48 1931


Uimhir 48 de 1931.


ACHT MARCANNA EARRAÍ CEANNAÍOCHTA, 1931.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH MAIDIR LE hEARRAÍ CEANNAÍOCHTA DO MHARCÁIL. [22adh Mí na Nodlag, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach.

Mínithe agus léiriú.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Merchandise Marks Act, 1887;

tá an bhrí chéanna leis an bhfocal “earraí” atá leis an bhfocal “goods” sa Phríomh-Acht;

nuair a húsáidtear an abairt “comhartha tionnscnaimh” i dtaobh earraí iomportálta cialluíonn sí focal no focail a thaisbeánann nách i Saorstát Éireann do saothruíodh ná do rinneadh na hearraí sin;

nuair a húsáidtear an focal “fuirm” i dtaobh comhartha tionnscnaimh foluíonn sé an focal no na focail a húsáidfear sa chomhartha tionnscnaimh sin.

(2) San Acht so ní fholuíonn an abairt “cumasc no meascán” aon chumasc ná meascán do rinneadh, tré oibriú, as abhair de shaghasanna deifriúla.

(3) I gCuid III den Acht so—

ní fholuíonn an abairt “earraí iomportálta”—

(a) earraí do saothruíodh no do rinneadh i Saorstát Éireann agus do tugadh isteach i Saorstát Éireann tar éis iad d'easportáil as, agus ortha san aon earraí den tsórt san do cuireadh, lasmuich de Shaorstát Éireann, fé aon oibriú ná dearna atharú substainteach ar na hearraí,

(b) toradh feirme dhéanfaidh feirmeoir no a sheirbhísigh d'iompar no do thiomáint o Thuaisceart Éireann isteach i Saorstát Éireann i gcúrsaí a ghnótha mar fheirmeoir;

ní fholuíonn an focal “díol”—

(a) carraí do dhíol a chonsighneoidh an díoltóir chun duine atá lasmuich de Shaorstát Éireann, ná

(b) earraí bhí in úsáid cheana do dhíol, ná

(c) aon abhair bhídh do dhíol in aon tigh ósta no in aon tigh bídh no in aon áitreabh eile chun a gcaithte ann,

agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar do.

(4) I gCuid IV den Acht so—

ní fholuíonn an abairt “carraí iomportálta”—

(a) earraí do cuireadh, o dháta a n-iomportálta, fé aon oibriú i Saorstát Éireann a rinne atharú substainteach ar na hearraí;

(b) earraí do saothruíodh no do rinneadh i Saorstát Éireann agus do tugadh isteach i Saorstát Éireann tar éis iad d'easportáil as, agus ortha san aon earraí den tsórt san do cuireadh, lasmuich de Shaorstát Éireann, fé aon oibriú ná dearna atharú substainteach ar na hearraí;

(c) toradh feirme dhéanfaidh feirmeoir no a sheirbhísigh d'iompar no do thiomáint o Thuaisceart Éireann isteach i Saorstát Éireann i gcúrsaí a ghnótha mar fheirmeoir;

ní fholuíonn an focal “díol”—

(a) earraí do dhíol a chonsighneoidh an díoltóir chun duine atá lasmuich de Shaorstát Éireann, ná

(b) earraí bhí in úsáid cheana do dhíol, ná

(c) aon abhair bhídh ar a ndearnadh cócaireacht no leasú i Saorstát Éireann do dhíol,

agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar do.

(5) Chun crícheanna an Achta so tuigfear gurb í tír ina ndearnadh earraí iomportálta ná an tír is déanaí ina ndearnadh, sarar hiomportáladh iad, atharú substainteach ar na hearraí sin de bharr oibrithe ar bith.

CUID II.

Coimisiun Marcanna Earrai Ceannaiochta.

Coimisiún Marcanna Earraí Ceannaíochta do bhunú.

2. —(1) Chó luath tar éis an Achta so do rith agus a bheidh san caothúil bunófar Coimisiún (dá ngairmtear an Coimisiún san Acht so), ar a dtabharfar an Coimisiún Marcanna Earraí Ceannaíochta, chun na bhfeidhmeanna ceaptar do leis an Acht so do chólíonadh.

(2) Triúr ball a bheidh ar an gCoimisiún, eadhon, duine bheidh mar chathaoirleach agus a ainmneoidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, duine ainmneoidh an tAire Airgid, agus duine ainmneoidh an tAire Talmhaíochta.

(3) Beidh gach ball den Choimisiún i seilbh oifige faid is toil leis an Aire ainmneoidh é.

Rialacháin i gcóir imeachta i láthair an Choimisiúin.

3. —Déanfaidh an Coimisiún rialacháin chun a n-imeachta do rialú agus leis na rialacháin sin féadfaidh socrú i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) amanta agus áiteanna suidheanna an Choimisiúin;

(b) na daoine dá dtabharfar fógra i dtaobh suidheanna an Choimisiúin;

(c) an fhuirm agus an tslí ina leagfar nithe fé bhráid an Choimisiúin agus ina dtabharfar fianaise dhóibh agus go sonnrách ce'ca viva voce no i scríbhinn a bheidh na nithe agus an fhianaise sin;

(d) daoine a chuir nithe fé bhráid an Choimisiúin no a thug fianaise dhóibh i scríbhinn do theacht i láthair chun a gceistnithe no a gcros-cheistnithe viva voce;

(e) éinne do leigint isteach chun suidheanna an Choimisiúin no do dhúnadh amach uatha;

(f) pé nithe is dóich leis an gCoimisiún is gá no is oiriúnach chun a ngnótha do dhéanamh sa cheart.

Comhachta an Choimisiúin.

4. —(1) Chun a chur fhiachaint ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a gceistnithe fé mhionn (agus údaruítear leis seo d'aon bhall den Choimisiún fínnithe do chur fén mionn san) no ar aon tslí eile agus chun a chur fhiachaint ar dhaoine scríbhinní do thabhairt i láthair beidh ag an gCoimisiún gach comhacht, ceart, agus príbhléid atá dílsithe san Ard-Chúirt no i mBreitheamh den Ard-Chúirt maidir le triail aicsin, agus beidh gairm a bheidh sighnithe ag duine no níos mó de bhaill an Choimisiúin ar aon dul agus ar aon éifeacht le próiseas fuirmeálta a thabharfadh an Ard-Chúirt amach chun a chur fhiachaint ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a chur fhiachaint ar dhaoine scríbhinní do thabhairt i láthair.

