54 1924


Uimhir 54 de 1924.


ACHT NA dTITHE (SAORÁIDÍ TÓGALÁ) (LEASÚ), 1924.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR ACHT NA dTITHE (SAORÁIDÍ TÓGÁLA), 1924 .

[18adh Mí na Nodlag, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Míniú ar “Príomh-Acht.”

1. —San Acht so cialluíonn an focal “Príomh-Acht” Acht na dTithe (Saoráidí Tógála), 1924 (Uimh. 14 de 1924) .

An brí atá leis an bhfocal “duine” sa Phríomh-Acht.

2. —Ní fholóidh an focal “duine,” pé áit ina bhfuil sé sa Phríomh-Acht, agus tuigfar nár fholuigh sé riamh údarás áitiúil, agus léireofar an tAcht san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Deontaisí d'údaráis áitiúla a bheidh ag tógáil no ag athdhéanamh tithe.

3. —(1) Féadfidh an tAire, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontaisí do dheona, le cead ón Aire Airgid, d'údaráis áitiúla a bheidh ag tógáil no ag athdhéanamh tithe fé fhorálacha na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921.

(2) Ní raghaidh méid aon deontais a deonfar d'údarás áitiúil i dtaobh aon tithe thar iomlán na suimeanna oiriúnacha a luaidhtear i gCuid I. den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht mar dheontas maximum ón Aire i dtaobh gach tighe dhíobh.

(3) Athghairmtear fo-alt (3) d'alt 2 den Phríomh-Acht leis seo agus ina ionad san, maidir le méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) fén alt san, maraon le méid iomlán na ndeontas a bheidh le deona fén alt so, achtuítear leis seo ná raghaidh sé thar suim £250,000 i dtaobh tógáil tithe na thar suim £50,000 i dtaobh athdhéanamh tithe.

Costaisí ar údaráis áitiúla i dtaobh feidhmiú an Phríomh-Achta agus an Achta so.

4. —(1) Na costaisí uile fé n-ar chuaidh no fé n-a raghaidh comhairle contae, roimh rith an Achta so no dá éis sin, i bhfeidhmiú an Phríomh-Achta no an Achta so, is amach as an ráta dealbhais a híocfar iad agus muirearófar iad ar líomatáiste uile na contae sin lasmuich de líomatáiste aon bhuirge, bailecheanntair, no baile ina bhfuil coimisinéirí baile, sa chontae sin.

(2) Na costaisí uile fé n-ar chuaidh no fé n-a raghaidh comhairle contae-bhuirge no bailecheanntair no coimisinéirí baile, roimh rith an Achta so no dá éis sin, i bhfeidhmiú an Phríomh-Achta no an Achta so, soláthrófar agus íocfar iad fé is dá mba i bhfeidhmiú na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, a raghadh an chomhairle no na coimisinéirí sin fútha.

Baint an Phríomh-Achta do leathanú i gcásanna áirithe.

5. —I dteanta na dtithe atá luaidhte in alt 3 den Phríomh-Acht bainfidh an tAcht san agus tuigfar gur bhain sé riamh, i gcásanna speisialta ina gceadóidh an tAire é, le tigh a bheidh do réir na gcoiníollacha so a leanas:—

(a) nách mó ná 1,400 troigh cheárnach a bheidh achar iomlán na n-úrlár uile a bheidh sa tigh agus iad do thomhas laistigh de sna fallaí fóirimealhacha;

(b) gur tosnuíodh ar thógáil no ar athdhéanamh an tighe laistigh de shé mhí roimh rith an Phríomh-Achta;

(c) go bhfuil an tigh do réir forálacha alt 3 den Phríomh-Acht ach amháin na forálacha a bhaineann le hachar iomlán maximum na n-úrlár uile a bheidh sa tigh agus na forálacha a bhaineann leis an dáta ar a mbeifar le tosnú ar thógáil no ar athdhéanamh an tighe.

Gearr-theideal agus léiriú.

6. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Saoráidí Tógála) (Leasú), 1924 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht, agus féadfar Achtanna na dTithe (Saoráidí Tógála), 1924, do ghairm den Acht so agus den Phríomh-Acht le chéile.