23 1928


Uimhir 23 de 1928.


ACHT DRÉINEÁLA AIRTÉIRIGHE (MION-SCÉIMEANNA), 1928.


ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS COMHAIRLÍ CONTAE SCÉIMEANNA DRÉINEÁLA AIRTÉIRIGHE LAISTIGH DE CHOSTAS ÁIRITHE DO CHEAPA AGUS DO CHUR I nGNÍOMH. [30adh Iúl, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

foluíonn an focal “dréineáil” dréineáil le taosca, ina aonar no maraon le slite eile, agus is dá réir sin a léireofar gach focal atá gaolmhar leis;

ní fholuíonn an focal “contae” contae-bhuirg;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire tré rialacháin a bheidh déanta fén Acht so.

(2) I ngach tagairt san Acht so do thailte a dréineáladh no a moltar a dhréineáil, no do thailte a feabhsuíodh no a tairbhíodh le dréineáil no a moltar a fheabhsú no a thairbhiú amhlaidh, folóidh an focal “tailte” tailte, foirgintí agus áitreabhacha de gach saghas.

Achuinghe chun oibreacha dréineála do dhéanamh.

2. —(1) Aon triúr no níos mó, eadhon, sealbhairí tailte atá i mbaol a dtuilithe no a ndíobhála o uisce no is féidir a fheabhsú le dréineáil nách dréineáil iomlán, no daoine gur ar iontaoibh no chun tairbhe dhóibh atá aon tailte den tsórt san ar seilbh ag á sealbhairí, féadfid, aon uair laistigh de chúig bliana tar éis rithte an Achta so ach ní níos déanaí ná san, a iarraidh ar chomhairle na contae no ar chomhairlí fé seach na gcontaethe ina luíonn na tailte sin a chur fé ndeár go ndéanfar oibreacha dréineála fén Acht so chun na tailte sin do dhréineáil no d'fheabhsú.

(2) Gach iarratas fén alt so chun comhairle contae no chun comhairlí fé seach dhá chontae no níos mó is le hachuinghe a tíolacfar chun na comhairle sin no chun gach comhairle fé leith de sna comhairlí sin (fé mar a bheidh) a déanfar é agus beidh gach achuinghe den tsórt san i scríbhinn sa bhfuirm orduithe agus déarfar inti i dtéarmaí generálta cadiad na hoibreacha dréineála a moltar léi a dhéanamh agus beidh ráiteas inti o sna hachuingheoirí nách mó ná míle punt an costas iomlán a bhainfidh leis na hoibreacha dréineála san do dhéanamh chó fada le n-a n-eolas agus le n-a dtuairim.

An chomhairle chontae do bhreithniú na hachuinghe.

3. —(1) Déanfidh gach comhairle chontae dá dtíolacfar achuinghe fén Acht so laistigh de chúig bliana tar éis rithte an Achta so an achuinghe sin do chur fé bhráid an tsuirbheura chontae chun a thuarasgabháil d'fháil ar thréithe generálta na molta a bheidh san achuinghe agus ar an gcostas iomlán is dócha a bhainfidh leis na hoibreacha dréineála a bheidh luaidhte sna molta san do dhéanamh.

(2) Chun tuarasgabháil den tsórt san roimhráite do dhéanamh beidh teideal ag an suirbhéir contae agus ag á chongantóirí chun dul isteach gach tráth réasúnta ar na tailte dá dtagartar san achuinghe agus ar pé tailte eile ina gcomhursanacht san is dó leis-sean no leo-san is gá agus fós in aon áitreabh ar aon tailte den tsórt san agus pé lorgaireachtaí agus nithe do dhéanamh san áit sin a chífar do-san no dhóibh-sean a bheith riachtanach chun an tuarasgabháil sin do dhéanamh.

(3) Ar fháil tuarasgabháil an tsuirbheura chontae ar an achuinghe sin dóibh breithneoidh an chomhairle an achuinghe sin agus an tuarasgabháil sin ag cruinniú gur tugadh fógra seacht lá ar a luíod ina thaobh do gach ball fé leith agus—

(a) maran mó ná míle punt an tsuim adéarfar sa tuarasgabháil sin is dócha a chosnóidh sé ar fad ná hoibreacha dréineála do dhéanamh a bheidh molta san achuinghe sin agus más féidir éifeacht do thabhairt do sna molta a bheidh san achuinghe sin gan aon cheann d'fhorálacha an Achta so do shárú, féadfidh an chomhairle, fé mar is oiriúnach leo, rún do rith á rá go bhfuilid sásta leis na molta atá san achuinghe agus ag socrú ar iad do chur i ngníomh fén Acht so no rún do rith á rá ná fuilid sásta leis na molta san, no

(b) más mó ná míle punt an tsuim adéarfar sa tuarasgabháil sin is dócha a chosnóidh sé ar fad na hoibreacha dréineála do dhéanamh a bheidh molta san achuinghe sin no maran féidir éifeacht do thabhairt do sna molta a bheidh san achuinghe sin gan foráil éigin den Acht so do shárú, féadfidh an chomhairle rún do rith go n-áireofar an achuinghe agus an tuarasgabháil mar achuinghe agus mar thuarasgabháil do dineadh fén Acht Dréineála Airtéirighe, 1925 (Uimh. 33 de 1925) no rún do rith á rá ná fuilid sásta leis na molta san.

(4) Má tíolactar achuinghe do chomhairlí dhá chontae no níos mó fén Acht so féadfidh na comhairlí sin cur le chéile chun an achuinghe sin do bhreithniú agus, in ionad an achuinghe do chur fé bhráid suirbheura chontae gach contae fé leith acu, féadfid an achuinghe do chur fé bhráid suirbheura chontae aon chontae amháin acu agus sa chás san féadfidh gach comhairle acu gníomhú fén alt so do réir tuarasgabháil an tsuirbheura chontae sin.

(5) In ionad an achuinghe sin do chur fé bhráid suirbheura chontae, féadfidh aon chomhairle chontae no roinnt comhairlí contae le chéile an achuinghe sin do chur fé bhráid innealtóra cháilithe éigin eile a ainmneoidh an chomhairle no na comhairlí sin, agus sa chás san déanfar gach tagairt do shuirbhéir chontae san alt so do léiriú agus beidh éifeacht aici mar thagairt don innealtóir cháilithe sin agus íocfar luach saothair an innealtóra cháilithe sin amach as ciste contae na comhairle no, i pé cionúireachtaí a shocróidh an tAire mara gcó-aontuítear ortha, amach as cistí contae uile agus fé seach na gcomhairlí a cheap an t-innealtóir sin.

Tuarasgabhála fén Acht Dréineála Airtéirighe, 1925 .

4. —I ngach tuarasgabháil a dhéanfidh suirbhéir contae no innealtóir cáilithe eile, laistigh de chúig bliana tar éis rithte an Achta so, fé alt 3 den Acht Dréineála Airtéirighe, 1925 ( Uimh. 33 de 1925 ), beidh tuarasgabháil ar ce'ca is mó no nách mó ná míle punt an tsuim is dócha a chosnóidh sé ar fad na hoibreacha dréineála do dhéanamh a bheidh luaidhte sna molta le n-a mbaineann an tuarasgabháil agus, maran mó, cé méid is dócha a chosnóidh sé ar fad, agus pé uair adéarfidh aon tuarasgabháil den tsórt san nách mó ná míle punt an tsuim is dócha a chosnóidh sé ar fad na hoibreacha dréineála san do dhéanamh tuigfar gur tíolacadh agus gur dineadh go cuibhe fén Acht so an tuarasgabháil sin agus an achuinghe gur ina thaobh a dineadh an tuarasgabháil sin agus bainfidh an tAcht so leis an gcás dá réir sin.

