11 1928


Uimhir 11 de 1928.


ACHT AIRGID, 1928.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE DE CHUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE, MARAON LE MÁL, D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRA, CHUN AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE, MARAON LE MÁL, DO LEASÚ AGUS CHUN TUILLE FORÁLACHA I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH. [17adh Iúl, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Cain Ioncuim.

Cáin ioncuim agus barracháin in aghaidh na bliana 1928-29.

1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1928, éileofar cáin ioncuim do réir thrí scillinge fén bpunt.

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1928, éileofar barra-cháin do réir na rátai céanna gur dá réir do héilíodh í in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1927.

(3) Na forálacha reachtúla agus na forálacha eile a bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1927, i dtaobh cánach ioncuim agus barra-chánach, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na barra-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1928.

Scuirfar de bharra-cháin d'éileamh.

2. —Ní héileofar barra-cháin in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1929, ná in aghaidh aon bhliana ina dhiaidh sin.

Eileofar for-cháin.

3. —(1) I dteanta na cánach ioncuim a héileofar do réir an ráta a bheidh orduithe d'aon bhliain, éileofar, gearrfar, agus íocfar in aghaidh na bliana san, ar ioncum aon duine aonair gur mó ná dhá mhíle punt a ioncum go hiomlán o gach taobh, diúité breise i bhfuirm cánach ioncuim (dá ngairmtear for-cháin san Acht so) do réir an ráta no na rátaí a bheidh orduithe ag an Oireachtas don bhliain sin.

(2) Beidh for-cháin dlite agus iníoctha ar no roimh an 1adh lá den chéad Eanair tar éis deire bliain an cháinmheasa, ach amháin go dtuigfar for-cháin no aon chuid d'fhor-cháin a cuirfar isteach i gcáinmheas a sighneofar agus a lomhálfar ar an 1adh lá den Eanair sin no ina dhiaidh sin do bheith dlite agus iníoctha an chéad lá tar éis lá sighnithe agus lomhálta an chainmheasa.

(3) Sa mhéid go mbainid le barra-cháin no le héinní no le haon rud a bhaineann le barra-cháin, leanfidh na forálacha uile de sna hAchtanna Cánach Ioncuim do bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1927, d'éifeacht do bheith acu agus léireofar iad mar fhorálacha a bhaineann le for-cháin agus leis an ní no leis an rud den tsórt chéanna a bhaineann le forcháin, fé réir na leasuithe a dintar ortha leis an Acht so agus fé réir na n-atharuithe seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 5 den Income Tax Act, 1918, fé is dá leigtí na focail “for the previous year” ar lár ann,

(b) beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 5 den Acht san fé is dá leigtí na focail “for any year” agus na focail “for the following year” ar lár ann,

(c) beidh éifeacht ag fo-alt (3) d'alt 5 den Acht san fé is dá leigtí na focail “of the previous year” ar lár ann,

(d) ní bheidh éifeacht ag alt 6 den Acht san,

(e) beidh éifeacht ag fo-alt (3) d'alt 7 den Acht san fé is dá gcuirtí na focail “following the year” isteach ann roimh na focail “for which super-tax is chargeable,” agus

(f) beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 8 den Acht san, mar a leasuítear é le halt 26 den Finance Act, 1919, fé is dá gcuirtí na focail “the year following the year of assessment” isteach ann in ionad na bhfocal “any year of assessment.”

For-cháin in aghaidh na bliana 1928-29.

4. —In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1928, éileofar for-cháin do réir na rátaí seo a leanas:—

Ar scór an chéad dhá mhíle punt den

ioncum     ...     ...     ...     ...

Dada.

Ar scór na breise os cionn dhá mhíle punt, in aghaidh gach puint den chéad

chúig céad punt den bhreis     ...

Naoi bPingne.

in aghaidh gach puint den chéad chúig céad punt eile den bhreis

Scilling.

in aghaidh gach puint den chéad

mhíle punt eile den bhreis     ...

Scilling agus Reul.

in aghaidh gach puint den chéad

mhíle punt eile den bhreis     ...

Dhá Scilling agus Leath-reul.

in aghaidh gach puint den chéad

mhíle punt eile den bhreis     ...

Trí Scillinge.

in aghaidh gach puint den chéad

dhá mhíle punt eile den bhreis     ...

Trí Scillinge agus Reul.

in aghaidh gach puint den chéad

dhá mhíle punt eile den bhreis     ...

Ceithre Scillinge.

in aghaidh gach puint den chuid

eile den bhreis     ...     ...     ...

Ceithre Scillinge agus Reul.

Leasú ar alt 157 den Income Tax Act, 1918.

5. —Scuirfidh fo-alt (2) d'alt 157 den Income Tax Act, 1918 (fo-alt i dtaobh an dáta ar a mbeidh cáin ioncuim dlite) d'éifeacht do bheith aige sa mhéid go mbaineann sé le cáin is inéilithe fé Sceideal A, lasmuich d'aon cháin is inéilithe amhlaidh ar ioncum a háirítear no atá le háireamh mar ioncum thuillte.

Deimhniú gur híocadh cáin ioncuim fé Sceidil A agus B.

6. —(1) Féadfidh tiarna no gar-léasóir no sealbhaire aon mhaoine do muirearuíodh no is ionmhuirearuithe fé Sceideal A no fé Sceideal B den Income Tax Act, 1918, deimhniú d'iarraidh ar an gcigire cánach don cheanntar ina bhfuil an mhaoin sin suidhte ar an gcáin ioncuim uile, do héilíodh fé sna Sceidil sin in aghaidh na mblianta cáinmheasa go léir do bhí caithte roimh an 6adh lá d'Abrán roimh dháta an iarratais, do bheith íoctha agus gan a thuille cánach ioncuim fé sna Sceidil sin do bheith inéilithe in aghaidh na mblian san, agus nuair is deimhin leis an gcigire cánach gur mar sin atá tabharfa sé amach deimhniú sa chéill sin.

(2) D'ainneoin alt 199 den Income Tax Act, 1918, i gcás inar díoladh an mhaoin mhuirearuithe no ionmhuirearuithe ar chomaoine luachmhair agus inar tugadh amach an deimhniú dá dtagartar san alt so, an cháin a deimhníodh a bheith íoctha no gan bheith inéilithe ní bheidh sí ionbhainte tré earra-ghabháil de shealbhaire na maoine muirearuithe ná ionbhainte amach tré earraghabháil ar an áitreabh ar ar dineadh an cáinmheas.

(3) Ní dhéanfidh deimhniú ón gcigire cánach fén alt so aon duine ná maoin do ghlana o cháin ioncuim, i gcás calaoise ná i gcás é do theip ar an duine sin dátáin táchtacha do nochta, ach amháin ceannuitheoir do cheannuigh an mhaoin sin ar chomaoine luachmhair bona fide gan fógra i dtaobh na calaoise no an teipthe sin d'fháil, no maoin an cheannuitheora san.

