3 1928


Uimhir 3 de 1928.


ACHT MEÁCHAN AGUS TOMHAS, 1928.


ACHT CHUN NA WEIGHTS AND MEASURES ACTS, 1878 TO 1904, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AGUS GO hÁIRITHE CHUN NA hACHTANNA SAN DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ MAIDIR LE BUIDÉIL A hÚSÁIDTEAR CHUN DEOCHA MEISCIÚLA DO DHÍOL AGUS MAIDIR LE hINSTRUIMIDÍ ÁIRITHE TOMHAIS.

[1adh Meitheamh, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

ROIMHRA.

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

1. —Féadfar an tAcht Meáchan agus Tomhas, 1928 , do ghairm den Acht so agus léireofar é mar éinní amháin leis na Weights and Measures Acts, 1878 to 1904, agus féadfar na hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1928, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an focal “buideul le n-a mbaineann an tAcht so” buideul de mhéid a bheidh orduithe de thurus na huaire fé alt 9 den Acht Deocha Meisciúla (Generálta), 1924 ( Uimh. 62 de 1924 ), chun deocha meisciúla no aon tsaghas áirithe dighe meisciúla do dhíol i mbuidéil;

nuair a húsáidtear an focal “déanta” maidir le buideul le n-a mbaineann an tAcht so cialluíonn sé gur i Saorstát Éireann a dineadh é;

cialluíonn an focal “An Coimisinéir” Coimisinéir an Ghárda Síochána;

cialluíonn an focal “An tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an focal “An Príomh-Acht” an Weights and Measures Act, 1878;

cialluíonn an focal “Acht 1889” an Weights and Measures Act, 1889; agus

cialluíonn an focal “Acht 1904” an Weights and Measures Act, 1904.

CUID I.

Fioru agus Stampail Bhuideul a hUsaidfar chun Deocha Meisciula do Dhiol no do Sholathar.

Leathnú ar an téarma “trade.”

3. —Nuair a húsáidtear an téarma “trade” sna Weights and Measures Acts, 1878 to 1904, folóidh sé, i dteanta na mbríonna a tugtar do le halt 19 den Phríomh-Acht, deocha meisciúla do dhíol no do sholáthar i mbuidéil, deocha meisciúla gur gá, le linn an díola no an tsoláthair sin, de bhua alt 9 den Acht Deocha Meisciúla (Generálta), 1924 ( Uimh. 62 de 1924 ), iad do dhíol no do sholáthar i mbuidéil de mhéid do horduíodh fén alt san.

Cigirí speisialta tomhas agus a gcongantóirí do cheapa.

4. —(1) Féadfidh an Coimisinéir o am go ham pé méid cigirí speisialta tomhas (dá ngairmtear cigirí speisialta san Acht so) is gá, dar leis, agus a cheadóidh an tAire Airgid do cheapa chun na dualgaisí bheidh ar chigirí speisialta fén gCuid seo den Acht so do chólíona agus pé méid congantóirí do chigirí speisialta is gá, dar leis, agus a cheadóidh an tAire Airgid.

(2) Féadfidh an Coimisinéir aon chigire speisialta do chur ar fiunraoi no do bhrise as a oifig mar chigire speisialta, agus féadfa sé aon chongantóir do chigire speisialta do chur ar fiunraoi no do bhrise as a oifig mar chongantóir.

(3) Gach éinne a ceapfar fén alt so chun bheith ina chigire speisialta ní foláir é do bheith ina bhall den Ghárda Síochána agus deimhniú do bheith aige fé alt 8 d'Acht 1904 no deimhniú cigire speisialta do deonadh do réir rialachán do dhin an tAire fén alt so.

(4) Einne a ceapfar fén alt so chun bheith ina chongantóir do chigire speisialta féadfa sé bheith no gan bheith ina bhall den Ghárda Síochána fé mar is oiriúnach leis an gCoimisinéir le haontú an Aire Airgid.

(5) Féadfar cigire ex-officio meáchan agus tomhas do cheapa chun bheith ina chigire speisialta agus nuair a bheidh sé ceaptha amhlaidh féadfa sé, má orduíonn an Coimisinéir é, leanúint de bheith ina chigire ex-officio meáchan agus tomhas.

