25 1931


Uimhir 25 de 1931.


ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (BAILE ÁTHA CLIATH) (LEASÚ), 1931.


ACHT CHUN SOCRUITHE NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN FÓIRITHINE NA mBOCHT I gCATHAIR AGUS I gCONTAE BHAILE ÁTHA CLIATH DO RIARADH AGUS CHUN AN ACHTA RIALTAIS ÁITIÚLA (BAILE ÁTHA CLIATH), 1930 , DO LEASÚ CHUN NA CRÍCHE SIN. [17adh Iúl, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) ;

cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar fén Acht so chun bheith mar lá cheaptha chun crícheanna an Achta so;

léireofar an abairt “bord conganta” mar abairt a thagrann do Bhord Chonganta Bhaile Atha Cliath, do Bhord Chonganta Ráth Dúin, agus do Bhord Chonganta Bhaile an Ridire agus ní d'aon bhord ná cólucht eile agus a fholuíonn na buird sin agus ní haon bhord ná cólucht eile.

(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, cialluíonn gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht so agus a húsáidtear sa Phríomh-Acht, leis, agus go sonnrách na habairtí “Comhairle na Cathrach” agus “an Chomhairle Chontae”, cialluíd san Acht so na nithe céanna chialluíd fé seach sa Phríomh-Acht.

Feidhmeanna d'aistriú go dtí Bord Conganta Bhaile Atha Cliath.

2. —(1) Ar an lá ceaptha, scuirfidh an tOrdú dar dáta an 21adh lá de Mhí na Samhna, 1923, agus do rinneadh fé alt 12 den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923), agus le n-ar scuireadh Bord Caomhnóirí Aontais Bhaile Atha Cliath, scuirfidh d'éifeacht do bheith aige d'ainneoin éinní atá in alt 91 den Phríomh-Acht agus tiocfaidh an bord san chun bheith agus beidh sé scurtha ar fad de bhuadh an ailt seo.

(2) Ar an lá ceaptha tiocfaidh feidhmeanna, comhachta, agus dualgaisí Bhuird Chaomhnóirí Aontais Bhaile Atha Cliath (ar a n-áirmhítear na feidhmeanna, na comhachta, agus na dualgaisí atá ag Coiste Aontais Bhaile Atha Cliath fé chó-oibriú an Orduithe sin dar dáta an 21adh lá de Mhí na Samhna, 1923, agus ailt 91 den Phríomh-Acht) chun bheith agus beid aistrithe go dtí Bord Conganta Bhaile Atha Cliath agus as san amach beid dílsithe sa bhord san agus infheidhmithe acu agus cólíonfaid iad.

Feidhmeanna d'aistriú go dtí Bord Conganta Ráth Dúin.

3. —(1) Ar an lá ceaptha scuirfidh fo-alt (3) d'alt 92 den Phríomh-Acht d'éifeacht do bheith aige agus tiocfaidh Bord Caomhnóirí Aontaís Ráth Dúin chun bheith agus beidh sé scurtha ar fad de bhuadh an ailt seo.

(2) Ar an lá ceaptha tiocfaidh feidhmeanna, comhachta, agus dualgaisí Bhuird Chaomhnóirí Aontais Ráth Dúin (ar a n-áirmhítear na feidhmeanna, na comhachta, agus na dualgaisí atá ag Coiste Aontais Ráth Dúin fé alt 92 den Phríomh-Acht) chun bheith agus beid aistrithe go dtí Bord Conganta Ráth Dúin agus as san amach beid dílsithe sa bhord san agus infheidhmithe acu agus cólíonfaid iad.

Feidhmeanna d'aistriú go dtí Bord Conganta Bhaile an Ridire.

4. —(1) Ar an lá ceaptha scuirfidh fo-alt (3) d'alt 93 den Phríomh-Acht d'éifeacht do bheith aige agus tiocfaidh Bord Caomhnóirí Aontais Bhaile an Ridire chun bheith agus beidh sé scurtha ar fad de bhuadh an ailt seo.

