16 1926


Uimhir 16 de 1926.


ACHT CAOMHANTA NA nDAOINE (COMHACHTA SPEISIALTA), 1926.


ACHT CHUN COMHACHTA SPEISIALTA DO BHRONNA AR AN ARD-CHOMHAIRLE CHUN NA DAOINE DO CHAOMHAINT AGUS CHUN A CHUR IN ÁIRITHE GO SOLÁTHRÓFAR AGUS GO ROINNFAR GO CUIBHE RIACHTANAISÍ NA BEATHA LE LINN ÓCÁIDÍ PRÁINNE NÁISIÚNTA. [17adh Bealtaine, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Furógairt práinne náisiúnta.

1. —(1) Más dó leis an Ard-Chomhairle aon uair go bhfuil a leithéid sin de phráinn náisiúnta tagtha go bhfuil sé oiriúnach ar mhaithe leis an bpuiblíocht beart neachoitianta do dhéanamh chun a chur in áirithe go ndéanfar go cuibhe riachtanaisí na beatha do sholáthar do sna daoine agus do roinnt ortha, féadfidh an Ard-Chomhairle a fhaisnéis le furógra go bhfuil staid phráinne náisiúnta ann.

(2) Ní fhanfidh furógra a déanfar fén Acht so i bhfeidhm ach ar feadh mí (mara mbuanuítear fén alt so é) agus ragha sé in éag ansan, ach féadfar o am go ham aon fhurógra den tsórt san do bhuanú ar feadh mí le furógra a dhéanfidh an Ard-Chomhairle roimh dhul in éag don bhfurógra bhunaidh no don bhuanú is déanaí a dineadh air.

(3) Más rud é, le linn na huaire a déanfar furógra (pe'ca furógra bunaidh no furógra chun buanuithe é) fén Acht so, go mbeidh an tOireachtas no aon Tigh den Oireachtas curtha ar athló go dtí lá agus uair is déanaí ná cúig lá tar éis déanamh an fhurógra, déarfar sa bhfurógra go ndineann sé agus oibreoidh sé chun go ndéanfadh sé an tOireachtas no an Tigh sin den Oireachtas (pe'ca aca é) do ghairm chun ath-thionóil ar uair chaothúil a luadhfar sa bhfurógra agus ar lá caothúil a luadhfar sa tslí chéanna agus nách luatha ná trí lá ná nách déanaí ná cúig lá tar éis déanamh an fhurógra agus i ngach cás den tsórt san tiocfidh an tOireachtas no an Tigh sin den Oireachtas, pe'ca aca é, le chéile in ath-thionól an lá agus an uair a luadhadh amhlaidh fé is dá mbeadh sé curtha ar athló go dtí an lá agus an uair sin.

Rialacháin do dhéanamh do réir an fhurógra.

2. —(1) Má dhineann an Ard-Chomhairle furógra fén Acht so, féadfidh an Ard-Chomhairle, le linn feidhm an fhurógra san, pé rialacháin is dó leo is ceart do dhéanamh le hordú—

(a) chun a chur in áirithe go ndéanfar go cuibhe riachtanaisí na beatha do sholáthar do sna daoine agus do roinnt ortha,

(b) chun srian do chur le daoine neamh-údaruithe do chruinniú stocanna ró-mhóra de bhia, d'abhar teine, no de riachtanaisí eile,

(c) chun cosc do chur le haon riachtanaisí den tsórt san do chimeád siar o sna daoine,

(d) chun regleáil agus stiúra do dhéanamh ar na praghsanna a éilíonn trádálaithe (mórdhíola no miondíola), rannairí, agus daoine eile ar aon riachtanaisí den tsórt san no ar iad d'iompar no do roinnt,

(e) chun comhachta agus údaráis do bhronna ar pé daoine (pe'ca i seirbhís an Stáit dóibh no nách ea) is dó leis an Ard-Chomhairle is ceart, pé comhachta agus údaráis is dó leis an Ard-Chomhairle is ceart chun na rialacháin do chólíona agus do chur i bhfeidhm,

(f) chun socrú do dhéanamh i dtaobh aon ruda no éinní a chabhruíonn no a bhaineann le héinní de sna nithe roimhráite agus go sonnrách i dtaobh aon ruda no éinní is gá chun regleáil agus stiúra no a bhaineann le regleáil agus stiúra do dhéanamh ar bhia, abhar teine, agus riachtanaisí eile do sholáthar do sna daoine agus do roinnt ortha,

(g) chun a shocrú go mbeidh aon bhrise no sárú ar aon rialachán den tsórt san ina chionta is intrialta ar an slí achmair agus chun na pionóisí d'ordú a fhéadfidh cúirteanna údaráis achmair a chur ar dhaoine a ciontófar ag na cúirteanna san in aon chionta den tsórt san ach san i slí nách mó aon phionós den tsórt san ná príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh téarma sé mhí no fíneáil caoga punt no an phríosúntacht san agus an fhíneáil sin le chéile agus, ina theanta san, in aon chás, gcallbhruide aon airgid no earraí gur ina dtaobh a dineadh an cionta.

(2) Gach rialachán a déanfar fén alt so beidh éifeacht aige, le linn a fheidhme, fé is dá n-achtuítí san Acht so é, ach ní leanfidh aon rialachán den tsórt san i bhfeidhm tar éis dul in éag don bhfurógra gur dá réir a dineadh é ach sa mhéid gur gá é chun daoine do thriail, fén rialachán, 'na mbeidh curtha ina leith gur bhriseadar no gur sháruíodar an rialachán roimh dhul in éag don bhfurógra agus chun na daoine sin (má ciontuítear iad) do phionósú fén rialachán agus dá réir.

(3) Gach rialachán a déanfar fén alt so foillseofar láithreach san Iris Oifigiúil é agus fós leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann aon Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh fén rialachán san roimhe sin.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar Acht Caomhanta na nDaoine (Comhachta Speisialta), 1926 , do ghairm den Acht so.