34 1924


Uimhir 34 de 1924.


ACHT LEITHREASA, 1924.


ACHT CHUN SUIM AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A CÚIG FICHEAD, AGUS CHUN NA SOLÁTHAIR EILE A DEONADH SA tSIOSÓN SO DEN OIREACHTAS DO CHUR I LEITHREAS.

[30adh Iúl, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Deontaisi as an bPrimh-Chiste.

£20,964,541 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste.

1. —Féadfidh an tAire Airgid suim fiche milleon, naoi gcéad trí fichid is ceithre mhíle, cúig céad dachad a haon de phúint do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun iomlánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh chun seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a cúig fichead.

Comhacht don Aire Airgid chun airgead d'fháil ar iasacht.

2. —(1) Ar chreidiúint na suime sin féadfidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar fiche milleon, naoi gcéad trí fichid is ceithre mhíle, cúig céad dachad a haon de phúint d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfidh Banc na hÉireann an céanna do roimh-íoc leis agus chun críche na hiasachta san féadfidh an tAire Airgid aon urúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé pé coiníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte no éinni eile is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urúsanna a tabharfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairt amach na n-urús san.

(3) Aon airgead a gheobhfar de bharr urúsanna a tabharfar amach fén Acht so cuirfar chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé mar chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Deontaisi do Chur i Leithreas.

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair do chur i leithreas.

3. —Na suimeanna uile a deontar as an bPrímh-Chiste sin, leis an Acht so agus leis an Acht eile a luaidhtear i Sceideal (A) a ghabhann leis an Acht so, chun an soláthar a deonadh do dhéanamh iomlán agus 'na ndineann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim dhá mhilleon déag ar fhichid, dhá chéad is dhá mhíle dhéag, ocht gcéad nocha a trí de phúint, cuirfar iad agus tuigfar iad do bheith curtha i leithreas, o dháta rithte an Achta a luaidhtear sa Sceideal san (A), chun na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear i Sceideal (B) a ghabhann leis seo.

An achmaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann leis seo, maraon leis na nótaí (más ann dóibh) a ghabhann leis na sceidil sin, tuigfar gur cuid den Acht so iad díreach fé mar a bheidís i gcorp an Achta so.

I dteanta na suimeanna a deontar leis seo as an bPrímh-Chiste, féadfar na suimeanna a taisbeántar fé seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhann leis seo do chur chun úsáide amach as aon airgead a hórduítear fé Alt a dó den Public Accounts and Charges Act, 1891, a chur chun úsáide mar leithreasaí i gcabhair do sna deontaisí i gcóir na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear sa Sceideal san.

Faisnéis is gá a dhéanamh i gcásanna áirithe sara bhfuighfar suimeanna a cuireadh i leithreas.

4. —Ní bhfuighidh éinne aon chuid de dheontas a deonfar, do réir an Achta so, i gcóir seirbhísí neamh-fheidhmiúla go dtí go ndéanfa sé pé faisnéis a hordófar o am go ham, le barántas ón Aire Airgid, do shighniú i bhfianaise duine de sna daoine a luadhfar sa bharántas san:

Ach má dintar aon íocaíocht den tsórt san níos minicí ná uair sa ráithe féadfidh an tAire Airgid cead do thabhairt gan ach aon fhaisnéis amháin do thabhairt i láthair i gcóir gach ráithe.

Einne a dhéanfidh faisnéis chun críche an ailt seo agus a fhios aige neamh-fhírinne do bheith in aon phonc táchtach di, beidh sé ciontach i mí-iompar.

Gearr-theideal.

5. —Féadfar, chun gach críche, an tAcht Leithreasa, 1924 , do ghairm den Acht so.

AN ACHMAIREACHT AR SCEIDIL (A) AGUS (B) DA dTAGARTAR SAN ACHT SO.


SCEIDEAL (A).

Deontaisí as an bPrímh-Chiste

..

..

..

..

..

£32,212,893


SCEIDEAL (B).

Deontaisi do Chur i Leithreas.

