58 1924


Uimhir 58 de 1924.


ACHT TORA DÉIRÍOCHTA, 1924.


ACHT CHUN FORÁLACHA DO DHÉANAMH CHUN DÉANAMH, MARGÚ AGUS EASPORTÁIL TORA DÉIRÍOCHTA DO REGLEÁIL D'FHONN A GHRÁD GENERÁLTA D'FHEABHASÚ, AGUS CHUIGE SIN CHUN FORÁLACHA DO DHÉANAMH CHUN CLÁRÚ AGUS STIÚRÚ DO DHÉANAMH AR ÁITREIBH INA nDINTAR NO INA nDÍOLTAR TORA DÉIRÍOCHTA AGUS CHUN AN TORA SAN DO MHARCÁIL, AGUS I gCÓIR NITHE EILE A CHABHRUÍONN NO A BHAINEANN LEIS NA CUSPÓIRÍ ROIMHRÁITE. [18adh Mí na Nodlag, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

ROIMHRA.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar chun gach críche an tAcht Tora Déiríochta, 1924 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfidh an tAcht so i ngníomh pé lá a ceapfar le hOrdú ón Aire go generálta no i dtaobh aon Chuid áirithe den Acht so agus féadfar dátaí difriúla do cheapa chun Codacha difriúla den Acht so do theacht i ngníomh.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Tailte agus Talmhaíochta;

cialluíonn an focal “im” an tsubstaint dá ngairmtear im do ghnáth agus a dintar o bhainne no o uachtar amháin, no uatha araon, agus salann no leasú eile ime ann no gan a bheith ann, agus dath-abhar ann no gan a bheith ann;

cialluíonn na focail “margairín” agus “meascán ime agus bainne” fé seach na nithe a chialluíonn “margarine” agus “milk-blended butter” fé seach sa Butter and Margarine Act, 1907;

cialluíonn an focal “gnó uachtarlainne” an gnó bhaineas le him do dhéanamh o uachtar a deighleadh, le fórsa meánteicheamhach inneal-imeartha, o bhainne a fuarthas o roinnt cimeádaithe bó agus a meascadh le n-a chéile;

cialluíonn an focal “im uachtarlainne” im a dineadh in áitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann agus nár dineadh ina dhiaidh sin é mheasca ná é ath-oibriú;

cialluíonn an focal “gnó deighilt uachtair” an gnó bhaineas le huachtar do dheighilt, le fórsa meán-teicheamhach innealimeartha, o bhainne a fuarthas o roinnt cimeádaithe bó agus a meascadh le n-a chéile;

cialluíonn an focal “inneal-imeartha” rud a bheith á imirt ar rud eile le meaisínteacht a hoibrítear le haon neart gluaiseachta nách neart duine ná ainmhí;

cialluíonn an focal “monarcha ime” áitreabh ina ndintar mar ghnó im do mheasca le n-a chéile no d'ath-oibriú no do chur fé aon chóiriú eile, ach an t-im d'fhanúint ina im i gcomhnaí;

cialluíonn an focal “gnó monarchan ime” an gnó bhaineas le him do mheasca le n-a chéile agus d'ath-oibriú no le him do chur fé aon chóiriú eile, ach san ar shlí go bhfanfidh an t-im ina im i gcomhnaí;

cialluíonn an focal “clár a cimeádtar do réir an Achta so” clár a chimeádann an tAire no a chuireann sé fé ndeár a chimeád do réir an Achta so agus ní fholuíonn sé clár a chimeádann únaer cláruithe;

an focal “déanamh,” nuair a húsáidtear é i dtaobh im do dhéanamh i monarchanna ime, foluíonn sé im do mheasca le n-a chéile no im d'ath-oibriú no an measca agus an t-ath-oibriú san i dteanta a chéile;

foluíonn an focal “cigire” éinne dá dtabharfidh an tAire údarás i scríbhinn (go generálta no chun críche áirithe) chun gach ceann no aon cheann de sna comhachta agus gach ceann no aon cheann de sna dualgaisí, a bronntar agus a forchuirtar ar chigire leis an Acht so, d'fheidhmiú agus do chó-líona;

foluíonn an focal “tora déiríochta” aon bhia do dhaoine a dintar de bhainne, no de thora no fo-thora bainne, ar fad no nách mór ar fad;

foluíonn an focal “pacáiste” aon bhosca, cás, cíléir, ceaig, feircín, no gléas coinneála eile ina bhfuil im no ina bhféadfaí im do chur chun é iompar, agus, in aon áit ina n-éilíonn an có-théacs é, foluíonn sé a bhfuil sa ghléas coinneála san;

foluíonn an focal “fillteog” aon pháipéar, fillteoir, cártán, no cás a húsáidtear chun píosa ime do phacáil no do chlúdach;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dineadh fén Acht so.

CUID I.

COINIOLLACHA I dTAOBH GLANACHAIR AGUS EAGAIR.

Coiníollacha i dtaobh glanachair agus eagair.

3. —(1) I dtosach feidhme na Coda so den Acht so agus dá éis sin, cólíonfar, maidir le gach áitreabh ina ndintar tora déiríochta chun é dhíol (pe'ca tá an t-áitreabh san cláruithe fén Acht so no ná fuil), na coiníollacha so a leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh an t-áitreabh oiriúnach ina dhéanmhacht chun pé saghsanna tora déiríochta a dintar ann do dhéanamh ann, agus

(b) an t-áitreabh, agus an gléasra agus an mheaisínteacht agus na fearaistí agus na háiseanna ann, beid glan agus dea-dheisithe, agus

(c) an bainne no an t-uachtar agus gach táthchuid agus abhar eile a húsáidtear in obair tora déiríochta dhéanamh san áitreabh, beid glan, agus

(d) beidh an t-áitreabh suidhte san ionad san agus úsáidfar é sa tslí sin go mbeidh an tora déiríochta a dintar ann, no aon táthchoda no abhair a húsáidtear san obair sin, gan bheith nocht d'aon effluvium o aon dréin, linn camrachta, carn aoiligh, bó-theach, cró muc ná aon abhar eile truaillíochta, agus

(e) beidh ar fáil san áitreabh no réasúnta comhgarach do pé leor-sholáthar d'uisce mhaith fholáin is gá do réir réasúin o am go ham.

(2) Gach áitreabh ina ndintar tora déiríochta chun é dhíol agus atá cláruithe in aon chlár dá gcimeádtar do réir an Achta so, beidh sé gléasta le fearaistí agus le háiseanna oiriúnacha agus le pé gléasra agus meaisínteacht a héilítear le Cuid III. den Acht so, no fé, maidir leis an áitreabh san.

(3) Lasmuich de sna heisceachtaí a luaidhtear ina dhiaidh seo anso gach áitreabh ina ndintar tora déiríochta chun é dhíol agus ná fuil cláruithe in aon chlár dá gcimeádtar do réir an Achta so, beidh sé gléasta le pé gléasra agus meaisínteacht agus le pé fearáistí agus áiseanna is gá chun tora déiríochta den tsaghas a dintar ann do dhéanamh.

(4) Ní bhainfidh fo-alt (3) den alt so le háitreabh a gcólíontar ina thaobh na coiníollacha so go léir a leanas, sé sin le rá:—

(a) gan an t-áitreabh bheith cláruithe in aon chlár dá gcimeádtar do réir an Achta so, agus

(b) an t-áitreabh do bheith suidhte ar fheirm, agus

(c) an tora déiríochta go léir a dintar san áitreabh chun é dhíol gan é do bheith á dhéanamh amhlaidh ach o bhainne na mbó is le scalbhaire na feirme sin.

(5) San Acht so cialluíonn an focal “coiníollacha i dtaobh glanachair agus eagair” a n-éilítear leis an alt so maidir leis na háitreabhacha a n-úsáidtear an focal san ina dtaobh.

Scrúdú ar áitreabh ina ndintar tora déiríochta.

4. —(1) Féadfidh aon chigire ar gach tráth réasúnta (ach an t-údarás i scríbhinn a bheas aige mar chigire den tsórt san do thaisbeáint má iarrtar san air) dul isteach in aon áitreabh ina ndintar tora déiríochta chun é dhíol agus féadfa sé gach cuid den áitreabh a húsáidtear ar aon tslí i gcóir na hoibre sin no i mbaint leis do scrúdú agus féadfa sé scrúdú dhéanamh ar gach gléasra, meaisínteacht, fearas, agus áis a húsáidtear san obair sin, agus fós ar an tora déiríochta a dintar san áitreabh agus ar na táthchoda agus ar na habhair a húsáidtear san obair sin agus féadfa sé samplaí réasúnta den tora déiríochta san agus de sna táthchoda agus na habhair sin do thógaint agus d'aistriú gan íoc asta.

(2) Má dhineann éinne aon chigire do chosc no do bhac i bhfeidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar, má sé an chéad chionta aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus, i gcás an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint.

(3) Tar éis scrúdú dhéanamh fé fho-alt (1) den Acht so, más deimhin le cigire go bhfuil aon áitreabh den tsórt roimhráite, no an tora déiríochta a dintar ann, no aon abhair no aon táthchoda a húsáidtear i ndéanamh an tora déiríochta san, no aon chuid den ghléasra, den mheaisínteacht, de sna fearaistí, no de sna háiseanna ann, gan bheith do réir na gcoiníollacha i dtaobh glanachair agus eagair, féadfidh an cigire sin fógra sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil ar an té atá i mbun tora déiríochta dhéanamh san áitreabh san chun é dhíol, á éileamh ar an duine sin gach ní no éinní dá luaidhtear sa bhfógra san do dhéanamh ar an slí agus laistigh den aimsir a luaidhtear ann.

(4) In aon fhógra den tsórt roimhráite féadfar a éileamh—

(a)  go nglanfar an t-áitreabh no aon chuid áirithe dhe;

(b)  go nglanfar an gléasra agus an mheaisínteacht, no na fearaistí, no aon chuid díobh, agus na háiseanna no aon cheann acu, a húsáidtear san áitreabh;

(c)  go ndéanfar an t-áitreabh no aon chuid áirithe dhe do dheisiú go cóir;

(d)  go ndéanfar san áitreabh no go gcuirfar leis pé atharuithe no breiseanna déanmhachta adéarfar sa bhfógra;

(e)  go ndéanfar an gléasra agus an mheaisínteacht, no na fearaistí, no aon chuid díobh, agus na háiseanna, no aon cheann acu, a húsáidtear san áitreabh, do dheisiú go cóir;

(f)  go ndéanfar ar, no go gcuirfar leis, an ngléasra, an mheaisínteacht, na fearaistí, agus na háiseanna a húsáidtear san áitreabh, pé feabhsanna no breiseanna adéarfar sa bhfógra;

(g)  go ndéanfar aon nithe, go generálta no fé mar a luadhfar, chun a chur in áirithe go mbeidh an bainne no an t-uachtar, agus gach táthchuid agus abhar eile a húsáidfar in obair tora déiríochta dhéanamh san áitreabh, go mbeid glan;

(h)  i gcás an tora déiríochta a dintar san áitreabh, no a tháthchoda agus a abhair sin, do bheith nocht d'aon abhar truaillíochta, go ndéanfar an t-abhar san d'aistriú no an díobháil do bhaint as;

(i)  go gcuirfar leor-sholáthar d'uisce mhaith fholáin ar fáil.

(5) Maran eol cad is ainm don té atá i mbun tora déiríochta dhéanamh in aon áitreabh áirithe féadfar aon fhógra fén alt so i dtaobh an áitreibh do sheola chun “an té atá i mbun tora déiríochta dhéanamh” san áitreabh gan é ainmniú.

(6) Féadfar fógra fén alt so do sheirbheáil tré n-a sheachada chun an té a mbeidh sé seolta chuige no tríd an bhfógra d'fhágaint san áitreabh le n-a mbaineann sé no tré n-a chur tríd an bpost chun an té a mbeidh sé seolta chuige san áitreabh le n-a mbaineann sé.

(7) Einne ar a seirbhéalfar fógra fén alt so agus ná déanfidh, ar an slí agus laistigh den aimsir adéarfar sa bhfógra san, no sa bhfógra san mar a bheidh sé leasuithe ag an moltóir, na héilithe bheas ann do chó-líona fé mar a bheid (má bhíd in aon chor) leasuithe ag an moltóir agus, ar bheith caithte don aimsir roimhráite, a leanfidh, san áitreabh le n-a mbaineann an fógra san, de bheith ag déanamh tora déiríochta chun é dhíol, beidh sé ciontach i gcionta in aghaidh an ailt seo (fé réir aon fhionnraíochta a déanfar maidir leis an bhfógra fén bhforáil atá anso ina dhiaidh seo ina thaobh san) agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar fiche púint agus fé fhíneáil eile ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae a leanfidh an cionta san.

Ceapa moltóra.

5. —(1) Ceapfidh an Ard-Chomhairle duine ceart oiriúnach chun bheith ina mholtóir sheasaimh (dá ngairmtear an moltóir sa Chuid seo den Acht so) chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(2) Gach duine a ceapfar fén alt so chun bheith ina mholtóir sheasaimh beidh sé i seilbh na hoifige sin go ceann cúig mblian o dháta a cheaptha agus ní níos sia ná san, ach beidh sé ionathcheaptha i ndeire a théarma oifige no aon am ina dhiaidh sin.

(3) Féadfidh an Ard-Chomhairle gach duine a ceapfar fén alt so chun bheith ina mholtóir sheasaimh do chur as an oifig sin aon uair mar gheall ar mhí-iompar no mí-chumas a luadhfar ach ní har aon tslí eile.

(4) Íocfar leis an moltóir seasaimh a ceapfar fén alt so pé luach saothair a shocróidh an tAire agus a cheadóidh an tAire Airgid.

(5) Má bhíonn agus nuair a bheidh sé riachtanach no oiriúnach moltóirí breise do cheapa mar gheall ar an moltóir seasaimh do bheith fé mhí-chumas de dheascaibh breoiteachta no mar gheall ar é bheith as láthair no mar gheall ar an méid cúiseanna moltóireachta a bheas le héisteacht, féadfidh an Ard-Chomhairle moltóir no moltóirí sa bhreis do cheapa ar pé téarmaí agus coiníollacha is ceart, dar leo, agus a cheadóidh an tAire Airgid, agus beidh gach moltóir breise den tsórt san foluithe fén bhfocal “an moltóir” mar a húsáidtear é sa Chuid seo den Acht so agus beidh aige no comhachta agus na dualgaisí go léir a bronntar no a forchuirtar ar an moltóir seasaimh leis an gCuid seo den Acht so.

Fógra do chur fé mholtóireacht.

6. —(1) Einne ar a seirbheálfidh cigire fógra fén gCuid seo den Acht so (nách fógra ná héilítear leis ach aon áitreabh, gléasra, meaisínteacht, fearaistí, no áiseanna do ghlana), beidh aige, ar íoc na dtáillí orduithe, teideal chun a chur fé ndeár an fógra san do chur fé bhráid an mholtóra ar an gcuma orduithe.

