27 1925


Uimhir 27 de 1925.


ACHT LEITHREASA, 1925.


ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A CEATHAIR FICHEAD AGUS MÍLE NAOI gCÉAD A SÉ FICHEAD AGUS CHUN NA SOLÁTHAIR EILE A DEONADH SA tSIOSÓN SO DEN OIREACHTAS DO CHUR I LEITHREAS. [11adh Iúl, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

DEONTAISI AS AN bPRIMH-CHISTE.

£10 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste chun seirbhíse na bliana dar chríoch 31adh Márta, 1924.

1. —Féadfidh an tAire Airgid suim deich bpúnt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun iomlánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh chun seirbhíse na bliana dar chríoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a ceathair fichead.

£17,881,333 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste.

2. —Féadfidh an tAire Airgid suim seacht milleon déag, ocht gcéad ochtó is aon mhíle, trí chéad tríocha a trí de phúint do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun iomlánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh chun seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a sé fichead.

Comhacht don Aire Airgid chun airgead d'fháil ar iasacht.

3. —(1) Ar chreidiúint na suime sin féadfidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar seacht milleon déag, ocht gcéad ochtó is aon mhíle, trí chéad dachad a trí de phúint d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfidh Banc na hÉireann an céanna do roimh-íoc leis agus chun críche na hiasachta san féadfidh an tAire Airgid aon urúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé pé coiníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte no éinní eile is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urúsanna a tabharfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairt amach na n-urús san.

(3) Aon airgead a gheobhfar de bharr urúsanna a tabharfar amach fén Acht so cuirfar chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé mar chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil.

DEONTAISI DO CHUR I LEITHREAS.

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair do chur i leithreas.

4. —Na suimeanna uile a deontar as an bPrímh-Chiste, leis an Acht so agus leis an Acht eile a luaidhtear i Sceideal (A) a ghabhann leis an Acht so, chun an soláthar a deonadh do dhéanamh iomlán agus 'na ndineann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim ocht milleon fichead céad seachtó is seacht míle ocht gcéad dachad a naoi de phúint, cuirfar iad agus tuigfar iad do bheith curtha i leithreas, ó dháta rithte na nAcht a luaidhtear sa Sceideal san (A), chun na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear i Sceideal (B) a ghabhann leis seo. An achmaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann leis seo, maraon leis na nótaí (más ann dóibh) a ghabhann leis na sceidil sin, tuigfar gur cuid den Acht so iad díreach fé mar a bheidís i gcorp an Achta so.

I dteanta na suimeanna a deontar leis seo as an bPrímh-Chiste, féadfar na suimeanna a taisbeántar fé seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhann leis seo do chur chun úsáide amach as aon airgead a horduítear fé alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, a chur chun úsáide mar leithreasaí i gcabhair do sna deontaisí i gcóir na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear sa Sceideal san.

Faisnéis is gá a dhéanamh i gcásanna áirithe sara bhfuighfar suimeanna a cuireadh i leithreas.

5. —Ní bhfuighidh éinne aon chuid de dheontas a deonfar do réir an Achta so, i gcóir seirbhísí neamh-fheidhmiúla, go dtí go ndéanfa sé pé faisnéis a hordófar o am go ham le barántas ón Aire Airgid do shighniú i bhfianise duine de sna daoine a luadhfar sa bharántas san:

Ach má dintar aon íocaíocht den tsórt san níos minicí ná uair sa ráithe féadfidh an tAire Airgid cead do thabhairt gan ach aon fhaisnéis amháin do thabhairt i láthair in aghaidh gach ráithe.

Einne a dhéanfidh faisnéis chun críche an ailt seo agus a fhios aige neamh-fhírinne do bheith in aon phonc táchtach di, beidh sé ciontach i mí-iompar.

Gearr-theideal.

6. —Féadfar, chun gach críche, an tAcht Leithreasa, 1925 , do ghairm den Acht so.

