40 1931


Uimhir 40 de 1931.


ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS (UIMH. 2), 1931.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I dTAOBH COSTAISÍ AGUS CAITEACHAISÍ IN IMEACHTA ÁIRITHE DLÍ.                                               [10adh Mí na Samhna, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An la ceaptha.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá thiocfaidh Rialacha Cúirte Cuarda i ngníomh do rinneadh fé Chuid II den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) , agus le n-a socruítear scála de chostaisí don Chúirt Chuarda.

Costaisí i gcásanna Cúirte Cuarda.

2. —Pé uair agus pé áit go mbeidh no go raibh dlighinse ag Breitheamh den Chúirt Chuarda, roimh an Acht so do rith no dá éis sin agus roimh an lá ceaptha, chun costaisí agus caiteachaisí ar bith no ceachtar acu do dheonadh (pe'ca le n'íoc ag duine no daoine é no le n'íoc as estát no ciste) beidh agus tuigfear go raibh riamh aige dlighinse chun méid na gcostas agus na gcaiteachas san no ceachtar acu (pe'ca aca é) do shocrú no a ordú cé'n tslí ina ndéanfaí agus cadiad na prínsiobail gur dá réir a déanfaí an méid sin d'fháil amach, pe'ca cúrsa acu san is rogha leis.

Costaisí i gcásanna Ard-Chúirte laistigh de dhlighinse na Cúirte Cuarda.

3. —(1) Pé uair agus pé áit gur gá no gur ghá do réir dlí no do réir orduithe ón Ard-Chúirt, roimh an Acht so do rith no dá éis sin agus roimh an lá ceaptha, costaisí aon pháirtí in aon imeachta sa Chúirt sin do mheas no d'fháil amach fé is dá mba chostaisí fé n-a raghfaí sa Chúirt Chuarda iad, beidh agus tuigfear go raibh riamh, ag an Máistir Measaireachta ar a mbeidh sé de dhualgas na costaisí sin do mheas, dlighinse chun na gcostas san do mheas do réir an phrínsiobail gur cheart méid na gcostas san do bheith có-ionann le dhá dtrian na suime do bheadh sna costaisí sin dá meastaí iad fé is dá mba chostaisí fé n-a raghfaí san Ard-Chúirt iad no do réir pé prínsiobail eile is dóich leis an Máistir Measaireachta san is ceart dar leis in aon chás áirithe, pe'ca cúrsa acu san is rogha leis.

(2) Ní bhainfidh éinní san alt so le costaisí ar bith gur orduigh an Chúirt Uachtarach ina dtaobh, roimh an Acht so do rith, iad do mheas do réir aon phrínsiobail áirithe do cheap an Chúirt sin i gcóir na gcostas áirithe sin.

Costaisí in athchomhairc i gcoinnibh breitheanna Cúirte Cuarda.

4. —Pé uair agus pé áit go ndearna no go ndéanfaidh an Ard-Chúirt, roimh an Acht so do rith no dá éis sin agus roimh an lá ceaptha, costaisí do dheonadh in athchomharc i gcoinnibh breithe Cúirte Cuarda (pe'ca ag duine no daoine atáid iníoctha no as estát no ciste), beidh agus tuigfear go raibh riamh, ag an Máistir Measaireachta ar a mbeidh sé de dhualgas na costaisí sin do mheas, dlighinse chun pé méid de sna costaisí sin a bhaineann le himeachta sa Chúirt Chuarda do mheas do réir an phrínsiobail gur cheart méid na gcostas san do bheith có-ionann le dhá dtrian na suime do bheadh sna costaisí sin dá meastaí iad fé is dá mba chostaisí fé n-a raghfaí san Ard-Chúirt iad no do réir pé prínsiobail eile is dóich leis an Máistir Measaireachta san is ceart dar leis in aon chás áirithe, pe'ca cúrsa acu san is rogha leis.

Gearr-theideal agus luadh.

5. —(1) Féadfar an tAcht Cúirteanna Breithiúnais (Uimh. 2), 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Chun go bhféadfar iad do luadh i dteanta a chéile folóidh an abairt “na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1931” an tAcht so.