Saoirse do dhaoine i seirbhís chonsulachta stáit choigríche.

7. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, deonfar saoirse o cháin ioncuim (le n-a n-áirítear barra-cháin agus for-cháin) maidir leis an sochar oifige is iníoctha, ag stát coigríche le n-a mbaineann an t-alt so, le héinne is saoránach den stát choigríche sin agus a bheidh ar buan-fhostú i seirbhís chonsulachta an stáit sin agus ceaptha chun fónamh i Saorstát Éireann, agus maidir le haon ioncum a eireoidh lasmuich de Shaorstát Éireann agus a fhásfidh chun an duine sin, agus ní tabharfar aon áird ar aon tsochar oifige ná ioncum den tsórt san nuair a beifear ag meas méid ioncuim an duine sin chun crícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim.

(2) Tuigfar an t-alt so do theacht i bhfeidhm ar an 6adh lá d'Abrán, 1923, agus beidh sé fé mar a bheadh sé i bhfeidhm agus éifeacht aige ar an lá san agus ón lá san amach agus má íoc éinne cáin 'na mbeadh teideal aige chun saoirse uaithi fén alt so beidh teideal aige chun aisíoc na cánach san d'fháil.

(3) Baineann an t-alt so le gach stát coigríche gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh de thurus na huaire go dtugann sé do dhaoine ar buan-fhostú i seirbhís chonsulachta Shaorstáit Éireann saoirse den tsórt a tugtar leis an alt so do dhaoine ar buan-fhostú i seirbhís chonsulachta an stáit choigríche sin.

Daingniú ar Chó-aontú.

8. —Daingnítear leis seo an Có-aontú atá curtha síos sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus beidh éifeacht aige maidir leis an saoirse no leis an bhfaoiseamh a deonfar o cháin ioncuim, o bharra-cháin, agus o fhor-cháin Shaorstáit Éireann in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1928, agus o cháin ioncuim agus o fhor-cháin Shaorstáit Éireann in aghaidh gach bliana ina dhiaidh sin ina mbeidh éifeacht ag an gCó-aontú san, de bhua Achta den Pháirlimint Bhriotáinigh, maidir leis an saoirse no leis an bhfaoiseamh a deonfar, i gcás na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1928, o cháin ioncuim, o bharra-cháin agus o fhor-cháin Bhriotáineach in aghaidh na bliana san agus, i gcás aon bhliana ina dhiaidh sin, o cháin ioncuim agus o fhorcháin Bhriotáineach in aghaidh na bliana san.

Fógra generálta i dtaobh liostaí, faisnéisi no ráitisí do sheachada.

9. —Déanfidh na Coimisinéirí Speisialta i ngach bliain cháinmheasa a chur fé ndeár fógra generálta do thabhairt á cheangal ar na daoine go léir, ar a gceangailtear leis na hAchtanna Cánach Ioncuim aon liost, faisnéis no ráiteas do sheachada, an liost, an fhaisnéis no an ráiteas san do dhéanamh amach agus do sheachada do sna cigirí cánach do sna ceanntair fé seach no do sna Coimisinéirí Ioncuim laistigh de pé aimsir a bheidh ceaptha leis an bhfógra san agus nách giorra ná lá is fiche o thabhairt an fhógra san.

(2) Tabharfar an fógra generálta san gach bliain tré n-a chur fé ndeár é do chur isteach aon uair amháin san Iris Oifigiúil agus aon uair amháin ar a laighead i ngach ceann fé leith de dhá pháipeur nuachta laethúla a foillsítear i Saorstát Éireann agus tuigfar gur leor-chólíona ar an bhfo-alt san roimhe seo na curthaisteach san agus gurb ionann iad agus an fógra generálta san do dhea-sheirbheáil ar gach n-aon le n-a mbaineann.

Fógraí i dtaobh cáinmheas, agus i dtaobh na haimsire chun fógra athchomharc do thabhairt.

10. —(1) Nuair a bheidh cáinmheasa fé Sceidil A agus B sighnithe cuirfidh na Coimisinéirí Speisialta fé ndeár fógra do thabhairt, i pé slí is oiriúnach dar leo, ina dtaobh agus i dtaobh na haimsire chun fógra athchomhairc do thabhairt.

(2) Féadfar aon fhógra den tsórt san do thabhairt—

(a) tríd na cáinmheasa do lóisteáil leis na cigirí cánach do sna ceanntair fé seach chun go bhféadfidh na daoine do cáinmheasadh iad d'iniúcha, agus tré fhógra d'fhoillsiú, san Iris Oifigiúil agus i dhá bpáipeur nuachta laethúla ar a laighead a foillsítear i Saorstát Éireann, i dtaobh na haimsire chun fógra athchomhairc do thabhairt; no

(b) tré fhógra do sheachada do gach éinne do cáinmheasadh i dtaobh méid a cháinmheasa agus i dtaobh na haimsire chun fógra athchomhairc do thabhairt.

CUID II.

Custuim agus Mal.

Diúité gluaisteáin.

11. —(1) Déanfar diúité custum de mhéid is có-ionann le trí triochad is trian per cent. de luach na hearra d'éileamh, do ghearra, agus d'íoc ar gach gluaisteán agus ar gach fíor-chuid de ghluaisteán agus ar gach cabhair do a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 26adh lá d'Abrán, 1928, no dá éis sin.

(2) Tuigfar gurb é is luach d'aon earra chun crícheanna an ailt seo ná an praghas a thabharfadh iomportálaí ar an earra dá ndintí an earra do sheachada fé bhanna in áit na hiomportála agus an luach fartha agus an t-árachas íoctha uirthi, agus ar an luach san, mar a shocróidh na Coimisinéirí Ioncuim é, isea a híocfar diúité.

(3) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité a forchuirtar leis an alt so ach go mbeidh an focal “Saorstát Éireann” in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland.”

(4) Ní héileofar ná ní gearrfar, ar aon earra is ionchurtha fén diúité a forchuirtar leis an alt so, na diúitéthe nua iomportála do céad-fhorchuireadh le halt 12 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus do buanuíodh go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1928, le halt 12 den Acht Airgid, 1927 ( Uimh. 18 de 1927 ).

(5) Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an focal “diúité gluaisteáin” an diúité a forchuirtar leis an alt so, agus

foluíonn an focal “gluaisteáin” mótar-tharraicirí, mótar-rothair, agus mótar-rothair thréanacha, agus fós foluíonn sé feithiclí atá ceaptha, d'aon ghnó no go mór mór, chun iad do tharrac le gluaisteáin, le mótar-tharraicirí, le mótar-rothair, no le mótarrothair thréanacha no chun a gceangailte dhíobh san.

Ais-tarrac i dtaobh diúité ghluaisteáin.

12. —(1) Má cuirtar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur híocadh diúité gluaisteáin go cuibhe ar aon earra agus nár húsáideadh an earra san i Saorstát Éireann, lomhálfar ar an earra san, má easportáltar í mar áirnéis cheannaíochta, ais-tarrac is có-ionann le méid an diúité do híocadh amhlaidh.

