21 1930


Uimhir 21 de 1930.


ACHT LEITHREASA, 1930.


ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A NAOI FICHEAD AGUS MÍLE NAOI gCÉAD A HAON TRIOCHAD AGUS CHUN NA SOLÁTHAIR A DEONADH SA tSIOSÓN SO DEN OIREACHTAS DO CHUR I LEITHREAS.

[8adh Iúl, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

DEONTAISI AS AN bPRIMH-CHISTE.

£2,461 16s. 4d. do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste.

1. —Féadfaidh an tAire Airgid suim dhá mhíle, ceithre chéad agus aon phúnt seascad, sé scillinge déag agus ceithre pingne do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun iomlánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh chun seirbhíse na bliana dar chríoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle naoi gcéad a naoi fichead.

£14,038,973 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste.

2. —Féadfaidh an tAire Airgid suim cheithre mhilleon déag, ocht míle triochad, naoi gcéad agus trí púint seachtód do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun iomlánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh chun seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle naoi gcéad a haon triochad.

Comhacht don Aire Airgid chun airgead d'fháil ar iasacht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar ceithre mhilleon déag, aon mhíle ceathrachad, ceithre chéad agus ceithre púint triochad, sé scillinge déag agus ceithre pingne d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna do roimh-íoc leis agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire Airgid aon urrúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé pé coiníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte no éinní eile is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrúsanna a tabharfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairt amach na n-urrús san.

(3) Aon airgead a gheobhfar de bharr urrúsanna a tabharfar amach fén Acht so cuirfear chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé mar chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil.

DEONTAISI DO CHUR I LEITHREAS.

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair do chur i leithreas.

4. —Na suimeanna uile a deontar as an bPrímh-Chiste, leis an Acht so agus leis an Acht eile a luaidhtear i Sceideal (A) a ghabhann leis an Acht so, chun an soláthar a deonadh do dhéanamh iomlán agus 'na ndeineann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim dhá mhilleon fichead, seacht míle ceathrachad, cúig céad agus dhá phúnt ceathrachad, sé scillinge déag agus ceithre pingne, cuirtear iad i leithreas agus tuigfear iad do bheith curtha i leithreas o dháta rithte na nAchtanna a luaidhtear sa Sceideal san (A) chun na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear i Sceideal (B) a ghabhann leis seo. An achmaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann léi sin, maraon leis na nótaí (más ann dóibh) a ghabhann leis na sceidil sin, tuigfear gur cuid den Acht so iad díreach fé mar a bheidís i gcorp an Achta so.

I dteanta na suimeanna a deontar leis seo as an bPrímh-Chiste, féadfar na suimeanna a taisbeántar fé seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhann leis seo do chur chun úsáide amach as aon airgead a horduítear fé alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, a chur chun úsáide mar leithreasaí i gcabhair do sna deontaisí i gcóir na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear sa Sceideal san.

Dearbhú is gá a dhéanamh i gcásanna áirithe sara bhfuighfear suimeanna a cuireadh i leithreas.

5. —Ní bhfuighidh duine aon chuid de dheontas a deonfar do réir an Achta so, i gcóir seirbhísí neamh-fheidhmiúla, go dtí go ndéanfa sé pé dearbhú a hordófar o am go ham le barántas ón Aire Airgid do shighniú i bhfianaise duine de sna daoine a hordófar sa bharántas san:

Ach má deintar aon íocaíocht den tsórt san níos minicí ná uair sa ráithe féadfaidh an tAire Airgid cead do thabhairt gan ach aon dearbhú amháin do thabhairt i láthair in aghaidh gach ráithe.

Einne a dhéanfaidh dearbhú chun críche an ailt seo agus a fhios aige neamh-fhírinne do bheith in aon phone táchtach de, beidh sé ciontach i mí-iompar.

Gearr-theideal

6. —Féadfar, chun gach críche, an tAcht Leithreasa, 1930 , do ghairm den Acht so.

AN ACHMAIREACHT AR SCEIDIL (A) AGUS (B) DA dTAGARTAR SAN ACHT SO.