(2) Beidh sé de dhualgas ar an moltóir a ndéanfar an t-abhar a bheas i bhfógra do chur fé n-a bhráid fén alt so féachaint isteach in abhar an fhógra san agus breith do thabhairt air sa tslí orduithe, agus an fógra san do dhaingniú i dteanta no d'éamais aon chur leis, leigint ar lár ann, no leasú air do dhéanamh, no é chur ar nea-mbrí.

(3) Nuair a déanfar amhlaidh an t-abhar i bhfógra do chur fé bhráid an mholtóra, tuigfar an fógra do bheith ar fionnraoi go dtí go dtabharfidh an moltóir breith ar an scéal, ach má dhaingníonn an moltóir an fógra, i dteanta no d'éamais aon chur leis, leigint ar lár ann, no leasú air do dhéanamh, raghaidh an fógra in éifeacht, agus é daingnithe amhlaidh, fé is dá seirbheáltí é go cuibhe fén Acht so ar dháta an daingnithe sin.

Forálacha speisialta i dtaobh fógra le n-a n-éilítear an t-áitreabh do dheisiú, etc.

7. —I bhfógra a sheirbheálfidh cigire fén gCuid seo den Acht so ar dhuine i mbun tora déiríochta dhéanamh chun é dhíol má éilítear an t-áitreabh ina ndintar an obair sin no aon chuid den áitreabh san do dheisiú go cóir no aon atharuithe no breiseanna déanmhachta do dhéanamh san áitreabh san no do chur leis, bainfidh na coiníollacha so a leanas leis an gcás agus beidh éifeacht acu, sé sin le rá:—

(a) marab é an duine i mbun na déantóireachta atá ina shealbhaire rátuithe ar an áitreabh beidh sé de dhualgas ar an duine sin a bhfuil sa bhfógra do chur in úil don tsealbhaire rátuithe sin laistigh de thrí lá tar éis seirbheáil an fhógra, agus

(b) más fé léas no fé aon chonnra eile tionóntachta atá seilbh an áitreibh ag an té atá i mbun na déantóireachta no ag an sealbhaire rátuithe beidh sé de dhualgas ar an té atá i mbun na déantóireachta a bhfuil sa bhfógra do chur in úil do ghar-thiarna an áitreibh no dá ghníomhaire laistigh de thrí lá tar éis seirbheáil an fhógra, agus

(c) i gcás an té atá i mbun na déantóireachta do bheith tar éis forálacha na míreanna roimhe seo den alt so do chó-líona go cuibhe sa mhéid go mbainid (má bhainid in aon chor) leis an scéal beidh sé de chead aige an obair sin a dhéanamh a héilítear leis an bhfógra, no le haon leasú air no cur leis a dhéanfidh an moltóir, agus san in ainneoin aon chumhnaint, có-aontú, no coiníoll atá ina choinnibh sin in aon léas no connra eile tionóntachta fé n-a bhfuil an t-áitreabh ar seilbh, agus

(d) má dintar an t-abhar atá sa bhfógra san do chur fé bhráid an mholtóra ar iarratas an té atá i mbun na déantóireachta, beidh sé de dhualgas ar an duine sin, marab é sealbhaire rátuithe an áitreibh é, fógra i dtaobh an chur-fé-bhráid sin do sheirbheáil ar an sealbhaire rátuithe sa bhfuirm orduithe agus laistigh den aimsir orduithe agus, más seilbh fé léas no fé chonnra eile tionóntachta seilbh an áitreibh, beidh sé de dhualgas air fógra i dtaobh an chur-fé-bhráid do sheirbheáil ar ghar-thiarna an áitreibh no ar a ghníomhaire sa bhfuirm orduithe agus laistigh den aimsir orduithe, agus

(e) sa chás gur gá do réir an ailt seo a bhfuil sa bhfógra do chur in úil don ghar-thiarna, no dá ghníomhaire, no do shealbhaire rátuithe an áitreibh, beidh ag an ngarthiarna no ag an sealbhaire rátuithe sin, ar íoc na dtáillí orduithe dho, teideal chun a chur fé ndeár an t-abhar atá sa bhfógra do chur fé bhráid an mholtóra ar an slí orduithe agus leis sin bainfidh forálacha na Coda so den Acht so leis an gcur-fé-bhráid fé is dá mba chur-fé-bhráid é a déanfí ar iarratas an té bheadh i mbun na déantóireachta, ach amháin go ndéanfidh an gar-thiarna san no an sealbhaire rátuithe (pe'ca aca é) fógra i dtaobh an chur-fé-bhráid do sheirbheáil ar an slí orduithe agus laistigh den aimsir orduithe ar an sealbhaire rátuithe no ar an ngar-thiarna (más ann do) no ar a ghníomhaire (pe'ca aca é) agus ar an té atá i mbun na déantóireachta, agus

(f) beidh sé de dhualgas ar an moltóir, roimh dhul ar aghaidh leis an moltóireacht, féachaint an é an duine i mbun na déantóireachta atá ina shealbhaire rátuithe ar an áitreabh, agus an fé léas no fé chonnra eile tionóntachta atá seilbh an áitreibh, agus deimhin do dhéanamh de gur dineadh na forálacha den alt so a bhaineas le n-a bhfuil sa bhfógra do chur in úil agus le seirbheáil fógraí eile do chó-líona go cuibhe sa mhéid go mbainid leis na nithe sin.

Rialacháin i dtaobh moltóireachtaí.

8. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh an chleachta agus an nós-imeachta generálta (ar a n-áirítear seirbheáil scríbhinní) a bhaineas le nithe chur fé bhráid an mholtóra, agus go háirithe i dtaobh éinní bhaineas le curtha-fé-bhráid den tsórt san agus dá dtagartar, sa Chuid seo den Acht so, mar ní a horduítear, no atá á ordú no le hordú.

(2) Gach táille no aon táille d'íoc an té d'iarr go ndéanfí an cur-fé-bhráid, forálfar i rialacháin a déanfar fén alt so go dtabharfar thar n-ais do í, fé réir ceada an Aire Airgid, ar a dheimhniú don mholtóir gur bona fide a dineadh an t-iarratas agus nár rud suaibhreosach é ná rud a dineadh chun cráiteachta.

CUID II.

EASPORTAIL IME.

Easportáil ime.

9. —(1) Lasmuich de sna heisceachtaí a luaidhtear san alt so, maidir leis an im go léir a heasportálfar as Saorstát Éireann, ní déanfar é easportáil ach o áitreabhacha bheas cláruithe i gclár na n-uachtarlann, no i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta, no i gclár na monarchan ime, no i gclár na n-easportálaithe nách déantóirí, agus cólíonfar ina thaobh na coiníollacha so a leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh an t-im pacálta chun easportála do réir forálacha an Achta so agus do réir aon rialachán a déanfar fén Acht so, agus

(b) an t-im agus fós an pacáiste ina mbeidh an t-im agus aon fhillteog ina mbeidh an t-im pacálta, beid marcálta leis na marcanna (más ann dóibh) a hordófar le rialacháin a déanfar fén Acht so, agus

(c) má dintar an marc náisiúnta atá le bunú fé Chuid IV. den Acht so do chur ar an im no ar an bpacáiste ina mbeidh sé no ar an bhfillteoig ina mbeidh sé pacálta, có-líonfar forálacha an Achta so agus aon rialacháin a déanfar fén Acht so i dtaobh an mhairc náisiúnta san, agus

(d) más o áitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann no i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta a bheidh an t-im á easportáil—

(i) beidh sé tar éis bheith pacálta san áitreabh san agus gan bheith tógtha amach as an bpacáiste agus as an bhfillteoig (más ann di) in ar pacáladh é amhlaidh, agus

(ii) beidh sé glan agus ní bheidh thar sé-déag per cent. d'uisce ann ná aon dath-abhar díobhálach ná aon leasú ach salann de shaghas a bheas orduithe, agus

(iii) déanfidh únaer cláruithe an áitreabh roimhráite é easportáil díreach ón áitreabh san, agus

(e) más o áitreabh atá cláruithe i gclár na monarchanna ime a bheidh an t-im á easportáil—

(i) ní déanfar, sara n-easportáltar é, é thógaint amach as an bpacáiste ná as aon fhillteoig ina raibh sé agus é ag fágaint an áitreibh, agus

(ii) beidh sé glan agus ní bheidh thar sé-déag per cent. d'uisce ann, agus

(iii) déanfidh únaer cláruithe an áitreibh roimhráite é easportáil díreach ón áitreabh san, agus

(f) más o áitreabh atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe nách déantóirí a bheidh an t-im á easportáil—

(i) ní déanfar, sara n-easportáltar é, é thógaint amach as an bpacáiste ná as aon fhillteoig ina raibh sé agus é ag fágaint an áitreibh, agus

(ii) beidh sé glan agus, má orduítear agus nuair a hordófar é, ní bheidh thar sé-déag per cent. d'uisce ann, agus

(iii) déanfidh únaer cláruithe an áitreibh roimhráite é easportáil díreach ón áitreabh san.

(2) Gach éinne a dhéanfas no a thabharfas fé aon im ná fuil do réir na gcoiníoll uile a horduítear leis an bhfo-alt san roimhe seo d'easportáil, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Gach éinne iomprós ar luach saothair, ar muir no ar tír, aon im a bheas á easportáil no le heasportáil contrárdha don alt so, más le linn an t-im sin do bheith á easportáil no chun é easportáil a déanfar an t-iompar san, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so mara gcruthuighe sé ná raibh a fhios aige agus ná luíonn sé le réasún go bhféadfadh sé a fhios a bheith aige go raibh an t-im sin á easportáil contrárdha don alt so.

(4) Gach éinne a bheas ciontach i gcionta fén alt so féadfar, ar a chiontú ann ar an slí achmair, é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar fiche púnt má sé an chéad chionta aige é agus fé fhíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más maith leis an gcúirt é, fé phríosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no fén bhfíneáil agus fén bpríosúntacht san le chéile i gcás an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin.

(5) Ní bhainfidh an t-alt so le haon im a heasportálfar—

(a) tré phost na mbeart, no

(b) in aon chonsighneacht nách mó a meáchan iomlán ar fad ná an meáchan maximum a leigtar a chur tré phost na mbeart de thurus na huaire, no

(c) fé cheadúnas easportála a deonadh fén Acht so, agus do réir an cheadúnais sin, no

(d) i bpacáiste a consighneofar agus a cuirfar ar aghaidh tré Shaorstát Éireann o aon áit lasmuich de Shaorstát Éireann go haon áit eile den tsórt san agus ná deighleálfar leis ar aon tslí eile i Saorstát Éireann.

Im do scrúdú, etc.

10. —(1) Beidh teideal ag aon chigire ar gach tráth réasúnta (ach an t-údarás i scríbhinn a bheas aige mar chigire den tsórt san do thaisbeáint má iarrtar san air) chun dul isteach agus chun saorchead a bheith aige istigh—

(a) in aon áitreabh atá cláruithe fén Acht so no fé sna Sale of Food and Drugs Acts, 1875 to 1907, no

(b) in aon áitreabh ina ndíoltar im no ina dtaisbeántar, ina gcimeádtar, no ina dtaiscítear é chun é dhíol, no ina dtaiscítear é chun é chimeád slán tré n-a nochta d'fhuacht no ar aon tslí eile, no

(c) in áitreabh éinne i mbun gnó earraí d'iompar ar luach saothair, no

(d) in aon stóras no áitreabh eile le héinne i mbun gnó stórála earraí atá le heasportáil no atá á n-easportáil, no

(e) ar aon phiara, céibh, caladh, fanán no dug, no in aon áitreabh duga, no

(f) in aon long, bád, bhaigín traenach, mótar, laraí, trucail, no árthach no feithicil eile a húsáidtear chun earraí d'iompar.

(2) Féadfidh aon chigire scrúdú dhéanamh ar aon im, no ar aon phacáiste a gheobhfar in aon áit a mbeidh teideal aige fén alt so chun dul isteach ann no chun saorchead istigh a bheith aige ann no in no ar aon áit phuiblí, agus féadfa sé aon phacáiste den tsórt san a gcreideann sé le réasún no a bhfuil amhrus réasúnta aige go bhfuil im ann d'oscailt, agus féadfa sé na rudaí seo do thógaint agus d'aistriú gan íoc asta—

(a) samplaí réasúnta d'aon im a gheobhfar in aon áit den tsórt san, pe'ca i bpacáiste don im sin no nách ea, agus

(b) samplaí réasúnta d'aon fhillteoga no abhair phacála ina bhfuil aon im den tsórt san pacálta, agus

(c) aon phacáiste áirithe is cuid de chonsighneacht ime a gheobhfar in aon áit den tsórt san.

(3) Má dhineann éinne—

(a) aon chigire do chosc no do bhac i bhfeidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, no

(b) agus a fhios aige cad is ainm do chonsighneoir, do chonsighné, no d'únaer aon ime no aon phacáiste a bhfuil teideal ag cigire chun a scrúduithe fén alt so, no fios aige ar nithe eile i dtaobh éinne acu, diúltú don ainm sin no do sna nithe eile sin d'innsint don chigire, no

(c) aon ainm no eolas eile, atá bréagach no a chuirfadh duine amú, do thabhairt, go toiliúil no ar nós cuma-liom, don chigire sin ar aon chonsighneoir, consighné no únaer den tsórt san,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar, má sé an chéad chionta aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus, i gcás an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint.

(4) Má thógann cigire aon phacáiste fén alt so beidh sé de dhualgas ar an gcigire sin a chur in úil don únaer no don chonsighneoir agus don chonsighné (más rud é agus sa mhéid go bhfuil fios a n-ainmneacha agus a seolta aige no go luíonn sé le réasún go bhféadfadh sé eolas do chur ortha) gur thóg sé an pacáiste sin.

(5) Ar iniúcha aon phacáiste a tógfar fén alt so má chítar don Aire gur dineadh no gur tugadh fé aon cheann d'fhorálacha an Achta so no aon rialacháin a dineadh fé do shárú maidir leis an gconsighneacht as ar tógadh an pacáiste, geallbhruidfar an pacáiste don Aire, agus in aon chás eile deighleálfar leis an bpacáiste do réir orduithe an únaera no an chonsighneora no, mara dtugtar orduithe ina thaobh, díolfar an pacáiste agus íocfar sochar glan a dhíolta leis an gconsighneoir.

(6) Ní bheidh an tAire ná aon chigire freagarthach in aon chailliúint ná damáiste a thiocfidh as cigire d'fheidhmiú go dleathach aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, agus ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh an chonsighneora ná éinne eile i dtaobh ná de dheascaibh aon chailliúna ná damáiste den tsórt san roimhráite.

