15 1924


Uimhir 15 de 1924.


ACHT SEALADACH CHUN COSANTA NA PUIBLÍOCHTA (PIONÓSÚ CIONTAÍ), 1924.


ACHT CHUN FORÁLACHA DO DHÉANAMH AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA CHUN CIONTAÍ ÁIRITHE DO PHIONÓSÚ AGUS I gCÓIR NITHE EILE A BHAINEAS LE COSAINT NA PUIBLÍOCHTA AGUS LE COSAINT PEARSAN AGUS MAOINE. [21adh Abrán, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Pionósú na gciontaí atá sa Sceideal.

1. —(1) Gach éinne a gheobhfar ciontach tar éis a dhíotála in aon chionta dá luaidhtear i gCuid I. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so féadfar é dhaora chun pian-tseirbhíse le n-a shaol no chun pé téarma pian-tseirbhíse a cheapfidh an breitheamh.

(2) Gach éinne a ciontófar ag cúirt údaráis achmair in aon chionta dá luaidhtear i gCuid II. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so féadfar é dhaora chun príosúntachta i dteanta no d'éamais daor-oibre d'fhulang ar feadh téarma nách sia ná dhá mhí dhéag agus féadfar ina theanta san é dhaora chun fíneáil ná raghaidh thar caoga punt d'íoc agus, mara n-íoctar an fhíneáil sin laistigh de mhí tar éis a chiontuithe, chun príosúntachta gan daor-obair d'fhulang ar feadh téarma sa bhreis nách sia ná sé mhí agus a cuirfar leis an roimh-théarma príosúntachta san agus a thosnóidh ar bheith caithte don roimh-théarma san.

(3) Gach éinne a gheobhfar ciontach tar éis a dhíotála in aon chionta dá luaidhtear i gCuid II. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so féadfar é dhaora—

(a) chun pian-tseirbhíse d'fhulang ar feadh téarma nách sia ná cúig bliana agus féadfar ina theanta san é dhaora chun fíneáil ná raghaidh thar céad punt d'íoc agus, mara n-íoctar an fhíneáil sin laistigh de mhí tar éis an daora, chun pian-tseirbhíse d'fhulang ar feadh téarma sa bhreis nách sia ná bliain agus a cuirfar leis an roimh-théarma príosúntachta san agus a thosnóidh ar bheith caithte don roimh-théarma san; no

(b) chun príosúntachta i dteanta no d'éamais daor-oibre d'fhulang ar feadh téarma nách sia ná dhá bhliain agus féadfar ina theanta san é dhaora chun fíneáil ná raghaidh thar céad punt d'íoc agus, mara n-íoctar an fhíneáil sin laistigh de mhí tar éis an daora, chun príosúntachta gan daor-obair d'fhulang ar feadh téarma sa bhreis nách sia ná sé mhí agus a cuirfar leis an téarma príosúntachta a céad-luaidhtear agus a thosnóidh ar bheith caithte don téarma san.

(4) Gach fireannach a gheobhfar ciontach tar éis a dhíotála i robáil fé arm fé mar a mínítear í ag Uimh. 6 i gCuid II. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so, no i ndógha fé mar a mínítear é ag Uimh. 7 i gCuid II. den Sceideal san, i dteanta an phionóis a luaidhtear sna fo-ailt sin roimhe seo daorfar é (maran rud é gur deimhin leis an gCúirt go bhfuil nithe fé leith sa chás a luíoduíonn an cionta, no gur dó léi, mar gheall air staid sláinte no aostacht an duine sin, ná féadfí pionós cuirp do chur air gan dochar buan dá shláinte) chun é do léasa go príobháideach aon uair amháin fé réir na bhforálacha so a leanas:—

(a) i gcás duine ná fuil thar ocht mbliana déag, ní raghaidh an méid buillí sa léasa san thar fiche ceann agus isí úirlis a húsáidfar ná slat bheithe;

(b) i gcás éinne eile, ní raghaidh an méid buillí sa léasa san thar cúig cinn fhichead;

(c) i ngach cás luadhfidh an chúirt ina breith an méid buillí a buailfar agus an úirlis a húsáidfar;

(d) ní déanfar an léasa san tar éis sé mhí a bheith caithte o tugadh an bhreith;

(e) nuair is ar éinne a daoradh chun pian-tseirbhíse a bheidh an léasa san le déanamh déanfar an léasa air sara n-aistreofar é chun daor-phríosúin chun an phian-tseirbhís a cuireadh air d'fhulang.

