26 1931


Uimhir 26 de 1931.


ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (PRÁTAÍ), 1931.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN EASPORTÁIL PHRÁTAÍ DO RIALÁIL, AGUS I gCÓIR NITHE EILE BHAINEAS LEIS SIN. [23adh Iúl, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Prátaí), 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an focal “cigire” éinne dá n-údaróidh an tAire i scríbhinn (go generálta no chun críche speisialta) gach comhacht no aon chomhacht no gach dualgas no aon dualgas dá mbronntar no dá bhforchuirtear leis an Acht so ar chigire d'fheidhmiú no do chólíonadh;

cialluíonn an abairt “prátaí síl” prátaí atá le cur;

cialluíonn an abairt “prátaí bídh” prátaí nách prátaí síl;

foluíonn an focal “pacáiste” aon mhála, sac, bosca, cás, bairille no gléas coinneála eile ina mbeidh prátaí no ina bhféadfadh prátaí bheith;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so.

CUID II.

Aitreabhacha do Chlaru agus Easportalaithe do Cheadunu.

Clár d'áitreabhacha pacála prátaí.

3. —(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár go gcoimeádfar clár (ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an clár d'áitreabhacha pacála prátaí) d'áitreabhacha i Saorstát Éireann ina ndeintear prátaí do ghrádú agus do phacáil chun iad d'easportáil.

(2) Cuirfear sa chlár san an t-eolas so leanas i dtaobh gach áitreibh a clárófar ann, sé sin le rá:—

(a) ainm agus tuairisc iomlán dhílseánach an áitreibh (dá ngairmtear an dílseánach cláruithe san Acht so), agus

(b) tuairisc ar shuidheamh an áitreibh is leor chun an áitreibh agus teoranta agus méid an áitreibh d'aithint.

(3) San Acht so cialluíonn an abairt “áitreabh cláruithe” áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár d'áitreabhacha pacála prátaí.

Na coinníollacha bhainfidh le háitreabhacha do chlárú.

4. —Sara gcláróidh an tAire áitreabh ar bith sa chlár d'áitreabhacha pacála prátaí déanfa sé deimhin de—

(a) go bhfuil déanamh an áitreibh oiriúnach chun oiread prátaí do ghrádú agus do phacáil ann chun iad d'easportáil is dóich leis an Aire a grádófar agus a pacálfar san áitreabh san;

(b) go bhfuil san áitreabh slí, cóir oibre, feistisí, agus fearaistí atá oiriúnach chun prátaí do ghrádú agus do phacáil do réir an Achta so agus do réir rialachán ar n-a ndéanamh fé;

(c) go bhfuil obair ghrádaithe agus phacála na bprátaí san áitreabh fé stiúradh duine is dóich leis an Aire atá cáilithe chun a thógaint air féin prátaí do ghrádú agus do phacáil no chun na hoibre sin do mhaoirseacht.

Iarratas ar áitreabh do chlárú.

5. —(1) Isé dhéanfaidh gach iarratas ar áitreabh ar bith do chlárú fén gCuid seo den Acht so ná dílseánach an áitreibh sin agus is i scríbhinn sa bhfuirm agus sa tslí orduithe déanfar san agus beidh an t-eolas orduithe ann.

(2) Pé uair a déanfar iarratas fén alt so ar áitreabh ar bith do chlárú cuirfidh an tAire fé ndeár go ndéanfaidh cigire an t-áitreabh san d'iniúchadh.

(3) Sara ndiúltfaidh an tAire do ghéilleadh d'iarratas ar áitreabh ar bith do chlárú fén gCuid seo den Acht so cuirfe sé fógra coicíse tríd an bpost chun an iarratasóra, go dtí n-a sheola mar a bheidh san iarratas, á rá go bhfuil an tAire chun diúltadh do ghéilleadh don iarratas san agus ag luadh na réasún atá leis an diúltadh san agus breithneoidh sé cúis ar bith a phléidhfidh an t-iarratasóir roimh dhul in éag don fhógra san.

(4) Má dhiúltann an tAire do ghéilleadh d'iarratas ar áitreabh ar bith do chlárú fén alt so, ní chuirfidh san cosc le hiarratas nua do dhéanamh aon uair ina dhiaidh sin, ach féadfaidh an tAire diúltadh do ghéilleadh d'aon iarratas nua den tsórt san gan a chur fé ndeár an t-áitreabh d'iniúchadh arís.

Ceadúnaisí easportálaithe.

6. —(1) Féadfaidh an tAire ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas (generálta) easportálaí san Acht so) chun prátaí d'easportáil o aon áitreabh cláruithe do dheonadh d'éinne—

(a) is dílseánach cláruithe aon áitreibh chláruithe, agus

(b) a iarrfaidh, sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, ceadúnas (generálta) easportálaí.

(2) Maidir le gach ceadúnas (generálta) easportálaí—

(a) is sa bhfuirm orduithe bheidh sé, agus

(b) déarfaidh agus déanfa sé an té dá ndeonfar é do cheadúnú chun prátaí d'easportáil o aon áitreabh cláruithe fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán ar n-a ndéanamh fé.

(3) Féadfaidh an tAire ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas (fásóra) easportálaí san Acht so) chun prátaí d'easportáil o áitreabh chláruithe áirithe do dheonadh d'éinne—

(a) is dílseánach cláruithe an áitreibh sin, agus

(b) is fásóir prátaí, agus

(c) a iarrfaidh an ceadúnas (fásóra) easportálaí sin ar an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, agus

(d) do bhéarfaidh an t-eolas orduithe don Aire.

(4) Ní dheonfaidh an tAire ceadúnas (fásóra) easportálaí go ceann deich lá fichead tar éis an dáta ar a bhfuighidh an tAire an t-iarratas ar an gceadúnas san.

(5) Maidir le gach ceadúnas (fásóra) easportálaí—

(a) is sa bhfuirm orduithe bheidh sé agus luadhfar ann an t-áitreabh gur ina thaobh a bheidh sé á dheonadh agus pé eolas eile a hordófar;

(b) déarfaidh agus déanfa sé an té dá ndeonfar é do cheadúnú chun prátaí d'fhás sé féin d'easportáil ón áitreabh san fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán ar n-a ndéanamh fé;

(c) is fé réir na gcoinníoll so leanas (dá ngairmtear san Acht so na coinníollacha reachtúla bhaineann le ceadúnas (fásóra) easportálaí) a deonfar é agus déarfar ann gur fé n-a réir atá sé á dheonadh, sé sin le rá:—

(i) ná déanfaidh a shealbhóir aon phrátaí d'easportáil fé ach prátaí d'fhás sé féin,

(ii) ná déanfaidh a shealbhóir níos mó ná céad tonna prátaí d'easportáil fé in aon bhliain chaileandair áirithe.

