18 1932


Uimhir 18 de 1932.


ACHT NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1932.


ACHT CHUN ACHTANNA NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1908 GO 1928, AGUS ACHT NA nDALL, 1920, DO LEASÚ.

[2adh Lúnasa, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “Acht 1908” an Old Age Pensions Act, 1908;

cialluíonn an abairt “Acht 1911” an Old Age Pensions Act, 1911;

cialluíonn an abairt “Acht 1919” an Old Age Pensions Act, 1919;

cialluíonn an abairt “Acht 1924” Acht na bPinsean Scan-Aoise, 1924 (Uimh. 19 de 1924) .

Coinníoll reachtúil nua do chur in ionad seana-choinníll.

2. —(1) In ionad an dara coinníll reachtúla atá i mír (2) (a hathghairmtear leis an Acht so) d'alt 2 d'Acht 1908, achtuítear leis seo go mbeidh sé ina choinníoll chun éinne d'fháil pinsin tsean-aoise a bheith ar an duine sin a chur ina luighe ar na húdaráis phinsin go bhfuil sé tar éis bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann ar feadh tréimhse iomláine nách giorra ná triocha bliain, agus gur tar éis do aois chaogad blian do shlánú do caitheadh sé bliana ar a laighead den tréimhse sin i gcás saoránaigh de Shaorstát Éireann no sé bliana déag ar a laighead den tréimhse sin i gcás éinne eile.

(2) Chun críche an choinníll reachtúla forchuirtear de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo den alt so tuigfear gur saoránach de Shaorstát Éireann bean a phós eachtrannach dá mba saoránach de Shaorstát Éireann í dá mbeadh sí gan pósadh amhlaidh.

(3) Chun tréimhse chomhnaithe aon duine i Saorstát Éireann do dhéanamh amach chun críche an choinníll reachtúla forchuirtear de bhuadh an chéad fho-ailt den alt so, déanfar aon fhaid do bhí sé as láthair go sealadach o Shaorstát Éireann agus nách sia ná sé mí i rith na tréimhse sin, aon chomhnaí do bhí air i Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí i rith na tréimhse sin agus roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag. 1922, agus aon fhaid do bhí sé as láthair o Shaorstát Éireann i rith na tréimhse sin agus go ndearna sé le n-a linn aon mhuirear i Saorstát Éireann do chothú no congnamh do thabhairt chuige sin, déanfar iad san d'áireamh sa tréimhse sin agus beid ina gcuid di.

Acfuinn fhir chéile no bhain-chéile do dhéanamh amach.

3. —In ionad forálacha (a hathghairmtear leis an Acht so) fo-ailt (2) d'alt 2 d'Acht 1911 mar a leasuítear é le fo-alt (2) d'alt 4 d'Acht 1919 achtuítear leis seo nuair a beifear ag déanamh amach acfuinne duine is duine de lánúin atá in aon-tigheas go mbeidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear gurbh é is acfuinn an duine sin ann ná leath acfuinne iomláine na lánúna san;

(b) tuigfear an duine sin do bheith i dteideal leath na maoine go léir chun a bhfuil teideal ag an duine sin, no ag an duine eile den lánúin sin no chun a bhfuil teideal ag an duine sin agus ag an duine eile sin le chéile:

(c) má éagann duine de lánúin ní déanfar éinní do háirmhíodh no a háirmheofaí (dá mbeadh an duine éagtha san i dteideal pinsin tsean-aoise d'fháil) mar acfuinn leis an duine éagtha san chun crícheanna Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1928, d'áireamh mar acfuinn leis an duine beo den lánúin sin chun pinsin an duine bheo san do laigheadú má rinneadh aon íocaíocht alos an phinsin sin d'íoc roimh bhás an duine éagtha san no má thagann sí chun bheith iníoctha alos tréimhse go raibh a hiomlán no cuid di roimh an mbás san.

Alt 5 d'Acht 1911 do leasú.

4. —Leasuítear leis seo alt 5 d'Acht 1911 tré sna focail “Saorstát Éireann” do chur in ionad na bhfocal “United Kingdom” i mír (a) den alt san agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 4 (1) (a) d'Acht 1919 do chur i mbaint.

5. —Bainfidh clás (a) d'fho-alt (1) d'alt 4 d'Acht 1919 le gach cás le n-a mbainfeadh alt 5 (a hathghairmtear leis an Acht so) d'Acht 1924 dá mba ná hathghairmfí amhlaidh é.

Finsin do dhaill os cionn 30 blian.