(2) Ní bhainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, le hearraí is ionchurtha fé dhiúité ghluaisteáin agus aon earra den tsórt san a hath-iomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis a heasportála amach as beidh sí saor ón diúité sin má cuirtar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim nár hiomportáladh an earra roimh a heasportáil no nár lomháladh aon ais-tarrac diúité nuair a heasportáladh í no gur haisíocadh leis na Coimisinéirí Ioncuim aon ais-tarrac do lomháladh amhlaidh.

(3) Ní tuigfar chun crícheanna an ailt seo gur hiomportáladh ná gur heasportáladh earraí nár hiomportáladh agus nár heasportáladh ach amháin ar turus fé bhanna.

Saoirsí ó dhiúité ghluaisteáin.

13. —(1) I gcás ina gcuirfar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go bhfuil gluaisteán déanta agus oiriúnach chun tiomáinte no chun tarraicthe ar ráil-rianta agus go bhfuiltar chun é d'úsáid no gur húsáideadh é agus go bhfuil sé á úsáid chun tiomáinte no chun tarraicthe amhlaidh agus chuige sin amháin, no go bhfuil mótar-tharraicire déanta agus oiriúnach chun crícheanna talmhaíochta nách gá ina gcóir é d'úsáid ar bhóthar phuiblí agus go bhfuiltar chun é d'úsáid no gur húsáideadh é agus go bhfuil sé á úsáid chun na gcrícheanna talmhaíochta san amháin no, i dtaobh earra, gur fíor-chuid í d'aon ghluaisteán no mótar-tharraicire den tsórt roimhráite no gur cabhair do í agus go bhfuiltar chun í d'úsáid no gur húsáideadh í agus go bhfuil sí á húsáid mar fhíor-chuid no mar chabhair den tsórt san agus mar sin amháin, no go bhfuil earra de shaghas gur mar fhíorchuid de ghiuaisteán no mar chabhair do is mó a húsáidtear í ach go n-iomportáltar í chun í d'úsáid chun críche éigin eile, ansan, fé réir pé coiníollacha (más ann dóibh) is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncuim d'fhorchur maidir le duillín do chur ar an earra, le marcáil, le stampáil, le cruthúnas, le hurrús no le héinní eile, lomhálfidh na Coimisinéirí Ioncuim an earra d'iomportáil gan diúité gluaisteáin d'íoc no, i gcás in ar híocadh an diúité sin ar iomportáil na hearra, aisíocfid an diúité sin.

(2) Ar aon aistriú do dhéanamh ar únaeracht ghluaisteáin no fhíor-choda no chabhrach do leigeadh isteach fén alt so gan diúité gluaisteáin d'íoc no ar ar haisíocadh diúité gluaisteáin fén alt so, má éilíonn na Coimisinéirí Ioncuim air é tabharfidh an t-aistreoir fógra do sna Coimisinéirí Ioncuim láithreach i dtaobh an aistrithe sin agus i dtaobh ainm agus seola an aistrí.

(3) Más rud é, faid a leanfidh diúité gluaisteáin de bheith iníoctha, go scriosfidh éinne no go dtógfidh éinne duillín, stampa, no marc do cuireadh ar ghluaisteán no ar fhíor-chuid de ghluaisteán no ar chabhair do do réir choiníollacha d'fhorchur na Coimisinéirí Ioncuim fén alt so, no go ndéanfa sé gluaisteán no fíor-chuid no cabhair do leigheadh isteach fén alt so gan diúité ghluaisteáin d'íoc no ar ar haisíocadh diúité gluaisteáin fén alt so d'úsáid chun aon chríche ach an chrích gur dineadh an leigintisteach no an t-aisíoc san mar gheall uirthi, no go dteipfidh air fógra do thabhairt, do réir éilimh do dhin na Coimisinéirí Ioncuim air fén alt so, i dtaobh aistriú do dhin sé ar ghluaisteán no ar fhíor-chuid de ghluaisteán no ar chabhair do no i dtaobh ainm no seola an té chun ar haistríodh é, beidh an duine sin ciontach i gcionta fé sna hAchtanna Custum agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil do chur air a bheidh chó mór fé thrí le luach an ghluaisteáin no na fíor-choda no na cabhrach san, agus an diúité gluaisteáin is iníoctha air d'áireamh, no, más rogha leis na Coimisinéirí Ioncuim é, fíneáil céad punt agus, in aon chás, geallbhruidfar an gluaisteán, an fhíor-chuid no an chabhair gur dineadh an cionta mar gheall air.

Saoirsí eile o dhiúité ghluaisteáin.

14. —(1) Féadfidh an tAire Airgid, le hordú, aon earra áirithe is ionchurtha fé dhiúité ghluaisteáin do shaora ón diúité sin más deimhin leis, mar gheall ar a laighead is fiú an earra, ná fuil sé oiriúnach an diúité d'éileamh.

Féadfar orduithe do dineadh fé fho-alt (5) d'alt 13 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus do bhí i bhfeidhm an 25adh lá d'Abrán, 1928, do cheiliúra no do leasú le hordú a déanfar fén bhfo-alt so agus, go dtí go gceiliúrfar amhlaidh iad agus fé réir aon leasú den tsórt san, bainfid le diúité gluaisteáin agus leanfid i bhfeidhm dá réir sin.

(2) Féadfidh an tAire Airgid rialacháin do dhéanamh á fhoráil go dtabharfar ar feadh tréimhse teoranta saoirse o dhiúité ghluaisteáin, in iomlán no i bpáirt, do ghluaisteáin a tabharfar isteach i Saorstát Éireann ag daoine ná fanfidh ann ach tamall.

Féadfar rialacháin do dineadh fé fho-alt (6) d'alt 13 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus do bhí i bhfeidhm an 25adh lá d'Abrán, 1928, do cheiliúra no do leasú le rialacháin a déanfar fén bhfo-alt so agus, go dtí go gceiliúrfar amhlaidh iad agus fé réir aon leasú den tsórt san, bainfid le diúité gluaisteáin agus le gluaisteáin is ionchurtha fén diúité sin agus leanfid i bhfeidhm dá réir sin.

Cáirde do thabhairt chun diúité gluaisteáin d'íoc.

15. —D'ainneoin éinní atá in alt 56 den Customs Consolidation Act, 1876, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le haon chassis gluaisteáin a hiomportálfar gan chabhail agus is ionchurtha fé dhiúité ghluaisteáin, a lomháil, fé réir pé coiníollacha is dó leo is ceart d'ordú i dtaobh urrúis ar íoc an diúité agus i dtaobh nithe eile, go ndéanfar íoc an diúité is iníoctha le ceart ar iomportáil an chassis sin do chur siar go ceann tréimhse nách sia ná ráithe ón dáta ar ar hiontráladh an chassis sin fé sna hAchtanna Custum.

Diúité ar bhuidéil ghloine fholmha agus ar chrúscaí gloine folmha.