(5) Má dintar, tar éis rithte an Achta so, duine do chiontú i gcionta a luaidhtear i gCuid II. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus is inphionósuithe, fé aon Acht a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, le haon phionós is mó ná mar a húdaruítear leis an alt so, féadfar an duine sin do dhaora chun aon phionóis a húdaruítear leis an alt so no chun aon phionóis a húdaruítear leis an Acht san.

(6) Ní bheidh údarás ag cúirt údaráis aehmair i dtaobh aon chionta dá luaidhtear i gCuid II. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so maran dó leis an gcúirt gur mion-chionta is intrialta ar an slí achmair na dátáin a cruthuíodh i gcoinnibh an duine chúisithe.

(7) An t-údarás a bheidh ag cúirt údaráis achmair i dtaobh aon chionta dá luaidhtear i gCuid II. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so ní ragha sé ar lár toisc gur tugadh anuas teideal chun aon ionoighreachtaí corpartha no nea-chorpartha no chun aon tailte no áitribh.

(8) Ní bhainfidh an t-alt so le haon chionta a dineadh roimh rith an Achta chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Ocáideacha), 1923 ( Uimh. 28 de 1923 ).

Comhacht chun ainmhithe a fuarthas ag déanamh treaspáis do thógaint agus do dhíol.

2. —(1) Beidh sé dleathach d'Aire Feidhmiúcháin a órdú go dtógfar aon eallach agus ainmhithe eile a gheobhfar ag déanamh treaspáis ar thalamh le haon Bhord no Roinn den Rialtas no le haon duine no cólucht príobháideach, agus go ndéanfar an t-eallach agus na hainmhithe eile sin d'aistriú go haon áit laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann agus iad do choinneáil ann.

(2) Aon uair a tógfar aon eallach no ainmhithe eile fén alt so tabharfar dá n-únaer pé fógra a ordóidh an tAire roimhráite agus féadfidh an t-únaer sin, laistigh de pé aimsir a ordóidh an tAire, an t-eallach agus na hainmhithe eile sin d'fhuascailt tré pé suim d'íoc leis an Aire a mheasfidh an tAire a bheith ina luach chothrom ar an eallach agus ar na hainmhithe sin, no pé suim fé n-a bhun san is ceart dar leis an Aire: Ach má chuireann an t-únaer sin ina luighe ar an Aire gur cinniúint fé ndeár an treaspás a dhin an t-eallach no na hainmhithe eile sin no gur i gcoinnibh toil an únaera san a dineadh é no ar aon tslí neachiontach eile, tabharfidh an tAire an t-eallach, agus na hainmhithe eile sin thar n-ais don únaer sin no íocfa sé a luach cothrom leis an únaer sin.

(3) Aon uair a tógfar aon eallach no ainmhithe eile do réir ordú a dhin Aire Feidhmiúcháin bona fide in ainm é dhéanamh i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar leis an alt so, agus a chuirfidh únaer an eallaigh no na n-ainmhithe eile sin ina luighe ar an Aire go raibh sé dleathach an t-eallach no na hainmhithe eile sin do bheith ar na tailte ar ar tógadh iad, beidh teideal ag an únaer sin chun an t-eallach agus na hainmhithe eile sin d'fháil thar n-ais marar díoladh an t-eallach agus na hainmhithe eile sin, no chun luach cothrom an eallaigh agus na n-ainmhithe eile sin d'fháil ón Aire má díoladh an t-eallach agus na hainmhithe eile sin, ach ní bheidh teideal aige, ar aon tsaghas cúinse, chun aon damáiste ná cúitimh in aon chor mar gheall ar thógaint, aistriú, coinneáil ná díol an eallaigh agus na n-ainmhithe eile sin fén ordú roimhráite.

(4) An t-eallach agus na hainmhithe eile go léir a tógfar fén alt so agus ná déanfar a bhfuascailt ná a dtabhairt thar n-ais amhlaidh díolfar iad no deighleálfar leo ar pé cuma agus i pé áit, laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann, a ordóidh an tAire.