Sceideal (A).

DEONTAISI.

Deontaisí as an bPrímh-Chiste

...

...

...

...

£22,047,542

16

Sceideal (B).

DEONTAISI DO CHUR I LEITHREAS.

Suimeanna ná raghaidh thar:

Deontaisí Soláthair

Leithreasaí-i-gCabhair

£

s.

d.

£

s.

d.

1928-29 (Vóta Iomarcaidhe)

...

2,461

16

4

* -97

3

4

1929-30 (Breis)     ...     ...

...

261,743

0

0

28,451

0

0

1930-31     ...     ...     ...

...

21,783,338

0

0

1,064,614

0

0

Sceideal (A).

DEONTAISI AS AN bPRIMH-CHISTE.

£

s.

d.

Chun Seirbhíse na bliana dar chríoch 31 Márta, 1929:—

Fén Acht so     ...     ...     ...     ...     ...

...2,461

16

4

Chun Seirbhíse na bliana dar chríoch 31 Márta, 1930:—

Fé Acht Uimh. 7 de 1930      ...     ...     ...

261,743

0

0

Chun Seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1931:—

Fé Acht Uimh. 7 de 1930      ...     ...     ...

7,744,365

0

0

Fén Acht so     ...     ...     ...     ...     ...

14,038,973

0

0

An tIomlán     ...     ...     ...     ...

£22,047,542

16

4

Sceideal (B).

DEONTAISI DO CHUR I LEITHREAS.

Cuid I.

Suim Iomarcaidhe -1928-1929.

Suimeanna ná raghaidh thar:

Deontas Soláthair

Easnamh i Leithreasaí i-gCabhair

Suim a deonadh chun slánuithe iomarcaidhe ar an Deontas do Phinseana Sean-Aoise in aghaidh na bliana dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1929

£

s.

d.

£

s.

d.

2,461

16

4

97

3

8

Cuid II.

Sceideal de shuimeanna Breise a deonadh agus de shuimeanna a féadfar a chur mar leithreasaí-i-gcabhair ina dteanta san chun íoctha muirearacha na seirbhísí puiblí uile agus fé seach a luaidhtear anso go sonnrách i gcóir na bliana dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1930.

Suimeanna ná raghaidh thar

Vóta Uimh.

Teideal

Deontaisí Soláthair

Leithreasaí-i-gCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

3

Chun Tuarastail agus Costaisí Roinn Uachtarán na hArd-Chomhairle     ...

100

--

7

Chun íoc Pinseana Sean - aoise fé Achtanna na bPinsean Sean - aoise, 1908 go 1928, chun Costaisí Riaracháin áirithe a bhaineann leo san, agus chun Pinseana fén Blind Persons Act, 1920     ...     ...     ...     ...     ...

14,800

900

11

Chun Caiteachais i dtaobh Foirgintí Puiblí; chun Coinneáil-suas Páirceanna agus Oibreacha Puiblí áirithe; chun Déanamh agus Coinncáil-suas Oibreacha Dréineála; agus chun Ildeontaisí-igCabhair  ...     ...     ...     ...     ...

9,130

6,670

14

Chun Iocaíochtanna i dtaobh mille no díobháil do Mhaoin a deineadh i rith na tréimhse 21 Eanair, 1919, go 12 Bealtaine, 1923, go huile, fé sna hAchtanna um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 go 1926, agus ar shlite eile; agus mar gheall ar dhamáiste do mhaoin no cailliúint mhaoine agus íocaíochtanna tré shlánú no tré aisíoc fén Acht Slánaíochta, 1924 ; agus chun deontaisí d'íoc a socruíodh a íoc de bharr mola an Property Losses (Ireland) Committee, 1916, mar chúiteamh i bhfoirgintí a milleadh i mBaile Atha Cliath i rith Seachtain na Cásca, 1916     ...     ...     ...     ...

