56 1931


Uimhir 56 de 1931.


ACHT PRÍNTÍSEACHTA, 1931.


ACHT CHUN SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN PRÍNTÍSEACHT I gCEÁRDA ÁIRITHE DO RIALÁIL.

[22adh Mí na Nodlag, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

foluíonn an focal “ceárd” aon tionnscal, slí bheatha, no gnó, agus foluíonn sé freisin aon bhrainse fé leith de chéird;

cialluíonn an abairt “bord céirde” bord céirde do bunuíodh fé sna Trade Boards Acts, 1909 and 1918;

cialluíonn an abairt “ceárd go mbord céirde” ceárd go mbeidh bord céirde ann di de thurus na huaire;

cialluíonn an abairt “ceárd gan bhord céirde” ceárd nách ceárd go mbord céirde;

cialluíonn an abairt “coiste céirde ceanntair” coiste céirde ceanntair do bhunuigh bord céirde fé sna Trade Boards Acts, 1909 and 1918;

cialluíonn an abairt “ceárd ainmnithe” ceárd go mbeidh sé dearbhuithe de thurus na huaire fén Acht so gur ceárd ainmnithe í chun crícheanna an Achta so, déanfar tagairtí do chéird ainmnithe do bheith ar siúl, más ceárd í ná beidh ina céird ainmnithe ach i gcuid de Shaorstát Éireann, do léiriú mar thagairtí don chéird sin do bheith ar siúl sa chuid sin de Shaorstát Éireann agus do san amháin;

foluíonn an abairt “oifigeach údaruithe” aon duine go n-údarás i scríbhinn (go generálta no chun críche speisialta) ón Aire chun gach comhachta no aon chomhachta dá mbeidh bronnta agus chun gach dualgais no aon dualgais dá mbeidh curtha ar oifigeach údaruithe fén Acht so d'fheidhmiú agus do chólíonadh;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.

Ceárda ainmnithe.

2. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire le hordú (dá ngairmtear ordú speisialta san Acht so) éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) a dhearbhú gur ceárd ainmnithe aon cheárd áirithe chun crícheanna an Achta so ar fuaid Shaorstáit Éireann no in aon chuid áirithe de Shaorstát Éireann; no

(b) aon ordú bheidh déanta aige cheana fén bhfo-alt so do cheiliúradh no do leasú.

(2) Is fé sna rialacha atá sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus dá réir a déanfar gach ordú speisialta agus is do réir na rialacha so bheidh an nós-imeachta leanfar nuair a bheidh na horduithe sin á ndéanamh.

(3) Foillseofar gach ordú speisialta san Iris Oifigiúil agus fós i pé slí eile is dóich leis an Aire is fearr chun an orduithe speisialta san do chur in úil do dhaoine go mbainfe sé leo.

(4) Tiocfaidh gach ordú speisialta i ngníomh ar pé dáta, tar éis an orduithe sin d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, a luadhfar chuige sin san ordú san no, mara luaidhtear amhlaidh aon dáta den tsórt san, ar dháta an fhoillsithe sin.

(5) Leagfar gach ordú speisialta fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Ceanntair phríntíseachta agus coistí príntíseachta.

3. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú speisialta á dhearbhú gur ceárd ainmnithe i líomatáiste áirithe (pe'ca is ionann an líomatáiste sin agus iomlán Shaorstáit Éireann no nách eadh) aon cheárd áirithe beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an tAire láithreach, le hordú eile, ceanntar príntíseachta chun crícheanna na céirde ainmnithe sin do dhéanamh den líomatáiste sin no dhá cheanntar phríntíseachta no níos mó chun crícheanna na céirde ainmnithe sin do dhéanamh den líomatáiste sin;

(b) bunófar agus coimeádfar ar bun i ngach ceanntar príntíseachta den tsórt san coiste príntíseachta don chéird ainmnithe sin chun na bhfeidhmeanna ceaptar leis an Acht so do choistí príntíseachta d'fheidhmiú sa cheanntar san agus maidir leis an gcéird sin.

(2) Sara ndéanfa sé ordú fén alt so ag déanamh ceanntair phríntíseachta, no ag déanamh dhá cheanntar phríntíseachta no níos mó, chun crícheanna céirde ainmnithe is ceárd go mbord céirde, de líomatáiste raghaidh an tAire i gcomhairle leis an mbord céirde don chéird sin.

(3) Léireofar tagairtí san Acht so do cheanntar choiste phríntíseachta mar thagairtí don cheanntar phríntíseachta ina mbunófar an coiste sin leis an alt so.

Ballra coistí príntíseachta.

4. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach coiste príntíseachta bunófar leis an Acht so do chéird ainmnithe is ceárd gan bhord céirde, sé sin le rá:—

(a) beidh an coiste sin có-dhéanta—

(i) de bhaill (dá ngairmtear baill ionadathacha san Acht so) is ionadaithe leath má leath d'fhostóirí agus d'fhostaithe bhíonn ag gabháil don chéird sin sa cheanntar san, agus

(ii) mara n-orduítear a mhalairt, de bhaill (dá ngairmtear baill cheaptha san Acht so) a cheapfaidh an tAire;

(b) isé líon na mball n-ionadathach ná pé uimhir chothrom a hordófar agus isé líon na mball gceaptha (más ann dóibh) ná pé líon, nách mó ná triúr, a hordófar;

(c) is do réir mar a hordófar a bheidh am agus modh ceaptha na mball n-ionadathach;

(d) beidh baill an choiste sin i seilbh oifige ar feadh pé téarma a hordófar.

(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach coiste príntíseachta bunófar leis an Acht so do chéird ainmnithe is ceárd go mbord céirde, sé sin le rá:—

(a) beidh an coiste sin có-dhéanta—

(i) de bhaill ex-officio, agus

(ii) mar n-orduítear a mhalairt, de bhaill (dá ngairmtear baill cheaptha san Acht so) a cheapfaidh an tAire;

(b) isiad a bheidh ina mbaill ex-officio den choiste sin ná—

(i) má bhíonn an ceanntar san có-theoranta le Saorstát Éireann, na daoine is baill ionadathacha de thurus na huaire, do réir bhrí an Trade Boards Act, 1909, den bhord chéirde don chéird sin, agus

(ii) mara mbeidh sa cheanntar san ach cuid de Shaorstát Éireann agus má bhíonn sé có-theoranta le líomatáiste feidhmiúcháin choiste chéirde cheanntair (más ann do) an bhúird chéirde don chéird sin, na daoine (seachas duine no daoine cheapfaidh an tAire fén Trade Boards Act, 1909, chun bheith ina bhall no ina mbaill den bhord chéirde sin) a bheidh de thurus na huaire ina mbaill den choiste chéirde cheanntair sin;

(c) isé líon na mball gceaptha (más ann dóibh) ná pé líon, nách mó ná triúr, a hordófar;

(d) beidh na baill cheaptha (más ann dóibh) i seilbh oifige ar feadh pé téarma a hordófar.