Ordú chun im do scrúdú sara n-easportáltar é.

11. —(1) Más deimhin agus nuair is deimhin leis an Aire go bhfuil a leithéid riachtanach no oiriúnach ar mhaithe le tionnscal an ime i Saorstát Éireann, féadfa sé le hordú (dá ngairmtear ordú scrúdúcháin san alt so) a éileamh, maidir le gach im no aon im d'aon tsaghas áirithe a bheas le heasportáil, no gach im no aon im a bheas le heasportáil o aon áitreabh áirithe no o aon tsaghas áirithe áitreabh, no aon chonsighneacht áirithe ime a bheas consighnithe chun é easportáil, go ndéanfar, sara n-easportáltar an céanna, é chur fé bhráid na n-oifigeach orduithe, chun é scrúdú, féachaint a bhfuil an t-im sin oiriúnach chun é easportáil, agus féadfidh an tAire, leis an ordú san, cosc do chur, ar fad no mara gcólíonfí coiníollacha áirithe, le heasportáil aon ime a gheobhfar, ar dhéanamh an scrúduithe sin, a bheith neamh-oiriúnach chun é easportáil.

(2) Féadfidh an tAire, le haon ordú scrúdúcháin no le haon ordú ina dhiaidh sin, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(a) an modh chun im le n-a mbaineann ordú scrúdúcháin do chur fé bhráid chun a scrúduithe, ar a n-áirítear an modh chun codacha somplacha amháin den im do chur fé bhráid i gcásanna oiriúnacha;

(b) na hoifigigh a dhéanfas an scrúdú;

(c) an modh chun an scrúdú dhéanamh agus na háiteanna ina ndéanfar é;

(d) na coiníollacha nách foláir an t-im do bheith dá réir chun bheith oiriúnach chun é easportáil;

(e) na coiníollacha fé n-a bhféadfar im d'easportáil má faghtar é bheith neamh-oiriúnach chun é easportáil gan coiníoll.

(3) Fanfidh ordú scrúdúcháin i bhfeidhm ar feadh pé tréimhse adéarfar san ordú agus ar feadh pé tréimhse breise a hordófar in aon ordú ina dhiaidh sin, agus mara luaidhtear aon tréimhse den tsórt san san ordú fanfidh an t-ordú i bhfeidhm go dtí go ndéanfidh an tAire athghairm air.

(4) Einne dhéanfas aon im d'easportáil no tabhairt fé n'easportáil contrárdha d'ordú scrúdúcháin no d'aon rialachán a déanfar fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus féadfar, ar a chiontú ann ar an slí achmair, é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar fiche púnt má sé an chéad chionta aige é agus fé fhíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más maith leis an gcúirt é, fé phríosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no fén bhfíneáil agus fén bpríosúntacht san le chéile i gcás an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin.

Ceadúnaisí chun im d'easportáil.

12. —(1) Féadfidh an tAire, ar iarratas o éinne sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus ar íoc na dtáillí a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so don duine sin, ceadúnas do dheona don duine sin chun an chonsighneacht ime a luadhfar sa cheadúnas d'easportáil chun pé consighné (más ann do), ar pé cúrsa (más ann do), agus fé réir pé coiníollacha a luadhfar sa cheadúnas.

(2) Aon cheadúnas a deonfar fén alt so, oibreoidh sé mar údarás don té dá ndeonfar é chun an chonsighneacht ime a luadhfar ann d'easportáil do réir téarmaí an cheadúnais.

(3) Aon uair sara n-easportáltar consighneacht ime a luaidhtear i gceadúnas, féadfidh an tAire an ceadúnas a bhaineas leis an gconsighneacht san d'athghairm.

(4) Má dhineann éinne dar deonadh ceadúnas fén alt so aon téarma no coiníoll dá bhfuil sa cheadúnas san do shárú, no má dhineann éinne, go bréagach, a thabhairt le tuisgint, le marc ar an gconsighneacht no ar aon tslí eile, go bhfuil aon chonsighneacht ime á heasportáil do réir aon cheadúnais den tsórt san, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar fiche púnt.

(5) Déanfidh gach éinne dá ndeonfar ceadúnas na táillí a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'íoc leis an Aire.

Comhachta oifigeacha custum agus máil.

13. —Beidh ag oifigigh custum agus máil, maidir le haon im agus pacáistí, a gcoiscthar no a sriantar a n-easportáil leis an Acht so, na comhachta céanna atá ag na hoifigigh sin fé seach do réir dlí maidir le hearraí eile a bhfuil a n-easportáil coiscthe no srianta do réir dlí.

CUID III.

CLARU AITREABHACHA.

Cláracha a chimeádfidh an tAire.

14. —(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár go gcimeádfar—

(a) clár (dá ngairmfar clár na n-uachtarlann) d'áitreabhacha i Saorstát Éireann ina mbíonn gnó uachtarlainne ar siúl, agus

(b) clár (dá ngairmfar clár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar) d'áitreabhacha i Saorstát Éireann ina mbíonn gnó deighilte uachtair ar siúl, agus

(c) clár (dá ngairmfar clár na n-easportálaithe ndéantóireachta) de sna háitreabhacha go léir i Saorstát Éireann ná fuil cláruithe i gclár na n-uachtarlann agus a mbíonn ar siúl mar ghnó ionta im do dhéanamh chun é easportáil ach ná bíonn gnó monarchan ime ar siúl ionta, agus

(d) clár (dá ngairmfar clár na monarchanna ime) d'áitreabhacha i Saorstát Éireann ina mbíonn gnó monarchan ime ar siúl, agus

(e) clár (dá ngairmfar clár na n-easportálaithe nách déantóirí) de sna háitreabhacha go léir i Saorstát Éireann a ndintar im do scrúdú agus d'aicmiú ionta chun é easportáil ach ná dintar im ionta agus ná dintar measca, ath-oibriú ná aon oibriú eile ar im ionta.

(2) Cuirfar isteach sna cláracha san, maidir le gach áitreabh a clárófar ionta fé seach, na mion-innste seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) ainm agus tuairisc iomlán an duine (dá ngairmtear an t-únaer cláruithe san Acht so) a mbíonn ar siúl aige san áitreabh san an gnó gur mar gheall air atá an t-áitreabh cláruithe, agus

(b) tuairisc ar shuíomh an áitreibh is leor chun an t-áitreabh agus a theoranta agus a mhéid d'aithint.

(3) Má bhíonn gnó deighilte uachtair ar siúl in aon áitreabh ina mbíonn gnó uachtarlainne ar siúl, ansan, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir aon rialachán a déanfar fén Acht so i dtaobh áitreabhacha do chlárú i gclár na n-uachtarlann, féadfar an t-áitreabh san do chlárú i gclár na n-uachtarlann, agus má dintar an clárú san ní bheidh sé riachtanach an t-áitreabh san ná aon chuid de do chlárú i gclár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar.

(4) Aon áitreabh atá cláruithe no is gá a chlárú fén Sale of Food and Drugs Acts, 1875 to 1907, no óna bhfuil aon tslí isteach in aon áitreabh den tsórt san seachas sráid no bóthar puiblí, ní féadfar é chlárú i gclár na n-uachtarlann ná i gclár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar ná i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta ná (marab áitreabh é atá cláruithe no is gá a chlárú de bhua fo-alt (4) d'alt 7 den Sale of Food and Drugs Act, 1899, agus dá bhua san amháin) i gclár na n-easportálaithe nách déantóirí.

(5) Aon áitreabh a húsáidtear chun margairín, cáise mhargairín, meascán ime agus bainne no aon tsaghas ime nách im uachtarlainne do dhéanamh ann no chun mion-deighleáil no mór-dheighleáil ina leithéidí do dhéanamh ann (ar aon tslí eile seachas fé cheadúnas a deonadh fén Acht so) no aon áitreabh is cuid d'aon áitreabh den tsórt san no a bhfuil slí (nách bóthar ná sráid phuiblí) uaidh isteach ina leithéid, ní féadfar é chlárú i gclár na n-uachtarlann ná i gclár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar.

(6) Aon áitreabh a húsáidtear chun margairín, cáise mhargairín, meascán ime agus bainne, no aon tsaghas ime mheasctha, ath-oibrithe no athnuatha do dhéanamh ann, no chun mion-deighleáil no mór-dheighleáil ina leithéidí do dhéanamh ann (ar aon tslí eile seachas fé cheadúnas a deonadh fén Acht so) no aon áitreabh is cuid d'aon áitreabh den tsórt san no a bhfuil slí (nách bóthar ná sráid phuiblí) uaidh isteach ina leithéid, ní féadfar é chlárú i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta.

Coiníollacha clárathachta.

15. —(1) Sara ndéanfidh an tAire aon áitreabh do chlárú i gclár na n-uachtarlann, no i gclár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar, no i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta, no i gclár na monarchanna ime, déanfa sé deimhin de go gcólíonfar maidir leis an áitreabh san na coiníollacha i dtaobh glanachair agus eagair agus pé coiníollacha eile bhaineas le clárú áitreabhacha den tsórt san agus a luaidhtear san Acht so no in aon rialacháin a dineadh fén Acht so.

(2) Sara ndéanfidh an tAire aon áitreabh do chlárú i gclár na n-uachtarlann, déanfa sé deimhin de—

(a) go bhfuil an t-áitreabh san gléasta le gléasra agus meaisínteacht éifeachtúil den tsamhail a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, maraon le pé breiseanna agus atharuithe (más ann dóibh) a ordóidh an tAire no a éileoidh no a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe, agus

(b) go bhfuil leor-sholáthar d'uisce mhaith fholáin ar fáil san áitreabh san, agus

(c) má bhíonn i bhfeidhm de thurus na huaire aon rialachán fén Acht so le n-a n-éilítear áitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann do bheith gléasta le gléasra chun bainne no uachtar no iad araon do phasteuráil, go bhfuil an t-áitreabh gléasta go cuibhe le pé gléasra pasteurála a héilítear leis an rialachán san, agus

(d) go bhfuil an gnó uachtarlainne a bhíos ar siúl ann chó mór san gur mó ná sé púint chaogad meáchaint an méid ime a dintar i ngnáth-chúrsa an ghnótha san gach lá a bhíonn an gnó ar siúl amhlaidh.

(3) Sara ndéanfidh an tAire aon áitreabh do chlárú i gclár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar, déanfa sé deimhin de—

(a) go bhfuil an t-áitreabh san gléasta le gléasra agus meaisínteacht éifeachtúil den tsamhail a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, maraon le pé breiseanna agus atharuithe (más ann dóibh) a ordóidh an tAire no a éileoidh no a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe, agus

(b) go bhfuil leor-sholáthar d'uisce mhaith fholáin ar fáil san áitreabh san, agus

(c) má bhíonn i bhfeidhm de thurus na huaire aon rialachán fén Acht so le n-a n-éilítear áitreabh atá cláruithe i gclár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar do bheith gléasta le gléasra chun bainne no uachtar no iad araon do phasteuráil, go bhfuil an t-áitreabh gléasta go cuibhe le pé gléasra pasteurála a héilítear leis an rialachán san, agus

(d) go bhfuil an gnó deighilt uachtair a bhíos ar siúl ann chó mór san go ndeighiltear o bhainne i ngnáth-chúrsa an ghnótha san gach lá a bhíonn an gnó ar siúl amhlaidh oiread uachtair agus is leor chun ocht bpúint fhichead ime ar a luíod do dhéanamh.

(4) Sara ndéanfidh an tAire aon áitreabh do chlárú i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta, déanfa se deimhin de—

(a) go bhfuil an t-áitreabh san gléasta le pé gléasra agus meaisínteacht a ordóidh an tAire no a éileoidh no a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe, agus

(b) go bhfuil leor-sholáthar d'uisce mhaith fholáin ar fáil san áitreabh san, agus

(c) má bhíonn i bhfeidhm de thurus na huaire aon rialachán fén Acht so le n-a n-éilítear áitreabh atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta do bheith gléasta le gléasra chun bainne no uachtar no iad araon do phasteuráil, go bhfuil an t-áitreabh gléasta go cuibhe le pé gléasra pasteurála a héilítear leis an rialachán san, agus

(d) go bhfuil an gnó déantóireachta a bhíos ar siúl ann chó mór san gur mó ná sé púint chaogad meáchaint an méid ime a dintar i ngnáth-chúrsa an ghnótha san gach lá a bhíonn an gnó ar siúl.

(5) Sara ndéanfidh an tAire aon áitreabh do chlárú i gclár na monarchanna ime, déanfa sé deimhin de—

(a) go bhfuil an t-áitreabh gléasta le gléasra agus meaisínteacht éifeachtúil den tsamhail a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, maraon le pé breiseanna agus atharuithe (más ann dóibh) a ordóidh an tAire no a éileoidh no a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe, agus

(b) go bhfuil leor-sholáthar d'uisce mhaith fholáin ar fáil san áitreabh, agus

(c) go bhfuil an gnó déantóireachta a bhíos ar siúl ann chó mór san gur mó ná sé púint chaogad meáchaint an méid ime a dintar i ngnáth-chúrsa an ghnótha san gach lá a bhíonn an gnó ar siúl amhlaidh.

(6) Sara ndéanfidh an tAire aon áitreabh do chlárú i gclár na n-easportálaithe nách déantóirí, déanfa sé deimhin de—

(a) go bhfuil an t-áitreabh oiriúnach ina dhéanmhacht do ghnó im d'iniúcha agus d'aicmiú i gcóir a easportála agus gur leor a bhfuil ann de ghléasa, d'fheistisí agus d'fhearaistí atá oiriúnach don ghnó san, agus

(b) go bhfuil an t-áitreabh agus a chuid gléas, feistisí agus fearaistí glan agus dea-dheisithe, agus

(c) go bhfuil san áitreabh slí is leor agus is oiriúnach chun gnó iniúcha agus aicmiú ime i gcóir a easportála do dhéanamh ann do réir an Achta so agus do réir aon rialachán a déanfar fé, agus

(d) go bhfuil an t-áitreabh gléasta mar is cóir leis na fearaistí agus na riachtanaisí orduithe chun im d'iniúcha agus d'aicmiú i gcóir a easportála agus chun im agus na pacáistí agus na fillteoga (más ann dóibh) ina bpacáltar é i gcóir a easportála do mharcáil, agus

(e) go gcólíontar, maidir leis an áitreabh, pé coiníollacha eile a hordófar.

Rialacháin a bhainfas le uachtarlanna cláruithe.