100,000

--

16

Chun Pinseana, Aois-liúntaisí, Cúiteamh, Liúntaisí Truagha agus Breise, agus Aiscí, etc., fé Reachtanna Iolardha; Cúiteamh fé Airtiogal 10 de Chonnra an 6adh Mí na Nodlag, 1921; Liúntaisí Truagha, Aiscí agus Pinseana Breise a deonadh ag an Aire Airgid; Tuarastal an Dochtúra Réitigh; agus Aisíocanna Iolardha i dtaobh Pinseana a íocann an Rialtas Briotáineach fé láthair, etc.  ...

1,000

6,100

17

Chun Rátaí agus Síntiúisí in ionad Rátaí, etc., i dtaobh Maoine Rialtais agus chun Síntiúisí mar chabhair chun Rátaí ar Fhoirgintí atá i seilbh Ionadaithe Rialtas Coigríche  ...     ...     ...     ...     ...

1,100

--

19

Chun Tuarastail agus Costaisí Coimisiún na nDleacht ( Uimh. 40 de 1926 )     ...

100

--

24

Chun Tuarastail agus Costaisí na Suirbhéireachta Ordonáis agus MiontSeirbhísí ar a n-áirítear Macsamhla de Láimhscríbhinní Seanda do dhéanamh

10

--

37

Chun Tuarastail agus Liúntaisí agus Costaisí Oifigeacha Cúirte Cuarda, Leas-Bhreithiún gCuarda agus Udarásanna Clárathachta Áitiúla áirithe; agus chun Costaisí Athfhéachainte Liostaí Vótálaithe agus Coisteoirí (54 agus 55 Vict., c. 66, alt 7; Uimh. 10 de 1924 , alt 45; Uimh. 27 de 1926 , alt 66; Uimh. 15 de 1928 , alt 9; agus Uimh. 37 de 1929 )     ...

10

--

41

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig Ard-Chlárathóra na mBeireataisí, etc. (7 & 8 Vict., c. 81, a. 54; 26 Vict., c. 11, a. 9; 26 & 27 Vict., c. 52, a. 11, agus c. 90, a. 20; 42 & 43 Vict., c. 70; agus 43 & 44 Vict., c. 13)     ...     ...     ...     ...

10

750

43

Chun Tuarastail agus Costaisí an Choimisiúin Arachais agus chun Ilsíntiúisí agus Ildeontaisí mar gheall ar chostas Sochar agus Costaisí Riaracháin fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911-1929 (maraon le Deontaisí áirithe i gCabhair)  ...     ...     ...     ...     ...

2,621

785

48

Chun na gCostaisí a bhaineann le Ceárd-Oideachas     ...     ...     ...     ...

6,925

--

49

Chun Tuarastail agus Costaisí na bhFundúireachtaí Eoluíochta agus Ealadhan i mBaile Atha Cliath, maraon le hIldeontaisí-i-gCabhair     ...     ...     ...

10

--

50

Chun na gCostaisí mar gheall ar Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, maraon le hAiteanna Coinneála (Children Act, 1908; Uimh. 17 de 1926 agus Uimh. 24 de 1929 )     ..     ..     ...     ...

710

846

52

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Talmhaíochta agus Seirbhísí áirithe atá fé riara na hOifige sin, maraon le hIldeontaisí-i-gCabhair     ...     ...     ...

46,300

3,000

55

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig Choimisiún Talmhan na hÉireann (44 & 45 Vict., c. 49, a. 46, agus c. 71, a. 4, 48 & 49 Vict., c. 73, a. 17, 18 agus 20; 53 & 54 Vict., c. 49, a. 2; 54 & 55 Vict., c. 48; 3 Edw. 7, c. 37; 7 Edw. 7, c. 38 agus c. 56; 9 Edw. 7, c. 42; Uimh. 27 agus Uimh. 42 de 1923 , Uimh. 25 de 1925 , Uimh. 11 de 1926 , Uimh. 19 de 1927 agus Uimh. 31 de 1929 )

32,010

--

57

Chun Iocaíochtanna fé Acht na mBóthar Iarainn, 1924 , fén Tramways and Public Companies (Ireland) Act, 1883, etc., agus chun crícheanna eile a bhaineann le hIompar in Éirinn     ...     ...     ...