(3) Mara mbeidh i gceanntar phríntíseachta choiste phríntíseachta do chéird go mbord céirde ach cuid de Shaorstát Éireann agus ná beidh ann don chéird sin de thurus na huaire aon choiste céirde ceanntair go mbeidh a líomatáiste feidhmiúcháin cótheoranta leis an gceanntar san, bunófar an coiste príntíseachta don cheanntar san fén alt so ar gach slí díreach fé is dá mba cheárd gan bhord céirde an cheárd san agus leanfa sé de bheith bunuithe amhlaidh mara ndeintear agus go dtí go ndéanfar coiste céirde ceanntair den tsórt san do bhunú.

(4) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, socrú do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda bhaineann le coistí príntíseachta no le haon tsaghas áirithe coistí príntíseachta do bhunú agus ná deintear socrú ina thaobh leis an alt so, agus féadfaidh, leis na rialacháin sin, socruithe deifriúla den tsórt san do dhéanamh maidir le saghsanna deifriúla coistí príntíseachta.

Cathaoirleach agus rúnaí coistí príntíseachta.

5. —(1) Isé bheidh mar chathaoirleach ar gach coiste príntíseachta ná pé ball den choiste sin a cheapfaidh an tAire agus beidh sé i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é.

(2) Isé an tAire cheapfaidh rúnaí gach coiste príntíseachta, agus beidh gach rúnaí den tsórt san i seilbh oifige ar pé téarmaí agus ar pé coinníollacha agus gheobhaidh sé pé luach saothair agus pé liúntaisí cheapfaidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

An nós-imeachta leanfar ag cruinnithe de choistí príntíseachta.

6. —(1) Isé is quorum do chruinniú de choiste phríntíseachta ná trian de líon iomlán na mball n-ionadathach no na mball ex-officio den choiste sin (pe'ca aca é) agus, má bhíonn aon bhaill cheaptha ar an gcoiste sin, ball ceaptha amháin den choiste sin.

(2) Ag cruinniú de choiste phríntíseachta—

(a) isé cathaoirleach an choiste sin a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú má bhíonn sé i láthair;

(b) mara mbeidh cathaoirleach an choiste sin i láthair, no má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na baill den choiste bheidh i láthair duine dá líon do cheapadh chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(3) Ní bheidh imeachta coiste phríntíseachta gan éifeacht de dheascaibh aon fholúntais imeasc ballra an choiste sin ná de dheascaibh aon lochta i gceapadh, i dtogha, no in ainmniú aon bhaill de.

(4) Fé réir forálacha an Achta so féadfaidh an tAire, le rialacháin a dhéanfa sé fén Acht so, a ordú cadé an nós-imeachta leanfar ag cruinnithe de choistí príntíseachta.

Tuarasgabhála agus cuntaisí o choiste phríntíseachta.

7. —Bhéarfaidh gach coiste príntíseachta don Aire pé tuarasgabhála agus cuntaisí agus fós pé eolas éileoidh sé o am go ham.

Rialacha dhéanfaidh coistí príntíseachta.

8. —(1) Déanfaidh gach coiste príntíseachta na rialacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) rialacha (dá ngairmtear rialacha aicmithe príntíseachta san Acht so) á dhearbhú gurb ionann aon aicme áirithe daoine do bheith ar fostú in aon tslí áirithe sa chéird ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe agus fostú príntíseachta sa chéird sin;

(b) rialacha (dá ngairmtear san Acht so rialacha i dtaobh na tréimhse príntíseachta) maidir leis an tréimhse (agus aon tréimhse thástála d'áireamh) a caithfear ar fostú príntíseachta sa chéird sin i gceanntar an choiste sin;

(c) rialacha (dá ngairmtear san Acht so rialacha i dtaobh na rátaí minimum páigh) maidir leis na rátaí minimum páigh (seachas págh as aimsir bhreise) a híocfar le daoine bheidh ar fostú príntíseachta sa chéird sin sa cheanntar san;

(d) rialacha (dá ngairmtear san Acht so rialacha i dtaobh na n-uaireanna maximum oibre) maidir le méid maxi mum na n-uaireanna (lasmuich d'aimsir bhreise) fhéadfaidh daoine bheidh ar fostú príntíseachta sa chéird sin sa cheanntar san a chaitheamh ag obair aon tseachtain, ach ní i slí go méadófar méid maximum na n-uaireanna san a bheidh ceaptha le haon achtachán eile no fé.

(2) Féadfaidh gach coiste príntíseachta gach riail no aon riail acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) rialacha (dá ngairmtear san Acht so rialacha i dtaobh cáilíochtaí oideachais príntíseach) maidir le cáilíochtaí oideachais daoine bheidh ag dul ar fostú príntíseachta, sa chéird ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe, le daoine go mbíonn an cheárd san ar siúl acu i gceanntar an choiste sin;

(b) rialacha (dá ngairmtear san Acht so rialacha i dtaobh aois tosnuithe na príntíseachta) maidir leis na teoranta aoise gur laistigh díobh a féadfar tosnú ar fostú príntíseachta sa chéird sin sa cheanntar san;

(c) rialacha (dá ngairmtear san Acht so rialacha i dtaobh oiliúna príntíseach) á cheangal ar fhostóirí go mbíonn an cheárd san ar siúl acu sa cheanntar san príntísigh a bhíonn ar fostú acu d'oiliúint agus do mhúineadh i slí áirithe;

(d) rialacha (dá ngairmtear san Acht so rialacha i dtaobh líon na bpríntíseach) á shocrú, maidir le haon fhostóir áirithe go mbíonn an cheárd san ar siúl aige sa cheanntar san, cadé an líon príntíseach (dá ngairmtear an riail-líon san Acht so) is dóich leis an gcoiste sin ba cheart do bheith ar fostú ag an bhfostóir sin sa chéird sin sa cheanntar san agus, más oiriúnach leis an gcoiste príntíseachta san é, féadfar an líon san do chur in úil mar chion den líon daoine d'aon aicme no aicmí bheidh ar fostú o am go ham sa chéird sin sa cheanntar san ag an bhfostóir sin;

(e) rialacha (dá ngairmtear san Acht so rialacha i dtaobh prémium príntíseachta)—

(i) á thoirmeasc aon táille, prémium no comaoine eile (dá ngairmtear prémium príntíseachta san Acht so) do thógaint alos duine do bheith ar fostú príntíseachta sa chéird sin sa cheanntar san, no

(ii) á cheadú prémium príntíseachta do thógaint alos na fostaíochta san agus ag socrú méid an phrémium phríntíseachta san;

(f) rialacha (dá ngairmtear san Acht so rialacha i dtaobh na rátaí minimum páigh aimsire breise) maidir leis na rátaí minimum páigh a híocfar as aimsir bhreise le daoine ar fostú príntíseachta sa chéird sin sa cheanntar san.