(6) San Acht so cialluíonn an abairt “easportálaí (generálta) ceadúnuithe” duine is sealbhóir de thurus na huaire ar cheadúnas (generálta) easportálaí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus cialluíonn an abairt “easportálaí (fásóir) ceadúnuithe” duine is sealbhóir de thurus na huaire ar cheadúnas (fásóra) easportálaí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(7) San Acht so cialluíonn an abairt “ceadúnas easportálaí” ceadúnas ar bith a dheonfaidh an tAire fén alt so, agus cialluíonn an abairt “easportálaí ceadúnuithe” duine is sealbhóir de thurus na huaire ar cheadúnas easportálaí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(8) Deimhniú fhéachfaidh bheith fé láimh oifigigh don Aire bheidh údaruithe chuige sin ag an Aire, á dheimhniú nách sealbhóir ar cheadúnas easportálaí duine a hainmnítear sa deimhniú san, beidh san ina fhianaise prima facie ar na nithe deimhnítear amhlaidh agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurb é an t-oifigeach san é dáiríribh ná go raibh an t-údarás san aige.

Táillí ar cheadúnaisí (generálta) easportálaí agus na ceadúnaisí sin do thabhairt amach.

7. —(1) Íocfaidh an t-iarratasóir leis an Aire ar gach iarratas ar cheadúnas (generálta) easportálaí táille de phunt agus deich scillinge is ionaisíoctha leis an iarratasóir má diúltar do ghéilleadh dá iarratas agus beidh sé ina choinníoll, le cólíonadh sara mbreithneoidh an tAire an t-iarratas, an táille sin d'íoc.

(2) Más rud é, tar éis iarratais ar cheadúnas (generálta) easportálaí do bhreithniú dho, gur dóich leis an Aire gur cheart an ceadúnas san do dheonadh, cuirfe sé fé ndeár fógra i scríbhinn á rá san do chur chun an iarratasóra.

(3) Más rud é, ar fháil fógra do réir an fho-ailt sin roimhe seo dho, go n-íocfaidh an t-iarratasóir táille bhreise de thrí puint déag agus deich scillinge leis an Aire, bhéarfaidh an tAire ceadúnas (generálta) easportálaí amach do láithreach.

Táillí ar cheadúnaisí (fásóirí) easportálaithe agus na ceadúnaisí sin do thabhairt amach.

8. —(1) Íocfaidh an t-iarratasóir leis an Aire ar gach iarratas ar cheadúnas (fásóra) easportálaí táille de dheich scillinge is ionaisíoctha leis an iarratasóir má diúltar do ghéilleadh dá iarratas agus bheidh sé ina choinníoll, le cólíonadh sara mbreithneoidh an tAire an t-iarratas san, an táille sin d'íoc.

(2) Más rud é, tar éis iarratais ar cheadúnas (fásóra) easportálaí do bhreithniú dho, gur dóich leis an Aire gur cheart an ceadúnas san do dheonadh, cuirfidh an tAire fé ndeár fógra i scríbhinn á rá san do chur chun an iarratasóra.

(3) Más rud é, ar fháil fógra do réir an fho-ailt sin roimhe seo dho, go ndéanfaidh an té d'iarr ceadúnas (fásóra) easportálaí táille bhreise de cheithre puint agus deich scillinge d'íoc leis an Aire, bhéarfaidh an tAire ceadúnas (fásóra) easportálaí amach láithreach don iarratasóir sin i gcionn na tréimhse de dheich lá fichead o dháta an iarratais no láithreach ar an táille bhreise sin d'fháil má bhíonn an tréimhse sin caithte an uair sin.

Táillí cigireachta.

9. —(1) Ar gach consighneacht phrátaí thaisbeánfa sé do chigire chun a scrúduithe fén Acht so íocfaidh gach easportálaí (generálta) ceadúnuithe leis an Aire, san am agus sa tslí foráltar leis an Acht so, táille (dá ngairmtear táille chigireachta san Acht so) do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) is do réir an méid tonna prátaí bheidh sa chonsighneacht san a háireofar an táille chigireachta agus is do réir an ráta fé seach in aghaidh gach tonna luaidhtear sa bhfo-alt so bheidh sé;

(b) más in áitreabh cláruithe dar dílseánach cláruithe an t-easportálaí sin do rinneadh na prátaí sa chonsighneacht san do ghrádú agus do phacáil, isé ráta bheidh ortha ná—

(i) reul más prátaí bídh iad, agus

(ii) pé ráta (nách mó ná naoi bpingne an tonna) a hordófar más prátaí síl iad;

(c) más in áitreabh cláruithe nách dílseánach cláruithe dho an t-easportálaí sin do rinneadh na prátaí sa chonsighneacht san do ghrádú agus do phacáil, isé ráta bheidh ortha ná—

(i) pé ráta (nách mó ná naoi bpingne an tonna) a hordófar más ag stáisiún bóthair iarainn no ar chaladh taisbeánfar na prátaí sin chun a scrúduithe (pe'ca prátaí bídh no prátaí síl iad),

(ii) pé ráta (nách mó ná scilling an tonna) a hordófar más in aon áit eile taisbeánfar na prátaí sin chun a scrúduithe (pe'ca prátaí bídh no prátaí síl iad).

(2) Ar gach consighneacht phrátaí thaisbeánfa sé do chigire chun a scrúduithe fén Acht so íocfaidh gach easportálaí (fásóir) ceadúnuithe leis an Aire, san am agus sa tslí foráltar leis an Acht so, táille a háireofar do réir an méid tonna prátaí bheidh sa chonsighneacht san (agus is táille chigireachta gairmtear den táille sin, leis, san Acht so) agus is do réir pé ráta (nách mó ná reul in aghaidh gach tonna de phrátaí bídh agus naoi bpingne in aghaidh gach tonna de phrátaí síl) a hordófar a bheidh an táille sin.

(3) Chun méid aon táille cigireachta is inéilithe fén alt so d'áireamh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear i dtaobh tagartha ar bith san alt so do mheáchaint phrátaí gur tagairt í do mheáchaint na bprátaí sin agus na bpacáistí ina mbeid;

(b) más lugha ná tonna meáchaint na bprátaí i gconsighneacht ar bith tuigfear gur tonna meáchaint na bprátaí sin;

(c) más nó ná tonna meáchaint na bprátaí i gconsighneacht ar bith no más mó ná aon líon de thonnaí iomlána é tuigfear gur tonna an bhreis sin.

An t-am agus an tslí chun táillí cigireachta d'íoc.

10. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis gach tréimhse chuntasaíochta gheobhaidh an tAire amach sa tslí orduithe an méid (más éinní é) atá dlite ar scór táillí cigireachta ar gach easportálaí ceadúnuithe ar phrátaí do thaisbeáin an t-easportálaí sin do chigire i rith na tréimhse sin chun go scrúdódh an cigire sin iad fén Acht so agus bhéarfaidh amach deimhniú (dá ngairmtear deimhniú féichiúnais san alt so) sa bhfuirm orduithe ag deimhniú an méid atá dlite ar an easportálaí ceadúnuithe sin ar scór táillí cigireachta in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san.

(2) Beidh gach deimhniú féichiúnais ina fhianaise dho-chlaoite ar gach ní fhéachfaidh bheith á dheimhniú ann.

