29 1931


Uimhir 29 de 1931.


ACHT TORA DÉIRÍOCHTA, 1931.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN EOLAIS DO BHAILIÚ AGUS D'FHOILLSIÚ I dTAOBH AN MÉID IME BHEIDH Á CHOIMEÁD AR LÁIMH I SAORSTÁT ÉIREANN Ó AM GO hAM AGUS CHUN TÉARMA CEADÚNAISÍ ÁIRITHE DO DEONADH FÉ ALT 42 DEN ACHT TORA DÉIRÍOCHTA, 1924 , DO CHUR I bhFAID. [29adh Iúl, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhra.

Gearr-theideal agus luadh.

1. —Féadfar an tAcht Tora Déiríochta, 1931 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Tora Déiríochta, 1924 go 1931, do ghairm de sna hAchtanna Tora Déiríochta, 1924 agus 1927, agus den Acht so le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta:

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Tora Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924) ;

tá an bhrí sin leis an bhfocal “im” atá leis sa Phríomh-Acht;

cialluíonn an abairt “dílseánach cláruithe” duine is dílseánach cláruithe do réir bhrí an Phríomh-Achta ar áitreabh atá cláruithe i gclár ar bith a choimeádann an tAire do réir an Phríomh-Achta;

cialluíonn an abairt “trádálaí ime” duine dheineann, mar thrádáil no chun brabúis, an gnó san im do dhíol ina mhór-choda no ina mhion-choda i dteanta no d'éamais aon ghnótha eile;

cialluíonn an focal “stórálaí” duine dheineann, mar thrádáil no chun brabúis, an gnó san earraí do stóráil do dhaoine eile;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fé Chuid II den Acht so.

CUID II.

Eolas do Bhailiu agus d'Fhoillsiu i dtaobh Ime bheidh a Choimead ar Laimh.

Cuntaisí i dtaobh ime ar láimh.

3. —(1) Féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn (dá ngairmtear fógra um chuntaisí sa Chuid seo den Acht so) do sheirbheáil ar dhílseánach chláruithe á cheangal ar an dílseánach san na cuntaisí luadhfaidh an tAire sa bhfógra san do choimeád san áitreabh cláruithe dar dílseánach cláruithe é i dtaobh an ime go léir a dheineann no do gheibheann sé no chuireann sé dá láimh.

(2) Féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn (agus gairmtear fógra um chuntaisí de sin freisin sa Chuid seo den Acht so) do sheirbheáil ar thrádálaí ime á cheangal ar an trádálaí sin na cuntaisí luadhfaidh an tAire sa bhfógra san do choimeád san áitreabh ina ndeineann sé gnó mar thrádálaí ime i dtaobh an ime go léir do gheibheann sé no chuireann sé dá láimh.

(3) Féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn (agus gairmtear fógra um chuntaisí de sin freisin sa Chuid seo den Acht so) do sheirbheáil ar stórálaí á cheangal ar an stórálaí sin na cuntaisí luadhfaidh an tAire sa bhfógra san do choimeád san áitreabh ina ndeineann sé gnó mar stórálaí i dtaobh an ime go léir a cuirtear isteach san áitreabh san no a tógtar amach as.

(4) Pé uair a seirbheálfar fógra fén alt so ar dhuine ar bith beidh sé de dhualgas ar an duine sin na cuntaisí do choimeád a cheanglóidh an fógra san air do choimeád.

(5) Féadfaidh cigire gach cuntas a bheidh á choimeád do réir an ailt seo d'iniúchadh gach tráth réasúnta, agus nuair a hiarrfar iad agus chun go n-iniúchfaidh an cigire sin iad beidh sé de dhualgas ar an té dhlighfidh fén alt so an cuntas san do choimeád an cuntas san do thaisbeáint agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás gan iad féin do bheith ar fáil) a iarrfaidh an cigire sin go réasúnta chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa chuntas san no cad fé ndeár éinní áirithe do bheith fágtha amach as.