(3) Féadfaidh coiste príntíseachta o am go ham, tré rialacha do dhéanamh fén alt so, aon rialacha do rinneadar roimhe sin fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do chur ar neamhní no do leasú no cur leo.

(4) Ní dhéanfaidh coiste príntíseachta rialacha ar bith fén alt so mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar, do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire, fógra míosa do thabhairt go bhfuiltear chun na rialacha san do dhéanamh, ná go dtí go mbreithneoid aon chúis i dtaobh na rialacha san a pléidhfear roimh dheireadh na tréimhse sin.

(5) Gach riail a dhéanfaidh coiste príntíseachta fén alt so leagfar fé bhráid an Aire í chó luath agus is féidir é tar éis a déanta agus ní bheidh feidhm ná éifeacht ar bith ag aon riail den tsórt san mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar í do dhaingniú le hordú ón Aire, ach ar bheith daingnithe amhlaidh di tiocfa sí i ngníomh pé dáta (nách luaithe ná dáta an orduithe sin) a luadhfar chuige sin san ordú san no, mara luaidhtear amhlaidh aon dáta den tsórt san, ar dháta an orduithe sin.

Rialacha do dhaingniú.

9. —(1) Féadfaidh an tAire, maidir le haon riail a leagfaidh coiste príntíseachta fé n-a bhráid fén Acht so, le hordú an riail sin do dhaingniú no diúltú don riail sin do dhaingniú.

(2) Pé uair a dhiúltóidh an tAire do riail a dhéanfaidh coiste príntíseachta fén Acht so do dhaingniú, ansan, i gcás gur riail an riail sin go gceangailtear ar an gcoiste príntíseachta san leis an Acht so í dhéanamh, déanfaidh an coiste príntíseachta san riail nua agus, in aon chás eile, féadfaid a leithéid do dhéanamh, agus bainfidh an t-alt so leis an riail nua san sa tslí chéanna ina mbaineann sé leis an mbun-riail.

Cruthú ar na rialacha.

10. —Féadfar fianaise prima facie ar aon rialacha dhéanfaidh coiste príntíseachta agus a daingneofar le hordú ón Aire fén Acht so do thabhairt i ngach Cúirt Bhreithiúnais agus i ngach imeacht dlí tré chóip de sna rialacha agus den ordú san do clóbhuaileadh fé mhaoirseacht no fé údarás Oifige an tSoláthair agus d'fhoillsigh Oifig an tSoláthair do thaisbeáint.

Míniú ar “fostú príntíseachta”agus ar“príntíseach.”

11. —(1) Má bhíonn rialacha aicmithe príntíseachta do rinne coiste príntíseachta i bhfeidhm de thurus na huaire, ansan, an fostú san go ndearbhuítear leis na rialacha san gur fostú príntíseachta é sa chéird ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe beidh sé, chun crícheanna an Achta so, ina fhostú príntíseachta sa chéird sin i gceanntar an choiste sin.

(2) San Acht so cialluíonn an focal “príntíseach” duine ar fostú príntíseachta sa chéird ainmnithe agus sa cheanntar phríntíseachta gur ina dtaobh a húsáidtear an focal san.

Tréimhse phríntíseachta.

12. —(1) Má bhíonn rialacha i dtaobh na tréimhse príntíseachta do rinne coiste príntíseachta i bhfeidhm de thurus na huaire, ansan, maidir le gach duine bheidh ar fostú príntíseachta sa chéird ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe agus san i gceanntar an choiste sin, tuigfear, más le linn na rialacha san do bheith i bhfeidhm a thosnóidh an fostú san agus d'ainneoin aon chó-aontuithe contrárdha dho san, é bheith ar fostú fé chó-aontú do shighnigh an duine sin agus a fhostóir agus tré n-a n-aontuíonn an fostóir sin an duine sin d'fhostú agus tré n-a n-aontuíonn an duine sin seirbhís do dhéanamh don fhostóir sin ar feadh na tréimhse príntíseachta luaidhtear sna rialacha san, ach féadfaidh an coiste sin, más oiriúnach leis é, an dá pháirtí do scaoileadh o sna hoblagáidí bheidh ortha fé seach fén gcó-aontú bheidh le tuiscint as an alt so, no an có-aontú san d'atharú no, le toiliú an phríntísigh, i gcás ocht mblian déag do bheith slán ag an bpríntíseach, agus, le toiliú tuismitheora an phríntísigh (más ann do), i gcás gan an t-aos san do bheith slán ag an bpríntíseach, sochar agus oblagáidí an fhostóra san fén gcó-aontú san d'aistriú go dtí fostóir eile go mbíonn an cheárd san ar siúl aige sa cheanntar san.

(2) San alt so cialluíonn an focal “tuismitheoir” maidir le príntíseach ná fuil ocht mbliana déag slán aige an té go bhfuil an príntíseach san ina choinneáil dhlíthiúil agus, i gcás gan an príntíseach san do bheith ina chomhnaí i dteanta an duine sin ná ina choinneáil toisc an duine sin do bheith ar iarraidh no ar aon réasún eile, foluíonn an focal an té gur ina theanta atá an príntíseach san ina chomhnaí no gur ina choinneáil atá an príntíseach san.

Toirmeasc ar phágh fé bhun rátaí minimum d'íoc.

13. —(1) Má bhíonn aon rialacha i dtaobh na rátaí minimum páigh do rinne coiste príntíseachta i bhfeidhm de thurus na huaire, ansan, gach fostóir go mbíonn ar siúl aige i gceanntar an choiste sin an cheárd ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe, íocfa sé le gach príntíseach a bheidh ar fostú aige págh do réir ráta no rátaí nách lugha ná an ráta no na rátaí is iníoctha fé sna rialacha san, agus chun críche aon imeacht síbhialta chuirfidh aon phríntíseach den tsórt san ar bun i gcoinnibh an fhostóra san chun páigh do bhaint amach tuigfear connradh dleathach éifeachtúil do bheith déanta ag an bhfostóir sin págh d'íoc leis an bpríntíseach san do réir ráta no rátaí nách lugha ná an ráta no na rátaí is iníoctha fé sna rialacha san.

(2) Má theipeann ar aon fhostóir déanamh do réir an ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air, agus ar dhéanamh an chiontuithe sin féadfaidh an chúirt a ordú don fhostóir sin pé suim a dheallróidh a bheith ag dul don duine ar fostú mar phágh d'íoc i dteanta na fíneála san agus is do réir an ráta no na rátaí minimum is iníoctha fé sna rialacha i dtaobh na rátaí minimum páigh a bhaineann leis an duine sin a háireofar an págh, ach an chomhacht chun a ordú fén bhfo-alt so go n-íocfaí págh ní bhainfe sí o aon cheart a bheidh ag an duine ar fostú chun páigh do bhaint amach tré imeachta ar bith eile.