16. —(1) Bainfidh na rialacháin seo a leanas le gach áitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann, sé sin le rá:—

(a) gach im a déanfar san áitreabh déanfar é o uachtar a deighleadh san áitreabh, le fórsa meán-teicheamhach inneal-imeartha, o bhainne a fuarthas o roinnt cimeádaithe bó agus a meascadh le chéile no o uachtar a fuarthas o áitreabhacha eile atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann no o áitreabhacha atá cláruithe i gclár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar no, má údaruíonn an tAire é (údarú ná tabharfar maran dó leis an Aire go bhfuil sa scéal nithe fé leith no nithe nea-ghnáthacha a fhágann gur ceart do é dhéanamh) agus fé réir na gcoiníoll a luadhfidh an tAire, o stáisiún áirithe ina ndeighiltear uachtar agus atá suidhte lasmuich de Shaorstát Éireann;

(b) gach ní a bhaineas le him do dhéanamh san áitreabh beidh sé fé chúram bainisteora bheas cáilithe go cuibhe, agus cuirfar in úil don Aire ar an slí orduithe na mioninnste orduithe ar cheapa gach bainisteora den tsórt san;

(c) gach imeadóir san áitreabh, agus gach duine a thástálas bainne no uachtar san áitreabh féachaint cadé an méid fén gcéad de gheir ime atá ann, beid cáilithe go cuibhe agus cuirfar in úil don Aire ar an slí orduithe na mioninnste orduithe ar cheapa gach imeadóra agus duine den tsórt san;

(d) ní déanfar im ina bhfuil thar sé-déag per cent. d'uisce no aon dath-abhar díobhálach no aon leasú nách salann de shaghas orduithe do phacáil chun é easportáil, ná ní déanfar é easportáil, ná é choinsighniú i gcóir a easportála, san áitreabh ná ón áitreabh;

(e) ní déanfar im ina bhfuil thar sé-déag per cent. d'uisce no aon dath-abhar díobhálach no aon leasú nách salann de shaghas orduithe do phacáil chun é dhíol, ná ní déanfar é dhíol, ná é thairisgint ná é choinsighniú chun é dhíol, san áitreabh ná ón áitreabh, ach le monarcha ime i Saorstát Éireann, agus ansan féin ní déanfar é ach fé réir agus do réir na gcoiníoll orduithe agus fé réir agus do réir forálacha an Sale of Food and Drugs Acts, 1875 to 1907;

(f) má bhíonn i bhfeidhm aon rialachán fén Acht so le n-a n-éilítear an t-áitreabh do bheith gléasta le gléasra éifeachtúil chun bainne no uachtar no iad araon do phasteuráil, déanfar pasteuráil ar gach bainne no uachtar, no ortha araon (pe'ca aca é) a húsáidtear chun im do dhéanamh san áitreabh;

(g) gach im a heasportálfar ón áitreabh agus fós gach pacáiste no fillteog ina mbeidh an t-im, sara bhfágfid an t-áitreabh marcálfar iad ar an slí orduithe leis na marcanna (más ann dóibh) a hordófar le rialacháin a déanfar fén Acht so;

(h) gach im a pacálfar san áitreabh ní pacálfar é ach ar pé slí agus í pé pacáistí no fillteoga a hordófar le rialacháin a déanfar fén Acht so;

(i) ní tabharfar isteach san áitreabh aon mhargairín ná meascán ime agus bainne, ná aon ola ná geir a féadfí a úsáid chun im do thruailliú;

(j) ach amháin mar a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, ní tabharfar isteach san áitreabh aon im nách im uachtarlainne a gheobhfar díreach o áitreabh eile atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann.

(2) Tar eis iarratas d'fháil o únaer chláruithe no o bhainisteoir cheart-cháilithe aon áitreibh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann, más deimhin leis an Aire nách féidir, mar gheall ar luíodú sealadach ar an méid bainne no uachtair a soláthruítear don áitreabh, oiread ime agus is leor i gcóir riachtanaisí láithreacha gnó an áitreibh ina ghnáth-chúrsa do dhéanamh san áitreabh no d'fháil o áitreabhacha eile atá cláruithe ar an gcuma gcéanna, féadfidh an tAire, le ceadúnas a thabharfa sé amach d'únaer chláruithe an áitreibh, a údarú go dtabharfar isteach san áitreabh im de pé saghas, i pé caindíochtaí, i rith pé tréimhse agus fé réir pé coiníollacha a luadhfar sa cheadúnas: Ach faid a mhairfidh ceadúnas fén bhfo-alt so i gcóir aon áitreibh, beidh ar fionnraoi aon cheadúnas atá i bhfeidhm an uair sin chun an marc náisiúnta d'úsáid i gcóir ime a dintar san áitreabh san.

(3) Chun crícheanna an ailt seo ní tuigfar duine do bheith cáilithe go cuibhe i gcóir ionaid ach amháin i gcás deimhniú bheith aige a thug an tAire amach i dtaobh é bheith cáilithe i gcóir an ionaid sin go generálta no i gcás é bheith tar éis a chur ina luighe ar an Aire go bhfuil sé cáilithe i gcóir an ionaid áirithe sin.

Uachtar o uachtarlanna cláruithe agus o stáisiúin chláruithe ina ndeighiltear uachtar.

17. —Ní freastalófar aon uachtar o aon áitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann no i gclár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar marab uachtar é a deighleadh san áitreabh, le fórsa meánteicheamhach inneal-imeartha, o bhainne a fuarthas o roinnt cimeádaithe bó agus a meascadh le chéile, no uachtar a freastaladh don áitreabh o áitreabhacha eile atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann no i gclár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar.

Rialacháin a bhaineas le heasportálaithe déantóireachta cláruithe.

18. —(1) Bainfidh na rialacháin seo a leanas le gach áitreabh atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta, sé sin le rá:—

(a) gach im a déanfar san áitreabh déanfar é o uachtar a deighleadh o bhainne san áitreabh no a fuarthas o áitreabhacha eile (pe'ca táid cláruithe fén Acht so no ná fuilid) fé réir pé coiníollacha a hordófar;

(b) gach ní a bhaineas le him do dhéanamh san áitreabh beidh sé fé chúram bainisteora bheas cáilithe go cuibhe, agus cuirfar in úil don Aire ar an slí orduithe na mioninnste orduithe ar cheapa gach bainisteora den tsórt san;

(c) gach imeadóir san áitreabh, agus gach duine a thástálas bainne no uachtar san áitreabh féachaint cadé an méid fén gcéad de gheir ime atá ann, beid cáilithe go cuibhe, agus cuirfar in úil don Aire ar an slí orduithe na mion innste orduithe ar cheapa gach imeadóra agus duine den tsórt san;

(d) ní déanfar im ina bhfuil thar sé-déag per cent. d'uisce no aon dath-abhar díobhálach no aon leasú nách salann de shaghas orduithe do phacáil chun é easportáil, ná ní déanfar é easportáil, ná é chonsighniú i gcóir a easportála, san áitreabh ná on áitreabh;

(e) ní déanfar im ina bhfuil thar sé-déag per cent. d'uisce no aon dath-abhar díobhálach no aon leasú nách salann de shaghas orduithe do phacáil chun é dhíol, ná ní déanfar é dhíol, ná é thairisgint ná é chonsighniú chun é dhíol, san áitreabh ná ón áitreabh, ach le monarcha ime i Saorstát Éireann, agus ansan féin ní déanfar é ach fé réir agus do réir na gcoiníoll orduithe agus fé réir agus do réir forálacha an Sale of Food and Drugs Acts, 1875 to 1907;

(f) má bhíonn i bhfeidhm aon rialachán fén Acht so le n-a n-éilítear an t-áitreabh do bheith gléasta le gléasra éifeachtúil chun bainne no uachtar no iad araon do phasteuráil, déanfar pasteuráil ar gach bainne no uachtar, no ortha araon (pe'ca aca é) a húsáidtear chun im do dhéanamh san áitreabh;

(g) gach im a heasportálfar ón áitreabh agus fós gach pacáiste no fillteog ina mbeidh an t-im, sara bhfágfid an t-áitreabh marcálfar iad leis na marcanna (más ann dóibh) a hordófar le rialacháin a déanfar fén Acht so;

(h) gach im a pacálfar san áitreabh ní pacálfar é ach ar pé slí agus i pé pacáistí no fillteoga a hordófar le rialacháin a déanfar fén Acht so;

(i) ní tabharfar isteach san áitreabh aon mhargairín na meascán ime agus bainne, ná aon ola ná geir a féadfí a úsáid chun im do thruailliú;

(j) ach amháin mar a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, ní tabharfar isteach san áitreabh aon im nách im a gheobhfar díreach o áitreabh eile atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta;

(k) ní clárófar an t-áitreabh i gclár na n-uachtarlann.

(2) Tar éis iarratas d'fháil o únaer chláruithe no o bhainisteoir cheart-cháilithe aon áitreibh atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta, más deimhin leis an Aire nách féidir, mar gheall ar luíodú sealadach ar an méid bainne no uachtair a soláthruítear don áitreabh oiread ime agus is leor i gcóir riachtanaisí láithreacha gnó an áitreibh ina ghnáth-chúrsa do dhéanamh san áitreabh no d'fháil o áitreabhacha eile atá cláruithe ar an gcuma gcéanna, féadfidh an tAire, le ceadúnas a thabharfa sé amach d'únaer chláruithe an áitreibh, a údarú go dtabharfar isteach san áitreabh im de pé saghas, i pé caindíochtaí, i rith pé tréimhse agus fé réir pé coiníollacha a luadhfar sa cheadúnas: Ach faid a mhairfidh ceadúnas fén bhfo-alt so i gcóir aon áitreibh, beidh ar fionnraoi aon cheadúnas atá i bhfeidhm an uair sin chun an marc náisiúnta d'úsáid i gcóir ime a dintar san áitreabh san.

(3) Chun crícheanna an ailt seo ní tuigfar duine do bheith cáilithe go cuibhe i gcóir ionaid ach amháin i gcás deimhniú bheith aige a thug an tAire amach i dtaobh é bheith cáilithe i gcóir an ionaid sin go generálta no i gcás é bheith tar éis a chur ina luighe ar an Aire go bhfuil sé cáilithe i gcóir an ionaid áirithe sin.

Rialacháin a bhaineas le monarchanna ime cláruithe.

19. —Bainfidh na rialacháin seo a leanas le gach áitreabh atá cláruithe i gclár no monarchanna ime, sé sin le rá:—

(a) ní déanfar im ina bhfuil thar sé-déag per cent. d'uisce do phacáil chun é easportáil, ná ní déanfar é easportáil, ná é chonsighniú i gcóir a easportála, san áitreabh ná ón áitreabh;

(b) ní déanfar im ina bhfuil thar sé-déag per cent. d'uisce do phacáil chun é dhíol, ná ní déanfar é dhíol, ná é thairisgint ná é chonsighniú chun é dhíol, san áitreabh ná ón áitreabh, ach le monarcha ime i Saorstát Éireann, agus ansan féin ní déanfar é ach fé réir agus do réir na gcoiníoll orduithe agus fé réir agus do réir forálacha an Sale of Food and Drugs Acts, 1875 to 1907;

(c) gach im a heasportálfar ón áitreabh agus fós gach pacáiste no fillteog ina bpacálfar an t-im sin, sara bhfágfid an t-áitreabh marcálfar iad ar an slí orduithe leis na marcanna (más ann dóibh) a hordófar le rialacháin a déanfar fén Acht so;

(d) gach im a pacálfar san áitreabh ní pacálfar é ach ar pé slí agus i pé pacáistí no fillteoga a hordófar le rialacháin a déanfar fén Acht so.

Rialacháin a bhaineas le heasportálaithe nách déantóirí.

20. —Bainfidh na rialacháin seo a leanas le gach áitreabh atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe nách déantóirí, sé sin le rá:—

(a) ní déanfar im ina bhfuil thar sé-déag per cent. d'uisce do phacáil chun é dhíol ná chun é easportáil, ná ní déanfar é dhíol ná é easportáil ná é chonsighniú chun é dhíol no chun é easportáil, san áitreabh ná ón áitreabh, ach amháin nuair is ceaduithe é do réir rialachán a dineadh fén Acht so, agus ansan féin ní déanfar é ach fé réir agus do réir na gcoiníoll orduithe agus fé réir agus do réir forálacha an Sale of Food and Drugs Acts, 1875 to 1907;

(b) gach im a heasportálfar ón áitreabh no a consighneofar ón áitreabh chun é easportáil, sara bhfágfa sé an t-áitreabh déanfar é iniúcha agus é aicmiú fé réir agus do réir na gcoiníoll orduithe;

(c) gach im a heasportálfar ón áitreabh no a consighneofar ón áitreabh chun é easportáil agus fós gach pacáiste agus fillteog ina mbeidh an t-im, sara bhfágfid an t-áitreabh marcálfar iad ar an slí orduithe leis na marcanna (más ann dóibh) a hordófar le rialacháin a déanfar fén Acht so;

(d) gach im a fuarthas no a tugadh, díreach no nea-dhíreach, o áitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann no i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta no i gclár na monarchanna ime, déanfar (má easportáltar é) é easportáil gan an pacáiste in ar pacáladh é san áitreabh san d'oscailt ná do bhaint de agus gan aon mharcanna a cuireadh ar an bpacáiste sin, no ar aon fhillteoig no im istigh ann, san áitreabh san, do scrios amach ná d'atharú, ach amháin sa mhéid agus sa tslí a hordófar chun go bhféadfar forálacha an Achta so no aon rialacháin a dineadh fé do chólíona.

Iarratas chun áitreabh do chlárú.

21. —(1) Gach iarratas chun aon áitreabh do chlárú fén Acht so, no chun aon chlárú den tsórt san d'atharú no do chur ar neambrí, déanfar é i scríbhinn sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus beidh ann na mion-innste orduithe.

(2) I ngach cás ina ndéanfar iarratas fén Acht so chun aon áitreabh do chlárú, cuirfidh an tAire fé ndeár go scrúdóidh cigire an t-áitreabh san.

(3) I ngach diúltú a dhéanfidh an tAire do ghéille d'iarratas chun aon áitreabh do chlárú fén Acht so neosfar réasún an diúltuithe sin, agus ní choiscfidh aon diúltú den tsórt san iarratas nua do dhéanamh i dtaobh an áitreibh chéanna aon uair ina dhiaidh sin.

(4) Sara ndiúltóidh an tAire do ghéille d'aon iarratas áirithe chun aon áitreabh do chlárú fén Acht so agus san ar an aon scór amháin ná fuil na coiníollacha glanachair agus eagair á gcólíona san áitreabh, cuirfe sé fé ndeár go ndéanfidh cigire fógra oiriúnach do sheirbheáil fé Chuid I. den Acht so maidir le nea-chólíona na gcoiníoll san agus má dintar do réir an fhógra san no, i gcás an moltóir do leasú an fhógra san fé Chuid I. den Acht so, má dintar do réir an fhógra san agus é leasuithe amhlaidh no má chuireann an moltóir an fógra ar nea-mbrí fé Chuid I. den Acht so, ní déan far, ar an scór roimhráite, diúltú do ghéille don iarratas chlárathachta.