7,950

--

60

Chun Tuarastail agus Costaisí i dtaobh Arachais Dhíomhaointis agus Malartán Fostaíochta, maraon le síntiúisí do Chiste an Díomhaointis     ...     ...     ...

1,000

5,900

61

Chun Tuarastail agus Costaisí na hOifige Clárathachta Mhaoine Tionnscail agus Tráchtála ( Uimh. 16 de 1927 agus Uimh. 13 de 1929 )     ...     ...     ...     ...

2,745

--

62

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Puist agus Telegrafa agus Seirbhísí áirithe eile atá fé riara na hOifige sin, maraon le Telefóna     ...     ...     ...

25,000

3 500

64

Chun Costas an Airm, maraon le Cúltaca an Airm     ...     ...     ...     ...     ...

10

--

66

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Gnóthaí Coigríche agus Seirbhísí áirithe atá fé riara na hOifige sin     ...

5,055

--

67

Chun Deontas-i-gCabhair do Chostaisí Chumann na Náisiún agus chun Costaisí eile mar gheall air sin     ...     ...     ...

120

--

69

Chun Roimh-íocanna don Chiste Cúitimh a bunuíodh fén Acht Deocha Meisciúla, 1927 (Uimh. 15 de 1927)      ...     ...

300

--

70

Chun Deontas-i-gCabhair do Chostaisí Club Ríoga na nGluaisteán in Éirinn i dtaobh na Rásanna Mótair Idirnáisiúnta a bhí i bPáirc an Fhionn-uisce, Baile Atha Cliath, ar an 12adh agus an 13adh Iúl, 1929  ...     ...     ...     ...     ...

3,000

--

71

Chun Roimh-íocanna Ilghnéitheacha áirithe d'aisíoc leis an gCiste Teangmhais     ...     ...     ...     ...     ...

1,727

--

An tIomlán     ...

261,743

28,451

Cuid III.

Sceideal de shuimeanna a deonadh agus de shuimeanna a féadfar a chur mar leithreasaí-i-gcabhair ina dteanta san chun íoctha muirearacha na seirbhísí puiblí uile agus fé seach a luaidhtear anso go sonnrách agus a thiocfidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1931.

Suimeanna ná raghaidh thar

Vóta Uimh.

Teideal

Deontaisí Soláthair

Leithreasaí-i-gCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

1

Chun Tuarastail agus Costaisí Teaghlachas an tSeanascail ( Uimh. 14 de 1923 )     ...     ...     ...     ...     ...

5,465

--

2

Chun Tuarastail agus Costaisí an Oireachtais     ...     ...     ...     ...

117,427

--

3

Chun Tuarastail agus Costaisí Roinn Uachtarán na hArd-Chomhairle     ..     ...     ...     ...

12,398

--

4

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Ard-Scrúdóra ( Uimh. 1 de 1923 ), maraon le hOifig Iniúchóireachta an Arachais Náisiúnta     ...     ...     ...

17,841

--

5

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Airgid, maraon le hOifig an Phághmháistir Ghenerálta     ...     ...

60,235

--

6

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig na gCoimisinéirí Ioncuim, maraon le Seirbhísí áirithe eile atá fé riara na hOifige sin     ...     ...     ...     ...

667,650

15,635

7

Chun íoc Pinseana Sean-aoise (8 Edw. 7, c. 40; 1 agus 2 Geo. 5, c. 16; 9 agus 10 Geo. 5, c. 102; Uimh. 19 de 1924 , agus Uimh. 1 de 1928 ); chun Pinseana fén Blind Persons Act, 1920 (10 agus 11 Geo. 5, c. 49, a. 1); agus chun Costaisí Riaracháin áirithe a bhaineann leo san     ...

2,767,000

400

8

Chun Capital do Chiste na nIasachtaí Áitiúla, agus chun aisíoc do dhéanamh le Rialtas na Breataine mar gheall ar iasachtaí áitiúla atá gan íoc     ...

1,150,000

--

9

Chun Tuarastail agus Costaisí eile Coimisiún, Coistí agus Fiosrúchán Speisialta ...     ...     ...     ...     ...