(2) Má dheineann éinne—

(a) faillí ar theacht i láthair an Choimisiúin agus é gairmthe go cuibhe chun teacht ina láthair mar fhínné, no

(b) ar bheith i láthair do mar fhínné, diúltú do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an Coimisiún air go dlíthiúil a thabhairt no d'aon scríbhinn fé n-a chomhacht agus fé n-a chúram do thabhairt i láthair a cheanglóidh an Coimisiún air go dlíthiúil a thabhairt i láthair no d'aon cheist d'fhreagairt 'na bhféadfaidh an Coimisiún a cheangal air do réir dlí í d'fhreagairt, no

(c) éinní eile ba dhísbeagadh cúirte dá mba chúirt bhreithiúnais an Coimisiún agus comhacht aige chun daoine do chur i bpríosún mar gheall ar dhísbeagadh cúirte,

féadfaidh an Coimisiún cionta an duine sin do dheimhniú fé n-a lámhaibh don Ard-Chúirt agus féadfaidh an Chúirt sin, tar éis pé fiosrú is oiriúnach léi do dhéanamh, an duine sin do phionósú no pé ní do dhéanamh is gá chun é do phionósú díreach fé is dá mbeadh sé ciontach sa chúirt sin do dhísbeagadh.

(3) Beidh teideal ag fínné i láthair an Choimisiúin chun na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhínné i láthair na hArd-Chúirte é.

Luach saothair agus fuireann an Choimisiúin.

5. —(1) Má orduíonn an tAire Airgid amhlaidh féadfar pé luach saothair a shocróidh an tAire sin d'íoc le haon bhall den Choimisiún.

(2) Féadfaidh an tAire Airgid pé daoine agus pé méid acu is dóich leis is gá do cheapadh chun bheith ina n-oifigigh don Choimisiún agus beidh na daoine sin i seilbh oifige ar pé téarmaí agus tabharfar luach saothair dóibh do réir pé rátaí agus ar pé slí ordóidh an tAire sin.

CUID III.

Orduithe um Dhiol do Shrianadh agus Orduithe um Iomportail do Shrianadh.

Iarrataisí do chur fé bhráid an Choimisiúin agus táillí ar iarrataisí.

6. —(1) Pé uair a dhéanfaidh éinne, chítear d'Aire den Ard-Chomhairle do bheith ina ionadaí do roinnt mhaith daoine bhíonn ag saothrú no ag déanamh no ag díol earraí d'aicme no de shaghas áirithe, a iarraidh ar an Aire sin—

(a) ordú do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so ag toirmeasc earraí iomportálta den aicme no den tsaghas san do dhíol ná do thaisbeáint chun a ndíolta mara mbeidh comhartha tionnscnaimh ar na hearraí sin le linn an díolta no an taisbeánta san, no

(b) ordú do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so ag toirmeasc earraí iomportálta den aicme no den tsaghas san d'iomportáil mara mbeidh comhartha tionnscnaimh ar na hearraí sin le linn a n-iomportála, no

(c) an dá ordú san do dhéanamh,

féadfaidh an tAire sin den Ard-Chomhairle an t-iarratas san do chur fé bhráid an Choimisiúin chun a dtuarasgabhála air d'fháil.

(2) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach leo é, an cheist seo do chur fé bhráid an Choimisiúin, eadhon, ar mhaith. an rud é—

(a) ordú den tsórt atá luaidhte i mír (a) den bhfo-alt san roimhe seo den alt so; no

(b) ordú den tsórt atá luaidhte i mír (b) den bhfo-alt san roimhe seo den alt so; no

(c) an dá ordú san;

do dhéanamh maidir le hearraí d'aicme no de shaghas áirithe.

(3) Pé uair a dhéanfaidh Aire den Ard-Chomhairle iarratas a rinneadh chuige do chur fé bhráid an Choimisiúin fén alt so beidh ar lucht déanta an iarratais sin, mar choinníoll nách foláir a chólíonadh sara mbreithneoidh an Coimisiún an t-iarratas, táille d'íoc leis an gCoimisiún do réir rialacha dhéanfaidh an tAire Airgid, pé táille shocróidh an Coimisiún, le cead an Aire sin, ag féachaint dóibh chun an fhaid a thógfa sé agus chun an mhéid a chosnóidh sé, dar leis an gCoimisiún, an t-iarratas do bhreithniú.

(4) Déanfaidh an Coimisiún gach táille a híocfar leis an gCoimisiún fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Iarrataisí agus ceisteanna cuirfear fé bhráid an Choimisiúin do bhreithniú agus tuairisciú do dhéanamh ina dtaobh.

7. —Breithneoidh an Coimisiún gach iarratas no ceist a chuirfidh Aire den Ard-Chomhairle no an Ard-Chomhairle féin (pe'ca aca é) fé n-a mbráid fén alt san díreach roimhe seo agus tabharfaid tuairisc don Ard-Chomhairle maidir leis na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ar mhaith an rud é no nár mhaith an t-ordú no na horduithe le n-a mbaineann an t-iarratas no an cheist sin do dhéanamh;

(b) má thuairiscíonn an Coimisiún i bhfábhar aon orduithe den tsórt san do dhéanamh—

(i) fuirm no fuirmeacha ionmhalairtithe comhartha tionnscnaimh a húsáidfear maidir leis na hearraí le n-a mbaineann an t-iarratas no an cheist sin;

(ii) an tslí inar cheart comhartha tionnscnaimh do bheith ar na hearraí sin;

(iii) pé nithe eile eireoidh as an iarratas no as an gceist agus go n-iarrfaidh an tAire sin den Ard-Chomhairle no an Ard-Chomhairle féin (pe'ca aca é) ar an gCoimisiún tuairisciú do dhéanamh ina dtaobh.

Orduithe um dhíol do shrianadh agus orduithe um iomportáil do shrianadh.

