18 1930


Uimhir 18 de 1930.


ACHT UM MÉADÚ CÍOSA AGUS ÚIS MHORGÁISTE (COSCANNA), 1930.


ACHT CHUN NA hACHTANNA UM MÉADÚ CÍOSA AGUS ÚIS MHORGÁISTE (COSCANNA), 1923 GO 1929, DO BHUANÚ AGUS DO LEASÚ. [24adh Meitheamh, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “Acht 1923” an t Acht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 (Uimh. 19 de 1923) ,

cialluíonn an abairt “Acht 1926” an t Acht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1926 (Uimh. 24 de 1926) ,

cialluíonn an abairt “Acht 1929” an t Acht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1929 (Uimh. 15 de 1929) .

Leasuithe maidir le baint Achta 1923.

2. —Deintear leis seo alt 4 d'Acht 1926 mar do leasuíodh é le halt 3 d'Acht 1929 do leasú tríd na focail “go dtí an 24adh lá de Mheitheamh, 1930, agus ní níos sia ná san” do scriosa amach.

Buanú Achta 1923.

3. —Athghairmtear leis seo alt 2 d'Acht 1929 agus ina ionad san achtuítear leis seo go leanfaidh Acht 1923 i bhfeidhm, fé réir na leasuithe a deintear ann le hAcht 1926 agus leis an Acht so, go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1930.

Gearr-theideal agus luadh.

4. —Féadfar an tAcht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1930 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1930, do ghairm de sna hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1929, agus den Acht so le chéile.