10,947

--

10

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig na nOibreacha Puiblí (1 & 2 Will. 4, c. 33, a. 5 & 6; 5 & 6 Vict., c. 89, a. 1 & 2; 9 & 10 Vict., c. 86, a. 2, 7 agus 9; 10 Vict., c. 32, a. 3; 33 & 34 Vict., c. 46, a. 42; 40 & 41 Vict., c. 27; 44 & 45 Vict., c. 49, a. 31; etc.)     ...

101,936

11,200

11

Chun Caiteachais i dtaobh Foirgintí Puiblí; chun Coinneáil-suas Páirceanna agus Oibreacha Puiblí áirithe; chun Déanamh agus Coinneáil-suas Oibreacha Dréineála; agus chun Ildeontaisí-igCabhair  ...     ...     ...     ...     ...

667,075

164,820

12

Chun Tuarastail agus Costaisí na Saotharlainne Stáit     ...     ...     ...

7,094

--

13

Chun Tuarastail agus Costaisí Coimisiún na Stát-Sheirbhíse ( Uimh. 5 de 1924 agus Uimh. 41 de 1926 ), agus an Choimisiúin um Cheapacháin Áitiúla ( Uimh. 39 de 1926 )     ...     ...     ...

12,645

--

14

Chun Iocaíochtanna i dtaobh mille no díobháil do Mhaoin fé sna hAchtanna um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 go 1926, agus ar shlite eile; agus chun deontaisí d'íoc a socruíodh a íoc de bharr mola an Property Losses (Ireland) Committee, 1916, mar chúiteamh i bhfoirgintí a milleadh i mBaile Atha Cliath i rith Seachtain na Cásca, 1916 ...

252,000

--

15

Chun Iocaíochtanna áirithe Cúitimh i dtaobh Leonta Pearsanta no Báis     ...

3,020

--

16

Chun Pinseana, Aois-liúntaisí, Cúiteamh, Liúntaisí Truagha agus Breise, agus Aiscí, etc., fé Reachtanna iolardha; Cúiteamh fé Airtiogal 10 de Chonnra an 6adh Mí na Nodlag, 1921; Liúntaisí Truagha, Aiscí agus Pinseana Breise a deonadh ag an Aire Airgid; Tuarastal an Dochtúra Réitigh; agus Aisíocanna Iolardha i dtaobh Pinseana a íocann an Rialtas Briotáineach fé láthair, etc. (4 & 5 Will. 4, c. 24; 22 Vict., c. 26; 50 & 51 Vict., c. 67; 55 & 56 Vict., c. 40; 6 Edw. 7, c. 58; 9 Edw. 7, c. 10; 4 & 5 Geo. 5, c. 86; 7 & 8 Geo. 5, c. 42; 9 & 10 Geo. 5, c. 67; 9 & 10 Geo. 5, c. 68; 9 & 10 Geo. 5, c. 83; 10 & 11 Geo. 5, c. 36; Uimh. 1 de 1922 ; Uimh. 31 de 1923 ; Uimh. 7 de 1925 ; Uimh. 27 de 1926 ; Uimh. 11 de 1929 ; Uimh. 36 de 1929 , etc.) ...     ...     ...     ...     ...

1,779,795

7,600

17

Chun Rátaí agus Síntiúisí in ionad Rátaí, etc., i dtaobh Maoine Rialtais agus chun Síntiúisí mar chabhair chun Rátaí ar Fhoirgintí atá i seilbh Ionadaithe Rialtas Coigríche ...     ...     ...     ...     ...

93,600

3,000

18

Chun Seirbhísí Sicréideacha     ...     ...

10,000

--

19

Chun Tuarastail agus Costaisí Coimisiún na nDleacht ( Uimh. 40 de 1926 )     ...

2,361

--

20

Chun Costaisí fén Acht Timpeal Toghachán, 1923 , agus fé Acht na nGiúirithe, 1927      ...     ...     ...     ...     ...

