54 1931


Uimhir 54 de 1931.


ACHT NA MIANACH AGUS NA MINEARÁL, 1931.


ACHT CHUN BUIRD DO BHUNÚ CHUN FEIDHMEANNA D'FHEIDHMIÚ MAIDIR LE MIANAIGH AGUS LE MINEARÁIL, CHUN A ÚDARÚ GO nDEANFAÍ LEASANNA AR MHIANAIGH AGUS AR MHINEARÁIL IS LE SAORSTÁT ÉIREANN NO ATÁ DÍLSITHE ANN, CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN A CHUR IN USACHT MIANAIGH AGUS MINEARÁIL EILE D'OIBRIÚ AGUS CHUN SRIAIN DO CHUR LE MINEARÁIL D'OIBRIÚ IS GÁ MAR THACA LE FOIRGINTÍ AGUS LE hOIBREACHA, CHUN AN DLÍ BHAINEAS LE MIANAIGH DO LEASÚ AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE GHABHAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [22adh Mí na Nodlag, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach.

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “aon-cheart mianadóireachta” an t-aon cheart chun minearál do bhaint agus do thógaint agus chun rómhar agus cuardach do dhéanamh chun minearál d'fháil;

foluíonn an focal “cíos” aon íocaíocht tréimhsiúil i bhfuirm chíosa;

cialluíonn an abairt “blianacht talamh-cheannaigh” blianacht talamh-cheannaigh is iníoctha le Coimisiún Tálmhan na hÉireann fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh;

foluíonn an focal “cigire” aon duine go n-údarás i scríbhinn (go generálta no chun críche speisialta) ón Aire chun gach comhachta no aon chomhachta dá mbeidh bronnta no chun gach dualgais no aon dualgais dá mbeidh curtha ar chigire leis an Acht so d'fheidhmiú no do chólíonadh;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.

(2) I gCoda IV., V. agus VIII. den Acht so—

foluíonn an focal “minearáil” gach minearál agus substaint i dtalamh no fé thalamh is féidir d'fháil le hobair fé thalamh no le hobair ar uachtar talmhan.

(3) I gCoda IV. agus V. den Acht so—

folóidh tagairtí do mhinearáil d'oibriú tagairtí do mhinearáil d'oibriú, agus do bhreith chun siúil, do dhéanamh do thabhairt dóibh, agus d'iad d'atharú;

nuair a húsáidtear an focal “uachtar” maidir le talamh, foluíonn sé aon fhoirgintí, oibreacha no nithe atá curtha suas, déanta no ag fás ar an talamh san.

(4) I gCuid IV. den Acht so—

foluíonn an abairt “ceart chun an uachtair d'ísliú” ceart chun sreathanna, anuas ar a chéile no le hais a chéile, chó fada suas leis an uachtar, maraon leis an uachtar féin d'ísliú;

foluíonn an focal “léas” aon mhargadh tionóntachta agus foluíonn sé ceadúnas freisin agus is brigheanna dá réir sin a bheidh ag an bhfocal “léasóir” agus ag an bhfocal “léasaí.”

Leasú ar alt 13 den Irish Land Act, 1903, agus athghairm dá dhruim sin.

2. —(1) Léireofar fo-alt (3) de alt 13 den Irish Land Act, 1903, agus beidh éifeacht aige—

(a) fé is dá ndeintí—in ionad a achtú ann go ndéanfar, ar Choimisiún Talmhan na hÉireann do dhíol aon tailimh no ar únaer estáit do dhíol aon tailimh a bheidh san estát fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, an t-aon-cheart chun minearál do bhaint agus do thógaint agus chun rómhar agus cuardach do dhéanamh chun minearál d'fháil, ar an talamh san no fé, do chur ar cosnamh sa tslí orduithe do Choimisiún Talmhan na hÉireann—a achtú ann go ndílseofar an t-aoncheart san i Saorstát Éireann ar aon díol den tsórt san do dhéanamh, agus

(b) fé is dá ndeintí na focail “and the said right shall be disposed of by the Commission in manner hereafter to be provided by Parliament” atá anois ann do scriosadh amach as.

(2) Scuirfidh na hachtacháin seo leanas, sé sin le rá:—

(a) an dara coinníoll atá le fo-alt (3) d'alt 13 den Irish Land Act, 1903;

(b) fo-alt (4) den alt san 13 (sa mhéid go mbaineann sé leis an aon-cheart chun minearál do bhaint agus do thógaint agus sa mhéid sin amháin);

(c) alt 1 den Irish Land Act, 1907; agus

(d) alt 37 den Irish Land Act, 1909;

scuirfid d'éifeacht do bheith acu ach leanfaid de bhaint do bheith acu le haon chur ar cíos, léasú, díol no aistriú do rinne Coimisiún Talmhan na hÉireann ar aon-cheart ar bith den tsórt san, chun minearál do bhaint agus do thógaint, roimh an Acht so do rith fén alt san 1 den Irish Land Act, 1907, mar a leasuítear é leis an alt san 37 den Irish Land Act, 1909.

Alt 45 den Acht Talmhan, 1923 , do leasú.

3. —Athghairmtear leis seo an dara coinníoll atá le fo-alt (5) d'alt 45 den Acht Talmhan, 1923 ( Uimh. 42 de 1923 ).

Ceisteanna bhaineann le haon-chirt mhianadóireachta do shocrú.

4. —(1) Más rud é, chun crícheanna an Achta so, go n-eireoidh aon cheist—

(a) i dtaobh ce'ca cuireadh aon-cheart mianadóireachta ar cosnamh do Choimisiún Talmhan na hÉireann fé alt 13 den Irish Land Act, 1903, roimh an Acht so do rith, no nár cuireadh, agus má cuireadh é ar cosnamh amhlaidh, i dtaobh ce'ca rinne Coimisiún Talmhan na hÉireann an ceart san do cheannach no do chur dá láimh do réir dlí, no ná dearna, agus, má cuireadh de láimh é amhlaidh, cad is cineál agus méid don chur de láimh sin, no

(b) i dtaobh ce'ca dílsíodh aon-cheart mianadóireachta i Saorstát Éireann, no nár dílsíodh, ar an Acht so do rith no dá éis sin, fé alt 13 den Irish Land Act, 1903, mar a leasuítear leis an Acht so é, no

(c) i dtaobh ce'ca dílsíodh aon-cheart mianadóireachta i Saorstát Éireann, no nár dílsíodh, fé alt 45 den Acht Talmhan, 1923 ( Uimh. 42 de 1923 ), no

(d) i dtaobh ce'ca is féidir aon tsubstaint áirithe do bhaint agus do thógaint fé aon cheart áirithe mianadóireachta den tsórt a luaidhtear in aon mhír acu san roimhe seo den fho-alt so, no nách féidir,

féadfaidh an tAire an cheist sin do chur fé bhráid Choimisiúin Talmhan na hÉireann, gan an Coimisinéir Breithiúntais do bheith ortha, chun go socróidís í.

(2) Luighfidh athchomharc chun an Choimisineura Bhreithiúntais i gcoinnibh aon bhreithe do bhéarfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann fén alt so.

(3) Luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe, do réir rialacha cúirte, i gcoinnibh aon bhreithe do bhéarfaidh an Coimisinéir Breithiúntais fén alt so.

(4) Féadfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann rialacha do dhéanamh chun imeachta i láthair Choimisiúin Talmhan na hÉireann agus athchomhareanna chun an Choimisineura Bhreithiúntais fén alt so do rialáil.

Mianaigh agus minearáil Stáit agus aon-chirt mhianadóireachta Stáit.

5. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “mianaigh agus minearáil Stáit”—

(a) maidir le haon mhianaigh agus minearáil is le Saorstát Éireann, de bhuadh Airtiogail 11 den Bhunreacht no de bhuadh éinní eile, ar dháta an Achta so do rith, na mianaigh agus na minearáil sin;

(b) maidir le haon mhianaigh agus minearáil a thiocfaidh ar aon tsaghas slí, ar an Acht so do rith no dá éis sin, chun bheith dílsithe i Saorstát Éireann, na mianaigh agus na minearáil sin ar dháta agus o dháta an dílsithe sin.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “aon-cheart mianadóireachta Stáit”—

(a) maidir le haon aon-cheart mianadóireachta is le Saorstát Éireann no atá dílsithe ann no atá curtha ar cosnamh do Choimisiún Talmhan na hÉireann díreach roimh an Acht so do rith, an t-aon-cheart mianadóireachta san;

(b) maidir le haon aon-cheart mianadóireachta a thiocfaidh ar aon tsaghas slí, ar an Acht so do rith no dá éis sin, chun bheith dílsithe i Saorstát Éireann, an t-aoncheart mianadóireachta san o dháta an dílsithe sin.

(3) I bhfo-alt (1) den alt so foluíonn an focal “minearáil” gach minearál agus substaint i dtalamh no fé thalamh is féidir d'fháil le hobair fé thalamh no le hobair ar uachtar talmhan.

CUID II.

An Bord Mianadoireachta.

An Bord Mianadóireachta do bhunú.

6. —(1) Bunófar bord ar a dtabharfar an Bord Mianadóireachta (dá ngairmtear an Bord san Acht so) agus ar a mbeidh cathaoirleach agus beirt ghnáth-bhall chun na bhfeidhmeanna ceaptar do leis an Acht so do chólíonadh.