Suimeanna ná raghaidh thar

Deontaisí Soláthair

Leithreasaí i gCabhair

£

£

1923-24 (Breis)

..

..

..

..

338,832

72,805

1924-25

..

..

..

..

..

31,874,061

595,216

SCEIDEAL (A).

Chun seirbhíse na bliana dar chríoch 31 Márta, 1924:—

£

Fé Acht 8 de 1924 (Acht Prímh-Chiste)

..

..

..

338,832

Chun seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1925:—

Fé Acht 8 de 1924 (Acht Prímh-Chiste)

..

..

..

10,909,520

Fén Acht so

..

..

..

..

..

..

..

20,964,541

An tIomlán

..

..

..

..

..

..

£32,212,893

SCEIDEAL (B), Cuid I.

Sceideal de Shuimeanna Breise a deonadh, agus de shuimeanna a féadfar a chur mar Leithreasaí-i-gCabhair ina dteanta san chun íoctha muirearacha na Seirbhísí Puiblí ar leithrigh a luaidhtear anso go sonnrách i gcóir na bliana dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1924:—

Suimeanna ná raghaidh thar

Deontaisí Soláthair

Leithreasaí-i-gCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

Uimh.

£

£

3

Chun Tuarastail agus Costaisí an Uachtaráin agus Oifig na hArd-Chomhairle     ..     ..

7,280

--

5

Chun Tuarastail agus Costaisí Aireacht an Airgid     ..     ..     ..     ..     ..

3,000

--

9

Chun Tuarastail agus Costaisí eile Coimisiún Sealadach, Coistí agus Fiosrúchán Speisialta ..     ..     ..     ..     ..     ..

1,600

--

10

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig na nOibreacha Puiblí (1 & 2 Will. IV., c. 33, ss. 5 & 6; 5 & 6 Vict. c. 89, ss. 1 & 2; 9 & 10 Vict. c. 86, ss. 2, 7 & 9; 10 Vict. c. 32, s. 3; 33 & 34 Vict. c. 46, s. 42; 40 & 41 Vict. c. 27; 44 & 45 Vict. c. 49, s. 31; 59 & 60 Vict. c. 34, etc.)     ..     ..     ..

9,300

--

11

Chun Caiteachais i dtaobh Tithe Puiblí; chun coinneáil-suas Páirceanna agus Oibreacha Puiblí áirithe; chun coinneáilsuas Oibreacha Draeneála ar Abhainn na Sionainne agus chun Ildeontaisí i gCabhair

60,000

--

12

Chun Iocaíochtanna fén Tramways and Public Companies (Ireland) Act, 1883, etc., agus chun crícheanna eile a bhainsann le Bóithre Iarainn na hÉireann     ..     ..

510

--

16

Chun Aois-liúntaisí, Cúiteamh, Liúntaisí agus Aiscí Truagha agus Breise fé Reachtanna iolardha; Cúiteamh fé Airtiogal 10 de Chonnra an 6adh Mí na Nodlag, 1921; Liúntaisí Truagha, Aiscí, agus Pinsin Bhreise a deonadh ag an Aireacht Airgid; Tuarastal an Dochtúra Réitigh; agus íocaíochtanna iolardha i dtaobh Pinsean a íocann an Rialtas Briotáineach fé láthair

10

--

22

Chun costaisí fén Representation of the People Act, 1918, agus fén Acht Timpeal Toghachán, 1923      ..     ..     ..     ..     ..

10

--

29

Chun Tuarastail agus Liúntaisí agus Costaisí Oifigeacha iomdha Cúirte Contae; Bónus do Chathaoirligh Cheathrú Shiosóin agus do Bhreacthóirí agus do Chléirigh na Coróinneach agus na Síochána, agus Costaisí Ath-fhéachainte     ..     ..     ..

10

--

30

Chun Costaisí Coir-phróiseacht agus Dlímhuirearacha eile, maraon le Deontas i gcabhair do Chostaisí áirithe is iníoctha amach as Rátaí Áitiúla do réir Reachta     ..

5,107

50

49

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig Choimisiún Talmhan na hÉireann; agus Tuarastail agus Costaisí Roinn Socruithe na Talmhan     ..     ..     ..     ..     ..

