37 1924


Uimhir 37 de 1924.


ACHT BREITHIÚNAIS CHOIRIÚLA (FIANAISE), 1924.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR DHLÍ NA FIANAISE I gCÁSANNA COIRIÚLA.

[1adh Lúnasa, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Inniúlacht fínnithe i gcásanna coiriúla.

1. —Beidh gach duine a cúiseofar i gcionta, agus bean no fear an té a cúiseofar amhlaidh, pe'ca aca é, ina fhínné inniúil i gcóir na cosanta i ngach céim de sna himeachta, pe'ca ina aonar no i dteanta éinne eile a cúiseofar an té a cúiseofar amhlaidh: Ach foráltar mar leanas:—

(a) ní déanfar duine a cúiseofar amhlaidh do ghlaoch mar fhínné do réir an Achta so ach ar iarratas uaidh féin:

(b) mara ndinidh éinne áirithe a cúiseofar i gcionta, ná bean ná fear an té a cúiseofar amhlaidh, pe'ca aca é, fianaise do thabhairt, ní dhéanfidh an lucht cúisimh aon trácht ar an ní sin:

(c) ach amháin mar a luaidhtear san Acht so, ní déanfar fear ná bean an té a cúiseofar amhlaidh, do ghlaoch mar fhínné do réir an Achta so ach ar iarratas ón té a cúiseofar amhlaidh:

(d) ní féadfar, de bharr éinní san Acht so, a chur fhiachaint ar fhear céile aon eolas a thug a bhean do le linn bheith pósta dhóibh do nochta, ná a chur fhiachaint ar bhean chéile aon eolas a thug a fear di le linn bheith pósta dhóibh do nochta:

(e) i gcros-cheistiú féadfar aon cheist do chur chun duine a cúiseofar agus a bheidh ina fhínné do réir an Achta so bíodh is go raghadh san chun é chiontú sa chionta ina gcúisítear é:

(f) ní cuirfar chun duine a cúiseofar agus a glaofar mar fhínné do réir an Achta so aon cheist a raghadh chun a thaisbeáint gur dhin sé aon chionta, no gur ciontuíodh no gur cúisíodh é in aon chionta, seachas an cionta ina mbeidh sé á chúiseamh an uair sin, no gur droch-dhuine é, agus má cuirtar ceist den tsórt san chuige ní bheidh air í fhreagairt, ach amháin i gcás—

(i) an cruthúnas gur dhin sé an cionta san eile no gur ciontuíodh ann é do bheith ionghlactha mar fhianaise chun a thaisbeáint go bhfuil sé ciontach sa chionta ina mbeidh sé á chúiseamh an uair sin; no

(ii) gur dhin sé, go pearsanta no tré n'abhcóide, ceisteanna chur chun fínnithe an lucht cúisimh d'fhonn a dheimhniú gur dea-dhuine é féin, no gur thug sé fianaise gur dea-dhuine é; no go dtugfí o nádúir na cosanta no ón gcuma ina bhfuil sí á déanamh go bhfuil amhrus á chaitheamh ar chlú an chúisitheora no ar chlú fínnithe an lucht cúisimh; no

(iii) gur thug sé fianaise i gcoinnibh éinne eile a cúisíodh sa chionta chéanna:

(g) as bínse na fianaise no as pé áit eile as a dtugaid na fínnithe eile a bhfianaise isea dhéanfidh gach éinne a glaofar mar fhínné do réir an Achta so a fhianaise do thabhairt mara n-orduighidh an chúirt a mhalairt:

(h) ní dhéanfidh éinní san Acht so aon difir don cheart atá ag an duine cúisithe chun ráiteas do dhéanamh gan dul fé mhionn.

Fianaise an duine a cúiseofar.

2. —Má sé an duine cúisithe an t-aon fhínné amháin ar dhátáin an cháis atá le glaoch ag an lucht cosanta glaofar é mar fhínné díreach tar éis críochnú na fianaise ar thaobh an lucht cúisimh.

Ceart freagartha.

3. —I gcásanna ina seasuíonn an ceart freagartha ar ce'ca glaodhadh ar fhianaise ar son na cosanta no nár glaodhadh, má glaodhadh mar fhínné an duine cúisithe ní bhronnfidh san amháin ceart freagartha ar an lucht cúisimh.

Féadfar bean no fear an duine chúisithe do ghlaoch i gcásanna áirithe.

4. —(1) Féadfar bean no fear duine atá cúisithe i gcionta fé aon achtachán a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do ghlaoch mar fhínné ar thaobh an chúisimh no ar thaobh na cosanta agus san gan cead ón duine cúisithe.

(2) Ní dhéanfidh éinní san Acht so difir do chás in ar féidir do réir na dlí coitinne bean no fear duine atá cúisithe i gcionta do ghlaoch mar fhínné gan cead ón duine sin.

Foráil i dtaobh sean-Achtanna.

5. —Bainfidh an tAcht so le gach imeacht choiriúil in ainneoin aon achtacháin a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta so, ach ná déanfidh éinní san Acht so difir don Evidence Act, 1877.

Gearr-theideal.

6. —(1) Féadfar an tAcht Breithiúnais Choiriúla (Fianaise), 1924 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfidh an tAcht so i bhfeidhm pé lá a cheapfidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú.

SCEIDEAL.

Na hAchtachain Da dTagartar.

Alt 4.

Siosón agus Caibideal.

Gearr-Theideal.

Na hachtacháin dá dtagartar.

10 & 11 Vic. c. 84.

The Vagrancy (Ireland) Act, 1847.

Alt 2.

24 & 25 Vic. c. 100.

The Offences against the Person Act, 1861.

Ailt 48, 52, 53 agus 54 sa mhéid go bhfuilid gan athghairm agus alt 55.

45 & 46 Vic. c. 75.

The Married Women's Property Act, 1882.

Alt 12 agus alt 16.

4 Edw. VII. c. 15.

The Prevention of Cruelty to Children Act, 1904.

An tAcht iomlán.