(2) Isé bheidh mar chathaoirleach ar an mBord ná abhcóide ag cleachtadh a ghairme no atúrnae ag cleachtadh a ghairme ar feadh deich mblian ar a laighead agus isiad a bheidh mar ghnáthbhaill ná duine is ball den phaineul d'eadrascánaithe oifigiúla do ceapadh fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, mar a leasuítear é leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925) , agus duine is oifigeach don Aire.

(3) Ceapfaidh an tAire gach ball den Bhord go ceann pé tréimhse is oiriúnach leis agus féadfaidh an tAire é do chur as oifig agus féadfaidh an ball féin eirghe as a oifig aon uair.

(4) Féadfar pé táillí no luach saothair agus pé costaisí shocróidh an tAire Airgid d'íoc le ball ar bith den Bhord as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(5) Más rud é, ar chúis ar bith, go mbeidh aon bhall den Bhord ar feadh sealaid gan bheith ábalta ar fhreastal ar shuidheanna an Bhúird féadfaidh an tAire duine eile do cheapadh chun gníomhú mar bhall den Bhord ar feadh an tsealaid sin, ach ní ceapfar éinne chun gníomhú mar bhall den Bhord fén bhfo-alt so mara mbeidh na cáilíochta aige is gá do réir fo-ailt (2) den alt so do bheith ag an mball den Bhord gur ina ionad a ceapfar an duine sin go sealadach amhlaidh.

Rialacháin i gcóir imeachta i láthair an Bhúird.

7. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) amanta agus áiteanna suidheanna an Bhúird;

(b) na daoine dá dtabharfar agus na hamanta agus an tslí ina dtabharfar fógra i dtaobh suidheanna an Bhúird;

(c) an phuiblíocht do leigint isteach chun suidheanna an Bhúird no do dhúnadh amach uatha;

(d) pé nithe eile i dtaobh cleachtadh agus nós-imeachta an Bhúird a cheapfaidh an tAire do bheith riachtanach no oiriúnach chun gnótha an Bhúird do dhéanamh sa cheart.

Comhachta an Bhúird.

8. —(1) Chun a chur fhiachaint ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a gceistnithe fé mhionn (agus údaruítear leis seo d'aon bhall den Bhord fínnithe do chur fén mionn san) no ar aon tslí eile agus chun a chur fhiachaint ar dhaoine scríbhinní do thabhairt i láthair beidh ag an mBord gach comhacht, ceart, agus príbhléid atá dílsithe san Ard-Chúirt no i mBreitheamh den Ard-Chúirt maidir le triail aicsin, agus beidh gairm a bheidh sighnithe ag aon bhall no baill den Bhord ar aon dul agus ar aon éifeacht le próiseas fuirmeálta do bhéarfadh an Ard-Chúirt amach chun a chur fhiachaint ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a chur fhiachaint ar dhaoine scríbhinní do thabhairt i láthair.

(2) Má dheineann éinne—

(a) faillí ar theacht i láthair an Bhúird agus é gairmthe go cuibhe chun teacht ina láthair mar fhínné, no

(b) ar bheith i láthair do mar fhínné diúltú do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an Bord air go dlíthiúil do thabhairt no d'aon scríbhinn fé n-a chomhacht no fé n-a chúram do thabhairt i láthair a cheanglóidh an Bord air go dlíthiúil do thabhairt i láthair no d'aon cheist d'fhreagairt 'na bhféadfadh an Bord a cheangal air go dlíthiúil í d'fhreagairt, no

(c) éinní eile ba dhísbeagadh Cúirte dá mba Chúirt Bhreithiúnais an Bord agus comhacht aige chun daoine do chur i bpríosún mar gheall ar dhísbeagadh Cúirte,

féadfaidh an Bord cionta an duine sin do dheimhniú fé n-a lámhaibh don Ard-Chúirt agus féadfaidh an Chúirt sin, tar éis pé fiosrú is oiriúnach léi do dhéanamh, an duine sin do phionósú no pé ní do dhéanamh is gá chun é do phionósú díreach fé is dá mbeadh sé ciontach sa Chúirt sin do dhísbeagadh.

(3) Beidh teideal ag fínné i láthair an Bhúird chun na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhínné i láthair na hArd-Chúirte é.

An Bord no oifigigh don Bhord do dhul isteach ar thalamh.

9. —(1) Chun aon chríche bhaineann leis na feidhmeanna d'fheidhmiú a cuirtear ar an mBord leis an Acht so féadfaidh aon bhall den Bhord agus aon oifigeach don Bhord go n-údarás chuige sin o aon bhall den Bhord dul isteach ar aon talamh agus pé taighdeadh do dhéanamh ann is dóich leis is gá chun na gcrícheanna roimhráite.

(2) Má chuireann duine ar bith bac no cosc le haon bhall den Bhord no le haon oifigeach don Bhord agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar ar an mball no ar an oifigeach san leis an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Fuireann an Bhúird.

10. —(1) Ceapfaidh an tAire rúnaí don Bhord, agus féadfaidh pé oifigigh agus seirbhísigh eile don Bhord do cheapadh is dóich leis is gá chun cabhrú leis an mBord chun a bhfeidhmeanna d'fheidhmiú, ach an tAire Airgid do thoiliú le líon na ndaoine sin.

(2) Beidh rúnaí agus oifigigh agus seirbhísigh eile an Bhúird i seilbh oifige ar pé téarmaí agus bhéarfar luach saothair dóibh do réir pé rátaí agus ar pé slí cheadóidh an tAire Airgid.

CUID III.

Mianaigh agus Minearail Stait do Leasu.

Léasanna ón Aire.

11. —(1) Má sé barúil an Aire gurb é leas na puiblíochta aon mhianaigh agus minearáil Stáit no aon aon-cheart mianadóireachta Stáit do dheonadh do dhuine ar bith tré léas, féadfaidh an tAire, fén gCuid seo den Acht so agus dá réir, na mianaigh agus na minearáil Stáit sin no an t-aon-cheart mianadóireachta Stáit sin d'aistriú chun an duine sin tré léas ar feadh pé téarma nách sia ná naoi mbliana nóchad agus is dóich leis an Aire is ceart.

(2) Féadfar aistriú déanfar fén alt so ar aon mhianaigh agus minearáil Stáit no ar aon aon-cheart mianadóireachta Stáit do dhéanamh tré léas breithnithe no lorgaireachta ar feadh pé téarma nách sia ná dhá bhliain agus is dóich leis an Aire is ceart agus féadfaidh rogha bheith sa léas san don léasaí ann léas frith-dhílse do thógaint ar na mianaigh agus na minearáil Stáit sin no ar an aon-cheart mianadóireachta Stáit sin ar feadh pé téarma is dóich leis an Aire is ceart agus nách sia ná naoi mbliana nóchad tar éis téarma an léasa bhreithnithe no lorgaireachta san do chur leis.

(3) Gach léas a déanfar fén alt so déanfar é (maran dóich leis an Aire agus leis an Aire Airgid le chéile gurb é leas na puiblíochta an léas san do dhéanamh saor o aon íocaíocht) ar choinníoll go n-íocfar leis an Aire, i bhfuirm fíneála no roimhíocaíochta eile no i bhfuirm chíosa (agus rí-chíos is ionatharuithe do réir phraghais no luacha na minearál do gheobhfar d'áireamh) no sa dá fhuirm sin, pé airgead is dóich leis an Aire agus leis an Aire Airgid le chéile is ceart agus ar a gcó-aontóid leis an té dá dtabharfar an léas, agus déanfaidh an tAire, nuair do gheobhaidh sé gach airgead den tsórt san, é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no é do chur chun tairbhe dho i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(4) Déanfar gach léas den tsórt san roimhráite fé réir pé cumhnanta, coinníollacha agus có-aontuithe (seachas cinn chun an léasa d'athnuachaint) a mheasfaidh an tAire do bheith ceart no oiriúnach ar mhaithe leis an bpuiblíocht no ar aon tslí eile agus ar a gcó-aontóidh leis an té dá ndeonfar an léas san agus beidh na cumhnanta, na coinníollacha, agus na có-aontuithe sin sa léas san.

(5) Le linn iad do bheith ag feidhmiú na gcomhacht fé seach a bronntar ortha leis an alt so agus go háirithe le linn iad do bheith ag socrú téarmaí aon aistrithe no na híocaíochta bheidh le n'íoc fé, féadfaidh an tAire agus an tAire Airgid féachaint do sna buntáistí generálta is dócha thiocfaidh chun an Stáit as saothrú na mianach agus na minearál le n-a mbaineann an t-aistriú.

Ceart ag léasaithe dul isteach ar thalamh.

12. —Gach duine is léasaí de thurus na huaire ar mhianaigh agus minearáil Stáit no ar aon-cheart mianadóireachta Stáit fé léas do rinneadh fén gCuid seo den Acht so, féadfaidh, fé réir an choinníll go ndlighfidh cúiteamh d'íoc do réir na Coda so den Acht so, dul isteach ar an talamh gur ann no fé a bheidh na mianaigh agus na minearáil Stáit sin no gur ina thaobh a bheidh an t-aon-cheart mianadóireachta Stáit sin infheidhmithe agus isé gairmtear sa Chuid seo den Acht so den cheart chun dul isteach a bronntar leis an alt so ná an ceart chun dul isteach.

Ceart ag an Aire dul isteach agus trialacha do dhéanamh.