Clárú do cheartú agus do chur ar nea-mbrí.

22. —(1) Féadfidh an tAire aon uair clárú aon áitreibh fén Acht so d'atharú no do chur ar nea-mbrí ar iarratas an únaera chláruithe no, más éinne amháin an t-únaer cláruithe, ar iarratas a ionadaí phearsanta no, más cólucht ionchorpruithe é, ar iarratas an té is socrathóir do.

(2) Féadfidh an tAire aon uair, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite d'fháil, clárú aon áitreibh fén Acht so d'atharú maidir le haon tslí ina bhfeicfar do go bhfuil an clárú san earráideach no go gcuirfadh sé duine amú.

(3) Féadfidh an tAire aon uair, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite d'fháil, clárú aon áitreibh atá cláruithe fén Acht so do chur ar nea-mbrí más deimhin leis—

(a) gur tré chalaois a tugadh chun críche an t-áitreabh do chlárú, no tré mhí-aithris cúise, pe'ca calaoiseach no nea-chiontach di; no

(b) ná fuil an t-áitreabh ionchláruithe feasta sa chlár ina bhfuil sé cláruithe; no

(c) más duine amháin an t-únaer, gur éag sé, no, más cólucht ionchorpruithe é, gur scuireadh é, agus nár dineadh, laistigh de mhí tar éis an bháis no an scuir sin, éinne eile do chlárú mar únaer in ionad an únaera chláruithe a d'éag no a scuireadh amhlaidh; no

(d) gur dineadh aon tsárú (le gníomh no le faillí) san áitreabh ar an Acht so no ar aon rialacháin a dineadh fé; no

(e) gur dhin an t-únaer cláruithe, gan cúis réasúnta bheith aige leis, teip no faillí i gcó-líona connra a bhí déanta aige chun im do dhíol i gcóir a easportála o áitreabh ar ar únaer cláruithe é.

(4) Roimh atharú no nea-mbríochaint a dhéanamh (ar aon tslí eile seachas do réir iarratais a dineadh chuige sin fén alt so) ar chlárú aon áitreibh fén Acht so, tabharfidh an tAire don únaer chláruithe, i scríbhinn, fógra coicíse ar a luíod go bhfuil sé chun an clárú san d'atharú no do chur ar nea-mbrí amhlaidh, agus breithneoidh sé aon aithris cúise a dhéanfidh an t-únaer san sara mbeidh téarma an fhógra san istigh, agus féadfa sé, más oiriúnach leis é, a chur fé ndeár go gcomórfar fiosrúchán i dtaobh an scéil.

(5) Roimh atharú no nea-mbríochaint a dhéanamh (ar aon tslí eile seachas do réir iarratais a dineadh chuige sin fén alt so) ar chlárú aon áitreabh fén Acht so agus san ar an aon scór amháin ná fuil na coiníollacha glanachair agus eagair á gcólíona san áitreabh, cuirfidh an tAire fé ndeár go ndéanfidh cigire fógra oiriúnach do sheirbheáil fé Chuid I. den Acht so maidir le neachólíona na gcoiníoll san, agus má dintar do réir an fhógra san no, i gcás an moltóir do leasú an fhógra san fé Chuid I. den Acht so, má dintar do réir an fhógra san agus é leasuithe amhlaidh no má chuireann an moltóir an fógra ar nea-mbrí fé Chuid I. den Acht so, ní déanfar an clárú d'atharú ná do chur ar nea-mbrí ar an scór roimhráite.

(6) Má bhíonn an tAire ar aigne clárú aon áitreibh fén Acht so do chur ar nea-mbrí ar an scór a luaidhtear i mír (e) d'fho-alt (3) den alt so, féadfidh an t-únaer cláruithe, le fógra i scríbhinn chun an Aire, a éileamh go gcuirfar an scéal fé mholtóireacht agus sa chás san bainfidh na forálacha so a leanas leis an scéal:—

(a) cuirfar fé bhreith moltóra no moltóirí a cheapfidh an Ard-Chomhairle chuige sin an cheist i dtaobh ce'ca dhin an t-únaer cláruithe teip no faillí i gcó-líona connra do réir brí na míre sin (e) no nár dhin;

(b) éinne amháin no triúr an líon a bheidh na moltóirí, pe'ca uimhir is dó leis an Ard-Chomhairle is ceart, agus beidh an moltóir no duine de sna moltóirí (fé mar a bheidh) ina abhcóide dlí i Saorstát Éireann a bheas ag cleachta a ghairme agus a mbeidh seasamh dhá bhliain déag ar a luíod aige;

(c) beidh teideal ag an Aire agus ag an únaer cláruithe chun teacht i láthair (i dteanta no d'éamais atúrnae agus abhcóide) agus éisteacht d'fháil o sna moltóirí ar an gceist a cuirfar fé n-a mbreith sin mar adubhradh agus fianaise do thabhairt ina taobh;

(d) fé mar a shocróidh na moltóirí isea bheidh costaisí na moltóireachta (ar a n-áirítear táillí na moltóirí);

(e) ní bheidh dul thar breith na moltóirí agus ní fhéadfidh aon chúirt í d'ath-bhreithniú;

(f) déanfidh Máistir Measaireachta den Ard-Chúirt costaisí gach moltóireachta den tsórt san (ar a n-áirítear táille no táillí an mholtóra no na moltóirí) do mheas-iniúcha ar iarratas éinne de pháirtithe na moltóireachta san.

Clár, etc., d'fhoillsiú.

23. —(1) Féadfidh an tAire foillsiú do dhéanamh, ar aon tslí is oiriúnach leis—

(a) ar gach ní no éinní dá mbeidh iontrálta in aon chlár a bheas á chimeád do réir an Achta so; agus

(b) ar fhógra nea-mbríochaint no atharú ar chlárú aon áitreibh chláruithe; agus

(c) ar fhógra i dtaobh aon chiontú i gcionta fén Acht so no fé aon alt de no fé aon rialachán a dineadh fé.

(2) Ní déanfar aon chuntas áirithe ná cuid de chuntas a tugadh do réir an Achta so d'fhoillsiú ná do nochta ach amháin chun crícheanna cúisimh fén Acht so.

(3) Féadfidh an tAire o am go ham eolas staitistíochta (ar a n-áirítear staitistíocht as cuntaisí a dineadh do réir an Achta so) do bhailiú agus d'fhoillsiú i dtaobh méid agus cor trádáil an ime fé mar is oiriúnach leis.

Fianaise i dtaobh nithe sna cláir.

24. —(1) Maidir le haon chlár atá á chimeád fén Acht so—

(a) tuigfar é bheith sa chimeád cheart nuair a bheidh sé i gcimeád ag an Aire no ag aon oifigeach don Aire a mbeidh údarás aige chuige sin ón Aire; agus

(b) beidh sé ionghlactha mar fhianaise gan aon chruthúnas eile má tugtar é i láthair as an gcimeád ceart.

(2) Féadfar fianaise prima facie ar aon iontráil in aon chlár atá á chimeád do réir an Achta so do thabhairt in aon chúirt no in aon imeacht dlí tré chóip den iontráil sin do thabhairt i láthair, cóip a bheas, do réir cosúlachta, deimhnithe mar chóip dhílis ag aon oifigeach don Aire dar tugadh údarás chuige sin, agus ní bheidh sé riachtanach a chruthú gurb é an t-oifigeach san do shighnigh í ná gurb é an t-oifigeach san é ná gur tugadh an t-údarás san do.

(3) Aon deimhniú ar aon áitreabh a luadhfar sa deimhniú san do bheith gan bheith iontrálta sa chlár a luadhfar sa deimhniú san agus é, do réir cosúlachta, fé láimh oifigigh don Aire dar thug an tAire údarás chuige sin, beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite ar an ní a bheas deimhnithe amhlaidh, agus ní bheidh sé riachtanach a chruthú gurb é an t-oifigeach san do shighnigh é ná gurb é an t-oifigeach san é ná gur tugadh an t-údarás san do.

(4) Féadfidh éinne—

(a) aon chlár atá á chimeád do réir an Achta so do scrúdú ar íoc pé táille a hordófar agus ná raghaidh thar scilling an scrúdú;

(b) ar íoc pé táille a hordófar agus ná raghaidh thar réal an fólio den chóip, cóip d'fháil d'aon iontráil in aon chlár atá á chimeád do réir an Achta so, agus í deimhnithe mar chóip dhílis ar an slí a luaidhtear anso roimhe seo;

(c) ar íoc pé táille a hordófar agus ná raghaidh thar dhá scilling agus réal an deimhniú, deimhniú d'fháil, den tsórt san a luaidhtear anso roimhe seo, ar aon áitreabh áirithe do bheith gan bheith cláruithe i gclár áirithe atá á chimeád do réir an Achta so.

Comhacht do chigire chun áitreabhacha agus gléasra do scrúdú.

25. —(1) Beidh teideal ag aon chigire (ach an t-údarás i scríbhinn a bheas aige mar chigire den tsórt san do thaisbeáint má iarrtar san air) chun dul isteach ar gach tráth réasúnta in aon áitreabh atá cláruithe in aon chlár atá á chimeád do réir an Achta so no a bhfuiltar tar éis iarratas a dhéanamh chun é chlárú in aon chlár den tsórt san agus an t-áitreabh san agus an gléasra, an mheaisínteacht, na fearaistí agus na háiseanna ann do scrúdú agus féachaint ar gach oibriú no aon oibriú a úsáidtear i ndéanamh an ghnótha a bhíonn ar siúl ann.

(2) Gach éinne a dhéanfas aon chigire do chosc no do bhac agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Cimeádfar clár i ngach áitreabh cláruithe.

26. —(1) Beidh sé de dhualgas ar únaer chláruithe aon áitreibh atá cláruithe in aon chlár atá á chimeád do réir an Achta so clár sa bhfuirm orduithe do chimeád no a chur fé ndeár é chimeád, clár de gach consighneacht ime a cuirfar amach ón áitreabh san, agus, laistigh de dhá uair déag a' chluig tar éis cur-amach aon chonsighneachta den tsórt san, na mion-innste orduithe i dtaobh an méid ime a bhí sa chonsighneacht san, agus ainm agus seola an té chun ar cuireadh agus an bealach a cuireadh an céanna, do chur sa chlár san.

(2) Féadfidh cigire gach clár atá á chimeád do réir an ailt seo do scrúdú aon uair le linn tráthanna oifige chun aon chríche eireos as an Acht so no as aon rialachán a déanfar fé no a eireos de bharr ceachtar acu agus, ar a iarraidh sin don chigire, beidh sé de dhualgas ar únaer chláruithe an áitreibh ina bhfuil an clár san á chimeád an clár san do thaisbeáint, chun go scrúdóidh an cigire sin é, agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil, agus scríbhinn eile (ar a n-áirítear cóipeanna dhíobh i gcás gan iad féin a bheith ar fáil) a iarrfidh an cigire sin go réasúnta chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa chlár san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as.

(3) Má ráiníonn d'únaer chláruithe aon áitreibh atá cláruithe in aon chlár atá á chimeád do réir an Achta so—

(a) gan an clár san a héilítear leis an alt so do chimeád no gan a chur fé ndeár é chimeád; no

(b) gan aon iontráil áirithe do chur sa chlár san, no gan a chur fé ndeár é chur ann, laistigh den am a horduítear leis an alt so, iontráil a héilítear leis an alt so a chur sa chlár san; no

(c) gan aon chlár no scríbhinn áirithe no cóip de scríbhinn áirithe do thaisbeáint no gan a chur fé ndeár é thaisbeáint, ar iarratas cigire, chun go scrúdóidh an cigire é, agus go n-éilítear air leis an alt so é thaisbeáint, no cosc do chur le haon chigire den tsórt san agus é ag déanamh an scrúduithe sin; no

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndeár, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil atá bréagach no a chuirfadh duine amú in aon phonc táchtach do chur sa chlár san,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar é chur fé phionós ná raghaidh thar fiche púnt.

(4) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) folóidh scrúdú cláir no scríbhinne cóipeanna dhéanamh den chéanna no sleachta thógaint as; agus

(b) tuigfar gur éiligh cigire go cuibhe ar an únaer cláruithe clár no scríbhinn do scrúdú má dineadh an t-éileamh san tré chomhrá béil san áitreabh cláruithe ar an mbainisteoir, ar an rúnaí, ar an gcimeádaí cuntaisí, no ar bhall eile den fhuirinn chléireachais; agus

(c) más san áitreabh cláruithe a dineadh agus más duine ar fostú ag an únaer cláruithe a dhin diúltú no teip maidir le clár no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go scrúdófí é, tuigfar gurb é an t-únaer cláruithe a dhin an diúltú no an teip sin; agus

(d) cialluíonn an focal “tráthanna oifige” aon am idir a deich a chlog ar maidin agus a cúig a chlog um thráthnóna a mbíonn gnó ar siúl no obair a dhéanamh le n-a linn san áitreabh cláruithe.

Rialacháin i dtaobh pacáil ime.

27. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(a) an módh agus an chaoi chun im do phacáil, ar gach slí no ar aon tslí, maraon leis na habhair agus na pacáistí a húsáidfar i gcóir na pacála san;

(b) an módh ina gcuirfar agus na meáin tré n-a gcuirfar na marcanna orduithe ar im agus ar phacáistí.

(2) Aon rialacháin a déanfar fén alt so, bainfid le gach áitreabh atá cláruithe in aon chlár atá á chimeád do réir an Achta so, no le gach áitreabh atá cláruithe in aon cheann no cinn de sna cláir sin, fé mar a hordófar chuige sin leis na rialacháin fé seach.

(3) An t-im go léir a pacálfar in aon áitreabh le n-a mbaineann aon rialacháin a dineadh fén alt so, pacálfar agus marcálfar é, agus déanfar na pacáistí agus na fillteoga ina bpacálfar an t-im sin do mharcáil, leis, ar gach slí do réir na rialachán san.

Iniúcha agus aicmiú ime.

28. —Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh iniúcha agus aicmiú ime in áitreabhacha atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe nách déantóirí, agus má dintar na rialacháin sin is do réir na rialachán san ar gach slí a hiniúchfar agus a haicmeofar an t-im go léir a hiniúchfar no a haicmeofar sna háitreabhacha san.

Rialacháin i dtaobh marcáil ime agus pacáistí.

29. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh á ordú cadiad na marcanna a cuirfar ar gach pacáiste no fillteog ina bhfuil im a heasportálfar no a consighneofar o aon áitreabh le n-a mbaineann na rialacháin sin no a díolfar ina leithéid sin d'áitreabh, chun gach ní no éinní dhíobh so a leanas do thaisbeáint, sé sin le rá:—

(a) cineál agus cáilíocht an ime atá sa phacáiste no sa bhfillteoig sin;

(b) an t-áitreabh in ar pacáladh an t-im sin no in ar dineadh é iniúcha agus é aicmiú;

(c) gur i Saorstát Éireann a dineadh an t-im sin;

(d) éinní eile is dó leis an Aire ba chóir a thaisbeáint ar an bpacáiste no ar an bhfillteoig sin.