(3) Chó luath agus is féidir é tar éis gach deimhniú féichiúnais do thabhairt amach seirbheálfar cóip de, tríd an bpost, ar an easportálaí ceadúnuithe deimhnítear leis an deimhniú san do bheith i bhfiacha ar scór táillí cigireachta agus an tsuim a deimhnítear leis an deimhniú san do bheith iníoctha tiocfa sí chun bheith agus beidh sí dlite ar an easportálaí ceadúnuithe sin agus iníoctha aige sin leis an Aire díreach ar sheirbheáil na cóipe sin agus, i gcionn ceithre seachtaine o am na seirbheála san, féadfaidh an tAire an tsuim sin do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

(4) Má theipeann ar easportálaí cheadúnuithe, no má leigeann sé i bhfaillí, an tsuim a deimhnítear le deimhniú féichiúnais do bheith iníoctha aige d'íoc fé cheann ceithre seachtaine tar éis cóipe den deimhniú san do sheirbheáil air, féadfaidh an tAire ceadúnas an easportálaí cheadúnuithe sin do cheiliúradh ach ní shaorfaidh an ceiliúradh san an t-easportálaí ceadúnuithe sin o n-a bheith air an tsuim sin d'íoc.

(5) Má ceiliúrtar ceadúnas easportálaí fén bhfo-alt san roimhe seo beidh clárú an áitreibh dar dílseánach cláruithe é, sa chlár d'áitreabhacha pacála prátaí, beidh sé, de bhuadh an fho-ailt seo, ar nea-mbrí ón dáta ar ar ceiliúradh an ceadúnas san agus ní clárófar an t-áitreabh san arís sa chlár san faid a bheidh an tsuim no aon chuid den tsuim gan íoc gurb é a neamh-íoc fé ndeár an ceiliúradh san.

(6) Chun crícheanna an ailt seo is tréimhse chuntasaíochta gach tréimhse acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) gach tréimhse ráithe dar tosach aon 1adh lá d'Eanar;

(b) gach tréimhse ráithe dar tosach aon 1adh lá d'Abrán;

(c) gach tréimhse de shé mhí dar tosach aon 1adh lá d'Iúl.

Cé chuige go dtuitfidh ceadúnas ar éag dá shealbhóir.

11. —Má éagann easportálaí ceadúnuithe tuitfidh an ceadúnas easportálaí bheidh aige chun a ionadaí phearsanta dhlíthiúla mar chuid dá estát phearsanta.

Ceadúnas easportálaí d'aistriú.

12. —Ar a iarraidh sin d'easportálaí cheadúnuithe no, más cólucht ionchorparuithe an t-easportálaí ceadúnuithe sin, do shocruitheoir an chóluchta san, no d'ionadaí phearsanta dhlíthiúil easportálaí cheadúnuithe mhairbh, féadfaidh an tAire an ceadúnas a bheidh ag an easportálaí ceadúnuithe sin d'aistriú chun duine eile, ach ní haistreofar ceadúnas easportálaí amhlaidh chun duine ná beidh, ar dháta an aistrithe sin, ina dhílseánach chláruithe áitreibh chláruithe.

Ceadúnaisí easportálaí do cheartú agus do cheiliúradh.

13. —(1) Féadfaidh an tAire aon uair ceadúnas easportálaí d'atharú no do cheiliúradh ar iarratas shealbhóra an cheadúnais sin no ar iarratas a ionadaí phearsanta dhlíthiúil mas duine an sealbhóir sin no ar iarratas a shocruitheora más cólucht ionchorparuithe an sealbhóir sin.

(2) Féadfaidh an tAire ceadúnas easportálaí do cheiliúradh aon uair gan aon iarratas den tsórt san d'fháil más deimhin leis—

(a) gur tré chalaois do fuarthas an ceadúnas san no tré chamthuairisc, pe'ca calaoiseach di sin no nárbh eadh; no

(b) gur scuir an t-áitreabh dar dílseánach cláruithe sealbhóir an cheadúnais sin de bheith cláruithe sa chlár d'áitreabhacha pacála prátaí; no

(c) má ba dhuine sealbhóir an cheadúnais sin, go bhfuair sé bás no, má ba chólucht ionchorparuithe é, gur scuireadh é agus nár aistrigh an tAire an ceadúnas san fén Acht so chun duine eile laistigh de ráithe tar éis an bháis no an scurtha san; no

(d) gur tugadh mar bhreith ar shealbhóir an cheadúnais sin é do bheith gnó-bhriste; no

(e) i gcás ceadúnais (generálta) easportálaí gur mar leanas do bhí in aon bhliain chaileandair seachas an chéad bhliain chaileandair tar éis an dáta ar ar tugadh amach an ceadúnas san, eadhon—

(i) nár easportáil sealbhóir an cheadúnais sin aon phrátaí i rith na bliana san, no

(ii) más prátaí bídh amháin d'easportáil an sealbhóir sin i rith na bliana san, gur lugha ná trí chéad tonna an méid do heasportáladh amhlaidh, no

(iii) más prátaí síl amháin d'easportáil an sealbhóir sin i rith na bliana san, gur lugha ná céad go leith tonna an méid do heasportáladh amhlaidh, no

(iv) má easportáil an sealbhóir sin prátaí bídh agus prátaí síl i rith na bliana san, gur lugha ná trí chéad tonna an méid prátaí ar fad do heasportáladh amhlaidh;

chun críche no fo-mhíre seo, tuigfear caindíocht de phrátaí síl do bheith ní ba thruime fé dhó ná mar do bhí dáiríribh; no

(f) i gcás ceadúnais (fásóra) easportálaí, gurb a tuairim an Aire gur bhris sealbhóir an cheadúnais sin na coinníollacha reachtúla bhaineann le ceadúnas (fásóra) easportálaí no ceachtar coinníoll acu san; no

(g) gurb é tuairim an Aire go ndearna sealbhóir an cheadúnais sin sárú ar bith (le gníomh no le fáillí) ar an Acht so no ar rialacháin ar bith ar n-a ndéanamh fé; no

(h) gurb é tuairim an Aire gur theip ar shealbhóir an cheadúnais sin no gur leig sé i bhfaillí gan chúis réasúnta, tar éis do connradh do dhéanamh chun prátaí do dhíol chun iad d'easportáil de bhuadh a cheadúnais, an connradh san do chólíonadh.

(3) Roimh cheiliúradh do dhéanamh ar cheadúnas easportálaí (ar aon tslí seachas do réir iarratais do rinneadh chuige sin fén alt so), bhéarfaidh an tAire i scríbhinn do shealbhóir an cheadúnais sin, no dá ionadaí phearsanta dhlíthiúil (más ann do) no do shocruitheoir an tsealbhóra (pe'ca aca é), fógra coicíse ar a laighead á rá go bhfuil sé chun an cheadúnais sin do cheiliúradh amhlaidh, agus breithneoidh sé cúis ar bith a phléidhfidh an sealbhóir no an t-ionadaí pearsanta dlíthiúil no an socruitheoir sin (pe'ca aca é) roimh dhul in éag don fhógra san agus féadfa sé, más oiriúnach leis é, a chur fé ndeár go gcomórfar fiosrúchán i dtaobh an scéil.