194,370

45,595

53

Chun Deontais i gCabhair do Chostaisí Fúnduireachtaí Príomh-Scoile, maraon le Deontaisí fén Irish Universities Act, 1908, agus fén Acht Talmhan, 1923      ..

2,000

--

55

Chun Tuarastail agus Costaisí na hAireachta Tionnscail agus Tráchtála, maraon le Moltóir agus Cúirteanna Réiteoirí; Síntiúisí do Chiste an Díomhaointis, agus do Scéimeanna Speisialta; íocaíochtanna le Cumainn fé sna hAchtanna Arachais Díomhaointis, chun Roimh-íocanna le Lucht Oibre fén Labour Exchanges Act, 1909; Táillí agus Costaisí na nDochtúirí Réitigh fén Workmen's Compensation Act, 1906; Táillí do Mháinleagha deimhniúcháin fén Factory and Workshops Act, 1901; Táillí agus Costaisí fén Trade Boards Acts, 1909 to 1918; Táillí agus Costaisí fén Electricity (Supply) Act, 1919, agus fén Gas Regulation Act, 1920; agus fós Costaisí mar gheall ar Chó-ghléasa Idirnáisiúnta an Oibreachais (Cumann na Náisiún), maraon le Deontas i gCabhair     ..     ..

5,650

--

58

Chun Costas an Airm     ..     ..     ..

10

--

61

Chun Tuarastail agus Costaisí Aireacht an Iascaigh, agus i gcóir riara scéimeanna i dtaobh Gnóthaí Tuatha i gCeanntair Chumhanga     ..     ..     ..     ..     ..

23,265

27,160

63

Chun Costaisí Cumann na Náisiún agus Costaisí eile mar gheall ar sin     ..     ..

3,250

--

64

Chun Pinsin Chréachta, Liúntaisí agus Aiscí fén Acht Arm-Phinsean, 1923 , agus chun Síntiúisí iolardha mar gheall ar a riara san

10,000

--

65

Chun Tuarastail agus Costaisí Coimisiún na Stát-Sheirbhíse     ..     ..     ..     ..

1,650

--

66

Chun Roimh-íocanna Ilghnéitheacha áirithe d'aisíoc leis an gCiste Teangmhais     ..     ..

810

--

67

Chun Deontaisí d'íoc le Scoileanna i dTuaisceart Éireann     ..     ..     ..     ..

11,000

--

An tiomlan     ..£

338,832

72,805

 

 

 

SCEIDEAL (B), Cuid II.

Sceideal de Shuimeanna a deonadh agus de shuimeanna a féadfar a chur mar Leithreasaí-i-gCabhair in a dteanta san chun íoctha Muirearacha na Seirbhísí Puiblí ar leithrigh a luaidhtear anso go sonnrách agus a thiocfidh chun íocaíochta i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1925:—

Suimeanna ná raghaidh thar

Deontaisí Soláthair

Leithreasaí-i-gCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

Uimh.

£

£

1

Chun Tuarastail agus Costaisí Teaghlachas an tSeanascail     ..     ..     ..     ..

8,208

--

2

Chun Tuarastail agus Costaisí an Oireachtais

117,130

--

3

Chun Tuarastail agus Costaisí an Uachtaráin agus Roinn na hArd-Chomhairle     ..     ..

13,675

--

4

Chun Tuarastail agus Costaisí Roinn an Ard-Scrúdóra     ..     ..     ..     ..     ..

18,687

--

5

Chun Tuarastail agus Costaisí Roinn an Airgid maraon le hOifig an Phághmháistir Ghenerálta     ..     ..     ..     ..

49,095

--

6

Chun Tuarastail agus Costaisí Roinn an Ioncuim     ..     ..     ..     ..     ..

640,890

4,760

Chun íoc Pinseana Sean-aoise fé Achtanna na bPinsean Sean-aoise, 1908 go 1924, chun costaisí riaracháin áirithe a bhaineann leo san, agus chun Pinseana fén Blind Persons Act, 1920     ..     ..     ..     ..     ..