(6) Tabharfidh an Coimisinéir do gach cigire speisialta pé standardaí agus gléasra is gá dho chun a dhualgaisí mar chigire speisialta den tsórt san do chólíona.

Comhachta agus dualgaisí cigirí speisialta agus a gcongantóirí.

5. —(1) Chó fada is théigheann fíorú agus stampáil bhuideul le n-a mbaineann an tAcht so—

(a) beidh ag gach cigire speisialta na comhachta uile agus cólíonfa sé na dualgaisí uile a bronntar no a cuirtar ar chigire meáchan agus tomhas leis na Weights and Measures Acts, 1878 to 1904, no fútha, mar a leasuítear leis an Acht so iad, ach gan aon tsrian do bheith ann maidir leis an líomatáiste no leis an gceanntar ina bhféadfidh an cigire speisialta san na comhachta san d'fheidhmiú no ina mbeidh air na dualgaisí sin do chólíona, agus

(b) déanfar tagairtí do chigire meáchan agus tomhas, sna Weights and Measures Acts, 1878 to 1904, mar a leasuítear leis an Acht so iad, do léiriú mar nithe a fholuíonn tagairtí do chigire speisialta agus beidh éifeacht dá réir sin ag na hAchtanna san agus iad leasuithe amhlaidh.

(2) Gach éinne a ceapfar mar chongantóir do chigire speisialta cólíonfa sé, ina bhaint leis an gcigire speisialta san, pé dualgaisí a ordóidh an Coimisinéir o am go ham.

Fíorú agus stampáil bhuideul.

6. —(1) I dteanta na n-am agus na n-áit do socruíodh fé sna Weights and Measures Acts, 1878 to 1904, chun meáchain agus tomhais d'fhíorú agus do stampáil, féadfar buidéil déanta le n-a mbaineann an tAcht so d'fhíorú agus do stampáil ar pé amannta agus i pé áiteanna, sa mhonarchain ina ndéanfar na buidéil sin no ina gar-chomhursanacht, a cheapfidh an Coimisinéir le haontú an Aire.

(2) Ceapfidh an Coimisinéir cigire speisialta do gach áit a bheidh ceaptha aige fén alt so chun buidéil le n-a mbaineann an tAcht so d'fhíorú agus do stampáil agus beidh sé de dhualgas ar an gcigire speisialta san bheith san áit sin ar na hamannta a bheidh ceaptha ag an gCoimisinéir don áit sin fén alt so agus na dualgaisí a bhaineann le fíorú agus le stampáil bhuideul le n-a mbaineann an tAcht so, agus a cuirtar air leis na Weights and Measures Acts, 1878 to 1904, mar a leasuítear leis an Acht so iad, do chólíona san áit sin.

Fíorú agus stampáil bhuideul le linn a ndéanta.

7. —(1) Más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach leis é, féadfidh an tAire ceadúnas do dheona sa bhfuirm orduithe, maidir le haon mhonarchain i Saorstát Éireann, á údarú gach buideul le n-a mbaineann an tAcht so agus a déanfar sa mhonarchain sin do stampáil sa tslí orduithe le linn a dhéanta le stampa fíorúcháin fé sna Weights and Measures Acts, 1878 to 1904, mar a leasuítear leis an Acht so iad, no le cló ón stampa san, agus san alt so gairmtear monarcha cheadúnuithe de mhonarchain go mbeidh ceadúnas den tsórt san deonta agus i bhfeidhm ina taobh.

(2) Ní deonfar aon cheadúnas fén alt so mara ndinidh ná go dtí go ndéanfidh an tAire rialacháin fén alt so.

(3) Féadfidh an tAire aon cheadúnas a bheidh deonta fén alt so do cheiliúra aon uair.

(4) Na buidéil uile a stampálfar fén alt so le linn a ndéanta, tástálfar agus fíorófar iad ag cigire speisialta sa tslí orduithe díreach tar éis a ndéanta agus má gheibheann seisean ná fuilid ceart do réir an stampa ortha dítheofar láithreach sa tslí orduithe iad ag cigire speisialta no fé n-a mhaoirseacht.

