20 1932


Uimhir 20 de 1932.


ACHT AIRGID, 1932.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE DE CHUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE, MARAON LE MÁL, D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH, CHUN AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE, MARAON LE MÁL, DO LEASÚ, AGUS CHUN TUILLE FORÁLACHA I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH. [4adh Lúnasa, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Cain Ioncuim.

Cáin Ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1932-33.

1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán. 1932, éileofar cáin ioncuim do réir chúig scillinge fén bpúnt.

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1932, éileofar for-cháin ar ioncum aon duine aonair gur mó ná míle agus cúig céad púnt iomláine a ioncuim o gach taobh, agus is do réir na rátaí céanna gur dá réir a héilítear í in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán. 1931, a héileofar amhlaidh í.

(3) Na forálacha reachtúla agus eile bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1931, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach agus fós na forálacha den Acht so i dtaobh na for-chánach in aghaidh na bliana san, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha eile an Achta so, maidir leis an gcáin ioncuim agus leis an bhfor-cháin a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1932.

For-cháin in aghaidh na bliana 1931-32.

2. —(1) D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá in alt 1 den Acht Airgid. 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), éileofar for-cháin in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1931, ar ioncum aon duine aonair gur mó ná míle agus cúig céad púnt iomláine a ioncuim o gach taobh agus is do réir na rátaí seo leanas, in ionad na rátaí dá dtagartar san alt san 1, a héileofar amhlaidh í, sé sin le rá:—

Alos an chéad mhíle agus cúig céad púnt

den ioncum     ...     ...     ...     ...

Dada.

Alos na breise os cionn míle agus cúig céad punt,

in aghaidh gach púint den chéad chúig

céad púnt den bhreis ...     ...     ...

Reul.

in aghaidh gach púint den chéad mhíle

púnt eile den bhreis     ...     ...     ...

Scilling.

in aghaidh gach púint den chéad mhíle

púnt eile den bhreis     ...     ...     ...

Scilling agus

naoi bpingne.

in aghaidh gach púint den chéad mhíle

púnt eile den bhreis     ...     ...     ...

Dhá scilling

agus reul.

in aghaidh gach púint den chéad mhíle

púnt eile den bhreis     ...     ...     ...

Trí scillinge

agus leath-reul.

in aghaidh gach púint den chéad dhá

mhíle púnt eile den bhreis     ...     ...

Ceithre scillinge.

in aghaidh gach púint den chéad dhá

mhíle púnt eile den bhreis     ...     ...

Ceithre scillinge agus naoi bpingne.

in aghaidh gach púint den chéad dheich

Cúig scillinge

míle púnt eile den bhreis     ...     ...

agus reul.

in aghaidh gach púint den chuid eile

Sé scillinge

den bhreis     ...     ...     ...

agus leath-reul.

(2) Is fé réir forálacha an ailt seo bheidh éifeacht ag alt 3 den Acht Airgid. 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), maidir leis an bhforcháin in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán. 1931.

Liúntaisí áirithe d'atharú.

3. —(1) Déanfar an fhoráil seo leanas do chur in ionad ailt 16 den Finance Act, 1920, agus is dá réir sin a léireofar Cuid II den Acht san agus a bheidh éifeacht aici, sé sin le rá:—

“An individual who makes, in the manner prescribed by the Income Tax Acts, a claim in that behalf and makes a return in the prescribed form of his total income shall, for the purposes of ascertaining the amount of his assessable income for the purpose of income tax, be allowed a deduction from the amount of his earned income of a sum equal to—

(a) one-sixth of so much of that income as does not exceed four hundred and fifty pounds; and

(b) one-tenth of so much of that income as exceeds four hundred and fifty pounds;

but not exceeding, in the case of any individual, the sum of two hundred pounds.”

(2) Déanfar fo-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “one hundred and twenty-five pounds” do chur isteach ann in ionad na bhfocal “one hundred and thirty-five pounds.”

(3) Déanfar fo-alt (1) d'alt 21 den Finance Act, 1920, do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “each such child to a deduction of fifty pounds” do chur isteach ann in ionad na bhfocal “one child to a deduction of thirty-six pounds and in respect of each subsequent child to a deduction of twenty-seven pounds.”

(4) Déanfar an fhoráil seo leanas do chur in ionad ailt 23 den Finance Act, 1920, sé sin le rá:—

“An individual who makes, in the manner prescribed by the Income Tax Acts, a claim in that behalf and makes a return in the prescribed form of his total income shall be entitled to be charged at half the standard rate of tax on the first one hundred pounds of his taxable income.”

Na tagairtí uile atá sa Finance Act, 1920, no in aon Acht ina dhiaidh sin, don alt san 23 no d'aon tsuim atá luaidhte san alt san léireofar iad agus beidh éifeacht acu fé réir an churtha in ionad a deintear leis an bhfo-alt so agus fé réir aire cuibhe do thabhairt don chur in ionad san.

Pinsin, etc., áirithe do bheith ionchurtha fé cháin.

4. —(1) I gcás duine do bheith scurtha de bheith i seilbh oifige no fostaíochta agus an duine fé n-a raibh sé i seilbh na hoifige sin no ag a raibh sé ar fostú amhlaidh, no oighrí, seiceadúirí, riarthóirí no comharbaí an duine sin, do bheith ag íoc pinsin, blianachta, no íocaíochta bliantúla eile leis no le n-a bhaintrigh no le duine clainne leis no le héinne dá ghaolta no dá chúram, ansan, tuigfear, chun cánach ioncuim do mheas. gur ioncum an pinsean, an bhlianacht, no an íocaíocht bhliantúil eile sin d'ainneoin gur de shaor-thoil a híoctar san no gur féidir deireadh do chur leis, agus déanfar é do cháinmheas agus do mhuirearú fé Sceideal D den Income Tax Act, 1918, no fé Sceideal E den Acht san, pe'ca aca is gá sa chás.

