16 1925


Uimhir 16 de 1925.


ACHT UM FHEIDHMIÚ DLÍ (COMHACHTA OCÁIDEACHA) (BUANÚ), 1925.


ACHT CHUN BUANÚ SEALADACH DO DHÉANAMH AR AN ACHT UM FHEIDHMIÚ DLÍ (COMHACHTA OCÁIDEACHA), 1924 , AGUS AR NA RIALACHA A DINEADH AGUS AR NA FUIRMEACHA A hORDUÍODH FÉN ACHT SAN. [8adh Meitheamh, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Buanú an Achta Shealadaigh.

1. —Leanfidh an tAcht um Fheidhmiú Dlí (Comhachta Ocáideacha), 1924 (Uimh. 20 de 1924) , i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1926, agus ragha sé in éag ansan.

Buanú rialacha agus fuirmeacha a dineadh agus a horduíodh fén Acht Sealadach.

2. —Gach riail a dineadh agus gach fuirm a horduíodh fén Acht um Fheidhmiú Dlí (Comhachta Ocáideacha), 1924 (Uimh. 20 de 1924) , agus a bheidh i bhfeidhm an 24adh lá de Mheitheamh, 1925, leanfid i bhfeidhm (fé réir aon atharú no leasú a dineadh ortha fén Acht san) go dtí go gceiliúrfar iad fén Acht san no go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1926, pe'ca aca is túisce thiocfidh.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar an tAcht um Fheidhmiú Dlí (Comhachta Ocáideacha) (Buanú), 1925 , do ghairm den Acht so.