(5) An t-airgead a híocfar i bhfuascailt no a gheobhfar de bharr díol aon eallaigh no ainmhithe eile a fuasclófar no a díolfar fén alt so úsáidfar é sa chéad áit chun íoctha costaisí no cuid de chostaisí an eallaigh agus na n-ainmhithe eile sin do thógaint, d'aistriú, do choinneáil agus do dhíol, agus sa dara háit chun cúiteamh no cuid de chúiteamh d'íoc le húnaer an tailimh ar a bhfuarthas an t-eallach agus na hainmhithe eile sin ag treaspás, sé sin pé cúiteamh a ordóidh an tAire a íoc as an damáiste a dhin an treaspás san, agus (má bhíonn sé ann) cáinficfar agus íocfar fuighlach an airgid sin isteach sa Stát-Chiste do réir pé orduithe a thabharfidh an tAire Airgid o am go ham.

Maoin ghuidthe do thabhairt thar n-ais.

3. —Aon uair a gheobhaidh oifigeach freagarthach aon mhaoin ghuidthe no a thiocfa sí ina sheilbh ar aon tslí eile, féadfidh an t-oifigeach freagarthach san, ar bheith deimhnitheach gur mhaoin ghuidthe dáiríribh an mhaoin sin agus ar bheith deimhnitheach i dtaobh cé leis í, féadfa sé a ordú go dtabharfar an mhaoin ghuidthe sin thar n-ais don té gur leis í bíodh nár dineadh an té do ghuid an mhaoin sin do chúiseamh, do thriail na do chiontú: Ach má fuair an t-únaer sin cúiteamh cheana féin, fén Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 (Uimh. 15 de 1923) , i gcailliúint na maoine guidthe sin aisíocfa sé leis an Aire Airgid no tabharfa sé thar n-ais don Aire sin, sara dtabharfar an mhaoin ghuidthe sin thar n-ais do, pé cúiteamh no suim fé n-a bhun san a thuigfidh an tAire sin a bheith ina luach cothrom ar an maoin ghuidthe sin le linn an mhaoin sin do bheith á thabhairt thar n-ais.

Pionós i gcóir daoine 'na mbeidh maoin ghuidthe acu.

4. —Gach éinne a cúiseofar i láthair Giúistís Dúithche mar gheall ar go raibh ar seilbh no ina áitreabh aige go feasach do no gur aistrigh sé ar aon tslí aon rud 'na bhféadfadh duine amhrus réasunta a bheith aige gur guideadh é no go bhfuarthas go nea-dhleathach é, agus ná tabharfidh cuntas, a sháiseoidh an Giúistís Dúithche, ar an slí ina dtáinig sé suas leis an gcéanna, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so, agus féadfar pionós nách mó ná príosúntacht dhá mhí dhéag, i dteanta no d'éamais daoroibre, do chur air.

Comhacht chun aisíoc maoine guidthe d'ordú.

5. —(1) Má cuirtar ina luighe ar Ghiúistís Dúithche go bhfuil i gcimeád ag aon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Átha Cliath no den Ghárda Síochána aon earraí no airgead a dineadh no adeirtar a dineadh a ghuid no a fháil go calaoiseach agus, an té a dhin no adeirtar a dhin an céanna do ghuid no d'fháil go calaoiseach—

(a) nách féidir é fháil; no

(b) gur trialadh é, pe'ca ar an slí achmair é no tar éis a dhíotála, agus gur tugadh saor-bhreith air agus ná fuil éinne eile á chúiseamh sa chéanna do ghuid ná d'fháil go calaoiseach; no

(c) gur ciontuíodh ar an slí achmair é; no

(d) gur trialadh é tar éis a dhíotála agus gur ciontuíodh é, ach nár háiríodh na hearraí ná an t-airgead roimhráite sa díotáil;

féadfidh an Giúistís Dúithche a ordú go dtíolacfar na hearraí no an t-airgead san don té gur leis iad le ceart no, maran féidir eisean d'fháil féadfa sé pé ordú a chífar do bheith oiriúnach do dhéanamh i dtaobh na n-earraí no an airgid sin.

(2) Ní bac aon ordú fén alt so ar cheart éinne chun an dlí do chur ar an té dá dtíolacfar aon earraí no airgead fén ordú san agus chun na hearraí no an t-airgead san do bhaint de le haicsean dlí ach an t-aicsean san do thosnú laistigh de shé mhí tar éis an t-ordú san do bheith déanta.

Maoin a sheasuíonn do ruhaoin no cistí guidthe d'fháil thar n-ais.