(2) Chun deireadh do chur le hamhrais dearbhuítear agus achtuítear leis seo go bhfolóidh an focal “annuity” agus an focal “pension” sa bhforáil mhuirearach de Sceideal E den Income Tax Act, 1918, agus go dtuigfear gur fholuíodar riamh fé seach blianacht a híoctar de shaor-thoil no gur féidir deireadh do chur leis agus pinsean a híoctar de shaor-thoil no gur féidir deireadh do chur leis.

Seiceadúirí agus riarthóirí daoine atá tar éis bháis do cháinmheas.

5. —(1) Déanfar agus deintear leis seo an Riail seo leanas do chur isteach sna Rialacha Generálta bhaineann le Sceidil A, B, C, D, agus E den Income Tax Act, 1918, in ionad Rialach 18 atá anois ann agus léireofar na Rialacha san agus beidh éifeacht acu dá réir sin, sé sin le rá:—

“18.—(1) I gcás duine d'fháil bháis roimh an 6adh lá d'Abrán, 1932, no ar an lá san no dá éis sin féadfar cáinmheas no céad cháinmheas breise (pe'ca aca é) do dhéanamh, in aghaidh na bliana cáinmheasa ina bhfuair an duine sin bás no in aghaidh aon bhliana no blianta de sna sé bliana díreach roimh an mbliain sin ar an mbrabús no ar an sochar do tháinig no d'fhas chun an duine sin sara bhfuair sé bás, agus beidh suim na cánach ar an mbrabús no ar an sochar san ina fiacha bheidh ar estát an duine sin agus iníoctha as, agus beidh seiceadúir no riarthóir an duine sin ioncháinmheasta agus ionmhuirir maidir leis an gcáin sin.

(2) Ní déanfar aon cháinmheas fén riail seo níos déanaí ná sé bliana tar éis don bhliain cháinmheasa do bheith caithte ná, in aon chás, níos déanaí ná trí bliana tar éis don bhliain cháinmheasa do bheith caithte in ar cailleadh an duine marbh.

(3) Déanfaidh seiceadúir no riarthóir aon duine mhairbh den tsaghas san, ar san do cheangal air le fógra ar leithligh, cuntas cruinn fírinneach i scríbhinn d'ullmhú agus do sheachadadh don chigire chánach agus é fé láimh an tseiceadúra no an riarthóra san agus mion-innste ann, chó fada le n-a bhreithiúntas agus le n-a thuairim, ar an mbrabús no ar an sochar do tháinig no d'fhás chun an duine mhairbh sin roimh bás d'fháil do agus gur ina thaobh atá an seiceadúir no an riarthóir sin ioncháinmheasta fén riail seo, agus na forálacha de sna hAchtanna Cánach Ioncuim i dtaobh cuntaisí bheidh le seachadadh ag duine ar bith. bainfid. tar éis aon atharuithe do dhéanamh ortha is gá. le cuntaisí bheidh le seachadadh fén riail seo.

(4) Ní bhainfidh éinní sa riail seo le cuntaisí bheidh le seachadadh ná le cáinmheasta bheidh le déanamh i dtaobh céirde, gairme, no slí bheatha bhí ar siúl ag beirt daoine no níos mó le chéile, ná ní dhéanfa sé deifir do chuntaisí ná do cháinmheasta den tsórt san.”

(2) An Riail a deintear, leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so, a chur isteach sna Rialacha Generálta bhaineann le Sceidil A, B, C, D, agus E den Income Tax Act, 1918, beidh éifeacht aici maidir le cáinmheasta déanfar tar éis an Achta so do rith alos cánach is inéilithe in aghaidh aon bhliana cáinmheasa pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do thosnuigh an bhliain, sin.

(3) Na tagairtí atá i bhfo-alt (3) d'alt 10 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), do dhuine scuirfidh de bheith i seilbh buin ioncuim no bhrabúis léireofar iad mar thagairtí do scur do thárla de dheascaibh an duine sin d'fháil bháis agus é i seilbh an bhuin ioncuim no bhrabúis chó maith le tagairtí do scur do thárla agus an duine sin ina bheathaidh, agus tuigfear chun crícheanna an fho-ailt sin (3) scur do theacht as an duine sin d'fháil bháis amhlaidh, agus tuigfear an scur san do thárlachtaint an lá fuair an duine sin bás agus bainfidh an t-alt san 10 leis an gcás agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(4) An tagairt atá i bhfo-alt (1) d'alt 12 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), d'eirghe as céird, gairm no slí bheatha léireofar í mar thagairt d'eirghe-as do thárla de dheascaibh an duine go raibh an cheárd, an ghairm, no an tslí bheatha san ar siúl aige d'fháil bháis agus í ar siúl aige chó maith le tagairt d'eirghe-as do thárla agus an duine sin ina bheathaidh, agus tuigfear chun crícheanna an ailt sin 12 eirghe-as do theacht as an duine sin d'fháil bháis amhlaidh agus tuigfear an t-eirghe-as san do thárlachtaint an lá do fuair an duine sin bás agus bainfidh an t-alt san leis an gcás agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Cíos as áitreabh gnótha do cháinmheas.

6. —(1) Déanfar an riail seo leanas do chur leis na rialacha bhaineann le Cás III de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, sé sin le rá:—

“5. In ainneoin éinní atá i Sceideal A no sna rialacha bhaineann leis no in alt 187 den Income Tax Act, 1918, beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí Ioncuim, in aon chás ina mbeidh an cíos bliantúil is iníoctha ar aon áitreabh a bheidh ar seilbh chun crícheanna aon chéirde, gairme no slí bheatha níos mó ná an luach bliantúil do rinneadh amach mar a horduítear leis an alt san 187, beidh sé dleathach dóibh a chur fé ndeár cáinmheas do dhéanamh, ar an té bheidh ag fáil no i dteideal an chíosa san, alos pé méide den bhreis, a bheidh ag an gcíos san ar an luach bliantúil sin, agus a dhéanfaidh suas, i dteanta méide an cháinmheasa fé Sceideal A, méid iomlán an ioncuim a thagann as an áitreabh san do chur ar cíos.

Ní tuigfear áitreabh do bheith ar seilbh chun crícheanna aon chéirde, gairme ná slí bheatha do réir bhrí na rialach so más mar áit chomhnaithe is mó bhíonn sé ar seilbh agus gan aon chuid de ar seilbh chun crícheanna céirde ach cuid de ar seilbh chun crícheanna gairme no slí bheatha.

