33 1925


Uimhir 33 de 1925.


ACHT DRÉINEÁLA AIRTÉIRIGHE, 1925.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN TALAMH DO DHRÉINEÁIL AGUS CHUN TALAMH D'FHEABHSÚ TRÉ DHRÉINEÁIL. [11adh Iúl, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Míniú.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an focal “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn;

foluíonn an focal “dréineáil” dréineáil le taosca, ina aonar no maraon le slí eile, agus is dá réir sin a léireofar gach focal atá gaolmhar leis;

na focail uile le n-a gcuirtar bríonna speisialta leis an Local Government (Ireland) Act, 1898, isiad na bríonna speisialta a tugtar dóibh amhlaidh atá leo fé seach.

(2) I ngach tagairt san Acht so do thailte a dréineáladh no a moltar a dhréineáil, no do thailte a feabhsuíodh no a tairbhíodh le dréineáil no a moltar a fheabhsú no a thairbhiú amhlaidh, folóidh an focal “tailte” tailte, foirgintí, agus áitreabhacha de gach saghas, i mbaile no ar tuath.

Féadfidh sealbhairí rátuithe comhairle chontae d'achuingí.

2. —(1) Aon tseisear no níos mó, eadhon, sealbhairí rátuithe tailte atá i mbaol a dtuilithe no a ndíobhála o uisce no is féidir a fheabhsú le dréineáil, no daoine gur ar iontaoibh no chun tairbhe dhóibh atá aon tailte den tsórt san ar seilbh ag á sealbhairí rátuithe, féadfid a iarraidh ar chomhairle na contae no ar chomhairlí fé seach na gcontaethe uile agus fé seach ina luíonn na tailte sin a chur fé ndeár go ndéanfar oibreacha dréineála chun na tailte sin do dhréineáil no d'fheabhsú agus a chur fé ndeár go ndéanfar ceanntar dreineála fé leith de sna tailte sin, i dteanta no d'éamais tailte eile i gcomhursanacht na dtailte sin.

(2) Is le hachuinge a tíolacfar chun na comhairle contae a déanfar gach iarratas chun comhairle contae fén alt so, agus beidh gach achuinge den tsórt san i scríbhinn, i pé fuirm a ordóidh na Coimisinéirí, agus déarfar inti i dtéarmaí generálta cadiad na hoibreacha dréineála a moltar léi a dhéanamh agus beidh mapa ceangailte dhi ag taisbeáint na dtailte go moltar léi ceanntar dréineála fé leith do dhéanamh díobh.

(3) I gcás na dtailte go moltar le haon achuinge den tsort san ceanntar dréineála fé leith do dhéanamh díobh do bheith suidhte i níos mó ná aon chontae amháin, tíolacfar an achuinge do chomhairle gach contae ina luíonn aon chuid de sna tailte sin agus san d'ainneoin gan an chuid de sna tailte sin atá ar seilbh ag na hachuingeoirí do bheith ag dul isteach i ngach contae den tsórt san.

An nós-imeachta a leanfidh comhairle chontae ar fháil achuinge dhi.

3. —(1) Déanfidh gach comhairle dá dtíolacfar achuinge fén Acht so an achuinge sin do chur fé bhráid an tsuirbheura chontae chun a thuarasgabháil d'fháil ar thréithe generálta na molta atá san achuinge.

(2) Chun tuarasgabháil den tsórt san roimhráite do dhéanamh beidh teideal ag an suirbhéir contae agus ag á chongantóirí chun dul isteach gach tráth réasúnta ar na tailte dá dtagartar san achuinge agus ar pé tailte eile ina gcomhursanacht san is dó leis-sean no leo-san is gá agus fós in aon áitreabh ar aon tailte den tsórt san agus pé lorgaireachtaí agus nithe do dhéanamh san áit sin a chífar do-san no dhóibh-sean a bheith riachtanach chun an tuarasgabháil sin do dhéanamh.

(3) Ar fháil tuarasgabháil an tsuirbheura chontae ar an achuinge sin dóibh breithneoidh an chomhairle an achuinge sin agus an tuarasgabháil sin ag cruinniú gur tugadh fógra seacht lá ar a luíod ina thaobh do gach ball fé leith agus féadfid, más oiriúnach leo é, rún do rith—

(a) á rá go bhfuilid sásta leis na molta atá san achuinge no á fhaisnéis nách mór tuille fiosrúcháin do dhéanamh ionta, agus in aon chás acu san

(b) á iarraidh ar na Coimisinéirí na molta san do scrúdú agus féachaint ar cheart scéim dhréineála d'ullamhú agus ceanntar dréineála fé leith do dhéanamh chun éifeacht do thabhairt do sna molta san, agus

(c) á thógaint ortha féin, má dintar ceanntar dréineála fé leith de sna tailte dá dtagartar san achuinge, no d'aon chuid acu, i dteanta no d'éamais tailte eile i gcomhursanacht na dtailte sin, go ndéanfadh an chomhairle na hoibreacha dréineála a déanfí sa cheanntar dhréineála san do choinneáil i dtreo sa mhéid go mbeidís suidhte i gcontae na comhairle agus go mbaileoidís agus go n-íocfidís an bhlianacht ionstadtha, na rátaí dréineála, agus airgead eile a bheadh ionbhailithe no iníoctha acu ar scór na n-oibreacha san do dhéanamh no do choinneáil i dtreo.

(4) Má ritheann comhairle chontae go cuibhe aon rún den tsórt san roimhráite, cuirfidh rúnaí na comhairle chun na gCoimisinéirí láithreach cóip den rún san agus den achuinge (agus an mapa ceangailte dhi) le n-a mbaineann an rún.

(5) Tar éis aon achuinge agus tuarasgabháil den tsórt san do bhreithniú dhóibh, mara rithidh comhairle chontae aon rúin den tsórt san roimhráite cuirfidh rúnaí na comhairle chun na gCoimisinéirí láithreach cóip den achuinge (agus an mapa ceangailte dhi) agus den tuarasgabháil.

(6) Má tíolactar aon achuinge den tsórt san do chomhairlí dhá chontae no níos mó do réir an Achta so féadfidh na comhairlí sin cur le chéile chun an achuinge sin do bhreithniú agus, in ionad an achuinge do chur fé bhráid suirbheura chontae gach contae fé leith acu, féadfid an achuinge do chur fé bhráid suirbheura chontae aon chontae amháin acu agus sa chás san féadfidh gach comhairle acu gníomhú fén alt so do réir tuarasgabháil an tsuirbheura chontae sin.

(7) In ionad an achuinge sin do chur fé bhráid suirbheura chontae, féadfidh aon chomhairle chontae no roinnt comhairlí contae le chéile, le cead an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, an achuinge do chur fé bhráid innealtóra cháilithe éigin eile a ainmneoidh an chomhairle no na comhairlí sin, agus sa chás san déanfar gach tagairt do shuirbhéir chontae san alt so do léiriú agus beidh éifeacht aici mar thagairt don innealtóir cháilithe sin agus is amach as ciste contae na comhairle a híocfar luach saothair an innealtóra cháilithe sin no, i pé cionúireachtaí a ordóidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, amach as cistí contae uile agus fé seach na gcomhairlí a cheapfidh an t-innealtóir sin.

Scrúdóidh na Coimisinéirí an achuinge.

4. —(1) Nuair a gheobhaidh na Coimisinéirí, do réir an Achta so—

(a) cóip de rún agus d'achuinge o rúnaí comhairle na contae ina luíonn iomlán na dtailte go moltar san achuinge sin ceanntar dréineála fé leith do dhéanamh díobh, no

(b) cóipeanna de rúin agus d'achuingeacha o rúnaí comhairle gach contae ina luíonn aon chuid de sna tailte go moltar san achuinge sin ceanntar dréineála fé leith do dhéanamh díobh,

ceapfidh na Coimisinéirí innealtóir cáilithe agus fós, más dó leo gur gá é, duine go bhfuil taithí aige ar thalamh do luacháil chun na molta atá san achuinge sin do scrúdú agus chun tuarasgabháil ortha do thabhairt do sna Coimisinéirí.

(2) Gach éinne a cheapfidh na Coimisinéirí chun tuarasgabháil do thabhairt dóibh fén alt so maidir le hachuinge, beidh teideal aige chun dul isteach gach tráth réasúnta, maraon le congantóirí agus le lucht oibre, ar na tailte dá dtagartar san achuinge sin agus ar pé tailte eile ina gcomhursanacht san is dó leis is gá agus fós in aon áitreabh ar aon tailte den tsórt san agus pé lorgaireachtaí agus nithe do dhéanamh san áit sin a chífar do a bheith riachtanach chun crícheanna a thuarasgabhála.