6. —(1) Má dhineann agus aon uair a dhéanfidh Aire Feidhmiúcháin iarratas do leaga fé bhráid Giúistís Dúithche agus a rá, i dtaobh aon tailimh, súncálana no maoin eile (ar a n-áirítear airgead) ar seilbh no fé n-a chúram ag éinne, gur cheannaigh an duine sin na nithe sin le—

(a) aon mhaoin no cistí guidthe; no

(b) aon chistí puiblí, no cistí ba chóir a bheith i gcimeád ag Aire no Roinn Rialtais;

no go seasuíd don chéanna no gurb as an gcéanna a thánadar díreach no nea-dhíreach, ordóidh an Giúistís Dúithche, mara ndinidh an té 'na bhfuil an talamh, na súncálana no an mhaoin sin ar seilbh no fé n-a chúram aige a chur ina luighe air nách fíor an rud san adubhradh, ordóidh sé an mhaoin sin d'aistriú an méid is talamh de chun Coimisiún Talmhan na hÉireann agus an méid de is súncálana no is maoin eile chun an Aire Airgid.

(2) Ordú a dhéanfidh Giúistís Dúithche fén alt so, chun talamh d'aistriú chun Coimisiún Talmhan na hÉireann, oibreoidh sé chun an talamh san do dhílsiú i gCoimisiún Talmhan na hÉireann o dháta an orduithe i gcóir an estáit agus an leasa go léir ann adubhradh a ceannuíodh leis an maoin ghuidthe sin no le haon chiste den tsórt roimhráite no a bheith ag seasamh don chéanna no tar éis teacht as.

(3) Ordú a dhéanfidh Giúistís Dúithche fén alt so, chun aon tsúncálana no maoin eile d'aistriú chun an Aire Airgid, oibreoidh sé chun na súncálana no an mhaoin sin do dhílsiú san Aire Airgid agus i gcás súncálana no maoine eile is gá do réir dlí a aistriú le dintiúir no le scríbhinn, oibreoidh sé mar dhintiúir no scríbhinn a críochnuíodh go cuibhe ag gach páirtí riachtanach agus a féadfar a chlárú (más gá é do chlárú) agus le n-a n-aistrítear na súncálana no an mhaoin sin chun an Aire Airgid agus, i gcás súncálana no maoine eile nách féidir a aistriú ach le hiontrála i gclár, i bhfolio, no i leabhar, oibreoidh sé chun a údarú agus a ordú go ndéanfidh an t-oifigeach ceart, sa chlár, sa bhfolio no sa leabhar san, na hiontrála cearta chun na súncálana no an mhaoin sin d'aistriú chun an Aire Airgid.

(4) Gach talamh, súncáil agus maoin eile 'na ráineoidh dóibh go ndílseofar iad i gCoimisiún Talmhan na hÉireann no san Aire Airgid fén alt so, díolfidh an Coimisiún no an tAire sin (pe'ca aca é) iad agus íocfar sochar gach díolacháin den tsórt san leis an Aire Airgid agus nuair a bheidh gach costas agus caiteachas fé n-ar chuathas chun an talamh, na súncálana agus an mhaoin sin d'fháil thar n-ais agus do dhíol agus ná fuil aon tsocrú eile déanta ina dtaobh, nuair a bheid íoctha aige as an sochar san úsáidfe sé an sochar san chun cúiteamh do dhéanamh leis an té gurb í a mhaoin an ní, no leis an gciste gurb é féin an ní, dá seasuíonn no as a dtáinig an talamh, na súncálana no an mhaoin sin.

(5) Einne (fiú Aire Feidhmiúcháin) ar a ngoillfidh ordú Giúistís Dúithche fén alt so, féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun Breithimh Chúirte Contae i gcoinnibh an orduithe sin, agus aon ordú a dhéanfidh Breitheamh Cúirte Contae tar éis aon athchomharc den tsórt san d'éisteacht oibreoidh sé díreach mar oibreodh fén alt so ordú den tsórt chéanna a dhéanfadh Giúistís Dúithche.

(6) Ar éisteacht iarratais no athchomhairc fén alt so dho, féadfidh Giúistís Dúithche no Breitheamh Cúirte Contae ordú do dhéanamh i dtaobh costaisí an iarratais no an athchomhairc sin d'íoc, pé ordú is oiriúnach leis an nGiúistís Dúithche no leis an mBreitheamh Cúirte Contae sin do dhéanamh.

