|
||||
|
[EN] | ||
Uimh. 43 de 1924. | ||
[EN] |
ACHT IASCAIGH (TOGHACHÁN CIMEÁDAITHE DO CHUR AR ATH-LÓ), 1924. | |
ACHT CHUN COMHACHT DO THABHAIRT CHUN NA TOGHACHÁIN REACHTÚLA CIMEÁDAITHE IASCAIGH, ATÁ LE BHEITH ANN SA BHLIAIN 1924, DO CHUR AR ATH-LÓ AGUS CHUN TÉARMA OIFIGE NA gCIMEÁDAITHE ATÁ ANN FE LÁTHAIR DO CHUR I bhFAID DÁ RÉIR SIN. [1adh Lúnasa, 1924.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Toghacháin chimeádaithe iascaigh do chur ar ath-ló. |
1. —(1) Féadfidh an tAire Iascaigh le hordú, más gá no más oiriúnach é, dar leis, gach ceann no aon cheann de sna toghacháin reachtúla cimeádaithe iascaigh, a bheadh ann sa bhliain 1924 mara mbeadh an tAcht so, do chur ar ath-ló go dtí pé dáta a cheapfidh an tAire sin, leis an ordú san, ach gan an dáta san do bheith níos déanaí ná an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1925. |
[EN] | (2) Féadfar orduithe fé leith do dhéanamh amannta difriúla fén alt so chun toghacháin reachtúla bordanna cimeádaithe difriúla do chur ar ath-ló agus féadfar dátaí difriúla do cheapa chun na toghacháin sin a cuireadh ar ath-ló do chomóra, agus aon toghachán a cuirfar ar ath-ló le hordú fén alt so féadfar é chur ar ath-ló arís le horduithe eile ina dhiaidh sin. | |
[EN] |
Faidiú téarma oifige na seanachimeádaithe. |
2. —Má cuirtear toghachán ballra aon bhúird cimeádaithe iascaigh ar ath-ló le hordú a déanfar fén Acht so, beidh téarma oifige gach ball den bhord san a bheidh i seilbh oifige ar dháta an orduithe sin, beidh sé curtha i bhfaid agus dintar leis seo é chur i bhfaid go dtí an lá tar éis an dáta 'na gcuirfar an toghachán ar ath-ló go dtí é leis an ordú san no le haon ordú ina dhiaidh. |
[EN] |
Gearr-theideal. |
3. —Féadfar an tAcht Iascaigh (Toghachán Cimeádaithe do Chur ar Ath-ló), 1924 , do ghairm den Acht so. |