(2) Ar an lá ceaptha tiocfaidh feidhmeanna, comhachta, agus dualgaisí Bhuird Chaomhnóirí Aontais Bhaile an Ridire (ar a n-áirmhítear na feidhmeanna, na comhachta, agus na dualgaisí atá ag Coiste Aontais Bhaile an Ridire fé alt 93 den Phríomh-Acht) chun bheith agus beid aistrithe go dtí Bord Conganta Bhaile an Ridire agus as san amach beid dílsithe sa bhord san agus infheidhmithe acu agus cólíonfaid iad.

Forálacha áirithe den Phríomh-Acht do chur i mbaint.

5. —(1) Na hailt agus na fo-ailt uile agus fé seach den Phríomh-Acht a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, beidh feidhm agus éifeacht acu, fé réir forálacha an ailt seo, maidir le gach ceann fé leith de sna buird chonganta uile agus fé seach fé is dá ndeintí na hailt sin do chur síos agus d'ath-achtú anso.

(2) Chun go mbeidh feidhm ag na hailt agus na fo-ailt sin den Phríomh-Acht do réir an ailt seo, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfar an abairt “an lá ceaptha”, i ngach áit ina bhfuil sí sna hailt agus sna fo-ailt sin, do léiriú mar abairt a thagrann don lá cheaptha fén Acht so;

(b) beidh Bord Caomhnóirí Aontais Bhaile Atha Cliath, Coiste Aontais Bhaile Atha Cliath, agus gach duine no cólucht eile chun ar haistríodh maoin, comhachta, agus dualgaisí an Bhuird sin leis an Ordú dar dáta an 23adh lá de Mhí na Samhna, 1923, agus a luaidhtear in alt 91 den Phríomh-Acht, beidh gach ceann fé leith acu ina chólucht díochurtha agus beidh Bord Conganta Bhaile Atha Cliath mar chomharba do gach cólucht díochurtha acu san;

(c) beidh Bord Caomhnóirí Aontais Ráth Dúin agus Coiste Aontais Ráth Dúin ina dhá gcólucht díochurtha agus beidh Bord Conganta Ráth Dúin mar chomharba do gach cólucht díochurtha fé leith acu san;

(d) beidh Bord Caomhnóirí Aontais Bhaile an Ridire agus Coiste Aontais Bhaile an Ridire ina dhá gcólucht díochurtha agus beidh Bord Conganta Bhaile an Ridire mar chomharba do gach cólucht díochurtha fé leith acu san.

Bord Conganta Bhaile Atha Cliath do bhunú.

6. —(1) Ar an lá ceaptha bunófar Bord Conganta Bhaile Atha Cliath do réir an Achta so chun na bhfeidhmeanna a haistrítear chuige leis an Acht so agus pé feidhmeanna eile ceapfar do o am go ham do réir dlí do chólíonadh.

(2) Beidh Bord Conganta Bhaile Atha Cliath ina chólucht chorparáideach fén ainm sin agus comhacht aige séala corporáideach do sholáthar do féin agus bheith i seilbh tailimh do réir aon tsaghas sealbhaíochta chun críche na bhfeidhmeanna bheidh dílsithe ann de thurus na huaire do réir dlí.

(3) Beidh Bord Conganta Bhaile Atha Cliath có-dhéanta de sheisear daoine cheapfaidh Comhairle na Cathrach, de thriúr daoine cheapfaidh an Chomhairle Chontae, agus de pé daoine (más éinne é) ceapfar o am go ham fén Acht so chun bheith ina mbaill chó-thoghtha den Bhord san.

Na céad bhaill de Bhord Chonganta Bhaile Atha Cliath.

7. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith—

(a) ceapfaidh Comhairle na Cathrach beirt daoine chun teacht chun bheith agus chun bheith ina mbaill de Bhord Chonganta Bhaile Atha Cliath ar an lá ceaptha; agus

(b) ceapfaidh an Chomhairle Chontae beirt daoine chun teacht chun bheith agus chun bheith ina mbaill de Bhord Chonganta Bhaile Atha Cliath ar an lá ceaptha; agus

(c) más rud é, le linn an Achta so do rith, go mbeidh aon ionaid folamh de sna hionaid sin imeasc ballra Choiste Aontais Bhaile Atha Cliath gur gá do réir ailt 91 den Phríomh-Acht gur daoine do cheapfadh Chomhairle na Cathrach do líonfadh iad, ceapfaidh Comhairle na Cathrach daoine chun gach ionaid den tsórt san do líonadh láithreach; agus

(d) más rud é, le linn an Achta so do rith, go mbeidh an t-ionad san folamh imeasc ballra Choiste Aontais Bhaile Atha Cliath gur gá do réir ailt 91 den Phríomh-Acht gur duine do cheapfadh an Chomhairle Chontae do líonfadh é, ceapfaidh an Chomhairle Chontae duine chun an ionaid sin do líonadh láithreach.

(2) Na daoine bheidh ina mbaill de Choiste Aontais Bhaile Atha Cliath díreach roimh an lá ceaptha, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, ina mbaill de Bhord Chonganta Bhaile Atha Cliath.

(3) Gach ball de Choiste Aontais Bhaile Atha Cliath éagfaidh, eireoidh as, no thiocfaidh fé dhí-cháilíocht tar éis an Achta so do rith agus roimh an lá ceaptha agus fós gach duine ceapfar fén alt so chun teacht chun bheith ina bhall de Bhord Chonganta Bhaile Atha Cliath ar an lá ceaptha agus éagfaidh roimh an lá ceaptha, tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gur tháinig sé chun bheith ina bhall de Bhord Chonganta Bhaile Atha Cliath ar an lá ceaptha agus gur éag, gur eirigh as, no gur tháinig fé dhícháilíocht (pe'ca aca é) an lá tar éis an lae cheaptha.

Baill chóthoghtha de Bhord Chonganta Bhaile Atha Cliath.

8. —(1) Fé réir na teorann a forchuirtear leis an alt so, féadfaidh Bord Conganta Bhaile Atha Cliath, pé uair is oiriúnach leo é, duine ar bith is dóich leo is ceart do chó-thogha chun bheith ina bhall den Bhord san.

(2) Gach duine có-thoghfar fén alt so chun bheith ina bhall de Bhord Chonganta Bhaile Atha Cliath, beidh sé, marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige mar bhall den tsórt san go dtí tosach an chéad chruinnithe den bhord san tar éis pé ní acu so leanas is túisce thárlóidh tar éis a cheaptha, sé sin le rá, toghachán cinn trí mblian do bhaill Chomhairle na Cathrach no toghachán cinn trí mblian do bhaill na Comhairle Contae.

(3) Ní bheidh aon uair níos mó ná beirt bhall de Bhord Chonganta Bhaile Atha Cliath ar n-a gcó-thogha fén alt so.

(4) Baill chó-thoghtha gairmtear san Acht so de bhaill de Bhord Chonganta Bhaile Atha Cliath a có-thoghfar fén alt so.

Bord Conganta Ráth Dúin do bhunú.

9. —(1) Ar an lá ceaptha bunófar Bord Conganta Ráth Dúin do réir an Achta so chun na bhfeidhmeanna a haistrítear chuige leis an Acht so agus pé feidhmeanna eile ceapfar do o am go ham do réir dlí do chólíonadh.

(2) Beidh Bord Congantá Ráth Dúin ina chólucht chorparáideach fén ainm sin agus comhacht aige séala corporáideach do sholáthar do féin agus bheith i seilbh tailimh do réir aon tsaghas sealbhaíochta chun críche na bhfeidhmeanna bheidh dílsithe ann de thurus na huaire do réir dlí.

(3) Beidh Bord Conganta Ráth Dúin có-dhéanta de pé méid ball is dóich leis an gComhairle Chontae o am go ham do bheith ceart agus, mara bhforálaidh agus go dtí go bhforálfaidh an Chomhairle Chontae a mhalairt, beidh an Bord san có-dhéanta den méid ball is ionann agus lán-líon ballra Choiste Aontais Ráth Dúin le linn an Achta so do rith.