An nósimeachta a leanfar nuair a chinnfidh na Coimisinéirí i gcoinnibh na hachuinge.

5. —Tar éis do sna Coimisinéirí breithniú do dhéanamh ar an rún no ar na rúin agus ar an achuinge gur chuir rúnaí comhairle contae no rúnaithe comhairlí contae cóipeanna dhíobh chúcha do réir an Achta so agus ar thuarasgabhála pé daoine do cheapadar chun tuarasgabháil do thabhairt dóibh ar na molta atá san achuinge sin, más dó leo nách ceart, agus an scéal mar atá, scéim dhréineála d'ullamhú ná ceanntar dréineála fé leith do dhéanamh cuirfid an méid sin in úil don chomhairle chontae no do sna comhairlí contae sin agus san am gcéanna neosaid don chomhairle no do sna comhairlí sin cadiad na réasúin ar a bhfuil an tuairim sin bunuithe.

An nósimeachta a leanfar nuair a chinnfidh na Coimisinéirí i bhfabhar don achuinge.

6. —(1) Tar éis do sna Coimisinéirí breithniú do dhéanamh ar rún no ar rúin agus ar achuinge gur chuir rúnaí comhairle contae no rúnaithe comhairlí contae cóipeanna dhíobh chúcha do réir an Achta so agus ar thuarasgabhála pé daoine do cheapadar chun tuarasgabháil do thabhairt dóibh ar na molta atá san achuinge sin, más dó leo gur ceart, agus an scéal mar atá, scéim dhréineála d'ullamhú agus ceanntar dréineála fé leith do dhéanamh chun cuspóirí na molta san do thabhairt chun críche, cuirfid an méid sin in úil don chomhairle chontae no do sna comhairlí contae sin agus ullamhóid scéim dhréineála dá réir sin.

(2) Le gach scéim dhréineála a ullamhóidh na Coimisinéirí fén Acht so déanfar, i gcorp na scéime no le mapaí, tarraiceoireachtaí, pleananna, gearrtha, agus sceidil oiriúnacha a bheidh ceangailte dhi, na nithe seo a leanas do thaisbeáint, sé sin le rá:—

(a) na haibhní, na srutháin no na huiscí go moltar deighleáil leo agus na tailte a moltar a dhréineáil no a fheabhsú, agus

(b) na hoibreacha a moltar a dhéanamh, agus

(c) na tailte agus na háitreabhacha a moltar a thógaint go héigeanta, na héasáidí, na cirt uisce, agus na cirt eile go moltar iad do thógaint go héigeanta, do shriana, do stad, no cur isteach ortha ar aon tslí eile, agus na bóithre agus na droichid (puiblí no príobháideach) go moltar iad do chasa, d'aistriú, no cur isteach ortha ar aon tslí eile, agus

(d) sealbhairí rátuithe na dtailte uile agus fé seach a moltar a dhréineáil no a fheabhsú, luacha fé seach na dtailte sin uile agus fé seach le linn ullamhuithe na scéime, agus an méid is dócha a méadófí na luacha san fé seach de bharr na n-oibreacha a moltar do dhéanamh, agus

(e) na daoine atá in ainm bheith ina ndílseánaigh, ina n-únaerí, no ina sealbhairí rátuithe no eile ar na tailte agus ar na háitreabhacha, ar na héasáidí, ar na cirt uisce, agus ar na cirt eile, ar na bóithre agus ar na droichid phríobháideacha, ortha uile agus fé seach, go moltar iad do thógaint go héigeanta, do shriana, do stad no cur isteach ortha no baint leo ar aon tslí eile, agus meastachán ar an gcúiteamh a bheadh iníoctha leis na dílseánaigh, na húnaerí agus na sealbhairí sin fé seach mar gheall ar an tógaint éigeanta, an sriana, an stad, an cur isteach, no an bhaint sin, agus

(f) an líomatáiste go bhfuil ceanntar dréineála fé leith le déanamh de ar chríochnú na n-oibreacha a moltar, agus

(g) meastachán ar chostas na n-oibreacha a moltar do dhéanamh agus ar na caithteachaisí generálta chun an scéim do thabhairt chun críche, agus

(h) an méid a thairgeann an tAire Airgid a íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, mar chabhair chun íoctha na gcostas agus na gcaithteachaisí chun an scéim do thabhairt chun críche.

(3) Má tugtar scéim dhréineála chun críche agus go ndéanfar ceanntar dréineála fé leith dá réir, beidh ina gcuid de sna caithteachaisí generálta chun an scéim do thabhairt chun críche agus íocfar dá réir sin na caithteachaisí fé n-a raghaidh na Coimisinéirí ag breithniú agus ag scrúdú an rúin no na rún agus na hachuinge agus na molta san achuinge agus ag ullamhú na scéime dréineála.

(4) Más rud é, ar aon chúis, ná tabharfar scéim dhréineála chun críche ina hiomláine agus ná déanfar ceanntar dréineála fé leith dá réir, íocfar na caithteachaisí fé n-a raghaidh na Coimisinéirí, ag breithniú agus ag scrúdú an rúin no na rún agus na molta sa rún no sna rúin sin agus ag ullamhú na scéime dréineála agus ag tabhairt na scéime chun críche sa mhéid go dtabharfar í chun críche, íocfar iad, chó fada le n-a dhá dtrian, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus, chó fada le n-a dtrian, ag an gcomhairle chontae do rith an rún no (marab é sin é) ag na comhairlí contae uile agus fé seach do rith na rúin i pé cionúireachtaí a ordóidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí agus, in aon chás acu, amach as pé cistí agus tré pé ráta a ordóidh an tAire.

Foillsiú fógraí i dtaobh scéime dréineála.

7. —Nuair a ullamhóidh na Coimisinéirí scéim dhréineála fén Acht so, déanfidh na Coimisinéirí—

(a) fógra d'fhoillsiú tré fhógrán do chur san Iris Oifigiúil agus i bpáipeur no i bpáipéirí a léightear sa cheanntar le n-a mbaineann an scéim, fógra á rá go bhfuiltar tar éis an scéim do dhéanamh, agus cadiad na bailte fearainn le n-a mbaineann sí, agus ag ainmniú áite comhgaraí in ar féidir an scéim (agus na mapaí agus na scríbhinní eile go léir ceangailte dhi) no cóip di d'iniúcha, agus

(b) cóip den bhfógra atá le foillsiú san Iris Oifigiúil do réir na míre sin roimhe seo do sheirbheáil ar gach duine atá ina shealbhaire rátuithe ar thailte a moltar sa scéim a dhréineáil no a fheabhsú agus fós fógra á éileamh ar an sealbhaire rátuithe ar a seirbheálfar é a chur in úil do sna Coimisinéirí, sa tslí agus laistigh den aimsir (nách giorra ná mí) a luaidhtear ann, ce'ca aontuíonn sé no ná haontuíonn sé leis an scéim agus a bhfuil éinní, agus má tá cadé an ní atá, aige i gcoinnibh na scéime no i gcoinnibh aon mhapa no scríbhinne eile atá ceangailte dhi, agus

(c) cóip den bhfógra atá le foillsiú san Iris Oifigiúil mar adubhradh do sheirbheáil ar gach éinne atá in ainm bheith ina dhílseánach, ina únaer, no ina shealbhaire ar thailte, ar chirt, no ar mhaoin eile go moltar sa scéim iad do thógaint go héigeanta no cur isteach ortha no baint leo ar aon tslí eile, agus fós fógra á chur in úil don dílseánach, don únaer, no don tsealbhaire sin go moltar leis an scéim talamh no ceart éigin no maoin éigin eile is leis no atá ar seilbh aige do thógaint go héigeanta no cur isteach air (agus beidh tuairisc iomlán sa bhfógra ar an gcur-isteach san (más ann do) agus ar an maoin sin) agus á éileamh air, má tá éinní aige i gcoinnibh na scéime no i gcoinnibh aon mhapa no scríbhinne eile atá ceangailte dhi, an ní sin do chur in úil do sna Coimisinéirí sa tslí agus laistigh den aimsir (nách giorra ná mí) a luaidhtear sa bhfógra, agus

(d) cóip den bhfógra atá le foillsiú san Iris Oifigiúil mar adubhradh do sheirbheáil ar an údarás áitiúil 'na bhfuil sé de chúram air aon bhóthar no droichead puiblí do choinneáil i dtreo 'na moltar sa scéim é do chasa no d'aistriú no cur isteach ar aon tslí cile air agus fós fógra ag innsint don údarás áitiúil sin mar gheall ar an gcasa, ar an aistriú no ar an gcur-isteach eile a moltar amhlaidh.