(3) San alt so agus sa chéad alt ina dhiaidh ní fholuíonn an focal “págh” págh as aimsir bhreise.

Cuntaisí ar phágh a híoctar le príntísigh.

14. —(1) Má bhíonn aon rialacha i dtaobh na rátaí minimum páigh do rinne coiste príntíseachta i bhfeidhm de thurus na huaire, ansan, gach fostóir go mbíonn ar siúl aige i gceanntar an choiste sin an cheárd ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe agus go mbeidh aon phríntíseach ar fostú aige sa chéird sin, beidh sé de dhualgas air cuntaisí do choimeád, ar an bpágh a híoctar agus ar an am a caithtear ag obair, pé cuntaisí is gá chun a thaisbeáint go bhfuiltear ag cólíonadh na rialacha san maidir leis an bpríntíseach san.

(2) Más rud é—

(a) go dteipfidh ar aon fhostóir na cuntaisí sin do choimeád is gá do réir an ailt seo do choimeád, no go dtabharfa sé faillí ina gcoimeád; no

(b) go gcuirfidh aon fhostóir sna cuntaisí sin, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no míthreorach in aon phonc táchtach,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar sé púint do chur air agus fós, i gcás é theip air na cuntaisí sin do choimeád no é do thabhairt faillí ina gcoimeád, fíneáil ná raghaidh thar trí púint in aghaidh gach lae leanfaidh an teip no an fhaillí sin tar éis a chiontuithe.

Toirmeasc ar dhuine do choimeád ag obair ar feadh níos mó ná an líon maximum uaireanna.

15. —(1) Má bhíonn aon rialacha i dtaobh na n-uaireanna maximum oibre do rinne coiste príntíseachta i bhfeidhm de thurus na huaire, ansan, éinne (dá ngairmtear fostóir san alt so) go mbíonn ar siúl aige i gceanntar an choiste sin an cheárd ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe, ní bheidh sé dleathach do a chur fé ndeár d'aon phríntíseach a bheidh ar fostú aige sa chéird sin ná a cheangal air obair do dhéanamh ar feadh níos mo uaireanna (lasmuich d'aimsir bhreise) aon tseachtain ná mar a bheidh curtha síos sna rialacha san.

(2) Má dheineann fostóir ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Cuntaisí ar uaireanna oibre.

16. —(1) Má bhíonn aon rialacha i dtaobh na n-uaireanna maximum oibre do rinne coiste príntíseachta i bhfeidhm de thurus na huaire, ansan, gach fostóir go mbíonn ar siúl aige i gceanntar an choiste sin an cheárd ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe agus go mbeidh aon phríntíseach ar fostú aige sa chéird sin, beidh sé de dhualgas air pé cuntaisí do choimeád is gá chun a thaisbeáint go bhfuiltear ag cólíonadh na rialacha san maidir leis an bpríntíseach san.

(2) Más rud é—

(a) go dteipfidh ar aon fhostóir na cuntaisí sin do choimeád is gá do réir an ailt seo do choimeád, no go dtabharfa sé faillí ina gcoimeád; no

(b) go gcuirfidh aon fhostóir sna cuntaisí sin, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no míthreorach in aon phonc táchtach,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar sé púint do chur air agus fós, i gcás é theip air na cuntaisí sin do choimeád no é do thabhairt faillí ina gcoimeád, fíneáil ná raghaidh thar trí púint in aghaidh gach lae leanfaidh an teip no an fhaillí sin tar éis a chiontuithe.

Toirmeasc ar dhuine do ghlacadh mar phríntíseach gan na cáilíochtaí orduithe oideachais do bheith aige.

17. —(1) Má bhíonn rialacha i dtaobh cáilíochtaí oideachais príntíseach do rinne coiste príntíseachta i bhfeidhm de thurus na huaire, ansan, éinne (dá ngairmtear fostóir san alt so) go mbíonn ar siúl aige i gceanntar an choiste sin an cheárd ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe, ní bheidh sé dleathach do duine ar bith do ghlacadh ar fostú príntíseachta sa chéird sin mara mbeidh ag an duine sin na cáilíochtaí oideachais a bheidh curtha síos sna rialacha san.

(2) Má dheineann fostóir duine ar bith do ghlacadh ar fostú príntíseachta contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Toirmeasc ar dhuine fé bhun na haoise orduithe do ghlacadh mar phríntíseach.

18. —(1) Má bhíonn rialacha i dtaobh aois tosnuithe na príntíseachta do rinne coiste príntíseachta i bhfeidhm de thurus na huaire, ansan, éinne (dá ngairmtear fostóir san alt so) go mbíonn ar siúl aige i gceanntar an choiste sin an cheárd ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe, ní bheidh sé dleathach do duine ar bith do ghlacadh ar fostú príntíseachta mara mbeidh an duine sin laistigh de sna teoranna aoise bheidh luaidhte sna rialacha san.

(2) Má dheineann fostóir duine ar bith do ghlacadh ar fostú príntíseachta contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Fostóirí do mhúineadh na bpríntíseach.

19. —(1) Má bhíonn rialacha i dtaobh oiliúna príntíseach do rinne coiste príntíseachta i bhfeidhm de thurus na huaire, ansan, gach fostóir go mbíonn ar siúl aige i gceanntar an choiste sin an cheárd ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe agus go mbeidh aon phríntíseach ar fostú aige sa chéird sin sa cheanntar san beidh sé de dhualgas air déanamh do réir na bhforálacha san de sna rialacha san a bhaineann leis an bpríntíseach san.

(2) Má theipeann ar aon fhostóir den tsórt san déanamh do réir an ailt seo no má thugann sé faillí i ndéanamh do réir an ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Srian le líon na bpríntíseach.

20. —(1) Má bhíonn aon rialacha i dtaobh líon na bpríntíseach do rinne coiste príntíseachta i bhfeidhm de thurus na huaire agus go mbeidh riail-líon socair leis na rialacha san maidir le haon fhostóir áirithe, ní bheidh sé dleathach don fhostóir sin duine ar bith do ghlacadh ar fostú príntíseachta i gceanntar an choiste sin sa chéird dá mbeidh an coiste sin bunuithe maran rud é—

(a) ná beidh duine ar bith ar fostú ag an bhfostóir sin an uair sin mar phríntíseach sa chéird sin sa cheanntar san no gur lugha ná an riail-líon san an líon daoine bheidh ar fostú amhlaidh an uair sin; agus

(b) go dtiocfadh as an duine sin do ghlacadh ar fostú amhlaidh an líon iomlán de phríntísigh a bheidh ar fostú ag an bhfostóir sin amhlaidh do dhéanamh cóionann leis an riail-líon san.

(2) Má dheineann aon fhostóir den tsórt san duine ar bith do ghlacadh ar fostú príntíseachta contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Oblagáid ar fhostóir príntísigh d'fhostú.

