16 1931


Uimhir 16 de 1931.


ACHT GHÁRDA SÍOCHÁNA (ÁITRIBH DO SHOLÁTHAR) (LEASÚ), 1931.


ACHT CHUN TUILLE SÍNE DO DHÉANAMH AR AN AIMSIR INA bhFÉADFAR COMHACHTA ÁIRITHE D'FHEIDHMIÚ A BRONNADH AR CHOIMISINÉIRÍ NA nOIBREACHA PUIBLÍ IN ÉIRINN LEIS AN ACHT GHÁRDA SÍOCHÁNA (ÁITRIBH DO SHOLÁTHAR), 1923 . [27adh Bealtaine, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

An aimsir i gcóir feidhmiú comhachta do shíne.

1. —In ainneoin éinní contrárdha dho san atá san Acht Ghárda Síochána (Aitribh do Sholáthar) (Leasú), 1930 (Uimh. 15 de 1930) , beidh an chomhacht chun áitribh do thógaint, maraon leis na fo-chomhachta a ghabhann léi, nithe a bronnadh ar Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn leis an Acht Ghárda Síochána (Aitribh do Sholáthar), 1923 (Uimh. 24 de 1923) , beid infheidhmithe, fé réir forálacha eile an Achta san, go dtí an 16adh lá d'Iúl, 1932, agus go dtí san amháin.

Gearr-theideal agus luadh.

2. —(1) Féadfar an tAcht Ghárda Síochána (Aitribh do Sholáthar) (Leasú), 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Ghárda Síochána (Aitribh do Sholáthar), 1923 go 1931, de ghairm de sna hAchhtanna Ghárda Síochána (Aitribh do Sholáthar), 1923 go 1930, agus den Acht so le chéile.