Scéim dhréineála d'ullamhú.

5. —(1) Pé uair a tíolacfar go cuibhe no a tuigfar gur tíolacadh achuinghe fén Acht so d'aon chomhairle chontae amháin agus a rithfidh an chomhairle sin go cuibhe fén Acht so rún á rá go bhfuil sí sásta leis na molta atá san achuinghe sin agus ag socrú ar iad do chur i ngníomh fén Acht so déanfidh an chomhairle sin scéim dhréineála chun cuspóirí na molta san do chur in éifeacht, d'ullamhú agus (má daingnítear í) do chur i ngníomh do réir an Achta so.

(2) Pé uair a tíolacfar go cuibhe no a tuigfar gur tíolacadh achuinghe fén Acht so do dhá chomhairle chontae no níos mó agus a rithfidh gach comhairle acu go cuibhe fén Acht so rún á rá go bhfuil sí sásta leis na molta atá san achuinghe sin agus ag socrú ar iad do chur i ngníomh fén Acht so, déanfidh na comhairlí sin uile eatorra tré chó-choiste a cheapfid chuige sin fén Acht so scéim dhréineála, chun cuspóirí na molta san do chur in éifeacht, d'ullamhú agus (má daingnítear í) do chur i ngníomh do réir an Achta so.

(3) Ní dhéanfidh aon chomhairle chontae ina haonar aon scéim dhréineála d'ullamhú ná do chur i ngníomh le n-a moltar aon oibreacha dréineála do dhéanamh no aon tailte do dhréineáil no d'fheabhsú lasmuich de chontae na comhairle sin agus ní dhéanfidh aon chó-choiste comhairlí contae aon scéim dhréineála d'ullamhú ná do chur i ngníomh le n-a moltar aon oibreacha dréineála do dhéanamh no aon tailte do dhréineáil no d'fheabhsú lasmuich de chontaethe na gcomhairlí sin.

(4) Ní dhéanfidh aon chomhairle chontae ná có-choiste comhairlí contae aon scéim dhréineála d'ullamhú ná do chur i ngníomh le n-a moltar aon chur isteach ar oibreacha aon cheanntair dhréineála do ceapadh do réir forálacha na Navigation (Ireland) Acts, 1842 to 1857, no na Drainage and Improvement of Lands (Ireland) Acts, 1863 to 1892, no an Achta Dréineála Airtéirighe, 1925 ( Uimh. 33 de 1925 ), no ar thailte, ar chirt agus ar mhaoin eile aon údaráis áitiúla, gan cead an údaráis sin, no ar chomhachta, ar thailte, ar chirt, agus ar mhaoin eile aon chóluchta go mbeidh sé de chúram air gnó loingseoireachta aon abhann do rialú no gur leis aon chanáil, gan cead an chóluchta san.

Eifeacht rún áirithe.

6. —Más rud é, ar bhreithniú achuinghe agus tuarasgabhála dhóibh fén Acht so, go ndéanfidh an chomhairle chontae no na comhairlí contae uile dar tíolacadh an achuinghe sin rún do rith go cuibhe go n-áireofar an achuinghe agus an tuarasgabháil mar achuinghe agus mar thuarasgabháil do dineadh fén Acht Dréineála Airtéirighe, 1925 (Uimh. 33 de 1925) , tuigfar gur tíolacadh agus gur dineadh an achuinghe agus an tuarasgabháil go cuibhe fén Acht san agus bainfidh an tAcht san leis an gcás dá réir sin.

(2) Más rud é, ar bhreithniú achuinghe agus tuarasgabhála dhóibh fén Acht so, go rithfidh comhairle chontae go cuibhe rún á rá ná fuilid sásta leis na molta atá san achuinghe sin cuirfidh rúnaí na comhairle sin an rún san in úil do sna hachuingheoirí.

Fuirm scéime dréineála agus an t-eolas a bheidh inti.

7. —(1) Beidh gach scéim dhréineála sa bhfuirm orduithe agus beidh ceangailte dhi gach mapa, tarraiceoireacht, plean, gcarra, agus sceideal (más ann dóibh) a hordófar agus taisbeánfar inti sa tslí orduithe gach ní agus rud dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud a socrófar leis an scéim dhréineála no adéarfar inti agus gach ní agus rud eile a hordófar.

(2) Luadhfar sa scéim an costas iomlán is dócha a bhainfidh leis an scéim dhréineála do chur i ngníomh agus ní ragha sé thar suim míle punt agus más rud é tar éis scrúdú cuibhe do dhéanamh, gur deimhin leis an gcomhairle chontae no leis an gcó-choiste ar a mbeidh sé de chúram scéim dhréineála d'ullamhú nách féidir scéim do chur le chéile a thabharfidh éifeacht réasúnta do sna molta a bheidh in achuinghe iarrtha na scéime sin agus is féidir a chur i ngníomh ar mhéid is dócha is costas iomlán agus a bheidh gan dul thar suim míle punt, faisnéisfidh an chomhairle no an coiste sin nách féidir na molta san do chur i ngníomh fén Acht so agus leis sin eireofar as gach imeacht fén achuinghe sin ach san gan dochar d'imeachta tré achuinghe fén Acht so ag iarraidh scéime dréineála nua i gcóir na háite céanna.

(3) Má eirítear as scéim dhréineála fén alt so déanfar na costaisí fé n-ar chuaidh an chomhairle chontae no an có-choiste in ullamhú na scéime sin agus ina thaobh sarar heiríodh aisti d'íoc (do réir mar bheidh) amach as ciste contae na comhairle sin no, i pé cionúireachtaí a shocróidh an tAire mara gcó-aontuítear ortha amach as cistí contae uile agus fé seach na gcomhairlí contae a cheap an có-choiste sin.

Fógraí i dtaobh agus agóidí i gcoinnibh na scéime.

8. —Laistigh den aimsir orduithe tar éis ullamhú na scéime dréineála do chríochnú déanfidh an chomhairle chontae no an có-choiste ar a raibh sé de chúram an scéim d'ullamhú—

(a) cóip den scéim dhréineála do lóisteáil in oifig na comhairle contae sin no in oifig gach ceann de sna comhairlí contae a cheap an có-choiste sin (pe'ca aca é) agus fós in áit eacrach ag no in aice le ionad na n-oibreacha dréineála a moltar a dhéanamh fén scéim dhréineála, agus

(b) gach cóip den scéim dhréineála a lóisteálfar amhlaidh do chimeád ar nochta chun a hiniúchta ag éinne gach tráth réasúnta i rith na haimsire a bheidh orduithe chun agóidí i gcoinnibh na scéime do chur chun na comhairle contae no an chó-choiste sin, agus

(c) fógra sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil sa tslí orduithe ar gach duine atá ina shealbhaire ar thailte a moltar sa scéim a dhréineáil no a fheabhsú, i dtaobh ullamhú na scéime agus i dtaobh na lóisteála san agus i dtaobh na caoi sin chun cóipeanna dhi d'iniúcha agus i dtaobh na haimsire orduithe (nách giorra ná lá is fiche o sheirbheáil an fhógra) gur laistigh di a féadfar agus i dtaobh na slí ina bhféadfar agóidí i gcoinnibh na scéime do chur chun na comhairle contae no an chóchoiste sin, agus fós a cheangal ar gach sealbhaire den tsórt san leis an bhfógra gcéanna no le fógra fé leith (pe'ca aca a bheidh orduithe), agus san sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, a chur in úil don chomhairle chontae no don chó-chiste sin laistigh d'aimsir áirithe (is ionann agus an aimsir chun agóidí do chur chun na comhairle no an choiste sin), agus sa tslí orduithe, ce'ca aontuíonn sé leis an scéim no ná haontuíonn, agus