8. —(1) Más dóich leis an Ard-Chomhairle, tar éis dóibh tuarasgabháil ón gCoimisiún maidir le hearraí d'aicme no de shaghas áirithe do bhreithniú, gur mhaith an rud é comhartha tionnscnaimh do bheith ar earraí iomportálta den aicme no den tsaghas san le linn iad do dhíol no iad do thaisbeáint chun a ndíolta, féadfaidh an Ard-Chomhairle, fén Acht so agus dá réir, ordú (dá ngairmtear san Acht so ordú um dhíol do shrianadh) do dhéanamh ag toirmeasc earraí den aicme no den tsaghas san do dhíol ná do thaisbeáint chun a ndíolta mara mbeidh comhartha tionnscnaimh sa bhfuirm a luadhfar san ordú san ar na hearraí sin le linn an díolta no an taisbeánta san.

(2) Más dóich leis an Ard-Chomhairle, tar éis dóibh tuarasgabháil ón gCoimisiún i dtaobh earraí d'aicme no de shaghas áirithe do bhreithniú, gur mhaith an rud é comhartha tionnscnaimh do bheith ar earraí iomportálta den aicme no den tsaghas san le linn iad d'iomportáil, féadfaidh an Ard-Chomhairle (gan dochar dá gcomhacht chun orduithe um dhíol do shrianadh do dhéanamh maidir le hearraí iomportálta den aicme no den tsaghas san) ordú (dá ngairmtear san Acht so ordú um iomportáil do shrianadh) do dhéanamh fén Acht so agus dá réir, ag toirmeasc earraí den aicme no den tsaghas san d'iomportáil mara mbeidh ortha le linn iad d'iomportáil comhartha tionnscnaimh sa bhfuirm a luadhfar san ordú san.

(3) San Acht so léireofar an abairt “ordú sriantachta” mar abairt atá có-ionann leis an abairt “ordú um dhíol do shrianadh no ordú um iomportáil do shrianadh.”

Cad a bheidh in orduithe sriantachta.

9. —(1) Gach ordú sriantachta déanfar maidir le hearraí d'aicme no de shaghas áirithe luadhfar ann na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) fuirm amháin ar a laighead de chomhartha tionnscnaimh a bheidh ar na hearraí sin;

(b) an tslí ina mbeidh an comhartha tionnscnaimh sin ar na hearraí sin;

(c) an dáta ar a dtiocfaidh an t-ordú san i bhfeidhm;

(d) i gcás orduithe um dhíol do shrianadh, an mbeidh comhartha tionnscnaimh ar na hearraí le linn iad do thaisbeáint chun a ndíolta ina mór-choda.

(2) Féadfar fuirmeacha iomdha de chomhartha tionnscnaimh do luadh in ordú sriantachta.

(3) Féadfar a shocrú le hordú sriantachta déanfar maidir le hearraí d'aicme no de shaghas áirithe go mbainfidh an t-ordú san le cumaisc no le meascáin a bheidh có-dhéanta de sna hearraí sin no ina mbeidh na hearraí sin.

(4) Féadfar a shocrú le hordú sriantachta déanfar maidir le hearraí d'aicme no de shaghas áirithe go mbainfidh an t-ordú san le samplaí de sna hearraí sin, fé réir pé téarmaí agus coinníollacha luadhfar san ordú san.

(5) Féadfaidh forálacha do bheith in ordú sriantachta déanfar maidir le hearraí d'aicme no de shaghas áirithe, pé forálacha is oiriúnach leis an Ard-Chomhairle do bheith ann maidir leis na hearraí sin le linn iad do bheith á n-iompar no iad do bheith fé bhanna i Saorstát Éireann.

(6) I dteanta na nithe cuirtear mar cheangal no ceaduítear leis an alt so, féadfaidh pé forálacha eile do bheith i ngach ordú sriantachta is dóich leis an Ard-Chomhairle is gá no is oiriúnach chun éifeachta thabhairt don toirmeasc a bheidh san ordú san.

Baint agus léiriú ordú sriantachta.

10. —(1) Ní bhainfidh ordú sriantachta le cumaisc ná le meascáin a bheidh có-dhéanta d'earraí le n-a mbaineann an t-ordú san no ina mbeidh na hearraí sin mara socruítear go soiléir leis an ordú san é do bhaint leo.

(2) Ní bhainfidh ordú sriantachta le samplaí de sna hearraí le n-a mbaineann an t-ordú san mara socruítear go soiléir leis an ordú san é do bhaint leo.

(3) Má bhíonn earraí le n-a mbaineann ordú sriantachta ina gcuid d'earraí eile ná baineann ordú sriantachta leo ach go gcoimeádaid a mbun-tréithe i slí gur féidir le réasún comhartha tionnscnaimh do chur ortha, bainfidh an t-ordú san leis na hearraí sin do céad-luadhadh fé is dá mbeidís ar deighilt o sna hearraí gur cuid díobh iad.

(4) Ní bhainfidh ordú um dhíol do shrianadh le cás duine is deighleálaí i mórchoda do thaisbeáint earraí chun a ndíolta ina mórchoda mara socruítear leis an ordú go mbeidh comhartha tionnscnaimh ar na hearraí le n-a mbaineann an t-ordú san le linn iad do thaisbeáint chun a ndíolta ina mórchoda.

(5) Má bhíonn fuirmeacha iomdha de chomhartha tionnscnaimh luaidhte in ordú sriantachta, léireofar tagairtí san ordú san agus san Acht so do chomhartha tionnscnaimh sa bhfuirm a bheidh luaidhte san ordú san mar thagairt do chomhartha tionnscnaimh in aon cheann de sna fuirmeacha san.

Orduithe saoirse.