13. —(1) Chun a fháil amach cad is fiú aon mhianaigh agus minearáil Stáit no aon aon-cheart mianadóireachta Stáit féadfaidh an tAire, fé réir an choinníll go ndlighfidh cúiteamh d'íoc do réir na Coda so den Acht so agus tar éis fógra mí ar a laighead do thabhairt i scríbhinn do shealbhaire an tailimh gur ann no fé a bheidh na mianaigh agus na minearáil Stáit sin no gur ina thaobh a bheidh an t-aon-cheart mianadóireachta Stáit sin infheidhmithe, fógra tabharfar don tsealbhaire sin tré leitir chláruithe do chur chuige fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaí is eol a bheith aige, féadfaidh an tAire dul isteach ar an talamh san agus pé trialacha (agus tolladh d'áireamh) is dóich leis is gá no is oiriúnach do dhéanamh, agus isé gairmtear san Acht so den cheart a bronntar leis an alt so ná an ceart chun dul isteach agus trialacha do dhéanamh.

(2) Féadfaidh an tAire a údarú do dhuine ar bith i scríbhinn an ceart chun dul isteach agus trialacha do dhéanamh d'fheidhmiú don Aire agus thar a cheann maidir le haon talamh go mbeidh aon mhianaigh agus minearáil Stáit ann no fé no go mbeidh aon aon-cheart mianadóireachta Stáit infheidhmithe ina thaobh, agus féadfaidh éinne go n-údarás amhlaidh an ceart san d'fheidhmiú don Aire agus in ainm agus thar ceann an Aire agus aon ghníomh a dhéanfaidh an duine sin do réir an údaráis sin tuigfear chun crícheanna an Achta so (agus an fo-alt san roimhe seo d'áireamh) gurb é gníomh an Aire é.

Dlighfear cúiteamh d'íoc as damáiste do dhéanamh.

14. —Pé uair a déanfar no thiocfaidh damáiste ar bith d'uachtar aon tailimh no d'aon fhoirgintí ar aon talamh tré fheidhmiú do dhéanamh ar an gceart chun dul isteach no ar an gceart chun dul isteach agus trialacha do dhéanamh no ar aon-cheart mhianadóireachta Stáit no tré mhianaigh agus minearáil Stáit sa talamh san no fé do chuardach agus do thógaint, dlighfidh an té fheidhmeoidh an ceart san no a chuardóidh agus a thógfaidh na minearáil sin cúiteamh (dá ngairmtear san Acht so cúiteamh fé Chuid III den Acht so) d'íoc as an damáiste sin.

Tailte Stáit do chosaint.

15. —(1) Ní dhéanfaidh an tAire éinní acu so leanas, ach amháin tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Airgid, sé sin le rá:—

(a) léas do thabhairt fén gCuid seo den Acht so ar aon mhianaigh agus minearáil Stáit i dtalamh no fé thalamh le n-a mbaineann Acht na dTailte Stáit, 1924 (Uimh. 45 de 1924) , no ar aon aon-cheart mianadóireachta Stáit, is infheidhmithe i dtaobh an tailimh sin;

(b) an ceart chun dul isteach agus trialacha do dhéanamh d'fheidhmiú no a údarú d'éinne an ceart san d'fheidhmiú i dtaobh an tailimh sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire éinní acu so leanas, ach amháin tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, sé sin le rá:—

(a) léas do thabhairt fén gCuid seo den Acht so ar aon mhianaigh agus minearáil Stáit i dtalamh no fé thalamh le n-a mbaineann Acht na dTailte Stáit (Tithe Oibre), 1930 (Uimh. 9 de 1930) , no ar aon aon-cheart mianadóireachta Stáit is infheidhmithe i dtaobh an tailimh sin;

(b) an ceart chun dul isteach agus trialacha do dhéanamh d'fheidhmiú no a údarú d'éinne an ceart san d'fheidhmiú i dtaobh an tailimh sin.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) léas do thabhairt fén gCuid seo den Acht so ar aon mhianaigh agus minearáil Stáit i dtalamh no fé thalamh a bheidh dílsithe in no bheidh i seilbh ag Aire is ceann ar Roinn Stáit, no ar aon aon-cheart mianadóireachta Stáit is infheidhmithe i dtaobh an tailimh sin;

(b) an ceart chun dul isteach agus trialacha do dhéanamh d'fheidhmiú no a údarú d'éinne an ceart san d'fheidhmiú i dtaobh an tailimh sin,

ach amháin tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire sin.

Cuntaisí o léasaithe.

16. —(1) Déanfaidh gach duine dá ndeonfar léas fén gCuid seo den Acht so an t-eolas a theastóidh ón Aire, i dtaobh na minearál is abhar don léas san agus i dtaobh na minearál san d'oibriú, do thabhairt don Aire sa bhfuirm orduithe, laistigh d'ocht lá fichead tar éis don Aire a cheangal air san do dhéanamh.

(2) Más rud é, ar an Aire do cheangal ar dhuine ar bith fén alt so eolas ar bith do thabhairt do, go dteipfidh ar an duine sin no go ndiúltóidh an t-eolas san do thabhairt uaidh no go dtabharfaidh uaidh eolas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phone táchtach no go ndéanfaidh faillí in aon tslí eile san alt so do chólíonadh beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air agus fós, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar deich bpúint in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

Tuarasgabhála ón Aire.

17. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis gach 30adh lá de Mheitheamh agus gach 31adh lá de Mhí na Nodlag tar éis an Achta so do rith leagfaidh an tAire ar bhord gach Tighe den Oireachtas tuarasgabháil ina mbeidh eolas i dtaobh gach léasa, ar feadh téarma is sia ná dhá bhliain, do tugadh fén gCuid seo den Acht so i rith na sé mí dar chríoch an 30adh lá san de Mheitheamh agus an 31adh lá san de Mhí na Nodlag fé seach.

(2) Tuigfear chun crícheanna an ailt seo an tréimhse dar tosach lá an Achta so do rith agus dar críoch an 30adh lá de Mheitheamh, 1932, do bheith ina tréimhse de shé mhí dar críoch an 30adh lá san de Mheitheamh, 1932.

CUID IV.

Cirt i Mianaigh agus i Minearail nach leis an Stat do Dheonadh.

Cirt mhianadóireachta do dheonadh.

18. —(1) I gcás minearál do bheith i dtalamh no fé agus an tailimh sin do bheith fé réir léasa, eisceachta, friothchoimeádais, sriantachta, cumhnaint, no coinníll no i gcás nách féidir, ar aon chúis eile, iad d'oibriú gan có-aontú beirte no níos mó agus gurb é tuairim an Aire, de chionn na nithe sin, go bhfuil cosúlacht ann go bhfágfar na minearáil sin i gcomhnaí gan oibriú, féadfaidh an tAire, fé réir agus do réir na Coda so den Acht so, ceart (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so ceart mianadóireachta (dílseánaigh)) chun na minearál san d'oibriú do dheonadh do dhuine ar bith go mbeidh leas aige sna minearáil sin agus gur mian leis na minearáil sin d'oibriú é féin no tré n-a léasaithe.

(2) Má sé tuairim an Aire go bhfuil minearáil ar únaereacht i bpaistí chó beag san nách féidir iad d'oibriú go ceart ná go caothúil leo féin agus, dá chionn san, go bhfuil cosúlacht ann go bhfágfar na minearáil sin i gcomhnaí gan oibriú, féadfaidh an tAire, fé réir agus do réir na Coda so den Acht so, ceart (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so ceart mianadóireachta (paistí beaga)) chun na minearál san d'oibriú do dheonadh do dhuine ar bith go mbeidh leas aige in aon mhinearáil acu san no in aon mhinearáil eile in aice na minearál san agus gur mian leis na minearáil sin uile d'oibriú é féin no tré n-a léasaithe.

(3) Má sé tuairim an Aire go bhfuil cosúlacht ann go bhfágfar minearáil i líomatáiste áirithe i gcomhnaí gan oibriú toisc nách féidir iad d'oibriú go heconomiciúil ach amháin tré iad d'oibriú i dteanta a chéile ar fuaid an líomatáiste sin, féadfaidh an tAire, fé réir agus do réir na Coda so den Acht so, ceart (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so ceart mianadoireachta (líomatáiste)) chun na coda eile de sna minearáil sin d'oibriú do dheonadh do dhuine go mbeidh leas aige i gcuid de sna minearáil sin agus gur mian leis na minearáil uile sa líomatáiste sin d'oibriú é féin no tré n-a léasaithe.

(4) Má sé tuairim an Aire ná fuil minearáil áirithe á n-oibriú no ná fuilid á n-oibriú go héifeachtúil agus ná dearna an té ag a bhfuil leas ionta aon réasún sásúil do thabhairt don Aire i dtaobh gan na minearáil sin d'oibriú no i dtaobh gan na minearáil sin d'oibriú go héifeachtúil, féadfaidh an tAire, fé réir agus do réir na Coda so den Acht so, ceart (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so ceart mianadóireachta (minearáil gan oibriú)) chun na minearál san d'oibriú do dheonadh do dhuine ar bith gur mian leis na minearáil sin d'oibriú é féin no tré n-a léasaithe.