(d) má moltar leis an scéim dhréineála aon tailte, cirt, no maoin eile do thógaint, fógra sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil sa tslí orduithe ar gach duine atá, no atá in ainm bheith, ina únaer no ina léasaí, no atá ina shealbhaire, ar na tailte, ar na cirt agus ar an maoin eile sin, i dtaobh ullamhú na scéime agus i dtaobh na lóisteála san agus i dtaobh na caoi sin chun cóipeanna dhi d'iniúcha agus i dtaobh na haimsire orduithe (nách giorra ná lá is fiche o sheirbheáil an fhógra) gur laistigh di a féadfar agus i dtaobh na slí ina bhféadfar agóidí i gcoinnibh na scéime dréineála do chur chun na comhairle contae no an chó-choiste sin, agus fós, leis an bhfógra gcéanna no le fógra fé leith (pe'ca aca a bheidh orduithe), agus san sa bhfuirm orduithe, a chur in úil do gach éinne atá, no atá in ainm bheith, ina únaer no ina léasaí amhlaidh, no atá ina shealbhaire amhlaidh, go moltar leis an scéim talamh no ceart éigin no maoin éigin eile (maoin a tuairisceofar go hiomlán sa bhfógra) atá dá chuid féin no ar seilbh aige do thógaint.

Scéim dhréineála do dhaingniú.

9. —(1) Má bhíonn an méid suimithe adeirtar sa scéim dhréineála is fiú pé méid, de sna tailte go moltar leis an scéim iad do dhréineáil no d'fheabhsú, atá ar seilbh ag daoine a bheidh tar éis a chur in úil go cuibhe don chomhairle chontae no don chó-choiste (pe'ca aca é) ná haontuíd leis an scéim, má bhíonn sé níos mó ná leath an mhéide iomláin adeirtar sa scéim is fiú na tailte a moltar amhlaidh a dhréineáil no a fheabhsú, diúltóidh an chomhairle chontae no an có-choiste don scéim do dhaingniú, ach maran mó an méid suimithe sin ná leath an mhéide iomláin sin, ansan, tar éis na hagóidí (más ann dóibh) do cuireadh chucha go cuibhe i gcoinnibh na scéime dréineála fén Acht so do bhreithniú agus pé daoine (más ann dóibh) d'éisteacht a cheanglann an t-alt so ortha d'éisteacht, déanfidh an chomhairle chontae no an có-choiste (pe'ca aca é), pé ní acu so is rogha leo, eadhon, an scéim do dhaingniú gan í atharú no an scéim do dhaingniú tar éis pé atharuithe (pe'ca tré chur leis no fágaint ar lár no aon atharú eile é) is oiriúnach leo do dhéanamh uirthi, no diúltú don scéim do dhaingniú.

(2) Bainfidh na forálacha so a leanas le daingniú fén alt so o chomhairle chontae no o chó-choiste ar scéim dhréineála agus le diúltú don daingniú san do dhéánamh, sé sin le rá:—

(a) ní déanfar an daingniú ná an diúltú san ach ag cruinniú den chomhairle chontae no den chó-choiste gur cuireadh fógra seacht lá ar a luighead ina thaobh chun gach baill den chomhairle chontae no den chó-choiste agus fós, sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, chun na puiblíochta, á rá go mbreithneofí daingniú na scéime ag an gcruinniú,

(b) sa bhfógra don phuiblíocht i dtaobh an chruinnithe sin, déarfar go bhféadfidh éinne, ar a ngoilleann an scéim dhréineála no atá ina coinnibh bona fide teacht chun an chruinnithe sin agus go n-éistfidh an chomhairle no an coiste é,

(c) gach éinne a thiocfidh chun an chruinnithe sin agus adéarfidh go ngoilleann an scéim dhréineála air no go bhfuil sé ina coinnibh agus 'nar mian leis go n-éistfí é, éistfidh an chomhairle no an coiste é mara bhfeictar dóibh a ghearán no a agóid do bheith suaibhreosach no gan bheith ann ach leathscéal chun toirmisc,

(d) féadfar an cruinniú do chur ar athló o am go ham fémar a bheidh riachtanach no oiriúnach,

(e) mara ndintar daingniú na scéime, tar éis no gan í atharú, do rith ag an gcruinniú san le móráireamh glan de bhaill uile na comhairle contae sin no an chó-choiste sin tuigfar gur dhiúltuigh an chomhairle no an coiste sin don scéim dhréineála do dhaingiú.

(3) Nuair a bheidh scéim dhréineála daingnithe go cuibhe ag comhairle chontae no ag có-choiste, tar éis no gan í atharú seirbheálfidh an chomhairle chontae no an có-choiste sin, laistigh den aimsir orduithe, ar na daoine orduithe agus sa bhfuirm agus sa tslí orduithe fógra go bhfuil an scéim daingnithe.

(4) Nuair a dhiúltóidh comhairle chontae no có-choiste go cuibhe no a tuigfar gur dhiúltuíodar do scéim dhréineála do dhaingniú eireofar as an scéim sin agus ní déanfar a thuille ina taobh ach beidh san gan dochar d'imeachta tré achuinghe rén Acht so ag iarraidh scéime dréineála nua i gcóir na háite céanna.

(5) Na costaisí fé n-a raghaidh comhairle chontae no có-choiste in ullamhú agus i ndaingniú scéime dréineála agus ina dtaobh, déanfar, pe'ca daingneofar an scéim sin fén alt so no ná daingneofar, iad d'íoc (do réir mar bheidh) amach as ciste contae na comhairle sin no, i pé cionúireachtaí a shocróidh an tAire mara gcó-aontuítear ortha, amach as cistí contae uile agus fé seach na gcomhairlí contae a cheap an có-choiste sin.

(6) Beidh daingniú scéime dréineála fén alt so ina fhianaise dho-chlaoite gur cólíonadh maidir leis an scéim sin na nithe is gá do réir an Achta so agus gur dineadh an scéim sin go cuibhe agus go bhfuil sí laistigh de sna comhachta a bronntar leis an Acht so.

(7) Déanfar tagairtí san Acht so do scéim dhréineála maidir le haon rud a bheidh le déanamh no le tuitim amach aon uair tar éis daingniú na scéime sin fén alt so do léiriú mar thagairtí don scéim sin agus í daingnithe amhlaidh.

Scéim dhréineála do chur i ngníomh.

10. —Nuair a bheidh scéim dhréineála daingnithe go cuibhe fén Acht so déanfidh an chomhairle chontae no déanfar tríd an gcóchoiste (pe'ca aca é) d'ullamhuigh an scéim sin an scéim sin (maraon le pé curtha-léi, fágaintí-ar-lár, atharuithe agus claonta amach uaithi a bheidh réasúnta agus a gheobhfar, i gcúrsa na hoibre, a bheith riachtanach) do chur i ngníomh do réir an Achta so.

Talamh do thógaint chun crícheanna scéime dréineála.

