19 1926


Uimhir 19 de 1926.


ACHT UM DHÍOBHÁIL DO MHAOIN (CÚITEAMH) (LEASÚ), 1926.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN MÉADÚ DEICH PER CENT. DO DHÉANAMH AR MHÉID AN CHÚITIMH DO hÍOCADH NO A hÍOCFAR FÉ SNA hACHTANNA DÍOBHÁLA COIRIÚLA MAR GHEALL AR DHÍOBHÁIL LE N-A mBAINEANN CUID II. DEN ACHT UM DHÍOBHÁIL DO MHAOIN (CÚITEAMH), 1923 , AGUS CHUN A ÚDARÚ GO nÍOCFAR AN MÉADÚ SAN TRÉ URRÚIS CÚIG PER CENT. DO THABHAIRT AMACH, AGUS CHUN A ÚDARÚ GO dTABHARFAR AMACH URRÚIS DEN tSAGHAS CHÉANNA CHUN MÉADÚ NA RAGHAIDH THAR DEICH PER CENT. DO DHÉANAMH AR NA SUIMEANNA DO hÍOCADH NO A hÍOCFAR INA DHIAIDH SEO MAR CHÚITEAMH I gCÁSANNA A THAGANN FÉ ALT 15 DEN ACHT SAN, AGUS CHUN A ÚDARÚ GO dTABHARFAR AMACH AS AN bPRÍOMH-CHISTE NA SUIMEANNA IS GÁ CHUN NA hOBLAGÁIDÍ DO CHÓLÍONA DO THÓG SAORSTÁT ÉIREANN AIR FÉIN LE hAIRTIOGAL 3 DEN CHÓ-AONTÚ DO DINEADH AN 3adh LÁ DE MHÍ NA NODLAG, 1925, IDIR AN RIALTAS BRIOTÁINEACH AGUS RIALTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN.

[11adh Meitheamh, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an t Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 (Uimh. 15 de 1923) .

Deich per cent. sa bhreis ar chúiteamh d'íoc.

2. —(1) Le gach duine ag á mbeidh teideal do réir bhrí an ailt seo chun cúitimh fé aithne a dineadh (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) fé sna hAchtanna Díobhála Coiriúla mar gheall ar dhíobháil le n-a mbaineann Cuid II. den Phríomh-Acht, íocfidh an tAire Airgid, sa tslí a foráltar leis an Acht so agus i pé tráthchuid no tráthchoda is oiriúnach leis, suim is ionann leis an deichiú cuid de mhéid an chúitimh sin.

(2) An tsuim sin a híocfar fén bhfo-alt san roimhe seo, beidh sé i dteanta agus ní hin ionad an chúitimh, na gcostas, agus aon airgid eile is iníoctha fén aithne.

(3) Isé duine a bheidh i dteideal cúitimh chun crícheanna an ailt seo ná an té le n-ar cinneadh do réir na haithne an cúiteamh do bheith iníoctha, no a ionadaí pearsanta, ach amháin i gcás an duine sin do shanna sochair iomláin na haithne do dhuine eile roimh dháta na haithne agus ansan isé an duine eile sin no a ionadaí pearsanta a bheidh i dteideal cúitimh chun crícheanna an ailt seo.

Modh an íoctha.

3. —(1) Is in airgead amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach suim is iníoctha ag an Aire Airgid fé alt 2 den Acht so más lú an tsuim sin ná caoga punt agus más có-mhéid le caoga punt no breis í is mar leanas a híocfar í, sé sin le rá:—

(a) más iolrú ar chaoga punt an tsuim, tré urrús no urrúis, a bunuíodh le hordú a dineadh fé alt 13 den Phríomh-Acht, ar mhéid na suime sin do thabhairt amach don té le n-a mbeidh an tsuim iníoctha;

(b) marab iolrú ar chaoga punt an tsuim, tré urrús no urrúis, a bunuíodh le hordú a dineadh fé alt 13 den Phríomh-Acht, ar mhéid an iolruithe is mó ar chaoga punt agus atá fé bhun na suime sin do thabhairt amach don té le n-a mbeidh an tsuim iníoctha agus tríd an difríocht idir an tsuim sin agus an t-iolrú san is mó ar chaoga punt d'íoc in airgead leis an duine sin amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) D'ainneoin éinní ina choinnibh sin atá in alt 13 den Phríomh-Acht féadfidh an tAire Airgid urrúis a bunuíodh le hordú a dineadh fén alt san do thabhairt amach do sna daoine le n-a mbeidh suimeanna iníoctha fén alt so tré urrúis den tsórt san.