(4) Féadfar fógra á rá go bhfuil an tAire chun ceadúnais easportálaí do cheiliúradh no d'atharú, féadfar a sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a fhágaint le duine os cionn sé mblain déag d'aois in áitreabh cláruithe sealbhóra an cheadúnais no tré n-a chur tríd an bpost chun an té chun a mbeidh sé dírithe san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

(5) Má cheiliúrann an tAire ceadúnas easportálaí fén alt so féadfaidh an tAire uair ar bith ina dhiaidh sin diúltú do cheadúnas easportálaí do dheonadh don té ba shealbhóir ar an gcéad cheadúnas san a luaidhtear díreach sarar ceiliúradh é.

Fianaise i dtaobh nithe sna cláir.

14. —(1) Maidir leis an gclár d'áitreabhacha pacála prátaí—

(a) tuigfear é do bheith sa choimeád cheart nuair a bheidh sé i gcoimeád ag an Aire no ag oifigeach don Aire go mbeidh údarás aige chuige sin ón Aire; agus

(b) beidh sé ionghlactha mar fhianaise gan aon chruthúnas eile má tugtar é i láthair as an gcoimeád ceart.

(2) Féadfar fianaise prima facie ar iontráil ar bith sa chlár d'áitreabhacha pacála prátaí do thabhairt in aon chúirt no in aon imeacht dlí tré chóip den iontráil sin do thabhairt i láthair a fhéachfaidh bheith deimhnithe mar chóip dhílis ag aon oifigeach don Aire bheidh údaruithe chuige sin, agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurb é an t-oifigeach san é dáiríribh ná go raibh an t-údarás san aige.

(3) Deimhniú fhéachfaidh bheith fé láimh oifigigh don Aire bheidh údaruithe chuige sin ag an Aire, ar áitreabh ar bith a luadhfar sa deimhniú san do bheith gan bheith iontrálta sa chlár d'áitreabhacha pacála prátaí beidh sé ina fhianaise dhochlaoite ar na nithe bheidh deimhnithe amhlaidh, agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú, ná a chruthú gurb é an t-oifigeach san é dáiríribh, ná go raibh an t-údarás san aige.

(4) Féadfaidh duine ar bith—

(a) an clár d'áitreabhacha pacála prátaí d'iniúchadh ar íoc pé táille a hordófar agus ná raghaidh thar scilling an t-iniúchadh;

(b) cóip d'fháil, agus í deimhnithe mar chóip dhílis ar an slí luaidhtear anso roimhe seo, d'iontráil ar bith sa chlár d'áitreabhacha pacála prátaí, ar íoc pé táille a hordófar agus ná raghaidh thar réal an fólio de dhá fhocal sheachtód den chóip;

(c) deimhniú d'fháil, den tsórt san a luaidhtear anso roimhe seo, ar aon áitreabh áirithe do bheith gan bheith cláruithe sa chlár d'áitreabhacha pacála prátaí, ar íoc pé táille a hordófar agus ná raghaidh thar dhá scilling agus réal an deimhniú.

Nithe sa chlár, etc., d'fhoillsiú.

15. —(1) Féadfaidh an tAire foillsiú do dhéanamh ar pé slí is oiriúnach leis—

(a) ar gach ní no éinní dá mbeidh iontrálta sa chlár d'áitreabhacha pacála prátaí, agus

(b) ar mhion-innste ar cheadúnas easportálaí ar bith, agus

(c) ar fhógra i dtaobh ceadúnais easportálaí do chur ar neambrí, agus

(d) ar fhógra i dtaobh nea-mbríochaint no atharú ar bith do dhéanamh ar chlárú sa chlár d'áitreabhacha pacála prátaí, agus

(e) ar fhógra i dtaobh aon chiontú i gcionta i gcoinnibh aon fhorála den Acht so.

(2) Féadfaidh an tAire o am go ham pé eolas staitistíochta is oiriúnach leis do bhailiú agus d'fhoillsiú i dtaobh méid agus cor trádála na bprátaí.

Aitreabh cláruithe d'iniúchadh.

16. —(1) Beidh teideal ag aon chigire dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh cláruithe no in aon áitreabh gur hiarradh go gclárófaí é agus gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh ann, sé sin le rá:—

(a) an t-áitreabh san go léir no aon chuid de agus an chóir oibre, na fearaistí, agus na feistisí ann d'iniúchadh;

(b) féachaint ar gach modh no aon mhodh gráduithe agus pacála prátaí san áitreabh san;

(c) na prátaí agus na pacáistí go léir san áitreabh san no aon chuid acu do scrúdú agus somplaí réasúnta de sna prátaí agus de sna pacáistí sin go léir no d'aon chuid acu do thógaint.

(2) Gach n-aon a chuirfidh cosc no bac le haon chigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós ná raghaidh thar cúig puint do chur air.

Clárú áitreibh do cheartú agus do chur ar nea-mbrí.

17. —(1) Féadfaidh an tAire aon uair clárú aon áitreibh fén gCuid seo den Acht so d'atharú no do chur ar nea-mbrí ar iarratas i scríbhinn sa bhfuirm agus sa tslí orduithe o dhílseánach chláruithe an áitreibh sin no o n-a ionadaí phearsanta dhlíthiúil más duine an dílseánach san no ón té is socruitheoir do más cólucht ionchorparuithe an dílseánach san.

(2) Féadfaidh an tAire aon uair, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite d'fháil, clárú aon áitreibh fén gCuid seo den Acht so d'atharú maidir le haon tslí ina bhfeicfear do go bhfuil an clárú no an ceadúnas san earráideach no mí-threorach.

(3) Féadfaidh an tAire aon uair, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite d'fháil, clárú aon áitreibh a bheidh cláruithe fén gCuid seo den Acht so do chur ar nea-mbrí más deimhin leis—

(a) gur tré chalaois do tugadh chun críche an t-áitreabh do chlárú no tré chamthuairisc, pe'ca calaoiseach di sin no nárbh eadh; no

(b) go bhfuil an t-áitreabh tar éis scur de bheith ionchláruithe sa chlár ina bhfuil sé cláruithe; no

(c) nách leor an tslí agus an chóir oibre atá san áitreabh don mhéid gnótha deintear ann; no

(d) má ba dhuine an dílseánach cláruithe, go bhfuair sé bás no, má ba chólucht ionchorparuithe é, gur scuireadh é, agus ná dearnadh, laistigh de mhí tar éis an bháis no an scurtha san, éinne eile do chlárú mar dhílseánach in ionad an dílseánaigh chláruithe do fuair bás no do scuireadh amhlaidh; no

(e) gur tugadh mar bhreith ar an dílseánach cláruithe é do bheith gnó-bhriste; no

(f) gurb é tuairim an Aire go ndearnadh sárú ar bith (le gníomh no le faillí) san áitreabh ar an Acht so no ar rialacháin ar bith ar n-a ndéanamh fé.