11. —Má bhíonn ordú sriantachta déanta maidir le hearraí, agus má dheineann daoine dheallruíonn leas substainteach a bheith aca sa scéal a thaisbeáint chun sástachta na hArd-Chomhairle go ndearnadh no gur dócha go ndéanfar díobháil no dochar do sna daoine sin, no d'éinne aca, tré fhorálacha an orduithe sin do chur i mbaint le haon aicme no saghas áirithe de sna hearraí sin, féadfaidh an Ard-Chomhairle ordú (dá ngairmtear ordú saoirse sa Chuid seo den Acht so) a dhéanamh ag saoradh na n-earraí sin den aicme no den tsaghas san ón ordú sriantachta san, agus sa chás san scuirfidh an t-ordú sriantachta san, faid a bheidh an t-ordú saoirse sin i bhfeidhm, d'éifeacht do bheith aige maidir leis an aicme no leis an saghas san earraí.

(2) Pé uair a déanfar ordú sriantachta foillseofar fógra i dtaobh a dhéanta san Iris Oifigiúil agus i pé slí eile is oiriúnach leis an Ard-Chomhairle.

(3) Pé uair a déanfar ordú saoirse, cuirfidh an Ard-Chomhairle an cheist seo fé bhráid an Choimisiúin le breithniú, eadhon, ar cheart an t-ordú sriantachta le n-a mbaineann an t-ordú saoirse do leasú do réir téarmaí an orduithe shaoirse no ar shlí eile maidir leis na hearraí le n-a mbaineann an t-ordú saoirse sin, agus tabharfaidh an Coimisiún tuairisc don Ard-Chomhairle ar an gceist sin.

(4) Féadfaidh an Ard-Chomhairle aon uair ordú saoirse do cheiliúradh.

Orduithe sriantachta do cheiliúradh agus do leasú.

12. —(1) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, fé réir fhorálacha an ailt seo, ordú sriantachta do cheiliúradh no do leasú aon uair.

(2) Má bheartuíonn an Ard-Chomhairle ordú sriantachta do cheiliúradh no do leasú, déanfaid, marar cuireadh an ceiliúradh no an leasú bheidh beartuithe fé bhráid an Choimisiúin do réir an ailt sin díreach roimhe seo, an cheist i dtaobh an cheiliúrtha no an leasuithe bheidh beartuithe do chur ar dtúis fé bhráid an Choimisiúin agus tabharfaidh an Coimisiún tuairisc uatha ar an gceist sin.

(3) Ní dhéanfaidh an Ard-Chomhairle ordú sriantachta do cheiliúradh ná do leasú go dtí go mbeidh breithniú déanta acu ar thuarasgabháil an Choimisiúin i dtaobh an cheiliúrtha no an leasuithe bheidh beartuithe.

Fógra i dtaobh ní do chur fé bhráid an Choimisiúin agus fianaise ag fiosrúchán.

13. —(1) Pé uair a dhéanfaidh Aire den Ard-Chomhairle no an Ard-Chomhairle féin ní do chur fé bhráid an Choimisiúin fén Acht so, cuirfidh an Coimisiún fé ndeár fógra gur cuireadh an ní sin fé n-a mbráid agus i dtaobh an dáta agus na háite ina ndéanfar an fiosrúchán dá réir sin d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus i pé slí eile is oiriúnach leo, agus ní thosnóidh an Coimisiún ar aon fhiosrúchán den tsórt san go ceann ceithre lá déag i ndiaidh dáta an fhoillsithe sin san Iris Oifigiúil.

(2) Nuair a bheidh aon fhiosrúchán den tsórt san á dhéanamh éistfidh an Coimisiún gach éinne gur mian leis go n-éistí é agus go bhfeictear don Choimisiún leas substainteach do bheith aige in abhar an fhiosrúcháin sin agus glacfaid agus breithneoid aon fhianaise a thairgfidh an duine sin.

Tuarasgabhála an Choimisiúin do thíolacadh agus fógra do thabhairt ina dtaobh.

14. —(1) Leagfar ar Bhúird dhá Thigh an Oireachtais gach tuarasgabháil a dhéanfaidh an Coimisiún fén Acht so.

(2) Cuirfidh an Ard-Chomhairle fé ndeár fógra i dtaobh déanta gach tuarasgabhála dhéanfaidh an Coimisiún d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis na tuarasgabhála san do dhéanamh.

Orduithe do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

15. —Gach ordú sriantachta dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar neambrí beidh an t-ordú san curtha ar neambrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Ciontaí maidir le horduithe um dhíol do shrianadh.

16. —(1) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha d'aon ordú um dhíol do shrianadh a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire no má theipeann air déanamh do réir an orduithe sin, beidh sé ciontach, fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le cosanta reachtúla, i gcionta fén Acht so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

(2) Má dheineann duine ar bith aon earraí iomportálta d'aicme le n-a mbaineann ordú um dhíol do shrianadh a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire d'fhógairt no do thairiscint chun a ndíolta mar earraí de chineál no de dhéanamh áirithe no ar shlí eile fé ainm áirithe, pe'ca tré tharraingeoireacht no tré aon abhar scríobhtha é, ansan, mara gcuire sé sa bhfográn no sa tairiscint comhartha tionnscnaimh sa bhfuirm a luaidhtear san ordú san, beidh sé ciontach, fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le cosanta reachtúla, i gcionta fén Acht so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

Ní bhainfidh an fo-alt so le cás aon fhógráin a rinneadh no a cuireadh amach no a foillsíodh roimh an dáta ar ar tháinig an t-ordú san um dhíol do shrianadh i bhfeidhm.

Eifeacht ordú um iomportáil do shrianadh.

17. —(1) Pé uair a bheidh ordú um iomportáil do shrianadh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le hearraí iomportálta d'aicme no de shaghas áirithe, ansan, mara mbeidh ar na hearraí sin le linn a n-iomportálta agus sa tslí a horduítear leis an ordú san comhartha tionnscnaimh sa bhfuirm a luaidhtear san ordú san, tuigfear gur earraí iad go bhfuil sé toirmiscthe de bhuadh ailt 16 den Phríomh-Acht iad d'iomportáil agus bainfidh an t-alt san, fé mar atá sé leasuithe ag an Merchandise Marks Act, 1911, leis na hearraí sin dá réir sin.