21. —(1) Más rud é go mbeidh aon rialacha i dtaobh líon na bpríntíseach do rinne coiste príntíseachta i bhfeidhm de thurus na huaire agus go mbeidh riail-líon socair leis na rialacha san maidir le haon fhostóir áirithe, ansan, má bhíonn agus pé uair a bheidh an fostóir sin gan aon phríntíseach no gan ach líon príntíseach is lugha ná an riail-líon san ar fostú aige i gceanntar an choiste sin sa chéird dá mbeidh an coiste sin bunuithe, féadfaidh an coiste sin ordú do dhéanamh sa bhfuirm orduithe á cheangal air oiread daoine do ghlacadh ar fostú príntíseachta sa cheanntar san sa chéird sin agus dhéanfaidh an líon iomlán de phríntísigh ar fostú aige sa cheanntar san sa chéird sin có-ionann leis an riail-líon san.

(2) Pé uair a déanfar ordú go cuibhe fén bhfo-alt san roimhe seo maidir le fostóir agus a seirbheálfar an t-ordú san ar an bhfostóir sin féin, beidh sé de dhualgas ar an bhfostóir sin déanamh do réir an orduithe sin laistigh de mhí tar éis na seirbheála san, agus má theipeann san air beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, mara gcuire sé ina luighe ar an gCúirt gur chúis éigin dhó-sheachanta fé ndeár an teip sin, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Srian le prémiumacha príntíseachta do thógaint.

22. —(1) Má bhíonn rialacha i dtaobh prémium príntíseachta do rinne coiste príntíseachta i bhfeidhm de thurus na huaire beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má thoirmeascann na rialacha san prémium príntíseachta do thógaint alos duine do bheith ar fostú príntíseachta sa chéird ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe i gceanntar an choiste sin, ansan ní bheidh sé dleathach d'éinne (dá ngairmtear fostóir san alt so) go mbíonn an cheárd san ar siúl aige sa cheanntar san prémium príntíseachta do thógaint ná do ghlacadh alos na fostaíochta san; agus

(b) má cheaduíonn na rialacha san prémium príntíseachta do thógaint alos na fostaíochta san, ansan ní bheidh sé dleathach d'fhostóir prémium príntíseachta is mó ná an prémium príntíseachta socruítear leis na rialacha san do thógaint ná do ghlacadh alos na fostaíochta san.

(2) Má dheineann fostóir ar bith go mbíonn ar siúl aige i gceanntar coiste príntíseachta an cheárd ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe prémium príntíseachta ar bith do thógaint no do ghlacadh contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air, agus ar dhéanamh an chiontuithe sin féadfaidh an chúirt a ordú don fhostóir sin íoc do dhéanamh leis an té d'íoc an prémium príntíseachta san i suim is có-ionann le méid an phrémium phríntíseachta tógadh no glacadh amhlaidh, i gcás ina dtoirmeascann rialacha i dtaobh prémium príntíseachta do rinne an coiste sin prémium príntíseachta ar bith do thógaint, agus, i gcás ina gceaduíonn rialacha i dtaobh prémium príntíseachta do rinne an coiste sin prémium príntíseachta do thógaint, i suim is có-ionann leis an méid atá an prémium príntíseachta tógadh no glacadh amhlaidh de bhreis ar an bprémium príntíseachta socruítear leis na rialacha san.

Toirmeasc ar phágh aimsire breise fé bhun na rátaí minimum d'íoc.

23. —(1) Má bhíonn aon rialacha i dtaobh na rátaí minimum páigh aimsire breise do rinne coiste príntíseachta i bhfeidhm de thurus na huaire, ansan, gach fostóir go mbíonn ar siúl aige i gceanntar an choiste sin an cheárd ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe, íocfa sé le gach príntíseach a bheidh ar fostú aige ar aimsir bhreise págh aimsire breise do réir ráta no rátaí nách lugha ná an ráta no na rátaí is iníoctha fé sna rialacha san agus chun críche imeacht síbhialta chuirfidh aon phríntíseach den tsórt san ar bun chun páigh aimsire breise do bhaint amach tuigfear connradh dleathach éifeachtúil do bheith déanta ag an bhfostóir sin págh aimsire breise d'íoc leis an bpríntíseach san do réir ráta no rátaí nách lugha ná an ráta no na rátaí is iníoctha fé sna rialacha san pé uair a bheidh an príntíseach san ar fostú ar aimsir bhreise.

(2) Má theipeann ar aon fhostóir déanamh do réir an ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air agus ar dhéanamh an chiontuithe sin féadfaidh an chúirt a ordú don fhostóir sin, pé suim a dheallróidh a bheith ag dul don duine ar fostú mar phágh aimsire breise d'íoc i dteanta na fíneála san agus is do réir an ráta no na rátaí minimum is iníoctha leis an duine sin fé sna rialacha i dtaobh na rátaí minimum páigh aimsire breise bhaineann leis an duine sin a háireofar an págh aimsire breise, ach an chomhacht chun a ordú fén bhfo-alt so go n-íocfaí págh aimsire breise ní bhainfe sí o aon cheart a bheidh ag an duine ar fostú chun an pháigh sin do bhaint amach tré imeachta ar bith eile.

(3) San alt so agus sa chéad alt ina dhiaidh cialluíonn na focail “págh aimsire breise” págh as aimsir bhreise.

Cuntaisí ar phágh aimsire breise a híoctar le príntísigh.

24. —(1) Má bhíonn aon rialacha i dtaobh na rátaí minimum páigh aimsire breise do rinne coiste príntíseachta i bhfeidhm de thurus na huaire, ansan, gach fostóir go mbíonn ar siúl aige i gceanntar an choiste sin an cheárd ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe agus go mbeidh aon phríntíseach ar fostú aige sa chéird sin, beidh sé de dhualgas air cuntaisí do choimeád ar an bpágh aimsire breise a híoctar agus ar an am a caithtear ag obair ar aimsir bhreise, pé cuntaisí is gá chun a thaisbeáint go bhfuiltear ag cólíonadh na rialacha san maidir leis an bpríntíseach san.

(2) Más rud é—

(a) go dteipfidh ar aon fhostóir na cuntaisí sin do choimeád is gá do réir an ailt seo do choimeád, no go dtabharfa sé faillí ina gcoimeád; no

(b) go gcuirfidh aon fhostóir sna cuntaisí sin, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no míthreorach in aon phonc táchtach,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar sé púint do chur air agus fós, i gcás é theip air na cuntaisí sin do choimeád no é do thabhairt faillí ina gcoimeád, fíneáil ná raghaidh thar trí púint in aghaidh gach lae leanfaidh an teip no an fhaillí sin tar éis a chiontuithe.

Cur isteach ar fhostóirí.