16. —(1) Déanfar diúité custum de mhéid is có-ionann le trí triochad is trian per cent. de luach na hearra d'éileamh, do ghearra, agus d'íoc ar gach buideul gloine folamh agus crúsca gloine folamh den tsaghas a luaidhtear anso ina dhiaidh seo agus ina raghadh cúig únsa fliuch no níos mó agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 26adh lá d'Abrán, 1928, no dá éis sin, sé sin le rá:—

(a) gach buideul gloine folamh de shaghas a húsáidtear do ghnáth chun uiscí búird, mar a mínítear san le fo-alt (2) d'alt 7 den Finance Act, 1916, biotáille (nách biotáille chumhruithe ná biotáille leighis), fíon, beoir no lionn ubhall do chur isteach ann, agus

(b) gach crúsca gloine folamh de shaghas a húsáidtear do ghnáth chun subh, marmaláid, no géilé do chimeád ann.

(2) Más léir don Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, ná dintar i Saorstát Éireann buidéil agus crúscaí de sna saghsanna a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so agus iad de ghloine bháin agus oiriúnach do riachtanaisí trádálaithe i Saorstát Éireann, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim a údarú tré cheadúnas, fé réir pé coiníollacha is oiriúnach leo d'ordú agus a bheidh sa cheadúnas, go n-iomportálfar gan diúité d'íoc buidéil agus crúscaí gloine folmha de sna saghsanna a luaidhtear sa bhfo-alt san (1) agus a bheidh, dar leis na Coimisinéirí, déanta de ghloine bháin.

(3) Aon earra is ionchurtha fén diúité a forchuirtar leis an alt so agus a hath-iomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis a heasportála amach as, beidh sí saor ón diúité sin má cuirtar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim:—

(a) nár hiomportáladh an earra sarar heasportáladh í, no

(b) gur roimh an 12adh lá de Bhealtaine, 1924, do céadiomportáladh an earra, no

(c) gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1924, no dá éis sin, do céad-iomportáladh an earra agus ná raibh sí ionchurtha fé dhiúité fé aon Acht den Oireachtas do bhí i bhfeidhm nuair a hiomportáladh í no go raibh sí ionchurtha fé dhiúité amhlaidh agus gur híocadh an diúité sin uirthi go cuibhe.

(4) Aon earra a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í iomportáil isteach i Saorstát Éireann agus í easportáil amach as mar earra ar turus fé bhanna ní tuigfar í bheith á hathiomportáil isteach i Saorstát Éireann do réir bhrí an ailt seo.

(5) Má sháruíonn éinne aon choiníoll dá n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fé sna Achtanna Custum agus raghaidh sé fé fhíneáil caoga punt in aghaidh gach cionta fé leith agus geallbhruidfar aon earra is ionchurtha fén diúité a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so agus gur dineadh an sárú san ina taobh.

(6) Ní bhainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, le hearraí is ionchurtha fén diúité a forchuirtar leis an alt so.

(7) Tuigfar gurb é is luach d'aon earra chun crícheanna an ailt seo ná an praghas a thabharfadh iomportálaí ar an earra dá ndintí an earra do sheachada fé bhanna in áit na hiomportála agus an luach fartha agus an t-árachas íoctha uirthi, agus ar an luach san, mar a shocróidh na Coimisinéirí Ioncuim é, isea a híocfar diúité.

Diúité ar bhuidéil agus ar chrúscaí áirithe ina mbeidh nithe indiúité.

17. —Ar gach buideul no crúsca ina raghadh cúig únsa fliuch no níos mó agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 26adh lá d'Abrán, 1928, no dá éis sin agus ina mbeidh éinní indiúité le linn na hiomportála, éileofar, gearrfar agus íocfar diúité custum do réir reul ar gach dosaen no cuid de dhosaen de bhuidéil no de chrúscaí den tsórt san.

Diúitéthe nua iomportála do bhuanú.

18. —(1) Na diúitéthe nua iomportála do céad-fhorchuireadh le halt 12 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus a buanuíodh (fé réir an diúité ar phlátaí ceoil agus ar ghléasanna eile athsheinnte ceoil agus an diúité ar scannáin fholmha gan pictiúirí ortha d'eisceacht) go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1928, le halt 12 den Acht Airgid, 1927 ( Uimh. 18 de 1927 ), leanfar d'iad d'éileamh, do ghearra agus d'íoc an 1adh lá san de Bhealtaine, 1928, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1929, fé réir na n-eisceacht roimhráite agus fós fé réir eisceacht an diúité ar ghluaisteáin (ar a n-áirítear mótar-rothair agus mótar-rothair thréanacha) agus ar chabhartha dhóibh agus ar fhíor-choda dhíobh nách buinn.

(2) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur cabhair chun oideachais aon scannán cinematografach áirithe a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, déanfid, fé réir chólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, an scannán san do leigint saor o íoc an diúité, ar scannáin chinematografacha, a háirítear ar na diúitéthe a buanuítear leis an alt so.

(3) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe a buanuítear leis an alt so ach go mbeidh an focal “Saorstát Éireann” in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland.”

Na diúitéthe breise ar thorthaí tiormuithe do bhuanú.

19. —(1) Na diúitéthe breise, ar thorthaí tiormuithe, do céadfhorchuireadh le halt 8 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus a buanuíodh go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1928, le halt 13 den Acht Airgid, 1927 ( Uimh. 18 de 1927 ), leanfar d'iad d'éileamh, do ghearra, agus d'íoc an 1adh lá san de Lúnasa, 1928, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1929.

(2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe a buanuítear leis an alt so ach go mbeidh an focal “Saorstát Éireann” in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland.”

Leasú ar alt 15 den Acht Airgid, 1924 .

20. —I bhfo-alt (3) d'alt 15 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh 27 de 1924 ), ní fholóidh an focal “milseoga siúicre” sinseur a bheidh leasuithe i sioróip agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann i mbairillí no i gcaisc adhmaid ina raghadh céad meáchaint ar a laighead.

Atharú ar dhiúitéthe ar shiúicre.

21. —(1) In ionad na ndiúitéthe, na n-ais-tarraicí, agus an liúntais chustum atá ann fé láthair maidir le siúicre, molás, glúcós, agus sacairín éileofar, gearrfar, agus íocfar ar an 26adh lá d'Abrán, 1928, agus ón lá san amach, na diúitéthe a luaidhtear sa dara colún de Chuid I. den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus íocfar agus lomhálfar na hais-tarraicí agus an liúntas atá curtha síos i gCuid II. den Dara Sceideal san, ach maidir le diúitéthe agus maidir le hais-tarraicí agus liúntas beidh san fé réir na bhforálacha atá curtha síos i gCuid III. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925) , sa mhéid go mbainid leis an gcás.