Is do réir rialach 2 de sna rialacha bhaineann leis an gCás so a déanfar amach aon cháinmheas a déanfar fén riail seo.

Tuigfear gurb é is cíos ann chun crícheanna na rialach so ná an méid iomlán is iníoctha ag an sealbhaire, agus nuair a bheidh an méid is inéilithe fén riail seo á dhéanamh amach déanfar laigheadú mar gheall ar aon chuid den chíos san a bheidh caillte ar fad agus gan aon fháil uirthe, agus mar gheall ar aon chuid den chíos san le n-a mbeidh scartha go toilteanach tré chó-aontú leis an sealbhaire agus fós mar gheall ar aon tsuimeanna go mbeidh sé d'oblagáid, de bhíthin có-aontuithe leis an sealbhaire, ar an té bheidh ag fáil no i dteideal an chíosa iad d'íoc no cúiteamh do dhéanamh ionta as an gcíos alos aon rátaí no cáinmheasanna is inéilithe do réir dlí ar an sealbhaire, agus déanfar laigheadú, leis, mar gheall ar chostas choinneála-i-dtreo, dheisiúcháin, árachais agus bhainistí gurb é duine ar a mbeidh a íoc no a mhuirear sa deireadh ná an té bheidh ag fáil no i dteideal an chíosa san.

Más fén riail seo a déanfar cáinmheas fé Sceideal D ní deonfar aon liúntas fé Rialacha 7 agus 8 d'Uimh. V de Sceideal A ná fé alt 203.

Má bhíonn cíos is mó ná an luach bliantúil do rinneadh amach mar a horduítear leis an alt san 187 iníoctha ag an duine bheidh fé cháinmheas, ansan, nuair a bheidh méid an cháinmheasa fén riail seo á dhéanamh amach, ní déanfar aon laigheadú mar gheall ar an gcíos san, ach nuair a bheidh an duine bheidh fé cháinmheas ag íoc an chíosa san beidh sé i dteideal suim do bhaint agus do choimeád as, i dteanta na cánach ioncuim a bheidh sé i dteideal a bhaint as fé rialacha Sceidil A, suim is có-ionann le méid na cánach ar an mbreis a bheidh ag an gcíos ar an luach bliantúil sin agus an cháin sin do réir an ráta no na rátaí cánach do bhí i bhfeidhm i rith na tréimhse gur le n-a linn do bhí an íocaíocht san ag teacht chun bheith dlite.

Gach duine bheidh i seilbh áitreibh ar bith chun críche aon chéirde, gairme no slí bheatha déanfa sé, ar san do cheangal air le fógra o chigire chánach agus laistigh den am a ceapfar leis an bhfógra san, cuntas d'ullamhú agus do sheachadadh don chigire sin ina luadhfar—

(a) ainm agus áit chomhnaithe gach duine le n-a bhfuil cíos iníoctha aige ar an áitreabh san no ar aon chuid den áitreabh san, agus

(b) cad is méid do gach cíos is iníoctha amhlaidh aige, agus

(c) mion-innste ar gach có-aontú maidir leis an áitreabh san no maidir le haon chuid den áitreabh san do choinneáil i dtreo, do dheisiú, no do choimeád fé árachas no maidir le haon rátaí no cánacha d'íoc is iníoctha no atá mar mhuirear ar an áitreabh san no ar aon chuid den áitreabh san.

Na forálacha de sna hAchtanna Cánach Ioncuim a bhaineann le n-a theip ar dhuine liostaí, dearbhuithe, agus ráitisí do sheachadadh do réir fógra ghenerálta no speisialta bainfid leis na cuntaisí sin a héilítear leis an riail seo.”

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) d'alt 10 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), le haon ioncum a cáinmheasfar fé Riail 5 a deintear leis an alt so a chur leis na rialacha bhaineann le Cás III de Sceideal D den Income Tax Act, 1918.

Faoiseamh do dhaoine go mbeidh airgead acu in urrúis i Saorstát Éireann.

7. —(1) Má dheineann duine aonair a chomhnuíonn i Saorstát Éireann agus ná comhnuíonn in áit ar bith eile a rá agus a chruthú chun sástachta na gCoimisinéirí Speisialta go bhfuil sé i dteideal únaerachta chun tairbhe ar aon stoc, scaireanna. no urrús le n-a mbaineann an t-alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh an duine aonair sin i dteideal aisíoc d'fháil i bhfiche per cent. den cháin ioncuim a bhainfidh le haon dividendum no ús a gheobha sé alos an stuic, na scaireanna, no an urrúis sin, ach amháin sa mhéid go ndearnadh no go ndéanfar faoiseamh no aisíoc alos na cánach san do dheonadh fé aon fhoráil eile de sna hAchtanna Cánach Ioncuim;

(b) nuair a bheidh ioncum iomlán an duine aonair sin o gach taobh á mheas chun crícheanna cánach ioncuim agus for-chánach tuigfear méid aon dividendum no úis alos an stuic, na scaireanna, no an urrúis sin do bheith laigheaduithe fiche per cent.

(2) Bainfidh an t-alt so le gach stoc, scair agus urrús do bhéarfar amach tar éis an Achta so do rith chun go gceannódh an phuiblíocht é agus go ndeimhneoidh an tAire Airgid ina thaobh go bhfuil sé sásta, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, go bhfuil an stoc, an scair, no an t-urrús san do réir na gcoinníollacha uile seo leanas, sé sin le rá:—

(a) gur stoc, scair no urrús é atá á thabhairt amach no tugtha amach ag cuideachtain atá do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) go bhfuil an chuideachta san ionchorparuithe do réir dlithe Shaorstáit Éireann no fútha, agus

(ii) gur cuideachta atá teoranta le scaireanna do réir bhrí an Companies (Consolidation) Act, 1908, an chuideachta san, agus

(iii) gur i Saorstát Éireann atá an chuideachta san á bainistí agus á stiúrú, agus

