32 1924


Uimhir 32 de 1924.


ACHT CHUN ACHT CÚIRTEANNA DHÁIL ÉIREANN (CRÍOCHNÚ A nGNÓTHA), 1923, DO LEASÚ, 1924.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR ACHT CÚIRTEANNA DHÁIL ÉIREANN (CRÍOCHNÚ A nGNÓTHA) 1923 (UIMHIR 36 DE 1923) AGUS CHUN FORÁLACHA DO DHÉANAMH CHUN GNÓ NA gCÚIRTEANNA SOCRUITHE TALMHAN AGUS GNÓ CÚIRTEANNA EILE DEN tSÓRT SAN DO CHRÍOCHNÚ. [28adh Iúl, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) An míniú a tugtar ar an bhfocal “Dáil-Chúirt” i bhfo-alt (1) d'alt 1 d'Acht Cúirteanna Dháil Éireann (Críochnú a nGnótha), 1923 , dá ngairmtear “an Príomh-Acht” san Acht so, leathanófar é i dtreo go bhfolóidh sé aon chúirt a bunuíodh no gur daingníodh a feidhmeanna, no a bhí in ainm bheith ag gníomhú fé údarás Dháil Éireann agus go raibh mar uachtarán uirthi duine a bhí aon tráth ina dhiaidh sin mar uachtarán ar chúirt a bunuíodh no gur daingníodh a feidhmeanna mar adubhradh de bhua aithne dar teideal “Tairisgintí le n-a mbunuítear Coimisiún Náisiúnta Talmhan chun scéimeanna Socruithe Talmhan na Dála do chur in éifeacht,” aithne a dineadh an 17 lá de Mheán Fhomhair, 1920, ag Dáil Éireann agus í bunuithe mar a luaidhtear sa bhfo-alt san, agus bainfidh forálacha an Phríomh-Achta, fé réir forálacha an Achta so, le haitheanta aon chúirte den tsórt san da ngairmtear “Dáil-Chúirt Talmhan” san Acht so.

(2) Chun crícheanna an Achta so tuigfear gur dineadh údarás gach Dáil-Chúirte Talmhan do tharrac siar an 17 lá de Mheán Fhomhair, 1922.

Féadfar Coimisinéirí de Choimisiún Talmhan na hÉireann do cheapa mar Choimisinéirí Breithiúntais chun crícheanna an Achta so.

2. —Chun crícheanna an Achta so léighfar agus léireofar fo-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht fé mar bheadh Coimisinéirí de Choimisiún Talmhan na hÉireann luaidhte ann mar cheann de sna haicmí daoine atá cáilithe chun iad do cheapa mar Choimisinéirí Breithiúntais.

Na haimsearacha a horduítear leis an bPríomh-Acht d'oiriúnú agus do shíne.

3. —(1) I bhfeidhmiú fo-alt (1) d'alt 12 den Phríomh-Acht maidir le haitheanta Dáil-Chúirte Talmhan isé dáta a hordófar leis an bhfógra puiblí dá dtagartar sa bhfo-alt san ná dáta nách luatha ná trí mhí agus nách déanaí ná sé mhí tar éis rithte an Achta so, agus maidir leis an gClár d'aitheanta Dáil-Chúirteanna Talmhan agus de sna horduithe uile a dhéanfidh na Coimisinéirí i dtaobh imeachta a tosnuíodh i nDáil-Chúirteanna Talmhan cimeádfar é ar deighilt agus ar leithligh ón gClár d'aitheanta Dáil-Chúirteanna eile, agus ciallóidh an focal “an Clár” an Clár d'aitheanta Dáil-Chúirteanna Talmhan no an Clár d'aitheanta Dáil-Chúirteanna eile, pe'ca aca is gá sa chás.

(2) Chun crícheanna an Phríomh-Achta agus an Achta so, déanfar an aimsear a h-orduítear le halt 26 den Phríomh-Acht, do shíne go dtí aon tráth laistigh de shé mhí o am rithte an Achta so.

Comhachta breise do sna Coimisinéirí in éisteacht athchomharcanna i dtaobh clárú.

4. —(1) Le linn athchomhaire fé fho-alt (4) d'alt 12 den Phríomh-Acht i dtaobh clárú aithne Dáil-Chúirte Talmhan no diúltú ón gClárathóir d'í do chlárú féadfidh na Coimisinéirí, gan dochar do gheneráltacht an fho-ailt sin, an clárú do scrios no diúltú d'ordú do dhéanamh chun an aithne do chlárú—

(a) má sé tuairim na cúirte gur bhfearr, ar mhaithe le ceart, imeachta nua do bhunú; no

(b) má feidhmíodh an aithne ar fad no go leathrannach agus gur chun críche athchomhairc fé alt 5 den Phríomh-Acht a hiarradh go ndéanfí an clárú; no

(c) más dó leis an gcúirt, tar éis cúrsaí uile an cháis do bhreithniú go cuibhe agus tar éis cúrsaí na linne do chur san áireamh, gur ní éagcothrom an aithne do chlárú.

(2) Féadfar, de bharr aon athchomhairc le n-a mbaineann an t-alt so, ordú do dhéanamh fé réir pé téarmaí agus coiníollacha a dheabhróidh don chúirt a bheith cóir.