2,919,200

500

8

Chun Capital do Chiste na nIasachtaí Áitiúla, agus chun aisíoc do dhéanamh le Rialtas na Breataine mar gheall ar Iasachtaí Áitiúla atá gan íoc     ..     ..     ..

985,927

--

9

Chun Tuarastail agus Costaisí eile Coimisiún Sealadach, Coistí agus Fiosrúchán Speisialta     ..     ..     ..     ..     ..     ..

23,251

--

10

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig na nOibreacha Puiblí     ..     ..     ..     ..

89,189

8,650

11

Chun Caitheachais i dtaobh Tithe Puiblí; chun coinneáil-suas Páirceanna agus Oibreacha Puiblí áirithe; chun coinneáilsuas Oibreacha Draeneála ar Abhainn na Sionainne agus chun Ildeontaisí i gCabhair

636,179

16,050

12

Chun Tuarastail agus Costaisí na Saotharlainne Stáit     ..     ..     ..     ..

6,683

--

13

Chun Tuarastail agus Costaisí Coimisiún na Stát-Sheirbhíse     ..     ..     ..     ..

5,420

--

14

Chun Iocaíochtanna i dtaobh mille agus díobháil do mhaoin a dineadh i rith na tréimhse 21 Eanair, 1919, go 12 Bealtaine, 1923, go huile, fén Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 , fé mar do leasuíodh é, agus ar shlite eile     ..     ..

7,333,000

--

15

Chun Cúitimh i dtaobh Leonta Pearsanta no Báis     ..     ..     ..     ..     ..

907,250

--

16

Chun Aois-liúntaisí, Cúiteamh, Liúntaisí agus Aiscí Truagha agus Breise fé Reachtanna iolardha; Cúiteamh fé Airtiogal 10 de Chonnra an 6adh Mí na Nodlag, 1921; Liúntaisí Truagha, Aiscí, agus Pinsin Bhreise a deonadh ag an Aire Airgid; Tuarastal an Dochtúra Réitigh; agus íocaíochtanna iolardha i dtaobh Pinsean a íocann an Rialtas Briotáineach fé láthair

1,717,365

--

17

Chun Rátaí agus Síntiúisí in ionad Rátaí, etc., ar Mhaoin Rialtais     ..     ..     ..

118,500

--

18

Chun Seirbhíse Sicréidighe     ..     ..     ..

35,000

--

19

Chun Síntiúisí i gcóir Faoisimh ar Dhíomhaointeas agus ar Ghátar     ..     ..     ..

250,000

--

20

Chun roimh-íoc le Comhairle Tailteann i dtaobh Aonach Tailteann     ..     ..     ..

7,500

--

21

Chun Costaisí fén Representation of the People Act, 1918, agus fén Acht Timpeal Toghachán, 1923      ..     ..     ..     ..

41,000

--

22

Chun Tuarastail agus Costaisí Ghailire Náisiúnta na hÉireann     ..     ..     ..

4,361

--

23

Chun Costaisí Ilghnéitheacha áirithe, maraon le Deontaisí áirithe i gCabhair     ..

8,200

--

24

Chun Páipéarachais, Clódóireachta, Páipéir, Greamuíochta agus Leabhra Clóbhuailte i gcóir na Seirbhíse Puiblí, agus chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an tSoláthair agus chun ilsheirbhísí ilghnéitheacha mar aon le Tuaraiscí Díospóireachtaí an Oireachtais     ..     ..     ..     ..     ..

187,029

35,696

25

Chun Tuarastail agus Costaisí na Luachála Generálta agus na Suirbhéireachta Teorann, maraon le Luacháil Diúité Eastáit fén Finance Act, 1910     ..     ..     ..

34,737

8,195

26

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig Choimisinéirí na dTabharthas agus na dTiomna Déirciúla     ..     ..     ..     ..     ..