(4) Roimh atharú no nea-mbríochaint do dhéanamh (ar aon tslí seachas do réir iarratais do rinneadh chuige sin fén alt so) ar chlárú aon áitreibh fén Acht so, bhéarfaidh an tAire i scríbhinn, do dhílseánach chláruithe an áitreibh sin no dá ionadaí phearsanta (más ann do) no dá shocruitheoir (pe'ca aca é) fógra coicíse ar a laighead go bhfuil sé chun an clárú san do chur ar neambrí no d'atharú amhlaidh, agus breithneoidh sé cúis ar bith a phléidhfidh an dílseánach cláruithe no an t-ionadaí pearsanta no an socruitheoir sin (pe'ca aca é) roimh dhul in éag don fhógra san agus féadfa sé, más oiriúnach leis é, a chur fé ndeár go gcomórfar fiosrúchán i dtaobh an scéil.

(5) Féadfar fógra go bhfuil an tAire chun clárú áitreibh fén gCuid seo den Acht so do chur ar nea-mbrí no d'atharú, féadfar a sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a fhágaint do le duine os cionn sé mblian déag d'aois san áitreabh le n-a mbaineann sé no tré n-a chur tríd an bpost chun an té chun a mbeidh sé dírithe san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

(6) Má dheineann an tAire fén alt so clárú aon áitreibh do chur ar nea-mbrí féadfaidh an tAire uair ar bith ina dhiaidh sin diúltú don áitreabh san do chlárú i gclár ar bith a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so.

CUID III.

Rialachain i dtaobh Pratai do Ghradu agus do Phacail, Pacaisti de Phratai do Mharcail, agus Pratai d'Iompar.

Rialacháin chun prátaí do ghrádú agus do phacáil.

18. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin chun prátaí do ghrádú agus do phacáil) do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas:—

(a) gach ní bhaineann leis an modh agus leis an slí chun prátaí do ghrádú;

(b) gach ní bhaineann le cor no le staid na bprátaí le linn a bpacála;

(c) gach ní bhaineann leis an modh agus leis an slí chun prátaí do phacáil agus leis na pacáistí a húsáidfear chun iad do phacáil ionta;

(d) a thoirmeasc go ndéanfaí grádanna no saghsanna áirithe prátaí do phacáil.

Rialacháin chun pacáistí do mharcáil.

19. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin chun pacáistí do mharcáil) do dhéanamh á ordú cadiad na marcanna cuirfear ar gach pacáiste de phrátaí a bheidh le heasportáil agus a díolfar in aon áitreabh cláruithe no a heasportálfar no consighneofar uaidh, chun gach ní no éinní acu so leanas do thaisbeáint, sé sin le rá:—

(a) grád na bprátaí atá sa phacáiste sin;

(b) an t-áitreabh cláruithe in ar pacáladh na prátaí sin;

(c) easportálaí ceadúnuithe na bprátaí;

(d) an saghas práta atá sa phacáiste sin;

(e) an cineál práta atá sa phacáiste sin;

(f) dáta gráduithe agus pacála na bprátaí;

(g) dath na hithearach in ar fhás na prátaí;

(h) gur i Saorstát Éireann d'fhás na prátaí sin;

(i) éinní eile is dóich leis an Aire ba chóir do thaisbeáint ar an bpacáiste sin.

(2) Ordófar, leis na rialacháin chun pacáistí do mharcáil, conus a cuirfear na marcanna a hordófar leo ar na pacáistí prátaí le n-a mbainid agus féadfar malairt slí d'ordú chun malairt marcanna do chur ar na pacáistí sin.

(3) Chun críche pé méid den alt so bhaineann le n-a thaisbeáint le marcanna cadé an t-áitreabh in ar gráduíodh agus in ar pacáladh prátaí, agus cé hé easportálaí ceadúnuithe na bprátaí féadfaidh an tAire marc fé leith do cheapadh do gach áitreabh cláruithe fé leith agus fós do gach easportálaí ceadúnuithe fé leith, agus leis na rialacháin chun pacáistí do mharcáil féadfa sé a éileamh go ndéanfar na marcanna ceapfar amhlaidh d'úsáid mar mharcanna chun a thaisbeáint cadé an t-áitreabh in ar gráduíodh agus inar pacáladh na prátaí sin agus cé hé easportálaí ceadúnuithe na bprátaí sin.

(4) Pé uair a déanfar leis na rialacháin chun pacáistí do mharcáil marc ar bith d'ordú mar mharc le cur ar phacáistí ina mbeidh prátaí d'aon tsaghas áirithe no prátaí do gráduíodh agus do pacáladh in aon áitreabh áirithe no a easportálfaidh aon easportálaí ceadúnuithe áirithe, tuigfear gur thuairisc thrádála bhréagach do réir bhrí na Merchandise Marks Acts, 1887 to 1911, an marc san do chur ar phasáistí de phrátaí d'aon tsaghas eile no as aon áit gráduithe agus pacála eile no a easportálfaidh aon duine eile agus bainfidh na hAchtanna san, idir fhorálacha peannaideacha agus eile, leis an gcás dá réir sin.

(5) Chun críche an ailt seo, tuigfear gur cuireadh marc ar rud má cuireadh air é do réir bhrí na Merchandise Marks Acts, 1887 to 1911.

(6) San alt so foluíonn an focal “marc” aon fhocal, leitir, figiúir, uimhir, no pátrún, no aon fhocail, leitreacha, figiúirí, uimhreacha, agus pátrúin le chéile no aon cheann no cinn acu.

Toirmeasc ar mharcanna neamhúdaruithe do chur ar phacáistí.

20. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne marc ar bith do chur ar aon phacáiste de phrátaí a heasportálfar o áitreabh cláruithe ach marc is gá do chur ar an bpacáiste sin do réir na rialachán chun pacáistí do mharcáil.

(2) Má dheineann éinne sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

Rialacháin chun prátaí d'iompar.

21. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin chun prátaí d'iompar) do dhéanamh chun prátaí in aon fheithicil, bhaigín traenach, no luing do chosaint ar thruailliú no ar mheath agus iad ar turus o áitreabh chláruithe go haon áit lasmuich de Shaorstát Éireann.

CUID IV.

Consighneachtai de Phratai do Scrudu.

Barra prátaí síl d'iniúchadh.

22. —(1) Einne gur mian leis barra prátaí no cuid ar bith de bharra prátaí bheidh ag fás aige do dhíol mar phrátaí síl féadfaidh a iarraidh ar an Aire an barra san do chur fé iniúchadh le linn é bheith ag fás agus ar a iarraidh sin air féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, cigire do chur ag iniúchadh an bharra san.

(2) Más rud é, ar iniúchadh aon bharra prátaí fén bhfo-alt san roimhe seo dho, go mbeidh an cigire sásta go bhfuil na prátaí sin no cuid acu oiriúnach mar phrátaí síl, déanfaidh an cigire sin deimhniú (dá ngairmtear deimhniú oiriúnachta san Acht so) sa bhfuirm orduithe do thabhairt amach ar an mbarra san no ar an gcuid sin de luadhfar sa deimhniú san do bheith oiriúnach mar phrátaí síl.

Rialacháin scrúdúcháin.