(2) Gach fógra agus scríbhinn eile atá le seirbheáil fén alt so féadfar é sheirbheáil tré n-a chur tríd an bpost roimh-íoctha, i gclúdach a bheidh dírithe chun an té ar a bhfuil sé le seirbheáil, ag á ghnáth-sheola no ag an seola is déanaí is eol a bheith aige, no (marab eol aon tseola den tsórt san) ag na tailte no ag an áit ina bhfuil an ceart no an mhaoin le n-a mbaineann an fógra, agus gach fógra no scríbhinn eile a seirbheálfar amhlaidh tuigfar gur seirbheáladh é an uair a déanfí an clúdach ina bhfuil sé do sheachada i ngnáth-chúrsa an phuist ag an seola a luaidhtear ar an gclúdach.

Agóidí i gcoinnibh scéime dréineála.

8. —(1) Scrúdóidh na Coimisinéirí i dtráth na conbharsáidí a gheobhaid o shealbhairí rátuithe tailte a moltar sa scéim dhréineála a dhréineáil no a fheabhsú agus gheobhaid amach cá mhéid de sna sealbhairí sin d'easaontuigh leis an scéim (sealbhairí dá ngairmtear “sealbhairí easaontathacha” ina dhiaidh seo anso) sa tslí agus laistigh den aimsir a luaidhtear sna fógraí a sheirbheáil na Coimisinéirí ortha, agus gheobhaid amach, leis, luach iomlán na dtailte atá ar seilbh ag sealbhairí easaontathacha agus a moltar sa scéim a dhreineáil no a fheabhsú agus, más mó an luach iomlán san ná leath luach iomlán na dtailte go léir a moltar sa scéim a dhréineáil no a fheabhsú, ní dhéanfidh na Coimisinéirí a thuille i dtaobh na scéime dréineála, ach féadfid, más oiriúnach leo é, scéim dhréineála nua no atharuithe d'ullamhú chun cuspóirí no cuid de chuspóirí na molta atá san achuinge do chur in éifeacht agus sa chás san bainfidh forálacha an Achta so (ar a n-áirítear an t-alt so) leis an scéim nua no atharuithe sin chó hiomlán agus bhainid le scéim dhréineála bhunaidh.

(2) I gcás luach iomlán na dtailte atá ar seilbh ag sealbhairí easaontathacha agus a moltar sa scéim a dhréineáil no a fheabhsú do bheith có-ionann le leath luach iomlán na dtailte go léir a moltar sa scéim a dhréineáil no a fheabhsú, no níos lú ná san, scrúdóidh na Coimisinéirí na hagóidí (más ann dóibh) a cuireadh isteach chun na gCoimisinéirí i gcoinnibh na scéime o shealbhairí rátuithe tailte a moltar sa scéim a dhréineáil no a fheabhsú, no o dhaoine atá in ainm bheith ina ndílseánaigh, ina n-únaerí, no ina sealbhairí ar thailte, ar chirt, no ar mhaoin go moltar sa scéim iad do thógaint go héigeanta, cur isteach ortha, no baint leo ar aon tslí eile, agóidí a cuireadh isteach sa tslí agus laistigh den aimsir a luaidhtear sna fógraí a seirbheáladh fén Acht so, agus féadfidh na Coimisinéirí aon agóidí den tsórt san ná fuil ach suaibhreosach no ciapthach dar leo do chaitheamh amach.

(3) Nuair a déanfar an scrúdú conbharsáidí sin, má chítar ná fuil aon agóidí den tsórt san ann no má dintar gach agóid den tsórt san do chaitheamh amach no do tharrac siar, tíolaicfidh na Coimisinéirí an scéim dhréineála don Aire Airgid chun a daingnithe, ach má chítar, nuair a déanfar an scrúdú san, go bhfuil aon agóid den tsórt san ann nár caitheadh amach ná nár tarraigeadh siar, cuirfidh na Coimisinéirí fé ndeár fiosrúchán puiblí do dhéanamh i dtaobh na n-agóidí sin mar a foráltar ina dhiaidh seo anso.

(4) Isé is luach d'aon talamh chun crícheanna an ailt seo ná a luach mar adeirtear é sa scéim dhréineála.

Fiosrúchán i dtaobh agóidí.

9. —(1) Isé an té a cheapfidh na Coimisinéirí chuige a dhéanfidh fiosrúchán puiblí i dtaobh agóidí i gcoinnibh scéime dréineála agus san san am agus san áit a ordóidh na Coimisinéirí, agus tabharfar fógra puiblí i pé slí is dó leis na Coimisinéirí is ceart i dtaobh an fhiosrúcháin sin do bheith le déanamh agus déanfidh na Coimisinéirí, leis, fógra speisialta do chur tríd an bpost roimh-íoctha, i dtaobh an fhiosrúcháin do bheith le déanamh, chun na ndaoine a chuir isteach na hagóidí 'na bhfuil an fiosrúchán le déanamh ina dtaobh.

(2) Beidh teideal ag na daoine seo a leanas chun teacht i láthair agus éisteacht d'fháil (i bpearsain no tré atúrnae no tré abhcóide) agus fianaise do thairisgint ag an bhfiosrúchán, sé sin le rá:—

(a) na daoine uile agus fé seach a chuir isteach na hagóidí ’na bhfuil an fiosrúchán á dhéanamh ina dtaobh, agus

(b) éinne de sna hachuingeoirí gur hullamhuíodh an scéim dhréineála de bharr a n-achuinge, agus

(c) an chomhairle chontae no an roinnt comhairlí contae gur hullamhuíodh an scéim dhréineála de bharr a rúin no a rún, agus

(d) éinne eile le n-a mbaineann an scéim dhréineála agus gur oiriúnach leis an té atá ag déanamh an fhiosrúcháin é éisteacht.

(3) An té a bheidh ag déanamh fiosrúcháin den tsórt san roimhráite tabharfa sé tuarasgabháil do sna Coimisinéirí ar an bhfiosrúchán nuair a bheidh sé déanta aige, agus tar éis an tuarasgabháil sin do bhreithniú dhóibh féadfidh na Coimisinéirí pé atharuithe (pe'ca tré atharú do dhéanamh é no cur leis no fágaint ar lár) is dó leo is ceart do dhéanamh sa scéim dhréineála agus ansan tíolaicfid an scéim dhréineála don Aire Airgid chun a daingnithe.

(4) Na costaisí agus na caithteachaisí fé n-a raghaidh na Coimisinéirí ag déanamh aon fhiosrúcháin den tsórt san tuigfar gur cuid iad de sna caithteachaisí a bhí ar na Coimisinéirí ag ullamhú na scéime dréineála.

An tAire Airgid do dhaingniú scéime dréineála.

10. —(1) I dteanta scéime dréineála a thíolaicfidh na Coimisinéirí don Aire Airgid chun a daingnithe beidh pé molta is oiriúnach leis na Coimisinéirí a dhéanamh i dtaobh daingniú na scéime no daingniú aon choda dhi no i dtaobh diúltú don scéim no d'aon chuid di do dhaingniú, agus, ar bhreithniú na molta san do, féadfidh an tAire Airgid le hordú, más oiriúnach leis é, an scéim do dhaingniú gan í d'atharú no tar éis pé atharuithe (pe'ca tré atharú do dhéanamh é no cur leis no fágaint ar lár) is oiriúnach leis do dhéanamh uirthi, no féadfa sé diúltú don scéim do dhaingniú.

(2) Laistigh de mhí tar éis ordú daingnithe scéime dréineála fén alt so do bheith déanta seirbheálfidh na Coimisinéirí cóip den ordú ar na daoine uile agus fé seach atá in ainm bheith ina ndílseánaigh, ina n-únaerí, no ina sealbhairí rátuithe no eile ar gach talamh, ceart agus maoin eile go moltar sa scéim é thógaint go héigeanta no cur isteach air no baint leis ar aon tslí eile.

Tabharfidh na Coimisinéirí an scéim dhréineála chun críche nuair a bheidh sí daingnithe.