11. —(1) Aon chomhairle chontae no có-choiste ar a mbeidh sé de chúram scéim dhréineála do chur i ngníomh fén Acht so, féadfid aon uair tar éis daingniú na scéime sin, tré chó-aontú no go héigeanta agus chun crícheanna na scéime sin, aon tailte, cirt no maoin eile do thógaint adéarfar sa scéim sin a bheith ceaptha le tógaint, agus chun críche na tógainte sin tuigfar go bhfuil ionchorparuithe i ngach scéim dhréineála na hAchtanna Clásanna Talmhan mar atáid leasuithe leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, le halt 11 den Housing of the Working Classes (Ireland) Act, 1908, le hailt 7 agus 12 den Housing (Ireland) Act, 1919, agus leis an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus bainfidh na hAchtanna san leis an gcás dá réir sin.

(2) Gach maoin a thógfidh có-choiste fén alt so leithleofar agus dílseofar í do chomhairle chontae na contae ina luíonn an mhaoin sin, agus is dá réir sin a dreachtófar leithliú na maoine sin no an admháil no an scríbhinn eile le n-a ndéanfar an leithliú agus coinneoidh an chomhairle sin an mhaoin sin ina seilbh ar iontaoibh chu crícheanna na scéime dréineála.

Cáinmheasa ráta dhréineála.

12. —(1) Nuair a bheidh na hoibreacha dréineála uile a bheidh le déanamh fé scéim dhréineála críochnuithe agus a bheidh an scéim curtha i ngníomh go hiomlán, déanfidh an chomhairle chontae no an có-choiste ar a mbeidh sé de chúram fén Acht so an scéim sin do chur i ngníomh a chur fé ndeár go ndéanfidh luachálaí talmhan no suirbhéir talmhan inniúil a cheapfid féachaint ar na tailte a moltar sa scéim a dhréineáil no a fheabhsú agus go ndéanfidh an luachálaí no an suirbhéir sin tuarasgabháil do thabhairt dóibh i dtaobh críochnú na n-oibreacha san agus cur na scéime i ngníomh agus i dtaobh na méideanna do méaduíodh luachanna bliantúla fé seach na dtailte sin tríd an scéim do chur i ngníomh.

(2) Ar bhreithniú na tuarasgabhála san agus ar bheith sásta go bhfuil an scéim dhréineála curtha i ngníomh go hiomlán agus tar éis caoi réasúnta do thabhairt do sna daoine le n-a mbaineann san ar an tuarasgabháil sin d'iniúcha agus ar éisteacht d'fháil ina taobh, déanfidh an chomhairle chontae no an có-choiste a ndeimhniú do thabhairt amach á dheimhniú gur cuireadh an scéim i ngníomh go hiomlán agus ag deimhniú na méideanna fé seach do méaduíodh luachanna bliantúla fé seach na dtailte sin tríd an scéim do chur i ngníomh, ag féachaint do sna tairbhí nách miste bheith ag súil le n-a dteacht do sna tailte sin dá bharr san.

(3) Déanfar sealbhairí na dtailte uile agus fé seach a moltar sa scéim dhréineála a dhréineáil no a fheabhsú do chur fé cháinmheas an ráta dhréineála go rátúil do réir an mhéide (dá ngairmtear an cáinmheas dréineála san Acht so) a dheimhneoidh an chomhairle chontae no an có-choiste amhlaidh a méaduíodh luach bliantúil na dtailte ar seilbh acu tríd an scéim do chur i ngníomh.

(4) Gach deimhniú a thabharfidh có-choiste amach fén alt so deimhneoidh sé i dtaobh contae gach ceann de sna comhairlí contae a cheap an coiste sin méid iomlán na gcáinmheas ndréineála ar thailte sa chontae sin.

(5) Pé uair is gá aon roinnt do dhéanamh ar fhiachas no ar oblagáid, roimh dheimhniú do thabhairt amach fén alt so, idir dhá chomhairle chontae no níos mó, eadhon, roinnt is gá, do réir an Achta so no fén Acht so, do dhéanamh do réir na gcáinmheas ndréineála n-iomlán ar thailte i gcontaethe fé seach na gcomhairlí sin, déanfar an roinnt sin do réir na méideanna iomlána 'na ndéarfar sa scéim súil do bheith le hiad do chur, tré chur na scéime i ngníomh, le luachanna bliantúla tailte a moltar sa scéim a dhréineáil no a fheabhsú sna contaethe sin fé seach agus chó luath agus tabharfar amach an deimhniú san déanfar gach aisíoc agus athcheartú (más ann dóibh) is gá idir na comhairlí sin agus, mara gcó-aontuítear air, socróidh an tAire méid na n-aisíoc agus na n-athcheartuithe sin.

(6) Uair ar bith ar iarratas éinne le n-a mbaineann an scéal féadfidh comhairle chontae no có-choiste do thug deimhniú amach fén alt so an cáinmheas dréineála, fén deimhniú san, ar aon tailte do roinnt ar choda deifriúla de sna tailte sin in aon chás ina bhfeicfar dóibh an roinnt sin do bheith riachtanach agus pé uair a déanfar aon roinnt den tsórt san amhlaidh déanfidh an chomhairle no an có-choiste sin, ar a éileamh san d'éinne agus ar íoc pé táille don duine sin nách mó ná scilling agus a shocróidh siadsan, faisnéis i scríbhinn i dtaobh na roinnte sin do thabhairt amach don duine sin agus (gan cruthúnas ar shighniú ná ar údarás an té a thabharfa sí le tuisgint a thug amach í) beidh gach faisnéis den tsórt san ina fianaise dho-shlaoite i ngach cúirt agus chun crícheanna uile na roinnte sin.

(7) Déanfar deimhniú a thabharfidh comhairle chontae no cóchoiste amach fén alt so do lóisteáil agus do chimeád in oifig na comhairle no an chó-choiste sin (pe'ca aca é) agus, más deimhniú é a thug có-choiste amach amhlaidh, déanfar fós dúbláid de do lóisteáil agus do chimeád in oifig gach ceann de sna comhairlí contae a cheap an coiste sin, agus gach deimhniú den tsórt san agus gach dúbláid den tsórt san de dheimhniú a lóisteálfar amhlaidh beid ar nochta chun a n-iniúchta ag éinne in aisce san oifig ina mbeid lóisteálta amhlaidh gach tráth a bheidh an oifig sin ar oscailt chun gnó do dhéanamh, agus tabharfidh rúnaí comhairle contae 'na mbeidh aon deimhniú no dúbláid den tsórt san lóisteálta amhlaidh ina n-oifig, tabharfa sé d'aon duine, ar a héileamh do agus ar íoc pé táille (nách mó ná scilling) a shocróidh an chomhairle sin, cóip cheart den deimhniú no den dúbláid sin no d'aon chuid de cheachtar acu a luadhfidh an duine sin, agus déanfidh an rúnaí sin, no oifigeach éigin eile don chomhairle chontae sin a ainmneoidh an chomhairle sin chuige sin, a dheimhniú i scríbhinn fé n-a láimh gach cóip a tabharfar amach amhlaidh do bheith ceart agus (pe'ca cóip í do dineadh de dheimhniú do lóisteáladh fén bhfo-alt so no cóip do dineadh de dhúbláid do lóisteáladh amhlaidh agus gan cruthúnas ar shighniú, ar oifig, ná ar údarás an té a thabharfa sí le tuisgint a dheimhnigh amhlaidh í) beidh gach cóip a deimhneofar amhlaidh ina fianaise dho-chlaoite i ngach cúirt agus chun gach críche ar dhéanamh an deimhnithe no na coda dhe 'na dtabharfa sí le tuisgint gur cóip de í agus ar a mbeidh sa deimhniú no sa chuid sin.