23. —Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear rialacháin scrúdúcháin san Acht so) do dhéanamh i dtaobh na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) an tslí ina scrúdóidh cigirí consighneachtaí de phrátaí thaisbeánfaidh easportálaithe ceadúnuithe do sna cigirí sin chun a scrúduithe;

(b) na coinníollacha (dá ngairmtear na coinníollacha oiriúnachta san Acht so) nách foláir na consighneachtaí sin bheith dá réir chun na gcigirí sin do bheith sásta gur consighneachtaí iad atá oiriúnach chun a gconsighnithe;

(c) fuirm, pátrún agus abhar an tséala (dá ngairmtear an séala oifigiúil san Acht so) a bheidh le cur ar gach pacáiste ina mbeidh prátaí síl agus a bheidh i gconsighneacht le n-a rabhthas sásta amhlaidh gur consighneacht í do bhí oiriúnach chun a consighnithe agus an tslí ina gcuirfear an séala san ar an bpacáiste sin;

(d) fuirm, pátrún agus abhar an cheangail (dá ngairmtear an ceangal oifigiúil san Acht so) a bheidh le ceangal de gach pacáiste ina mbeidh prátaí bídh agus a bheidh i gconsighneacht le n-a rabhthas sásta amhlaidh gur chonsighneacht í do bhí oiriúnach chun a consighnithe agus an tslí ina gceanglófar an ceangal san den phacáiste sin.

Consighneachtaí de phrátaí do scrúdú.

24. —(1) Féadfaidh an tAire a shocrú go ndéanfaidh cigirí consighneachtaí de phrátaí do scrúdú i pé áiteanna agus ar pé laetheanta agus uaire chinnfe sé o am go ham.

(2) Pé uair a taisbeánfar consighneacht de phrátaí do chigire chun a scrúduithe scrúdóidh an cigire sin an chonsighneacht san mara ndeintear leis an alt so a thoirmeasc air an scrúdú san do dhéanamh agus is sa tslí a hordófar leis na rialacháin scrúdúcháin a dhéanfa sé an scrúdú san agus má bhíonn sé sásta tar éis an scrúduithe sin go bhfuil an chonsighneacht san do réir na gcoinníollacha oiriúnachta, ach ní hin aon chás eile, déanfa sé—

(a) gach pacáiste sa chonsighneacht san do shéalú leis an séala oifigiúil más prátaí síl na prátaí sa chonsighneacht san;

(b) gach pacáiste sa chonsighneacht san do cheangal leis an gceangal oifigiúil más prátaí bídh na prátaí sa chonsighneacht san.

(3) Ní scrúdóidh cigire aon chonsighneacht de phrátaí síl a taisbeánfar do chun a scrúduithe fén alt so mara dtaisbeántar do le linn an taisbeánta san deimhniú oiriúnachta i dtaobh na bprátaí sa chonsighneacht san.

(4) Ní tuigfear séala oifigiúil a cuirfear ar phacáiste de phrátaí ná ceangal oifigiúil a ceanglófar de phacáiste de phrátaí do bheith ina urrús ná ní léireofar san in aon tslí mar urrús ar na prátaí sin ná ní bheidh aon fhreagarthacht ar an Aire mar gheall ar aon tséala ná ceangal den tsórt san.

Deimhnithe consighneachta.

25. —(1) Pé uair a bheidh easportálaí ceadúnuithe chun líon áirithe de phacáistí de phrátaí síl do shéaluigh cigire leis an séala oifigiúil d'easportáil in aon chonsighneacht amháin agus a chuirfe sé san in úil don chigire sin, déanfaidh an cigire sin, ar iarratas an easportálaí cheadúnuithe sin, deimhniú (dá ngairmtear deimhniú consighneachta san Acht so) do thabhairt amach i dtaobh na consighneachta san á dheimhniú cé méid pacáiste de phrátaí síl (méid a luadhfar sa deimhniú) sa chonsighneacht san do séaluíodh leis an séala san.

(2) Pé uair a bheidh easportálaí ceadúnuithe chun líon áirithe de phacáistí de phrátaí bídh do cheangail cigire leis an gceangal oifigiúil d'easportáil in aon chonsighneacht amháin agus a chuirfe sé san in úil don chigire sin, déanfaidh an cigire sin, ar iarratas an easportálaí cheadúnuithe sin, deimhniú (agus gairmtear deimhniú consighneachta de sin freisin san Acht so) do thabhairt amach i dtaobh na consighneachta san á dheimhniú cé méid pacáiste de phrátaí bídh (méid a luadhfar sa deimhniú) sa chonsighneacht san do ceangladh leis an gceangal san.

CUID V.

Pratai d'Easportail.

Tréimhse shaoirse.

26. —(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, a dhearbhú gur am saoirse chun crícheanna na Coda so den Acht so, i pé bliain no blianta luadhfar san ordú san, an tréimhse idir an 20 adh lá de Bhealtaine agus an 31adh lá de Lúnasa agus an dá lá san d'áireamh, no pé cuid den tréimhse sin a luadhfar san ordú san, agus pé uair a déanfar a leithéid sin d'ordú agus a bheidh sé i bhfeidhm is am saoirse chun crícheanna na Coda so den Acht so i ngach bliain a luadhfar san ordú san an tréimhse go ndearbhófar leis an ordú san gur am saoirse í chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(2) Féadfaidh an tAire aon uair, le hordú, ordú do rinneadh fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do cheiliúradh no do leasú.

(3) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh fén ordú san roimhe sin.

Prátaí d'easportáil.

27. —(1) Lasmuich de sna heisceachtaí luaidhtear san alt so, na prátaí go léir a heasportálfar as Saorstát Éireann beid do réir na gcoinníoll so leanas, sé sin le rá:—

(a) is easportálaí ceadúnuithe easportálfaidh na prátaí sin; agus

(b) más easportálaí (fásóir) ceadúnuithe easportálfaidh na prátaí sin, is díreach ón áitreabh cláruithe dar dílseánach cláruithe an t-easportálaí (fásóir) ceadúnuithe sin a heasportálfar iad; agus

(c) más easportálaí (generálta) ceadúnuithe easportálfaidh na prátaí sin, is díreach o áitreabh chláruithe a heasportálfar iad; agus

(d) beidh na prátaí sin do réir na rialachán a bhaineann le prátaí do ghrádú agus do phacáil agus beid ar n-a ngrádú agus ar n-a bpacáil san áitreabh cláruithe o n-a mbeid á n-easportáil; agus

(e) beidh na prátaí sin gan tógaint, ach amháin ag cigire, as na pacáistí in ar pacáladh amhlaidh iad; agus

(f) beidh na prátaí sin i bpacáistí ar a mbeidh na marcanna a hordófar le rialacháin chun pacáistí de phrátaí do mharcáil; agus

(g) más prátaí síl na prátaí sin, is i bpacáistí bheidh séaluithe leis an séala oifigiúil a bheid; agus

(h) más prátaí bídh na prátaí sin, is i bpacáistí bheidh ceangailte leis an gceangal oifigiúil a bheid; agus

(i) maran prátaí luatha á n-easportáil i mbairillí na prátaí sin, beid i bpacáistí ná beidh in aon cheann acu nuair a bheidh sé lán níos lugha ná an meáchan orduithe de phrátaí lasmuich de mheáchan an phacáiste féin agus d'aon abhar deoranta bheidh ann; agus

(j) beidh deimhniú consighneachta i dteanta na bprátaí sin.