11. —Nuair a bheidh ordú déanta ag an Aire Airgid fén Acht so ag daingniú scéime dréineála, tosnóidh na Coimisinéirí ar an scéim do thabhairt chun críche agus chuige sin oibreoidh an t-ordú chun comhacht do bhronna ar na Coimisinéirí—

(a) chun na hoibreacha a luaidhtear sa scéim do dhéanamh agus do chríochnú maraon le gach cur-leo, fágaint-arlár ionta, atharú ortha, agus casa-i-leataoibh uatha, a bheidh réasúnta agus a gheobhfar a bheith riachtanach le linn na hoibre, agus

(b) chun dul isteach ar aon talamh no in aon áitreabh agus gach gníomh agus ní do dhéanamh ann a bheidh riachtanach do réir réasúin, no a eireoidh, i ndéanamh no i gcríochnú na n-oibreacha maraon le gach cur-leo, fágaint-ar-lár ionta, atharú ortha, agus casa-i-leataoibh uatha mar adubhradh, agus

(c) chun na rudaí seo uile agus fé seach do thógaint go héigeanta, eadhon, na tailte agus na háitreabhacha, na héasáidí, na cirt uisce agus na cirt eile a moltar sa scéim a thógaint amhlaidh, agus, más oiriúnach leis na Coimisinéirí é, dul isteach ar aon tailte no in aon áitreabhacha acu san no aon cheann de sna héasáidí, de sna cirt uisce, agus de sna cirt eile sin d'fheidhmiú aon uair tar éis daingnithe na scéime dréineála agus sara ndéanfar na tailte, na háitreabhacha, na héasáidí, na ná cirt sin do leithliú ná a bpraghas d'fháil amach, agus

(d) chun srian no stad do chur leis na nithe seo, no chun cur isteach ortha ar aon tslí eile, eadhon, aon éasáidí, cirt uisce, no cirt eile go moltar sa scéim srian no stad do chur leo no cur isteach ortha go héigeanta, agus chun bóithre no droichid do chasa no d'aistriú, no cur isteach ortha ar aon tslí eile, eadhon, aon bhóithre no droichid go moltar sa scéim iad do chasa no d'aistriú no cur isteach ortha, agus, más oiriúnach leis na Coimisinéirí é, chun éinní de sna nithe roimhráite do dhéanamh aon uair tar éis daingnithe na scéime dréineála agus sara ndéanfar aon leithliú ná fáil-amach cúitimh maidir le héinní acu, agus

(e) chun gach gníomh agus ní eile do dhéanamh is dó leis na Coimisinéirí a bheidh riachtanach no ceart no a eireoidh do réir réasúin maidir leis an scéim do thabhairt chun críche go cuibhe, agus ná fuil aon tsocrú fé leith ina dtaobh san Acht so.

méid an chúitimh.

12. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis dáta an orduithe ón Aire Airgid ag daingniú na scéime dréineála, tosnóidh na Coimisinéirí ar na rudaí seo uile agus fé seach do thógaint go héigeanta, eadhon, na tailte agus na háitreabhacha, na héasáidí, na cirt uisce agus na cirt eile a moltar sa scéim a thógaint go héigeanta, agus, mara ndintar có-aontú ina thaobh, ceapfar fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus dá réir, an cúiteamh a híocfar as na tailte, na háitreabhacha, agus na cirt sin leis na daoine uile agus fé seach go bhfuil teideal acu chúcha no estáití no leasanna acu ionta, no go bhfuil teideal acu chun na dtailte agus na n-áitreabhacha, no estáití no leasanna acu sna tailte agus sna háitreabhacha, ar a bhfuil na cirt sin le tógaint.

(2) Maidir le méid an chúitimh is iníoctha—

(a) le héinne mar gheall ar shrian no stad do chur le haon éasáid, ceart uisce, no ceart eile go héigeanta no mar gheall ar chur isteach air go héigeanta ar aon tslí eile no mar gheall ar aon bhóthar no droichead príobháideach do chasa no d'aistriú no mar gheall ar chur isteach air ar aon tslí eile fén scéim dhréineála no dá réir, no

(b) le haon údarás no cólucht, go bhfuil sé de chúram ortha aon bhóthar no droichead puiblí do choinneáil i dtreo, mar gheall ar an mbóthar no ar an droichead san do chasa no d'aistriú no mar gheall ar chur isteach air ar aon tslí eile fén scéim dhréineála no dá réir,

mara ndintar có-aontú ina thaobh, ceapfar é fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus dá réir, díreach fé is dá mb'é an cúiteamh san an praghas a bheadh ar thalamh a tógfí go héigeanta.

(3) Nuair a bheidh cúiteamh á mheas do réir an ailt seo maidir le haon tailte, áitreabh, no ceart atá i seilbh no in úsáid no as a bhfuil tairbhe á bhaint maraon le haon mhuileann no monarcha no atá mar chuid dá leithéid, cuimhneofar ar aon tairbhe a thagann no a thiocfidh as aon fheasbhsú ar chomhacht uisce an mhuilinn no na monarchan san no as buaine an tsoláthar uisce a thagann chuige no as fuascailt o chúl-uisce, feabhsú, buaine, no fuascailt nách miste, do réir réasúin, súil do bheith le n-a theacht de bharr na hoibreacha do dhéanamh a luaidhtear sa scéim dhréineála.

(4) Bainfidh ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, leis an gcúiteamh is iníoctha ag na Coimisinéirí agus leis na leithlithe a déanfar chun na gCoimisinéirí ar thailte, ar áitreabhacha, agus ar chirt fén Acht so, agus chun crícheanna na bainte sin tuigfar gurb iad na Coimisinéirí bunathóirí an ghnótha.

(5) Ní luighfidh aon aicsean i gcúrsaí dlí ná cothruim i gcoinnibh na gCoimisinéirí ná i gcoinnibh éinne dá n-oifigigh ná dá seirbhísigh i dtaobh aon ghnímh, ní, ná ruda go bhfuil cúiteamh iníoctha ina thaobh de bhua an ailt seo.

Airgead do sholáthar chun scéim dhréineála do thabhairt chun críche.

13. —An t-airgead is gá chun íoctha an chostais agus na gcaithteachaisí fé n-a raghaidh na Coimisinéirí ag tabhairt na scéime dréineála chun críche agus ag déanamh na n-oibreacha a luadhfar inti (airgead ar a n-áirítear gach cúiteamh agus airgead eile is iníoctha agus gach fo-chostas) soláthrófar é mar leanas:—

(a) féadfidh an tAire Airgid oiread agus is dó leis is ceart de sna costaisí agus de sna caithteachaisí sin d'íoc amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas;

(b) féadfidh comhairle aon chontae, ina luíonn an líomatáiste no aon chuid den líomatáiste go moltar sa scéim dréineála ceanntar dréineála fé leith do dhéanamh de, oiread de sna costaisí agus de sna caithteachaisí sin agus is dó leis an gcomhairle sin is ceart, agus a cheadóidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, d'íoc leis na Coimisinéirí amach as an gciste contae no as airgead a cruinneofar chuige sin tré iasacht d'fháil fén Acht so;

(c) déanfidh na Coimisinéirí a mbeidh de bhreis ag na costaisí agus ag na caithteachaisí sin ar na suimeanna (más ann dóibh) a soláthrófar fé sna míreanna san roimhe seo do roimh-íoc amach as airgead atá fé n-a gcúram agus is féidir a thabhairt amach ar iasacht, agus aisíocfar é leis na Coimisinéirí sa tslí a foráltar ina dhiaidh seo anso.

Ullamhóidh na Coimisinéirí dreacht-mhola.

14. —(1) Nuair a bheidh agus chó luath agus bheidh an scéim dhréineála tugtha chun críche go hiomlán agus na hoibreacha uile atá le déanamh do réir na scéime sin críochnuithe, ullamhóidh agus foillseoidh na Coimisinéirí dreacht-mhola.

(2) Le gach dreacht-mhola a hullamhófar fén alt so déanfar i gcorp an mholta no le mapaí, tarraiceoireachtaí, pleannanna, gearrtha, agus sceidil oiriúnacha a bheidh ceangailte dhe, na nithe seo a leanas do thaisbeáint:—

(a) i dtéarmaí generálta, na tailte a dréineáladh no a feabhsuíodh agus na hoibreacha a dineadh do réir na scéime dréineála, agus

(b) na tailte áirithe a dréineáladh no a feabhsuíodh, sealbh airí rátuithe na dtailte sin, agus na caindíochtaí uile agus fé seach de sna tailte sin atá i seilbh na sealbhairí rátuithe sin fé seach, agus

(c) na méideanna fé seach do b'fhiú, ar dháta ullamhuithe na scéime dréineála, na caindíochtaí sin uile agus fé seach de sna tailte a dréineáladh no a feabhsuíodh amhlaidh, agus na méideanna a méaduíodh na méideanna san fé seach tríd na hoibreacha san do dhéanamh, agus

(d) méid iomlán na gcostaisí agus na gcaithteachaisí go léir fé n-ar chuaidh na Coimisinéirí ag déanamh oibreacha do réir na scéime dréineála agus go generálta ag tabhairt na scéime dréineála chun críche, agus

(e) méid na coda de sna costaisí agus de sna caithteachaisí roimhráite do híocadh amach as airgead do roimh-íoc na Coimisinéirí (agus san Acht so gairmtear den chuid sin uaireanta roimh-íocanna na gCoimisinéirí), agus

(f) méid na blianachta ionstadtha tré n-a ndéanfar roimhíocanna na gCoimisinéirí d'aisíoc do réir an Achta so, agus

(g) na cionúireachtaí ina mbeidh ar na tailte sin a dréineáladh no a feabhsuíodh amhlaidh an ráta dréineála d'íoc chun íoctha na blianachta ionstadtha san agus chun íoctha costais bhliantúla na n-oibreacha san do choinneáil i dtreo, agus

(h) an chontae no an roinnt chontaethe ina luíonn na tailte sin a dréineáladh no a feabhsuíodh amhlaidh, agus, más i mbreis agus aon chontae amháin a luíonn na tailte sin, na cionúireachtaí ina mbeidh roimh-íocanna na gCoimisinéirí agus an t-ús ar na roimh-íocanna san agus an bhlianacht ionstadtha san agus an costas bliantúil sin na n-oibreacha do choinneáil i dtreo ina n-ualach ar chomhairlí fé seach na gcontaethe sin, agus

(i) an líomatáiste dá ndéanfar ceanntar dréineála fé leith do réir na scéime dréineála.