19,000

--

21

Chun Costaisí Ilghnéitheacha áirithe, maraon le Deontaisí áirithe i gCabhair

9,020

--

22

Chun Páipéarachais, Clódóireachta, Páipéir, Greamuíochta agus Leabhra Clóbhuailte i gcóir na Seirbhíse Puiblí; chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an tSoláthair agus chun Ilsheirbhísí Ilghnéitheacha, maraon le Tuairiscí Díospóireachtaí an Oireachtais     ...

111,271

25,280

23

Chun Tuarastail agus Costaisí na Luachála Generálta agus na Suirbhéireachta Teorann fé sna hAchtanna 15 & 16 Vict., c. 63; 17 Vict., c. 8; 17 Vict., c. 17; 20 & 21 Vict., c. 45; 22 & 23 Vict., c. 8; 23 Vict., c. 4; 27 & 28 Vict., c. 52; 37 & 38 Vict., c. 70; 61 & 62 Vict., c. 37; Uimh. 19 de 1923 ; agus Uimh. 3 de 1927 ; agus fén Ordú Rialtais Áitiúla (Achtacháin d'Oiriúnú agus do chur i mBaint), 1925; maraon le Luacháil Diúité Estáit (10 Edw. 7, c. 8)     ...     ...     ...     ...     ...

35,479

6,645

24

Chun Tuarastail agus Costaisí na Suirbhéireachta Ordonáis agus MiontSeirbhísí ar a n-áirítear Macsamhla de Láimhscríbhinní Seanda do dhéanamh

45,003

3,225

25

Chun an Deontas Talmhaíochta do mhéadú ( Uimh. 35 de 1925 )     ...     ...

599,011

--

26

Chun Costaisí Coir-phróiseacht agus Dlímhuirearacha eile, maraon le Deontas i gcabhair do Chostaisí áirithe is iníoctha amach as Rátaí Áitiúla do réir Reachta

60,373

1,200

27

Chun Costaisí i dtaobh Longlainne Inis Sionnach  ...     ...     ...     ...     ...

4,150

--

28

Chun Síntiúisí mar Chongnamh agus chun Deontaisí-i-gCabhair do Chostaisí Fundúireachtaí Príomh-Scoile, maraon le Deontaisí fén Irish Universities Act, 1908, agus fén Acht Talmhan, 1923 , agus fén Acht um Oideachas Phríomh-Scoile (Talmhaíocht agus Eolaíocht Déiríochta), 1926, agus Acht Choláiste Phríomh-Scoile na Gaillimhe, 1929 (8 Edw. 7, c. 38; Uimh. 42 de 1923 ; Uimh. 32 de 1926 ; agus Uimh. 35 de 1929 )     ...     ...     ...     ...     ...

154,000

--

29

Chun Congnamh Airgid d'íoc ar scór Siúicre Bhiatais ( Uimh. 37 de 1925 )     ...

108,334

--

30

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an tSaor-Chíosa     ...     ...     ...     ...

4,146

--

31

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Dlí agus Cirt     ...     ...     ...

40,218

--

32

Chun Tuarastail agus Costaisí an Ghárda Síochána ( Uimh. 7 de 1925 )     ...     ...

1,604,005

31,817

33

Chun Costaisí Príosún agus Fundúireachtaí Borstal; agus Coinneáil-suas na nGealt gCuirpthe a coinnítear in Oispidéil Mheabhar-Ghalar Cheanntair 17 & 18 Vict., c. 76; 34 & 35 Vict., c. 112, a. 6; 40 & 41 Vict., c. 49; 47 & 48 Vict., c. 36; 61 & 62 Vict., c. 60; 1 Edw. 7, c. 17, a. 3; 8 Edw. 7, c. 59; agus 4 & 5 Geo. 5, c. 58)     ...     ...

90,572

17,000

34

Chun pé cuid de Thuarastail agus de Chostaisí na Cúirte Dúithche nách muirear ar an bPrímh-Chiste ( Uimh. 10 de 1924 . ailt 70 agus 76; Uimh. 27 de 1926 , ailt 49 agus 50, agus Uimh. 15 de 1928 , alt 13)     ...     ...     ...     ...