(5) Na modhanna a húdarófar fén alt so chun buidéil le n-a mbaineann an tAcht so d'fhíorú agus do stampáil, beid, maidir le buidéil den tsórt san a déanfar i monarchain údaruithe, in ionad na modhanna fíorúcháin agus stampálta is gá no a húdaruítear do réir an Phríomh-Achta no fé.

(6) Déanfidh an tAire rialacháin i dtaobh na nithe seo a leanas:—

(a) éinní no aon rud dá dtagartar san alt so mar ní no mar rud orduithe,

(b) a chur in áirithe, maidir le buidéil le n-a mbaineann an tAcht so agus a stampálfar fén alt so, gur ag cigire speisialta no fé n-a ghar-mhaoirseacht a stampálfar amhlaidh iad,

(c) a chur in áirithe go mbeidh agus go bhfanfidh buidéil den tsórt san ina chimeád ag cigire speisialta o am a ndéanta go dtí n-a scaoile no a ndíthiú ag cigire speisialta no fé n-a mhaoirseacht.

(d) ag ordú na dualgas a bheidh ar chigire speisialta fén alt so,

(e) ag forchur pé coiníollacha ar dhílseánach mhonarchan ceadúnuithe is dó leis an Aire is gá chun a chur in áirithe go ndéanfar gach buideul le n-a mbaineann an tAcht so, agus a déanfar sa mhonarchain sin agus a tabharfar amach aisti, d'fhíorú agus do stampáil go cuibhe do réir an ailt seo agus do réir na rialachán a déanfar fé,

(f) ag ordú na bpionós a féadfar a chur ar dhaoine (nách cigirí speisialta) a gheobhfar ag cúirt údaráis achmair do bheith ciontach i sárú na rialachán, ach san i slí nách mó aon phionós den tsórt san ná fíneáil chúig bpunt ar fhichid no, más rogha leis an gcúirt é príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe,

(7) Einne (nách cigire speisialta) a gheobhfar ag cúirt údaráis achmair do bheith ciontach i sárú aon rialacháin a bheidh déanta fén alt so féadfidh an chúirt sin é dhaora chun pionóis nách mó ná an pionós a bheidh orduithe leis an rialachán san in aghaidh an tsáruithe sin no, mara mbeidh aon phionós orduithe amhlaidh, nách mó ná fíneáil chúig bpunt ar fhichid no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe.

(8) Má bhíonn cigire speisialta ciontach in aon nea-chólíona ar dhualgas a bheidh curtha air le rialacháin a bheidh déanta fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig puint do chur air.

(9) San alt so cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a bheidh déanta fén alt so.

Táillí ar son buidéil d'fhíorú agus do stampáil.

8. —(1) Na daoine a éileoidh go bhfíorófí buidéil le n-a mbaineann an tAcht so íocfid ar son a bhfíoruithe agus a stampála pé táillí a bheidh orduithe le rialacháin a bheidh déanta ag an Aire fén alt so le toiliú an Aire Airgid agus féadfar táillí deifriúla d'ordú amhlaidh in aghaidh saghsanna deifriúla buideul agus in aghaidh modhanna deifriúla tástála.

(2) Na táillí uile is iníoctha fén alt so ar son fíoruithe agus stampála buideul ag cigire meáchan agus tomhas no ag cigire ex-officio meáchan agus tomhas íocfar leis an gcigire sin iad agus cuirfe seisean chun críche iad agus tabharfa sé cuntas ortha díreach fé is dá mba tháillí iad do gheobhadh sé fén bPríomh-Acht.

(3) Na táillí uile is iníoctha fén alt so ar son fíoruithe agus stampála buideul ag cigire speisialta íocfar isteach i gCiste Luach Saothair an Ghárda Síochána agus sa Stát-Chiste iad do réir pé cionúireachtaí a ordóidh an tAire Airgid.

Costaisí fén gCuid seo den Acht so.