(7) San alt so folóidh an focal “Breitheamh Cúirte Contae” Breacthóir.

Airgead atá i mBanc agus a sheasuíonn do mhaoin no do chistí guidthe, conus é d'fháil.

7. —(1) Má dhineann agus aon uair a dhéanfidh Aire Feidhmiúcháin a chur ina luighe ar Ghiúistís Dúithche go bhfuil cúis réasúnta le bheith amhrusach, maidir le haon tsuim áirithe atá ina seasamh i gcreidiúint d'aon duine i leabhair aon Bhaine no fúndúireachta den tsórt san, gurb é rud atá inti, no gurb é rud go seasuíonn sí dho no asa dtáinig sí díreach no neadhíreach, ná—

(a) aon mhaoin no cistí guidthe; no

(b) an t-airgead a fuarthas de bharr díol, cur no oibriú aon tailte, no de bharr deighleáil leo ar aon tslí eile, a dhin duine go raibh seilbh nea-dhleathach aige ortha no a bhí ag gníomhú gan údarás aige ón té go raibh teideal dleathach aige chun seilbh ortha; no

(c) aon chistí puiblí; no

(d) cistí ba chóir a bheith i gcimeád no fé n-a chúram ag Aire no ag Roinn Rialtais;

coiscfidh an Giúistís Dúithche le hordú aon aistriú do dhéanamh ar an suim sin na ar aon chuid di, ná deighleáil leis an gcéanna ar aon tslí eile.

(2) Aon uair a dhéanfidh Giúistís Dúithche fén alt so ordú a choiscfidh deighleáil le haon tsuim áirithe airgid tabharfidh an tAire Airgid fógra puiblí le fógránacht no ar shlí éigin eile i dtaobh an chosca san agus más rud é, laistigh d'aimsir a leagfar amach sa bhfógra san (agus nách giorra ná mí) no laistigh de pé aimsir sa bhreis a lomhálfidh an tAire Airgid, ná cuirfidh duine éigin ina luighe ar mheastóir nea-spleách, ainmnithe ag an Uachtarán agus ainmnithe sa bhfógra puiblí roimhráite gur leis féin an tsuim airgid sin agus nách éinní dhíobh so í—

(a) aon mhaoin ná cistí guidthe; no

(b) an t-airgead a fuarthas de bharr díol, cur no oibriú aon tailte, no de bharr deighleáil leo ar aon tslí eile, a dhin duine go raibh seilbh nea-dhleathach aige ortha no a bhí ag gníomhú gan údarás aige ón té go raibh teideal dleathach aige chun seilbh ortha; no

(c) aon chistí puiblí; no

(d) cistí ba chóir a bheith i gcimeád no fé n-a chúram ag Aire no ag Roinn Rialtais;

agus ná seasuíonn sí don chéanna agus nách as an gcéanna tháinig sí díreach ná nea-dhíreach, deimhneoidh an tAire Airgid i scríbhinn go bhfuil an tsuim airgid sin cáinficthe chun an Aire Airgid.

Duine i seilbh oifige breithiúnais i Saorstát Éireann, no ball de sna hAbhcóidí Sinnsear a chleachtann a ghairm i Saorstát Éireann, isea a bheidh i ngach éinne a haimneofar mar mheastóir fén bhfo-alt so.

(3) Má dhineann éinne na nithe a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do chur ina luighe ar an meastóir roimhráite laistigh den aimsir no den aimsir bhreise sin a luaidhtear so bhfo-alt san roimhe seo, deimhneoidh an tAire Airgid i scríbhinn go bhféadfar nea-mbríochaint do dhéanamh ar an ordú a dhin an Giúistís Dúithche fén alt so i dtaobh na suime airgid sin agus nuair a taisbeánfar an deimhniú san do Ghiúistís Dúithche cuirfidh an Giúistís Dúithche sin an t-ordú san ar nea-mbrí.

(4) Aon deimhniú a thabharfidh an tAire Airgid fén alt so, ag deimhniú cáinfice aon tsuime airgid, oibreoidh sé chun iomlán na suime airgid sin do dhílsiú san Aire Airgid o am an deimhniú san do thaisbeáint don Bhanc no don bhfúndúireacht 'na bhfuil an tsuim airgid roimhráite ina seasamh ina chuid leabhar.