(3) Beidh i ngach dreacht-mhola den tsórt san, leis, i bhfuirm dreachta, na forálacha uile agus fé seach is gá chun go ndéanfí gach ní no rud no chun socrú i gcóir gach ní no ruda gur gá do réir an Achta so é rá i mola deiridh no é dhéanamh no socrú ina chóir tré mhola dheiridh.

(4) Nuair a beifear á shocrú, chun crícheanna an dreacht-mholta no molta dheiridh, cadiad na cionúireachtaí ina mbeidh aon tsuim no ráta ina ualach ar na caindíochtaí uile agus fé seach de sna tailte a dréineáladh no a feabhsuíodh amhlaidh, cuimhneoidh na Coimisinéirí ar mhéid na tairbhe no an fheabhais a dintar do sna tailte sin no a cuirtar ortha fé seach tríd an scéim dhréineála do thabhairt chun críche.

Foillsiú fógraí i dtaobh an dreacht-mholta.

15. —(1) Nuair a ullamhóidh na Coimisinéirí dreacht fén Acht so, foillseoidh na Coimisinéirí, tré fhógrán do chur san Iris Oifigiúil agus i bpáipeur no i bpáipéirí a léightear sa cheanntar le n-a mbainfadh an mola deiridh nuair a bheadh sé déanta, fógra á rá go bhfuiltar tar éis an dreacht-mhola d'ullamhú agus cadiad na bailte fearainn le n-a mbaineann sé agus ag ainmiú áite comhgaraí in ar féidir an dreacht-mhola (agus na mapaí agus na scríbhinní eile go léir ceangailte dhe) no cóip de d'iniúcha, agus á rá, leis go ndéanfar fiosrúchán puiblí i dtaobh an dreacht mholta san am (nách luatha ná trí seachtaine tar éis céad-fhoillsiú an fhógra san) agus san áit a luaidhtear sa bhfógra.

(2) San am agus san áit a luaidhtear chuige sin sna fógraí a foillsíodh do réir an fho-ailt sin roimhe seo, déanfidh duine a cheapfidh na Coimisinéirí chuige sin fiosrúchán puiblí i dtaobh an dreacht-mholta, agus gach éinne gur dó leis an té a bheidh ag déanamh an fhiosrúcháin go mbainfadh an mola deiridh leis no go ndéanfadh sé difir do dá mba i bhfuirm an dreacht-mholta a déanfí é, beidh teideal aige chun teacht i láthair agus éisteacht d'fháil (i bpearsain no tré atúrnae no tré abhcóide) agus fianaise do chur ar nochta ag an bhfiosrúchán san.

(3) An té a bheidh ag déanamh fiosrúcháin den tsórt san roimh ráite déanfa sé, nuair a bheidh an fiosrúchán san críochnuithe tuarasgabháil do thabhairt do sna Coimisinéirí air agus tar éis an tuarasgabháil sin do bhreithniú dhóibh féadfidh na Coimisinéirí pé atharuithe (pe'ca tré atharú do dhéanamh é no cur leis no fágaint ar lár) is dó leo is ceart do dhéanamh sa dreacht-mhola

(4) Nuair a bheidh na Coimisinéirí sásta leis an dreacht-mhola tar éis pé atharuithe (más ann dóibh) den tsórt roimhráite do dhéanamh air déanfid mola deiridh i dtéarmaí an dreacht-mholta le n-a bhfuilid sásta amhlaidh agus oibreoidh an mola deiridh sin fé mar adeirtar ina dhiaidh seo san Acht so.

(5) Cuirfidh na Coimisinéirí fé ndeár fíor-chóip den mhola dheiridh do dhéanamh agus, tré chúl-scríbhinn uirthi, deimhneoid a bheith ceart agus ansan cuirfid an mola deiridh ar an rolla in Oifig Breacachán agus Riteacha na hArd-Chúirte agus coinneoid an chóip dheimhnithe sin den mhola dheiridh ina gcimeád féin.

(6) Nuair a bheidh an mola deiridh curtha ar an rolla go cuibhe do réir an ailt seo ní bheidh aon dul thairis agus beidh sé ina cheangal ar na páirtithe uile, agus aon chóip di a tabharfar amach agus a deimhneofar ag an oifigeach ceart den Ard-Chúirt beidh sí ina fianaise dho-chlaoite ar an mola deiridh do bheith déanta go cuibhe agus beidh sí ina fianaise dho-chlaoite, leis, ar a bhfuil sa mhola dheiridh.

Blianacht ionstadtha chun roimhíocanna na gCoimisinéirí d'aisíoc.

16. —(1) Caipitalófar ús a bheidh, do réir an ráta a ordóidh an tAire Airgid, ar roimh-íocanna na gCoimisinéirí ón dáta no o sna dátaí fé seach ar ar roimh-íocadh na roimh-íocanna san go dtí tosach na blianachta ionstadtha tré n-a n-aisíocfar iad agus, tré bhlianacht ionstadtha a háireofar i pé slí agus a leanfidh ar feadh pé méid blian a ordóidh an tAire Airgid, aisíocfar leis na Coimisinéirí iomlán na roimh-íocanna san agus an úis chaipitaluithe sin maraon le hús do réir an ráta a ordóidh an tAire Airgid.

(2) I dteanta méid na blianachta ionstadtha ordófar leis an mola deiridh an dáta (nách mó ná ráithe roimh dháta an mholta dheiridh ná ráithe tar éis an dáta san) óna dtosnóidh an bhlianacht ionstadtha san, na laetheanta cinn leath-bhliana a bheidh sí iníoctha, agus an méid blian a leanfa sí, agus is dá réir sin a bheidh an bhlianacht san iníoctha.

Comhairlí contae d'íoc na mblianacht ionstadtha.

17. —(1) Oibreoidh an mola deiridh chun go ndéanfadh sé agus déarfar ann go ndineann sé roimh-íocanna na gCoimisinéirí agus an t-ús ortha agus an bhlianacht ionstadtha tré n-a n-aisíocfar idir roimh-íocanna agus ús do chur mar mhuirear ar chiste chontae na contae ina luíonn na tailte a dréineáladh no a feabhsuíodh amhlaidh mar adubhradh no, más i mbreis agus aon chontae amháin a luíonn na tailte sin, ar chistí contae fé seach na gcontaethe sin uile do réir na gcionúireachtaí sin ina ndeirtar sa mhola dheiridh an muirear a bheith le n'íoc ag comhairlí na gcontaethe sin.

(2) An chomhairle chontae go mbeidh ar a ciste contae muirear na blianachta ionstadtha tré n-a n-aisíocfar roimh-íocanna na gCoimisinéirí isí a íocfidh an bhlianacht san leis na Coimisinéirí no, más ar bhreis agus aon chiste contae amháin a bheidh muirear na blianachta san, isiad na comhairlí contae uile agus fé seach go mbeidh an muirear san ar a gcistí contae a dhéanfidh amhlaidh agus san do réir na gcoinúireachtaí ina bhfuil an bhlianacht muirearuithe amhlaidh.

(3) Gach blianacht ionstadtha no cuid de bhlianacht ionstadtha is iníoctha ag comhairle chontae fén alt so, is ar na tráthanna agus sa tslí a ceapfar leis an mola deiridh chun a híoctha a íocfidh an chomhairle sin í agus is amach as an airgead a chruinneoidh an chomhairle sin tríd an ráta dréineála a híocfar í amhlaidh agus, maran leor agus sa mhéid nách leor an t-airgead san, is amach as an gciste contae a híocfar í.

(4) Féadfidh na Coimisinéirí gach airgead is iníoctha ag comhairle chontae leis na Coimisinéirí ar scór blianachta ionstadtha fén Acht so d'fháil ón gcomhairle sin le haicsean dlí.

Ceanntar dréineála fé leith do dhéanamh.

