11 1926


Uimhir 11 de 1926.


ACHT TALMHAN, 1926.


ACHT CHUN DAINGNIÚ DO DHÉANAMH AGUS, CHUN CRÍCHE AN DAINGNITHE SIN, CHUN FAISNÉIS DO DHÉANAMH MAIDIR LEIS AN MÉID GO mBAINEANN AN tACHT TALMHAN, 1923 , LE TALAMH TIONÓNTUITHE AGUS CHUN A MHÍNIÚ NÍOS IOMLÁINE CADÉ AN TALAMH IS TALAMH TIONÓNTUITHE CHUN CRÍCHEANNA AN ACHTA SAN. [11adh Márta, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an focal “Príomh-Acht” an t Acht Talmhan, 1923 (Uimh. 42 de 1923) .

Talamh tionóntuithe.

2. —Faisnéistear agus achtuítear leis seo mar leanas, sé sin le rá:—

(a) léireofar fo-alt (2) d'alt 73 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá ndintí na focail “atá le linn rithte an Achta so” do chur isteach ann díreach i ndiaidh na bhfocal “ná talamh” agus léireofar an focal “talamh tionóntuithe” dá réir sin sa Phríomh-Acht agus san Acht so;

(b) níor scuir agus ní scuirfidh talamh tionóntuithe de bheith ina talamh tionóntuithe de dheascaibh deire do bheith leis an tionóntacht no an tionóntacht do dhul in éag no éinní eile do thuitim amach tar éis rithte an Phríomh-Achta pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin a thuit no a thuiteann an ní sin amach;

(c) ní tháinig ná ní thiocfidh an té ba ghar-thiarna ar aon talamh tionóntuithe díreach roimh rith an Phríomh-Achta ná aon chomharba teidil don duine sin i dteideal seilbh an tailimh thionóntuithe sin de dheascaibh an téarma gur cruthuíodh an tionóntacht ina chóir do dhul in éag agus dá dheascaibh sin amháin.

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

3. —(1) Féadfar an tAcht Talmhan, 1926 , do ghairm den Acht so.

(2) Léighfar agus léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht, agus féadfar é do luadh i dteanta na nAchtanna Talamh-Cheannaigh.