(5) An t-airgead uile a cáinficfear chun an Aire Airgid fén alt so déanfidh an tAire Airgid, nuair a bheidh na costaisí agus an caiteachas fé n-ar chuathas chun é d'fháil thar n-ais íoctha amach as, é d'úsáid chun cúiteamh do dhéanamh leis an duine o n-ar guideadh an t-airgead san díreach no nea-dhíreach, no leis an gciste le n-a mbaineann an t-airgead san díreach no nea-dhíreach.

(6) Tuigfar gur lean Alt 11 den Acht chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Ocáideacha), 1923 ( Uimh. 28 de 1923 ), i bhfeidhm o chuaidh an tAcht san in éag, agus leanfa sé i bhfeidhm faid a mhairfidh an tAcht so, sa mhéid gur gá é—

(a) chun gach ordú a dhin Giúistís Dúithche fén Alt san 11 roimh dhul in éag don Acht san do chimeád i lánfheidhm agus i lán-éifeacht; agus

(b) chun dleathacht do thabhairt do gach ní a dineadh o chuaidh an tAcht san in éag, agus chun údarás do thabhairt do gach ní a déanfar ina dhiaidh seo, ag an Aire Airgid no ag éinne eile fé aon ordú den tsórt san no dá réir no dá bharr, más ní é a fhéadfadh an tAire no an duine sin a dhéanamh fén Alt san 11 dá mba ná raghadh an tAcht san in éag.

An láthair d'aistriú i gcásanna coiriúla.

8. —(1) I gcás díotáil d'fháil i gcoinnibh éinne i gcoir a dineadh in aon áit i Saorstát Éireann no i gcás éinne do choinneáil chun é do thriail sa choir sin déanfidh an Ard-Chúirt, ar a iarraidh sin d'Ard-Aturnae Shaorstáit Éireann no thar a cheann agus ar a Dheimhniú dho go gcreideann sé gur féidir triail níos cothruime agus níos nea-chlaoine d'fháil i gcúirt agus i gcontae a hainmneofar sa Deimhniú san, ordú gan ceist go ndéanfar an triail sa chúirt agus sa chontae a hainmníodh sa Deimhniú.

(2) Aon uair a déanfar fén alt so, sara bhfuighfar an díotáil, ordú chun triail coire d'aistriú féadfidh árd-choiste den chontae a hainmneofar san ordú um aistriú fiosrú do dhéanamh sa choir agus féadfar tríail na coire do dhéanamh sa chontae sin fé mar a déanfí dá mba sa chontae sin a déanfí an choir.

(3) Aon uair a déanfar fén alt so, tar éis an díotáil d'fháil, ordú chun triail coire d'aistriú féadfar an triail sin do dhéanamh fé mar a gheobhfí an díotáil sa chúirt 'nar haistríodh an triail do dtí í.

Comhacht chun rialacha dhéanamh agus chun fuirmeacha leaga amach.

9. —Féadfidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche rialacha do dhéanamh chun imeachta do stiúra a húdaruítear leis an Acht so a chur ar siúl i láthair Giúistís Dúithche, agus na fuirmeacha a húsáidfar sna himeachta san do leaga amach, agus chuige sin féadfa sé gach ceann no aon cheann de sna rialacha agus de sna fuirmeacha a leag sé amach fé Alt 14 den Acht chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Ocáideacha), 1923 ( Uimh. 28 de 1923 ), do chimeád i bhfeidhm agus do chur i mbaint le himeachta fén Acht so.

Mínithe.

10. —San Acht so—

cialluíonn an focal “oifigeach freagarthach” oifigeach nách ísle céim ná ceannphort agus atá i bhfórsa póilíneachta a bunuíodh ag an Aire um Ghnóthaí Dúithche no atá fé smacht an Aire sin, no oifigeach d'fhórsaí mileata Shaorstáit Éireann nách ísle céim ná ceannphort;

foluíonn an focal “Giúistís Dúithche” Máistreoir Roinne de Chathair Bhaile Atha Cliath;

san abairt “maoin ghuidthe” foluíonn an focal “guidthe” rud do bheith tógtha le guid, le feallaireacht, le claon-chasa, le robáil, le buirgléireacht no le brise isteach i dtigh, agus foluíonn an focal “maoin” airgead, airgead páipéir, urrúsanna airgid, nótaí bainc no rialtais, instruimidí ionmhalartuithe agus stampaí.

Gearr-theideal agus buaine.