(5) Má dheineann duine bheidh ag oibriú mianaigh agus duine bheidh ag oibriú mianaigh eile bheidh in aice an chéad mhianaigh sin a luaidhtear có-aontú chun na dteorann idir na mianaigh sin do choigeartú d'fhonn laigheadú do dhéanamh ar an méid minearál a fágfar gan oibriú idir an dá mhianach san no d'fhonn go bhféadfar na minearáil sna mianaigh sin d'oibriú níos éifeachtúla no níos economiciúla agus más rud é nách féidir an có-aontú san do chur in éifeacht toisc gur theip ar léasóirí na mianach san no ar únaerí an uachtair no ar éinne acu aontú leis no toisc gur dhiúltuíodar san no éinne acu d'aontú leis, féadfaidh an tAire, fé réir agus do réir na Coda so den Acht so, ceart (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so ceart mianadóireachta (coigeartú teorann)) chun na mianach san d'oibriú do réir an choigeartuithe teorann a bheidh sa chó-aontú san do dheonadh do sna daoine bheidh ag oibriú na mianach san.

(6) Chun crícheanna an Achta so tuigfear gurb ionann an abairt “ceart mianadóireachta” agus an abairt “ceart mianadóireachta (dílseánaigh), ceart mianadóireachta (paistí beaga), ceart mianadóireachta (líomatáiste), ceart mianadóireachta (minearáil gan oibriú) agus ceart mianadóireachta (coigeartú teorann) no aon cheart acu san.”

(7) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, ní déanfar ceart mianadóireachta do dheonadh maidir le haon mhianaigh agus minearáil Stáit ná maidir le haon mhinearáil go mbeidh aon-cheart mianadóireachta Stáit infheidhmithe ina dtaobh.

(8) Féadfar ceart mianadóireachta nách ceart mianadóireachta (minearáil gan oibriú), maidir le minearáil fé léas do rinneadh fé Chuid III den Acht so, do dheonadh ar feadh téarma nách sia ná a mbeidh gan caitheamh den téarma do deonadh leis an léas san.

Fo-chirt do dheonadh.

19. —(1) Má bhíonn aon tsaoráid, ceart, no príbhléid ag teastáil chun go bhféadfaidh an té bheidh i dteideal minearál d'oibriú na minearáil sin d'oibriú go ceart agus go caothúil agus má sé tuairim an Aire go gcuireann sé isteach an iomarca ar na minearáil sin d'oibriú go ceart agus go héifeachtúil gan é bheith i gcumas an duine sin no é do theip air an tsaoráid, an ceart, no an phríbhléid sin (dá ngairmtear fo-cheart san Acht so) d'fháil féadfaidh an tAire, fé réir agus do réir na Coda so den Acht so, an fo-cheart san do dheonadh do dhuine ar bith go mbeidh ceart aige na minearáil sin d'oibriú agus gur mian leis iad d'oibriú é féin no tré n-a léasaithe.

(2) Ar na fo-chirt a féadfar do dheonadh fén bhfo-alt san roimhe seo beidh, gan dochar do gheneráltacht an fho-ailt sin, gach ceart no aon cheart acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) ceart chun an uachtair d'ísliú;

(b) ceart slí aeir, tuill mhianaigh, no cead slí ar an uachtar no fé thalamh, no ceart eile i gcóir minearál no meaisínteachta do shroichint no d'iompar no i gcóir na mianach d'aeriú no do dhréineáil no d'oibriú;

(c) ceart chun an uachtair d'úsáid agus do shealbhú chun muilte brúighte agus cóirithe, áiteanna nigheacháin, sorn cóc, bóithre iarainn, bealaighe téide san aer, trambhealaighe san aer, oibreacha fo-thortha, no oibreacha bríce no eile do thógáil, no chun áiteanna comhnaithe do thógáil do dhaoine ar fostú maidir leis na minearáil d'oibriú no maidir le haon oibreacha den tsórt san roimhráite;

(d) ceart chun soláthair uisce no chun substaintí eile maidir leis na minearáil d'oibriú;

(e) ceart chun uisce no abhair lachtaigh eile do gheobhfar as mianaigh no as aon oibreacha fo-thortha do chur de láimh;

(f) ceart chun aon dríodair do gheobhfar as oibriú na minearál do chur de láimh;

(g) ceart chun aon abhann no cúrsa uisce, le n-a n-áirmhítear cúrsa uisce saordha, do chosc no do chlaonadh;

(h) ceart chun camraí, mór-phíopaí uisce agus píopaí do chlaonadh;

(i) ceart chun bóthair, sráide, no bealaigh phuiblí no bealaigh phríobháidigh do chlaonadh, agus chun droichid do dhéanamh in ionad seana-dhroichid agus ar mhalairt láithreáin;

(j) ceart chun bóthair iarainn no trambhealaigh do chlaonadh;

(k) ceart chun foirgintí do leagadh a chuireann bac leis na mianaigh agus na minearáil d'oibriú go ceart.

(3) Féadfar fo-cheart do dheonadh, do dhuine dá ndeonfar ceart mianadóireachta, le linn an chirt mhianadóireachta san do dheonadh dho no aon uair ina dhiaidh sin.

(4) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, ní deonfar fo-cheart in aon mhinearáil, ná tríotha ná os a gcionn, is mianaigh agus minearáil Stáit 'na bhfuil aon-cheart mianadóireachta Stáit infheidhmithe ina dtaobh.

(5) Féadfar fo-cheart do dheonadh in aon mhinearáil, no tríotha no os a gcionn, a bheidh i léas do tugadh fé Chuid III den Acht so ach ní deonfar aon cheart den tsórt san ar feadh téarma is sia ná a mbeidh gan caitheamh den téarma do deonadh leis an léas san.

Srain le cirt do dheonadh.

20. —Ní deonfar ceart mianadóireachta ná fo-cheart mara dtaisbeántar nách féidir do réir réasúin an ceart san d'fháil tré shocrú phríobháideach toisc aon chúise acu so leanas—

(a) go bhfuil na daoine ag a bhfuil comhacht an ceart do dheonadh no na daoine gur gá a n-aontú chun an chirt d'fheidhmiú, go bhfuilid líonmhar no go bhfuil leasanna acu atá buiniscionn le n-a chéile;

(b) nách féidir na daoine ag a bhfuil comhacht an ceart do dheonadh no éinne áirithe acu no na daoine gur gá a n-aontú chun an chirt d'fheidhmiú no éinne áirithe acu d'fháil no nách féidir a dhéanamh amach cé hiad no cé hé;

(c) ná fuil ag na daoine nách foláir an ceart d'fháil uatha no ag éinne áirithe acu no ag na daoine gur gá a n-aontú chun an chirt d'fheidhmiú no ag éinne áirithe acu na comhachta chun cur de láimh do dhéanamh is gá chun go bhféadfaidís an ceart do dheonadh no aontú leis an gceart d'fheidhmiú (pe'ca aca é);

(d) go ndeineann na daoine no éinne áirithe de sna daoine ag a bhfuil comhacht an ceart do dheonadh no gur gá a n-aontú chun an chirt d'fheidhmiú diúltadh go míréasúnta don cheart san do dheonadh no d'aontú le n-a fheidhmiú no téarmaí d'éileamh atá mí-réasúnta agus an scéal mar atá.

Cirt d'iarraidh.

21. —(1) Féadfaidh éinne go bhféadfaí ceart mianadóireachta do dheonadh dho i dtaobh minearál áirithe iarratas do chur chun an Aire á iarraidh air an ceart mianadóireachta san do dheonadh dho i dtaobh na minearál san.

(2) Féadfaidh éinne ag a mbeidh ceart, de bhuadh cirt mhianadóireachta no eile, chun minearál d'oibriú, agus éinne bheidh ag iarraidh cirt mhianadóireachta, iarratas do chur chun an Aire á iarraidh air fo-cheart do dheonadh dho.

(3) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas fén alt so agus beidh na mion-innste is gá do réir na fuirme sin ann agus ortha san cuntas ar na nithe adeir an t-iarratasóir, ag féachaint do sna forálacha san roimhe seo den Acht so bhaineann le n-a chás, a dheineann é bheith cóir an ceart iarrann sé do dheonadh agus beidh an t-iarratas san fíoruithe sa tslí orduithe,

(4) Pé uair a cuirfear iarratas chun an Aire fén alt so déanfaidh an t-iarratasóir, laistigh den aimsir orduithe, cóipeanna den iarratas san do sheirbheáil, sa tslí orduithe, ar pé daoine a hordófar.

(5) Féadfaidh éinne ar a seirbheálfar iarratas do réir an fho-ailt sin roimhe seo cúis do phlé leis an Aire i dtaobh abhair an iarratais sin.

An chéad bhreithniú do dhéanamh ar iarrataisí agus iad do chur fé bhráid an Bhúird agus an Bord do dhéanamh tuarasgabhála ina dtaobh.

22. —(1) Ar fháil iarratais fén alt deiridh sin roimhe seo don Aire, ach ní go ceann trí seachtaine tar éis é d'fháil, breithneoidh sé é féachaint an bhfuil sé cruthuithe prima facie gur chóir an ceart atá á iarradh ann do dheonadh.

(2) Chun an bhreithnithe sin do dhéanamh breithneoidh an tAire aon chúis a pléidhfear leis i dtaobh an iarratais sin agus féadfaidh pé fiosrú do dhéanamh agus conbharsáid do dhéanamh le pé daoine is oiriúnach leis.

(3) Ar dhéanamh an bhreithnithe sin don Aire, agus marab é a thuairim ná fuil sé cruthuithe prima facie gur chóir an ceart is abhar don iarratas san do dheonadh, cuirfidh an tAire an t-iarratas san fé bhráid an Bhúird.