AN ACHMAIREACHT AR SCEIDIL (A) AGUS (B) DA dTAGARTAR SAN ACHT SO.


SCEIDEAL (A).

DEONTAISI AS AN bPRIMH-CHISTE, £28,177,849.


SCEIDEAL (B).

DEONTAISI DO CHUR I LEITHREAS.

Suimeanna na raghaidh thar

Deontaisí Soláthair

Leithreasaí i gCabhair

£

s.

d.

£

s.

d.

1923-24 (Iomarcaidh)

..

..

10

0

0

1,597

14

6

1924-25 (Breis)

..

..

..

1,138,672

0

0

32,750

0

0

1925-26.

..

..

..

..

27,039,167

0

0

779,481

0

0

An tIomlan

...

£28,177,849

0

0

813,828

14

6

SCEIDEAL (A).

Chun seirbhíse na bliana dar chríoch 31 Márta, 1924:—

£

Fén Acht so

...

...

...

...

...

10

Chun seirbhíse na bliana dar chríoch 31 Márta, 1925:—

Fé Acht 6 de 1925

...

...

...

...

1,138,672

(Acht Prímh-Chiste)

Chun seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1926:—

Fé Acht 6 de 1925

...

...

...

...

9,157,834

(Acht Prímh-Chiste)

Fén Acht so

...

...

...

...

...

17,881,333

An tIomlán

...

...

...

...

£28,177,849

SCEIDEAL (B)—CUID I.

IOMARCAIDH, 1923-24.

Suimeanna na Raghaidh Thar

Deontas Soláthair

Leithreasaí i gCabhair

£

s.

d.

£

s.

d.

Suim a deonadh chun iomlánú iomarcaidhe ar an deontas don Aireacht Iascaigh in aghaidh na bliana dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1924 ..     ..     ..

10

0

0

1,597

14

6

SCEIDEAL (B)—CUID II.

Sceideal de Shuimeanna Breise a deonadh, agus de shuimeanna a féadfar a chur mar Leithreasaí-i-gCabhair ina dteanta san chun íoctha muirearacha na Seirbhísí Puiblí ar leithrigh a luaidhtear anso go sonnrách i gcóir na bliana dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1925:—

Suimeanna na raghaidh thar

Deontaisí Soláthair

Leithreasaí-i-gCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

5

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Airgid (maraon le hOifig an Phághmháistir Ghenerálta)     ..     ..

£

£

6,264

--

9

Chun Tuarastail agus Costaisí eile Coimisiún Sealadach, Coistí agus Fiosrúchán Speisialta     ..     ..     ..

6,550

--

13

Chun Tuarastail agus Costaisí Coimisiún na Stát-Sheirbhíse (Acht Rialuithe na Stát Sheirbhíse, 1924)     ..     ..

800

--

14

Chun Íocaíochtanna i dtaobh mille no díobháil do mhaoin a dineadh i rith na tréimhse 21 Eanair, 1919; go 12 Bealtaine, 1923, go huile, fén Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 , fé mar do leasuíodh é, agus ar shlite eile; agus mar gheall ar dhamáiste do mhaoin, no cailliúint mhaoine, agus íocaíochtanna tré shlánú no tré aisíoc fén Acht Slánaíochta, 1924      ..     ..     .     ..

10

--

19

Chun Síntiúisí i gcóir Faoisimh ar Dhíomhacinteas agus ar Ghátar     ..

250,000

--

21

Chun Costaisí fén Representation of the People Act, 1918, fén Acht Timpeal Toghachán, 1923 , agus fé Acht na gCoistí Dháréag (Leasú), 1924      ..

10

--

28

Chun Tuarastail agus Liúntaisí agus Costaisí Oifigeacha iomdha Cúirte Contae agus Cúirte Cuarda; Bónus do Chathaoirligh Cheathrú Shiosóin agus do Bhreacthóirí agus do Chléirigh na Coróinneach agus na Síochána, agus chun Costaisí Ath-fhéachainte     ..