9. —Na costaisí uile fé n-a raghfar fén gCuid seo den Acht so (ach amháin iad san fé n-a raghaidh cigire meáchan agus tomhas no cigire ex-officio meáchan agus tomhas no fé n-a raghfar ina thaobh) déanfar, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, iad d'íoc amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID II.

Instruimidi Tomhais.

Instruimidí tomhais.

10. —(1) Déanfar an míniú a tugtar ar “measuring instrument” in alt 35 d'Acht 1889 do leathnú i dtreo go bhfolóidh sé aon instruimid chun faid no aghaidh-achar do thomhas no chun tomhas do dhéanamh tré chomhreamh agus beidh éifeacht ag an alt san dá réir sin.

(2) Sa Chuid seo den Acht so, lasmuich den alt so, ní fholóidh an focal “instruimid tomhais” aon instruimid chun caindíochtaí leictreachais do thomhas agus do shocrú.

Fíorú agus stampáil instruimidí tomhais.

11. —(1) Fíorófar agus stampálfar ag cigire meáchan agus tomhas, le stampa fíorúcháin, fé sna Weights and Measures Acts, 1878 to 1904, mar a leasuítear leis an Acht so iad, gach instruimid tomhais a húsáidfar i gcóir trádála (mara mbeidh ceadúnas ag baint leis do deonadh fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire).

(2) Más rud é, mar gheall ar a habhar no ar phrinsiobal a déanta agus mar gheall air sin amháin, nách féidir instruimid tomhais do húsáideadh i gcóir trádála roimh an 1adh lá d'Eanair, 1928, do stampáil mar is gá do réir an ailt seo, féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é agus fé réir atharú (más ann do) do dhéanamh ar dhéanamh na hinstruimide sin fé mar is oiriúnach leis d'éileamh, ceadúnas do dheona, agus é do cheiliúra aon uair, maidir leis an instruimid tomhais sin, á údarú don té a bheidh ainmnithe ann an instruimid tomhais sin d'úsáid i gcóir trádála ar feadh pé tréimhse (nách sia ná pé tréimhse mhaximum a ordóidh an tAire go generálta no go háirithe le rialacháin a bheidh déanta fén alt so) agus fé réir pé coiníollacha is dó leis an a Aire is ceart a luadh sa cheadúnas san.

(3) Gach éinne a úsáidfidh no go mbeidh ar seilbh aige le húsáid i gcóir trádála tar éis sé mhí o am rithte an Achta so, aon instruimid tomhais gur gá do réir an ailt seo í do bheith stampálta agus ná beidh stampálta amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar, má sé an chéad chionta aige é, fíneáil ná raghaidh thar dhá phunt do chur air agus, i gcás an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar cúig puint.

(4) Bainfidh alt 32 den Phríomh-Acht le hinstruimidí tomhais díreach fé mar a bhaineann sé le meáchain agus le tomhais agus bainfidh alt 48 den Phríomh-Acht le hinstruimidí tomhais díreach fé mar a bhaineann sé le meáchain, tomhais, scálaí, meadha, sailmheadha agus gléasa meáchainte.

Leathnú ar ailt 25 agus 26 den Phríomh-Acht.

12. —Bainfidh ailt 25 agus 26 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear iad le halt 3 d'Acht 1889, le hinstruimidí tomhais díreach fé mar a bhainid le meáchain, tomhais, scálaí, meadha, sail-mheadha agus gléasa meáchainte.

CUID III.

Generalta.

Stampaí fíorúcháin.

13. —(1) Gach stampa fíorúcháin fé sna Weights and Measures Acts, 1878 to 1904, beidh sé déanta i bhfuirm agus d'abhar agus do réir phátrúin a bheidh orduithe ag an Aire le rialacháin a bheidh déanta fén alt so agus pé uimhreacha no marcanna deifriúla air a bheidh orduithe ag an Aire leis na rialacháin sin no fútha.

(2) Léireofar mar thagairt do stampa fhíorúcháin a bheidh orduithe fén alt so gach tagairt do stampa fhíorúcháin sna Weights and Measures Acts, 1878 to 1904, (le n-a n-áirítear an tagairt in alt 32 den Phríomh-Acht d'aon stampa a húsáidtear chun aon mheáchan no tomhas do stampáil fén Acht san) agus beidh éifeacht ag na hAchtanna san dá réir sin.