(4) Breithneoidh an Bord gach iarratas a chuirfidh an tAire fé n-a mbráid fén alt so agus bhéarfaid tuarasgabháil don Aire sin i dtaobh an iarratais sin.

(5) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach tuarasgabháil do bhéarfaidh an Bord uatha fén alt so agus beidh na mion-innste orduithe inti agus beidh sa tuarasgabháil sin freisin pé nithe (más ann dóibh) is gá, do réir na Coda so den Acht so, do bheith sa tuarasgabháil sin.

Cirt do dheonadh.

23. —(1) Ar fháil tuarasgabhála ón mBord fén gCuid seo den Acht so don Aire breithneoidh sé an tuarasgabháil sin agus, ar dhéanamh an bhreithnithe sin do, féachfaidh do pé nithe cheanglann an t-alt so air do chur san áireamh agus más rud é, tar éis an bhreithnithe sin, go mbeidh sé sásta, ag féachaint do sna forálacha san roimhe seo den Chuid seo den Acht so bhaineann leis an scéal, go bhfuil sé cruthuithe é bheith i dteideal an chirt atá á iarradh do dheonadh agus gurb é leas na puiblíochta an ceart san do dheonadh don iarratasóir, féadfaidh, le hordú, an ceart do dheonadh ar pé téarmaí agus fé réir pé coinníollacha agus ar feadh pé tréimhse is oiriúnach leis agus, ar an ordú san do bheith déanta, dílseoidh an ceart a bheidh luaidhte ann san iarratasóir fé réir forálacha an Achta so.

(2) Nuair a bheidh an tAire ag cinneadh ré aon chirt a bheidh le deonadh féachfaidh don am is gá do réir réasúin chun go bhféadfaí na minearáil do lán-oibriú, agus más leas léasa an leas a bheidh ag an iarratasóir in aon mhinearáil gur dá mbuadh a bheidh sé i dteideal iarratais do dhéanamh féachfaidh an tAire do ré an leasa san.

(3) Más ceart chun an uachtair d'ísliú an ceart a bheidh á iarraidh déanfaidh an tAire nuair a bheidh sé á chinneadh ce'ca ba chóir an ceart do dheonadh no nár chóir—

(a) féachaint don méid is fiú na minearáil is gá mar thaca d'aon oibreacha no foirgintí, no d'aon oibreacha no foirgintí bheidh beartuithe a dhéanamh, ar an uachtar no fé, i gcomórtas leis an méid is fiú na foirgintí no na hoibreacha agus féachaint an táchtaighe do leas na puiblíochta taca do bheith leis na hoibreacha no leis na foirgintí sin ná na minearáil sin d'oibriú; no

(b) mara mbeidh aon oibreacha ná foirgintí den tsórt san ann, féachaint don méid dochair a dhéanfaidh tuitim na talmhan maidir leis an uachtar d'úsáid chun na críche chun a n-úsáidtear é no chun a bhfuil sé beartuithe é d'úsáid, agus féachaint an táchtaighe do leas na puiblíochta taca do bheith leis an uachtar ná na minearáil d'oibriú is gá mar thaca leis.

(4) Nuair a bheidh an tAire á chinneadh pe'ca ba chóir aon cheart do dheonadh no nár chóir no cadiad na coinníollacha ar ar chóir aon cheart den tsórt san do dheonadh féachfaidh do gach ní bhaineann leis an gcás agus, go sonnrách, don méid is gá aon cheann de sna minearáil do choimeád chun aon mhianach no oibreacha eile do chosaint ar bháthadh no chun aon chríche mianadóireachta eile, agus (sa mhéid go mbaineann leis an scéal) do sna rí-chíosa, na cumhnantaí agus na coinníollacha bheidh curtha ar cosnamh le scana-léas no seana-léasanna mianadóireachta an iarratasóra (más ann dóibh) no bheidh sa tseana-léas no sna seanaléasanna san no is gnáth i léasanna mianadóireachta sa cheanntar.

(5) Pé uair a dheonfaidh an tAire ceart do dhuine fén alt so, déanfaidh an duine sin cúiteamh (dá ngairmtear san Acht so cúiteamh fé Chuid IV den Acht so) alos an deonta san d'íoc do réir an Achta so.

Iarrataisí iomdha i dtaobh an chirt chéanna.

24. —(1) Má dheineann beirt daoine no níos mó iarrataisí ar leithligh ar cheart mianadóireachta chun na minearál céanna d'oibriú agus má cuirtear an dá iarratas san fé bhráid an Bhúird déanfaidh an Bord, ina dtuarasgabháil, a thuairisciú don Aire, agus cinnfidh an tAire ce'ca de sna riarratasóirí, más éinne acu é, gur chóir an ceart san do dheonadh dho, no ce'ca ba chóir no nár chóir ceart do dheonadh d'iarratasóir acu chun coda de sna minearáil d'oibriú agus ceart do dheonadh d'iarratasóir eile chun coda eile d'oibriú.

(2) Nuair a bheidh an Bord ag tabhairt tuarasgabhála uatha ar iarrataisí ar leithligh den tsórt san tuairisceoid cadé an tslí is caothúla chun na minearál d'oibriú agus nuair a bheidh an tAire ag ceapadh a bhreithe féachfaidh don tuarasgabháil sin, do sna cirt fé seach atá ag na hiarratasóirí san uachtar no sna minearáil in aice leis, agus go generálta do gach ní bhaineann leis an gcás,

(3) Bainfidh an t-alt so le cásanna ina ndéanfaidh beirt daoine no níos mó iarrataisí ar na fo-chirt chéanna, ach na hatharuithe is gá do dhéanamh air agus an t-atharú so go sonnrách, eadhon, go bhféadfar aon cheart den tsórt san do dheonadh do sna hiarratasóirí, no d'aon bheirt no níos mó acu, i dteanta a chéile.

Cirt mhianadóireachta deonfar do cheiliúradh.

25. —(1) Má deontar ceart mianadóireachta do dhuine ar bith agus má bhíonn an tAire sásta ná fuil na minearáil is abhar don cheart mianadóireachta san á n-oibriú bona fide ná go héifeachtúil ag an duine sin, féadfaidh an tAire an ceart mianadóireachta san do cheiliúradh.

(2) Má deintéar ceart mianadóireachta do deonadh do dhuine do cheiliúradh fén alt so, ní bheidh an duine sin i dteideal aisíoca d'fháil sa chúiteamh d'íoc sé alos an chirt mhianadóireachta san ná in aon chuid den chúiteamh san.

Tailte Stáit do chosaint.

26. —Ní dhéanfaidh an tAire ordú fén gCuid seo den Acht so i dtaobh aon mhinearál in aon talamh no fé aon talamh a bheidh dílsithe in no bheidh i seilbh ag Aire is ceann ar Roinn Stáit ach amháin tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire sin.

Cuntaisí o dhaoine dá ndeonfar cirt.

27. —(1) Déanfaidh gach duine dá ndeonfar ceart mianadóireachta an t-eolas a theastóidh ón Aire, i dtaobh na minearál is abhar don cheart san agus i dtaobh na minearál san d'oibriú, do thabhairt don Aire sa bhfuirm orduithe, laistigh d'ocht lá fichead tar éis don Aire a cheangal air san do dhéanamh.

(2) Más rud é, ar an Aire do cheangal ar dhuine ar bith fén alt so colas ar bith do thabhairt do, go dteipfidh ar an duine sin no go ndiúltóidh an t-colas san do thabhairt uaidh no go dtabharfaidh uaidh eolas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach no go ndéanfaidh faillí in aon tslí eile san alt so do chólíonadh beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air agus fós, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar deich bpúint in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

CUID V.

Srian le Minearail Is Ga mar Thaca d'Oibriu.

Iarratas ar shrian do chur le minearáil is gá mar thaca d'oibriú.

28. —(1) Má abrann éinne go leas i dtalamh ar bith—

(a) ná fuil teideal aige chun taca no leor-thaca, ingearthach no taobhach, d'aon fhoirgintí no oibreacha atá tógtha no déanta no atá beartuithe do thógáil no do dhéanamh ar uachtar an tailimh sin no fé, agus

(b) nách féidir do réir réasúin ceart chun an taca san d'fháil tré shocrú príobháideach toisc aon chúise acu so leanas, eadhon—

(i) go bhfuil na daoine ag a bhfuil comhacht an ceart do dheonadh líonmhar no go bhfuil leasanna acu atá buiniscionn le n-a chéile,

(ii) nách féidir na daoine ag a bhfuil comhacht an ceart do dheonadh no éinne áirithe acu d'fháil no nách féidir a dhéanamh amach cé hiad no cé hé,

(iii) ná fuil ag na daoine nách foláir an ceart d'fháil uatha na comhachta chun cur de láimh do dhéanamh is gá, pe'ca de dheascaibh lochta sa teideal é no de dheascaibh mí-chumais dhlíthiúla no éinní eile,

(iv) go ndeineann na daoine no éinne áirithe de sna daoine ag a bhfuil comhacht an ceart do dheonadh diúltadh go mí-réasúnta don cheart san do dheonadh no téarmaí d'éileamh atá mí-réasúnta agus an scéal mar atá,

féadfaidh an duine sin iarratas do chur chun an Aire á iarraidh go gcuirfí pé srian leis na minearáil d'oibriú fén talamh san agus fén talamh le n-a ais is dóich leis is gá chun a chur in áirithe leor-thaca do bheith leis na foirgintí no leis na hoidreacha san.