(4) Tar éis an lae cheaptha isí an Chomhairle Chontae cheapfaidh gach ball de Bhord Chonganta Ráth Dúin.

(5) Roimh an lá ceaptha ceapfaidh an Chomhairle Chontae daoine chun gach folúntais (más aon cheann é) atá imeasc ballra Choiste Aontais Ráth Dúin le linn an Achta so do rith.

(6) Na daoine bheidh ina mbaill de Choiste Aontais Ráth Dúin díreach roimh an lá ceaptha, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, ina mbaill de Bhord Chonganta Ráth Dúin.

(7) Gach ball de Choiste Aontais Ráth Dúin éagfaidh, eireoidh as, no thiocfaidh fé dhí-cháilíocht tar éis an Achta so do rith agus roimh an lá ceaptha, tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gur tháinig sé chun bheith ina bhall de Bhord Chonganta Ráth Dúin ar an lá ceaptha agus gur éag, gur eirigh as, no gur tháinig fé dhí-cháilíocht (pe'ca aca é) an lá tar éis an lae cheaptha.

Bord Conganta Bhaile an Ridire do bhunú.

10. —(1) Ar an lá ceaptha bunófar Bord Conganta Bhaile an Ridire do réir an Achta so chun na bhfeidhmeanna a haistrítear chuige leis an Acht so agus pé feidhmeanna eile ceapfar do o am go ham do réir dlí do chólíonadh.

(2) Beidh Bord Conganta Bhaile an Ridire ina chólucht chorparáideach fén ainm sin agus comhacht aige séala corporáideach do sholáthar do féin agus bheith i seilbh tailimh do réir aon tsaghas sealbhaíochta chun críche na bhfeidhmeanna bheidh dílsithe ann de thurus na huaire do réir dlí.

(3) Beidh Bord Conganta Bhaile an Ridire có-dhéanta de pé méid ball is dóich leis an gComhairle Chontae o am go ham do bheith ceart agus, mara bhforálaidh agus do dtí go bhforálfaidh an Chomhairle Chontae a mhalairt, beidh an Bord san có-dhéanta den méid ball is ionann agus lán-líon ballra Choiste Aontais Bhaile an Ridire le linn an Achta so do rith.

(4) Tar éis an lae cheaptha isí an Chomhairle Chontae cheapfaidh gach ball de Bhord Chonganta Bhaile an Ridire.

(5) Roimh an lá ceaptha ceapfaidh an Chomhairle Chontae daoine chun gach folúntais (más aon cheann é) atá imeasc ballra Choiste Aontais Bhaile an Ridire le linn an Achta so do rith.

(6) Na daoine bheidh ina mbaill de Choiste Aontais Bhaile an Ridire díreach roimh an lá ceaptha, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, ina mbaill de Bhord Chonganta Bhaile an Ridire.

(7) Gach ball de Choiste Aontais Bhaile an Ridire éagfaidh, eireoidh as, no thiocfaidh fé dhí-cháilíocht tar éis an Achta so do rith agus roimh an lá ceaptha, tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gur tháinig sé chun bheith ina bhall de Bhord Chonganta Bhaile an Ridire ar an lá ceaptha agus gur éag, gur eirigh as, no gur tháinig fé dhí cháilíocht (pe'ca aca é) an lá tar éis an lae cheaptha.

Ceapadh agus téarma oifige ball de bhuird chonganta.

11. —(1) Tar éis an lae cheaptha is i gcionn gach tríú bliana, ag an gcéad chruinniú cinn ráithe de Chomhairle na Cathrach tar éis toghacháin cinn trí mblian, a cheapfaidh an Chomhairle sin na baill de Bhord Chonganta Bhaile Atha Cliath gur gá do réir an Achta so gurb í an Chomhairle sin do cheapfadh iad (seachas baill a ceapfar chun foth-fholúntas).