Na costaisí a bhainfidh le scéim dhréineála do chur i ngníomh.

13. —(1) Na costaisí fé n-a raghaidh comhairle chontae ag cur scéime dréineála i ngníomh ina haonar, íocfar iad sa chéad dul síos ar pe slí acu so is ceart dar leis an gcomhairle sin, eadhon, amach as an gciste contae no amach as airgead a cruinneofar chuige sin tré iasachtaí d'fháil fén Acht so, no go leathrannach sa chéad shlí agus go leathrannach sa tslí eile.

(2) Na costaisí fé n-a raghaidh có-choiste ag cur scéime dréineála i ngníomh, déanfidh na comhairlí contae a cheap an có-choiste sin iad d'íoc sa chéad dul síos do réir mhéideanna iomlánn na gcáinmheas ndréineála ar thailte ina gcontaethe fé seach, agus an chionúireacht de sna costaisí sin a bheidh le n íoc amhlaidh ag aon cheann de sna comhairlí sin íocfar í ar pé slí acu so is ceart dar leis an gcomhairle sin, eadhon, amach as an gciste contae no amach as airgead a cruinneofar chuige sin tré iasachtaí d'fháil fén Acht so no go leathrannach sa chéad shlí agus go leathrannach sa tslí eile agus in aon chás acu tabharfar iad don chó-choiste sin sa tslí orduithe ar a n-éileamh sa chuma orduithe.

(3) An t-airgead a chaithfidh comhairle chontae fé sna forálacha san roimhe seo den alt so, ag íoc na gcostaisí fé n-a raghfar ag cur scéime dréineála i ngníomh (pe'ca an chomhairle sin ina haonar a chuirfidh an scéim sin i ngníomh no có-choiste a ceapadh go leathrannach ag an gcomhairle sin), aisíocfar é leis an gcomhairle sin amach as na cistí seo a leanas chó fada is raghaid, sé sin le rá, an tsuim do socruíodh sa scéim dhréineála mar shuim a bheadh le cruinniú ag an gcomhairle sin tríd an ráta dréineála chun an t-aisíoc san do dhéanamh, an tsuim do fuair an chomhairle sin ar scór an deontais Stáit dá socruítear san Acht so anso ina dhiaidh seo, agus an rann-íoc contae (más ann do) ón gcomhairle sin, agus is amach as ciste contae na comhairle sin a haisíocfar an chuid eile den airgead san leis an gcomhairle sin.

Rann-íoc an Stáit chun costas scéime dréineála d'íoc.

14. —(1) Pé uair no uaire, le linn scéim dhréineála do bheith á cur i ngníomh no laistigh de ráithe tar éis críochnú an chur-i-ngníomh san do beith deimhnithe fén Acht so, a ordóidh an tAire Airgid íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas pé suim (dá ngairmtear an deontas Stáit san Acht so), ar scór na scéime dréineála san, a cheadóidh an tAire Airgid agus nách mó ná pe'ca de sna méideanna so a leanas is lú, sé sin le rá, an ceathrú cuid den chostas iomlán a bhainfidh leis an scéim dhréineála san do chur i ngníomh no suim dhá chéad go leith punt.

(2) Más aon chomhairle chontae amháin a chuirfidh scéim dhréineála i ngníomh íocfar an deontas Stáit ar scór na scéime sin leis an gcomhairle sin agus más có-choiste a chuirfidh scéim dhréineála i ngníomh íocfar an deontas Stáit ar scór na scéime sin leis na comhairlí contae a cheap an có-choiste sin agus san ina gcodacha do réir mhéideanna iomlána na gcáinmheas ndréineála ar thailte ina gcontaethe fé seach.

(3) Gach airgead a gheobhaidh comhairle chontae mar chuid den deontas Stáit ar scór scéime dréineála cuirfidh an chomhairle sin é, chó fada is ragha sé, chun aisíoctha an airgid a sholáth ruigh an chomhairle sin chun íoctha na gcostas fé n-ar chuathas i gcur na scéime sin i ngníomh.

Rann-íoc contae chun costas na scéime dréineála d'íoc.

15. —(1) Má socruítear le scéim dhréineála i dtaobh rann-íoca bhliantúla no rann-íoca eile (dá ngairmtear rann-íoc contae san Acht so) o chomhairle chontae mar chabhair chun íoctha na gcostas fé n-a raghfar i gcur na scéime sin i ngníomh, déanfidh an chomhairle chontae sin an rann-íoc san go cuibhe do réir na scéime sin agus cuirfid suim an rann-íoca san mar chabhair chun aisíoc do thabhairt don chomhairle sin san airgead a sholáthruigh an chomhairle sin chun íoctha na gcostas fé n-ar chuathas i gcur na scéime sin i ngníomh.

(2) Íocfar rann-íoc contae ar pé slí acu so is ceart dar leis an gcomhairle a dhéanfidh an rann-íoc san, eadhon, amach as an gciste contae no amach as airgead a cruinneofar chuige sin tré iasachtaí d'fháil fén Acht so no go leathrannach sa chéad shlí agus go leathrannach sa tslí eile.

Costaisí fé n-a raghaidh comhairle chontae d'aisíoc.

16. —(1) An t-airgead a ceanglófar le scéim dhréineála ar chomhairle chontae do chruinniú tríd an ráta dréineála chun no mar chabhair chun aisíoc do thabhairt don chomhairle sin san airgead a sholáthruigh an chomhairle sin chun íoctha na gcostas fé n-ar chuathas i gcur na scéime sin i ngníomh agus fós gach airgead a ceanglófar ar an gcomhairle sin do sholáthar chun na hoibreacha dréineála a déanfar do réir na scéime sin do chimeád i dtreo, cruinneoidh an chomhairle sin é tré ráta phuntáiste bhliantúil (dá ngairmtear an ráta dréineála san Acht so) a buailfar agus a cuirfar ar shealbhairí uile agus fé seach na dtailte, i gcontae na comhairle sin, do moladh sa scéim sin a dhréineáil no a fheabhsú.

(2) Buailfar an ráta dréineála in aon am amháin agus fé réir an aon athchomhairc amháin leis an ráta dealbhais agus beidh sé inghearrtha, iníoctha, agus ionbhainte amach díreach sa tslí chéanna ina bhfuil agus tré sna meáin chéanna tré n-a bhfuil ráta dealbhais inghearrtha, iníoctha, agus ionbhainte amach.

(3) I gcás duine a cuirfar fé ráta dhréineála fén Acht so ar scór talmhan atá ar seilbh aige do bheith ina shealbhaire ar thalamh eile is cuid den ghabháltas, den fheirm, no den tionóntachán ina bhfuil an talamh um a gcuirfar é fén ráta dhréineála san amhlaidh, féadfar aon tsuim a cuirfar air amhlaidh ar scór an ráta dhréineála san do bhailiú uaidh agus do bhaint de fé is dá mbeadh an tsuim sin curtha air agus iníoctha aige ar scór iomlán an ghabháltais, na feirme, no an tionóntacháin sin do bheith ar seilbh aige.

Oibreacha dréineála do chimeád i dtreo.

17. —(1) Nuair a bheidh scéim dhréineála curtha i ngníomh go hiomlán déanfidh an chomhairle chontae no an có-choiste do chuir i ngníomh í na hoibreacha dréineála do dineadh do réir na scéime do chimeád, as san amach, dea-dheisithe agus i dtreo mhaith agus in ordú ceart éifeachtúil chun oibre.

