheanta Eoluíochta agus Ealadhan agus Teagaisc Theignigiúla, maraon le hIldeontaisí i gCabhair, atá fé riara Aireacht na Talmhuíochta     ...     ...     ...

197,216

3,190

47

Chun tuarastail agus costaisí na Suirbhéireachta Ordanáis agus na Mion-Seirbhísí a bhaineas léi     ...     ...     ...

45,350

1,500

48

Chun Deontais i gCabhair don Chiste Foraoise     ...     ...     ...

18,825

--

49

Chun tuarastail agus costaisí Oifig Choimisiún Talmhan na hÉireann agus chun tuarastail agus costaisí Roinn Socruithe na Talmhan     ...     ...;

242,149

16,000

50

Chun Deontaisí fé riara Bhord na gCeanntar gCumhang maraon le Deontaisí i gCabhair     ...

169,750

--

51

Chun costaisí Roinn an Oideachais Naisiúnta maraon le Deontaisí i gCabhair do Chiste Phinsin na Múinteoirí     ...

3,954,469

750

52

Chun caiteachais mar gheall ar Oideachas Idirmheánach maraon le Deontas Thuarastal na Múinteoirí     ...     ...

132,750

370

53

Chun Deontais i gCabhair do Chostaisí Fúnduireachtaí Príomh-Scoile, maraon le Deontaisí fé Acht na bPríomh-Scoileanna, 1908     ...     ...     ...

110,800

--

54

Chun tuarastal Rúnaí, maraon le Bonus, agus costaisí Oifig na gCoimisinéirí chun Brontanaisí áirithe Scoile in Éirinn do bhainistí     ...     ...

938

100

55

Chun tuarastail agus costaisí na hAireachta um Thiúscal agus Thráchtáil, maraon le Moltóir agus Cúirteanna Réiteoirí; chun Síntiúsí do Chiste an Díomhaointis agus do Scéimeanna Speisialta; chun Iocaíochtanna le Cumainn fé sna hAchtanna Arachais Díomhaointis; chun roimh-íocanna le lucht oibre fé Acht Aontaighe an Lucht Oibre, 1909; chun táillí agus costaisí na nDochtúirf Réitigh fé Acht Cúitimh na bhFear Oibre, 1906; chun táillí do Mháinleagha deimhniúcháin fé Acht na Monarchan agus na Siopaí Oibre, 1901; chun táillí agus costaisí fé Achtanna na mBord gCéirde, 1909 agus 1918; chun táillí agus costaisí fén Acht Leictreachais (Soláthar), 1919, agus fén Acht Geas-Regealála, 1920; agus chun sintiúisí i gcóir costaisí Boithe Eireannaighe ar Aonach Faisin an Daily Mirror     ...     ...

295,445

100,550

56

Chun tuarastail agus costaisí Roinn an Iompair den Aireacht um Thiúscal agus Thráchtáil maraon le híocaíochtanna áirithe i dtaobh Bóithre Iarainn     ...

16,778

2,000

57

Chun tuarastail agus costaisí na Muir-Sheirbhíse     ...     ...

15,580

1,800

58

Chun caiteachais mar gheall ar an Arm     ...     ...     ...

10,664,500

15,000

59

Chun tuarastail agus costaisí Oifig an Phuist, maraon le Telegrafa agus Telefóna     ...

2,831,864

113,150

60

Chun tuarastail agus costaisí na hAireachta um Ghnóthaí Coigríche     ...     ...     ...

60,552

--

61

Chun tuarastail agus costaisí Aireacht an Iascaigh     ...

28,575

3,000

62

Chun aisíoc do dhéanamh leis an Rialtas Briotáineach mar gheall ar Bhliain-chíosanna fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, 1881 go 1909     ...

3,133,577

--

An tIomlán     ...

£45,411,985

£470,280