2,987

48

27

Chun Tuarastail agus Costaisí an Choimisiúin Arachais agus chun Ilsíntiúisí agus Ildeontaisí mar gheall ar chostas Sochair agus Costaisí Riaracháin fé sna hAchtanna Arachais Sláinte Náisiúnta (1911-23) maraon le Deontaisí áirithe i gCabhair     ..

278,799

1,000

28

Chun Tuarastail agus Liúntaisí agus Costaisí Oifigeacha iomdha Cúirte Contae; Bónus do Chathaoirligh Cheathrú Shiosóin agus do Bhreacthóirí agus do Chléirigh na Coróinneach agus na Síochána, agus chun Costaisí Ath-fhéachainte     ..     ..     ..

74,283

4,500

29

Chun Costaisí Coir-phróiseacht agus Dlímhuirearacha eile maraon le Deontas i gcabhair do Chostaisí áirithe is iníoctha amach as Rátaí Áitiúla do réir Reachta     ..

67,465

250

30

Chun Caiteachais i dtaobh Longlainne Inis Sionnach     ..     ..     ..     ..     ..

15,000

--

31

Chun Tuarastail agus Costaisí na Roinne Dlí agus Cirt     ..     ..     ..     ..     ..

36,738

--

32

Chun Tuarastail agus Costaisí an Ghárda Síochána     ..     ..     ..     ..     ..

1,167,899

11,574

33

Chun Tuarastail agus Costaisí an Choimisineura Phóilíneachta, na gCuirteanna Póilíneachta, agus Teaghlachas Póilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath     ..     ..

343,983

61,221

34

Chun Caiteachais mar gheall ar Bhord Generálta na bPríosún agus na dTeaghlachaisí fé n-a smacht, Clárú na Síor-chuirptheach, agus coinneáil suas na nGealt gCuirpthe a coinnítear in Ospidéil Mheabhar-Ghalar Cheanntair     ..     ..     ..     ..

184,885

2,500

35

Chun Tuarastail agus Costaisí na nGiúistísí Dúithche     ..     ..     ..     ..     ..

41,525

--

36

Chun pé cuid de Thuarastail agus de Chostaisí Chúirt Uachtarach an Údaráis agus Clárlann na nDintiúirí nách muirear ar an bPrímh-Chiste     ..     ..     ..     ..

132,863

2,305

37

Chun Costaisí coinneáil-suas Geilteanna Cuirpthe i nGealtlann Dúndroma     ..     ..

15,743

3,726

38

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig na nAnálacha Puiblí agus Cimeádaí na Stát-Pháipéar, Baile Atha Cliath     ..     ..

7,176

--

39

Chun Tuarastail agus Costaisí na Roinne Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí maraon le Deontaisí agus Costaisí eile a bhaineann le Tógáil Tithe, Deontaisí d'Údaráis Áitiúla, agus Ildeontaisí i gCabhair agus Costaisí Oifig Chigire na nGealtlann     ..     ..     ..     ..     ..     ..

828,365

3,744

40

Chun Tuarastail agus Costaisí Roinn Ard-Chláradóra na mBeireatas, etc.     ..     ..

18,811

1,400

41

Chun Caiteachais mar gheall ar Ospidéil agus Otharlanna, agus Liúntaisí áirithe Ilghnéitheacha Déirciúla agus eile, maraon le hIldeontaisí i gCabhair     ..     ..

16,738

--

42

Chun Caiteachais mar gheall ar Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, maraon le hAiteanna Coinneála     ..     ..     ..

98,644

1,700

43

Chun Tuarastail agus Costaisí na Roinne Tailte agus Talamhaíochta agus seirbhísí áirithe atá fé riara na Roinne sin, maraon le hIldeontaisí i gCabhair, agus na Tuarastail agus na Costaisí mar gheall ar Cheárd-Oideachas o 1 Abrán, 1924 go 1 Meitheamh, 1924     ..     ..     ..     ..     ..     ..

261,432

31,542

44

Chun Tuarastail agus Costaisí na bhFúndúireachtaí Eoluíochta agus Ealadhan i mBaile Atha Cliath agus Suirbhéireachta Géolaighe na hÉireann agus chun deontaisí, bliantúla do Scoileanna agus do Bhuidheanta Eoluíochta agus Ealadhan, maraon le hIldeontaisí i gCabhair, atá fé riara na Roinne Oideachais agus costaisí áirithe mar gheall ar Cheárd-Oideachas o 1 Abrán, 1924, go 1 Meitheamh, 1924     ..