(2) In ionad na ndiúitéthe, na n-ais-tarraicí, agus an liúntais mháil atá ann fé láthair maidir le siúicre, molás, glúcós, agus sacairín éileofar, gearrfar, agus íocfar ar an 26adh lá d'Abrán, 1928, agus ón lá san amach na diúitéthe a luaidhtear sa tríú colún de Chuid I. den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus íocfar agus lomhálfar na hais-tarraicí agus an liúntas atá curtha síos i gCuid II. den Sceideal san, ach maidir le diúitéthe agus maidir le hais-tarraicí agus liúntas beidh san fé réir na bhforálacha atá curtha síos i gCuid III. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925) , sa mhéid go mbainid leis an gcás.

(3) Ní déanfar an diúité a forchuirtear leis an alt so d'éileamh ná do ghearra ar shiúicre ná ar mholás a bheidh déanta o bhiatas do fásadh i Saorstát Éireann, agus bainfidh forálacha alt 6 (lasmuich d'fho-alt (1) de) den Finance Act, 1922, leis an gcás agus beidh éifeacht acu fé réir na n-atharuithe seo a leanas ortha, sé sin le rá:—

(a) ciallóidh an focal “non-dutiable” saortha tríd an bhfo-alt so ón diúité a forchuirtar leis an alt so, agus

(b) cuirfar an focal “Saorstát Éireann” in ionad an fhocail “Great Britain or Ireland.”

Atharú ar dhiúitóthe ar earraí a bheidh déanta de shiúicre, etc., no ina mbeidh siúicre, etc.

22. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum is inéilithe fé alt 21 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), éileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach earra (nách milseog shiúicre, meascán cócó, beoir, uisce búird, luibh-bheoir, lionn ubhall, lionn pioraí, fíon, tobac, biotáille, ná aon earra ar a bhforchuirtar diúité le halt 21 (alt i dtaobh diúitéthe ar shiúicre d'atharú) den Acht so) a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 26adh lá d'Abrán, 1928, no dá éis sin, agus a bheidh déanta de shiúicre no d'abhar eile chun milsithe no ina mbeidh siúicre no an t-abhar san, na diúitéthe seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) más do réir mheáchainte a horduítear sna liostaí oifigiúla iomportála na hearraí a iontráil ar a n-iomportáil, diúité do réir ráta pingin is feoirling an punt;

(b) más do réir tomhais a horduítear sna liostaí oifigiúla iomportála na hearraí a iontráil ar a n-iomportáil, diúité do réir ráta scilling an galún.

(2) An diúité a forchuirtear leis an alt so, beidh sé mar bhreis ar aon diúité is inéilithe in aghaidh aon bhiotáille no sacairín a húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na hearra ach beidh sé in ionad aon diúité a bheadh inéilithe in aon tslí eile ar aon táthchuid eile a húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na hearra.

(3) Ní bhainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité a forchuirtar leis an alt so.

Saoirse o dhiúité do vearnais bhiotáille áirithe.

23. —(1) Má dhineann déantóir, a dhineann i Saorstát Éireann earraí go n-úsáidtear ina ndéanamh, no ina n-ullamhú chun a ndíolta, vearnais do dineadh le biotáille (agus dá ngairmtear vearnais bhiotáille san alt so), a chur ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) ná fuil vearnais bhiotáille ar fáil a dintar i Saorstát Éireann agus atá réasúnta éifeachtúil i gcóir an ghnótha atá ag an déantóir sin di, agus

(b) go n-easportáltar roinnt mhaith de sna hearraí sin,

féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir forálacha an ailt seo agus fé réir chóliona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'ordú o am go ham chun cosanta an ioncuim, a lomháil don déantóir sin pé méid vearnaise biotáille is dó leo is réasúnta i gcóir an ghnótha san an déantóra san d'iomportáil gan diúité biotáille d'íoc.

(2) Ní hiomportálfar aon vearnais bhiotáille fén alt so gan diúité biotáille d'íoc maran deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim go bhfuil an vearnais sin déanta le biotáille do dí-nádúruíodh a dóthin, roimh a húsáid i ndéanamh na vearnaise sin, chun an bhiotáille sin do dhéanamh do-ólta.

(3) Ní dheonfidh na Coimisinéirí Ioncuim fén alt so aon údarás buanúcháin ar feadh aon tréimhse is sia ná trí bliana chun vearnais bhiotáille d'iomportáil gan diúité biotáille d'íoc, ach más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim go bhfuiltar ag leanúint de sna coiníollacha d'orduíodar fén alt so do chólíona féadfar aon údarás buanúcháin den tsórt san d'athnuachaint o am go ham go ceann tréimhse nách sia ná trí bliana.

(4) Féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim aon údarás buanúcháin den tsórt san roimhráite no aon athnuachaint air do tharrac siar aon uair.

(5) Má sháruíonn éinne aon choiníoll dá n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fé sna hAchtanna Custum agus raghaidh sé fé fhíneáil caoga punt in aghaidh gach cionta fé leith agus geallbhruidfar aon vearnais gur dineadh an sárú san ina taobh.

Saoirse o dhiúité do choda áirithe de hataí.

24. —Ní déanfar an diúité custum a forchuirtar le halt 16 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ) d'éileamh ná do ghearra ar na hearraí seo a leanas a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 26adh lá d'Abrán, 1928, no dá éis sin, sé sin le rá, húdaí agus múnlaí chun hataí do dhéanamh gur gá chun crícheanna na déantóireachta san iad do bhlocú no do mhúnlú no do ghearra agus gur léir do sna Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gur roinnt mhaith d'obair na déantóireachta an blocú no an múnlú no an gearra san.

Diúité siamsa do mhaitheamh.

25. —Ní bheidh diúité siamsa inéilithe ná inghearrtha fé alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, mar a leasuíodh é le hachtacháin ina dhiaidh sin, ar aon íocaíocht nách mó ná tuistiún as dul isteach go dtí siamsa.

Saoirse ón diúité siamsa do rásanna.

26. —Ar an 1adh lá de Bhealtaine, 1928, agus dá éis sin, ní déanfar diúité siamsa do réir bhrí alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, d'éileamh ná do ghearra ar íocaíochtaí as dul isteach go dtí aon tsiamsa 'na gcuirfar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh ná fuil ann ach rás no rásanna capall agus san amháin.

Saoirse ón diúité siamsa d'Aonach Tailteann.

27. —Ní déanfar diúité siamsa do réir bhrí alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, d'éileamh ná do ghearra ar íocaíochtaí as dul isteach go dtí aon tsiamsa a chuirfidh Comhairle Aonaigh Thailteann ar siúl má cuirtar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go bhfuil dlúth-bhaint ag an siamsa le hAonach Tailteann agus gur chun tairbhe don Aonach san amháin a bheidh sé ar siúl.

Leathnú ar an saoirse ón diúité siamsa do thaisbeántaisí talmhaíochta.