(iv) gur i Saorstát Éireann atá a gnó, ar fad no nách mór ar fad, ar siúl ag an gcuideachtain sin no (i gcás cuideachtan ná fuil gnó ar siúl fós aici) atá beartuithe aici é bheith ar siúl aici; agus

(b) go bhfuil an caipital do cruinníodh tríd an stoc, an scair, no an t-urrús san do thabhairt amach, go bhfuil sé á chur no le cur no curtha cheana féin chun tionnscail no tionnscal, mar a mínítear san leis an alt so, do bhunú no do leathnú i Saorstát Éireann; agus

(c) ná fuil aon chuid den chaipital san do cruinníodh amhlaidh le húsáid ná á húsáid ná úsáidthe cheana féin chun gnótha atá ann cheana ná chun aon scaire ná leasa i ngnó atá ann cheana d'fháil (go díreach ná go nea-dhíreach), ná chun súncálanna do cheannach ná chun iasachtaí ná debentiúirí atá ann cheana do ghlanadh; agus

(d) go dtuairiscítear agus go gcomharthuítear an tabhairtamach stuic, scaireanna, no urrúis sin i dtreo gur uiriste í d'aithint thar na tabhartha-amach eile go léi: (más aon cheann é) do rinne an chuideachta san.

(3) Gach barántas seic no ordú tarraiceofar no déanfar chun aon dividendum no úis d'íoc alos aon stuic, scaire no urrúis le n-a mbaineann an t-alt so, luadhfar ann go soiléir (do réir mar is gá sa chás)—

(a) gurb é tá in iomlán na suime gur ina cóir do tarraigeadh no do rinneadh an barántas, an seic, no an t-ordú san ná íocaíocht dhividendum no úis no íocaíocht choda de dhividendum no d'ús alos an stuic, na scaire, no an urrúis sin; no

(b) gurb é tá i gcuid ('na luaidhtear a méid ar leithligh) den tsuim sin ná íocaíocht dhividendum no úis, no íocaíocht choda de dhividendum no d'ús, den tsórt san.

(4) Scuirfidh aon stoc, scair no urrús le n-a mbaineann an t-alt so de bheith ina stoc, ina scair, no ina urrús (pe'ca aca é) le n-a mbaineann an t-alt so má dheimhníonn agus nuair a dheimhneoidh an tAire Airgid, i dtaobh an stuic, na scaire no an urrúis sin, go bhfuil sé sásta, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála—

(a) go bhfuil an chuideachta thug amach an stoc, an scair, no an t-urrús san tar éis scuir de bheith do réir na bhforálacha atá leagtha amach i mír (a) d'fho-alt (2) den alt so; no

(b) go bhfuil an caipital do cruinníodh tríd an stoc, an scair no an t-urrús san do thabhairt amach, go bhfuil a iomlán no cuid de á chur, no curtha cheana féin, chun crícheanna eile seachas chun tionnscail no tionnscal, mar a mínítear san leis an alt so, do bhunú no do leathnú i Saorstát Éireann; no

(c) go bhfuil an caipital san, a iomlán no cuid de á úsáid contrárdha do mhír (c) d'fho-alt (2) den alt so; no

(d) go bhfuil scurtha den tabhairt-amach stuic, scaireanna, no urrúis sin do thuairisciú agus do chomharthú do réir mhíre (d) d'fho-alt (2) den alt so; no

(e) ná fuil fo-alt (3) den alt so á chólíonadh maidir leis an stoc, leis an scair, no leis an urrús san.

(5) San alt so cialluíonn an focal “tionnscal” ceárd no gnó ar bith ach amháin, gual iomportálta do cheannach agus do dhíol; geas i gcóir soillsithe, téighte no comhachta do dhéanamh no do roinnt amach; iompar ar bhóithre do dhéanamh, do chóghléasadh no do stiúradh; caitheamh aimsire no siamsa d'aon tsaghas do chur ar fáil; stuic, scaireanna, no urrúis, pe'ca de gach saghas iad no d'aon aicme no aicmí áirithe no pe'ca le cuideachtain áirithe iad no le cuideachtana áirithe, do shealbhú (ar shlí eile seachas mar shúncáil chúl-chiste no chiste chonganta) no deighleáil ionta.

Liúntaisí áirithe fén Acht Arm-Phinsean, 1923 , do bheith saor o cháin ioncuim.

8. —(1) Gach liúntas atá á dheonadh fé alt 8 den Acht Arm-Phinsean. 1923 ( Uimh. 26 de 1923 ) mar a leasuítear san leis an Acht Arm-Phinsean, 1927 (Uimh. 12 de 1927) do bhaintrigh no d'éinne de chloinn no de chúram duine do marbhuíodh in eirgheamach an Abráin agus na Bealtaine, 1916 beidh sé saor o cháin ioncuim (agus for-cháin d'áireamh) agus ní háirmheofar é chun ioncuim chun crícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim do dhéanamh amach.

(2) San alt so tá an brí céanna leis an bhfocal “marbhuíodh atá leis san alt san 8 den Acht Arm-Phinsean, 1923 .

Breith na gCoimisinéirí Speisialta ar athchomarc do chur in úil.

9. —(1) Más rud é go ndéanfaidh na Coimisinéirí Speisialta, tar éis an Achta so do rith, athchomharc i gcoinnibh cáinmheasa i gcóir cánach ioncuim in aghaidh aon bhliana cáinmheasa (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do thosnuigh sí) do bhreithniú agus go ndéanfaid tar éis argóna ar an athchomharc san d'éisteacht, tabhairt a mbreithe ar an athchomharc san do chur ar athló d'fhonn an argóint sin do bhreithniú no d'fhonn caoi do thabhairt don athchomharcach ar a thuille fianaise no argóna do chur isteach i scríbhinn, féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta, maran dóich leo gur gá an t-athchomharc san d'éisteacht a thuille, a chur fé ndeár a mbreith ar an athchomharc san do chur tríd an bpost go dtí na páirtithe san athchomharc san.