Teora le hathchomhairc maidir le haitheanta Dáil-Chúirte Talmhan.

5. —Maidir le hiarratas chun na gCoimisinéirí, chun athchomharc fé fho-alt (2) d'alt 4 no fé fho-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht i dtaobh aithne a dhin Dáil-Chúirt Talmhan d'éisteacht agus breith do thabhairt air, ní déanfar i láthair na gCoimisinéirí é ná ní éisteoid leis marar dhin na Coimisinéirí cead speisialta chun athchomhairc do dheona do bharr tairisginte gur tugadh fógra ina thaobh agus inar luadhadh foraisí an athchomhairc, agus féadfar an cead san do dheona no d'oba fé réir pé téarmaí agus coiníollacha, más ann dóibh, a dheabhróidh bheith cóir, agus ar a n-áirítear buala amach aon fhoras athchomhairc i dtaobh éinní a breithníodh no a féadfí a bhreithniú le linn athchomhairc i gcoinnibh clárú na haithne.

Féadfar a ordú go dtuigfar gur molta eadrascáin aitheanta Dáil-Chúirte Talmhan.

6. —Féadfidh an chúirt de bharr athchomhairc no iarratais a déanfar do réir ceachtar den dá alt atá díreach roimhe seo a ordú go dtuigfar gur mola o chúirt eadrascáin no bórd eadrascánaithe a bunuíodh go ceart an aithne go bhfuiltar ad iarraidh í chlárú no athchomharc a dhéanamh ina coinnibh, ach ar dtúis aon atharuithe no leasuithe do dhéanamh uirthi le n-a n-aontóidh na páirtithe, agus féadfa sí riail o chúirt na gCoimisinéirí do dhéanamh den chéanna.

Pléadáil agus feidhmiú aitheanta cláraithe.

7. —(1) Léighfar agus léireofar fo-alt (5) d'alt 5 den Phríomh-Acht fé is dá gcuirtí sa bhfo-alt san, i ndiaidh na bhfocal “in aon imeachta,” na focail “no chun aon cheart no teideal chun aon mhaoine a faisníodh le haon aithne chláruithe no a haistríodh fúithi do dhearbhú no do chosaint.”

(2) Léighfar agus léireofar fo-alt (2) d'alt 20 den Phríomh-Acht fé is dá ndintí an mhír seo a leanas, sé sin le rá:—

“  (e)  ordú do dhéanamh chun glacadóir do cheapa mar fheidhmiú chothrom, no chun ceangal do chur ar fhiacha atá dlite no ag teacht o gharnisé no ordú tráthchoda no ordú coimiteála do dhéanamh fé alt 6 den Debtors Act (Ireland), 1872, chun aon aithne chláruithe d'fheidhmiú”:

do chur i ndiaidh mír (d) sa bhfo-alt san.

(3) Chun móid-scríbhinn do chlárú i dtreo go mbeadh aici éifeacht morgáiste fé alt 7 den Judgment-Mortgage (Ireland) Act, 1850, tuigfar gurb é rud aithne chláruithe ná breith a hiontráladh tar éis rithte an Achta san, i gceann de sna Cúirteanna Ard-Chéime a luaidhtear in alt 6 den Acht san no sa Chúirt dar haistríodh an t-údarás a bhíodh a fheidhmiú tráth sa Chúirt sin agus, chun crícheanna an Achta san, tuigfar gurb é rud Cúirt na gCoimisinéirí ná ceann de sna Cúirteanna Ard-Chéime sin no an Chúirt dar haistríodh an t-údarás san agus gurb í an Chúirt í inar féidir an mhóid-scríbhinn a luaidhtear san alt san 6 do chur ar fíl, agus bainfidh na forálacha den alt san 6, i dtaobh clárú, le móid-scríbhinn a cuirfar ar fíl amhlaidh.

(4) I pé áit ina lomhálfidh an có-théacs é folóidh an focal “aithne chláruithe” agus tuigfar gur fholuigh sé riamh ordú o sna Coimisinéirí a hiontráladh ar an gClár.

Chun comhachta Coimisiún Talmhan na hÉireann d'fhorchimeád.

8. —Ní dhéanfidh éinní san Acht so ná sa Phríomh-Acht Coimisiún Talmhan na hÉireann do chosc ar dheighleáil, fé sna hAchtanna Dlí Talmhan no Talamh-Cheannaigh, le haon tailte is abhar d'imeachta i láthair na gCoimisinéirí, ná ní dhéanfa sé aon chur-i-leataoibh ná lagú ar aon cheann de chomhachta Choimisiún Talmhan na hÉireann maidir leis na tailte sin, pe'ca chun riaráiste blianachtaí ceannaigh no riaráiste ús in ionad cíosa d'fháil a feidhmeofar na comhachta san no chun aon chríche eile go bhféadfadh Coimisiún Talmhan na hÉireann na comhachta san d'fheidhmiú ina taobh do réir dlí dá mba ná rithfí an tAcht so.

Gearr-theideal.

9. —Féadfar an tAcht chun Acht Cúirteanna Dháil Éireann (Críochnú a nGnótha), 1923 , do Leasú, 1924, do ghairm den Acht so.