18 1924


Uimhir 18 de 1924.


ACHT NA gCOISTÍ DHÁRÉAG (LEASÚ), 1924.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ A BHAINEAS LE COISTÍ DHÁRÉAG AGUS AR AN MÉID DEN ACHT TIMPEAL TOGHACHÁN, 1923 , A BHAINEAS LEIS AN NÍ SIN. [23adh Bealtaine, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Beidh liostaí de choisteoirí ar an gclár de thoghthoirí.

1. —(1) Ar an gclár de thoghthóirí atá le hullamhú do réir an Achta Timpeal Toghachán, 1923 , i dteanta na nithe a hiarrtar leis an Acht san a thaisbeáint air, taisbeánfar ar an gcuma orduithe, i dtaobh gach éinne go bhfuil a ainm air, ce'ca tá sé cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir speisialta no mar choisteoir ghenerálta no ná fuil, no a bhfuil sé nea-cháilithe chun fónamh mar choisteoir no saor uaidh sin.

(2) Gach éinne i ngach aontán clárathachta fé leith ina líomatáiste clárathachta a dheabhruíonn bheith cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir speisialta no mar choisteoir ghenerálta no bheith nea-cháilithe chun fónamh amhlaidh no saor uaidh sin, beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta a ainm sin do chur agus do chomharthú ar an gcuma orduithe ar na liostaí de thoghthóirí atá le hullamhú aige do réir an Achta Timpeal Toghachán, 1923 .

(3) Gach foráil den Acht Timpeal Toghachán, 1923 , a bhaineann le héilithe atá le hiontráil ar an gclár, le hagóidí i gcoinnibh na liostaí de thoghthóirí agus le ceartuithe dhéanamh ar na liostaí de thoghthóirí, bainfe sí (ach amháin sa chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so) leis na nithe a hiarrtar leis an Acht so a chur ar an gclár agus ar na liostaí de thoghthóirí fé seach fé mar a bhaineann sí leis na nithe a hiarrtar leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 , a chur ar an gclár agus ar na liostaí de thoghthóirí fé seach.

(4) Sna liostaí uile fé leith d'éilitheoirí, de dhaoine gur tugadh fógra go gcuirfí i gcoinnibh iad do chlárú, agus d'éilitheoirí gur tugadh fógra go gcuirfí i gcoinnibh iad do chlárú, liostaí a ullamhóidh oifigeach clárathachta do réir an Achta Timpeal Toghachán, 1923 , marcálfar ar an gcuma orduithe na daoine sin, díobh súd 'na bhfuil a n-ainmneacha ar na liostaí sin, a dheabhruíonn bheith cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoirí speisialta no mar choisteoirí generálta no bheith nea-cháilithe chun fónamh amhlaidh no saor uaidh sin.

(5) Ní bhainfidh an t-alt so le dáilcheanntar príomh-scoile ná le hoifigeach clárathachta, clár toghthóirí, na liostaí toghthóirí an dáilcheanntair sin.

Iontrála ar dubláid do sheachaint.

2. —I gcás duine go bhfuil a ainm iontrálta ar an gclár de thogthóirí mar thoghthóir Dála, Seanaid, no Rialtais Áitiúla in aon aontán clárathachta do bheith cáilthe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir sa chontae riaracháin no sa chontae-bhuirg ina luíonn an t-aontán clárathachta san, is ar an gclár de thoghthóirí don aontán clárathachta roimhráite a hiontrálfar go bhfuil sé cáilithe agus ionghlaoite mar sin chun fónamh mar choisteoir, bíodh gur ar scór tailte, tionóntachán, ionoighreachtaí, no áitreibh eile, seachas iad súd ina luíonn an áit adeirtar sa chlár san a beith mar sheola aige, gurb ea atá sé cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir.

Féadfidh mná áirithe saoirse fháil o fhónamh mar choisteoirí.