(2) Féadfidh an tAire, leis, le hordú, rialacháin do dhéanamh á ordú cadiad na marcanna a cuirfar ar an im go léir no ar aon im a díolfar in aon áitreabh le n-a mbaineann na rialacháin sin, no a heasportálfar no a consighneofar óna leithéid sin d'áitreabh, chun gach ní no éinní dá luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do thaisbeáint agus éinní eile is dó leis an Aire ba chóir a thaisbeáint ar an im sin.

(3) Chun críche oiread de sna fo-ailt sin roimhe seo agus bhaineas le n-a thaisbeáint cadé an t-áitreabh in ar pacáladh im no in ar dineadh é iniúcha agus é aicmiú, féadfidh an tAire marc fé leith do cheapa do gach áitreabh no d'aon áitreabh le n-a mbaineann rialacháin a dineadh fén alt so agus leis na rialacháin a dhéanfa sé fén alt so féadfa sé a éileamh go ndéanfar na marcanna a ceapfar amhlaidh d'úsáid mar mharc chun a thaisbeáint cadé an t-áitreabh in ar pacáladh an t-im no in ar dineadh é iniúcha agus é aicmiú.

(4) Féadfidh an tAire, leis, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun cosc do chur le haon mharc no mairc áirithe d'aon aicme no cineál áirithe do chur ar gach aicme, grád no cineál ime no ar aon aicmí, gráid, no cineálacha ime, no ar aon phacáistí no fillteoga ina bhfuil aon im den tsórt san, no ar aon leitreacha no billíní no scríbhinní eile trádála a tugtar amach no a húsáidtear i dtaobh an ime sin agus, má dintar aon rialacháin den tsórt san agus má bhíd i bhfeidhm, éinne a chuirfas aon mharc ar aon im no ar aon phacáiste no fillteog no ar aon leitreacha no billíní no scríbhinní eile trádála contrárdha d'aon rialachán den tsórt san beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(5) Aon rialacháin a déanfar fén alt so, bainfid le gach áitreabh atá cláruithe in aon chlár atá á chimeád do réir an Achta so, no le gach áitreabh atá cláruithe in aon cheann no cinn de sna cláir sin, fé mar a hordófar chuige sin leis na rialacháin fé seach.

(6) Má dintar le rialacháin a déanfar fén alt so aon mharc d'ordú mar mharc atá le cur ar im d'aon chineál no cáilíocht áirithe, no o aon áit áirithe déantóireachta, no a pacáladh no a hiniúchadh agus a haicmíodh in aon áitreabh áirithe, no ar phacáistí no fillteoga ina bhfuil im d'aon chineál no cáilíocht den tsamhail sin no o aon áit déantóireachta den tsamhail sin, no a pacáladh no a hiniúchadh agus a haicmíodh in aon áitreabh den tsamhail sin, tuigfar gur tuairisc trádála bhréagach an marc san do réir brí na Merchandise Marks Acts, 1887 to 1911, má cuirtar é ar im d'aon chineál no cáilíocht eile, no o aon áit eile déantóireachta, no ar aon phacáiste no fillteog ina bhfuil aon im den tsórt san, no ar aon im, pacáiste no fillteoga a pacáladh no a hiniúchadh agus a haicmíodh in aon áitreabh eile, agus bainfidh forálacha na nAchtanna san, idir fhorálacha peannaideacha agus eile, leis an gcás dá réir sin.

(7) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar gur cuireadh marc ar rud má cuireadh air é do réir brí na Merchandise Marks Acts, 1887 to 1911.

(8) San alt so foluíonn an focal “marc” aon fhocal, leitir, figiúir, no pátrún, no aon fhocail, leitreacha, figiúirí agus pátrúin le chéile no aon cheann no cinn acu.

Rialacháin i dtaobh pasteurála.

30. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh á éileamh go mbeidh gach áitreabh no aon áitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann, no gach áitreabh no aon áitreabh atá cláruithe i gclár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar, no gach áitreabh no aon áitreabh atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta, no gach áitreabh no aon áitreabh atá cláruithe in aon chlár acu san, go mbeid gléasta le gléasra chun bainne no uachtar no iad araon do phasteuráil, agus leis na rialacháin sin féadfa sé an módh agus an chuma ina ndéanfar pasteuráil, ar gach slí, ar bhainne agus ar uachtar do leaga amach.

(2) I gcás rialacháin a bheith déanta fén alt so i dtaobh áitreabhacha atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann, is do réir no rialachán san a déanfar pasteuráil ar an mbainne agus ar an uachtar go léir a héilítear, leis na rialacháin sin, a phasteuráil sna háitreabhacha san.

(3) I gcás rialacháin a bheith déanta fén alt so i dtaobh áitreabhacha atá cláruithe i gclár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar, is do réir na rialachán san a déanfar pasteuráil ar an mbainne agus ar an uachtar go léir a héilítear, leis na rialacháin sin, a phasteuráil sna háitreabhacha san.

(4) I gcás rialacháin a bheith déanta fén alt so i dtaobh áitreabhacha atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe ndéantoireachta, is do réir na rialachán san a déanfar pasteuráil ar an mbainne agus ar an uachtar go léir a héilítear, leis na rialacháin sin, a phasteuráil sna háitreabhacha san.

Rialacháin i dtaobh gléasra agus meaisínteachta.

31. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh le n-a leagfar amach cadé cineál agus nádúir ghenerálta an ghléasra agus na meaisínteachta le n-a bhfuil áitreabh, atá cláruithe in aon chlár áirithe atá a chimeád do réir an Achta so (agus nách é clár na n-easportálaithe nách déantóirí é), le gléasa i dteanta no in ionad gach coda no aon choda den ghléasra agus den mheaisínteacht le n-ar gá an t-áitreabh san do ghléasa do réir aon fhoráil eile den Acht so no fúithi.

(2) Déanfar gach áitreabh atá cláruithe in aon cheann de sna cláir roimhráite do ghléasa leis an ngléasra agus leis an meaisínteacht le n-ar gá an t-áitreabh san do ghléasa do réir aon fhoráil eile den Acht so no fúithi, maraon le pé curtha leo no curtha ina n-ionad (más ann dóibh) a hordófar de thurus na huaire fén alt so.

Rialacháin i dtaobh na nithe a n-áireofar praghsanna bainne agus uachtair dá réir.

32. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(a) á éileamh gurb é slí ina n-áireofar an praghas a bheas le n'íoc as an mbainne agus as an uachtar go léir a soláthrófar d'aon áitreabh le n-a mbaineann na rialacháin ná do réir an méid fén gcéad de gheir ime no de tháthchuid orduithe eile atá sa mbainne no san uachtar;

(b) á leaga amach cadé an módh agus an chuma, ar gach slí no ar aon tslí, ina ndéanfar bainne agus uachtar do shomplú agus do thástáil féachaint cá mhéid geir ime no cá mhéid de thathchuid orduithe eile atá ionta;

(c) á leaga amach cadé cineál agus nádúir na n-instruimidí agus na bhfearaistí a húsáidfar chun an somplú agus an tástáil sin do dhéanamh;

(d) á leaga amach cadiad na breacacháin a cimeádfar in áitreabh le n-a mbaineann na rialacháin maidir le somplú agus tástáil bainne agus uachtair chun na gcrícheanna roimhráite agus á éileamh go gcimeádfar breacacháin san áitreabh san ar ainm agus ar sheola an té a sholáthair an bainne no an t-uachtar, ar thora an tsompluithe agus na tástála, ar an méid bainne no uachtair as ar tógadh gach sompla fé leith, agus ar an bpraghas a híocadh as an mbainne no as an uachtar san;

(e) á éileamh go ndéanfar gach sompla a tógadh chun na críche roimhráite do choinneáil san áitreabh go ceann na haimsire orduithe tar éis a dtástála;

(f) maidir le gach instruimid no fearas no le haon instruimidí no fearaistí a tairgfar a dhíol, a díolfar no a húsáidfar chun bainne no uachtar do shomplú no do thástáil chun na críche roimhráite, á éileamh gurb instruimidí no fearaistí iad a dineadh, i gceann éigin de sna bunaíochtaí no na fundúireachtaí a hordófar leis na rialacháin, a thastáil agus a fháil cruinn agus a deimhníodh no a marcáladh dá réir sin sa bhunaíocht no sa bhfundúireacht san.

(2) Beidh teideal ag aon chigire chun dul isteach, ar gach tráth réasúnta, in aon áitreabh le n-a mbaineann aon rialacháin a dineadh fén alt so agus chun scrúdú do dhéanamh ar gach instruimid agus fearas a húsáidtear san áitreabh san chun bainne no uachtar do shomplú agus do thástáil féachaint cá mhéid geir ime no cá mhéid de tháthchuid orduithe eile atá ann, agus chun gach breacachán no aon bhreacacháin dá gcimeádtar san áitreabh san do réir na rialachán san do scrúdú agus chun cóipeanna dhéanamh díobh no sleachta thógaint asta, agus chun gach céim no aon chéimeanna i somplú agus i dtástáil bainne agus uachtar chun na gcrícheanna roimhráite san áitreabh san do thabhairt fé ndeara agus chun aon tsomplaí a tástáladh cheana agus a cimeádadh san áitreabh do thástáil.

(3) Aon rialacháin a déanfar fén alt so bainfid le gach áitreabh, no le haon tsaghas no saghsanna áitreibh (pe'ca tá san cláruithe i gclár dá gcimeádtar do réir an Achta so no ná fuil) dá soláthruítear bainne no uachtar chun é úsáid i ndéanamh aon tora déiríochta chun é dhíol, fé mar a hordófar chuige sin leis na rialacháin fé seach.

(4) Gach éinne a shárós (le gníomh no le faillí) aon rialachán a déanfar fén alt so, agus fós éinne a choiscfeas no a bhacfas cigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air marar dineadh ach cigire do chosc no do bhac agus, in aon chás eile, fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt.

Díol ime in áitreabh cláruithe.

33. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne aon mhéid ime chó mór le haon phúnt déag no breis do dhíol, ná do thairisgint ná do chonsighniú chun é dhíol, in aon áitreabh ná o aon áitreabh atá cláruithe in aon chlár atá á chimeád do réir an Achta so marar dineadh an t-im do phacáil, no é iniúcha agus é aicmiú (pe'ca aca is gá sa chás) agus an t-im, agus aon phacáiste agus aon fhillteog in ar pacáladh é, do mharcáil, ar gach slí do réir forálacha an Achta so agus do réir aon rialachán a dineadh fén Acht so.

(2) Má dintar aon im do dhíol, no é thairisgint no é chonsighniú chun é dhíol, contrárdha don alt so, beidh únaer cláruithe an áitreibh, ina ndéanfar no óna ndéanfar amhlaidh an t-im sin do dhíol no do thairisgint no do chonsighniú chun é dhíol, ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar é chur fé phionós ná raghaidh thar deich bpúint i gcás an chéad chionta no fé phionós ná raghaidh thar fiche púnt i gcás an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin.

Na táillí is iníoctha as áitreabh do chlárú.

34. —(1) An té a bheas á iarraidh go gclárófar aon áitreabh in aon chlár atá á chimeád do réir an Achta so, íocfa sé leis an Aire an táille a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus beidh íoc na táille sin mar roimh-choiníoll a có-líonfar sara mbreithneoidh an tAire an t-iarratas.

(2) An té a bheas á iarraidh go gclárófar aon áitreabh in aon chlár, nách clár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar, atá á chimeád do réir an Achta so, íocfa sé leis an Aire an éarlais a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so ar cuntas na céad táille bliantúla is iníoctha mar gheall ar an áitreabh san, agus beidh íoc na héarlaise sin mar roimh-choiníoll a có-líonfar sara gclárófar an t-áitreabh.

(3) Déanfidh únaer cláruithe gach áitreibh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann no i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta no i gclár na monarchanna ime no i gclár na n-easportálaithe nách déantóirí an táille a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'íoc ar scór gach bliana leis an Aire no, i gcás áitreibh a bhfuil ceadúnas fé Chuid IV. den Acht so i bhfeidhm ina thaobh, íocfa sé aon táille níos lú a ordóidh an tAire, más oiriúnach leis é, ar son an áitreibh sin, táille no táille níos lú (pe'ca aca é) dá ngairmtear an táille bhliantiúil san Acht so.

(4) An chéad táille bhliantúil a íocfidh únaer cláruithe aon áitreibh dá luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, áireofar í do réir an méid ime a heasportáladh ón áitreabh san, rud a gheobhfar amach ar an slí orduithe, i rith na tréimhse idir chríochnú an chláruithe agus deire na bliana caileandair in ar cláruíodh an t-áitreabh, agus beidh sí dlite an 31adh lá de Mhí Nodlag na bliana san, agus roimh an 17adh lá de Mhárta na bliana dár gcionn íocfidh an t-únaer cláruithe no tabharfar thar n-ais do (pe'ca aca é) an difríocht idir an táille sin agus an éarlais a híocadh, mar adubhradh, ar cuntas na táille sin.

(5) Beidh gach táille bliantúil ina dhiaidh sin dlite an 31adh lá de Mhí Nodlag na bliana a mbeidh an táille sin iníoctha ar a son agus íocfar í roimh an 17adh lá de Mhárta na bliana dár gcionn agus áireofar í do réir an méid ime a heasportáladh ón áitreabh cláruithe, rud a gheobhfar amach ar an slí orduithe, sa bhliain a mbeidh an táille iníoctha ar a son.

(6) Chó luath agus is féidir é tar éis deire gach bliana gheobhfar amach ar an slí orduithe cá mhéid im a heasportáladh i rith na bliana san o gach áitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann no i gclár na n-éasportálaithe ndéantóireachta no i gclár na monarchanna ime no i gclár na n-easportálaithe nách déantóirí agus áireofar dá réir sin méid na táille bliantúla is iníoctha ar son na bliana san.

(7) Déanfidh gach éinne atá ina únaer chláruithe ar áitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann no i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta no i gclár na monarchanna ime no i gclár na n-easportálaithe nách déantóirí, déanfa se, chun crícheanna an ailt seo, pé cuntaisí a hordófar i gcóir pé daoine, ar pé tráthanna, agus i pé fuirmeacha a hordófar.

(8) Mara ndinidh aon únaer cláruithe áirithe, ar a bhfuil táille bhliantúil d'íoc mar gheall ar a áitreabh cláruithe fén alt so, an táille bhliantúil sin no aon tsuim áirithe a cuireadh leis an táille bhliantúil sin mar cheartú fén alt so d'íoc roimh an 17adh lá de Mhárta na bliana a mbeidh sí iníoctha ar a son fén alt so, beidh clárú an áitreibh chláruithe sin ar nea-mbrí de bhua an ailt seo an 17adh lá den Mhárta san agus ón lá san amach.