10

--

29

Chun Costaisí Coir-phróiseacht agus Dlí-mhuirearacha eile, maraon le Deontas i gcabhair do Chostaisí áirithe is iníoctha amach as Rátaí Áitiúla do réir Reachta     ..     ..

221

1,750

7

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig Choimisiún Talmhan na hÉireann (44 & 45 Vict., c. 49, a. 46, agus c. 71, a.4; 48 & 49 Vict., c. 73, a. 17, 18 agus 20; 53 & 54 Vict., c. 49, a. 2; 54 & 55 Vict., c. 48; 3 Edw. 7, c. 37; 7 Edw. 7, c. 38 agus c. 56; 9 Edw. 7 c. 42; an tAcht Dlí Thalmhan (Coimisiún), 1923 , agus an tAcht Talmhan, 1923      ..     ..     ..

200,000

--

49

Chun Meadhon-Oideachais, maraon le Deontas Thuarastal na Múinteoirí agus Méaduithe Tuarastail do Mhúinteoirí Meadhon-Scoileanna     ..     ..

30,800

--

51

Chun Tuarastal Rúnaí, maraon le Bónus, agus Costaisí Oifig na gCoimisinéirí chun Brontanaisí áirithe Scoile in Éirinn do bhainistí (53 Geo. III., c. 107; 17 & 18 Vict., c. 94; agus 48 & 49 Vict., c. 78 Scéim 34)     ..     ..

20

--

52

Chun Tuarastail agus Costaisí na Roinne Tionnscail agus Tráchtála maraon le Moltóir agus Cúirteanna Réiteoirí, Síntiúisí do Chiste an Diomhaointis agus do Chiste Speisialta an Díomhaointis agus do Scéimeanna Speisialta, Iocaíochtanna le Comhlachais fé sna hAchtanna Arachais Díomhaointis, chun Roimh-íocanna le Lucht Oibre fén Labour Exchanges Act, 1909, Táillí agus Costaisí na nDochtúirí Réitigh fén Workmen's Compensation Act, 1906, Táillí do Mháinleagha Deimhniúcháin fén Factory and Workshops Act, 1901, Táillí agus Costaisí fén Trade Boards Acts, 1909 and 1918; Táillí agus Costaisí fén Electricity (Supply) Act, 1919, agus fén Gas Regulation Act, 1920, agus fén Weights and Measures Act, 1889, agus fós Costaisí mar gheall ar Chó-ghléasa Idirnáisiúnta an Oibreachais (Cumann na Náisiún) maraon le Deontas i gCabhair     ..

175,355

25,000

56

Chun Pinsin Chréachta, Liúntaisí agus Aiscí fén Acht Arm-Phinsean, 1923 , agus chun síntiúisí iolardha mar gheall ar a Riara san, agus chun Pinsin fé Acht na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1924 , agus chun na gCostaisí i dtaobh Cóir Oispidéil do Dhaoine a bhí san Arm     ..     ..     ..     ..     ..

95,500

--

60

Chun Tuarastail agus Costaisí na Roinne Irscaigh     ..     ..     ..     ..

10

6,000

62

Chun Tuarastail agus Costaisí eile an Bhínse Bhóthair Iarainn a bunuíodh fé Acht na mBóthar Iarainn, 1924      ..

3,950

--

63

Chun Deontais i gCabhair do Chumann Ríoga Bhaile Atha Cliath mar gheall ar Thigh Laighean do bheith i seilbh an Oireachtais     ..     ..     ..

68,000

--

64

Chun Roimh-íocanna Ilghnéitheacha áirithe d'aisíoc leis an gCiste Teangmhais     ..     ..     ..     ..

1,172

--

65

Chun Roimh-íoca do Bhanc Náisiúnta na Talmhan, Teoranta     ..     ..     ..

300,000

--

£1,138,672

32,750

SCEIDEAL (B)—CUID III.

