20 1931


Uimhir 20 de 1931.


ACHT NA nIONTAOBHAITHE, 1931.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN GO gCEAPFAÍ IONTAOBHAITHE NUA AGUS GO bhFEIDHMEOIDH IONTAOBHAITHE COMHACHTA I gCÁSANNA ÁIRITHE INA bhFUIL DEACRACHTAÍ AG BAINT LE CEAPADH NO LE FEIDHMIÚ DEN tSÓRT SAN DO DHÉANAMH TOISC GUR SCUIR OIFIG, TEIDEAL, NO DIGHNIT DE BHEITH ANN. [8adh Iúl, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

foluíonn an focal “oifig” aon oifig, post, no beart go n-íocaíocht no gan íocaíocht, agus aon teideal no dighnit;

foluíonn an focal “instruimid” Acht de Pháirlimint na hÉireann, Acht de Pháirlimint na Ríochta Aontuithe, agus Acht den Oireachtas;

tá na brigheanna céanna leis na focail “iontaobhas” agus “iontaobhaí” a tugtar do “trust” agus do “trustee” fé seach le halt 50 den Trustee Act, 1893.

Léiriú.

2. —Léighfear agus léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an Trustee Act, 1893, agus dá réir sin gach ordú dhéanfaidh an Ard-Chúirt fén Acht so, tuigfear, chun críche an Trustee Act, 1893, gur ordú do rinneadh fén Acht san é.

Iontaobhaí nua do cheapadh in ionad sealbhóra oifige go bhfuil deireadh léi.

3. —(1) An chomhacht atá ag an Ard-Chúirt fé alt 25 den Trustee Act, 1893, chun ordú do dhéanamh ag ceapadh iontaobhaí nua no iontaobhaithe nua beidh baint aice le gach cás ina ndearnadh, leis an instruimid le n-ar cruthnuíodh an t-iontaobhas no le hordú fén alt so no ar shlí eile, an té ba shealbhóir ar oifig de thurus na huaire do cheapadh chun bheith ina iontaobhaí de bhuadh agus le linn é do bheith i seilbh na hoifige sin agus inar scuir an oifig sin de bheith ann, pe'ca roimh Shaorstát Éireann do bhunú no dá éis sin no dá dhruim no roimh an Acht so do rith no dá éis sin do thárla an scur san.

(2) I gcás comhachta do bheith ag an Ard-Chúirt, fén alt san 25 fé mar a cuirtear i mbaint é tríd an alt so, chun ordú do dhéanamh ag ceapadh iontaobhaí nua, féadfaidh an Ard-Chúirt, in ionad duine áirithe do cheapadh chun bheith ina iontaobhaí nua den tsórt san, ordú do dhéanamh ag ceapadh an té is sealbhóir ar oifig áirithe de thurus na huaire chun bheith ina iontaobhaí de bhuadh agus le linn é bheith i seilbh na hoifige sin, in ionad an té ba shealbhóir ar an oifig gurbh é a scur fé ndeár an ceapadh san do dhéanamh.

(3) Má dheineann an Ard-Chúirt ordú fén alt so ag ceapadh an té is sealbhóir ar oifig áirithe de thurus na huaire chun bheith ina iontaobhaí, ansan, an té bheidh ar dháta an orduithe sin agus o am go ham ina dhiaidh sin ina shealbhóir ar an oifig sin, beidh sé ina iontaobhaí den tsórt san de bhuadh agus le linn a sheilbhe ar an oifig sin agus gan aon cheapadh breise ná ceapadh eile do dhéanamh.

(4) Ní dhéanfaidh an Ard-Chúirt ordú fén alt so ag ceapadh an té is sealbhóir ar oifig de thurus na huaire chun bheith ina iontaobhaí mara dtoilighidh an té is sealbhóir ar an oifig sin ar dháta an orduithe sin leis an ordú.

Iontaobhaithe nua do cheapadh i gcás an ceapthóir do bheith ina shealbhóir ar oifig go bhfuil deireadh léi.

4. —(1) An chomhacht atá ag an Ard-Chúirt fé alt 25 den Trustee Act, 1893, chun ordú do dhéanamh ag ceapadh iontaobhaí nua no iontaobhaithe nua beidh baint aice le gach cás ina ndeintear, leis an instruimid le n-a gcruthnuítear an t-iontaobhas no le hordú fén alt so no ar shlí eile, an chomhacht chun iontaobhaithe nua do cheapadh no d'ainmniú no chun aontuithe le hiontaobhaithe nua do cheapadh no chun toilithe chuige do dhílsiú sa duine, ina aonar no maraon le duine no le daoine eile, is sealbhóir ar oifig de thurus na huaire agus in ar scuir an oifig sin de bheith ann pe'ca roimh Shaorstát Éireann do bhunú no dá éis sin no dá dhruim no roimh an Acht so do rith no dá éis sin do thárla an scur san.

(2) I gcás comhachta do bheith ag an Ard-Chúirt, fén alt san 25 fé mar a cuirtear i mbaint é tríd an alt so, chun ordú do dhéanamh ag ceapadh iontaobhaí nua no iontaobhaithe nua féadfaidh an Ard-Chúirt, in ionad iontaobhaí nua no iontaobhaithe nua do cheapadh, ordú do dhéanamh ag dílsiú na comhachta chun iontaobhaithe nua do cheapadh no d'ainmniú no chun aontuithe le hiontaobhaithe nua do cheapadh no chun toilithe chuige (do réir mar is gá sa chás) sa té is sealbhóir ar oifig áirithe de thurus na huaire de bhuadh agus le linn é bheith i seilbh na hoifige sin in ionad an té ba shealbhóir ar an oifig gurbh é a scur fé ndeár an ceapadh san do dhéanamh.