(9) Má bhíonn clárú aon áitreibh chláruithe ar nea-mbrí do réir an ailt seo, agus go n-íocfar, laistigh de thrí mhí tar éis na nea-mbríochainte sin, an táille arbh é a neamh-íoc fé ndeár an nea-mbríochaint sin, féadfidh an tAire an t-áitreabh san d'athiontráil sa chlár san chun bheith ann ar an dáta agus ón dáta ar a n-íocfar an táille sin.

(10) San alt so léireofar an focal “unaer cláruithe” mar thagairt don té is únaer cláruithe de thurus na huaire, ach má scuir an t-áitreabh de bheith cláruithe léireofar an focal san mar thagairt don té a bhí ina únaer láithreach sarar stad an clárú.

CUID IV.

MARC NAISIUNTA I gCOIR IME.

Marc náisiúnta do bhunú i gcóir ime.

35. —(1) Nuair a bheidh agus chó luath agus bheidh cláir de mharcanna trádála agus de phátrúin bunuithe i Saorstát Éireann agus reachtúchán rithte ag an Oireachtas a chuirfas ar chumas Airí marcanna trádála agus pátrúin d'fháil agus do chlárú agus ceadúnaisí do dheona chun iad d'úsáid, beidh sé de dhualgas ar an Aire marc de shaghas oiriúnach (dá ngairmtear “an marc náisiúnta” san Acht so) d'fháil no do cheapa no do bhunú ar shlí éigin eile, agus é chlárú i pé clár de sna cláir roimhráite a bheas oiriúnach agus, fé réir forálacha an Achta so, pé ceadúnaisí a ceadófar leis an reachtúchán san do dheona chun é úsáid.

(2) Gach ceadúnas chun an marc náisiúnta d'úsáid, deonfar é fé réir na gcoiníollacha (a luadhfar sa cheadúnas) ná cuirfar an marc náisiúnta ach ar im a bheas do réir standáird mholta agus a dineadh fé choiníollacha molta o uachtar no bainne pasteurálta agus san áitreabh údaruithe a bheidh luaidhte sa cheadúnas.

(3) Féadfidh an tAire níos mó ná aon mharc náisiúnta amháin den tsórt san d'fháil no do cheapa no do bhunú ar shlí éigin eile agus déanfar gach tagairt atá san Acht so do “an marc náisiúnta” do léiriú i slí go gciallóidh sí na marcanna náisiúnta má bunuítear níos mó ná aon mharc amháin den tsórt san.

(4) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “standárd molta” pé standárd cáilíochta, pacála agus slachta a hordófar le rialacháin a déanfar fén gCuid seo den Acht so mar standárd molta ime chun crícheanna úsáid an mhairc náisiúnta.

(5) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “aitreabh údaruithe” aon áitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann agus pé áitreabh eile a fhaisnéisfidh an tAire le hordú, más oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis é, a bheith mar áitreabh údaruithe chun crícheanna úsáid an mhairc náisiúnta.

(6) San alt so cialluíonn an focal “coiníollacha molta” coiníollacha maidir le háitreabhacha, gléasa, céimeanna déantóireachta, cineál, cáilíocht agus láimhseáil bainne, uachtair no abhar no táthchuideanna eile a húsáidtear i ndéanamh ime san áitreabh, cineál, cáilíocht agus láimhseáil ime a tugtar (má tugtar é) isteach san áitreabh, pacáistí, fillteoga, abhair phacála, agus módhna pacála, pé coiníollacha a hordófar le rialacháin a déanfar fén Acht so mar choiníollacha molta maidir le haon tsaghas áitreabh údaruithe chun crícheanna úsáid an mhairc náisiúnta.

Buaine ceadúnaisí a deonfar chun an marc náisiúnta d'úsáid.

36. —(1) Fé réir forálacha aon reachtúcháin atá i bhfeidhm cheana no a rithfar ina dhiaidh seo i dtaobh marcanna trádála no pátrún, gach ceadúnas a dheonfidh an tAire chun an marc náisiúnta d'úsáid, leanfa sé i bhfeidhm faid is áitreabh údaruithe an t-áitreabh ar deonadh an ceadúnas ina chóir mara ndintar an ceadúnas d'athghairm roimhe sin fén alt so.

(2) Féadfidh an tAire aon uair athghairm do dhéanamh ar aon cheadúnas chun an marc náisiúnta d'úsáid más deimhin leis—

(a) maidir leis an im a dintar san áitreabh údaruithe ar deonadh an ceadúnas ina chóir, go bhfuil sé tar éis scur de bheith do réir an standáird mholta; no

(b) go bhfuiltar tar éis scur den im sin do dhéanamh fé sna coiníollacha molta; no

(c) gur sháruigh sealbhóir an cheadúnais sin aon choiníoll dá luaidhtear sa cheadúnas; no

(d) gur ciontuíodh sealbhóir an cheadúnais sin i gcionta fé aon alt den Chuid seo den Acht so.

Rialacháin i dtaobh an mhairc náisiúnta.

37. —Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh le n-a leagfar amach gach ní no éinní dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(a) an tslí ina n-iarrfar ceadúnaisí chun an marc náisiúnta d'úsáid;

(b) an módh, ar gach slí, ina gcuirfar an marc i bhfeidhm, maraon le n-a éileamh ná cuirfar an marc i bhfeidhm ach tré phacáil i bpacáistí, i bhfillteoga, in abhair phacála, no fé dhuillíní, atá marcálta agus a fuarthas o áit orduithe;

(c) an standárd molta, agus an chuma, ar gach slí, ina bhfuighfar amach (tré scrúdú áitreibh, scrudú consighneachtaí ar turus, iniúcha ime, no ar aon tslí ar bith eile) an t-im a dhineann duine atá ag iarraidh an cheadúnais sin do bheith do réir an standáird mholta agus an t-im a dhineann sealbhóir aon cheadúnais den tsórt san do bheith ag leanúint de bheith do réir an standáird mholta;

(d) na saghsanna áitreabh (i dteanta áitreabhacha atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann) a féadfar a fhaisnéis a bheith ina n-áitreabhacha údaruithe;

(e) na coiníollacha molta, agus an módh ar gach slí ina bhfuighfar amach an t-im a dhineann duine atá ag iarraidh an cheadúnais sin do bheith á dhéanamh fé choiníollacha molta agus an t-im a dhineann sealbhóir aon cheadúnais den tsórt san do bheith ag leanúint de bheith á dhéanamh fé choiníollacha molta.

Ciontaí i dtaobh an mhairc náisiúnta.

38. —(1) Má dhineann éinne nách sealbhóir ceadúnais chun an marc náisiúnta d'úsáid an marc náisiúnta no aon aithris dheabharthach air d'úsáid no do chur i bhfeidhm ar aon im no ar aon earra eile a bhfuil an marc náisiúnta cláruithe ina chóir in aon chlár de mharcanna trádála no de phátrúin i Saorstát Éireann, no ar ní a bhaineas le ceachtar acu, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más toil leis an gcúirt é, fé phríosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no fén bhfíneáil sin agus fén bpríosúntacht san le chéile.7

(2) Má dhineann éinne is sealbhóir ar cheadúnas chun an marc náisiúnta d'úsáid an marc náisiúnta d'úsáid no do chur i bhfeidhm contrárdha do théarmaí an cheadúnais sin no d'aon rialachán a bheas déanta fén Acht so, no aon aithris dheabharthach ar an marc náisiúnta d'úsáid no do chur i bhfeidhm ar aon im no ar aon earra eile a bhfuil an marc náisiúnta cláruithe ina chóir in aon chlár de mharcanna trádála no de phátrúin i Saorstát Éireann, no ar ní a bhaineas le ceachtar acu, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más toil leis an gcúirt é, fé phríosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no fén bhfíneáil sin agus fén bpríosúntacht san le chéile.

(3) Beidh forálacha an ailt seo i dteanta agus ní hin ionad aon phionóisí eile ná aon leighseanna a bheas forálta do réir dlí de thurus na huaire i dtaobh sárú ar mharcanna trádála no ar an gcóip-cheart chun pátrún cláruithe.

CUID V.

ILGHNEITHEACH AGUS GENERALTA.

Bainne agus uachtar neaghlan.

39. —(1) Einne a dhéanfas aon bhainne no uachtar atá salach, truaillithe, no stáluithe, no aon bhainne no uachtar atá in árthach salach, do thairisgint no d'fhreastal d'uachtarlainn no do stáisiún ina ndeighiltear uachtar no d'aon áit ina n-úsáidtear bainne no uachtar chun aon tora déiríochta dhéanamh chun é dhíol, beidh sé cíontach i gcionta fén alt so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

(2) Einne dhéanfas aon bhainne no uachtar atá salach, truaillithe, no stáluithe, no aon bhainne no uachtar atá in árthach salach, do ghlaca chun é úsáid in uachtarlainn no i stáisiún ina ndeighiltear uachtar no in aon áit ina n-úsáidtear bainne no uachtar chun aon tora déiríochta do dhéanamh chun é dhíol, no éinne a ghlacfas a leithéid chun é dhíol, no a úsáidfas no a dhíolfas é, in aon áit no o aon áit acu san, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

(3) Gach éinne bheas ciontach i gcionta fén alt so féadfar, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air má sé an chéad chionta aige é, agus fíneáil ná raghaidh thar cúig púint i gcás an dara cionta agus fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint i gcás an tríú cionta no aon chionta ina dhiaidh sin.

(4) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh le n-a leagfar amach na módhna ina ndéanfar amach ce'ca tá bainne no uachtar sláluithe no truaillithe no ná fuil.

Scrúdú agus somplú bainne agus uachtair.

40. —(1) Féadfidh aon chigire (ach an t-údarás i scríbhinn a bheas aige mar chigire den tsórt san do thaisbeáint má iarrtar san air) dul isteach, ar gach tráth réasúnta, in aon uachtarlainn no stáisiún ina ndeighiltear uachtar no in aon áit ina n-úsáidtear bainne no uachtar i ndéanamh aon tora déiríochta chun é dhíol agus féadfa sé aon bhainne no uachtar a gheobhfar san uachtarlainn, sa stáisiún, no san áit sin do scrúdú agus féadfa sé aon tsomplaí d'aon bhainne no uachtar den tsórt san, no d'aon tsalachar sa bhainne no san uachtar san no in aon árthach ina bhfuil an bainne no an t-uachtar san, do thógaint agus d'aistriú gan íoc asta.

(2) Féadfidh aon chigire (ach an t-údarás i scríbhinn a bheas aige mar chigire den tsórt san do thaisbeáint má iarrtar san air) no aon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no den Ghárda Síochána, aon uair, aon bhainne no uachtar do scrúdú agus é á iompar go dtí aon uachtarlann no stáisiún ina ndeighiltear uachtar no aon áit ina n-usáidtear bainne no uachtar i ndéanamh aon tora déiríochta chun é dhíol, no le linn é bheith á sheachada in aon áit acu san, agus féadfa sé somplaí d'aon bhainne no uachtar den tsórt san, no d'aon tsalachar sa bhainne no san uachtar san no in aon árthach ina bhfuil an bainne no an t-uachtar san, do thógaint agus d'aistriú gan íoc asta.

(3) Einne go bhfuil fios aige ar ainm an té no ar nithe eile i dtaobh an té a sholáthruíos aon bhainne no uachtar den tsórt san, a scrúduíodh no a hiniúchadh fén alt so, má dhiúltuíonn sé don ainm sin no do sna nithe eile sin d'innsint d'aon chigire áirithe no d'aon bhall áirithe de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no den Ghárda Síochána, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

(4) Gach éinne a choiscfas no a bhacfas aon chigire no aon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no den Ghárda Síochána agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta i gcoinnibh an ailt seo agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

(5) Gach éinne bheas ciontach i gcionta fén alt so féadfar, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Im salach.

41. —(1) Einne a dhéanfas aon im atá salach de dhíol, no do thairisgint no do thaisbeáint no do chonsighniú chun é dhíol, no do shóinseáil no do mhalairtiú, no é fháil, tré cheannach, tré shóinseáil no tré mhalairtiú, chun é ath-dhíol—

(a) mar bhia do dhaoine no chun é úsáid i monarchain ime no i monarchain margairín, no

(b) chun é úsáid in aon áitreabh ina ndintar aon bhia do dhaoine chun é dhíol,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

(2) Má gheibheann agus nuair a gheobhaidh aon chigire aon im salach in aon mhonarchain ime, monarcha margairín no áitreabh eile ina ndintar aon bhia do dhaoine chun é dhíol, an té a mbíonn an gnó sa mhonarchain no san áitreabh san ar siúl aige beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin maran féidir do a thaisbeáint chun sástachta don chúirt i dtaobh an ime sin—

(a) ná rabhthas chun é mheasca, é ath-oibriú, ná chun aon déanamh eile thabhairt do, ná chun é úsáid chun crícheanna déantóireachta sa mhonarchain no san áitreabh san, agus

(b) ná rabhthas chun é easportáil ná é chonsighniú chun é easportáil ón monarchain no ón áitreabh san, agus

(c) ná rabhthas chun é dhíol ná é thairisgint ná é chonsighniú chun é dhíol mar im sa mhonarchain no san áitreabh san ná ón monarchain no ón áitreabh san.

(3) Einne bheas ciontach i gcionta fén alt so, féadfar, ar a chiontú ann ar an slí achmair, é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt má sé an chéad chionta aige é agus fé fhíneáil ná raghaidh thar cúig púint i gcás an dara cionta agus fé fhíneáil ná raghaidh thar deich bpúint i gcás an tríú cionta no aon chionta ina dhiaidh sin.

Brí agus úsáid an fhocail “uachtarlann.”

42. —(1) O thosach feidhme Cuid III. den Acht so agus dá éis sin ciallóidh an focal “uachtarlann” aitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann no gur deonadh agus go bhfuil i bhfeidhm ina chóir ceadúnas fén alt so.

(2) Más rud é agus nuair is rud é, i rith trí mblian o am rithte an Achta so, gur ceart don Aire san do dhéanamh mar gheall ar na nithe speisialta a bhaineas leis an gcás féadfa sé ceadúnas do dheona, d'únaer chláruithe aon áitreibh áirithe atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta, chun an focal “uachtarlann” d'úsáid i dtaobh an áitreibh sin, agus féadfar aon cheadúnas den tsórt san do dheona fé réir pé coiníollacha agus i gcóir pé aimsir (nách sia ná trí bliana o am rithte an Achta so) is dó leis an Aire is ceart agus féadfar é athghairm pé uair is dó leis is ceart.