(2) Lasmuich de sna heisceachtaí luaidhtear san alt so, gach éinne easportálfaidh aon phrátaí no dhéanfaidh iarracht no chuirfidh fé ndeár iad d'easportáil agus gan iad do réir na gcoinníoll uile bhaineann leo agus a horduítear leis an bhfo-alt san roimhe seo, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Gach éinne iompróidh ar luach saothair aon phrátaí bheidh á n-easportáil no le heasportáil contrárdha d'fho-alt (1) den alt so, más le linn na bprátaí sin do bheith á n-easportáil no chun iad d'easportáil a déanfar an t-iompar san beidh sé ciontach i gcionta fén alt so mara gcruthuighe sé ná raibh a fhios aige agus ná luigheann sé le réasún go bhféadfadh sé a fhios a bheith aige go raibh na prátaí sin á n-easportáil contrárdha don alt so.

(4) Gach éinne iompróidh ar luach saothair aon phrátaí bheidh á n-easportáil agus go dteipfidh air no go leigfe sé i bhfaillí, maidir leis na prátaí sin, na rialacháin chun prátaí d'iompar do chólíonadh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(5) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar caoga punt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil agus an phríosúntacht san le chéile.

(6) Ní bainfidh an t-alt so—

(a) le haon phrátaí—

(i) a heasportálfar in aon chonsighneacht amháin, agus

(ii) nách truime ná cúig céad meáchain agus na pacáistí (más aon cheann é) ina mbeid do chur leo, agus

(iii) más i bpacáistí dhóibh, a bheidh i bpacáistí ná beidh marcálta le haon mharc dá n-ordófar leis na rialacháin chun pacáistí de phrátaí do mharcáil agus ná beidh séaluithe leis an séala oifigiúil ná ceangailte leis an gceangal oifigiúil, ná

(b) le haon phrátaí a heasportálfar fé cheadúnas speisialta deonfar fén Acht so agus do réir an cheadúnais sin, ná

(c) le haon phrátaí—

(i) a heasportálfar in aon chonsighneacht amháin isteach i dTuaisceart Éireann agus gurb é an té d'fhás iad a dhéanfaidh amhlaidh ina fheithicil féin, agus

(ii) nách truime ná tonna meáchain agus na pacáistí (más aon cheann é) ina mbeid do chur leo, agus

(iii) más i bpacáistí dhóibh, a bheidh i bpacáistí ná beidh marcálta le haon mharc dá n-ordófar leis na rialacháin chun pacáistí de phrátaí do mharcáil agus ná beidh séaluithe leis an séala oifigiúil ná ceangailte leis an gceangal oifigiúil, ná

(d) le haon phrátaí a heasportálfar i bpacáiste a consighneofar agus a cuirfear ar aghaidh tré Shaorstát Éireann o aon áit lasmuich de Shaorstát Éireann go háit eile den tsórt san ach ná deighleálfar leis ar aon tslí eile i Saorstát Éireann, ná

(e) le haon phrátaí a heasportálfar i rith tréimhse is am saoirse chun crícheanna na Coda so den Acht so, ná

(f) le haon phrátaí easportálfaidh an tAire.

Ceadúnas speisialta chun prátaí d'easportáil.

28. —(1) Ar iarratas éinne gur mian leis consighneacht áirithe de phrátaí d'fhás sé féin d'easportáil agus ar íoc na táille is inéilithe fén alt so leis an Aire don duine sin agus tar éis do chigire an chonsighneacht san d'iniúchadh féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas speisialta sa Chuid seo den Acht so) sa bhfuirm orduithe do dheonadh don duine sin chun na consighneachta san d'easportáil fé réir pé coinníollacha fhorchuirfidh an tAire agus a luadhfar sa cheadúnas san.

(2) Eileofar fén alt so, ar gach ceadúnas speisialta deonfar fén alt so, táille a háireofar do réir an méid tonna prátaí sa chonsighneacht le n-a mbaineann an ceadúnas san agus do réir pé ráta (nách mó ná sé scillinge an tonna) a hordófar.

(3) Déanfaidh ceadúnas speisialta deonfar fén alt so a údarú don té dá ndeonfar é an chonsighneacht de phrátaí bheidh luaidhte ann d'easportáil do réir téarmaí an cheadúnais sin.

(4) Aon uair sara ndéanfar consighneacht de phrátaí bheidh luaidhte i gceadúnas speisialta d'easportáil féadfaidh an tAire, gan cúis do thabhairt leis, an ceadúnas speisialta bhaineann leis an gconsighneacht san do cheiliúradh agus an táille do híocadh ar an gceadúnas san d'iarraidh do thabhairt thar n-ais.

(5) Chun méid aon táille is inéilithe fén alt so ar son ceadúnais speisialta do dheonadh d'áireamh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear i dtaobh tagartha ar bith san alt so do mheáchaint phrátaí gur tagairt í do mheáchaint na bprátaí sin agus na bpacáistí ina mbeid;

(b) más lugha ná tonna meáchaint na bprátaí i gconsighneacht ar bith tuigfear gur tonna meáchaint na bprátaí sin;

(c) más mó ná tonna meáchaint na bprátaí i gconsighneacht ar bith no más mó ná aon líon de thonnaí iomlána é tuigfear gur tonna an bhreis sin.

(6) Gach duine dá ndeonfar ceadúnas speisialta fén alt so agus a sháróidh aon téarma no coinníoll dá mbeidh sa cheadúnas san, agus gach duine (pe'ca bheidh ceadúnas speisialta aige no ná beidh) do bhéarfaidh le tuisgint, go bréagach, le marc ar aon chonsighneacht de phrátaí, gur fé cheadúnas speisialta do deonadh fén alt so atá an chonsighneacht san de phrátaí á heasportáil, beid ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur ortha.

Prátaí d'iniúchadh, etc.

29. —(1) Beidh teideal ag cigire ar bith gach tráth réasúnta dul isteach agus saorchead do bheith aige istigh—

(a) in aon áitreabh cláruithe; no

(b) in áitreabh éinne dheineann earraí d'iompar ar luach saothair; no

(c) in aon stóras no áitreabh eile le héinne stórálann earraí atá le heasportáil no á n-easportáil; no

(d) ar aon phiara, céibh, caladh, fánán no dug, no in aon áitreabh duga; no

(e) in aon luing, bád, bhaigín traenach, laraí mótair, trucail, no árthach no feithicil eile a húsáidtear chun earraí d'iompar.