25. —(1) Má bhíonn aon rialacha do rinne coiste príntíseachta fén Acht so i bhfeidhm de thurus na huaire ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon ghníomh ná ní do dhéanamh chun bac no cosc no toirmeasc do chur ar fhostóir, go mbíonn ar siúl aige i gceanntar an choiste sin an cheárd ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe, déanamh do réir na rialacha san.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Oideachas príntíseach.

26. —(1) Féadfaidh coiste príntíseachta cúis do phlé leis an Aire Oideachais d'fhonn go ndéanfadh an coiste oideachais ghairme beatha go bhfuil a líomatáiste feidhmiúcháin có-theoranta le ceanntar an choiste phríntíseachta san no ina chuid de, no gur cuid dá líomatáiste feidhmiúcháin an ceanntar san, cúrsaí teagaisc i bhfuirm cheárd-oideachais do chur ar bun, cúrsaí de shaghas a bheidh oiriúnach do phríntísigh a bheidh ag gabháil don chéird ainmnithe dá mbeidh an coiste príntíseachta san bunuithe, agus más dóich leis an Aire sin, tar éis do gach taobh den scéal do bhreithniú, gur cheart géilleadh don chúis sin a pléidheadh no d'aon chuid di, féadfa sé an chúis sin do chur chun an choiste oideachais ghairme beatha san chun í do bhreithniú.

(2) I gcás cúrsa teagaisc i bhfuirm cheárd-oideachais a chur coiste oideachais ghairme beatha ar bun do bheith le fáil ag aon phríntíseach a bheidh ar fostú i gceanntar príntíseachta i gcéird ainmnithe agus an cúrsa san do bheith ar siúl le linn gnáthuaireanna oibre an phríntísigh sin agus in áit a bheidh laistigh de thrí mhíle ón áitreabh ina mbeidh an príntíseach san ar fostú amhlaidh, ar n-a dtomhas do réir na slí is giorra is féidir don phríntíseach san do ghabháil go dleathach agus gan ceataí dho féin, féadfaidh an coiste príntíseachta don cheanntar san chun crícheanna na céirde sin, más oiriúnach leo é, ordú (dá ngairmtear ordú freastail san alt so) do dhéanamh sa bhfuirm orduithe á cheangal ar an bpríntíseach san an cúrsa san do fhreastal.

(3) Pé uair a déanfar ordú freastail go cuibhe maidir le príntíseach agus a seirbheálfar an t-ordú san ar an bpríntíseach san féin, beidh sé de dhualgas ar an bpríntíseach san déanamh do réir an orduithe sin agus má theipeann san air beidh sé ciontach i gcionta fén alt so mara gcuire sé ina luighe ar an gCúirt gur bhreoiteacht no cúis dho-sheachanta eile fé ndeár an teip sin.

(4) Pé uair a déanfar ordú freastail go cuibhe maidir le príntíseach agus a seirbheálfar an t-ordú san ar fhostóir an phríntísigh sin féin, ansan, má bhíonn an príntíseach san ag freastal an chúrsa teagaisc a cheanglann an t-ordú san air do fhreastal, no más mian leis é do fhreastal, beidh sé de dhualgas ar an bhfostóir sin am agus saoire do thabhairt don phríntíseach san chun an chúrsa teagaisc sin do fhreastal gan éinní do bhaint o n-a phágh ná do chur leis na huaireanna fostaíochta ná gan an t-am san d'áireamh mar am caillte, agus má theipeann ar an bhfostóir sin déanamh do réir a n-éilítear leis an bhfo-alt so no má thugann sé faillí sa ní sin beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(5) Gach éinne bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar fiche scilling do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar dachad scilling má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

(6) Aon táillí bheidh iníoctha ag príntíseach le coiste oideachais ghairme beatha maidir le cúrsa teagaisc a bheidh aige á fhreastal de bhuadh orduithe fhreastail déanfaidh an coiste príntíseachta do rinne an t-ordú san iad d'íoc thar ceann an phríntísigh sin.

Feidhmeanna eile coistí príntíseachta.

27. —(1) Cuirfidh gach coiste príntíseachta fiosrúchán ar siúl i dtaobh aon aighnis eireoidh idir fostóir go mbíonn ar siúl aige i gceanntar an choiste sin an cheárd ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe agus aon phríntíseach a bheidh ar fostú aige sa chéird sin sa cheanntar san agus a chuirfidh an fostóir no an príntíseach san fé bhráid an choiste sin agus féachfaidh le haon aighneas go ndéanfar fiosrúchán ina thaobh amhlaidh do shocrú agus bhéarfaidh tuarasgabháil don Aire ar thoradh an fhiosrúcháin sin.

(2) Bhéarfaidh gach coiste príntíseachta tuarasgabháil don Aire ar éinní bhaineann le príntíseacht sa chéird ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe agus a chuirfidh an tAire fé n-a mbráid chun a dtuarasgabhála d'fháil air.

Fógra i dtaobh duine do ghlacadh ar fostú príntíseachta.

28. —(1) Gach fostóir go mbíonn ar siúl aige i gceanntar choiste phríntíseachta an cheárd ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe agus a ghlacfaidh éinne ar fostú príntíseachta sa chéird sin sa cheanntar san déanfa sé, laistigh de dhá sheachtain tar éis an duine sin do ghlacadh ar fostú amhlaidh, an t-eolas orduithe i dtaobh an duine sin do chur chun an choiste phríntíseachta san.

(2) Má theipeann ar aon fhostóir den tsórt san déanamh do réir an ailt seo no má thugann sé faillí sa ní sin beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise de dheich bpúint in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

Fógra go bhfuil deireadh le príntíseacht.

29. —(1) Gach fostóir go mbíonn ar siúl aige i gceanntar choiste phríntíseachta an cheárd ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe agus a scuirfidh d'éinne do bheith ar fostú príntíseachta aige sa chéird sin sa cheanntar san, déanfa sé, laistigh de dhá sheachtain tar éis scur den duine sin do bheith ar fostú aige amhlaidh, an t-eolas orduithe i dtaobh an duine sin do chur chun an choiste phríntíseachta san.

(2) Má theipeann ar aon fhostóir den tsórt san déanamh do réir an ailt seo no má thugann sé faillí sa ní sin beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise de dheich bpúint in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.

Clár de phríntísigh.

30. —(1) Cuirfidh gach coiste príntíseachta fé ndeár clár dá ngairmfear an clár de phríntísigh do choimeád.

(2) Cuirfidh gach coiste príntíseachta fé ndeár go n-iontrálfar sa chlár de phríntísigh a bheidh á choimeád acu eolas ar na daoine glacfar ar fostú príntíseachta no scuirfidh de bheith ar fostú príntíseachta sa chéird ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe agus i gceanntar an choiste sin, an t-eolas a chuirfidh fostóirí na ndaoine sin chucha do réir an Achta so.