3. —(1) Gach bean le n-a mbaineann an t-alt so agus atá cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir in aon chontae riaracháin no contae-bhuirg, beidh aici, más mian léi é, teideal chun a hiontrála, ar an gclár de thoghthóirí don líomatáiste clárathachta ina bhfuil an chontae riaracháin no an chontae-bhuirg sin, mar bhean atá saor o fhónamh mar choisteoir agus beidh sí saor o fhónamh amhlaidh faid a bheidh sí iontrálta amhlaidh.

(2) Baineann an t-alt so le mná nea-phósta agus le baintreacha, agus fós le mná pósta 'na bhfuil a bhfir cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoirí sa chontae riaracháin no sa chontae-bhuirg chéanna ina bhfuil na mná san féin cáilithe agus ionghlaoite amhlaidh.

Nea-cháilíocht dhaoine nách toghthóirí.

4. —I dteanta na ndaoine atá gan cáilíocht anois chun fónamh ar choistí dháréag éinne ná fuil cláruithe mar thoghthóir Dála no mar thoghthóir Rialtais Áitiúla beidh sé gan aon cháilíocht in aon chor chun fónamh ar aon choiste dháréag ná fiosrúchán (lasmuich d'fhiosrúchán a chuirfidh cróinéir ar siúl de bhua a oifige), agus ní cuirfar ainmneacha na ndaoine sin in aon leabhair de choisteoirí ná ar aon liostaí de choisteoirí.

Chun Cúirteanna Dúithche a déanfar athchomairc i dtaobh liostaí de choisteoirí.

5. —(1) Ní luífidh aon athchomharc, fé Alt 16 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 ( Uimh. 12 de 1923 ), i gcoinnibh aon bhreith a thabharfidh an t-oifigeach clárathachta i dtaobh éinní a hiarrtar leis an Acht so a chur ar an gclár, agus in ionad a leithéid sin d'athchomharc, luífidh athchomharc chun na Ghiúistís Dúithche go bhfuil údarás aige sa líomatáiste clárathachta i gcóinnibh aon bhreith a thabharfidh an t-oifigeach clárathachta ar aon cheist dlí no fírinne a bhaineann le héinní a hiarrtar leis an Acht so a chur ar an gclár, agus féadfar an t-athchomharc san do dhéanamh bíodh nár dhin an t-athchomharcach teacht os cóir an oifigigh chlárathachta ná aon éileamh ná agóid do chur chuige.

(2) Marar dhin an t-athchomharcach teacht os cóir an oifigigh chlárathachta ná aon éileamh ná agóid do chur chuige, déanfar an t-athchomharc fén alt so roimh an 26adh lá den chéad Abrán tar éis don oifigeach clárathachta a bhreith do thabhairt, agus i ngach cás eile déanfar an t-athchomharc fén alt so laistigh de sheacht lá tar éis don oifigeach clárathachta a bhreith do thabhairt.

(3) Ní dhéanfa sé difríocht do cháilíocht ná d'ionghlaoiteacht athchomharcaigh chun fónamh mar choisteoir athchomharc do bheith ar siúl fén alt so, agus go dtí go mbeifar réidh ar fad leis an athchomharc san leanfidh an cháilíocht agus an ionghlaoiteacht roimhráite chó maith is ná déanfí aon athchomharc den tsórt san.

(4) San alt so foluíonn an focal “Giúistís Dúithche” Giúistís Roinne do Cheanntar Phóilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath.

Ullamhú liostaí generálta de choisteoirí.

6. —(1) An précheapt atá le tabhairt amach ag cléireach na síochána do réir alt 8 den Juries (Ireland) Act, 1871, tabharfar amach agus seachadfar é an 15adh lá de mhí Samhna gach bliana, no roimhe sin, do rúnaí na comhairle contae, do bhaile-chléireach gach contae-bhuirge no buirge eile, agus do chléireach gach comhairle bhaile-cheanntair laistigh dá chontae riaracháin no dá chontae-bhuirg, agus beidh sé i pé fuirm a ordóidh an tAire um Ghnóthai Dúithche o am go ham.