6. —In ionad ailt 1 (a hathghairmtear leis an Acht so) den Blind Persons Act, 1920, achtuítear leis seo go mbeidh gach dall go bhfuil aois triochad blian slán aige i dteideal pinsin d'fháil agus leanúint d'é d'fháil. pé pinsean a bheadh sé i dteideal fé Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1928, mar a leasuítear leis an Acht so iad, d'fháil dá mbeadh aois seachtó blian slán aige, agus bainfidh forálacha na nAchtanna so mar a leasuítear amhlaidh iad (agus na forálacha maidir le costaisí d'áireamh ach gan na forálacha d'fho-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1908 a bhaineann le clárathóirí beireataisí agus básanna do thabhairt fógraí uatha d'áireamh) bainfid ar gach slí leis na daoine sin fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) in ionad an chéad choinníll reachtúla atá in alt 2 d'Acht 1908 cuirfear an coinníoll go gcaithfidh an duine bheith ina dhuine go bhfuil aois triochad blian slán aige agus a chuireann ina luighe ar na húdaráis phinsin go bhfuil sé chó dall san nách féidir leis aon obair do dhéanamh 'na bhfuil amharc na súl riachtanach le n-a haghaidh no nách féidir leis leanúint dá ghnáthshlí bheatha; agus

(b) má bhíonn na húdaráis phinsin sásta gurbh fhéidir le duine fostuíocht no slí bheatha go luach saothair d'fháil no do bheith ar siúl aige do bheadh feiliúnach dá shláinte agus dá staid sa tsaol, ansan, an luach saothair go bhféadfaí, dar leis na húdaráis phinsin, bheith ag súil go réasúnta é do bheith le fáil ag an duine sin as an bhfostuíocht no as an slí bheatha san ach í sin d'fháil no do bheith ar súil aige, déanfar é do chur san áireamh chun acfuinne an duine sin do dhéanamh amach; agus

(c) in ionad an choinníll reachtúla a chuireann an tAcht so in ionad an dara coinníll reachtúla atá san alt san 2 cuirfear an coinníoll go mbeidh ar an duine a chur ina luighe ar na húdaráis phinsin go bhfuil sé, o shlánuigh sé ocht mbliana déag d'aois, tar éis bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann ar feadh tréimhse iomláine de shé bliana, más saoránach de Shaorstát Éireann é, agus ar feadh tréimhse iomláine de shé bliana déag, maran saoránach den tsaghas san é, agus na forálacha den Acht so, maidir leis an gcoinníoll reachtúil sin do céad-luadhadh do léiriú bainfid le léiriú an choinníll a forchuirtear leis an mír seo.

Cosaint do phinsin atá a n-íoc cheana.

7. —Aon duine le n-ar híocadh íocaíocht ar bith alos pinsin tsean-aoise roimh thosach feidhme an Achta so ní bainfear an pinsean san de ná ní déanfar aon laigheadú ar an bpinsean san de bhíthin éinní atá san Acht so más rud é ná beadh sé i mbaol an pinsean san do bhaint de ná do laigheadú air (do réir mar bheidh) dá mba ná rithfí an tAcht so.

Is údarás áitiúil chun crícheanna áirithe coiste no fo-choiste pinsean.

8. —Beidh gach coiste pinsean áitiúil agus gach fo-choiste cheapfaidh coiste pinsean áitiúil fé alt 8 d'Acht 1908 ina údarás áitiúil chun críche ailt 15 den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923) , agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Athghairm.

9. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal, léiriú, luadh agus tosach feidhme.

10. —(1) Féadfar Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin le hAchtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1928, agus féadfar Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1932, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an lá socrófar chuige sin le hordú a dhéanfaidh an tAire Airgid tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

SCEIDEAL.

ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.

Siosón agus caibideal no uimhir agus bliain.

Gearr-theideal.

Méid na hathghairme.

8 Edw. VII., c. 40.

Old Age Pensions Act, 1908.

Mir (2) d'alt 2; mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 3.

1 & 2 Geo. V., c. 16.

Old Age Pensions Act, 1911.

Mir (d) d'fho-alt (1) agus fo-alt (2) d'alt 2; alt 3.

9 & 10 Geo. V., c. 102.

Old Age Pensions Act, 1919.

Alt 2; fo-alt (1) d'alt 3; fo-alt (2) d'alt 4.

10 & 11 Geo. V., c. 49.

Blind Persons Act, 1920.

Alt 1.

Uimh. 19 de 1924 .

Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924.

Ailt 5 agus 7.