(3) Ní bheidh sé dleathach d'éinne aon stampa fíorúcháin a bheidh orduithe fén alt so d'ordú ná do cheannach ná do chur ar nea-mbrí gan údarás i scríbhinn ón Aire.

(4) Má dhineann éinne aon stampa fíorúcháin d'ordú no do cheannach no do chur ar nea-mbrí contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

Deimhnithe cigirí do chur ar nea-mbrí.

14. —(1) Pé uair a thárlóidh don té is sealbhóir ar dheimhniú do deonadh fé alt 11 d'Acht 1889 no fé alt 8 d'Acht 1904 go mbeidh sé ar feadh tréimhse leanúnaighe nách giorra ná seacht mbliana dar thosach aon uair tar éis deona an deimhnithe sin scurtha de ghníomhú mar chigire meáchan agus tomhas, féadfidh an tAire le hordú an deimhniú san do chur ar nea-mbrí agus leis sin scuirfidh an deimhniú san de bheith i bhfeidhm.

(2) Faid a bheidh sé ag gníomhú mar chigire speisialta ní tuigfar an té is sealbhóir ar aon deimhniú den tsórt san roimhráite do bheith scurtha, do réir bhrí an ailt seo, de ghníomhú mar chigire meáchan agus tomhas.

(3) Léireofar alt 8 den Weights and Measures Act, 1904, agus beidh éifeacht aige fé is dá ndintí—

(a) i bhfo-alt (2) den alt san, na focail “and such certificate is at the date of his appointment in force” do chur isteach ann tar éis na bhfocal “such a certificate as aforesaid,” agus

(b) i bhfo-alt (3) den alt san, na focail “holding a certificate for the time being in force” do chur isteach ann in ionad na bhfocal “having obtained a certificate” atá anois ann.

Táillí ar son standardaí áitiúla d'fhíorú.

15. —I dteanta na gcomhacht a bronntar le halt 8 d'Acht 1889, mar a leathnuítear iad le halt 6 d'Acht 1904, beidh an tAire i dteideal pé táillí a cheapfa sé le hontú an Aire Airgid d'éileamh ar son cóimheas agus fíorú standardaí áitiúla agus standardaí eile a bheidh le n'úsáid ag údaráis áitiúla no ag á n-oifigigh no a sholáthróidh an Coimisinéir.

Leasú ar alt 8 d'Acht 1904.

16. —(1) Ar na crícheanna chun a gcomórfar scruduithe fé fho-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1904 beidh a fháil amach, i dtaobh daoine go mbeifear ag cuimhneamh ar iad do cheapa mar chigirí ex-officio meáchan agus tomhas, a bhfuil leor-eolas praiticiúil acu chun a ndualgaisí mar chigirí den tsórt san do chólíona sa cheart.

(2) Ní déanfar, tar éis rithte an Achta so, éinne do cheapa chun bheith ina chigire ex-officio meáchan agus tomhas mara mbeidh fachta aige (roimh am rithte an Achta so no dá éis sin) deimhniú fén alt san 8 d'Acht 1904.

Leasú ar alt 79 den Phríomh-Acht.

17. —Na comhachta agus na dualgaisí a bronntar agus a cuirtar ar bhreitheamh árd-shiosóin agus ar bhreacthóir bhuirge no ar chathaoirleach cheathrú shiosóin chontae fé seach le halt 79 den Phríomh-Acht leathnófar iad chun go mbainfidís le gléasra agus beid infheidhmithe agus cólíonfar iad i dtaobh gléasra agus, mar a leathnuítear iad amhlaidh, beid aistrithe agus aistrítear leis seo iad chun an Aire agus feasta feidhmeoidh agus cólíonfidh an tAire iad ar pé amannta gach bliain agus ar pé slí is dó leis is fearr chun iad d'fheidhmiú agus do chólíona go cuibhe.

Leasú ar alt 5 d'Acht 1904.