11. —(1) Féadfar an tAcht Sealadach chun Cosanta na Puiblíochta (Pionósú Ciontaí), 1924 , do ghairm den Acht so.

(2) Leanfidh an tAcht so i bhfeidhm go ceann bliana tar éis a rithte agus ragha sé in éag ansan.

SCEIDEAL.

Cuid I.

Daoine do ghríosú chun tabhairt fé fhuirm bhunuithe Rialtas Shaorstáit Éireann do bhrise le fóiréigean no aon iarracht den tsórt san d'ullamhú no, ar aon tslí eile, cabhair no misneach do thabhairt dá leithéid d'iarracht.

Cuid II.

1. Aon oifigeach do Rialtas Shaorstáit Éireann do mhealla, no tabhairt fé n-a mhealla, go nea-dhleathach, chun diúltú dá dhualgas mar oifigeach den tsórt san do chó-líona no chun é leigint i bhfuaire no i bhfaillí.

2. Seilbh gan údarás dleathach ar aon bhall éadaigh, treallaimh no feistis no ar aon airm no amuinisean is le haon bhall no a tugadh amach d'aon bhall d'fhórsaí mileata no póilíneachta Shaorstáit Éireann.

3. Duine do chur no do ghabháil éide no aon chuid d'éide aon bhrainse d'fhórsaí mileata no póilíneachta Shaorstáit Éireann uime gan údarás dleathach.

4. Duine do thabhairt ainm, teideal no comharthaí aon chéime, no aon bhaill, d'fhórsaí mileata no póilíneachta Shaorstáit Éireann air féin chun aon ghníomh do dhéanamh no d'fháil déanta ná beadh an té a thug air féin an ainm, an teideal no na comharthaí sin i dteideal do réir dlí chun é dhéanamh ná chun é d'fháil déanta as a údarás féin.

5. Dul isteach agus seilbh do chimeád go héagcórach ar thalamh gan dath ná deabhramh teidil ná údaráis.

6. Robáil fé arm; sé sin le rá, duine do dhéanamh robála no iarracht ar robáil agus é armtha le héinní atá no a dheabhruíonn a bheith ina arm no ina inneal troda.

7. Dógha; sé sin le rá, teine do thabhairt no iarracht ar theine do thabhairt, go nea-dhleathach, d'aon tigh, monarcha, scioból, iothlainn, siopa oibre, no foirgneamh eile, no d'aon mhaoin talamhaíochta, soláthar bidh do dhuine no do bheithíoch, no d'aon mhaoin d'aon tsórt no saghas, so-aistrithe no do-aistrithe, puiblí no príobháideach, maraon le crainn agus barraí ag fás.

8. Díobháil no scrios, no iarracht ar dhíobháil no scrios, do dhéanamh go nea-dhleathach ar aon tigh, monarcha, scioból, iothlainn, siopa oibre, no foirgneamh eile, no ar aon mhaoin talamhaíochta, soláthar bidh do dhuine no do bheithíoch, no ar aon mhaoin d'aon tsórt no saghas, so-aistrithe no do-aistrithe, puiblí no príobháideach, maraon le crainn agus barraí ag fás.

9. Cuir-isteach no cosc do dhéanamh, go nea-dhleathach, ar aon talamh no áitreabh do shealbhú no d'úsáid go dleathach no ar thairfe do bhaint as go dleathach, no ar aon cheart d'fheidhmiú go dleathach, no ar dhualgaisí aon oifige dleathaíghe do chó-líona.

10. Bac do chur, no iarracht ar bhac do chur, ar riara cirt.

11. Stillireacht nea-dhlistineach do dhéanamh, no aon bhiotáille do stilleadh go nea-dhlistineach no aon still neadhlistineach no aon earraí no abhar i gcóir stillireachta neadhlistinighe do bheith ar seilbh no fé n-a chúram ag duine.

12. Aon bhiotáille do stilleadh go nea-dhlistineach do dhíol no d'ofráil no do thaisbeáint no do chimeád chun é do dhíol.

13. Cabhrú le héinne, é ghríosú, cuidiú leis no é mhisniú, no cogar no bagairt do dhéanamh, chun aon chionta dá luaidhtear sa Sceideal so do dhéanamh, no cabhrú chun éinne atá ciontach in aon chionta den tsórt san do chur i bhfolach no chun é do dhul saor, agus san go feasach.