(6) Más rud é—

(a) go dteipfidh ar éinne cuntas do choimeád no a chur fé ndeár cuntas do choimeád den tsórt go gceanglann an t-alt so air é do choimeád no a chur fé ndeár é do choimeád, no

(b) maidir le haon chuntas, scríbhinn, no cóip de scríbhinn a cheanglann an t-alt so ar éinne do thaisbeáint, go dteipfidh ar an duine sin é do thaisbeáint no a chur fé ndeár é do thaisbeáint, nuair a hiarrfar san air, chun go n-iniúchfaidh cigire é, no go gcuirfe sé cosc le haon chigire agus é ag déanamh an iniúchta san, no

(c) go ndéanfaidh éinne no go gcuirfe sé fé ndeár, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do chur sa chuntas san,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

(7) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) folóidh iniúchadh cuntais no scríbhinne cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as, agus

(b) cialluíonn an focal “cigire” duine go n-údarás ón Aire i scríbhinn na comhachta bronntar ar chigire leis an alt so d'fheidhmiú.

Cuntaisí do thabhairt ar im a bheidh á choimeád ar láimh.

4. —(1) Féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn (dá ngairmtear fógra um chuntaisí do thabhairt san Acht so) do sheirbheáil ar aon dílseánach cláruithe á cheangal ar an dílseánach san (pe'ca seirbheáladh fógra um chuntaisí air roimhe sin no nár seirbheáladh) gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) pé cuntas no cuntaisí orduithe luadhfar sa bhfógra san (agus gach cuntas acu sa bhfuirm a hordófar do agus na mion-innste sin ann a hordófar do chur ann) do thabhairt, maidir leis an áitreabh a luadhfar sa bhfógra san, don Aire, laistigh de thrí lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil, i dtaobh an méid ime (má b'ann do) do bhí á choimeád ar láimh aige no bhí i stór aige do dhaoine eile ar an dáta luadhfar chuige sin sa bhfógra san;

(b) go dtí go n-ordóidh an tAire a mhalairt, pé cuntas no cuntaisí orduithe luadhfar sa bhfógra san (agus gach cuntas acu sa bhfuirm a hordófar do agus na mioninnste sin ann a hordófar do chur ann) do thabhairt, maidir leis an áitreabh a luadhfar sa bhfógra san, don Aire laistigh de thrí lá tar éis deireadh gach tréimhse orduithe chríochnóidh tar éis dáta na seirbheála san—

(i) i dtaobh an méid ime (má b'ann do) bhí á choimeád ar láimh aige no bhí i stór aige do dhaoine eile an chéad lá agus an lá deiridh den tréimhse sin; agus

(ii) i dtaobh an méid ime (má b'ann do) do rinne no do fuair sé no do chuir sé dá láimh i gcaitheamh na tréimhse sin; agus

(iii) i dtaobh an méid ime (má b'ann do), de chuid daoine eile, do cuireadh i stór agus do tógadh as i gcaitheamh na tréimhse sin.

(2) Féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn (agus gairmtear fógra um chuntaisí do thabhairt de sin freisin san Acht so) do sheirbheáil ar aon trádálaí ime á cheangal ar an trádálaí sin (pe'ca seirbheáladh fógra um chuntaisí air roimhe sin no nár seirbheáladh) gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) cuntas sa bhfuirm orduithe do thabhairt don Aire laistigh de thrí lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil, agus na mion-innste orduithe ann, ar an méid ime (má b'ann do) do bhí á choimeád ar láimh aige ar an dáta luadhfar chuige sin sa bhfógra san;

(b) go dtí go n-ordóidh an tAire a mhalairt, cuntas sa bhfuirm orduithe agus na mion-innste orduithe ar na nithe seo leanas ann do thabhairt don Aire laistigh de thrí lá tar éis deireadh gach tréimhse orduithe chríochnóidh tar éis dáta na seirbheála san:—

(i) an méid ime (má b'ann do) do bhí á choimeád ar láimh aige an chéad lá agus an lá deiridh den tréimhse sin, agus

(ii) an méid ime (má b'ann do) do fuair sé no do chuir sé dá láimh i gcaitheamh na tréimhse sin.