18. —(1) Oibreoidh an mola deiridh chun go ndéanfadh sé agus déarfar ann go ndineann sé ceanntar dréineála fé leith den líomatáiste a luaidhtear ann chuige sin.

(2) Féadfidh iomlán ceanntair no ceanntracha dréineála a dineadh fé sna Drainage and Navigation (Ireland) Acts, 1842 to 1857, no fé sna Drainage and Improvement of Lands (Ireland) Acts, 1863 to 1892, agus atá ann le linn rithte an Achta so, ceanntracha dá ngairmtear seana-cheanntracha dréineála san alt so, féadfidh san no aon chuid de bheith ina chuid den líomatáiste dá ndéanfar ceanntar dréineála fé leith le mola deiridh.

(3) Má bhíonn iomlán seana-cheanntair dhréineála ina chuid de cheanntar dhréineála a dineadh le mola deiridh fén Acht so, leanfidh na tailte atá sa tseana-cheanntar dhréineála san de bheith fé fhiachas aon tsuime caipitiúla a muirearadh ortha ar scór na n-oibreacha dréineála sa cheanntar do dhéanamh agus fé fhiachas aon chíos-mhuirir a muirearadh ortha chun an tsuim chaipitiúil sin agus an t-ús uirthi d'aisíoc, agus leanfidh an seanacheanntar dréineála san de bheith ann sa mhéid gur gá é chun an tsuim chaipitiúil sin agus an cíos-mhuirear san do bhailiú agus do bhaint amach, ach chun gach críche eile stadfa sé de bheith ann ar dháta an mholta dheiridh agus ón dáta san amach.

(4) Má bhíonn cuid de sheana-cheanntar dhréineála ina cuid de cheanntar dhréineála a dineadh le mola deiridh fén Acht so, leanfidh na tailte atá sa chuid sin den tseana-cheanntar dhréineála san de bheith fé fhiachas a gceana chirt féin d'aon tsuim chaipitiúil a muirearadh ar na tailte sa tseana-cheanntar dhréineála san ar scór na n-oibreacha dréineála sa cheanntar do dhéanamh agus fé fhiachas a gceana chirt féin d'aon chíos-mhuirear a muirearadh ar na tailte sin chun an tsuim chaipitiúil sin agus an t-ús uirthi d'aisíoc, agus leanfidh an chuid sin den tseana-cheanntar dhréineála san de bheith ina cuid den cheanntar san chun gach críche a bhaineann leis an suim chaipitiúil sin agus leis an gcíos-mhuirear san do bhailiú agus do bhaint amach, ach chun gach críche eile stadfa sí de bheith ina cuid den tseana-cheanntar dhréineála san.

Oibreacha dréineála do choinneáil i dtreo.

19. —(1) An dualgas agus an chomhacht chun na hoibreacha dréineála is abhar don mhola dheiridh do choinneáil dea-dheisithe agus i dtreo mhaith agus in ordú ceart éifeachtúil chun oibre agus gach ní agus rud do dhéanamh is gá, do réir réasúin, chuige sin no a bhaineann leis do réir réasúin, oibreoidh an mola deiridh chun iad do mhuirearú, d'fhorchur, agus do bhronna ar chomhairle na contae ina luíonn an ceanntar dréineála a dintar leis an mola san no, más i dhá chontae no níos mó a luíonn an ceanntar san, ar chomhairlí uile agus fé seach na gcontaethe sin, i dteanta a chéile dhóibh, agus déarfar sa mhola go ndineann sé amhlaidh.

(2) Gach costas agus caithteachas le n-a raghaidh comhairle chontae no comhairlí contae ag có-líona a ndualgais, eadhon, oibreacha dréineála do choinneáil i dtreo do réir mholta dheiridh, cruinneoidh an chomhairle chontae no na comhairlí contae sin iad ón gceanntar dréineála tríd an ráta dréineála agus, más i dhá chontae no níos mó a luíonn an ceanntar, soláthrófar iad do réir na gcionúireachtaí ina ndeirtar sa mhola dheiridh iad a bheith le n'íoc ag na comhairlí.

Conus a deighleálfar le tailte, etc., a tógfar fé scéimeanna dréineála.

20. —(1) Ag ullamhú an dreacht-mholta dhóibh, féachfidh agus socróidh na Coimisinéirí, maidir le haon tailte, áitreabhacha, éasáidí, cirt usice, agus cirt eile a thógadar do réir na scéime dréineála, ce'ca táid no ná fuilid agus, má táid, ce'ca cinn atá, nea-riachtanach agus gan bheith ag teastáil i gcóir na n-oibreacha dréineála no chun na hoibreacha san do choinneáil i dtreo agus d'oibriú sa cheart.

(2) Oibreoidh an mola deiridh chun go ndílseodh sé agus déarfar ann go ndílsíonn sé, sa chomhairle chontae ar a gcuireann sé mar dhualgas na hoibreacha dréineála do choinneáil i dtreo no, más ar dhá chomhairle chontae no níos mó a cuirtar an dualgas san, sna comhairlí contae sin le chéile, na hoibreacha dréineála a dhin na Coimisinéirí do réir na scéime dréineála maraon le gach talamh, áitreabh, éasáid, ceart uisce, agus ceart eile a thóg na Coimisinéirí do réir na scéime dréineála lasmuich d'aon tailte, áitreabhacha, éasáidí, cirt uisce, agus cirt eile acu san a shocruigh na Coimisinéirí fén alt so a bheith nea-riachtanach agus gan bheith ag teastáil mar adubhradh.

(3) Gach talamh, áitreabh, éasáid, ceart uisce, agus ceart eile acu san a shocróidh na Coimisinéirí amhlaidh a bheith nea-riachtanach agus gan bheith ag teastáil mar adubhradh, díolfidh na Coimisinéirí iad no deighleálfid leo ar shlí éigin eile chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé cuma a cheapfidh an tAire Airgid.

Buala an ráta dréineála.

21. —(1) Gach airgead a éilíonn an tAcht so ar chomhairle chontae a chruinniú chun crícheanna ceanntair dhréineála tríd an ráta dréineála, cruinneofar é tré ráta (dá ngairmfar an ráta dréineála) a cuirfar ar shealbhairí rátuithe na dtailte a luíonn sa chontae agus adeirtar, sa mhola dheiridh, a dréineáladh no a feabhsuíodh, agus san do réir na gcionúireachtaí ina ndeirtar, sa mhola dheiridh sin, an ráta dréineála do bheith iníoctha ag na tailte sin.

(2) Buailfar an ráta dréineála in aon am amháin agus fé réir an aon athchomhairc amháin leis an ráta dealbhais agus, más oiriúnach leis an gcomhairle chontae é, féadfar é bhailiú in éineacht leis an ráta dealbhais agus pé scéal é beidh sé inghearrtha, iníoctha, agus ionbhainte amach díreach sa tslí chéanna ina bhfuil agus tríd na meadhoin chéanna tré n-a bhfuil ráta dealbhais inghearrtha, iníoctha, agus ionbhainte amach.

(3) I gcás sealbhaire rátuithe aon tailte, foirgintí, no áitribh atá rátuithe ar scór ráta dhréineála do bheith ina theanta san ina shealbhaire rátuithe ar thailte, ar fhoirgintí, no ar áitreabh eile atá mar chuid den ghabháltas, den bhfeirm, no den tionóntachán ina bhfuil na tailte, na foirgintí no an t-áitreabh a céad-luaidhtear, féadfar aon tsuim a cuirfar ar an sealbhaire rátuithe sin ar scór ráta dhréineála fén alt so do chur air agus do bhailiú uaidh agus do bhaint de fé is dá mb'ar scór a sheilbhe ar iomlán an ghabháltais, na feirme, no an tionóntacháin sin a bheadh an tsuim sin iníoctha.

Comhairlí contae do chruinniú airgid.

22. —(1) Is tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae iomlán a cruinneofar gach airgead a húdaruítear no a horduítear do chomhairle chontae, leis an Acht so, a íoc amach as an gciste contae, agus fós gach costas fé n-ar chuaidh comhairle chontae ag feidhmiú an Achta so agus ná socruítear leis an Acht so ar aon tslí eile chun é chruinniú.

(2) I gcás é bheith údaruithe leis an Acht so do chomhairle chontae airgead d'fháil ar iasacht chun aon chríche féadfidh an chomhairle sin an t-airgead san d'fháil ar iasacht fé Airtiogal 22 den Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, fé is dá mbeadh an chríoch san luaidhte san Airtiogal san, agus ní déanfar airgead a fuarthas ar iasacht chun aon chríche den tsórt san d'áireamh mar chuid d'fhiacha na comhairle chun crícheanna an Airtiogail sin.