(2) Más aon chomhairle chontae amháin a chuirfidh scéim dhréineála i ngníomh is amach as an airgead a chruinneoidh an chomhairle sin fén Acht so tríd an ráta dréineála a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an chomhairle sin chun na hoibreacha dréineála do dineadh do réir na scéime do chimeád i dtreo do réir an ailt seo.

(3) Más có-choiste a chuirfidh scéim dhréineála i ngníomh, ansan, an t-airgead a theastóidh ón gcó-choiste sin chun na hoibreacha dréineála do dineadh do réir na scéime sin do chimeád i dtreo déanfidh na comhairlí contae a cheap an có-choiste sin, ar a éileamh sa chuma orduithe, é do thabhairt sa tslí orduithe don chó-choiste sin do réir mhéideanna iomlána na gcáinmheas ndréineála ar thailte ina gcontaethe fé seach amach as an airgead a chruinneoidh na comhairlí sin fé seach fén Acht so tríd an ráta dréineála.

Forálacha i dtaobh ceart móna.

18. —Pé uair a bheidh ar na tailte, a moltar i scéim dhréineála a dhréineáil no a fheabhsú, aon phortach o n-a mbeidh móin á fáil no o n-ar féidir í d'fháil le linn ullamhú na scéime no o n-a bhféadfar móin d'fháil de bharr an scéim sin do chur i ngníomh bainfidh na forálacha so a leanas leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) chun crícheanna aon ráitis sa scéim ar luach an phortaigh sin no ar aon mhéadú ar an luach san áireofar luach an phortaigh sin lasmuich d'aon chirt agus fé réir aon cheart (dá ngairmtear cirt mhóna san alt so) chun móin do bhaint agus do bhreith as an bportach san pe'ca go generálta é no chun críche áirithe agus pe'ca de bhua únaeracht an phortaigh sin é no de bhua únaeracht tailte eile no éinní eile;

(b) luadhfar sa scéim luach na gceart móna uile agus fé seach ar an bportach san no ina thaobh agus luadhfar amhlaidh, leis, an méadú go mbeidh súil le n-a theacht ar an luach san de bharr an scéim do chur i ngníomh;

(c) seirbheálfar ar gach duine ag á mbeidh ceart móna ar an bportach san no ina thaobh fógraí den tsórt a ceangailtear leis an Acht so do sheirbheáil ar shealbhairí tailte a moltar sa scéim a dhréineáil no a fheabhsú, agus gach duine ag á mbeidh cirt mhóna den tsórt san beidh aige na cirt chéanna a bronntar ar na sealbhairí sin de bhua an Achta so chun cur i gcoinnibh na scéime no chun a rá ce'ca aontuíd leis an scéim no ná haontuíd;

(d) chun a dhéanamh amach ce'ca is leor no nách leor chun cosc do chur le daingniú na scéime an líon daoine ná haontóidh leis an scéim, ach ní chun aon chríche eile, tuigfar cirt mhóna do bheith ina dtailte a moltar sa scéim a dhréineáil no a fheabhsú agus iad do bheith ar seilbh ag na daoine 'na mbeidh teideal acu chúcha;

(e) sa tuarasgabháil a tabharfar fén Acht so don chomhairle chontae no don chó-choiste ar a mbeidh sé de chúram an scéim do chur i ngníomh, i dtaobh na méideanna do méaduíodh luachanna bliantúla fé seach tailte tríd an scéim do chur i ngníomh, ní háireofar mar chuid de sna méideanna san aon tairbhe d'únaerí ceart móna ar scór na gceart san ach beidh inti mion-innste ar an slí agus ar an méid a tairbhíodh na húnaerí sin ar scór na gceart móna san tríd an scéim do chur i ngníomh agus beidh inti, leis, molta i dtaobh na rann-íoc (dá ngairmtear na cáinmheasa móna san alt so) a cuirfar ar na húnaerí sin ar scór na tairbhe sin mar chabhair chun íoctha an chostais a bhain leis an scéim do chur i ngníomh agus leis na hoibreacha dréineála a dineadh dá réir do chimeád i dtreo;

(f) ní cuirfar éinne fé cháinmheas ráta dhréineála ar scór cirt mhóna;

(g) le linn don chomhairle chontae no don chó-choiste, ar a mbeidh sé de chúram fén Acht so scéim dhréineála do chur i ngníomh, bheith ag socrú na gcáinmheas dréineála ar scór na scéime sin socróid leis na cáinmheasa móna fé n-a gcuirfar agus a íocfidh únaerí na gceart móna fé seach a tairbhítear ar scór na gceart san tríd an scéim do chur i ngníomh agus socróid na cáinmheasa san ar gach slí díreach mar a chífar dóibh is cóir agus is cothrom ag féachaint don tslí agus don mhéid a tairbhítear na húnaerí sin amhlaidh tríd an scéim do chur i ngníomh agus féadfid go sonnrách aon cháinmheas den tsórt san do shocrú mar chnap-shuim is iníoctha ina haon tráthchuid amháin no ina dhá tráthchuid no níos mó i rith tréimhse de mhíosa no de bhlianta no mar shuim bhliantúil no leathbhliantúil de mhéid chinnte no sho-atharuithe is iníoctha i rith roinnt blian;

(h) le deimhniú na comhairle contae no an chó-choiste sin, le n-a ndeimhneofar na méideanna fé seach do méaduíodh luachanna bliantúla fé seach tailte tríd an scéim do chur i ngníomh, deimhneofar fós méideanna na gcáinmheas móna fé seach agus an t-am agus an tslí ina n-íocfidh únaerí na gceart móna fé seach iad, agus beidh na cáinmheasa san iníoctha ag na húnaerí sin leis an gcomhairle chontae no leis an gcó-choiste sin dá réir sin agus baileofar agus bainfar amach iad sa tslí chéanna agus tré sna meáin chéanna díreach ina mbeidh agus le n-a mbeidh an ráta dréineála ionbhailithe agus ionbhainte amach agus isiad na daoine céanna díreach a dhéanfidh san agus, chun críche na bainte amach sin, tuigfar gach cáinmheas móna do bheith curtha agus inghearrtha ar gach talamh atá ar seilbh ag únaer na gceart móna le n-a mbaineann an cáinmheas agus gurb é an talamh é ar a bhfuil na cirt sin infheidhmithe no an talamh le n-a ngabhann no le n-a mbaineann na cirt sin;

(i) más có-choiste a chuirfidh scéim i ngníomh isiad a bhaileoidh gach cáinmheas móna ar scór na scéime sin ná an chomhairle chontae gur ina gcontae a luíonn an talamh ar a bhfuil na cirt mhóna, le n-a mbaineann an cáinmheas móna, infheidhmithe agus íocfar gach cáinmheas móna den tsórt san leis an gcó-choiste sin nuair a bheidh sé bailithe ag an gcomhairle chontae sin;

(j) gach airgead a gheobhaidh an chomhairle chontae no an có-choiste, ar a mbeidh sé de chúram fén Acht so scéim dhréineála do chur i ngníomh, mar chuid de cháinmheasa móna ar scór na scéime sin cuirfidh an chomhairle chontae no an có-choiste sin é chun laigheaduithe an airgid a bheidh le cruinniú ag an gcomhairle sin no don chó-choiste sin tríd an ráta dréineála agus cuirfar amhlaidh é ar pé slí acu so is oiriúnach leis an gcomhairle no leis an gcó-choiste sin, eadhon, mar chabhair chun aisíoctha na gcostas fé n-ar chuathas i gcur na scéime i ngníomh no mar chabhair chun na hoibreacha dréineála, a dineadh do réir na scéime, do chimeád i dtreo no go leathrannach sa chéad shlí agus go leathrannach sa tslí eile agus cuirfar amhlaidh é ar pé slí acu so is rogha leis an gcomhairle sin, eadhon, fé mar agus nuair a gheobhfar é no tré n-a charnáil agus tré tharrac as an gcarn no go leathrannach sa chéad shlí agus go leathrannach sa tslí eile.