28. —Ní déanfar siamsa a cuirfar ar siúl ag cumann do bunuíodh chun leasa do cheárdas na talmhaíochta no do bhrainse éigin de agus chuige sin amháin do dhúna amach ón saoirse a tugtar le halt 7 den Finance Act, 1921, mar gheall ar aon ítim áirithe nách cuid de thaisbeántas den tsaghas a luaidhtear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt san 7 do bheith sa tsiamsa agus mar gheall air sin amháin, má cuirtar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ná fuil an ítim sin sa tsiamsa ach mar fho-chuid de.

Leasú ar alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879.

29. —Ar an 26adh lá d'Abrán, 1928, agus dá éis sin beidh éifeacht ag alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, maidir le biotáille lom do stillíodh i Saorstát Éireann agus a hathiomportálfar ón mBreatain Mhóir no o Thuaisceart Éireann, fé is dá leigtí ar lár ann na focail “the same shall be brought back within five years from the time of the exportation thereof, and”.

CUID III.

Diuitethe Bais.

Alt 16 den Finance Act, 1907, d'athghairm.

30. —(1) Dintar leis seo alt 16 (alt i dtaobh deire do chur le suimiú teoranta ar mhaoin shocruithe áirithe) den Finance Act, 1907, d'athghairm maidir le daoine a gheobhaidh bás tar éis rithte an Achta so.

(2) Má dineadh bona fide, roimh an 21adh lá d'Abrán, 1928, leas feitheamhach do réir bhrí Chuid I. den Finance Act, 1894, in aon mhaoin do dhíol no do chur fé mhorgáiste ar lán-chomaoine in airgead no i luach airgid, ansan ní bheidh iníoctha ar an maoin sin ag an gceannathóir no ag an morgáistí ar theacht i seilbh an leasa dho aon diúité eile ach an diúité do bheadh iníoctha dá mba ná rithfí an t-alt so, agus i gcás morgáiste áireofar mar mhuirear is déanaí ná muirear an mhorgáistí aon diúité is aoirde ná san agus is iníoctha ag an morgáisteoir.

CUID IV.

Cain Phroifit Chorparaide.

Cáin phroifit chorparáide ar phroifití cuideachtana coigríche.

31. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo is do réir ráta seacht go leith per cent., in ionad ráta cúig per cent., a héileofar, a gearrfar, agus a híocfar cáin phroifit chorparáide is iníoctha ar phroifití cuideachtan coigríche a eireoidh i dtréimhse chuntasaíochta a chríochnóidh tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1928.

(2) Ní bhainfidh an t-alt so le cáin phroifit chorparáide is inéilithe ar phroifití cuideachtan coigríche a eireoidh i dtréimhse chuntasaíochta 'na gcuirfidh an chuideachta choigríche ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh—

(a) go raibh gach ball den chuideachtain choigríche sin ina chomhnaí lasmuich de Shaorstát Éireann ar feadh na tréimhse cuntasaíochta san go léir, no

(b) gur dhin an chuideachta choigríche sin—

(i) i gcás na tréimhse cuntasaíochta a bhí ann an 1adh lá d'Eanair, 1929, ar feadh iomlán na haimsire ón 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1928, go deire na tréimhse cuntasaíochta san, no

(ii) i gcás na tréimhse cuntasaíochta a bhí ann i gceann sé mhí ón lá do thosnuigh an chuideachta choigríche sin ar ghnó do bheith ar siúl acu i Saorstát Éireann, ar feadh iomlán na haimsire o dheire na sé mí sin go deire na tréimhse cuntasaíochta san, no,

(iii) i gcás aon tréimhse eile cuntasaíochta, ar feadh iomlán na tréimhse cuntasaíochta san,

brainse-chlár do chimeád i Saorstát Éireann de sna baill den chuideachtain sin do bhí ina gcomhnaí i Saorstát Éireann agus, do réir dhlí na tíre ina bhfuil an chuideachta choigríche sin ionchorparáidithe agus do réir dhlí Shaorstáit Éireann agus chun na gcrícheanna bhaineann le cáinmheas i gcóir diúitéthe báis sa tír sin agus i Saorstát Éireann, gur maoin atá suidhte i Saorstát Éireann no go dtuigtar gur maoin den tsórt san an stoc agus na scaireanna uile atá cláruithe sa bhrainse-chlár san agus atá ar seilbh ag daoine ar a bhfuil buan-chomhnaí i Saorstát Éireann, no

(c) gur thosnuigh an chuideachta choigríche sin ar thrádáil no ar ghnó do bheith ar siúl acu i Saorstát Éireann laistigh de shé mhí roimh dheire na tréimhse cuntasaíochta san.

(3) Léireofar an t-alt so mar éinní amháin le Cuid V. den Finance Act, 1920.

CUID V.

Ilghneitheach agus Generalta.

Leasú ar alt 63 den Finance Act, 1916.

32. —Dintar leis seo alt 63 den Finance Act, 1916, mar do hoiriúnuíodh é leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922) , agus fé, do leasú mar leanas:—

(a) tré sna focail “in the United States of America” atá anois ann do scriosa amach agus tré sna focail “outside Saorstát Éireann” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, agus

(b) tré sna focail “by British subjects” atá anois ann do scriosa amach.

Stampaí árachais díomhaointis.

33. —(1) Léireofar alt 20 den Finance Act, 1911, agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht aige riamh o thosach feidhme an Unemployment Insurance Act, 1920, fé is dá bhfoluíodh an focal “stamps used to denote other duties” atá anois ann stampaí a húsáidtear chun crícheanna an Unemployment Insurance Act, 1920, sin.

(2) An méid d'alt 33 den Unemployment Insurance Act, 1920, le n-a mbronntar údarás ar na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh chun forálacha achtachán áirithe a luaidhtear san alt san do chur i mbaint, fé sna hatharuithe is gá maidir le stampaí árachais díomhaointis, beidh éifeacht aige (d'ainneoin aon aistriú do dineadh roimhe seo no a déanfar ina dhiaidh seo ar an údarás san chun an Aire Puist agus Telegrafa) fé is dá mba chuid de sna hachtacháin a luaidhtear amhlaidh san alt san 33 ailt 21, 35, agus 36 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, agus alt 9 den Stamp Act, 1891, agus gach achtachán le n-a leasuítear na hailt sin no aon cheann acu.

Cúram agus bainistí cánacha agus diúitéthe.

34. —(1) Gach cáin agus diúité a forchuirtar no a buanuítear leis an Acht so dintar leis seo iad do chur fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim.

(2) Aon eolas a fuair na Coimisinéirí Ioncuim roimh rith an Achta so no a gheobhaid dá éis sin, i dtaobh aon chánach no diúité fé n-a gcúram agus fé n-a mbainistí, féadfid é d'úsáid chun aon chríche a bhaineann le haon cháin no diúité eile fé n-a gcúram agus fé n-a mbainistí.

Athchomhairc.

35. —Dintar leis seo na hachtacháin uile agus fé seach a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san agus ar na dátaí fé seach a luaidhtear sa cheathrú colún den Sceideal san agus o sna dátaí sin amach.

Gearr-theideal, léiriú agus tosach feidhme.

