16 1932


Uimhir 16 de 1932.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH GO PRÁINNEACH, 1932.


ACHT CHUN A ÚDARÚ DON ARD-CHOMHAIRLE DIÚITÉTHE CUSTUM, DIÚITÉTHE MÁIL AGUS DIÚITÉTHE STAMPA DO GHEARRADH, D'ATHARÚ AGUS DO CHUR AR CEAL LE hORDÚ. [23adh Iúl, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Ard-Chomhairle do ghearradh agus d'atharú diúitéthe.

1. —(1) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach leo é, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh le hordú, sé sin le rá:—

(a) diúité custum, de pé méid is oiriúnach leo, do ghearradh, go gcoinníollacha, teoranta, ais-tarraicí, liúntaisí, saoirsí no rátaí tosaíochta, no dá n-éamuis, ar aon tsaghas no saghsanna áirithe earraí a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann lá áirithe no dá éis agus, más earraí is ionchurtha fé aon diúité eile custum na hearraí sin, an chéad diúité sin a luaidhtear do ghearradh amhlaidh i dteanta no in ionad an diúité eile sin;

(b) atharú do dhéanamh, in aon mhodh no slí ar bith, maidir le hearraí a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann lá áirithe no dá éis, ar aon diúité custum atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith no a gearrfar le haon Acht a rithfear no le haon ordú a déanfar tar éis an Achta so do rith, no ar aon choinníoll, teorainn, ais-tarrac, liúntas, saoirse, no ráta tosaíochta bheidh i bhfeidhm ar dháta an orduithe sin maidir le haon diúité den tsórt san;

(c) teora do chur le haon ghearradh no atharú den tsórt san roimhráite i dtreo ná bainfe sé ach le hearraí a consighneofar o thíortha áirithe no a fásfar, a cuirfear ar fáil, no a déanfar sna tíortha san;

(d) diúité máil do ghearradh, go gcoinníollacha, teoranta, liúntaisí, saoirsí no rátaí tosaíochta, no dá n-éamuis, ar aon ní no rud áirithe o aon lá áirithe amach agus, chun críche an diúité sin, é do dhéanamh riachtanach ceadúnas do thógaint amach chun éinní áirithe do dhéanamh;

(e) atharú do dhéanamh, in aon mhodh no slí ar bith agus o lá áirithe ar bith amach, ar aon diúité máil atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith no a gearrfar le haon Acht a rithfear no le haon ordú a déanfar tar éis an Achta so do rith, no ar aon choinníoll, teorainn, liúntas, saoirse, no ráta tosaíochta bheidh i bhfeidhm ar dháta an orduithe sin maidir le haon diúité den tsórt san;

(f) diúité stampa do ghearradh, go gcoinníollacha, teoranta, liúntaisí, saoirsí no rátaí tosaíochta, no dá n-éamuis, ar aon tsaghas áirithe scríbhinne no gnótha o lá áirithe ar bith amach agus, chun críche an diúité sin, é do dhéanamh riachtanach scríbhinn no fuirm áirithe scríbhinne d'úsáid in aon tsaghas áirithe gnótha no maidir leis an ngnó san;

(g) atharú do dhéanamh, in aon mhodh no slí ar bith agus o lá áirithe ar bith amach, ar aon diúité stampa atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith no a gearrfar le haon Acht a rithfear no le haon ordú a déanfar tar éis an Achta so do rith, no ar aon choinníoll, teorainn, liúntas, saoirse, no ráta tosaíochta bheidh i bhfeidhm ar dháta an orduithe sin maidir le haon diúité den tsórt san;

(h) aon fhoráil reachtúil a rialálann bailiú diúitéthe, no a fhorchuireann pionóisí maidir le diúitéthe, de shaghas aon diúité gearrfar no a hatharófar fén alt so do chur i mbaint (go n-atharú no dá éamuis) le haon diúité no mar gheall ar aon diúité gearrfar no a hatharófar amhlaidh;

(i) aon diúité a gearrfar no a hatharófar fén alt so do chur fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim;

(j) aon ordú do rinneadh roímhe sin fén alt so do leasú, d'atharú, no do cheiliúradh.

(2) Gach ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén alt so beidh éifeacht reachtúil aige nuair a déanfar é, agus, mara ndaingnítear an t-ordú san le hAcht den Oireachtas laistigh d'ocht mí tar éis é do dhéanamh no maran ordú é ná deineann ach ordú do rinneadh roimhe sin fén alt so do chéiliúradh in iomlán, scuirfidh an t-ordú san d'éifeacht reachtúil do bheith aige i gcionn na tréimhse sin d'ocht mí, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

(3) Aon ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén alt so agus a scuirfidh d'éifeacht reachtúil do bheith aige, mar gheall ar an tréimhse d'ocht mí atá luaidhte sa bhfo-alt san roimhe seo do bheith caithte, no a ceiliúrfar tré ordú do dhéanamh fén alt so, ní féadfar é do bhuanú ná d'athnuachaint tré aon ordú eile do dhéanamh (pe'ca roimh an scur san no roimh an ceiliúradh san é no dá éis sin) fén alt so.

(4) Más rud é, nuair a déanfar ordú fén alt so no aon uair ina dhiaidh sin agus sara ndaingnítear an t-ordú san le hAcht den Oireachtas no sara gceiliúrtar é fen alt so no sara scuirfe sé d'éifeacht reachtúil do bheith aige, go mbeidh Dáil Éireann ar ath-ló go ceann tréimhse is sia ná deich lá agus más rud é, le linn Dáil Éireann do bheith ar ath-ló amhlaidh, go ndéanfaidh móráireamh de bhaill Dháil Éireann, tré fhógra i scríbhinn do thabhairt do Cheann Chomhairle Dháil Éireann, a iarraidh go ngairmfí Dáil Éireann le chéile, déanfaidh an Ceann Comhairle sin Dáil Éireann do ghairm chun teacht le chéile ar lá ainmneoidh sé, lá ná beidh níos déanaí ná lá is fiche tar éis don Cheann Chomhairle sin an fógra san d'fháil ná níos luatha ná deich lá tar éis na gairme sin do thabhairt amach.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 , do ghairm den Acht so.