(2) Má bhíonn na Coimisinéirí Ioncuim sásta, maidir le haon earraí go mbeidh sé toirmiscthe de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo iad d'iomportáil, gur earraí iad a hiomportáladh chun iad d'easportáil tar éis turuis tré Shaorstát Éireann no tré iad d'aistriú o luing go luing eile no gur earraí iad a dearbhuíodh ar iad d'iomportáil a bheith ina n-earraí a bhí le hath-easportáil, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir pé coinníollacha maidir le hurraíocht i dtaobh ath-easportálta na n-earraí sin do chólíonadh is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú na hearraí sin d'iomportáil.

(3) Ní tuigfear éinní san alt so do bheith ag baint o éinní atá in alt 16 den Phríomh-Acht.

Toirmeasc ar chomhartha tionnscnaimh do bhaint d'earraí iomportálta.

18. —(1) Gach éinne a dhéanfaidh comhartha tionnscnaimh a bhí do réir orduithe sriantachta ar aon earraí le linn a n-iomportálta no a dtaisbeánta chun a ndíolta ina mórchoda do bhaint de sna hearraí sin no é d'atharú no do scriosadh, beidh sé, mara gcuire sé ina luighe ar an gcúirt nách d'fhonn an áit o n-ar tháinig na hearraí do cheilt le linn a ndíolta no a dtaisbeánta chun a ndíolta a rinneadh an comhartha san do bhaint díobh no é atharú no do scriosadh, ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

(2) Na forálacha den Acht so bhaineann le cosanta reachtúla ní bheidh feidhm acu i gcás gnímh atá, de bhuadh an ailt seo, ina chionta fén Acht so.

Údaráis áitiúla áirithe do chúiseamh ciontaí.

19. —(1) Gach cionta fén Acht so a luaidhtear sa Chuid seo den Acht féadfaidh údarás áitiúil údaruithe no féadfar ar a n-agra san mar chúisitheoir é chúiseamh chó fada is a bhaineann sé le haon earraí iomportálta is abhair bhídh.

(2) Beidh teideal ag aon oifigeach go n-údarás cuibhe o údarás údaruithe (ach é do thaisbeáint a údaráis i scríbhinn mar oifigeach go n-údarás amhlaidh) dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh go bhfuil cúis aige le n-a chreidiúint aon earraí iomportálta is abhair bhídh le n-a mbaineann ordú um dhíol do shrianadh do bheith á gcoimeád ann chun a ndíolta agus ar íoc asta no ar a thairiscint íoc asta samplaí do thógaint d'aon earraí samhluítear do is abhair bhídh iomportálta den tsórt san.

(3) Beidh sé de dhualgas ar oifigeach go n-údarás cuibhe o údarás áitiúil údaruithe a thógann aon tsamplaí i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so—

(a) a chur in úil láithreach don té gur leis an t-áitreabh ina dtógtar an sampla san, no dá ghníomhaire, gur do réir an ailt seo atá an sampla san á thógaint, agus

(b) má cheanglann an duine no an gníomhaire sin air san do dhéanamh le linn an méid sin do chur in úil do, sampla eile den tsórt chéanna do thogha no an sampla do thóg sé do roinnt ina dhá chuid, agus an dara sampla no cuid amháin den tsampla roinnfe sé do mharcáil agus do chur fé shéala agus d'fhágaint ag an duine no ag an ngníomhaire sin.

(4) Gach éinne a chuirfidh cosc no bac le haon oifigeach go n-údarás cuibhe o údarás áitiúil údaruithe agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(5) Na forálacha den Acht so bhaineann le cosanta reachtúla ní bheidh feidhm acu i gcás cionta fén alt so.

(6) Déanfar aon chostaisí fé n-a raghaidh údarás áitiúil údaruithe fén alt so d'íoc sa tslí chéanna ina n-íoctar costaisí fé n-a dtéigheann an t-údarás san agus iad ag feidhmiú forálacha na Sale of Food and Drugs Acts, 1875 to 1907.

(7) San alt so cialluíonn an abairt “údarás áitiúil údaruithe” údarás áitiúil ag a bhfuil údarás mionscrúdóir do cheapadh chun crícheanna na Sale of Food and Drugs Acts, 1875 to 1907.

CUID IV.

Sriantachta Eile Maidir le hEarrai Iomportalta.

Earraí iomportálta ar a mbeidh ainm no marc trádála dhéantóra no thrádálaí i Saorstát Éireann no ainm áite i Saorstát Éireann, do dhíol.

20. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne aon earraí iomportálta do dhíol ná do thaisbeáint chun a ndíolta ina mionchoda ná ina mórchoda ná iad do scaipeadh mar fhógraíocht (pe'ca leis na hearraí bheidh á scaipeadh no le hearraí eile bhaineann an fhógraíocht san) má bhíonn ar na hearraí sin do réir bhrí ailt 5 den Phríomh-Acht—

(a) ainm dhéantóra no thrádálaí no dheighleálaí i Saorstát Éireann; no

(b) marc trádála aon duine den tsórt a luaidhtear sa mhír sin roimhe seo, no mare no samhaltán no suaitheantas a bheidh chó deallrathach san leis an mare trádála san gur dócha go gcuirfeadh sé daoine amú; no

(c) ainm a bheidh chó deallrathach san le hainm dhéantóra no thrádálaí no dheighleálaí i Saorstát Éireann gur dócha go gcuirfeadh sí daoine amú; no

(d) ainm aon áite no cheanntair no líomatáiste i Saorstát Éireann;

mara mbeidh comhartha tionnscnaimh cinnte i dtaobh na tíre ina ndearnadh no inar saothruíodh na hearraí sin ag gabháil leis an ainm, leis an marc trádála, leis an marc, leis an samhaltán no leis an suaitheantas san, agus san i slí go mbeidh an comhartha san chó sofheicse ar a laighead leis an ainm, leis an marc trádála, leis an marc, leis an samhaltán no leis an suaitheantas san a bheidh ar na hearraí.