18. —An chomhacht a dílsítear san Aire de bhua alt 5 d'Acht 1904 chun rialacháin ghenerálta do dhéanamh folóidh sí comhacht chun rialacháin ghenerálta do dhéanamh i dtaobh na nithe seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) an t-údarás áitiúil no an Coimisinéir do dhéanamh standardaí áitiúla agus standardaí oibre no fo-standardaí áitiúla do sholáthar agus do choinneáil i dtreo agus fíorú na standardaí agus na standardaí oibre no na bhfo-standardaí sin; agus

(b) cigirí meáchan agus tomhas, cigirí ex-officio meáchan agus tomhas, agus cigirí speisialta do stiúrú i bhfeidhmiú agus i gcólíona a ndualgas fé sna Weights and Measures Acts, 1878 to 1904, mar a leasuítear leis an Acht so iad;

agus beidh éifeacht ag an alt san 5 dá réir sin.

Leasú ar alt 81 den Phríomh-Acht.

19. —Leasuítear leis seo alt 81 den Phríomh-Acht tré sna focail “under the direction of the justices of petty sessions” agus gach focal atá anois ann o sna focail “provided that if” go dtí na focail “justices of the district” do scriosa amach.

Leasú ar alt 83 den Phríomh-Acht.

20. —Léireofar mar thagairtí don Aire na tagairtí in alt 83 den Phríomh-Acht do sna giúistísí i ngearr-shiosóin na contae agus do sna giúistísí agus beidh éifeacht ag an alt san dá réir sin.

Leasú ar an gCeathrú Sceideal don Phríomh-Acht.

21. —(1) Sa mhíniú ar an bhfocal “county” atá sa chuid den Cheathrú Sceideal don Phríomh-Acht dar mírcheann “Notes” léireofar an focal “riding” mar thagairt do thrian atá ina chontae riaracháin agus do san amháin agus beidh éifeacht ag an Sceideal san dá réir sin.

(2) Dintar an chuid den Cheathrú Sceideal don Phríomh-Acht dar mírcheann “Notes” do leasú leis seo tré sna focail seo a leanas agus atá anois ann do scriosa amach: “The two constabulary districts of the county of Galway shall respectively be deemed to be counties for the purposes of this Act.”

Údaráis áitiúla i gContae Bhaile Atha Cliath.

22. —(1) D'ainneoin éinní sa Phríomh-Acht, isiad comhairlí na mbailecheanntar a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so a bheidh, ina gceanntracha fé seach, mar údaráis áitiúla fé seach chun crícheanna na Weights and Measures Acts, 1878 to 1904, mar a leasuítear leis an Acht so iad.

(2) Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá ndintí an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis do leasú mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail seo a leanas agus atá anois sa Sceideal san do scriosa amach, sé sin le rá, na focail “such portion of the police district of Dublin metropolis as is without the municipal boundary of the borough of Dublin,” na focail “The Commissioners of the Dublin metropolitan police” agus na focail “The funds applicable to defray the expenses of the Dublin metropolitan police,” agus

(b) tré sna focail “police district of Dublin metropolis” do scriosa amach sa chuid den Sceideal san dar mírcheann “Notes,” agus tré sna focail “following urban districts, that is to say, Blackrock, Dalkey, Dún Laoghaire, Pembroke and Rathmines and Rathgar” do chur in ionad na bhfocal a scriosadh amach amhlaidh.

(3) Aon fho-standardaí, scálaí agus stampaí do fuarthas fé fho-alt (5) d'alt 78 den Phríomh-Acht agus atá anois ina chimeád ag an gCoimisinéir tabharfar iad ina seilbh do chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath.

(4) Leasuítear leis seo alt 81 den Phríomh-Acht tríd an gceathrú mír de do scriosa amach (eadhon, an mhír dar tosach na focail “In the district” agus dar críoch na focail “within the said district.”).

SCEIDEAL.

Bailecheanntar na Carraige Duibhe

Bailecheanntar Dheilginse

Bailecheanntar Dhún Laoghaire

Bailecheanntar Phembróc

Bailecheanntar Ráth Maonas agus Rátha Ghairbh.