Sceideal de shuimeanna a deonadh agus de shuimeanna a féadfar a chur mar Leithreasaí-i-gCabhair in a dteanta san chun íoctha muirearacha na Seirbhísí Puiblí ar leithrigh a luaidhtear anso go sonnrách agus a thiocfidh chun íocaíochta i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1926:—

Suimeanna na raghaidh thar

Deontaisí

Leithreasaí-Soláthairi-gCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

1

Chun Tuarastail agus Costaisí Teaghlachas an tSeanascail fén Acht um Thuarastal agus Theaghlachas an tSeanascail, 1923      ..     ..

£

£

7,040

--

2

Chun Tuarastail agus Costaisí an Oireachtais     ..     ..     ..     ..

116,700

--

3

Chun Tuarastail agus Costaisí Roinn Uachtarán na hArd-Chomhairle     ..

15,024

--

4

Chun Tuarastail agus Costaisí Roinn an Ard-Scrúdóra     ..     ..     ..     ..

19,295

--

5

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Airgid, maraon le hOifig an Phághmháistir Ghenerálta     ..     ..

66,006

--

6

Chun Tuarastail agus Costaisí na Roinne Ioncuim     ..     .     ..     ..

703,310

9,720

7

Chun íoc Pinseana Sean-aoise fé Achtanna na bPinsean Sean-aoisc, 1908 go 1924, chun costaisí riaracháin áirithe a bhaineann leo san, agus chun Pinseana fén Blind Persons Act, 1920

2,607,100

600

8

Chun Capital do Chiste na nIasachtaí Áitiúla, agus chun aisíoc do dhéanamh le Rialtas na Breataine mar gheall ar iasachtaí áitiúla atá gan íoc     ..     ..

837,300

--

9

Chun Tuarastail agus Costaisí eile Coimisiún Sealadach, Coistí agus Fiosrúchán Speisialta     ..     ..

32,196

--

10

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig na nOibreacha Puiblí (1 & 2 Will. 4, c. 33, a. 5 & 6; 5 & 6 Vict., c. 89, a. 1 & 2; 9 & 10 Vict., c. 86, a. 2, 7 agus 9; 10 Vict., c. 32, a. 3; 33 & 34 Vict., c. 46, a. 42; 40 & 41 Vict., c. 27; 44 & 45 Vict., c. 49, a. 31, & c.)     ..

106,225

4,750

11

Chun Caitheachais i dtaobh Foirgintí Puiblí; chun coinneáil-suas Páirceanna agus Oibreacha Puiblí áirithe; chun coinneáil-suas Oibreacha Draeneála ar Abhainn na Sionainne; agus chun Ildeontaisí i gCabhair     ..

870,706

22,800

12

Chun Tuarastail agus Costaisí na Saotharlainne Stáit     ..     ..     ..

7,627

--

13

Chun Tuarastail agus Costaisí Coimisiún na Stát-Sheirbhíse ( Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 )     ..     ..

7,846

--

14

Chun Iocaíochtanna i dtaobh mille no díobháil do Mhaoin a dineadh i rith na tréimhse 21 Eanair, 1919, go 12 Bealtaine, 1923, go huile, fén Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 , fé mar do leasuíodh é, agus ar shlite eile; agus mar gheall ar dha máiste do mhaoin, no cailliúint mhaoine agus íocaíochtanna tré shlánú no tré aisíoc fén Acht Slánaíochta, 1924 ; agus chun deontaisí d'íoc a socruíodh a íoc de bharr mola an Property Losses (Ireland) Committee, 1916, mar chúiteamh i bhfoirgintí a milleadh i mBaile Atha Cliath i rith Seachtain na Cásca, 1916     ..     ..

3,690,300

--

15

Chun íocaíochtanna áirithe Cúitimh i dtaobh Leonta Pearsanta no Báis     ..