(3) Féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn (agus gairmtear fógra um chuntaisí do thabhairt de sin freisin san Acht so) do sheirbheáil ar aon stórálaí á cheangal ar an stórálaí sin (pe'ca seirbheáladh fógra um chuntaisí air roimhe sin no nár seirbheáladh) gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) cuntas sa bhfuirm orduithe do thabhairt don Aire laistigh de thrí lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil, agus na mion-innste orduithe ann, ar an méid ime (má b'ann do) do bhí á choimeád i stór aige ar an dáta luadhfar chuige sin sa bhfógra san;

(b) go dtí go n-ordóidh an tAire a mhalairt, cuntas sa bhfuirm orduithe agus na mion-innste orduithe ar na nithe seo leanas ann do thabhairt don Aire laistigh de thrí lá tar éis deireadh gach tréimhse orduithe chríochnóidh tar éis dáta na seirbheála san:—

(i) an méid ime (má b'ann do) do bhí á choimeád i stór aige an chéad lá agus an lá deiridh den tréimhse sin, agus

(ii) an méid ime (má b'ann do) do cuireadh isteach ina stóras agus do tógadh amach as i gcaitheamh na tréimhse sin.

(4) Má dhiúltuíonn éinne ar a seirbheálfar fógra um chuntaisí do thabhairt fén alt so do chuntas no cuntaisí do thabhairt uaidh do réir an fhógra san no má thugann sé faillí ann no má thugann sé uaidh cuntas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

Fógraí do sheirbheáil.

5. —Féadfar fógra um chuntaisí no fógra um chuntaisí do thabhairt do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a fhágaint ag duine os cionn sé mblian déag d'aois san áitreabh ina mbíonn a ghnó ar siúl ag an té chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost cláruithe, chun an té chun a mbeidh sé dírithe, go dtí an t-áitreabh ina mbíonn a ghnó ar siúl aige.

Eolas d'fhoillsiú i dtaobh ime ar láimh.

6. —(1) Féadfaidh an tAire o am go ham eolas (le n-a n-áirítear eolas do gheobhfar o chuntaisí do tugadh do réir fógra um chuntaisí do thabhairt) d'fhoillsiú i dtaobh an méid ime bheidh á choimeád ar láimh agus curtha i stór i Saorstát Éireann o am go ham.

(2) Ní déanfar aon chuntas áirithe ná cuid áirithe de chuntas do bhéarfar do réir fógra um chuntaisí do thabhairt d'fhoillsiú ná do nochtadh ach amháin chun cúisimh do dhéanamh.

Ciontaí.

7. —Féadfaidh an tAire mar chúisitheoir no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir cúiseamh do dhéanamh i ngach cionta déanfar fé aon fhoráil den Chuid seo den Acht so.

Rialacháin.

8. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no á ordú no le hordú.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Costaisí.

9. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas a bhainfidh leis an gCuid seo den Acht so do chur in éifeacht.

CUID III.

Tearma Ceadunaisi Airithe do chur i bhfaid.

Téarma ceadúnaisí fé alt 42 den Phríomh-Acht do chur i bhfaid.

10. —Gach ceadúnas do deonadh fé fho-alt (2) d'alt 42 den Phríomh-Acht agus do bhí i bhfeidhm, de bhuadh ailt 1 den Acht Tora Déiríochta (Leasú), 1927 ( Uimh. 35 de 1927 ), ar an 17adh lá de Mhí na Nodlag, 1930, tuigfear é bheith i bhfeidhm go dtí am an Achta so do rith agus, má bhí an t-áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san cláruithe i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta le linn an Achta so do rith, fanfaidh an ceadúnas san i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1934, ach go dtí an dáta san leanfa sé de bheith fé réir agus i mbaol an Aire dá cheiliúradh mar is dóich leis agus nuair is dóich leis gur ceart é.