73,216

3,547

45

Chun Tuarastail agus Costaisí na Suirbhéireachta Ordanáis agus na mion-seirbhísí a bhaineas léi     ..     ..     ..     ..

54,301

1,780

46

Chun Deontais i gCabhair don Chiste Foraoise     ..     ..     ..     ..     ..

22,823

--

47

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig Choimisiún Talmhan an hÉireann     ..     ..

596,604

75,833

48

Chun Costaisí Roinn an Oideachais Náisiúnta maraon le Deontaisí i gCabhair do Chiste Phinsin na Múinteoirí     ..     ..     ..

3,650,679

750

49

Chun Oideachais Idirmheánaigh maraon le Deontas Thuarastal na Múinteoirí     ..

169,750

390

50

Chun Deontaisí i gCabhair do Chostaisí Fúndúireachtaí Príomh-Scoile, maraon le Deontaisí fén Irish Universities Act, 1908 agus fén Acht Talmhan, 1923      ..     ..

107,800

--

51

Chun Tuarastal Rúnaí, maraon le Bónus, agus Costaisí Oifig na gCoimisinéirí chun Brontanaisí áirithe Scoile in Éirinn do bhainistí     ..     ..     ..     ..     ..

986

--

52

Chun Tuarastail agus Costaisí na Roinne Tionnscail agus Tráchtála, maraon le Moltóir agus Cúirteanna Réiteoirí; Sintiúisí do Chiste an Díomhaointis, agus do Scéimeanna Speisialta; íocaíochtanna le Cumainn fé sna hAchtanna Arachais Díomhaointis, chun Roimh-íocanna le Lucht Oibre fén Labour Exchanges Act, 1909; Táillí agus Costaisí na nDochtúirí Réitigh fén Workmen's Compensation Act, 1906; Táillí do Mháinleagha deimhniúcháin fén Factory and Workshops Act, 1901; Táillí agus Costaisí fén Trade Boards Acts, 1909 to 1918; Táillí agus Costaisí fén Electricity (Supply) Act, 1919, agus fén Gas Regulation Act, 1920; agus fén Weights and Measures Act, 1889; agus fós Costaisí mar gheall ar Chó-ghléasa Idirnáisiúnta an Oibreachais (Cumann na Náisiún), maraon le Deontas i gCabhair     ..

329,676

100,000

53

Chun íocaíochtanna fén Tramways and Public Companies (Ireland) Act, 1883, etc., agus chun crícheanna eile a bhaineann le Bóithre Iarainn na hÉireann     ..     ..

77,977

--

54

Chun Tuarastail agus Costaisí na Muír-Sheirbhíse     ..     ..     ..     ..     ..

11,650

2,250

55

Chun Costas an Airm     ..     ..     ..

3,927,145

21,500

56

Chun Pinsin Chréachta, Liúntaisí agus Aiscí fén Acht Arm-Phinsean, 1923 , agus chun síntiúisí iolardha mar gheall ar a Riara san     ..     ..     ..     ..     ..     ..

112,500

--

57

Chun Tuarastail agus Costaisí na Roinne Puist agus Telegrafa     ..     ..     ..

2,666,960

98,385

58

Chun Tuarastail agus Costaisí na Roinne Gnóthaí Coigríche     ..     ..     ..     ..

46,249

--

59

Chun Deontas i gCabhair do Chostaisí Cumann na Náisiún agus chun Costaisí eile mar gheall air sin     ..     ..     ..     ..

9,175

--

60

Chun Tuarastail agus Costaisí na Roinne Iascaigh     ..     ..     ..     ..     ..

56,318

35,850

61

Chun na Tuarastail agus na Costaisí a bhaineann le Ceárd-Oideachas     ..     ..

209,440

55,570

An tIomlan     ..£

31,874,061

595,216