32,000

--

16

Chun Aois-liúntaisí, Cúiteamh, Liúntaisí agus Aiscí Truagha agus Breise fé Reachtanna iolardha; Cúiteamh fé Airtiogal 10 de Chonnra an 6adh Mí na Nodlag, 1921; Liúntaisí Truagha, Aiscí, agus Pinsin Bhreise a deonadh ag an Aire Airgid; Tuarastal an Dochtúra Réitigh; agus Iocaíochtanna Iolardha i dtaobh Pinsean a íocann an Rialtas Briotáineach fé láthair     ..

1,756,827

--

17

Chun Rátaí agus Síntiúisí in ionad Rátaí, etc., i dtaobh Maoine Rialtais

102,000

3,000

18

Chun Seirbhísí Sicréideacha     ..     ..

20,000

--

19

Chun Síntiúisí i gcóir Faoisimh ar Dhíomhaointeas agus ar Ghátar     ..

250,000

--

20

Chun Costaisí fén Representation of the People Act, 1918; fén Acht Timpeal Toghachán, 1923 , agus fé Acht na gCoistí Dháréag (Leasú), 1924      ..

37,000

--

21

Chun Costaisí Ilghnéitheacha áirithe, maraon le Deontaisí áirithe i gCabhair

8,216

--

22

Chun Páipéarachais, Clódóireachta, Páipéir, Greamuíochta agus Leabhra Clóbhuailte i gcóir na Seirbhíse Puiblí; chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an tSoláthair d'íoc; agus chun Ilsheirbhísí Ilghnéitheacha maraon le Tuairiscí Díospóireachtaí an Oireachtais     ..     ..     ..     ..

170,385

32,385

23

Chun Tuarastail agus Costaisí na Luachála Generálta agus na Suirbhéireachta Teorann fé sna hAchtanna 15 & 16 Vict., c. 63; 17 Vict., c. 8; 17 Vict., c. 17; 20 & 21 Vict., c. 45; 22 & 23 Vict., c. 8; 23 Vict., c. 4; 27 & 28 Vict., c. 52; agus 37 & 38 Vict., c. 70; maraon le Luacháil Diúité Estáit fén Finance (1909-10) Act, 1910     ..     ..     ..     ..

34,699

7,195

24

Chun Tuarastail agus Costaisí na Suirbhéireachta Ordanáis agus na Mionseirbhisí a bhaineas léi     ..     ..

48,349

2,250

25

Chun Tuarastail agus Liúntaisí agus Costaisí Oifigeacha iomdha Cúirte Cuarda, Bonus do Chléirigh na Coróinneach agus na Síochána, agus cnahun gCostaisí Ath-fhéachainte     ..

74,239

4,970

26

Chun Costaisí Coir-phróiseacht agus Dlí-mhuirearacha eile, maraon le Deontas i gcabhair do Chostaisí áirithe is iníoctha amach as Rátaí Áitiúla do réir Reachta     ..     ..

69,576

1,336

27

Chun Costaisí i dtaobh Longlainne Inis Sionnach     ..     ..     ..     ..

15,000

--

28

Chun Deontaisí i gCabhair do Chostaisí Fundúireachtaí Príomh-Scoile, maraon le Deontaisí fén Irish Universities Act, 1908, agus fén Acht Talmhan, 1923      ..     ..     ..

107,800

--

29

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Dlí agus Cirt     ..     ..     ..

35,538

--

30

Chun Tuarastail agus Costaisí an Ghárda Síochána ( Acht an Ghárda Síochána, 1924 , agus Acht Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 )     ..

1,463,976

63,878

31

Chun Costaisí Bhúird Ghenerálta na bPríosún agus na dTeaghlachaisí fé n-asmacht. Clárú na Síor-chuirptheach, agus Coinneáil-suas na nGealt gCuirpthe a coinnítear in Oispidéil Mheabhar-Ghalar Cheanntair (17 & 18 Vict., c. 76; 34 & 35 Vict., c. 112, a. 6; 40 & 41 Vict., c. 49; 47 & 48 Vict., c. 36; 61 & 62 Vict., c. 60; 1 Edw. 7, c. 17, a. 3; 8 Edw. 7, c. 59; agus 4 & 5 Geo. 5, c. 58).     ..     ..     ..