(2) Má deintear breith na gCoimisinéirí Speisialta ar athchomharc do chur go dtí na páirtithe tríd an bpost fén alt so, féadfar dearbhú mí-shástachta fé mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 149 den Income Tax Act, 1918, no fógra ag éileamh ath-éisteachta fé fho-alt (1) d'alt 196 den Acht san do dhéanamh no do thabhairt i scríbhinn laistigh de dhá lá déag tar éis an lae ar a gcuirfear an bhreith sin amhlaidh go dtí neach déanta no tabhartha an dearbhuithe sin no an fhógra san, pe'ca aca é.

Comhar fhaoiseamh áirithe maidir le Stáit Aontuithe America.

10. —Déanfar fé réir forálacha an ailt seo, maidir le hioncum saoránaigh de Stáit Aontuithe America ná comhuíonn i Saorstát Éireann no le hioncum corparáide do bunuíodh i Stáit Aontuithe America, saoirse do dheonadh o cháin ioncuim (agus barra-cháin. no for-cháin, do réir mar bheidh, d'áireamh) alos pé méid den ioncum san do gheibhtear as long no longa d'oibriú gur fé dhlithe Stát Aontuithe America a fuarthas a scríbhinní.

CUID II.

Custuim agus Mal.

Diúitéthe sa Chéad Sceideal d'fhorchur.

11. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin. diúité custum de mhéid is có-ionann leis an bpercentáiste sin, de luach na hearra, a luaidhtear sa tríú colún den Chéad Sceideal san os coinne luadh na hearra sa dara colún san.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ar aon earra ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus—

(a) i gcás ina luaidhtear percentáiste sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh na hearra san sa dara colún den Sceideal san, fé is dá mbeadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1919, adubhradh, liost d'earraí go ndeintear diúité de mhéid is có-ionann leis an bpercentáiste sin de luach na n-earraí do chur i mbaint leo mar ráta tosaíochta agus go mbeadh an earra san sa liost san; agus

(b) i gcás ina bhfuil an focal “saor” sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh na hearra san sa dara colún den Sceideal san, fé is dá mbeadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1919, liost d'earraí do bhí, toisc ráta thosaíochta, le leigint isteach saor o dhiúité agus go mbeadh an earra san sa liost san.

(3) Na forálacha (más aon cheann é) atá leagtha amach sa chúigiú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne an luaidhte deintear sa dara colún den Sceideal san ar earra ar bith, beidh feidhm agus éifeacht acu maidir leis an diúité forchuirtear leis an alt so ar an earra san.

(4) Pé uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go ndearnadh an diúité forchuirtear leis an alt so ar earra ar bith d'íoc go cuibhe ar an earra san agus nár húsáideadh an earra san i Saorstát Éireann ach amháin chun críche déantóireachta, déanfar ais-tarrac is có-ionann le méid an diúité do híocadh amhlaidh do lomháil ar an earra san, no ar aon earraí go dtaisbeánfar gur húsáideadh an earra san chun a ndéanta no a n-ullamhuithe, má deintear an earra san no na hearraí sin (pe'ca aca é) d'easportáil mar earra no earraí ceannaíochta no do chur ar bord luinge le húsáid mar stóranna no do chur i mbannastóras le cur ar bord luinge mar stóranna.

(5) Ní bhainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, le hearra ar bith is ionchurtha fé dhiúité forchuirtear leis an alt so.

(6) Aon earra is ionchurtha fé dhiúité forchuirtear leis an alt so agus a hath-iomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í d'easportáil amach as beidh sí saor ón diúité sin má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) nár hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh i; no

(b) gur roimh an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, a hiomportáladh an earra san ar dtúis; no

(c) gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a hiomportáladh an earra san ar dtúis agus ná raibh sí ionchurtha fé aon diúité custum le linn í d'iomportáil amhlaidh; no

(d) gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a hiomportáladh an earra san ar dtúis agus gur híocadh go cuibhe gach diúité custum do bhí ionchurtha uirthi an uair sin agus nár lomháladh aon ais-tarrac diúité ar í d'easportáil no gur haisíocadh leis na Coimisinéirí Ioncuim gach ais-tarrac do lomháladh amhlaidh.

(7) Ní tuigfear, maidir le hearraí nár hiomportáladh agus nár heasportáladh ach chun a dturuis do chríochnú, go ndearnadh iad d'iomportáil ná d'easportáil chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so.

(8) I gcás ina bhféadfaí earra d'áireamh mar earra is ionchurtha fé dhá cheann na níos mó de sna diúitéthe forchuirtear leis an alt so tuigfear gan an earra san do bheith ionchurtha ach fén gceann san amháin de sna diúitéthe sin gur ina thaobh a bheadh an méid diúité is mó iníoctha, agus dá réir sin ní bheidh an earra san ionchurtha ach fén diúité sin amháin.

Earraí riachtanacha áirithe ná fuil le fáil i Saorstát Éireann do shaoradh o dhiúité iomportála.

12. —Pé uair is deimhin leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, go bhfuil aon earraí is ionchurtha fé dhiúité iomportála fén Acht so no fé aon Acht eile, go bhfuilid riachtanach i gcóir oibriú aon déantóireachta atá ar siúl no atáthar ar aigne do chur ar siúl i Saorstát Éireann agus ná fuilid no nách deallrathach go mbeid le fáil i Saorstát Éireann agus gur gá do dhéantóir iad d'iomportáil chun iad d'úsáid i Saorstát Éireann san oibriú san féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim le ceadúnas, a údarú don déantóir sin, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, na hearraí sin d'iomportáil gan an diúité seo do bheith íoctha ortha agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

Diúitéthe sa Dara Sceideal d'fhorchur.

13. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún den dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin, diúité custum do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh na hearra sa dara colún san.

(2) I ngach cás ina n-abartar sa chúigiú colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so go bhfuil feidhm ag forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, maidir le haon diúité luaidhtear sa Sceideal san, bainfidh forálacha an ailt sin 8 leis an diúité sin ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1919, adubhradh. liost d'earraí go ndeintear ráta an diúité sin a luaidhtear sa cheathrú colún den Dara Sceideal san a ghabhann leis an Acht so do chur i mbaint leo mar ráta tosaíochta agus go mbeadh na hearraí is ionchurtha fén diúité sin sa liost san.

