1 1925


Uimhir 1 de 1925


ACHT PORT AGUS DUGANNA BHAILE ÁTHA CLIATH, 1925.


ACHT CHUN SOCRÚ SPEISIALTA DO DHÉANAMH I dTAOBH AN DÁTA AR A gCEAPFAR ATHSCRÚDÓIR I gCÓIR NA LIOSTAÍ DE THOGHTHÓIRÍ NA mBALL IONTOGHTHA DE BHORD PORT AGUS DUGANNA BHAILE ATHÁ CLIATH I gCÓIR NA BLIANA 1924, AGUS CHUN SOCRUITHE SPEISIALTA DO DHÉANAMH I dTAOBH AN DÁTA AR A SUIDHFIDH AN tATHSCRÚDÓIR SIN CHUN NA LIOSTAÍ ROIMHRÁITE D'ATHSCRUDÚ AGUS AR A gCRÍOCHNÓFAR AN tATHSCRÚDÚ SAN, AGUS CHUN AN tAM AR A dTOGHFAR BAILL DEN BHORD SAN DO CHUR AR ATHLÓ GO DÁTA SA BHLIAIN 1925, AGUS CHUN AN DUBLIN PORT AND DOCKS ACT, 1898, DO LEASÚ CHUN NA gCRÍCHEANNA SAN AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE.

[12adh Feabhra, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “Príomh-Acht” an Dublin Port and Docks Act, 1898;

cialluíonn an focal “an Bord” Bord Phort agus Duganna Bhaile Atha Cliath.

Leasú ar alt 20 den Phriomh-Acht.

2. —Déanfar agus dintar leis seo Alt 20 den Phríomh-Acht do leasú tríd na focail “Prímh-Bhreitheamh Shaorstáit Éireann” do chur in ionad na bhfocal “Lord Chief Justice of Ireland” san áit ina bhfuil na focail deiridh sin i bhfo-alt (1) agus i bhfo-alt (2) den alt san, agus léireofar an t-alt san 20 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Athscrúdóir i gcóir na liostaí de thoghthóirí na mball iontoghtha do cheapa sa bhliain 1924.

3. —In ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 20 den Phríomh-Acht i dtaobh an dáta i ngach bliain ar ar gá no roimhe n-ar gá, do réir an ailt sin, athscrúdóir i gcóir na liostaí de thoghthóirí na mball iontoghtha den Bhord do cheapa i gcóir gach bliana, féadfar an t-athscrúdóir i gcóir na liostaí de thoghthóirí na mball iontoghtha den Bhord i gcóir na bliana 1924 do cheapa an 16adh lá de Mhárta, 1925, no roimhe sin, fén alt san 20 mar a leasuítear leis an Acht so é.

Suidheanna i gcóir athscrúdú liostaí ag an athscrúdóir a ceapfar i gcóir na bliana 1924.

4. —(1) Ní bhainfidh forálacha alt 21 den Phríomh-Acht (a bhaineas le suidheanna bheith ag an athscrúdóir, a ceapfar fé alt 20 den Acht san, i gcóir na liostaí de thoghthóirí na mball iontoghtha den Bhord, suidheanna chun na liostaí roimhráite d'athscrúdú, agus leis an mBord d'fhoillsiú fógra i dtaobh an chéad shuidhe acu san) leis an athscrúdóir i gcóir na liostaí do thoghthóirí na mball iontoghtha den Bhord, atá le ceapa i gcóir na bliana 1924 fé alt 20 den Phríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é, ná leis an mBord i gcóir na bliana 1924, agus ina áit agus ina ionad san bainfidh forálacha an ailt seo leis an athserúdóir sin agus leis an mBord san fé seach.

(2) An t-athscrúdóir, a ceapfar i gcóir na bliana 1924, fé alt 20 den Phríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é, i gcóir na liostaí de thoghthóirí na mball iontoghtha den Bhord, déanfa sé, chó luath agus bheidh sé caothúil tar éis an 19adh lá de Mhárta, 1925, cruinnithe do chomóra chun na liostaí roimhráite d'athscrúdú, agus foillseoidh an Bord roimh-ré fógra i dtaobh an chéad shuidhe acu san agus críochnófar an foillsiú san ar dháta nách déanaí ná ceithre lá agus nách luaithe ná seacht lá roimh an lá a ceapfar i gcóir an tsuidhe sin.

An t-athscrúdóir a ceapfar i gcóir na bliana 1924 do chríochnú athscrúdú na liostaí de thoghthóirí na mball iontoghtha.

5. —An t-athscrúdóir i gcóir na liostaí de thoghthóirí na mball iontoghtha den Bhord atá le ceapa i gcóir na bliana 1924 fé alt 20 den Phríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é, críochnóidh sé athscrúdú na liostaí roimhráite an 31adh lá de Mhárta, 1925, no roimhe sin, agus na forálacha d'alt 25 den Phríomh-Acht a bhaineas leis an dáta ar a gcríochnófar no roimhe n-a gcríochnófar i ngach bliain an t-athscrúdú a dhéanfidh an t-athscrúdóir, a ceapfar fé alt 20 den Phríomh-Acht, ar na liostaí de thoghthóirí na mball iontoghtha den Bhord, ní bhainfid leis an athscrúdú a déanfar ar na liostaí sin i gcóir na bliana 1924 ag an athscrúdóir a ceapfar i gcóir na bliana san fén alt san 20 den Acht roimhráite mar a leasuítear leis an Acht so é.

Baill áirithe den Bhord do leanúint in oifig, d'fhágáil oifige, agus a dtogha.

6. —Ar an gceathrú Dardaoin de mhí an Abráin, 1925, agus dá éis sin, déanfar ionaid na mball den Bhord a chuaidh as oifig ar an dara Dardaoin i mí Eanair, 1925, do líona tríd an méid céanna ball do thogha fé fho-alt (7) d'alt 7 den Phríomh-Acht, agus na forálacha go léir den Phríomh-Acht, fé mar atá sé leasuithe leis an Acht so, a bhaineas le toghachán fén bhfo-alt san (7) bainfid leis an toghachán roimhráite ach amháin gur ar an Máirt i mí an Abráin, 1925, díreach roimh an gceathrú Dardaoin sa mhí sin, a déanfar an toghachán san in ionad é dhéanamh ar an lá a ceapadh leis an bhfo-alt san (7).

Gearr-theideal.

7. —Féadfar Acht Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath, 1925 , do ghairm den Acht so.