157,631

2,500

32

Chun Tuarastail agus Costaisí Breithiún den Chúirt Dúithche (An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , Alt 74)     ..

55,050

--

33

Chun pé cuid de Thuarastail agus de Chostaisí Chúirt Uachtarach agus Ard-Chúirt Shaorstát Éireann agus Chlárlann na nDintiúirí nách muirear ar an bPrímh-Chiste (30 & 31 Vict., c. 44, 114 agus 129; 40 & 41 Vict., c. 57; 45 & 46 Vict., c. 70 agus an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , a. 102); agus chun Tuarastail agus Costaisí fén Acht Athchomharcanna Cúirte Contae, 1924      ..     ..     ..

123,084

2,525

34

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig na nAnnálacha Puiblí agus Cimeádaí na Stát-Pháipéar, Baile Atha Cliath (30 & 31 Vict., c. 70; 38 & 39 Vict., c., 59 agus 39 & 40 Vict., c. 58)     ..

6,995

--

35

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomna Déirciúla (7 & 8 Vict., c. 97, a. 7 & 8; 30 & 31 Vict., c. 54, a. 24; agus 34 & 35 Vict., c. 102     ..     ..

3,128

48

36

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, maraon le Deontaisí agus Costaisí eile a bhaineann le Tógáil Tithe, Deontaisí d'Údaráis Áitiúla, agus Ildeontaisí i gCabhair, agus Costaisí Oifig Chigire na nGealtlann.

552,912

11,544

37

Chun Tuarastail agus Costaisí Roinn Ard-Chlárathóra na mBeireataisí, etc. (7 & 8 Vic., c. 81, a. 54; 26 Vic., c. 11, a. 9; 26 & 27 Vic., c. 52, a. 11, agus c. 90, a. 20; 42 & 43 Vic., c. 70; agus 43 & 44 Vic., c. 13)     ..     ..

14,371

5,700

38

Chun Costaisí Coinneáil-suas Geilteanna Cuirpthe i nGealtlann Dúndroma     ..

14,847

4,794

39

Chun Tuarastail agus Costaisí an Choimisiúin Arachais agus chun Ilsíntiúisí agus Ildeontaisí mar gheall ar chostas Sochar agus Costaisí Riaracháin fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1924 (maraon le Deontaisí áirithe i gCabhair)     ..

279,058

1,000

40

Chun Eilithe mar gheall ar Ospidéil agus Otharlanna, agus Liúntaisí áirithe Ilghnéitheacha Déirciúla agus eile, maraon le hIldeontaisí i gCabhair     ..

16,728

--

41

Chun Costaisí na Roinne Oideachais mar gheall ar chostaisí Riaracháin, Cigireachta, etc.     ..     ..     ..

183,068

1,607

42

Chun Costaisí Bun-Oideachais, maraon le Deontaisí i gCabhair do Chiste Phinsin na Múinteoirí     ..     ..

3,475,832

745

43

Chun Meadhon-Oideachais, maraon le Deontas Thuarastal na Múinteoirí, Deontas Ceann-tsraithe agus Méaduithe Tuarastail do Mhúinteoirí Meadhon-Scoileanna     ..     ..     ..

261,535

36,240

44

Chun na gCostaisí a bhaineann le Ceárd-Oideachas     ..     ..     ..     ..

167,720

40,398

45

Chun Tuarastail agus Costaisí na bhFundúireachtaí Eoluíochta agus Ealadhan i mBaile Atha Cliath agus Suirbhéireachta Géolaighe na hÉireann, maraon le hIldeontaisí i gCabhair, atá fé riara na Roinne Oideachais     ..

72,589

3,535

46

Chun Costaisí mar gheall ar Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, maraon le hAiteanna Coinneála (Children Act, 1908)     ..     ..     ..     ..

102,462

2,800

47

Chun Tuarastail agus Costaisí Ghailerí Náisiúnta na hÉireann     ..     ..