(3) Einne a dhéanfas, tar éis dáta a hordófar, agus gan ceadúnas atá i bhfeidhm agus a deonadh chuige sin fén alt so do bheith aige, aon ainm no tuairisc d'úsáid i dtaobh aon áitreibh i Saorstát Éireann a húsáidtear i gcóir déanamh ime, cáise, margairín, cáise mhargairín, no meascáin ime agus bainne no i gcóir gnótha mhórdhíola in aon earra acu san, agus ná fuil cláruithe i gclár na n-uachtarlann, agus gur ainm no tuairisc í adeir, a chialluíos no a mheabhruíos gur uachtarlann an t-áitreabh san no go bhfuil sé cláruithe i gclár na n-uachtarlann, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar deich bpúint má sé an chéad chionta aige é agus fé fhíneáil ná raghaidh thar fiche púnt i gcás an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin.

“Im uachtarlainne” do thabhairt ar im.

43. —(1) O thosach feidhme Cuid III. den Acht so agus dá éis sin, má tugtar “im uachtarlainne” ar aon im a díolfar no a tairgfar, a taisbeánfar, no a consighneofar chun é dhíol i Saorstát Éireann no a heasportálfar as Saorstát Éireann, déanfar (lasmuich den eisceacht a luaidhtear ina dhiaidh seo anso) an tuairisc sin do ghlaca mar thuairisc trádála a chialluíos gur dineadh an t-im in áitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann no atá i gceadúnas atá i bhfeidhm agus a deonadh fén Acht so chun an focal “uachtarlann” d'úsáid, agus nár dineadh an t-im sin do mheasca ná é ath-oibriú ina dhiaidh sin.

(2) Má tugtar “im uachtarlainne” no éinní deabharthach leis sin ar aon im nár dineadh in áitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann no atá i gceadúnas atá i bhfeidhm agus a deonadh fén Acht so chun an focal “uachtarlann” d'úsáid no ar aon im a dineadh san áitreabh san agus, ina dhiaidh sin, a meascadh no a hath-oibríodh no a tugadh isteach in aon áitreabh (nách áitreabh atá cláruithe no nách gá a chlárú ach de bhua fo-alt (4) d'alt 7 den Sale of Food and Drugs Act, 1899) atá cláruithe no is gá a chlárú fé sna Sale of Food and Drugs Acts, 1875 to 1907, no in aon áitreabh a húsáidtear chun tora déiríochta do dhéanamh, no chun déanamh do thabhairt do, chun é dhíol agus ná fuil cláruithe i gclár na n-uachtarlann no ná fuil i gceadúnas atá i bhfeidhm agus a deonadh fén Acht so chun an focal “uachtarlann” d'úsáid déanfar (lasmuich den eisceacht a luaidhtear ina dhiaidh seo anso) é ghlaca mar thuairisc bhréagach trádála ar an im sin do réir brí na Merchandise Marks Acts, 1887 to 1911, agus bainfidh forálacha, na nAchtanna san, ar a n-áiritear na forálacha peannaideacha, leis an gcás dá réir sin.

(3) Ní bhainfidh éinní san alt so ná ní chuirfe sé cosc le “im uachtarlainne” do thabhairt ar im a tabharfar isteach i Saorstát Éireann má bhíonn ag gabháil leis an bhfocal san focal no focail a chuirfas in úil go soiléir gur im é a tugadh isteach i Saorstát Éireann no im nár dineadh i Saorstát Éireann: Ach ní bhainfidh an fo-alt so le him a tabharfar isteach, díreach no nea-dhíreach, o aon áit lasmuich de Shaorstát Éireann agus a heasportálfar as Saorstát Éireann ina dhiaidh sin.

(4) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar an focal “im uachtarlainne” do bheith á chur i bhfeidhm má cuirtar i bhfeidhm é do réir brí na Merchandise Marks Acts, 1887 to 1911.

(5) Tiocfidh an t-alt so i ngníomh ar dháta a hordófar.

(6) Ní bhainfidh an t-alt so le haon im a bheas i bpacáiste a consighneofar agus a cuirfar ar aghaidh tré Shaorstát Éireann o aon áit lasmuich de Shaorstát Éireann go haon áit eile den tsórt san agus ná deighleálfar leis ar aon tslí eile i Saorstát Éireann.

Mionscrúdú somplaí.

44. —(1) Einne thógfas sompla d'aon bhainne, uachtar no abhar eile, fé chomhacht a bronntar air chuige sin leis an Acht so, má theastuíonn uaidh go mionscrúdófaí an sompla san d'fhonn cúiseamh a dhéanamh i gcionta fé aon alt den Acht so, bainfidh na forálacha so leis an scéal agus déanfar dá réir, sé sin le rá:—

(a) isé an Mionscrúdóir a cheapfidh an tAire fén alt so a dhéanfidh no is fé n-a stiúrú a déanfar an mionscrúdú;

(b) an té a thóg an sompla roinnfe sé an sompla ina thrí codacha agus cuirfe sé fé ndeár gach cuid acu san do mharcáil, do shéalú, agus do cheangal suas, agus déanfa sé dhá chuid de sna codacha san do sheachada no do chur tríd an bpost go dtí an Mionscrúdóir sin agus an chuid eile sin do sheachada no do chur tríd an bpost go dtí an té a mbeifar chun é chúiseamh no, maran fios an uair sin cé hé an duine sin, go dtí únaer no consighneoir an bhainne, an uachtair no an abhair eile as ar tógadh an sompla;

(c) nuair a gheobhaidh sé codacha de shompla a cuireadh chuige chun iad do mhionscrúdú fén alt so, déanfidh an Mionscrúdóir sin no cuirfe sé fé ndeár go ndéanfar fé n-a stiúrú mionscrúdú ar cheann de sna codacha den tsompla san a cuireadh chuige amhlaidh, agus coinneoidh sé an chuid eile;

(d) cuirfidh an Mionscrúdóir sin go dtí an tAire deimhnithe ar dúbláid, sa bhfuirm orduithe, ar thora gach mionscrúduithe a dhéanfa sé no a déanfar fé n-a stiúrú do réir an ailt seo;

(e) sara mbunóidh sé aon chúiseamh i gcoinnibh éinne i dtaobh aon bhainne, uachtair no abhair eile ar mionscrúduíodh sompla dhe fén alt so, déanfidh an tAire ceann de sna deimhnithe-ar-dúbláid roimhráite do sheachada no do chur tríd an bpost go dtí an té a beifar chun a chúiseamh;

(f) le linn éisteacht aon chúisimh i gcionta fé aon alt den Acht so i dtaobh aon bhainne, uachtair, no abhair eile ar mionscrúduíodh sompla dhe fén alt so, má tugtar i láthair scríbhinn atá in ainm bheith ina cheann de sna deimhnithe-ar-dúbláid roimhráite beidh sí ina fianaise prima facie ar na nithe adeirtar sa deimhniú san;

(g) má bhíonn an cúisitheoir no an cosantóir in aon chúiseamh den tsórt roimhráite mí-shásta le deimhniú an Mhionscrúdóra san beidh aige, ar íoc na táille orduithe, teideal chun an chuid den tsompla a choinnigh an Mionscrúdóir sin mar adubhradh do chur fé mhionscrúdú ag prímh-cheimiceoir na Saotharlann Stáit agus chun deimhniú d'fháil ón bprímh-cheimiceoir sin ar thora an mhionscrúduithe sin.

(2) Féadfidh an tAire duine oiriúnach do cheapa chun bheith ina Mhionscrúdóir chun crícheanna an ailt seo agus, fé réir ceada ón Aire Airgid, na téarmaí agus na coiníollacha a bhainfas le n-a cheapa chun na hoifige sin agus le n-a shealbhaíocht ar an oifig sin do leaga amach.

(3) Gheobhaidh an Mionscrúdóir sin pé luach saothair a cheapfidh an tAire Airgid.

Comhairle chomhairlitheach.

45. —(1) Tar éis dul i gcomhairle le pé cóluchtaí agus daoine is dó leis is mó a sheasuíos ar son na leasanna uile agus fé seach le n-a mbaineann an scéal, déanfidh an tAire, le hordú, comhairle chomhairlitheach do chur ar bun chun comhairle agus cúnamh do thabhairt don Aire i dtaobh éinní bhaineas le rialacháin do dhéanamh fé fhorálacha an Achta so no leis na forálacha san d'fheidhmiú ar aon tslí eile, no i dtaobh aon nithe eile bhaineas le gnó na déiríochta.

(2) Beidh an chomhairle chomhairlitheach san có-dhéanta de pé daoine a ainmneoidh an tAire o am go ham, tar éis dul i gcomhairle mar adubhradh, chun bheith ina mbaill di agus isí tréimhse a choinneoidh gach duine acu a bhallraíocht ná go ceann dhá bhlian o dháta a ainmnithe, ach amháin i gcás éag no eirghe-as do roimhe sin, ach féadfar é ath-ainmniú.

(3) Cruinneoidh an chomhairle chomhairlitheach san aon uair a ghairmfidh an tAire le chéile iad agus fós ar pé ócáidí eile ar a socróidh an chomhairle o am go ham.

(4) Féadfidh an tAire, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, íocaíochtaí dhéanamh le baill den chomhairle chomhairlitheach san agus de choistí dhi, pé méid a cheadóidh an tAire Airgid, in aisíoc costaisí taistil agus in íoc liúntais cothuithe.

Rialacháin ghenerálta.

46. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no atá á ordú no a hordófar, ach ní déanfar aon rialachán den tsórt san i dtaobh meas no bailiú táillí gan aontú ón Aire Airgid.

(2) Féadfidh aon rialacháin a dhéanfidh an tAire fén Acht so baint a bheith acu le roinnt nithe iomdha a mbronntar le hailt difriúla den Acht so comhacht chun rialacháin do dhéanamh ina dtaobh.

(3) Aon rialacháin a dhéanfidh an tAire fén Acht so leagfar iad fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a ndéanta, agus má dhineann ceachtar den dá Thigh sin, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith chun na rialacháin sin do chur ar nea-mbrí, beidh na rialacháin sin gan brí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fé sna rialacháin sin.

Cosaint maidir le comhachta fé Achtanna eile.

47. —Na comhachta a bronntar ar an Aire leis an Acht so beid siad, agus feidhmeofar iad, gan dochar don Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí d'fheidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an Public Health (Regulations as to Food) Act, 1907, ná don Aire Tionnscail agus Tráchtála no aon chigire a ceapadh fé sna Factory and Workshops Acts, 1901 to 1911, do dhéanamh feidhmiú ar aon chomhachta a bronntar leis na hAchtanna san.

Ciontaí.

48. —Féadfidh an tAire, mar chúisitheoir, no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, gach cionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh.

Costaisí.

49. —Sa mhéid a cheadóidh an tAire Airgid, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas a bhainfidh leis an Acht so do chur in éifeacht.

CEAD SCEIDEAL.

Gléasra agus Meaisínteacht in Uachtarlanna Cláruithe agus i Stáisiúin ina ndeighiltear Uachtar.

1.—Coire tréan-bhrugha no lag-bhrugha chun gal do gheiniúint—

(a) chun an bainne a faghtar san áitreabh do théidhe a dhóthin chun an t-uachtar do dheighilt i gceart, má deighiltear uachtar ón mbainne san áitreabh, agus

(b) chun an t-uisce is gá i gcóir glana do théidhe a dhóthin.

2.—Fuarathóir chun an t-uachtar a deighiltear o bhainne san áitreabh d'fhuara, ceann d'fhéadfadh teas an uachtair, agus é ag teacht ón deighilteoir uachtair, do luíodú go dtí ná beidh sé thar ceithre gráid Fahrenheit níos mó ná an teas a bheadh san uisce a húsáidfí chun an t-uachtar d'fhuara agus san nuair a bheadh an t-uisce sin ag dul isteach sa bhfuarathóir.

3.—Na meaisiní a luaidhtear thíos agus iad uile á oibriú le comhacht mheceaniciúil—

* (a) Téitheoir chun an bainne óna mbeadh uachtar le deighilt san áitreabh do théighe go dtí go mbeadh teas a dhóthin ann chun an t-uachtar do dheighilt i gceart.

* (b) Deighilteoir meán-teicheamhach chun uachtar do dheighilt ón mbainne a soláthruítear don áitreabh.

(c) Cuinneog agus im-oibritheoir, no cuinneog agus imoibritheoir le chéile, chun an t-im a dintar san áitreabh do dhéanamh.

4.—Na riachtanaisí a luaidhtear thios—

(a) Pé fearaistí, apparatus, agus ceimiocáin is gá chun a dhéanamh amach cadé an percentáiste uisce atá san im a dintar san áitreabh agus a cuirtar amach uaidh.

(b) Pé fearaistí, apparatus, agus ceimiocáin is gá chun a dhéanamh amach cadé an percentáiste geire atá san uachtar agus sa bhainne le n-a ndeighleáltar san áitreabh.

DARA SCEIDEAL.

Gléasra agus Meaisínteacht in áitreabhacha atá cláruithe i gclár na monarchanna ime.

Coire chun riar dóthanach d'uisce teith do sholáthar chun an t-áitreabh agus an gléasra agus an mheaisínteacht ann do ghlana.

Im-oibritheoir no im-mheascthóir agus é á oibriú le comhacht mheceaniciúil.

Pé fearaistí, apparatus, agus ceimiocáin is gá chun a dhéanamh amach cadé an percentáiste uisce atá in im a cuirtear amach ón áitreabh.

TRIU SCEIDEAL.

TAILLI.

Táille ar a iarraidh go ndéanfar clárú in aon chlár dá gcimeádtar do réir an Achta so     .     .

Púnt.

Earlais ar a iarraidh go ndéanfar clárú in aon chlár dá gcimeádtar do réir an Achta so agus nách é clár na stáisiún ina ndeighiltear uachtar é     .

Cúig Púint.

Táille bhliantúil, ar son ime le n-a mbaineann alt 9 den Acht so agus a heasportáladh i rith na

bliana     .     .     .     .     .

Ar gach ocht bpúint fhichead iomlán ime, pé táille a hordófar ach gan í dhul thar pingin.

Táille ar dheona ceadúnais easportála, ar gach

pacáiste ime le n-a mbaineann an ceadúnas     .

Mara bhfuil thar ocht bpúint fhichead ime sa phacáiste, pé táille a hordófar ach gan í dhul thar pingin; má tá breis is ocht bpúint fhichead ime sa phacáiste —pé táille a hordófar, ach gan í dhul thar pingin, ar gach ocht bpúint fhichead ime no cuid d'ocht bpúint fhichead ime.

* Ní bhaineann san le cás na n-uachtarlann ná soláthruítear bainne dhóibh.

* Ní bhaineann san le cás na n-uachtarlann ná soláthruítear bainne dhóibh.

†Ní bhaineann san le cás na stáisiún ina ndeighiltear uachtar.