(2) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála le hordú, aon uair tar éis an Achta so do rith, earraí d'aon aicme no saghas áirithe no earraí díolfar fé aon ainm áirithe do shaoradh o fhorálacha an ailt seo má bhíonn sé sásta, ag féachaint do sna nithe speisialta bhaineann leis an trádáil sna hearraí sin, gur mhaith an rud iad do shaoradh amhlaidh agus ná déanfadh san dochar substainteach do leasanna puiblí i Saorstát Éireann.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le cumaisc no meascáin a bheidh có-dhéanta d'earraí iomportálta d'aicme no de shaghas áirithe no ina mbeidh na hearraí sin, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála le hordú, aon uair tar éis an Achta so do rith agus o am go ham, éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(i) forálacha fo-ailt (1) den alt so do chur i mbaint le cumaisc no le meascáin den tsórt san, no

(ii) aon ordú bheidh déanta aige cheana féin fén mír seo do cheiliúradh no do leasú;

(b) ní bhainfidh forálacha fo-ailt (1) den alt so le cumaisc ná le meascáin den tsórt san mara mbeidh ordú rinne an tAire fén bhfo-alt so, ag cur na bhforálacha san i mbaint le cumaisc no le meascáin den tsórt san, i bhfeidhm de thurus na huaire.

(4) San alt so cialluíonn an abairt “marc trádála” marc (pe'ca tá sé cláruithe fén Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 (Uimh. 16 de 1927) mar mharc trádála no mar phátrún no ná fuil) a húsáidtear ar earraí no maidir le hearraí chun a thaisbeáint gurb iad earraí dílseánaigh an mhairc iad de bhuadh gurb é rinne iad, a thoigh iad, a dheimhnigh iad, atá ag deighleáil leo no atá á dtairiscint chun a ndíolta.

(5) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an alt so do theacht i bhfeidhm, sé sin le rá:—

(a) sa bhfo-alt so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an chéad lá tar éis sé mhí o am an Achta so do rith do bheith caithte;

(b) fé réir fhorálacha ná céad míre ina dhiaidh seo den fho-alt so tiocfaidh an t-alt so i bhfeidhm ar an lá ceaptha;

(c) féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, aon uair tar éis an Achta so do rith agus roimh an lá ceaptha, tré ordú do dhéanamh i dtaobh earraí iomportálta d'aicme no de shaghas áirithe, a dhearbhú go dtiocfaidh an t-alt so, sa mhéid go mbaineann sé le hearraí iomportálta den aicme no den tsaghas san, i bhfeidhm pé lá (nách luaithe ná dáta an orduithe sin ná nách giorra ná seacht lá i ndiaidh an dáta san ná nách déanaí ná an lá ceaptha) luadhfar chuige sin san ordú san, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san tiocfaidh an t-alt so i bhfeidhm, i dtaobh earraí iomportálta den aicme no den tsaghas le n-a mbaineann an t-ordú san, an lá luadhfar chuige sin san ordú san;

(d) gach ordú déanfar fén bhfo-alt so foillseofar é san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

(6) Gach éinne dhéanfaidh ní ar bith contrárdha don alt so beidh sé ciontach, fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le cosanta reachtúla, i gcionta fén Acht so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

(7) Bainfidh alt 9 den Phríomh-Acht le haon imeachta mar gheall ar ghníomh is sárú ar an alt so.

(8) Ní léireofar éinní san alt so mar ní a dhéanfadh é bheith dleathach aon earraí iomportálta le n-a mbaineann ordú um dhíol do shrianadh a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do dhíol no do thaisbeáint chun a ndíolta contrárdha don ordú san.

(9) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar neambrí beidh an t-ordú san curtha ar neambrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

CUID V.

Ni ata Breagach do Thabhairt le Tuiscint i dTaobh Earrai nar Saothruiodh na na Rinneadh i Saorstat Éireann.

Ní atá bréagach do thabhairt le tuiscint i dtaobh earraí nár saothruíodh ná ná rinneadh i Saorstát Éireann.

21. —(1) Gach éinne dhéanfaidh, i dtaobh no chun aon earraí nár saothruíodh ná ná rinneadh i Saorstát Éireann do dhíol ina mionchoda no ina mórchoda, a thabhairt le tuiscint, agus san go bréagach maidir le haon phonc táchtach, gur i Saorstát Éireann a saothruíodh no a rinneadh na hearraí sin beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so, mara gcruthuighe sé nách le hintinn calaoise dhéanamh a rinne sé amhlaidh, agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

(2) San alt so nuair a húsáidtear an abairt “tabhairt le tuiscint” i dtaobh earraí cialluíonn sí ní ar bith do thabhairt le tuiscint, go díreach no go nea-dhíreach, pe'ca i mbréithe béil no i scríbhinn a déanfar san agus más i scríbhinn a déanfar é pe'ca tabharfar le tuiscint é in aon fhógrán, no in aon chlár, cinn-bhille no scríbhinn eile i dtaobh na n-earraí, no bheidh sé iontuigthe as úsáid aon ainme trádála no teidil.

(3) Ní léireofar éinní san alt so mar ní chuireann teora le hoibriú míre (d) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht.

(4) Na forálacha den Acht so bhaineann le cosanta reachtúla ní bheidh feidhm acu i gcás gnímh atá, de bhuadh an ailt seo, ina chionta fén Acht so.

CUID VI.

Foralacha i dtaobh Ciontai.

Cosanta reachtúla.

22. —(1) Ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, má deintear duine de chúiseamh i gcionta do dhéanamh fén Acht so beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san don duine sin a chruthú—

(a)  (i) tar éis do gach ní do b'fhéidir le réasún a dhéanamh chun an chionta san do sheachaint ná raibh aige, le linn na nithe do dhéanamh adeirtear isiad an cionta san ann, aon chúis le hamhras do bheith aige go raibh na hearraí gur ina dtaobh atá an cionta san á chúiseamh ina n-earraí le n-ar bhain na forálacha atá san Acht so i dtaobh earraí iomportálta do dhíol ar a bhfuil ainm no marc trádála dhéantóra no thrádálaí i Saorstát Éireann, no ainm áite i Saorstát Éireann, no ina n-earraí le n-ar bhain ordú um dhíol do shrianadh;

agus

(ii) go dtug sé uaidh gach eolas a bhí ar a chumas, i dtaobh na ndaoine o n-a bhfuair sé na hearraí, ar n-a éileamh san don chúisitheoir no thar a cheann;

no

(b) neachtar acu gur go neamh-urchóideach a rinne sé amhlaidh.