(2) Na liostaí generálta de choisteoirí a hullamhófar agus a cuirfar isteach do réir na bprécheapt roimhráite, beid i pé fuirm a hordófar agus déanfar ainmneacha daoine atá cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoirí speisialta do mharcáil no do chomharthú ortha ar an gcuma orduithe, agus déanfar amach iad do gach aontán clárathachta fé leith sa chontae riaracháin no sa chontae-bhuirg, agus riarfar na hainmneacha ar na liostaí sin san ordú in ar gá do réir dlí de thurus na huaire na hainmneacha do riara ar an gclár de thoghthóirí don aontán clárathachta san.

An dáta ar a dtiocfidh leabhair na gcoisteoirí in úsáid.

7. —Athghairmtear leis seo an méid d'Altanna 13 agus 14 den Juries (Ireland) Act, 1871, le n-a bhforáltar go ndéanfidh cléireach na síochána, an 1adh lá d'Eanair gach bliana, no roimhe sin, leabhar na gcoisteoirí generálta agus leabhar na gcoisteoirí speisialta a luaidhtear san alt san do sheachada do shirriam na contae, agus go gcuirfar na leabhair sin in úsáid an chéad lá den chéad théarma Hiláire tar éis a seachadtha amhlaidh, agus ina ionad san achtuítear leis seo go ndéanfidh cléireach na síochána an leabhar san na gcoisteoirí generálta agus an leabhar san na gcoisteoirí speisialta do sheachada d'fho-shirriam na contae no na contae-bhuirge an 15adh lá d'Iúl gach bliana, no roimhe sin, agus cuirfar na leabhair sin in úsáid an chéad lá den chéad théarma Mhichíl tar éis a seachadtha amhlaidh.

Costaisí feidhmiú an Achta.

8. —(1) I gcás contae riaracháin déanfidh comhairle na contae sin costaisí feidhmiú an Achta so d'íoc amach as an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae iomlán, agus i gcás contae-bhuirge, íocfidh comhairle na contae-bhuirge sin iad amach as an ráta no as an gciste go n-íoctar costaisí generálta na comhairle amach as, no amach as aon ráta no ciste eile a cheadóidh an tAire um Rialtas Áitiúil tar éis iarratas d'fháil ón gcomhairle.

(2) Aon rúnaí no cléireach comhairle contae no contae-bhuirge cléireach comhairle bhaile-cheanntair, no ráta-bhailitheoir no duine ag gníomhú mar ráta-bhailitheoir, a ceapadh tar éis an 15adh lá de Mhí na Samhna, 1923, ní bhfuighe sé aon táille ná luach saothair eile ná aon chostaisí ar scór dualgaisí a dhéanfa sé i bhfeidhmiú na Juries (Ireland) Acts, 1871 to 1894, fé mar a leasuítear leis an Acht so iad.

Leasú ar Alt 12 den Acht Timpeal Toghachán 1923.

9. —(1) Athghairmtear leis so fo-alt (5) d'Alt 12 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 ( Uimh. 12 de 1923 ), agus ina ionad san achtuítear go n-íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le comhairle gach contae no contae-bhuirge agus mar chabhair don chiste no don ráta 'na n-íocfidh an chomhairle sin aon chostaisí clárathachta amach as do réir an Achta san, na coda so a leanas de sna costaisí clárathachta a híocfar amhlaidh, sé sin le rá:—

(a) ceathrú den méid d'íoc an chomhairle leis an oifigeach clárathachta ar scór dualgaisí a chó-líon éinne de sna hoifigigh seo síos a ceapadh no a ceapfar tar éis an 15adh lá de Mhí na Samhna, 1923, sé sin le rá, i gcás contae riaracháin, rúnaí comhairle na contae no cléireach comhairle aon bhaile-cheanntair laistigh den chontae, agus, i gcás contaebhuirge, rúnaí no cléireach comhairle na contae-bhuirge agus

(b) trian an mhéide d'íoc an chomhairle leis an oifigeach claráthachta ar scór dualgaisí a chó-líon ráta-bhailitheoirí a ceapadh no a ceapfar tar éis an 15adh lá de Mhí na Samhna, 1923; agus

(c) leath gach costais clárathachta eile d'íoc an chomhairle roimhráite.