36. —(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1928 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid I. den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim, agus léireofar Cuid II. den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum, agus sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil léireofar í i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineann le diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin.

(3) Ach amháin mar a foráltar a mhalairt tuigfar oiread den Acht so agus bhaineann le cáin ioncuim no le barra-cháin no le for-cháin do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1928, agus ragha sé in éifeacht an lá san agus ón lá san amach.

CEAD SCEIDEAL.

Có-aontú a dineadh an 25adh lá d'Abrán, 1928, idir an Rialtas Briotáineach agus Rialtas Shaorstáit Éireann, ag leasú an Chó-aontuithe a dineadh ar an gceathrú lá déag d'Abrán, 1926, idir na Rialtaisí sin i dtaobh Cánach Ioncuim Dúbalta.

With a view to making such alterations in the Agreement made the 14th April, 1926, between the British Government and the Government of the Irish Free State in respect of Double Income Tax as may be necessary in consequence of the alterations in the British Income Tax Acts effected by the British Finance Act, 1927, and of the alterations contemplated in the Irish Free State Income Tax Acts, it is hereby agreed between the said Governments that the said Agreement shall be amended as follows:—

1. (a) In Article 1 (a) of the said Agreement the words “British income tax” shall as respects the year 1928/29 and any subsequent year be construed as meaning British income tax charged or chargeable at the standard rate and the expression “British super-tax” shall for the year 1928/29 include British sur-tax and shall for subsequent years mean British sur-tax.

(b) In Article 1 (b) of the said Agreement the expression “Irish Free State super-tax” shall for the year 1928/29 include Irish Free State sur-tax and shall for subsequent years mean Irish Free State sur-tax.

2. The following Article shall be substituted for Article 2 of the said Agreement:—

2. (1) Relief from double taxation in respect of income tax (including sur-tax) in the case of any person who is resident both in Great Britain or Northern Ireland and in the Irish Free State shall be allowed from British income tax and Irish Free State tax respectively in accordance with and under the provisions of Section 27 of the Finance Act, 1920, provided that

(a) the rate of relief to be allowed from British income tax shall be one-half of that person's appropriate rate of British income tax or one-half of his appropriate rate of Irish Free State tax, whichever is the lower;

(b) the rate of relief to be allowed from Irish Free State tax shall be one-half of that person's appropriate rate of British income tax or one-half of his appropriate rate of Irish Free State tax, whichever is the lower;

(c) the appropriate rate of British income tax for any year shall in the case of a person whose income is chargeable to British income tax at the standard rate only be a rate ascertained by dividing the amount of tax payable by him for that year in respect of his total income (before deduction of any relief granted in respect of life assurance premiums or any relief granted under the provisions of Sections 27 of the Finance Act, 1920, as amended by this Article) by the amount of his total income, and shall in the case of a person part of whose total income is chargeable to British income tax at a rate or rates in excess of the standard rate be the sum of the following rates:—

(i) the rate which would have been the appropriate rate in the case of that person if his income had been chargeable at the standard rate only, and

(ii) the rate ascertained by dividing the amount of the British sur-tax payable by that person for that year by the amount of his total income for that year;

(d) the appropriate rate of Irish Free State tax for any year shall in the case of a person whose income is chargeable in the Irish Free State to income tax only be a rate ascertained by dividing the amount of tax payable by him for that year in respect of his total income (before deduction of any relief granted in respect of life assurance premiums or any relief granted under the provisions of Section 27 of the Finance Act, 1920, as amended by this Article) by the amount of his total income, and shall in the case of a person whose income is chargeable to Irish Free State sur-tax be the sum of the following rates:—

(i) the rate which would have been the appropriate rate in the case of that person if his income had been chargeable to income tax only, and

(ii) the rate ascertained by dividing the amount of the Irish Free State sur-tax payable by that person for that year by the amount of his total income for that year;

(e) relief under this Article from British income tax allowable to any person for any year shall be given as to such an amount as would be due if his income for the year were chargeable to British income tax at the standard rate only and to Irish Free State income tax only by repayment of or set off against the tax at the standard rate payable by him for that year, and as to any balance by repayment of or set off against any British sur-tax payable by him for that year;

(f) relief under this Article from Irish Free State tax allowable to any person for any year shall be given as to such an amount as would be due if his income for the year were chargeable to British income tax at the standard rate only and to Irish Free State income tax only by repayment of or set off against the income tax payable by him for that year, and as to any balance by repayment of or set off against any Irish Free State sur-tax payable by him for that year.

(2) Relief from double taxation to super-tax for the year 1928/29 in the case of any person who is resident both in Great Britain or Northern Ireland and in the Irish Free State shall be allowed, in accordance with and under the provisions of Section 27 of the Finance Act, 1920, so far as applicable, from British super-tax for that year and Irish Free State super-tax for that year respectively at one-half of the lower of the two following rates:—

(a) that person's rate of British super-tax for the year 1928/29 ascertained by dividing the amount of the super-tax payable by him for that year by the amount of his total income from all sources for that year as estimated for super-tax purposes,

(b) that person's rate of Irish Free State super-tax for the year 1928/29 ascertained by dividing the amount of the super-tax payable by him for that year by the amount of his total income from all sources for that year as estimated for super-tax purposes.

(3) For the purposes of this Article references to Section 27 of the Finance Act, 1920, shall in relation to British taxation be construed as references to that section subject to the amendments thereof effected by the British Finance Act, 1927, other than the amendment of the said section numbered (iv) in Part II of the Fifth Schedule to the said Act of 1927.

3. This Agreement shall be subject to confirmation by the British Parliament and by the Oireachtas of the Irish Free State, and shall have effect only if and so long as legislation confirming the Agreement is in force both in Great Britain and Northern Ireland and in the Irish Free State.

Dated this 25th day of April, Nineteen Hundred and Twentyeight.

(Signed)

(Signed)

WINSTON S. CHURCHILL,

EARNAN DE BLAGHD,

Chancellor of the Exchequer.

Minister for Finance, Saorstát Éireann.

DARA SCEIDEAL.

SIUICRE, MOLAS, GLUCOS, SACAIRIN.—RATAI DIUITETHE, AIS-TARRAICI AGUS LIUNTAISI.

CUID I.—DIUITETHE.

Earrai.

Diúité Custum.

Diúité Máil.

s.

d.

s.

d.