(2) Cuirfear síos i ngach iarratas fén alt so na ráitisí gur ortha, de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo, bheidh ceart déanta an iarratais sin bunuithe agus is sa bhfuirm orduithe bheidh an t-iarratas san agus beidh ann i dteanta na ráiteas san pé mioninnste eile a hordófar agus beidh sé fíoruithe sa tslí orduithe.

(3) Pé uair a cuirfear iarratas chun an Aire fén alt so déanfaidh an t-iarratasóir, laistigh den aimsir orduithe, cóipeanna den iarratas san do sheirbheáil, sa tslí orduithe, ar pé daoine a hordófar.

(4) Féadfaidh éinne ar a seirbheálfar iarratas do réir an fho-ailt sin roimhe seo cúis do phlé leis an Aire i dtaobh abhair an iarratais sin.

(5) Más séadchomhartha náisiúnta, do réir bhrí Achta na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 ( Uimh. 2 de 1930 ), aon fhoirgint no obair agus má bhíonn sí, de bhuadh an Achta san, fé chaomhnadh Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn no údaráis áitiúla do réir bhrí an Achta san, tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur daoine ag a bhfuil leas sa talamh ar a bhfuil an fhoirgint no an obair sin tógtha na Coimisinéirí sin no an t-údarás áitiúil sin, do réir mar bheidh.

An chéad bhreithniú do dhéanamh ar iarratas agus é chur fé bhráid an Bhúird agus an Bord do dhéanamh tuarasgabhála ina thaobh.

29. —(1) Ar fháil iarratais fén alt deiridh sin roimhe seo don Aire, ach ní go ceann trí seachtaine tar éis é d'fháil, breithneoidh sé é féachaint an bhfuil sé cruthuithe prima facie gur chóir an srian atá á iarradh ann do dheonadh agus chun an bhreithnithe sin do dhéanamh breithneoidh an tAire aon chúis a pléidhfear leis i dtaobh an iarratais sin agus féadfaidh pé fiosrú do dhéanamh agus conbharsáid do dhéanamh le pé daoine is oiriúnach leis.

(2) Ar dhéanamh an bhreithnithe sin don Aire, agus marab é a thuairim ná fuil sé cruthuithe prima facie gur chóir an ceart is abhar don iarratas san do dheonadh, cuirfidh an tAire an t-iarratas san fé bhráid an Bhúird.

(3) Breithneoidh an Bord gach iarratas a chuirfidh an tAire fé n-a mbráid fén alt so agus bhéarfaid tuarasgabháil don Aire i dtaobh an iarratais sin.

(4) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach tuarasgabháil do bhéarfaidh an Bord uatha fén alt so agus beidh na mion-innste orduithe inti.

Srian le hoibriú minearál is gá mar thaca do dheonadh.

30. —(1) Nuair do gheobhaidh an tAire tuarasgabháil i dtaobh iarratais ón mBord fén gCuid seo den Acht so breithneoidh sé an tuarasgabháil sin agus, ar dhéanamh an bhreithnithe sin do, féachfaidh do pé nithe cheanglann an t-alt so air do chur san áireamh agus más rud é, tar éis an bhreithnithe sin, go mbeidh sé sásta na ráitisí gur ortha do bunuíodh an t-iarratas san do bheith cruthuithe agus gurb é leas na puiblíochta srian d'fhorchur, féadfaidh an tAire, le hordú, pé srian is dóich leis is cóir d'fhorchur, ar pé téarmaí agus fé réir pé coinníollacha agus ar feadh pé tréimhse is dóich leis is cóir i dtaobh na minearál fén talamh is abhar don iarratas san agus fén talamh le n-a ais d'oibriú agus, ar an ordú san do bheith déanta, dílseoidh ceart feidhmithe an tsriain a forchuirfear leis sa té do rinne an t-iarratas san fé réir forálacha an Achta so,

(2) An srian a féadfar d'fhorchur fén alt so féadfar é d'fhorchur maidir le méid no le hionad na minearál a bheidh le hoibriú no leis na modhanna oibre no pacála no ar aon tslí eile fé mar is gá chun a chur in áirithe leor-thaca do bheith leis na foirgintí no leis na hoibreacha no chun damáiste dhóibh do chosc no do laigheadú.

(3) Nuair a bheidh an tAire á chinneadh ce'ca ba chóir srian d'fhorchur no nár chóir féachfaidh don méid is fiú na foirgintí no na hoibreacha no do chostas deisithe damáiste is dócha déanfaí dhóibh tré thuitim na talmhan i gcomórtas leis an méid is fiú na minearáil, no don tácht do bhainfeadh leis na foirgintí no na hoibreacha do thógáil no do bhuan-choimeád i gcomórtas le n-a tháchtaighe bheadh sé do leas na puiblíochta na minearáil d'oibriú.

(4) Pé uair a déanfar ceart feidhmithe sriain do dhílsiú i nduine ar bith de bhuadh an ailt seo, déanfaidh an duine sin cúiteamh (dá ngairmtear san Acht so cúiteamh fé Chuid V den Acht so) alos an chirt sin d'íoc do réir an Achta so.

(5) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo ní féadfar srian ar bith d'fhorchur fén alt so maidir le haon mhianaigh agus minearáil Stáit d'oibriú ná maidir le haon mhinearáil d'oibriú go mbeidh aon-cheart mianadóireachta Stáit infheidhmithe ina dtaobh.

(6) Féadfar srian do chur, fén alt so, le minearáil d'oibriú a bheidh i léas a déanfar fé Chuid III den Acht so.

CUID VI.

Foralacha Bhaineann le Coda IV agus V.

Na táillí is iníoctha ar iarrataisí chun ceart do dheonadh.

31. —(1) Pé uair a déanfar iarratas chun an Aire fé Chuid IV no fé Chuid V den Acht so íocfaidh neach déanta an iarratais sin leis an Aire alos an iarratais sin pé táille ordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

(2) Déanfaidh an tAire gach táille a híocfar leis fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Ceart éisteachta ag fiosrúcháin áirithe.

32. —Ag fiosrúchán a dhéanfaidh an Bord fé Chuid IV no fé Chuid V den Acht so i dtaobh iarratais fé cheachtar de sna Coda san, beidh na daoine seo leanas i dteideal éisteachta d'fháil agus fianaise do thabhairt i láthair, sé sin le rá:—

(a) an t-iarratasóir no na hiarratasóirí;

(b) éinne adéarfaidh go bhfuil estát no leas ar bith aige in aon mhinearáil is abhar don iarratas san;

(c) éinne eile go mbeidh an Bord sásta go ndéanfadh sé deifir mhór do géilleadh don iarratas san;

(d) an tAire.

A chur mar choinníoll le ceart do dheonadh go n-íocfar cúiteamh.

33. —Féadfaidh an tAire a chur mar choinníoll le ceart ar bith do dheonadh fé Chuid IV den Acht so no le srian ar bith d'fhorchur fé Chuid V den Acht so go ndéanfar aon cheisteanna maidir leis an gcúiteamh is iníoctha ina thaobh san do shocrú agus an cúiteamh féin d'íoc, no urrús le n-a mbeidh an tAire sásta do thabhairt go n-íocfar é, sara dtosnófar ar an gceart d'fheidhmiú no sara gcuirfear an srian i bhfeidhm.

Cirt do dheonadh do shaolaithe agus d'iontaobhaithe.

34. —Féadfar, le hordú fé Chuid IV no fé Chuid V den Acht so, cirt do bhronnadh ar shaolaí no ar dhuine go gcomhachta saolaí no ar aon iontaobhaí, ionadaí pearsanta no duine eile i bhfeidhmeanas iontaobhais, agus má bronntar aon chirt den tsórt san amhlaidh ar aon duine den tsórt san tuigfear na cirt sin do bheith ina gcuid den mhaoin fé réir an tsocruithe no d'estát an duine mhairbh no den mhaoin fé réir an iontaobhais, pe'ca aca é.

Cad a thiocfaidh as ceart do dheonadh.

35. —Féadfar, le hordú fé Chuid IV no fé Chuid V den Acht no fé Chuid V den Acht so aon chomhacht do bhronnadh ar an té dá ndeonfar é is mó ná an chomhacht a bronnfaí leis an gceart san ná seachas an chomhacht a bronnfaí leis an gceart san dá mba dhuine bheadh i dteideal do réir dlí chun an chirt sin do dheonadh do dheonfadh an ceart san, ná ní shaorfa sé an té dá ndeonfar é o aon oblagáid no fiachas fé n-a mbeadh sé dá mba éinne den tsórt san do dheonfadh an ceart san.

Costaisí agus caiteachaisí an Bhúird mar gheall ar fhiosrúcháin.

36. —(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a ordú, maidir leis na costaisí agus leis na caiteachaisí fé n-a raghaidh an Bord mar gheall ar fhiosrúchán fé Chuid IV no fé Chuid V den Acht so, go ndéanfaidh an t-iarratasóir gurb é a iarratas fé ndeár an fiosrúchán san iomlán no cuid áirithe de sna costaisí agus de sna caiteachaisí sin d'íoc leis an Aire.

(2) Deimhneofar le hordú déanfar fén alt so an tsuim a bheidh dlite ar dhuine ar bith agus féadfaidh an tAire aon tsuim a deimhneofar amhlaidh do bhaint den duine sin mar fhiacha gnáth-chonnartha.