(2) Athghairmtear leis so an méid d'fho-alt (7) d'Alt 12 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 ( Uimh. 12 de 1923 ), le n-a n-achtuítear go ndéanfar leath de chostas na clódóireachta a luaidhtear sa bhfo-alt san d'íoc amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus go ndéanfidh an chomhairle a luaidhtear sa bhfo-alt san an leath eile dhe d'íoc, agus ina ionad san achtuítear leis seo gur trí sheachtú de chostas na clódóireachta a luaidhtear sa bhfo-alt san a híocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, agus gur ceithre sheachtú de sna costaisí sin a íocfidh an chomhairle ar a mbeidh íoc na gcostaisí clárathachta gur cuid díobh costas na clódóireachta san.

Orduithe i gcás deacrachta agus práinne.

10. —(1) Má eiríonn aon deacracht i bhfeidhmiú an Achta so i rith na bliana 1924, féadfidh an tAire um Rialtas Áitiúil, le hOrdú, éinní no aon rud a dhéanamh a chífar do is gá a dhéanamh chun an tAcht so d'fheidhmiú sa cheart i rith na bliana san.

(2) Bainfidh fo-alt (2) d'Alt 62 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 ( Uimh. 12 de 1923 ), le hullamhú clár na dtoghthóirí, maidir le nithe a hiarrtar leis an Acht so a chur ar an gclár san, ar an gcuma gcéanna ina mbaineann an fo-alt san le hullamhú an chláir sin fén Acht san.

Oiriúnú achtachán.

11. —Féadfidh an Ard-Chomhairle, le hOrdú, oiriúnuithe do dhéanamh ar fhorálacha aon Achta (maraon le haon Acht áitiúil agus le haon Acht chun Ordú Sealadach do dhaingniú), pé oiriúnuithe a chífar dóibh bheith riachtanach chun na forálacha san do chur i gcó-réir le forálacha an Achta so, agus aon Ordú a déanfar amhlaidh oibreoidh fé mar a hachtófaí san Acht so é.

Míniú.

12. —Gach focal a húsáidtear san Acht so, i dtaobh clárú, toghthóirí, no toghachán, agus a húsáidtear, leis, san Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , beidh leis an brí céanna atá leis an bhfocal san san Acht Timpeal Toghachán, 1923 , mara mínítear ar a mhalairt de shlí san Acht so é.

Athghairmeanna.

13. —Dintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm oiread is deirtear sa triú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal, léiriu, agus tosach feidhme.

14. —(1) Féadfar Acht na gCoistí Dháréag (Leasú), 1924 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na Juries (Ireland) Acts, 1871 to 1894, agus féadfar Achtanna na gCoistí Dháréag, 1871 go 1924, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.

(3) Tuigfar an tAcht so do theacht i bhfeidhm an 15adh lá de Mhí na Samhna, 1923, agus éifeacht do bheith aige an lá san agus ón lá san amach.

SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear.

Siosón agus Caibideal.

Gearr-Theideal.

Méid na hAthghairme.

34 & 35 Vic. c. 65

Juries (Ireland) Act, 1871.

Oiread d'Altanna 8 agus 9 agus tá bunoscionn le hAlt 6 den Acht so; Alt 12.

39 & 40 Vic. c. 21.

Jurors Qualification (Ireland) Act, 1876.

Oiread d'Altanna 4 agus 5 agus tá bunoscionn le hAlt 6 den Acht so:

Sceideal 3.