Ciontaí agus pionóisí maidir le hoibreacha dréineála.

19. —(1) Gach éinne—

(a) a bhacfidh go toiliúil comhairle chontae no có-choiste no éinne d'oifigigh no de sheirbhísigh na comhairle no an choiste sin agus iad ag feidhmiú aon chomhachta no ag cólíona aon dualgais dá mbronntar no dá bhforchuirtar ortha leis an Acht so no fé no ag feidhmiú aon chirt a bronntar leis an Acht so chun dul isteach ar thailte, no

(b) a bhacfidh go toiliúil éinne do ceapadh fén Acht so ag comhairle chontae no ag comhairlí contae chun tuarasgabháil do thabhairt chun críche an Achta so agus san le linn an duine sin do bheith ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an Acht so, no

(c) a stracfidh anuas, a aistreoidh, no a dhíobhálfidh aon oibreacha a bheidh comhairle chontae no có-choiste a dhéanamh fén Acht so, no

(d) a aistreoidh, a dhíobhálfidh, no a agha-loitfidh aon phionnaí, cuaillí, no marcanna do shocruigh no do dhin comhairle chontae no có-choiste no éinne dá n-oifigigh na dá seirbhísigh chun no le linn aon cheann de sna comhachta d'fheidhmiú no aon cheann de sna dualgaisí do chólíona a bronntar no a forchuirtar ortha leis an Acht so no fé, no

(e) a chaithfidh no a chuirfidh aon fhiaile, clocha, eré no abhar soladach eile no a chuirfidh fé ndeár no a cheadóidh aon abhar soladach den tsórt san do thuitim no do ghabháil isteach in aon chúrsa uisce go bhfuil comhairle chontae no có-choiste ar tí aon oibreacha do dhéanamh no ag déanamh aon oibreacha ina thaobh fén Acht so, agus san i slí is go mbacfar, go gcoiscfar, no go moilleofar na hoibreacha san, no

(f) a chuirfidh no a thógfidh aon iadhtán, corra, no constaic eile in aon chúrsa uisce den tsórt san roimhráite gan cead ón gcomhairle chontae no ón gcó-choiste le n-a mbainfidh san, no

(g) go dteipfidh air aon chúrsa uisce no dréin do chimeád glan agus sciúrtha a dhligheann sé a choinneáil i dtreo agus 'na mbeidh comhairle chontae no có-choiste ar tí oibreacha a bhaineann leis do dhéanamh no á ndéanamh no tar éis a ndéanta fén Acht so, no atá i gceangal, díreach no nea-dhíreach, le haon chúrsa uisce no dréin den tsórt san,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

(2) Gach éinne a dhéanfidh, tar éis aon oibreacha dréineála a déanfar fén Acht so do bheith críochnuithe—

(a) bac do chur go toiliúil leis an gcomhairle chontae no leis an gcó-choiste ar a mbeidh sé de chúram, de bhua an Achta so, na hoibreacha dréineála san do choinneáil i dtreo, no le haon oifigeach no seirbhíseach d'aon chomhairle no coiste den tsórt san agus iad ag feidhmiú aon chomhachta dá mbeidh acu no ag cólíona aon dualgais dá mbeidh ortha maidir leis na hoibreacha dréineála san, no

(b) aon oibreacha dréineála den tsórt san no aon chuid díobh do straca anuas, d'aistriú, no do dhíobhála ar aon tslí, no

(c) bac do chur le huisce do rith chun aon oibreacha dréineála den tsórt san no triotha no uatha i slí is go ndéanfí a n-oibriú éifeachtúil do chosc no do bhac no go gcuirfí fé ndeár tuile do dhul isteach ar na hoibreacha san no ar thailte a dréineáltar leo,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

(3) Gach éinne a chiontóidh cúirt údaráis achmair i gcionta fén alt so dlighfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar caoga punt, no, más rogha leis an gcúirt é, fé phríosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no fén bhfíneáil sin agus fén bpríosúntacht san le chéile, agus fós i gcás cionta leanúnaigh dlighfar é chur fé fhíneáil (i dteanta aon fhíneála den tsórt san roimhráite) ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae a leanfidh an cionta.

(4) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar oibreacha dréineála do bheith á ndéanamh go dtí go mbeidh an scéim dhréineála fé n-a mbeid á ndéanamh curtha i ngníomh go hiomlán.

Fo-dhlithe i dtaobh oibreacha dréineála.

20. —(1) Gach comhairle chontae no có-choiste a bheidh ag coinneáil oibreacha dréineála i dtreo fén Acht so, féadfid fodhlithe do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) oscailt, dúna, agus oibriú comhlaí uisce, haistí, geataí tuile, agus meaisínteachta eile sna hoibreacha do rialáil,

(b) bainistí agus oibriú na n-oibreacha do rialáil go generálta,

(c) daoine do thoirmeasc ar aon chúrsa uisce a bheidh ag rith chun na n-oibreacha no tríotha no uatha do stopa no do shailiú no abhar soladach do chur ann i slí is go ndéanfí oibriú éifeachtúil na n-oibreacha do chosc no do bhac no go gcuirfí fé ndeár tuile do dhul isteach ar aon tailte a dréineáltar leis na hoibreacha,

(d) aon díobháil no damáiste do sna hoibreacha o éinne no aon chur isteach ortha o dhaoine neamh-údaruithe do thoirmeasc,

(e) na pionóisí d'ordú a féadfar a chur ar dhaoine a gheobhfar ciontach ag cúirt údaráis achmair i sárú na bhfodhlithe ach gan aon phionós den tsórt san do bheith níos mó ná fíneáil chúig púint fhichead agus ina theanta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil eile chúig bpunt in aghaidh gach lae a leanfidh an cionta no, in aon chás agus más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma trí mí.

(2) Ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht ag aon fho-dhlí a déanfar fén alt so mara ndaingnighidh ná go dtí go ndaingneoidh an tAire í, agus ar bheith daingnithe amhlaidh do gach fo-dhlí den tsórt san tiocfa sí i ngníomh ar an dáta d'orduigh an tAire chuige sin agus é ag daingniú na fo-dhlí no, mara n-orduítear aon dáta den tsórt san amhlaidh, tiocfa sí i ngníomh láithreach tar éis an daingnithe sin.

(3) Einne a gheobhfar ciontach ag cúirt údaráis achmair i sárú aon fho-dhlí a dineadh fén alt so féadfidh an chúirt sin é do dhaora chun aon phionóis nách nó ná an pionós a horduíodh leis an bhfo-dhlí sin ar scór an tsáruithe sin no, i gcás nár horduíodh aon phionós amhlaidh, chun aon phionóis nách mó ná fíneáil chúig puint fhichead agus ina theanta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil eile chúig bpunt in aghaidh gach lae a leanfidh an cionta no, in aon chás agus más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí.

Comhairlí contae do chruinniú airgid.

21. —(1) Gach airgead a údaruíonn no a orduíonn an tAcht so do chomhairle chontae d'íoc amach as an gciste contae agus fós gach costas fé n-a raghaidh comhairle chontae i bhfeidhmiú an Achta so agus ná dintar aon tsocrú eile leis an Acht so i gcóir a chruinnithe, is tríd an ráta dealbhais, mar mhuirear ar an gcontae iomlán, a cruinneofar iad.