(3) Na forálacha (más aon cheann é) atá leagtha amach sa chúigiú colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne an luaidhte deintear sa dara colún den Sceideal san ar earra ar bith beidh feidhm agus éifeacht acu, fé réir forálacha an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, maidir leis an diúité forchuirtear leis an alt so ar an earra san.

(4) Pé uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go ndearnadh an diúité forchuirtear leis an alt so ar earra ar bith d'íoc go cuibhe ar an earra san agus nár húsáideadh an earra san i Saorstát Éireann ach amháin chun críche déantóireachta, déanfar ais-tarrac is có-ionann le méid an diúité do híocadh amhlaidh do lomháil ar an earra san, no ar aon earraí go dtaisbeánfar gur húsáideadh an earra san chun a ndéanta no a n-ullamhuithe, má deintear an earra san no na hearraí sin (pe'ca aca é) d'easportáil mar earra no earraí ceannaíochta no do chur ar bord luinge le húsáid mar stóranna no do chur i mbannastóras le cur ar bord luinge mar stóranna.

(5) Ní bhainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, le hearra ar bith is ionchurtha fé dhiúité forchuirtear leis an alt so.

(6) Aon earra is ionchurtha fé dhiúité forchuirtear leis an alt so agus a hath-iomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í d'easportáil amach as beidh sí saor ón diúité sin má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) nár hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í; no

(b) gur roimh an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, a hiomportáladh an earra san ar dtúis; no

(c) gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a hiomportáladh an earra san ar dtúis agus gur híocadh go cuibhe gach diúité custum do bhí ionchurtha uirthi an uair sin agus nár lomháladh aon ais-tarrac diúité ar í d'easportáil no gur haisíocadh leis na Coimisinéirí Ioncuim gach ais-tarrac do lomháladh amhlaidh.

(7) Ní tuigfear, maidir le hearraí nár hiomportáladh agus nár heasportáladh ach chun a dturuis do chríochnú, go ndearnadh iad d'iomportáil ná d'easportáil chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so.

Diúité ar thé.

14. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar diúité custum do réir reul an púnt ar an té go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí té, go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh ná dearnadh aon tsaghas measctha uirthi lasmuich den tír as a dtáinigh sí ar dtúis, do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta agus go ndéanfaí té d'fhágaint ar lár sa liost d'earraí, sa Dara Sceideal san, go gcuirtear cúig shéú den lán-ráta i mbaint leo amhlaidh.

Diúité máil ar thé i dtaisce.

15. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar, ar an té go léir a bheidh ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, i Saorstát Éireann ar únaeracht no ar seilbh ag duine go mbeidh ar únaeracht no ar seilbh aige i Saorstát Éireann ar an dáta san níos mó ná míle púnt té, diúité máil do réir tuistiúin ar gach púnt den té sin de bhreis ar an gcéad chúig céad púnt di.

(2) Ní déanfar an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh ná do ghearradh ar aon té go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh gurbh amhlaidh a bhí sí le húsáid (ar aon tslí seachas chun dighe d'ullamhú le díol) ag an duine ag á raibh sí ar únaeracht no ar seilbh an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, agus ná raibh sí le díol ná le húsáid chun dighe d'ullamhú le díol, agus ní cuirfear aon té den tsórt san san áireamh a déanfar, chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, ar an méid té do bhí ar únaeracht no ar seilbh ag an duine sin ar an dáta san.

(3) Gach duine go mbeidh ar únaeracht no ar seilbh aige an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, aon té is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so agus fós gach duine ar a gceanglóidh na Coimisinéirí Ioncuim cuntas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt so do thabhairt uaidh, bhéarfa sé do sna Coimisinéirí Ioncuim, an 19adh lá de Bhealtaine, 1932, no roimhe sin, ar fhuirm ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim, cuntas ina mbeidh—

(a) cur síos, sna téarmaí agus go na mion-innste is gá do réir na fuirme sin, ar an té go léir do bhí ar únaeracht no ar seilbh aige i Saorstát Éireann an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, agus

(b) cur síos, sna téarmaí agus go na mion-innste is gá do réir na fuirme sin, ar na háitreabhacha go léir ina raibh an té sin no aon chuid di i dtaisce ar an dáta san, maraon leis na mion-innste, alos na té do bhí i dtaisce amhlaidh i ngach áitreabh fé leith acu san, is gá do réir na fuirme sin, agus

(c) cur síos, sna téarmaí agus go na mion-innste is gá do réir na fuirme sin, ar an té agus í ar únaeracht no ar seilbh aige i Saorstát Éireann an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, do bhí ar turus ar an dáta san.

(4) Gach cuntas do bhéarfar do réir fo-ailt (3) den alt so deimhneofar é le dearbhú reachtúil ar n-a dhéanamh ag an duine ar a mbeidh sé de cheangal an cuntas san do thabhairt uaidh no, más cólucht corparuithe an duine sin, ag stiúrthóir no ag príomh-oifigeach don chólucht chorparuithe sin.

(5) Gach duine ar a gceangailtear le fo-alt (3) den alt so cuntas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san do thabhairt uaidh, íocfaidh leis na Coimisinéirí Ioncuim, díreach tar éis an chuntais sin do thabhairt uaidh no ar an 19adh lá de Bhealtaine, 1932, pe'ca tráth aca san is túisce, méid iomlán an diúité forchuirtear leis an alt so ar aon té do bhí ar únaeracht no ar seilbh aige an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, agus dob ionchurtha fén diúité sin, no cuirfidh an té sin i mbanna-stóras a bheidh ceaduithe ag na Coimisinéirí Ioncuim chun té do chur ann.

(6) Pé uair a bheidh aon diúité forchuirtear leis an alt so iníoctha alos aon té (pe'ca ag an am a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so é no ar an té sin d'aistriú as banna-stóras in ar cuireadh í do réir an fho-ailt sin) féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, mara n-íoctar méid iomlán an diúité sin láithreach, glacadh le leath an diúité sin maraon le banna go n-urraí, le n-a mbeidh na Coimisinéirí Ioncuim sásta, go n-íocfar an leath eile den diúité sin an 19adh lá de Lúnasa, 1932, no roimhe sin.