40,081

--

35

Chun pé cuid de Thuarastail agus de Chostaisí Chúirt Uachtarach agus Ard-Chúirt an Bhreithiúnais nách muirear ar an bPrímh-Chiste ( Uimh. 27 de 1926 )

53,943

3,510

36

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig Chlárathachta na Talmhan agus Oifig Chlárathachta na nDintiúirí     ...     ...

50,292

--

37

Chun Tuarastail agus Liúntaisí agus Costaisí Oifigeacha Cúirte Cuarda, Leas-Bhreithiún gCuarda agus Udarásanna Clárathachta Áitiúla áirithe; agus chun Costaisí Ath-fhéachainte Liostaí Vótálaithe agus Coisteoirí (54 agus 55 Vict., c. 66, alt 7; Uimh. 27 de 1926 , alt 66; Uimh. 15 de 1928 , alt 9; agus Uimh. 37 de 1929 )     ...     ...     ...     ...     ...

59,776

14,560

38

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig na nAnnálacha Puiblí agus Cimeádaí na Stát-Pháipéar, Baile Atha Cliath (30 & 31 Vict., c. 70; 38 & 39 Vict., c. 59; agus 39 & 40 Vict., c. 58)     ...     ...

5,513

--

39

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig na dTabhartas agus na dTiomanta Déirciúla (7 & 8 Vict., c. 97, a. 7 & 8; 30 & 31 Vict., c. 54, a. 24; agus 34 & 35 Vict., c. 102)     ...     ...     ...     ...     ...

3,231

48

40

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, maraon le Deontaisí agus Costaisí eile a bhaineann le Tógáil Tithe, Deontaisí d'Údaráis Áitiúla, agus Ildeontaisí - i - gCabhair, agus Costaisí Oifig Chigire na nGealtlann     ...

482,158

15,143

41

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig Ard-Chlárathóra na mBeireataisí, etc. (7 & 8 Vict., c. 81, a. 54; 26 Vict., c. 11, a. 9; 26 & 27 Vict., c. 52, a. 11, agus c. 90, a. 20; 42 & 43 Vict., c. 70; agus 43 & 44 Vict., c. 13)     ...     ...     ...     ...

10,958

9,500

42

Chun Costaisí Coinneáil-suas Geilteanna Cuirpthe i nGealtlann Dúndroma     ...

15,373

1,055

43

Chun Tuarastail agus Costaisí an Choimisiúin Arachais agus chun Ilsíntiúisí agus Ildeontaisí mar gheall ar chostas Sochar agus Costaisí Riaracháin fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1929, maraon le Deontaisí áirithe i gCabhair  ...     ...     ...     ...     ...

303,505

4,849

44

Chun Eilithe mar gheall ar Ospidéil agus Otharlanna, maraon le hIldeontaisí-igCabhair  ...     ...     ...     ...     ...

12,528

--

45

Chun Costaisí Oifig an Aire Oideachais, maraon le costas Riaracháin, Cigireachta, etc.     ...     ...     ...     ...     ...

171,978

65

46

Chun Costaisí Bun-Oideachais, maraon le Deontaisí-i-gCabhair do Chiste Phinsin na Múinteoirí     ...     ...     ...     ...

3,617,116

7,680

47

Chun Meadhon-Oideachais, maraon le Deontas Thuarastal na Múinteoirí, Deontas Ceann-tsraithe agus Breis-Thuarastal do Mhúinteoirí Meadhon-Scoileanna     ...     ...     ...     ...

318,930

36,390

48

Chun na gCostaisí a bhaineann le Ceárd-Oideachas     ...     ...     ...     ...

167,227

31,685

49

Chun Tuarastail agus Costaisí na bhFundúireachtaí Eoluíochta agus Ealadhan i mBaile Atha Cliath, maraon le hIldeontaisí-i-gCabhair     ...     ...     ...

40,331

570

50

Chun Costaisí mar gheall ar Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, maraon le hAiteanna Coinneála (8 Edw. 7, c. 67; Uimh. 17 de 1926 , agus Uimh. 24 de 1929 )     ...     ...     ...     ...     ...