(3) Féadfaidh an tAire a cheangal ar dhuine iarrfaidh aon chirt fé Chuid IV den Acht so no aon tsrian fé Chuid V den Acht so urrús do thabhairt ar chostaisí an fhiosrúcháin a dhéanfaidh an Bórd.

(4) Déanfaidh an tAire aon airgead a híocfar leis no bhainfe sé amach fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Costaisí daoine ag fiosrúcháin a dhéanfaidh an Bord.

37. —(1) Más dóich leis an mBord, ag féachaint do gach ní bhaineann leis an gcás, é do bheith cóir agus cothrom go n-íocfadh duine no daoine ar bith a bhí i láthair ag fiosrúchán fé Chuid IV no fé Chuid V den Acht so na costaisí go léir no cuid de sna costaisí do bhain leis an bhfiosrúchán san agus fé n-a ndeaghaidh duine no daoine ar bith eile bhí i láthair amhlaidh, féadfaidh an Bord moladh sa chéill sin do chur sa tuarasgabháil a chuirfid chun an Aire, moladh á luadh cé hé no cé hiad dar cóir, dar leo, na costaisí sin d'íoc, cé méid a moltar a bheith le n'íoc ag gach duine acu san fé seach, agus cé hé no cé hiad le n-ar cóir, dar leo, an méid sin d'íoc.

(2) Féadfaidh an tAire, ar an moladh san do bhreithniú dho, a ordú, le hordú, go ndéanfaidh éinne dar cóir, dar leis an mBord, costaisí d'íoc pé suim costaisí, is oiriúnach leis an Aire, (ach gan a bheith níos mó ná an méid is cóir don duine sin d'íoc dar leis an mBord) d'íoc leis an té le n-ar cóir dar leis an mBord na costaisí sin d'íoc.

(3) Mara n-íoctar suim go mbeidh sé orduithe le hordú ón Aire fén bhfo-alt san roimhe seo í d'íoc féadfar í bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

(4) Chun crícheanna an ailt seo áirmhítear mar chostaisí aon táillí, éilithe agus caiteachaisí bhaineann le fiosrúchán.

CUID VII.

Cuiteamh do Mheas.

Míniú maidir le Cuid VII.

38. —Sa Chuid seo den Acht so léireofar an abairt “cúiteamh fén Acht so” mar abairt is ionann agus an abairt “cúiteamh fé Chuid III den Acht so, cúiteamh fé Chuid IV den Acht so agus cúiteamh fé Chuid V den Acht so” no aon chúiteamh den tsórt san.

Modh chun cúitimh do shocrú.

39. —Mara gcó-aontuítear i dtaobh méid an chúitimh fén Acht so déanfaidh an Bord é do shocrú sa tslí foráltar leis an gCuid seo den Acht so.

Forálacha maidir le cúiteamh fé Choda III agus IV do shocrú tré chó-aontú.

40. —Má deintear méid an chúitimh fé Chuid III den Acht so no méid an chúitimh fé Chuid IV den Acht so do shocrú tré chó-aontú agus go mbeidh blianacht talamh-cheannaigh ar an talamh gur ina thaobh a bheidh an cúiteamh san iníoctha, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas—

(a) beidh Coimisiún Talmhan na hÉireann ina bpáirtí sa chó-aontú san;

(b) mara mbeidh Coimisiún Talmhan na hÉireann ina bpáirtí sa chó-aontú san ní dhéanfaidh íoc an méid cúitimh a socrófar leis an gcó-aontú an té íocfaidh é do shaoradh o n-a bheith air an cúiteamh san d'íoc;

(c) nuair do gheobhaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann aon chúiteamh no aon chuid d'aon chúiteamh den tsórt san is iníoctha leo fén gcó-aontú san cuirfid é chun aon riaráiste bheidh dlite ar scór na blianachta san do laigheadú, no mara mbeidh aon riaráiste den tsórt san ann no más lugha an riaráiste sin ná méid an chúitimh sin ansan cuirfid é chun no mar chabhair chun na blianachta ceannaigh d'fhuascailt.

An Bord do dheonadh cúitimh.

41. —(1) Má bhíonn cúiteamh fén Acht so iníoctha féadfaidh na daoine seo leanas, sé sin le rá:—

(a) éinne adeir go bhfuil sé i dteideal an chúitimh sin d'fháil, no

(b) más cúiteamh fé Chuid III den Acht so no cúiteamh fé Chuid IV den Acht so an cúiteamh san agus go mbeidh blianacht talamh-cheannaigh de thurus na huaire ar an talamh gur ina thaobh a bheidh an cúiteamh san iníoctha, Coimisiún Talmhan na hÉireann,

a iarraidh ar an mBord méid an chúitimh sin do shocrú.

(2) Má deintear fén alt so iarratas ar chúiteamh fén Acht so féachfaidh an Bord isteach san iarratas san agus tar éis dóibh san do dhéanamh bhéarfaid a mbreith air.

(3) Beidh i ngach breith (dá ngairmtear breith sa Chuid seo den Acht so) do bhéarfaidh an Bord uatha fén alt so na nithe seo leanas—

(a) ráiteas ar mhéid an chúitimh (más ann do);

(b) ainm an té ar a mbeidh an cúiteamh san d'íoc;

(c) ainm an té le n-a mbeidh an cúiteamh san le n'íoc;

(d) más le beirt daoine no níos mó bheidh an cúiteamh le n'íoc, an méid den chúiteamh san a bheidh le n'íoc le gach duine acu san;

(e) más i dtaobh aon tailimh a bheidh fé bhlianacht talamhcheannaigh de thurus na huaire measfar an cúiteamh, na nithe gur gá do réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo iad do chur sa bhreith sin.

(4) Más i dtaobh tailimh a bheidh fé bhlianacht talamhcheannaigh de thurus na huaire mheasfaidh an Bord cúiteamh fén alt so, féadfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann, más oiriúnach leo é, a iarraidh ar an mBord—

(a) más ionann méid an chúitimh sin agus an tsuim is praghas fuascailte na blianachta san maraon le riaráiste na blianachta san (más ann do) no más lugha ná an tsuim sin é, a ordú le n-a mbreith go n-íocfar le Coimisiún Talmhan na hÉireann iomlán an chúitimh no pé cion de iarrfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann, no

(b) más mó méid an chúitimh sin ná an tsuim is praghas fuascailte na blianachta san maraon le riaráiste na blianachta san (más ann do), a ordú le n-a mbreith go n-íocfar le Coimisiún Talmhan na hÉireann pé suim iarrfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann agus nách mó ná suim an phraghais fhuascailte sin maraon leis an riaráiste sin (más ann do),

agus géillfidh an Bord don iarratas san.

(5) Má deintear, le haon bhreith i dtaobh tailimh a bheidh fé bhlianacht talamh-cheannaigh de thurus na huaire, a shocrú go n-íocfar aon airgead le Coimisiún Talmhan na hÉireann, déanfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann, ar an airgead san d'íoc leo, é chur fé mar is oiriúnach leo chun riaráiste na blianachta san (más ann do) do ghlanadh agus mar chabhair chun na blianachta san d'fhuascailt no ar cheachtar slí acu san.

Forálacha eile i dtaobh breitheanna.

42. —(1) Sighneoidh gach ball den Bhord gach breith.

(2) Beidh gach breith ina fianaise dho-chlaoite ar gach ní dheallróidh bheith deimhnithe inti.

(3) Aon tsuim go n-ordófar le breith í bheith iníoctha ag duine le duine eile beidh sí ina fiacha bheidh ag an duine eile sin ar an gcéad duine sin a luaidhtear agus a bheidh iníoctha dá réir sin agus féadfar í bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha.

(4) Scríbhinn ar a mbeidh i gcúl-scríbhinn deimhniú, dheallróidh bheith sighnithe ag Rúnaí an Bhúird, á rá gur cóip de bhreith an scríbhinn sin, beidh sí ina fianaise ar an mbreith sin i ngach Cúirt Bhreithiúnais agus i ngach imeacht dlí go dtí go gcruthófar a mhalairt agus ní gá sighniú an rúnaí sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an rúnaí sin é dáiríribh.

Na táillí is iníoctha ar iarrataisí chun cúitimh do mheas.

43. —(1) Pé uair iarrfaidh duine ar bith, seachas Coimisiún Talmhan na hÉireann, ar an mBord cúiteamh do mheas fén Acht so, íocfaidh an duine sin leis an mBord alos an iarratais sin pé táille ordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

(2) Déanfaidh an Bord gach táille a híocfar leis fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Costaisí agus caiteachaisí fé n-a raghaidh an Bord agus iad ag meas cúitimh.

44. —(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a ordú, maidir leis na costaisí agus leis na caiteachaisí fé n-a raghaidh an Bord mar gheall ar dhuine ar bith, seachas Coimisiún Talmhan na hÉireann, a iarraidh ar an mBord cúiteamh fén Acht so do mheas, go ndéanfaidh neach déanta an iarratais sin iomlán no cuid áirithe de sna costaisí agus de sna caiteachaisí sin d'íoc leis an Aire.

(2) Deimhneofar le hordú déanfar fén alt so an tsuim a bheidh dlite ar dhuine ar bith agus féadfaidh an tAire aon tsuim a deimhneofar amhlaidh do bhaint den duine sin mar fhiacha gnáth-chonnartha.

(3) Féadfaidh an tAire a cheangal ar dhuine ar bith, seachas Coimisiún Talmhan na hÉireann, a iarrfaidh ar an mBord cúiteamh fén Acht so do shocrú urrús do thabhairt ar na costaisí agus ar na caiteachaisí bheidh ar an mBord mar gheall ar an iarratas.