(2) Féadfidh comhairle chontae airgead d'fháil ar iasacht chun crícheanna an Achta so fé Airtiogal 22 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, fé is dá mbeadh na crícheanna san luaidhte san Airtiogal san, agus ní déanfar airgead a gheobhaidh comhairle chontae ar iasacht fén alt so chun crícheanna an Achta so d'áireamh mar chuid d'fhiacha iomlána na comhairle contae sin chun crícheanna an Airtiogail sin.

(3) Féadfidh comhairle chontae a bheidh ag fáil airgid ar iasacht fén alt so an t-airgead san d'fháil ar iasacht o Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn agus féadfidh na Coimisinéirí sin, más oiriúnach leo é, an t-airgead san do thabhairt ar iasacht don chomhairle chontae sin fé sna Public Works (Ireland) Acts, 1831 to 1886, agus d'ainneoin éinní sna hAchtanna san féadfar an t-airgead san do thabhairt ar iasacht ar feadh pé téarma is oiriúnach leis na Coimisinéirí sin.

Có-choiste comhairlí contae do cheapa.

22. —(1) Gach có-choiste a cheapfidh dhá chomhairle chontae no níos mó fén Acht so chun scéim dhréincála d'ullamhú agus (má daingnítear í) chun í do chur i ngníomh agus chun na hoibreacha dréineála a déanfar do réir na scéime sin do chimeád i dtreo, ceapfar é amhlaidh do réir pé cionúireachtaí, agus beidh sé có-dhéanta de pé méid ball ar fad, agus de pé méid ball de gach ceann fé leith de sna comhairlí sin, agus de pé méid daoine (más ann dóibh) nách baill d'aon chomhairle acu, a ordóidh an tAire.

(2) Féadfidh an tAire a ordú cathin a toghfar (agus an chéad thoghachán d'áireamh) baill de chó-choistí den tsórt san roimhráite, cadé an tréimhse a bheidh na baill sin i seilbh oifige, conus a líonfar foth-fholúntaisí ina measc, baill a scuirfidh de bheith no a thiocfidh fé dhí-cháilíocht chun bheith ina mbaill den chomhairle do cheap iad do dhí-cháiliú, agus conus a stiúrófar gnó na gcó-choistí sin.

(3) Cimeádfar ar leithligh cuntaisí gach có-choiste den tsórt san agus iniúchfar iad ag iniúchóir a cheapfidh an tAire, agus na hachtacháin seo a leanas, sé sin le rá, ailt 11 go 15 den Local Government (Ireland) Act, 1871, fo-alt (2) d'alt 63 den Local Government (Ireland) Act, 1898, ailt 20 agus 21 den Local Government (Ireland) Act, 1902, agus alt 61 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), mar a leasuíodh no a hoiriúnuíodh iad le haon achtachán ina dhiaidh sin no fé, bainfid le hiniúcha agus le hiniúchóir cuntaisí na gcó-choistí sin fé mar a bhaineann na hachtacháin sin. agus iad leasuithe no oiriúnuithe amhlaidh, le hiniúcha agus le hiniúchóir cuntaisí na gcóluchtaí puiblí a luaidhtear ionta.

(4) Aon imeachta dlí a bhunóidh có-choiste a ceapfar fén alt so bunófar iad in ainmneacha na gcomhairlí contae sin le chéile a cheap an coiste sin agus aon imeachta dlí a bunófar i gcoinnibh aon chó-choiste den tsórt san bunófar iad i gcoinnibh na gcomhairlí sin le chéile.

(5) Ní údaróidh éinní san alt so do chó-choiste a ceapfar fén alt so aon airgead do chruinniú 'na gceanglann an tAcht so ar chomhairle chontae no 'na n-údaruíonn sé dhóibh é do chruinniú.

Oifigigh do cheapa.

23. —(1) Féadfidh comhairle chontae no có-choiste a ceapfar fén Acht so pé oifigigh agus pé méid díobh do cheapa a mheasfid o am go ham do bheith ceart chun crícheanna an Achta so.

(2) Iocfidh comhairle chontae no có-choiste leis na hoifigigh a cheapfid fén alt so pé luach saothair a shocróidh an chomhairle no an coiste sin.

(3) Aon oifigeach a ceapfar fén alt so féadfidh an chomhairle no an coiste do cheap é é do chur as a oifig mar oifigeach den tsórt san aon uair.

Comhachta chun dul isteach ar thailte.

24. —(1) Beidh teideal ag gach comhairle chontae no có-choiste a bheidh ag ullamhú scéime dréineála no á cur i ngníomh no ag cimeád oibreacha dréineála i dtreo fén Acht so agus ag á gcuid oifigeach agus seirbhíseach chun dul isteach gach tráth réasúnta, chun crícheanna an ullamhuithe, an churtha-i-ngníomh, no an chimeádta-i-dtreo san, ar aon tailte 'na mbeidh sé ceaptha baint do bheith ag an scéim sin leo no le n-a mbaineann sí no ar ar dineadh na hoibreacha dréineála san agus ar aon tailte eile ina gcomhursanacht 'na bhfeicfar dóibh gur gá chun na gcrícheanna san dul isteach ortha.

(2) Gach comhairle chontae no có-choiste a raghaidh, no 'na raghaidh a gcuid oifigeach no seirbhíseach, isteach ar aon tailte fén alt so, dlighfid cúiteamh réasúnta d'íoc le sealbhaire na dtailte sin sa damáiste (más ann do) a déanfar do sna tailte sin tré dhul isteach ortha amhlaidh no tríd an gcrích chun ar chuathas isteach ortha amhlaidh d'fheidhmiú ionta agus, mara gcó-aontuítear ortha, socróidh an Chúirt Dúithche, ar iarratas aon pháirtí acu, i dtaobh ceart an tsealbhaire chun cúitimh den tsórt san agus i dtaobh a mhéide agus is ar pé páirtí no páirtithe is rogha leis an gcúirt a ordú a bheidh costaisí an iarratais sin.

Fiosrúcháin ag an Aire.

25. —(1) Féadfidh an tAire pé fiosrúcháin is dó leis is gá no is oiriúnach chun crícheanna an Achta so do chur ar bun no a chur fé ndeár iad do chur ar bun.

(2) Bainfidh Airtiogal 32 den Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, le gach fiosrúchán a cuirfar ar bun fén alt so.

Rialacháin.

26. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no a údaruíonn an tAcht so don Aire a ordú.

(2) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann ceachtar Tigh den Oireachtas laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do dineadh roimhe sin fén rialachán san.

Cosaint do mhaoin Stáit agus do mhaoin phuiblí.

27. —Ní údaróidh éinní san Acht so aon mhaoin, réalta ná pearsanta, a bheidh dílsithe i Saorstát Éireann no in Aire is ceann ar Roinn Stáit no i mbord no i gcólucht a fheidhmíonn aon fheidhmeanna rialtais no riaracháin phuiblí, do thógaint ná aon chur isteach do dhéanamh uirthi, ar aon tslí, ná aon tsrian do chur le haon chomhacht a bheidh dílsithe do réir reachta in Aire is ceann ar Roinn Stáit no in aon bhord no cólucht den tsórt san roimhráite ná aon chur-isteach eile do dhéanamh uirthi.

Gearr-theideal.

28. —Féadfar an tAcht Dréineála Airtéirighe (Mion-Scéimeanna), 1928, do ghairm den Acht so.