(2) Féadfaidh cigire ar bith iniúchadh do dhéanamh ar aon phrátaí no ar aon phacáiste do gheobhfar in aon áit go mbeidh aige fén alt so teideal chun dul isteach ann no saorchead istigh no ar no in aon áit phuiblí agus féadfa sé aon phacáiste den tsórt san d'oscailt go gcreideann sé le réasún no go bhfuil amhras réasúnta aige prátaí atá le heasportáil do bheith ann agus féadfa sé na nithe seo leanas do thógaint agus do bhreith leis gan íoc asta—

(a) samplaí réasúnta de phrátaí ar bith do gheobhfar in aon áit den tsórt san pe'ca i bpacáiste do sna prátaí sin no nách eadh; agus

(b) aon phacáiste áirithe is cuid de chonsighneacht de phrátaí do gheobhfar in aon áit den tsórt san.

(3) Má dheineann éinne—

(a) cosc no bac do chur ar chigire ar bith agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so; no

(b) agus a fhios aige cad is ainm do chonsighneoir, do chonsighné no d'únaer prátaí ar bith no pacáiste ar bith go bhfuil cigire i dteideal a n-iniúchta fén alt so, no eolas aige ar nithe eile i dtaobh éinne acu, diúltadh don ainm sin no do sna nithe eile sin d'innsint don chigire sin; no

(c) aon ainm no eolas eile, bréagach no mí-threorach, ar aon chonsighneoir, consighné, no únaer den tsórt san do thabhairt don chigire sin go toiliúil no ar nós cumaliom;

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós ná raghaidh thar cúig puint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus pionós ná raghaidh thar deich bpuint má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

(4) Má thógann cigire pacáiste ar bith fén alt so in aon áit (seachas áitreabh cláruithe) beidh sé de dhualgas ar an gcigire sin a chur in úil don únaer no don chonsighneoir agus don chonsighné (más rud é agus sa mhéid go bhfuil fios a n-ainmneacha agus a seolta aige no gur féidir do go réasúnta iad d'fháil amach) gur thóg sé an sampla no an pacáiste sin.

(5) Má chítear don Aire, ar phacáiste ar bith a tógfar fén alt so do scrúdú, go ndearnadh no gur tugadh fé aon cheann d'fhorálacha an Achta so no aon rialacháin do rinneadh fé do shárú maidir leis an gconsighneacht as ar tógadh an pacáiste féadfar an pacáiste do gheallbhruideadh don Aire, agus, in aon chás eile, deighléalfar leis an bpacáiste do réir orduithe an chonsighneora no, mara dtuga sé orduithe uaidh, díolfar an pacáiste agus íocfar sochar glan a dhíolta leis an gconsighneoir.

(6) Ní bheidh an tAire ná cigire ar bith freagarthach in aon chailliúint ná damáiste thiocfaidh as cigire d'fheidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, agus ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh an chonsighneora ná éinne eile i dtaobh ná alos aon chailliúna ná damáiste den tsórt san roimhráite.

(7) Le linn cigire do bheith ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so, in no ar áitreabh aon chuideachtan bóthair iarainn no loingis, déanfa sé do réir pé éilithe réasúnta ón gcuideachtain sin is gá chun ná déanfaí cosc ná cur isteach ar oibriú an tráchta san áitreabh san.

Comhachta oifigeacha Custum agus Máil.

30. —Beidh ag oifigigh chustum agus máil, maidir le haon phrátaí agus pacáistí go dtoirmeascthar no go sriantar leis an Acht so iad d'easportáil, na comhachta céanna atá ag na hoifigigh sin do réir dlí maidir le hearraí eile go dtoirmeascthar no go sriantar le dlí iad d'easportáil.

CUID VI.

Ilghneitheach agus Generalta.

Seilbh neadhleathach ar shéalaí, ar cheangail, agus ar dheimhnithe.

31. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne séala oifigiúil ná aithris dheallrathach ar a leithéid, ná ceangal oifigiúil ná aithris dheallrathach ar a leithéid, ná fuirm orduithe de dheimhniú oiriúnachta ná aithris dheallrathach ar a leithéid, ná fuirm orduithe de dheimhniú chonsighneachta ná aithris dheallrathach ar a leithéid, do dhéanamh, d'ordú, do cheannach, d'iomportáil, ná do bheith ina sheilbh aige.

(2) Ní bheidh sé nea-dhleathach d'éinne, de dhruim éinní san alt so, séala oifigiúil no ceangal oifigiúil le n-ar shéaluigh no le n-ar cheangail cigire pacáiste de phrátaí fén Acht so do bheith ina sheilbh aige.

(3) Ní bheidh sé nea-dhleathach, de dhruim éinní san alt so, d'oifigeach don Stát agus é i mbun a dhualgais mar oifigeach den tsórt san séala oifigiúil no ceangal oifigiúil d'ordú, do cheannach, d'iomportáil, no do bheith ina sheilbh aige, no fuirm orduithe de dheimhniú chonsighneachta no de dheimhniú oiriúnachta d'ordú, do cheannach, d'iomportáil no do bheith ina sheilbh aige, ná d'éinne aon tséala, ceangal, no fuirm den tsórt san do dhéanamh, d'iomportáil, no do bheith ina sheilbh aige do réir orduithe thug aon oifigeach den tsórt san go dleathach no do réir connartha do rinne sé go dleathach.

(4) Gach duine a dhéanfaidh, a ordóidh, a cheannóidh, a iomportálfaidh no go mbeidh ina sheilbh aige, contrárdha don alt so, séala oifigiúil no aithris dheallrathach ar a leithéid no ceangal oifigiúil no aithris dheallrathach ar a leithéid no fuirm orduithe de dheimhniú chonsighneachta no aithris dheallrathach ar a leithéid no fuirm orduithe de dheimhniú oiriúnachta no aithris dheallrathach ar a leithéid, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint fhichead do chur air, no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe.

Séalaí agus ceangail d'úsáid go neadhleathach.

32. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne (nách cigire) aon phacáiste de phrátaí do shéalú le séala oifigiúil ná aon phacáiste de phrátaí do cheangal le ceangal oifigiúil.

(2) Gach éinne sháróidh an t-alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe.

Cosaint do sna comhachta atá ag an Aire fé Achtanna eile.

33. —Na comhachta bronntar ar an Aire leis an Acht so beid gan dochar agus feidhmeofar iad gan dochar don Aire agus d'údaráis áitiúla d'fheidhmiú na gcomhacht a bronntar ortha fé seach le hAchtanna na bhFeathaid agus na bPiast Loitbheartacha, 1877 go 1929.

Ciontaí.

34. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, gach cionta fé aon fhoráil den Acht so do chúiseamh.

Rialacháin ghenerálta.

35. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no á ordú no le hordú.

(2) Féadfaidh aon rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so baint do bheith acu leis na nithe iomdha go mbronntar le hailt deifriúla den Acht so comhacht chun rialacháin do dhéanamh ina dtaobh.

(3) Aon rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so i dtaobh táillí beid fé réir ceadú ón Aire Airgid.

(4) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar de dhá Thigh an Oireachtais, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Cad déanfar le táillí do gheobhaidh an tAire.

36. —Na táillí uile do gheobhaidh an tAire fén Acht so íocfar isteach iad sa Stát-Chiste no cuirfear iad chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Costaisí.

37. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas o am go ham a híocfar gach costas a bhainfidh leis an Acht so do chur in éifeacht.