117,216

4,400

51

Chun Tuarastail agus Costaisí an Ghailerí Náisiúnta  ...     ...     ...     ...     ...

4,137

--

52

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Talmhaíochta agus Seirbhísí áirithe atá fé riara na hOifige sin, maraon le hIldeontaisí-i-gCabhair     ...     ...     ...

475,456

149,235

53

Chun Tuarastail agus Costaisí i dtaobh Foraoiseachta (9 agus 10 Geo. 5, c. 58; Uimh. 16 de 1924 agus Uimh. 34 de 1928 )     ...     ...     ...     ...     ...

59,969

3,600

54

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Tailte agus Iascaigh agus Seirbhísí áirithe atá fé riara na hOifige sin

47,280

73,625

55

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig Choimisiún Talmhan na hÉireann (44 & 45 Vict., c. 49, a. 46, agus c. 71, a. 4; 48 & 49 Vict., c. 73, a. 17, 18 agus 20; 53 & 54 Vict., c. 49, a. 2; 54 & 55 Vict., c. 48; 3 Edw. 7, c. 37; 7 Edw. 7, c. 38 agus c. 56; 9 Edw. 7, c. 42; Uimh. 27 agus Uimh. 42 de 1923 , Uimh. 25 de 1925 , Uimh. 11 de 1926 , Uimh. 19 de 1927 , agus Uimh. 31 agus Uimh. 41 de 1929 )

635,981

115,680

56

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Tionnscail agus Tráchtála, maraon le Coiste Comhairlitheach na Rátaí     ...

106,500

3,070

57

Chun Iocaíochtanna fé Acht na mBóthar Iarainn, 1924 , fén Tramways and Public Companies (Ireland) Act, 1883, etc., agus chun crícheanna eile a bhaineann le hIompar in Éirinn     ...     ...     ...

41,053

26,702

58

Chun Tuarastail agus Costaisí eile an Bhínse Bhóthair Iarainn a bunuíodh fé Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924)      ...     ...     ...

7,049

--

59

Chun Tuarastail agus Costaisí na Muir-Sheirbhíse (Merchant Shipping Acts, 1894-1921, Crown Lands Acts, 1829-1866)     ...     ...     ...     ...     ...

6,850

4,750

60

Chun Tuarastail agus Costaisí i dtaobh Arachais Dhíomhaointis agus Malartán Fostaíochta, maraon le síntiúisí do Chiste an Díomhaointis     ...     ...

228,816

124,115

61

Chun Tuarastail agus Costaisí na hOifige Clárathachta Mhaoine Tionnscail agus Tráchtála ( Uimh. 16 de 1927 agus Uimh. 13 de 1929 )     ...     ...     ...

22,174

--

62

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Puist agus Telegrafa agus Seirbhísí áirithe eile atá fé riara na hOifige sin, maraon le Telefóna     ...     ...     ...

2,246,795

117,455

63

Chun na dTuarastal agus na gCostaisí eile a bhaineas le Fóirleatha Neashrangach     ...     ...     ...     ...

75,386

--

64

Chun Costas an Airm, maraon le Cúltaca an Airm     ...     ...     ...     ...     ...

1,445,032

29,105

65

Chun Pinsin Chréachta agus Mhí-ábaltachta, Pinsin Fhear Pósta, Liúntaisí agus Aiscí ( Uimh. 26 de 1923 , agus Uimh. 12 de 1927 ), agus chun Síntiúisí agus Costaisí Iolardha mar gheall ortha san agus chun Pinsin tSeirbhíse Mileata ( Uimh. 48 de 1924 )     ...     ...     ...

208,216

--

66

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Gnóthaí Coigríche agus Seirbhísí áirithe atá fé riara na hOifige sin     ...

60,222

--

67

Chun Deontas-i-gCabhair do Chostaisí Chumann na Náisiún agus chun Costaisí eile mar gheall air sin     ...     ...     ...

9,270

--

68

Chun Luach Saothair ar Chostas Bhainistí Stoc Rialtais is le Saorstát Éireann     ...

9,925

--

An tIomlán     ...     ...     ...

21,783,338

1,064,614

* Easnamh.