(3) Má dheineann an Ard-Chúirt ordú fén alt so ag dílsiú na comhachta chun iontaobhaithe nua do cheapadh no d'ainmniú no chun aontuithe le hiontaobhaithe nua do cheapadh no chun toilithe chuige sa té is sealbhóir ar oifig áirithe de thurus na huaire, ansan, an té is sealbhóir ar an oifig sin ar dháta an orduithe sin agus o am go ham ina dhiaidh sin beidh aige agus feidhmeoidh sé, de bhuadh agus le linn é bheith i seilbh na hoifige sin agus gan aon ordú eile, an chomhacht san (do réir mar is gá sa chás) ina aonar no maraon leis an duine no leis na daoine eile ina mbeidh an chomhacht san dílsithe de thurus na huaire.

(4) Ní dhéanfaidh an Ard-Chúirt ordú fén alt so ag dílsiú na comhachta chun iontaobhaithe nua do cheapadh no d'ainmniú no chun aontuithe le hiontaobhaithe nua do cheapadh no chun toilithe chuige sa té is sealbhóir ar oifig mara dtoilighidh an té is sealbhóir ar an oifig sin ar dháta an orduithe sin leis an ordú.

Comhachta d'fheidhmiú fé réir toilithe shealbhóra oifige go bhfuil deireadh léi.

5. —(1) I gcás comhachta díola no comhachta ar bith eile (seachas comhacht chun iontaobhaithe nua do cheapadh), speisialta no generálta, a bheidh dílsithe in iontaobhaithe ar bith, do bheith gan bheith infheidhmithe, de dhruim na hinstruimide le n-a gcruthnuítear an t-iontaobhas no de dhruim ní eile, ach le toiliú no ar iarratas no fé réir aontuithe an té is sealbhóir ar oifig áirithe de thurus na huaire (ina aonar no maraon le duine no le daoine eile) agus gur scuir an oifig sin de bheith ann, pe'ca roimh Shaorstát Éireann do bhunú no dá éis sin no dá dhruim no roimh an Acht so do rith no dá éis sin do thárla an scur san, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas na n-iontaobhaithe sin—

(a) ordú do dhéanamh ag toiliú chun na n-iontaobhaithe sin do dhéanamh aon fheidhmithe áirithe ar an gcomhacht san no á iarraidh san no ag aontú leis (do réir mar is gá sa chás), no

(b) ordú do dhéanamh ag ceapadh an té is sealbhóir ar oifig áirithe de thurus na huaire chun bheith, de bhuadh agus le linn é bheith i seilbh na hoifige sin agus in ionad an té ba shealbhóir ar an oifig sin do scuir de bheith ann, mar dhuine no mar dhuine de sna daoine bheidh i dteideal toiliú chun na n-iontaobhaithe sin d'fheidhmiú na comhachta san, no san d'iarraidh, no aontú leis (do réir mar is gá sa chás).

(2) Má dheineann an Ard-Chúirt ordú fén alt so ag toiliú chun iontaobhaithe do dhéanamh feidhmithe ar chomhacht, no á iarraidh san, no ag aontú leis, beidh an t-ordú san chó héifeachtúil chun gach críche le toiliú, le hiarratas, no le haontú (do réir mar bheidh) an duine no na ndaoine a hainmnítear chuige sin leis an instruimid le n-a gcruthnuítear an t-iontaobhas no ar shlí eile.

(3) Má dheineann an Ard-Chúirt ordú fén alt so ag ceapadh an té is sealbhóir ar oifig áirithe de thurus na huaire mar dhuine no mar dhuine de sna daoine thoileoidh chun iontaobhaithe d'fheidhmiú comhachta, no a iarrfaidh san, no a aontóidh leis, beidh gach toiliú do bhéarfaidh an té is sealbhóir ar an oifig áirithe sin de thurus na huaire chun na n-iontaobhaithe sin do dhéanamh feidhmithe ar an gcomhacht san agus gach iarratas agus aontú dhéanfa sé air sin agus leis sin chó héifeachtúil agus dá mb'é an sealbhóir sin ba shealbhóir de thurus na huaire ar an oifig gurbh é a scur fé ndeár an t-ordú san do dhéanamh.

(4) Ní dhéanfaidh an Ard-Chúirt ordú fén alt so ag toiliú chun iontaobhaithe do dhéanamh feidhmithe ar chomhacht ná á iarraidh san ná ag aontú leis mara ndeinidh na daoine bheidh beo de sna daoine gur gá, do réir na hinstruimide le n-a gcruthnuítear an t-iontaobhas no do réir ní eile, iad do thoiliú chun an fheidhmithe sin no é d'iarraidh no aontú leis (do réir mar bheidh) toiliú chun an orduithe sin do dhéanamh.

(5) Ní dhéanfaidh an Ard-Chúirt ordú fén alt so ag ceapadh an té is sealbhóir ar oifig áirithe de thurus na huaire mar dhuine no mar dhuine de sna daoine thoileoidh chun iontaobhaithe d'fheidhmiú comhachta, no a iarrfaidh san, no a aontóidh leis mara dtoilighidh an té is sealbhóir ar an oifig sin ar dháta an orduithe sin leis an ordú.

Gearr-theideal agus luadh.

6. —(1) Féadfar Acht na nIontaobhaithe, 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na nIontaobhaithe, 1888 go 1931, do ghairm den Trustee Act, 1888, sa mhéid ná fuil sé athghairmthe, den Trustee Act, 1893, den Trustee Act, 1893, Amendment Act, 1894, d'alt 18 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 ( Uimh. 2 de 1922 ), agus den Acht so le chéile.