4,418

--

48

Chun Tuarastail agus Costaisí na Roinne Talmhaíochta agus Seirbhísí áirithe atá fé riara na Roinne sin, maraon le hIldeontaisí i gCabhair     ..

357,766

114,881

49

Chun Deontas i gCabhair don Chiste Foraoise (9 & 10 Geo 5, c. 58)     ..

30,743

--

50

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig Choimisiún Talmhan na hÉireann (44 & 45 Vict., c. 49, a. 46, agus c. 71, a. 4; 48 & 49 Vict., c. 73, a. 17, 18 agus 20; 53 & 54 Vict., c. 49, a. 2; 54 & 55 Vict., c. 48; 3. Edw. 7, c. 37; 7 Edw. 7, c. 38 agus c. 56; 9 Edw. 7, c. 42; an tAcht Dlí Thalmhan (Coimisiún), 1923 , agus an tAcht Talmhan, 1923 )     ..     ..     ..

644,993

86,090

51

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Tionnscail agus Tráchtála maraon le Moltóir agus Cúirteanna Réiteoirí, Síntiúisí do Chiste an Díomhaointis agus do Chiste Speisialta an Díomhaointis agus do Scéimeanna Speisialta, Iocaíochtanna le Comhlachais fé sna hAchtanna Arachais Díomhaointis, chun Roimh-íocanna d'íoc le lucht oibre fen Labour Exchanges Act, 1909, Táillí agus Costaisí na nDochtúirí Réitigh fén Workmen's Compensation Act, 1906, Táillí do Mháinleagha Deimhniúcháin fén Factory and Workshops Act, 1901, Táillí agus Costaisí fén Trade Boards Acts, 1909 and 1918, Táillí agus Costaisí fén Electricity (Supply) Act, 1919, agus fén Gas Regulation Act, 1920, agus fén Weights and Measures Act, 1889, agus fós Costaisí mar gheall ar Chó-ghléasa Idirnáisiúnta an Oibreachais (Cumann na Náisiún) maraon le Deontas i gCabhair     ..

366,484

115,450

52

Chun Iocaíochtanna fé Acht na mBóthar Iarainn, 1924 , fén Tramways and Public Companies (Ireland) Act, 1883, etc., agus chun crícheanna eile a bhaineann le Bóithre Iarainn in Éirinn     ..     ..     ..     ..

82,674

28,102

53

Chun Tuarastail agus Costaisí eile an Bhínse Bhóthair Iarainn a bunuíodh fé Acht na mBóthar Iarainn, 1924      ..

7,925

--

54

Chun Tuarastail agus Costaisí na Muir-Sheirbhíse (Merchant Shipping Acts, 1894-1921, Crown Lands Acts, 18291866)     ..     ..     ..     ..

10,634

2,262

55

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Iascaigh     ..     ..     ..     ..

60,775

45,805

56

Chun Tuarastail agus Costaisí na Roinne Puist agus Telegrafa, maraon le Telefóna     ..     ..     ..     ..

2,551,540

96,914

57

Chun Costas an Airm     ..     ..     ..

3,053,117

23,657

58

Chun Pinsin Chréachta, Liuntaisí agus Aiscí fén Acht Arm-Phinsean, 1923 , agus chun síntiúisí iolardha mar gheall ar a Riara san agus chun Pinsin d'íoc fé Acht na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1924      ..     ..

316,000

--

59

Chun Tuarastail agus Costaisí na Roinne Gnóthaí Coigríche     ..     ..     ..

46,973

--

60

Chun Deontas i gCabhair do Chostaisí Chumann na Náisiún agus chun Costaisí eile mar gheall air sin     ..

6,824

--

61

Chun Roimh-íocanna d'íoc le Cumainn Chreidiúna Talmhaíochta agus chun Costaisí a bhaineas leis sin d'íoc     ..

100,000

--

62

Chun an Deontas Talmhaíochta do mhéadú [ Acht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta), 1925 ]     .

599,011

--

£27,039,167

£779,481