(3) Is tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae iomlán a cruinneofar costas aon iasachta a gheobhfar fén alt so agus an t-airgead chun í d'aisíoc agus chun an t-ús uirthi d'íoc.

Féadfidh comhairlí contae coistí do cheapa.

23. —(1) Más ar aon chomhairle chontae amháin a muirearófar, a forchuirfar agus a bronnfar le mola deiridh an dualgas agus an chomhacht chun oibreacha dréineála do choinneáil i dtreo, féadfidh coiste a cheapfidh an chomhairle chontae sin an dualgas san do chólíona agus an chomhacht san d'fheidhmiú, coiste a bheidh có-dhéanta de pé méid ball den chomhairle chontae agus de pé méid daoine nách baill den chomhairle chontae a ordóidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

(2) Más ar dhá chomhairle chontae no níos mó, i dteanta a chéile, a muirearófar, a forchuirfar agus a bronnfar le mola deiridh an dualgas agus an chomhacht chun oibreacha dréineála do choinneáil i dtreo, déanfidh có-choiste de sna comhairlí contae sin an dualgas san do chólíona agus an chomhacht san d'fheidhmiú, có-choiste a cheapfidh na comhairlí contae sin do réir pé cionúireachtaí agus a bheidh có-dhéanta de pé méid ball de gach ceann fé leith de sna comhairlí contae sin agus de pé méid daoine nách baill d'aon chomhairle chontae acu a ordóidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

(3) Féadfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, le hordú, rialacháin do dhéanamh á ordú cathin a toghfar (agus cathin a céad-thoghfar) baill de choistí agus de chó-choistí a ceapfar fén alt so, cadé an tréimhse a bheidh na baill sin i seilbh oifige, conus a líonfar foth-fholúntaisí ina measc, go nea-cháileofar baill a scuirfidh de bheith no a chaillfidh a gcáilíocht chun bheith ina mbaill den chomhairle do cheap iad, agus conus a déanfar gnó na gcoistí agus na gcó-choistí sin.

(4) Ar na daoine nách baill den chomhairle chontae ná d'aon cheann de sna comhairlí contae le n-a mbaineann an scéal agus a toghfar chun bheith ina mbaill d'aon choiste no có-choiste a ceapfar fén alt so maidir le haon oibreacha dréineála beidh éinne amháin ar a luíod ina rát-íocóir dá ndlightear ráta dréineála d'íoc ar scór na n-oibreacha dréineála san.

(5) Cimeádfar ar leithligh cuntaisí gach có-choiste a ceapfar fén alt so agus is iniúchóir a cheapfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí a iniúchfidh iad, agus na hachtacháin seo a leanas, sé sin le rá, ailt 11 go 15 den Local Government (Ireland) Act, 1871, fo-alt (2) d'alt 63 den Local Government (Ireland) Act, 1898, ailt 20 agus 21 den Local Government (Ireland) Act, 1902, agus alt 61 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), mar a leasuíodh no a hoiriúnuíodh iad le haon achtachán ina dhiaidh sin no fé, bainfid le hiniúcha agus le hiniúchóir cuntaisí na gcó-choistí sin sa tslí chéanna ina mbaineann na hachtacháin sin, agus iad leasuithe no oiriúnuithe amhlaidh, le hiniúcha agus le hiniúchóir cuntaisí na gcóluchtaí puiblí a luaidhtear ionta.

(6) Ní údaróidh éinní san alt so d'aon choiste ná có-choiste a ceapfar fén alt so aon airgead do sholáthar a héilítear ar chomhairle chontae, leis an Acht so, a sholáthar.

Tabharfidh comhairlí contae, etc., tuarasgabháil bhliantúil uatha.

24. —Gach comhairle chontae agus gach có-choiste go gcuirtar de dhualgas ortha leis an Acht so no le haon Acht eile ceanntar dréineála do choinneáil i dtreo tabharfid do sna Coimisinéirí gach bliain tuarasgabháil i dtaobh an cheanntair sin sa bhfuirm a ordóidh agus na mion-innste inti a ordóidh na Coimisinéirí chuige sin.

Baint na nAchtanna chun Dréineáil do Choinneáil Suas, 1866 agus 1924.

25. —Bainfidh na hAchtanna chun Dréineáil do Choinneáil Suas, 1866 agus 1924, le gach ceanntar dréineála a déanfar fén Acht so ach go ndéanfar na hatharuithe seo ortha, eadhon, ná déanfar le haon ordú muirir a déanfar fé sna hAchtanna san aon mhuirear eile seachas an muirear breise a horduítear, le halt 8 den Acht chun Dréineáil do Choinneáil Suas, 1924 , a dhéanamh leis agus, na suimeanna agus an t-ús a muirearófar leis ar chiste chontae chomhairle contae gur amach as airgead a chruinneoidh an chomhairle sin tré ráta dhréineála fén Acht so (agus údaruítear don chomhairle leis seo an ráta san do bhuala) a íocfidh an chomhairle sin iad agus, maran leor agus sa mhéid nách leor an t-airgead san, gur amach as an gciste contae a íocfid iad.

Scrúdú ceanntair dhréineála.

26. —Gan dochar do dhualgaisí agus do chomhachta na gCoimisinéirí fé sna hAchtanna chun Dréineáil do Choinneáil Suas, 1866 agus 1924, déanfidh na Coimisinéirí gach ceanntar dréineála a déanfar fén Acht so do scrúdú uair amháin ar a luíod i ngach cúig bliana, agus láithreach tar éis ceanntar dréineála do scrúdú amhlaidh cuirfidh na Coimisinéirí chun comhairle na contae no chun comhairlí na gcontaethe uile agus fé seach ina luíonn an ceanntar san tuarasgabháil ar staid deisiúcháin agus ar chor ghenerálta na n-oibreacha dréineála sa cheanntar san.

Dualgaisí na gCoimisinéirí maidir le bóithre agus droichid phuiblí.

27. —Má socruítear le scéim dhréineála chun bóthar no droichead puiblí do chasa no d'aistriú no chun aon chur isteach eile do dhéanamh air, beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:—

(a) más gá an bóthar no an droichead do dhúna do thrácht de dheascaibh na hoibreacha san do bheith á ndéanamh déanfidh na Coimisineírí agus coinneoid i dtreo, faid a bheidh an bóthar no an droichead san dúnta amhlaidh do thrácht, bóthar no droichead sealadach is leor chun pé méid agus pé saghas tráchta d'iompar a théigheann ar an mbóthar no ar an droichead san do ghnáth;

(b) nuair a bheidh no sara mbeidh na hoibreacha a luaidhtear sa scéim dhréineála críochnuithe cuirfidh na Coimisinéirí an bóthar no an droichead sa riocht ina raibh sé no déanfid bóthar no droichead nua buan is leor chun an trácht céanna (an méid agus an saghas céanna) d'iompar a bhíodh an seana-bhóthar no an seana-dhroichead in án a iompar, agus ná beidh puinn níos neamh-oiriúnaí fánaidh agus lúb ná an seanabhóthar no an seana-dhroichead san;

(c) má dhineann na Coimisinéirí droichead nua buan agus gur mó go mór na buntáistí a thugann an droichead san do phuiblíocht aon chontae no bailecheanntair ná an seana-dhroichead, tré shlí chonbharsáide fheabhsuithe do thabhairt dóibh no ar aon tslí eile, deimhneoidh na Coimisinéirí costas an droichid nua san agus deimhneoidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí cadé an chuid den chostas san is dó leis ba chóir, do réir réasúin, a bheith ar chomhairle na contae no an bhailecheanntair sin, agus leis sin déanfidh an chomhairle sin suim chó mór leis an gcuid a deimhníodh amhlaidh den chostas san do chruinniú mar chuid de chostaisí bóithre contae no bailecheanntair (pe'ca aca é) do choinneáil i dtreo, agus íocfidh an chomhairle sin leis na Coimisinéirí í;

(d) ní háireofar mar chuid de chostaisí agus de chaithteachaisí na scéime dréineála do thabhairt chun críche aon chuid is iníoctha fén alt so ag comhairle chontae no bhailecheanntair de chostas tógtha droichid nua ach gach costas agus caithteachas eile fé n-a raghaidh na Coimisinéirí ag cólíona an ailt seo beidh sé mar chuid de chostaisí agus de chaithteachaisí na scéime dréineála do thabhairt chun críche;

(e) má eiríonn aon amhrus, aighneas no ceist i dtaobh ce'ca do chólíon na Coimisinéirí forálacha an ailt seo no nár dhin, agus iad ag déanamh aon bhóthair no droichid, sealadach no buan, no á choinneáil i dtreo no á chur ina sheana-riocht, do réir an ailt seo, no i dtaobh ce'ca is mó go mór na buntáistí atá ag puiblíocht aon chontae no bailecheanntair o dhroichead nua bhuan a dhin na Coimisinéirí ná ón seanadhroichead, no nach ea, tabharfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí breith ar an amhrus, ar an aighneas, no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

Conus a stiúrófar fiosrúcháin phuiblí.