(4) Déanfaidh an tAire aon airgead a híocfar leis no bhainfe sé amach fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Ceart éisteachta i láthair an Bhúird.

45. —Nuair a bheidh aon chúiteamh fén Acht so á mheas ag an mBord beidh na daoine seo leanas, agus iad san amháin, i dteideal éisteachta d'fháil agus fianaise do thabhairt i láthair, sé sin le rá:—

(a) éinne adéarfaidh go bhfuil estát no leas ar bith aige sa talamh gur ina thaobh a bheidh an cúiteamh san á mheas;

(b) an té dhlighfidh an cúiteamh san d'íoc;

(c) má bhíonn blianacht talamh-cheannaigh de thurus na huaire ar an talamh gur ina thaobh a bheidh an cúiteamh san á mheas, Coimisiún Talmhan na hÉireann.

Costaisí na bpáirtithe in imeachta i dtaobh breitheanna.

46. —(1) Is ag an mBord a bheidh discréid i dtaobh costaisí na bpáirtithe in aon imeachta fén gCuid seo den Acht so agus féadfaidh an Bord a ordú le n-a mbreith cé íocfaidh agus cé leis agus cé an tslí go n-íocfar na costaisí sin no aon chuid áirithe dhíobh agus féadfaid i gcás ar bith costaisí abhcóide do nea-lomháil.

(2) Féadfaidh an Bord féin measaireacht do dhéanamh ar an suim costaisí a hordófar d'íoc no féadfaid a ordú conus a déanfar measaireacht ortha.

(3) Má orduíonn an Bord d'iarratasóir a bheidh ag iarraidh cúitimh fén Acht so costaisí no cuid de chostaisí an té go mbeidh an cúiteamh san iníoctha aige d'íoc, féadfaidh an duine sin suim na gcostaisí sin do bhaint as suim an chúitimh sin.

(4) Chun crícheanna an ailt seo áirmhítear mar chostaisí aon táillí, éilithe agus caiteachaisí bhaineann leis an mbreith.

An tslí ina measfar cúiteamh fé Choda IV agus V.

47. —Nuair a bheidh an Bord ag meas cúitimh fé Chuid IV den Acht so no cúitimh fé Chuid V den Acht so alos cirt, déanfaid é do mheas do réir mar a bheadh cothrom agus réasúnta idir deontóir toilteanach agus deonaí toilteanach ag féachaint do sna coinníollacha fé n-a ndeontar an ceart san.

Cúiteamh d'íoc isteach sa chúirt.

48. —Maran féidir a dhéanamh amach cé hé an duine le n-a mbeidh aon chúiteamh fén Acht so iníoctha ná an duine sin d'fháil íocfar an cúiteamh isteach san Ard-Chúirt i pé slí a hordófar le rialacha cúirte agus bainfidh forálacha alt 69 go 80 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, leis an gcúiteamh san ach iad d'atharú agus d'oiriúnú fé mar a hordófar leis na rialacha san.

An bhreith do bheith ina breith dheiridh agus cásanna speisialta d'aithris.

49. —(1) An bhreith do bhéarfaidh an Bord ar aon cheist fírinne eireoidh in imeachta bheidh ar siúl ina láthair fén gCuid seo den Acht so beidh sí ina breith dheiridh agus ina ceangal ar gach páirtí agus ar na daoine bheidh ag éileamh fútha fé seach ach, le linn aon chéime de sna himeachta, féadfaidh an Bord, agus déanfaidh má orduíonn an Ard-Chúirt é, aon cheist dlí eireoidh le linn na n-imeacht d'aithris i bhfuirm cáis speisialta chun tuairime na hArd-Chúirte d'fháil uirthi agus féadfaid a mbreith maidir le hiomlán an scéil no le cuid de d'aithris i bhfuirm cáis speisialta chun tuairime na hArd-Chúirte d'fháil uirthi.

(2) An bhreith do bhéarfaidh an Ard-Chúirt ar aon chás aithrisfidh an Bord fén alt so beidh sí ina breith dheiridh nách féidir dul tháirsi agus ní féadfar aon athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraighe ina coinnibh.

CUID VIII.

Ilghneitheach agus Generalta.

Saoráidí don Aire agus dá oifigigh.

50. —(1) Má bhíonn duine chun puill no tuill mhianaigh do dhéanamh, a bheidh le dul níos sia síos ná triocha troigh ón uachtar, d'fhonn aon mhinearál do chuardach no d'fháil déanfaidh, sara dtosnóidh ar an obair sin, fógra i scríbhinn do thabhairt don Aire go bhfuil sé chun na hoibre sin do dhéanamh.

(2) Gach duine dhéanfaidh poll no toll mianaigh, a bheidh le dul níos sia síos ná triocha troigh ón uachtar, d'fhonn aon mhinearál do chuardach no d'fháil, coimeádfaidh irisleabhar ina thaobh agus coinneoidh go ceann tréimhse nách giorra ná sé mhí pé somplaí, pe'ca mealltracha no blodhtracha iad, de sna strata tré n-a raghfar, a gheobhfar le linn an phuill no an tuill do dhéanamh.

(3) Beidh teideal ag cigire gach tráth réasúnta gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) dul gan cosc go dtí aon pholl, toll mianaigh no meall den tsórt san;

(b) irisleabhair na bpoll no na dtoll mianaigh sin d'iniúchadh agus cóipeanna do dhéanamh díobh;

(c) gach sompla gheobhfar agus a coinneofar amhlaidh d'iniúchadh;

(d) somplaí cosúla d'aon mhealltracha den tsórt san do thógaint.

(4) Má dheineann éinne bheidh ag déanamh aon phuill no tuill mhianaigh den tsórt san roimhráite fógra i scríbhinn do thabhairt don Aire á iarraidh air aon chóipeanna d'irisleabhair no somplaí de strata no de mhealltracha thógfaidh cigire fén bhfo-alt san roimhe seo do choimeád fé rún, ní dhéanfaidh an tAire, maran dóich leis an t-iarratas san do bheith mí-réasúnta, a cheadú na cóipeanna no na somplaí sin do thaisbeáint d'éinne nách oifigeach don Aire ach amháin le toiliú an chéad duine sin a luaidhtear.

(5) Má thárlann d'éinne bheidh ag déanamh aon phuill no tuill mhianaigh—

(a) go dteipfidh air na hoblagáidí forchuirtear leis an alt so do chólíonadh, no

(b) go gcuirfidh bac no cosc le cigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

Cirt sa bhreis do chigirí.

51. —(1) Leigfidh gach únaer, gníomhaire no bainisteoir mianaigh do chigire ar bith dul síos gan cosc go dtí gach oibriú fé thalamh gach tráth réasúnta agus bhéarfaidh do chigire ar bith pé eolas agus pé somplaí, d'uamanna agus de strata tré n-ar tolladh no do hoscladh ag an mianach, a héileofar air do réir réasúin.

(2) Má theipeann ar aon únaer, gníomhaire, no bainisteoir den tsórt san an t-alt so do chólíonadh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

Mianaigh thréigthe d'fhálú.

52. —(1) I gcás inar heiríodh as aon mhianaigh agus minearáil Stáit d'oibriú no as aon aon-cheart mianadóireachta Stáit d'fheidhmiú no inar tréigeadh an t-oibriú no an feidhmiú san, is cuma cathain a thárla an t-eirghe as no an tréigint sin, féadfaidh an tAire a chur fé ndeár go gcoimeádfar timpeal bairr no béil gach tuill no oscailte mianaigh a húsáideadh maidir leis an oibriú san déanmhas buan is leor chun tionóiscí do chosc agus féadfaidh dul isteach ar thalamh ar bith chun san do dhéanamh.

(2) Féadfaidh an tAire a údarú do dhuine ar bith i scríbhinn na comhachta bronntar le fo-alt (1) den alt so ar an Aire d'fheidhmiú ar son agus thar ceann an Aire agus féadfaidh duine ar bith go n-údarás amhlaidh (agus dá ngairmtear gníomhaire don Aire san alt so) na comhachta san d'fheidhmiú in ainm agus ar son agus thar ceann an Aire.

(3) Má chuireann duine ar bith bac ar aon ghníomhaire don Aire no má chuireann sé isteach air agus an gníomhaire sin ag feidhmiú na gcomhacht do bronnadh air de bhuadh na bhforálacha san roimhe seo den alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(4) Ní bheidh cúiteamh ar bith iníoctha alos ná de dhruim feidhmithe na gcomhacht a bronntar leis an alt so ar an Aire no ar ghníomhaire don Aire.

(5) Ní dhéanfaidh éinní atá san alt so duine ar bith do shaoradh o aon fhiachas a bheidh air fé aon Acht eile no ar aon tslí eile.

Athghairm ar chuid den Mining Industry Act, 1920.

53.—Athghairmtear leis seo an Mining Industry Act, 1920, ach amháin ailt 2, 19, 25 agus 26 dhe agus an Chéad Sceideal a ghabhann leis agus tuigfear ná raibh an tAcht san riamh, ach amháin an méid sin roimhráite dhe, i bhfeidhm i Saorstát Éireann ná sa líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é.

Rialacháin.

54. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú,

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Costaisí.

55. —Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, a híocfar gach costas fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Gearr-theideal.

56. —Féadfar Acht na Mianach agus na Minearál, 1931 , do ghairm den Acht so.