(2) Ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, má deintear duine is fostóir no is ceannasaí do chúiseamh i gcionta do dhéanamh fén Acht so beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san don duine sin a chruthú—

(a) go ndearna sé dícheall cuibhe chun na nithe adeirtear is cionta ann do chosc; agus

(b) nách é féin a rinne na nithe adeirtear isiad an cionta san ann; agus

(c) nách le n-a chead féin ná tré n-a fhaillí thoiliúil ná tré é dá scaoileadh thairis a rinneadh na nithe sin; agus

(d) ar an ngairm do sheirbheáil air go dtug sé don chúisitheoir gach eolas a bhí ar a chumas i dtaobh an duine do rinne na nithe sin.

(3) Ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, má deintear duine is seirbhíseach no is fostaí do chúiseamh i gcionta do dhéanamh fén Acht so beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san don duine sin a chruthú—

(a) go raibh sé ar fostaíocht ag duine eile (dá ngairmtear an fostóir sa bhfo-alt so); agus

(b) gur i gcúrsaí agus chun crícheanna na fostaíochta san a rinne sé na nithe adeirtear isiad an cionta san ann; agus

(c) ná raibh sé ach ag géilleadh d'orduithe soiléire an fhostóra nuair a rinne sé na nithe sin; agus

(d) ar an ngairm do sheirbheáil air go dtug sé uaidh gach eolas a bhí ar a chumas i dtaobh na nithe luaidhtear sna míreanna san roimhe seo.

(4) Ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, má deintear duine is deighleálaí i mórchoda do chúiseamh i gcionta do dhéanamh fén Acht so maidir le haon earraí do dhíol beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san don duine sin a chruthú—

(a) gur i mórchoda díoladh na hearraí sin; agus

(b) gur fé gheallúint i scríbhinn go ndéanfaí na hearraí d'easportáil no d'ath-dhíol chun iad d'easportáil go dtí áit lasmuich de Shaorstát Éireann a díoladh iad leis an gceannuitheoir.

Má thugann aon scríbhinn, ina mbeidh geallúint sa chéill sin thuas, le tuiscint í bheith fé láimh an cheannuitheora agus má luaidhtear gnáth-sheoladh gnótha an cheannuitheora inti beidh sí, ar n-a tabhairt i láthair, ina fianaise prima facie ar an ngeallúint sin.

Pionóisí mar gheall ar chiontaí fén Acht so.

23. —Gach éinne bheidh ciontach i gcionta fén Acht so, dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air, más é an chéad chionta aige é, agus fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt, más é an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, agus féadfaidh an Chúirt, in aon chás, a ordú na hearraí gur ina dtaobh a rinneadh an cionta do gheallbhruideadh.

Barántas cuardaigh agus forálacha breise i dtaobh geallbhruidthe.

24. —(1) Má dheineann Breitheamh den Chúirt Dúithche ar scéala ar chionta fén Acht so d'fháil gairm do thabhairt amach, á cheangal ar an gcosantóir a cúisítear leis an scéala san teacht i láthair chun an scéala san do fhreagairt, no barántas do thabhairt amach, chun an chosantóra san do ghabháil, agus má deintear, le scéala fé mhionn, a chur ina luighe ar an mBreitheamh san le linn na gairme no an bharántais do thabhairt amach no dá éis sin, no ar aon Bhreitheamh eile den Chúirt Dúithche, cúis reasúnta do bheith ann le hamhras go bhfuil aon earraí no nithe, gur tríotha no ina dtaobh a rinneadh an cionta san, in aon tigh no áitreabh is leis an gcosantóir, no go bhfuilid ar aon tslí eile ina sheilbh no fé n-a chúram in aon áit, féadfaidh an Breitheamh san barántas fé n-a láimh do thabhairt amach, barántas go mbeidh sé dleathach dá bhuadh d'aon bhall den Ghárda Síochána a hainmneofar no dá dtagarfar ann dul isteach sa tigh no san áitreabh no san áit sin aon tráth réasúnta sa ló, agus na hearraí no na nithe sin do chuardach ansan agus do ghabháil agus do bhreith leis agus aon earraí no nithe déanfar a ghabháil fé aon bharántas den tsórt san tabharfar os cóir Breithiún den Chúirt Dúithche iad chun a shocrú ce'ca dlightear iad do gheallbhruideadh fén Acht so no ná dlightear.

(2) Má ráiníonn nách eol cé hé únaer aon earraí no nithe bheadh dlite chun a ngeallbhruidthe fén Acht so dá ndeintí a n-únaer do chiontú i gcionta fén Acht so, no nách féidir a n-únaer san d'fháil, féadfar aon scéala no gearán do dhéanamh chun an gheallbhruidthe sin do chur i bhfeidhm agus chuige sin amháin, agus féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche a chur fé ndeár fógra d'fhoillsiú á rá go ngeallbhruidfear na hearraí no na nithe sin ag an am agus san áit a luadhfar sa bhfógra, mara gcruthuítear cúis ina choinnibh sin agus féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, ag an am agus san áit sin, mara ndeinidh an t-únaer no éinne thar a cheann, no duine eile go mbeidh leas aige sna hearraí no sna nithe sin, cúis ina choinnibh sin do chruthú, a ordú na hearraí no na nithe sin no aon cheann acu do gheallbhruideadh.

Earraí geallbhruidthe do chur de láimh.

25. —Má deintear aon earraí no nithe do gheallbhruideadh fén Acht so, féadfar na hearraí no na nithe sin do dhíthiú no iad do chur de láimh ar shlí eile ar pé cuma ordóidh an Chúirt a dhéanfaidh iad do gheallbhruideadh, agus féadfaidh an Chúirt, as an toradh gheobhfar tré sna hearraí sin do chur de láimh (tar éis gach marc trádála agus tuairisc i gcóir trádála do scriosadh dhíobh ar dtúis) aon chailliúint do thárla go nea-chiontach d'aon pháirtí nea-chiontach agus é ag deighleáil leis na hearraí sin do dheonadh dho.

Costaisí cosanta no cúisimh.