(7) Gach duine ar a gceangailtear le fo-alt (3) den alt so cuntas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san do thabhairt uaidh—

(a) leigfidh d'aon oifigeach custum agus máil dul isteach aon tráth réasúnta in áitreabh ar bith a bheidh i seilbh an duine sin agus cuntas do thógaint ar an té go léir a bheidh san áitreabh san, agus

(b) taisbeánfaidh don oifigeach san na leabhair thrádála agus na cuntaisí agus na scríbhinní uile is leis an duine sin no bheidh ina sheilbh agus is gá chun an chuntais do thug an duine sin uaidh do réir fo-ailt (3) den alt so d'fhíorú, agus

(c) leigfidh don oifigeach san pé somplaí den té bheidh san áitreabh san do thógaint is dóich leis an oifigeach san is gá, agus

(d) bhéarfaidh gach congnamh réasúnta don oifigeach san agus é ag tógaint cuntais ar an té do bhí ar únaeracht no ar seilbh ag an duine sin an 12adh lá de Bhealtaine, 1932.

(8) Gach duine ar a gceangailtear le fo-alt (3) den alt so cuntas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san do thabhairt uaidh agus go dteipfidh air an cuntas san do thabhairt uaidh no do bhéarfaidh uaidh cuntas a bheidh neamh-iomlán, bréagach, no míthreorach in aon phonc táchtach no go dteipfidh air éinní do dhéanamh a ceangailtear air le fo-alt (5) den alt so do dhéanamh no dhiúltóidh don ní sin do dhéanamh, beidh sé ciontach i gcionta fé sna reachta bhaineann le diúitéthe máil agus in aghaidh gach cionta den tsórt san raghaidh fé phionós mháil de chaoga púnt agus geallbhruidfear an té go léir gur ina taobh do rinneadh an cionta san.

Diúité ar ghléasanna ceoil, ar chluig agus ar uaireadóirí

16. —(1) Déanfar diúité custum de mhéid is có-ionann le trí triochad agus trian per cent. de luach na hearra d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar gach earra acu so leanas a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin, sé sin le rá:—

(a) gléasanna ceoil, ar a n-áirmhítear gramafóin, pianólanna, agus gléasanna eile dá samhail sin;

(b) cabhartha do ghléasanna ceoil agus coda de ghléasanna ceoil (gan plátaí ceoil agus gléasanna eile athsheinnte ceoil d'áireamh);

(c) cluig agus uaireadóirí agus coda de chluig agus d'uaireadóirí.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí na hearraí is ionchurtha fén diúité sin do luadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

(3) Pé uair a cruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim go ndearnadh an diúité forchuirtear leis an alt so d'íoc go cuibhe alos aon earra agus nár húsáideadh an earra san i Saorstát Éireann, déanfar ais-tarrac is có-ionann le méid an diúité sin do híocadh amhlaidh do lomháil ar an earra san ar í d'easportáil mar earra cheannaíochta.

(4) Ní bhainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, le haon earra is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so.

(5) Aon earra is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so agus a hath-iomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í d'easportáil amach as beidh sí saor ón diúité sin má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim nár hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í no nár lomháladh aon ais-tarrac diúité ar í d'easportáil no gur haisíocadh aon ais-tarrac do lomháladh amhlaidh.

(6) Ní tuigfear, maidir le hearraí nár hiomportáladh agus nár heasportáladh ach chun a dturuis do chríochnú, go ndearnadh iad d'iomportáil ná d'easportáil chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so.

Diúité ar scannáin chinematografacha.

17. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach scannán cinematografach (nách scannán folamh gan pictiúir air) a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin, diúité custum do réir na rátaí seo leanas, sé sin le rá:—

An troigh agus leithead 1⅜ órlach inti.

Scannáin chinematografacha a bheidh breis agus seacht ndeichiú d'órlach ar leithead (nách scannáin go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur cúrsaí nuachta is mó atá ortha) agus a bheidh ceaptha agus beartuithe chun pictiúirí no éifeachtaí eile radhairc do thaisbeáint le cinematograf no le gléas eile den tsórt san in éineacht le fuaimeanna gutha no eile do thabhairt no d'ath-thabhairt amach go mecaniciúil leis an ngléas céanna no le gléas eile—

s.     d.

scannáin díor-chló, sé sin le rá, scannáin a bheidh ullamh

le húsáid        ..        ..        ..        ..        ..        ..        ..

0     3

scannáin chlaon-chló, sé sin le rá, scannáin o n-ar féidir

scannáin díor-chló do dhéanamh        ..        ..        ..

1     3

Gach scannán cinematografach eile (nách scannán folamh gan pictiúir air)—

scannáin díor-chló, sé sin le rá, scannáin a bheidh ullamh

le húsáid        ..        ..        ..        ..        ..        ..        ..

0     1

scannáin chlaon-chló, sé sin le rá, scannáin o n-ar féidir

scannáin díor-chló do dhéanamh        ..        ..        ..

0     5

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí na hearraí is ionchurtha fén diúité sin do luadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

(3) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chabhair chun oideachais aon scannán cinematografach a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, déanfaid, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, an scannán san do shaoradh ón diúité forchuirtear leis an alt so.

(4) Pé uair a cruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí loncuim go ndearnadh an diúité forchuirtear leis an alt so d'íoc go cuibhe alos aon earra agus nár húsáideadh an earra san i Saorstát Éireann, déanfar ais-tarrac is có-ionann le méid an diúité sin do híocadh amhlaidh do lomháil ar an earra san ar í d'easportáil mar earra cheannaíochta.

(5) Ní bhainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, le haon earra is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so.

(6) Aon earra is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so agus a hath-iomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í d'easportáil amach as beidh sí saor ón diúité sin má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim nár hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í no nár lomháladh aon ais-tarrac diúité ar í d'easportáil no gur haisíocadh aon ais-tarrac do lomháladh amhlaidh.