Siúicre a thaisbeánann pólarú is mó ná ocht ngráid nochad nuair a tástáltar leis an

bpólariscóip é,

an céad

11

8

11

8

Siúicre de phólarú nách mó ná sé gráid

sheachtód,

an céad

5

7

5

7

Siúicre de phólarú—

Is mó ná

76

agus nách mó ná

77

an céad

5

9.4

5

9.4

77

78

5

11.6

5

11.6

78

79

6

1.9

6

1.9

79

80

6

4.1

6

4.1

80

81

6

6.4

6

6.4

81

82

6

8.6

6

8.6

82

83

6

10.8

6

10.8

83

84

7

1.4

7

1.4

84

85

7

3.9

7

3.9

85

86

7

6.4

7

6.4

86

87

7

8.9

7

8.9

87

88

7

11.7

7

11.7

88

89

8

2.5

8

2.5

89

90

8

5.9

8

5.9

90

91

8

9.2

8

9.2

91

92

9

0.6

9

0.6

92

93

9

4.0

9

4.0

93

94

9

7.3

9

7.3

94

95

9

10.7

9

10.7

95

96

10

2.0

10

2.0

96

97

10

5.4

10

5.4

97

98

10

8.8

10

8.8

Molás (ach amháin nuair a tógtar amach é chun a úsáidthe ag stilleuraí ceadúnaithe i ndéanamh biotáille) agus siúicre iompála agus gach siúicre agus súgh siúicre eile nách féidir a thástáil go hiomlán leis an bpólariscóip agus ná héilítear diúité air go speisialta tré fheidhm forálacha eile na Coda so den Sceideal so:—

Má bhíonn 70 per cent. no níos mó d'abhar

chun milsithe ionta,

an céad

7

5

7

5

Má bhíonn níos lú ná 70 per cent. agus níos mó ná 50 per cent. d'abhar chun milsithe

ionta,

an céad

5

4

5

4

Mara mbeidh thar 50 per cent. d'abhar chun

milsithe ionta,

an céad

2

7

2

7

Tuigfar go bhfuil an t-abhar chun milsithe chó mór le méid iomlán an tsiúicre chána agus iompála agus an tsiúicre eile atá san earra mar a déanfar san amach tré dheighlteánacht a déanfar fé mar a ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim:—

Glúcós:

Soladach

     ..     ..     

..

an céad

7

5

7

5

Fliuch

..

     ..     ..     

..

an céad

5

4

5

4

Sacairín (le n-a n-áirítear substaintí den chineál chéanna no chun na húsáide

céanna)

..

     ..     ..     

..

an únsa

3

9

3

9

CUID II.—AIS-TARRAICI AGUS LIUNTAISI.

A.—AIS-TARRAICI CUSTUM.

Cineál an Ais-Tarraic.

Méid no Ráta an Ais-Tarraic.

(1) Ais-tarrac nuair a déanfar siúicre no molás ar ar híocadh diúité (le n-a n-áirítear siúicre no molás a dineadh o shiúicre no o mholás ar ar híocadh diúité) agus a ghaibh tré mhonarcha shiúicre i Saorstát Éireann d'easportáil no do chur ar bord luinge no do lóisteáil i mbanna-stóras chun é úsáid mar stóranna luinge.

I gcás moláis a dineadh fé bhanna, suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh, agus in aon chás eile suim is có-mhéid leis an diúité do bheadh inéilithe nuair a hiomportálfí earra den tsórt chéanna.

(2) Ais-tarrac nuair a lóisteálfar i mbanna-stóras, chun a heasportála, beoir gur húsáideadh ina grúdú siúicre no glúcós ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh ar scór an tsiúicre no an ghlúcóis.

(3) Ais-tarrac nuair a heasportálfar, no a cuirfar ar bord luinge, no a lóisteálfar i mbanna-stóras, chun a n-úsáidthe mar stóranna luinge, earraí (nách beoir) gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú i Saorstát Éireann aon tsiúicre, molás, glúcós no sacairín ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité is inéilithe ar scór an méid sin den tsiúicre, den mholás, den ghlúcós no den tsacairín is léir do sna Coimisinéirí Ioncuim do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí, no, i gcás déantúisí fuighligh, a bheith sna hearraí.

(4) Ais-tarrac a lomhálfar do ghlantóir ar mholás a dineadh i Saorstát Éireann, o shiúicre ar ar híocadh an diúité iomportála do réir an ráta reatha, agus a seachadadh do stilleuraí cheadúnaithe chun é úsáid i ndéanamh

biotáille ......... an céad

2s. 7d.

B.—AIS-TARRAICI MAIL.

Cineál an Ais-Tarraic.

Méid no Ráta an Ais-Tarraic.

(1) Ais-tarrac nuair a déanfar siúicre, molás, glúcós no sacairín ar ar híocadh diúité d'easportáil, no do chur ar bord luinge, no do lóisteáil i mbanna-stórás chun é úsáid mar stóranna luinge.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh.

(2) Ais-tarrac nuair a lóisteálfar i mbanna-stóras, chun a heasportála, beoir gur húsáideadh ina grúdú siúicre no glúcós ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh ar scór an tsiúicre no an ghlúcóis.

(3) Ais-tarrac nuair a heasportálfar, no a cuirfar ar bord luinge, no a lóisteálfar i mbanna-stórás, chun a n-úsáidthe mar stóranna luinge, earraí (nách beoir) gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú i Saorstát Éireann aon tsiúicre, molás, glúcós no sacairín ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh ar scór an méid sin den tsiúicre, den mholás, den ghlúcós no den tsacairín is léir do sna Coimisinéirí Ioncuim do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí.

(4) Ais-tarrac a lomhálfar do ghlantóir ar mholás a dineadh i Saorstát Éireann, o shiúicre ar ar híocadh diúité, agus a seachadadh do stilleuraí cheadúnaithe chun é úsáid i ndéanamh

biotáille .................. an céad

2s. 7d.

(5) Ais-tarrac nuair a déanfar glúcós ar ar híocadh diúité do lóisteáil i stórás do mhol na Coimisinéirí Ioncuim fé alt a dó den Manufactured Tobacco Act, 1863, chun tobac cavendish agus tobac negrohead do dhéanamh.

Suim is có-mhéid leis an aistarrac do bheadh iníoctha ar easportáil an ghlúcóis.

C.—LIUNTAISI DO GHLANTOIRI AR MHOLAS DO DINEADH I SAORSTAT ÉIREANN AGUS NA hUSAIDTEAR ACH MAR BHIA D'EALLACH STUIC.

Cineál an Liúntais.

Ráta an Liúntais.

Liúntas ar mholás do dineadh o shiúicre ar ar híocadh diúité nuair a hiomportáladh é no ar ar híocadh an

diúité máil....................... an céad

2s. 7d.

TRIU SCEIDEAL.

ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.

Siosón agus Caibideal no Uimhir agus Bliain.

Gearr-Theideal.

 

Méid na hAthghairme.

 

Dáta na hAthghairme.

 

63 & 64 Vic., c. 7.

Finance Act, 1900.

Fo-alt (2) d'alt 12, ach amháin sa mhéid go mbaineann sé le daoine do fuair bás roimh an 19adh lá d'Abrán, 1907.

Am rithte an Achta so.

8 & 9 Geo. V., c. 40.

Income Tax Act, 1918.

Ailt 98 agus 134.

6adh Abrán, 1928.

Uimh. 28 de 1925 .

Acht Airgid, 1925 .

Mír (e) d'fho-alt (2) d'alt 16, agus ailt 19 agus 20.

26adh Abrán, 1928.