6 1930


Uimhir 6 de 1930.


ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1930.


ACHT CHUN NA hACHTANNA FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923 GO 1929, DO BHUANÚ.

[27adh Márta, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Buanú ar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1929.

1. —Leanfaidh na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1929, i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1931, agus raghaid in éag ansan.

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

2. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1930 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1929, agus féadfar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1930, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.