(3) Ní bheidh ná ní cuirfar aon choiníoll ath-shuidhimh le haon tsuim is iníoctha ag an Aire Airgid fé alt 2 den Acht so.

(4) Nuair a bheidh dhá shuim no níos mó á n-íoc ag an Aire fén Acht so san aon am amháin leis an éinne amháin ar scór dhá shuim no níos mó suimeanna cúitimh, féadfar deighleáil leis na suimeanna san chun crícheanna an ailt seo fé is dá mb'aon tsuim amháin iad.

Cásanna fé alt 15 den Phríomh-Acht.

4. —D'ainneoin éinní ina choinnibh sin atá in alt 13 den Phríomh-Acht, féadfidh an tAire Airgid urrúis a bunuíodh le hordú a dineadh fén alt san do thabhairt amach d'iarratasóirí i gcásanna a thiocfidh fé alt 15 den Phríomh-Acht chun suim d'íoc leis na hiarratasóirí sin sa bhreis ar an suim ach gan dul thar an deichiú cuid den tsuim a luaidhtear, do réir mír (b) d'fho-alt (3) den alt san 15, sa tuairisc a dhin an Breitheamh fén bhfo-alt san.

Ní bheidh aon bhaint ag forálacha an Achta so le méid an chúitimh.

5. —Ní bhreithneoidh ná ní bhacfidh aon Bhreitheamh forálacha Airtiogal 4 den Chó-aontú atá curtha síos sa Sceideal a ghabhann le hAcht an Chonnartha (Daingniú ar an gCo-aontú Leasathach), 1925 (Uimh. 40 de 1925) , ná forálacha an Achta so, nuair a bheidh sé ag déanamh amach méid an chúitimh a mholfa sé in aon iarratas ar chúiteamh fé sna hAchtanna Díobhála Coiriúla i ndíobháil le n-a mbaineann Cuid II. den Phríomh-Acht ná, i gcásanna a thiocfidh fé alt 15 den Phríomh-Acht, nuair a bheidh sé ag déanamh amach méid na suime a luadhfa sé, do réir mír (b) d'fho-alt (3) den alt san, ina thuairisc fén bhfo-alt san.

Muirear suimeanna áirithe ar an bPrímh-Chiste.

6. —(1) Chun an fiachas do ghlana do thóg Saorstát Éireann air féin le hAirtiogal 3 den Chó-aontú a dineadh an 3adh lá de Mhí na Nodlag, 1925, idir an Rialtas Briotáineach agus Rialtas Shaorstáit Éireann agus le n-ar leasuíodh agus le n-a fóirlíonadh Connra 1921 agus fós chun go n-íocfí leis an Rialtas Briotáineach na haisíocanna do haontuíodh, tríd an Airtiogal san, a íocfadh Rialtas Shaorstáit Éireann, cuirfar mar mhuirear ar an bPrímh-Chiste agus ar a thora fáis agus íocfar amach as an gcéanna leis an Rialtas Briotáineach na suimeanna so a leanas sna tráthanna so a leanas, sé sin le rá:—

(a) suim céad go leith míle punt is iníoctha díreach tar éis rithte an Achta so, agus

(b) suim bhliantúil de dhá chéad go leith míle punt is iníoctha an 1adh lá d'Abrán gach bliana ar feadh trí fichid bliain dar tosach an bhliain 1926.

(2) Má dintar le có-aontú idir an tAire Airgid agus an Rialtas Briotáineach aon tsuim no cuid de shuim is iníoctha fén alt so leis an Rialtas Briotáineach do chur i gcoinnibh a cothruim sin de shuim is iníoctha ag an Rialtas Briotáineach le Rialtas Shaorstáit Éireann, scuirfidh an méid a cuirfar i gcoinnibh na suime sin amhlaidh de bheith ina mhuirear ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis agus ní híocfar amach as an bPrímh-Chiste ná as a thora fáis é.

Gearr-theideal, léiriú, agus luadh.

7. —(1) Féadfar an tAcht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh) (Leasú), 1926 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht.

(3) Féadfar na hAchtanna um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 go 1926, do ghairm de sna hAchtanna um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 agus 1924, agus den Acht so le chéile.