|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 38 de 1927. | ||
[EN] |
ACHT AIRGID (UIMH. 2), 1927. | |
ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE DE CHUSTUIM D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRA AGUS CHUN TUILLE FORÁLACHA I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH. [5adh Mí na Nodlag, 1927.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Diúité ar mhargairín. |
1. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar diúité custum do réir ráta trí pingne ar an bpunt ar an margairín go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 22adh lá de Dheire Fomhair, 1927, no dá éis sin. |
[EN] | (2) San alt so cialluíonn an focal “margairín” aon bhia, pe'ca measctha le him do no nách ea, atá cosúil le him agus nách im bainne-mheasctha. | |
[EN] |
Diúité ar phaidríní. |
2. —(1) Déanfar diúité custum is có-mhéid le triocha a trí is trian per cent. de luach na hearra d'éileamh, do ghearra, agus d'íoc ar gach paidrín, agus ar gach earra is dó leis na Coimisinéirí Ioncuim a bheith ina páirt shubstainteach de phaidrín, a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 22adh lá de Dheire Fomhair, 1927, no dá éis sin. |
[EN] | (2) Tuigfar chun crícheanna an ailt seo gurb é is luach d'aon earra ná an praghas do thabharfadh iomportálaí ar an earra dá ndintí an earra do sheachada fé bhanna in áit a hiomportála agus an luach fartha agus an t-árachas uirthi íoctha, agus is ar an luach san, mar a shocróidh na Coimisinéirí Ioncuim é, a híocfar diúité. | |
[EN] |
Cúram agus bainistí diúitéthe. |
3. —Cuirtar fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo na diúitéthe a forchuirtar leis an Acht so. |
[EN] |
Gearr-theideal, léiriú, agus tosach feidhme. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Airgid (Uimh. 2), 1927 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Custum. | |
[EN] | (3) Tuigfar an tAcht so do theacht i bhfeidhm an 22adh lá de Dheire Fomhair, 1927, agus beidh sé fé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach. |