28. —(1) Gach éinne a bheidh ag déanamh fiosrúcháin phuiblí fén Acht so beidh comhacht aige, tré fhógra i scríbhinn fé n-a láimh, fínnithe do ghairm agus a éileamh go dtabharfar leabhair agus scríbhinní eile i láthair, agus éinne a gairmfar amhlaidh agus a bheidh gan bheith i láthair ag an bhfiosrúchán agus fianaise do thabhairt uaidh ann agus éinne a theipfidh no a dhiúltóidh maidir le haon leabhar no scríbhinn eile do thabhairt i láthair a héilíodh air amhlaidh a thabhairt i láthair, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(2) Is fé mhionn a tabharfar gach fianaise ag aon fhiosrúchán puiblí fén Acht so, agus tugtar comhacht leis seo don té a bheidh ag déanamh an fhiosrúcháin na fínnithe do chur fén mionn san, agus éinne a thabharfidh fianaise bhréagach uaidh ag aon fhiosrúchán den tsórt san beidh sé ciontach i mionn bréagach agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

(3) Gach éinne a bheidh ag déanamh fiosrúcháin phuiblí fén Acht so beidh teideal aige chun an fiosrúchán do chur ar athló fé mar is oiriúnach leis agus beidh aige, leis, comhacht chun iniúcha agus scrúdú do dhéanamh ar aon tailte agus áitreabhacha le n-a mbaineann an scéim dhréineála no an mola go mbeidh an fiosrúchán á dhéanamh ina taobh no le n-a mbaineann aon chur i gcoinnibh na scéime no an mholta san agus chun dul isteach ar na tailte sin agus sna háitreabhacha san chun na críche sin.

Ciontaí agus pionóisí.

29. —(1) Gach éinne—

(a) a bhacfidh go toiliúil na Coimisinéirí no éinne dá n-oifigigh no dá seirbhísigh agus iad ag feidhmiú aon chomhachta no ag cólíona aon dualgais dá mbronntar no dá bhforchuirtar ar na Coimisinéirí leis an Acht so no fé, no

(b) a bhacfidh go toiliúil éinne do ceapadh fén Acht so ag na Coimisinéirí no ag aon chomhairle chontae no comhairlí contae chun tuarasgabháil do thabhairt chun críche an Achta so agus san le linn an duine sin do bheith ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an Acht so, no

(c) a stracfidh anuas, a aistreoidh, no a dhíobhálfidh aon oibreacha a bheidh na Coimisinéirí a dhéanamh fén Acht so, no

(d) a aistreoidh, a dhíobhálfidh, no a agha-loitfidh aon phionnaí, cuaillí, no marcanna do shocruigh no do dhin na Coimisinéirí no éinne dá n-oifigigh no dá seirbhísigh chun no le linn aon cheann de sna comhachta d'fheidhmiú no aon cheann de sna dualgaisí do chólíona a bronntar no a forchuirtar ar na Coimisinéirí leis an Acht so no fé, no

(e) a chaithfidh no a chuirfidh aon fhiaile, clocha, cré no abhar soladach eile no a chuirfidh fé ndeár no a cheadóidh aon abhar soladach den tsórt san do thuitim no do ghabháil isteach in aon chúrsa uisce go bhfuil na Coimisinéirí ar tí aon oibreacha do dhéanamh no ag déanamh aon oibreacha ina thaobh fén Acht so, agus san i slí is go mbacfar, go gcoiscfar, no go moilleofar na hoibreacha san, no

(f) a chuirfidh no a thógfidh aon iadhtán, corra, no constaic eile in aon chúrsa uisce den tsórt san roimhráite gan cead o sna Coimisinéirí,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

(2) Gach éinne a dhéanfidh, tar éis aon oibreacha dréineála a déanfar fén Acht so do bheith críochnuithe—

(a) bac do chur go toiliúil leis an gcomhairle chontae no leis na comhairlí contae ar a mbeidh sé de chúram, de bhua an Achta so, na hoibreacha dréineála san do choinneáil i dtreo, no le haon choiste no có-choiste den chomhairle no de sna comhairlí sin no le haon oifigeach no seirbhíseach d'aon chomhairle, comhairlí, coiste no có-choiste den tsórt san agus iad ag feidhmiú aon chomhachta dá mbeidh acu no ag có-líona aon dualgais dá mbeidh ortha maidir leis na hoibreacha dréineála san, no

(b) aon oibreacha dréineála den tsórt san no aon chuid díobh do straca anuas, d'aistriú, no do dhíobhála ar aon tslí, no

(c) bac do chur le huisce do rith chun aon oibreacha dréineála den tsórt san no tríotha no uatha i slí is go ndéanfí a n-oibriú éifeachtúil do chose no do bhac no go gcuirfí fé ndeár tuile do dhul isteach ar na hoibreacha san no ar aon tailte a dréineáltar leo,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

(3) Gach éinne a chiontóidh cúirt údaráis achmair i gcionta fén alt so dlighfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar caoga punt no, más rogha leis an gcúirt é, fé phríosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no fén bhfíneáil sin agus fén bpríosúntacht san le chéile, agus fós i gcás cionta leanúnaigh dlighfar é chur fé fhíneáil (i dteanta aon fhíneála den tsórt san roimhráite) ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae a leanfidh an cionta.

(4) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar oibreacha dréineála do bheith á ndéanamh go dtí go mbeidh an mola deiridh ina dtaobh déanta fén Acht so agus o am déanta an mholta san amach tuigfar iad do bheith críochnuithe.

Féadfidh coistí fo-dhlithe do dhéanamh.

30. —(1) Gach comhairle chontae a bheidh ag coinneáil oibreacha dréineála i dtreo fén Acht so, go díreach no tré choiste a cheapadar, agus fós gach có-choiste a bheidh ag coinneáil oibreacha dréineála i dtreo fén Acht so, féadfid fo-dhlithe do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) oscailt, dúna, agus oibriú comhlaí uisce, haistí, geataí tuile, agus meaisínteachta eile sna hoibreacha do regleáil,

(b) bainistí agus oibriú na n-oibreacha do regleáil go generálta,

(c) daoine do thoirmeasc ar aon chúrsa uisce a bheidh ag rith chun na n-oibreacha no tríotha no uatha do stopa no do shailiú no abhar soladach do chur ann i slí is go ndéanfí oibriú éifeachtúil na n-oibreacha do chosc no do bhac no go gcuirfí fé ndeár tuile do dhul isteach ar aon tailte a dréineáltar leis na hoibreacha,

(d) aon díobháil no damáiste do sna hoibreacha o éinne no aon chur isteach ortha o dhaoine neamh-údaruithe do thoirmeasc,

(e) a fhéachaint do chur ar dhaoine go bhfuil ortha aon chúrsa uisce no dréin do choinneáil i dtreo an céanna do chimeád glan agus sciúrtha,

(f) na pionóisí d'ordú a féadfar a chur ar dhaoine a gheobhfar ciontach ag cúirt údaráis achmair i sárú na bhfo-dhlithe ach gan aon phionós den tsórt san do bheith níos mó ná fíneáil chúig púint fhichead ar fad agus ina theanta san, i gcás cionta leanúnaí, fíneáil eile chúig bpunt in aghaidh gach lae a leanfidh an cionta no, in aon chás agus más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma trí mí.

(2) Ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht ag aon fho-dhlí a déanfar fén alt so mara ndaingnighidh ná go dtí go ndaingneoidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí í, agus ar bheith daingnithe amhlaidh do gach fo-dhlí den tsórt san tiocfa sí i ngníomh ar an dáta d'orduigh an tAire sin chuige sin agus é ag daingniú na fo-dhlí no, mara n-orduítear aon dáta den tsórt san amhlaidh, tiocfa sí i ngníomh láithreach tar éis an daingnithe sin.

(3) Einne a gheobhfar ciontach ag cúirt údaráis achmair i sárú aon fho-dhlí a dineadh fén alt so féadfidh an chúirt sin é do dhaora chun aon phionóis nách mó ná an pionós a horduíodh leis na fo-dlithe sin ar scór an tsáruithe sin no, i gcás nár horduíodh aon phionós amhlaidh, chun aon phionóis nách mó ná fíneáil chúig púint fhichead agus ina theanta san, i gcás cionta leanúnaí, fíneáil eile chúig bpunt in aghaidh gach lae a leanfidh an cionta no, in aon chás agus más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí.

Gearr-theideal.

31. —Féadfar an tAcht Dréineála Airtéirighe, 1925 , do ghairm den Acht so.