26. —Ar aon chúiseamh i gcionta fén Acht so féadfaidh an Chúirt a ordú go n-íocfaidh an cúisitheoir costaisí leis an gcosantóir no go n-íocfaidh an cosantóir costaisí leis an gcúisitheoir, ag féachaint don eolas a thug an cosantóir agus an cúisitheoir fé seach uatha agus dá n-iompar.

Teora aimsire do chúisithe.

27. —D'ainneoin éinní atá in alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachta i dtaobh cionta fén Acht so do thosnú laistigh de pé tréimhse dhíobh so leanas is giorra, sé sin le rá, an tréimhse de thrí bliana tar éis an chionta do dhéanamh agus an tréimhse de bhliain tar éis don chúisitheoir an cionta d'fháil amach den chéad uair.

Fianaise.

28. —In aon chúiseamh in aon chionta fén Acht so maidir le hearraí iomportálta beidh fianaise ar an bport bordála ina fianaise prima facie ar an áit no ar an dtír ina ndearnadh no inar saothruíodh na hearraí.

CUID VII.

Ilghneitheach agus Generalta.

An Príomh-Acht agus an Merchandise Marks Act, 1911, d'oiriúnú.

29. —(1) Gach luadh no tagairt atá sa Phríomh-Acht agus san Merchandise Marks Act, 1911, don Ríocht Aontuithe léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no mar thagairt do Shaorstát Éireann.

(2) An tagairt atá i mír (iii) d'fho-alt (3) d'alt 2 den Phríomh-Acht dá Soillse léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt don Stát.

(3) An tagairt atá i bhfo-alt (1) d'alt 16 den Phríomh-Acht d'earraí de dhéantús iasachta léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt d'earraí rinneadh lasmuich de Shaorstát Éireann.

(4) Gach luadh no tagairt atá in alt 16 den Phríomh-Acht do sna Coimisinéirí Custum léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no mar thagairt do sna Coimisinéirí Ioncuim.

(5) An tagairt atá i bhfo-alt (6) d'alt 16 den Phríomh-Acht do Choimisinéirí Cisteáin a Soillse léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt don Aire Airgid.

(6) An tagairt atá i bhfo-alt (8) d'alt 16 den Phríomh-Acht don London Gazette léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt don Iris Oifigiúil.

(7) Ní bheidh éifeacht feasta ag an tagairt atá i bhfo-alt (8) d'alt 16 den Phríomh-Acht d'fhoillsiú do dhéanamh san Board of Trade Journal.

(8) Gach tagairt atá san Merchandise Marks Act, 1911, do sna Coimisinéirí Custum agus Máil léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt do sna Coimisinéirí Ioncuim.

An tAire Tionnscail agus Tráchtála do dhéanamh cúisithe.

30. —(1) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, fé réir na gcoinníollacha bheidh orduithe do chólíonadh, a thógaint air féin mar chúisitheoir aon chionta fén bPríomh-Acht no aon chionta fén Acht so do chúiseamh i gcásanna chítear do a dheineann deifir do leasanna generálta na tíre, no dreama de sna daoine, no céirde, no ceárdais.

(2) San alt so cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála fén alt so.

An tAire Talmhaíochta do dhéanamh cúisithe.

31. —(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, fé réir na gcoinníollacha bheidh orduithe do chólíonadh, a thógaint air féin mar chúisitheoir aon chionta fén bPríomh-Acht no aon chionta fén Acht so do chúiseamh i gcásanna go bhfeictear do baint a bheith acu le tora talmhaíochta no le tora aon tionnscal eile tuatha agus a chítear do a dheineann deifir do leasanna generálta na tíre, no dreama de sna daoine, no céirde, no ceárdais.

(2) San alt so cialluíonn an abairt “tionnscail tuatha” na tionnscail tuatha luaidhtear in alt 2 den Acht Talmhaíochta, 1931 ( Uimh. 8 de 1931 ).

(3) San alt so cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire Talmhaíochta fén alt so.

(4) Ní oibreoidh éinní san alt so chun teorann do chur leis na comhachta bronntar ar an Aire Tionnscail agus Tráchtála leis an alt díreach roimhe seo, sa mhéid 'na bhfuil na comhachta san có-reathach leis na comhachta bronntar ar an Aire Talmhaíochta leis an alt so, agus ní oibreoidh éinní san alt so ná san alt díreach roimhe seo chun deifir do dhéanamh do chomhacht aon duine (seachas na hAirí sin) chun cúisimh do dhéanamh maidir le haon chiontaí fén bPríomh-Acht no le haon chionta fén Acht so.

Eisceacht.

32. —(1) Ní dhéanfaidh an tAcht so éinne do shaoradh o aon aicsean, cúis dlí ná imeacht eile fhéadfaí thabhairt ina choinnibh mara mbeadh forálacha an Achta so.

(2) Ní thabharfaidh éinní san Acht so teideal d'éinne diúltú do nochta iomlán a dhéanamh, ná d'aon cheist ná ceistiúchán do fhreagairt in aon aicsean, ach ní bheidh an nochta ná an freagra san ionghlactha mar fhianaise i gcoinnibh an duine sin in aon chúiseamh i gcionta fén Acht so.

Rialacháin.

33. —Gach rialachán a déanfar fén Acht so leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar neambrí beidh an rialachán san curtha ar neambrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Costaisí.

34. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas a bhainfidh leis an Acht so do chur i bhfeidhm.

Athghairm.

35. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal agus luadh.

36. —Féadfar an tAcht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, do ghairm de sna Merchandise Marks Acts, 1887 and 1891, den Merchandise Marks Act, 1911, agus den Acht so le chéile.

SCEIDEAL.

ACHTACHAIN A HATHGHAIRMTEAR.

Siosón agus Caibideal no Uimhir agus Bliain.

Gearr-Theideal.

Méid na hAthghairme.

54 & 55 Vic. c. 15.

Merchandise Marks Act, 1891.

Alt 2.

9 Edw. VII. c. 24.

Merchandise Marks (Ireland) Act, 1909.

An tAcht iomlán.

Uimh. 8 de 1931 .

Acht Talmhaíochta, 1931 .

Sa Chéad Sceideal, na focail “An Merchandise Marks (Ireland) Act, 1909.”