(3) Gach clár de phríntísigh a bheidh á choimeád ag coiste príntíseachta beidh sé ar nochtadh gach tráth réasúnta le hiniúchadh ag oifigeach údaruithe agus fós ag éinne go mbíonn ar siúl aige i gceanntar an choiste sin an cheárd ainmnithe dá mbeidh an coiste sin bunuithe.

Ceart éisteachta ag cruinnithe de choistí príntíseachta.

31. —(1) Beidh teideal ag oifigeach údaruithe bheith i láthair ag aon chruinniú de choiste phríntíseachta agus labhairt leis an gcruinniú san ach ní bheidh teideal aige vóta do thabhairt ar éinní bheidh le socrú ag an gcruinniú san.

(2) Beidh ag oifigeach don Aire Oideachais go n-údarás chuige sin i scríbhinn ón Aire sin teideal bheith i láthair ag aon chruinniú de choiste phríntíseachta agus labhairt leis an gcruinniú san ach ní bheidh teideal aige vóta do thabhairt ar éinní bheidh le socrú ag an gcruinniú san.

Fostóirí do thabhairt eolais uatha.

32. —(1) Gach éinne go mbíonn ceárd ainmnithe ar siúl aige déanfa sé, má ceangailtear air é le fógra i scríbhinn sa bhfuirm orduithe sheirbheálfaidh oifigeach údaruithe air no fhágfa sé dho ag a áit ghnótha, an t-eolas a luadhfar sa bhfógra san, i dtaobh gach príntísigh no aon phríntísigh áirithe bheidh ar fostú aige, do thabhairt don oifigeach san laistigh den am agus sa tslí luadhfar sa bhfógra san.

(2) Gach éinne go mbíonn ceárd ainmnithe ar siúl aige agus go dteipfidh air gach colas no aon eolas do thabhairt uaidh do réir an ailt seo a ceanglófar air go cuibhe fén alt so do thabhairt uaidh amhlaidh no do bhéarfaidh uaidh amhlaidh aon eolas den tsórt san is eol do a bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche scilling do chur air.

Comhachta breise oifigeach údaruithe.

33. —(1) Féadfaidh oifigeach údaruithe gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh ina mbíonn ceárd ainmnithe ar siúl má bhíonn cúis réasúnta aige chun a chreidiúint go bhfuil éinne ar fostú san áitreabh san;

(b) a cheangal ar an té go mbíonn ceárd ainmnithe ar siúl aige in aon áitreabh go mbeidh teideal aige dul isteach ann fén mír sin roimhe seo agus ina mbeidh éinne ar fostú, leatháin pháigh, leatháin ama, agus cuntaisí eile ar phágh do thaisbeáint do agus iad d'iniúchadh agus do scrúdú agus cóipeanna do dhéanamh díobh no sleachta do thógaint asta;

(c) dul isteach in aon áitreabh i gceanntar príntíseachta ina mbeidh cúrsaí teagaisc i bhfuirm cheárd-oideachais ar n-a gcur ar bun do choiste oideachais ghairme beatha á dtabhairt má bhíonn cúis réasúnta aige chun a chreidiúint go bhfuil aon phríntíseach i gcéird ainmnithe ag freastal na gcúrsaí sin;

(d) gach éinne do gheobha sé in aon áitreabh go mbeidh teideal aige fén alt so dul isteach ann do cheistniú ina aonar no i láthair éinne eile, fé mar is oiriúnach leis, i dtaobh nithe fén Acht so agus a cheangal ar an duine sin pé ceisteanna chuirfe sé i dtaobh na nithe sin d'fhreagairt agus dearbhú do shighniú gur fíor na freagraí do thug sé ar na ceisteanna san.

(2) Más rud é—

(a) go ndiúltóidh éinne do scríbhinní ar bith do thaisbeáint chun a n-iniúchta a cheanglóidh oifigeach údaruithe air fén alt so do thaisbeáint, no go dtabharfa sé faillí ina dtaisbeáint no go dteipfidh air iad do thaisbeáint amhlaidh, no go gcuirfe sé bac le haon oifigeach údaruithe agus é ag déanamh an iniúchta san no ag déanamh cóipeanna de sna scríbhinní sin no ag tógaint sliocht asta, no

(b) go gcuirfidh éinne cosc no go bhféachfaidh le cosc do chur ar dhuine ar bith do theacht os cóir oifigigh údaruithe, no

(c) go ndiúltóidh éinne go toiliúil do cheisteanna ar bith a chuirfidh oifigeach údaruithe air go dleathach fén alt so do fhreagairt, no

(d) go ndiúltóidh éinne do dhearbhú do shighniú cheanglóidh oifigeach údaruithe go dleathach air fén alt so do shighniú, no

(e) go gcuirfidh éinne bac no cosc ar aon tslí eile ar oifigeach údaruithe agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar ar oifigeach údaruithe leis an alt so,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Deimhnithe oifigeach údaruithe.

34. —Bhéarfaidh an tAire do gach oifigeach údaruithe deimhniú sa bhfuirm orduithe á rá go bhfuil sé ceaptha mar oifigeach údaruithe den tsórt san agus nuair a bheidh an t-oifigeach san ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an Acht so, déanfa sé, má ceangailtear air é, an deimhniú san do thaisbeáint d'éinne le n-a mbaineann sé.

Ciontaí do chúiseamh.

35. —(1) Ní dhéanfaidh éinne ach an tAire no oifigeach údaruithe no duine éigin le cead o cheachtar acu san imeachta do bhunú mar gheall ar chionta fén Acht so.

(2) Féadfaidh an tAire no oifigeach údaruithe no féadfar ar agra ceachtar acu mar chúisitheoir gach cionta fén Acht so do chúiseamh.

Rialacháin i dtaobh na slí ina dtabharfar fógra.

36. —(1) Déanfaidh an tAire rialacháin mar gheall ar an bhfógra bheidh le tabhairt i dtaobh éinní fén Acht so, d'fhonn an ní go mbeidh fógra le tabhairt ina thaobh do chur in úil chó fada agus is féidir é do dhaoine le n-a mbaineann sé i gceanntair phríntíseachta.

(2) Gach duine is sealbhaire ar áitreabh ar bith ina mbíonn ceárd ainmnithe ar siúl déanfa sé, sa tslí a hordófar le rialacháin a déanfar fén alt so, aon fhógra do chur suas ina áitreabh a cheanglóidh na rialacháin sin air do chur suas agus bhéarfaidh fógra ar aon tslí eile, má cheanglann na rialacháin sin air é, do sna daoine bheidh ar fostú aige i dtaobh éinní go gceangaltar fé sna rialacháin sin air fógra do thabhairt ina thaobh.

(3) Má theipeann ar éinne déanamh do réir an ailt seo no má thugann sé faillí sa ní sin beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dachad scilling do chur air.

Ní bheidh feidhm ag na Trade Boards Acts,1909 and 1918.