(2) Tar éis an lae cheaptha is i gcionn gach tríú bliana, ag an gcéad chruinniú, bliantúil den Chomhairle Chontae tar éis toghacháin cinn trí mblian, a cheapfaidh an Chomhairle sin na baill de Bhord Chonganta Bhaile Atha Cliath gur gá do réir an Achta so gurb í an Chomhairle sin do cheapfadh iad agus fós baill uile Bhuird Chonganta Ráth Dúin agus Bhuird Chonganta Bhaile an Ridire fé seach (seachas baill d'aon bhord acu san a ceapfar chun foth-fholúntas).

(3) Isé am go dtosnóidh téarma oifige baill de bhord chonganta ceapfar fén Acht so tar éis an lae cheaptha (seachas baill a ceapfar chun foth-fholúntas agus baill chó-thoghtha de Bhord Chonganta Bhaile Atha Cliath) ná i dtosach an chéad chruinnithe den bhord san tar éis an bhaill sin do cheapadh.

(4) Isé am go gcríochnóidh téarma oifige baill de bhord chonganta (seachas baill chó-thoghtha de Bhord Chonganta Bhaile Atha Cliath) ná díreach roimh thosach téarma oifige a chomharba.

Foth-fholúntaisí ar bhuird chonganta.

12. —(1) Pé uair a thárlóidh folúntas (dá ngairmtear fothfholúntas san Acht so) imeasc ballra buird chonganta tré bhall den bhord san (seachas baill chó-thoghtha de Bhord Chonganta Bhaile Atha Cliath) d'éag, d'eirghe as, no do theacht fé dhícháilíocht—

(a) ceapfaidh Comhairle na Cathrach duine chun an fholúntais sin i gcás folúntais imeasc ballra Bhuird Chonganta Bhaile Atha Cliath do thárla tré éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht do bhall de do cheap Comhairle na Cathrach; agus

(b) ceapfaidh an Chomhairle Chontae duine chun an fholúntais sin i ngach cás eile.

(2) Duine ceapfar fén alt so chun foth-fholúntais imeasc ballra buird chonganta beidh sé i seilbh oifige ar feadh an iarsma den téarma go mbeadh ag an mball, 'nar thárla an folúntas san tré éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht do, seilbh oifige mara mbeadh a éag, a eirghe as, no a theacht fé dhí-cháilíocht.

Nós-imeachta, etc., bord conganta.

13. —(1) An dlí bhaineann le quorum, cruinnithe, imeachta, agus dí-cháiliú ball bord caomhnóirí, bainfe sí le quorum, cruinnithe, imeachta, agus dí-cháiliú ball bord conganta díreach fé mar a bhaineann sí le quorum, cruinnithe, imeachta, agus dí-cháiliú ball bord caomhnóirí.

(2) Comórfar an chéad chruinniú de bhord chonganta pé uair agus pé lá agus pé áit a socrófar chuige sin roimh an lá ceaptha ag an gcoiste aontais go n-aistrítear a bhfeidhmeanna go dtí an bord san leis an Acht so.

(3) Féadfaidh bord conganta gníomhú d'ainneoin folúntais no folúntaisí imeasc a bhallraíochta.

(4) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, le hordú, oiriúnú agus atharú do dhéanamh ar aon Acht a bhaineann le quorum, cruinnithe, imeachta, agus dí-cháiliú ball bord caomhnóirí fé mar is dóich leis is gá chun go mbeadh lánfheidhm agus lán-éifeacht ag an Acht san maidir le buird chonganta.

(5) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh fén ordú san roimhe sin.

An lá ceaptha.

14. —Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, le hordú, lá nach déanaí ná an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1931, do cheapadh chun bheith mar lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

Gearr-theideal agus luadh.

15. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath) (Leasú), 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 agus 1931, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.

SCEIDEAL.

Ailt agus fo-ailt den Phríomh-Acht atá curtha i mbaint.


Alt 4.

Fo-ailt (1) agus (3) d'alt 5.

Alt 6.

Alt 7.

Alt 9.

Alt 10.

Alt 12.