37. —Pé uair a bheidh rialacha do rinne coiste príntíseachta do chéird go mbórd céirde i bhfeidhm de thurus na huaire scuirfidh na forálacha de sna Trade Boards Acts, 1909 and 1918, a bhaineann le haon nithe is abhar do sna rialacha san, d'éifeacht do bheith acu i gceanntar an choiste sin.

Rialacháin.

38. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

(2) Féadfaidh rialacháin ar bith a dhéanfaidh an tAire fén Acht so baint do bheith acu le cúrsaí iomdha gur le hailt deifriúla den Acht so bronntar an chomhacht chun rialachán do dhéanamh ina dtaobh.

(3) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so, leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh fén rialachán san roimhe sin.

Costaisí ball de choistí príntíseachta.

39. —(1) Íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le baill de choistí príntíseachta cheapfaidh an tAire fén Acht so, pé luach saothair agus costaisí cheadóidh an tAire Airgid.

(2) Íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le baill de choistí príntíseachta (seachas baill a cheapfaidh an tAire fén Acht so), aon chostaisí (ar a n-áirítear cúiteamh i gcailliúint ama) suas go dtí méid a cheadóidh an tAire Airgid fé n-a raghaid mar bhaill den tsórt san.

Costaisí coistí príntíseachta agus an Aire.

40. —(1) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh coistí príntíseachta fén Acht so le haontú an Aire.

(2) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire agus an tAire Oideachais fé seach fén Acht so.

Cearr-theideal.

41. —Féadfar an tAcht Príntíseachta, 1931 , do ghairm den Acht so.

SCEIDEAL.

Nos-Imeachta Chun Ordu Speisialta do Dheanamh.

1. Sara ndéanfa sé ordú speisialta cuirfidh an tAire fé ndeár dréacht den ordú san (dá ngairmtear an bun-dréacht sa Sceideal so) d'ullamhú, agus foillseoidh sé san Iris Oifigiúil, agus i pé slí eile is dóich leis is fearr chun a churtha in úil do dhaoine le n-a mbainfeadh an t-ordú speisialta san dá ndeintí é, fógra i dtaobh é do bheith chun an orduithe speisialta san do dhéanamh, i dtaobh na háite ina bhféadfar cóipeanna de bhun-dréacht an orduithe sin d'fháil agus i dtaobh na haimsire (dá ngairmtear sa Sceideal so an aimsir chun agóidí do dhéanamh) gur laistigh di féadfar aon agóid i dtaobh an bhun-dréachta san do dhéanamh, agus an aimsir chun agóidí do dhéanamh a luadhfar amhlaidh sa bhfógra san ní bheidh sí in aon chás níos giorra ná dachad lá tar éis lá foillsithe an fhógra san san Iris Oifigiúil.

2. Gach éinne dhéanfaidh agóid i gcoinnibh orduithe speisialta do dhéanamh féadfa sé, laistigh den aimsir chun agóidí do dhéanamh i gcoinnibh an orduithe speisialta san a bheidh beartuithe, fógra i scríbhinn do chur chun an Aire i dtaobh a agóide, agus luadhfar sa bhfógra san—

(a) na forais áirithe ar a bhfuil an agóid i gcoinnibh an orduithe speisialta san do dhéanamh bunuithe, agus

(b) na leasuithe (más aon cheann é) ba mhaith leis an duine sin a déanfaí ar bhun-dréacht an orduithe sin.

3. Mara ndeintear aon agóid do réir na rialach san roimhe seo i gcoinnibh orduithe speisialta do dhéanamh no má deintear agóid amhlaidh i gcoinnibh orduithe speisialta do dhéanamh ach gur dóich leis an Aire gur agóid shuaibhreosach an agóid sin féadfa sé ar bheith caithte don aimsir chun agóidí do dhéanamh i gcoinnibh an orduithe speisialta san a bheidh beartuithe, an t-ordú speisialta san do dhéanamh do réir bhun-dréachta an orduithe speisialta san.

4. Mara ndeintear aon agóid do réir Riail 2 den Sceideal so i gcoinnibh orduithe speisialta do dhéanamh, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, bun-dréacht an orduithe sin do leasú, agus sa chás san tuigfear chun crícheanna na bhforálacha san roimhe seo den Sceideal so an bun-dréacht agus é leasuithe amhlaidh do bheith ina bhun-dréacht nua den ordú speisialta san agus bainfidh na forálacha san dá réir sin leis an mbun-dréacht san agus é leasuithe amhlaidh.

5. Más rud é go ndéanfar agóid do réir Riail 2 den Sceideal so i gcoinnibh orduithe speisialta do dhéanamh agus ná leasóidh an tAire bun-dréacht an orduithe speisialta san fén riail sin roimhe seo, cuirfe sé fé ndeár, sara ndéanfa sé an t-ordú speisialta san, maran dóich leis gur agóid shuaibhreosach an agóid sin, fiosrúchán do dhéanamh i dtaobh an orduithe speisialta san do dhéanamh.

6. Féadfaidh an tAire duine ceart oiriúnach do cheapadh chun fiosrúcháin do dhéanamh í dtaobh orduithe speisialta do dhéanamh agus chun tuarasgabhála do thabhairt do ina thaobh san.

7. Is go puiblí déanfar gach fiosrúchán a déanfar fén Sceideal so agus féadfaidh aon oifigeach don Aire agus fós aon daoine gur dóich le neach déanta aon fhiosrúcháin den tsórt san gur daoine iad le n-a mbainfeadh an t-ordú speisialta is abhar don fhiosrúchán san dá ndeintí é, féadfaid teacht i láthair le linn an fhiosrúcháin sin i bpearsain no tré ghníomhairí go n-údarás cuibhe i scríbhinn no tré abhcóide no atúrnae agus féadfaid fianaise do thairisgint.

8. Einne cheapfaidh an tAire chun fiosrúcháin do dhéanamh fén Sceideal so beidh comhacht aige chun fianaise fé mhionn do thógaint agus chuige sin féadfa sé daoine thiocfaidh ina láthair mar fhínnithe do chur fé mhionn.

9. Fé réir na rialach san roimhe seo den Sceideal so is do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire stiúrófar fiosrúchán fén Sceideal so agus imeachta bheidh ann roimhe agus a bhainfidh leis.

10. Íocfar le daoine dhéanfaidh fiosrúcháin fén Sceideal so pé luach saothair agus liúntaisí cheapfaidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

11. Ar fháil tuarasgabhála dho ar fhiosrúchán a déanfar fén Sceideal so i dtaobh orduithe speisialta do dhéanamh breithneoidh an tAire an tuarasgabháil sin agus tar éis é bhreithniú féadfa sé an t-ordú speisialta san do dhéanamh do réir bhun-dréachta an orduithe speisialta san no do réir an bhun-dréachta san agus é atharuithe fé mar is dóich leis is ceart.