(7) Ní tuigfear, maidir le hearraí nár hiomportáladh agus nár heasportáladh ach chun a dturuis do chríochnú, go ndearnadh iad d'iomportáil ná d'easportáil chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so.

Na diúitéthe breise ar thorthaí tiormuithe do bhuanú.

18. —(1) Na diúitéthe breise, ar thorthaí tiormuithe, do céadfhorchuireadh le halt S den Finance (No. 2) Act, 1915, agus do buanuíodh go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1932, le halt 11 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), leanfar d'iad d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc an 1adh lá san de Lúnasa, 1932, agus ón lá san go dtí go n-órdóidh an tOireachtas a mhalairt.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe buanuítear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland.”

Diúité ar phlátaí ceoil.

19. —(1) Déanfar diúité custum de mhéid is có-ionann le trí triochad agus trian per cent. de luach na hearra d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar gach earra acu so leanas a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin, sé sin le rá, gach pláta ceoil agus earra eile dá shamhail a bheidh ceaptha agus beartuithe chun ceoil d'ath-sheinnt le gramafón, no le pianóla, no le haon ghléas eile dáshamhail, ach gan scannán cinematografach d'áireamh a bheidh ceaptha agus déanta chun ceoil d'athsheinnt in éineacht le pictiúirí no éifeachtaí eile radhairc do thaisbeáint le cinematograf no le gléas eile dá shamhail, agus fós gan plátaí ar a mbeidh amhráin Ghaedhilge d'áireamh.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí na hearraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san sa. liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

(3) Pé uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go ndearnadh an diúité forchuirtear leis an alt so d'íoc go cuibhe alos aon earra agus nár húsáideadh an earra san i Saorstát Éireann, déanfar ais-tarrac is có-ionann le méid an diúité sin do híocadh amhlaidh do lomháil ar an earra san má heasportáltar an earra san mar earra cheannaíochta.

(4) Ní bhainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, le haon earra is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so.

(5) Aon earra is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so agus a hath-iomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í d'easportáil amach as beidh sí saor ón diúité sin má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) nár hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í; no

(b) gur roimh an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, a hiomportáladh an earra san ar dtúis; no

(c) gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a hiomportáladh an earra san ar dtúis agus gur híocadh go cuibhe gach diúité custum do bhí ionchurtha uirthi an uair sin agus nár lomháladh aon ais-tarrac diúité ar í d'easportáil no gur haisíocadh leis na Coimisinéirí Ioncuim gach ais-tarrac do lomháladh amhlaidh.

(6) Ní tuigfear, maidir le hearraí nár hiomportáladh agus nár heasportáladh ach chun a dturuis do chríochnú, go ndearnadh iad d'iomportáil ná d'easportáil chun críche an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so.

Diúité ar thobac.

20. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum atá ar thobac fé láthair, éileofar, gearrfar agus íocfar, ar an tobac go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin, na diúitéthe custum a luaidhtear i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) Ní déanfar an diúité máil is inéilithe ar thobac fé alt 7 den Finance Act, 1918, mar a hatharuítear san le halt 9 den Finance Act, 1919, ná aon diúité máil eile d'éileamh ar aon tobac do fásadh i Saorstát Éireann agus a déanfar go cuibhe a sheachadadh as stóras agus a chonsighniú chun déantóra cheadúnuithe tobac agus do gheobhaidh an déantóir sin go cuibhe.

(3) Má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le gnó déantóra cheadúnuithe tobac gur gnó an gnó san—

(a) atá ar únaeracht chun tairbhe ag duine aonair is comhnathóir Éireannach; no

(b) atá ar únaeracht chun tairbhe ag beirt no níos mó de dhaoine aonair gur comhnathóirí Éireannacha agus únaeracht acu eatorra ar bhreis agus leath an chaipitail atá curtha sa ghnó san a bhfurmhór; no

(c) atá ar únaeracht ag cuideachtain d'únaerí Eireannacha agus atá fé bhainistí agus fé stiúradh daoine gur comhnathóirí Eireannacha a bhfurmhór;

ansan, an duine bheidh ceadúnuithe chun an ghnótha san do bheith ar siúl aige, beidh sé i dteideal lacáiste de sheacht bpingne d'fháil alos gach púint de thobac nea-dhéanta do gheobhaidh an duine sin agus ar ar híocadh an diúité forchuirtear leis an alt so agus nár híocadh aon lacáiste fén alt so ina thaobh roimhe sin.

Sa bhfo-alt so—

(i) cialluíonn an abairt “comhnathóir Éireannach” duine gur i Saorstát Éireann a bhíonn sé ina chomhnaí do ghnáth agus is duine do rugadh in Éirinn no is duine cloinne tuismitheoirí gur in Éirinn a rugadh iad araon; agus

(ii) cialluíonn an abairt “cuideachta d'únaerí Eireannacha” cuideachta gur comhnathóirí Eireannacha furmhór a scair-shealbhóirí, agus seilbh ag an bhfurmhór san eatorra ar scaireanna gur mó is fiú an t-iomlán acu, do réir ainm-luacha, ná leath an scair-chaipitail atá tugtha amach ag an gcuideachtain sin, agus le n-a ngabhann, ag gnáth-chruinnithe generálta den chuideachtain sin, breis agus leath de chomhacht iomlán vótála na scaireanna uile sa chuideachtain sin le n-a ngabhann vótanna ag na cruinnithe sin.

(4) Ní bheidh aon lacáiste iníoctha fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so alos aon tobac do gheobhaidh déantóir ceadúnuithe chun é chur fé dhéantóireacht thar ceann duine eile ar coimisiún no ar rí-chíos maran rud é go mbeadh an duine eile sin cáilithe fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so chun an lacáiste sin d'fháil dá bhfaghadh sé an tobac san chun go gcuirfeadh sé féin fé dhéantóireacht é.

(5) Má taisbeántar gur híocadh an diúité forchuirtear leis an alt so agus ná dearnadh aon lacáiste fé fho-alt (3) den alt so do lomháil agus fós ná fuair an déantóir aon tobac do fásadh i Saorstát Éireann agus atá gan diúité máil do bheith íoctha air, déanfar. fé réir na bhforálacha bhaineann le hais-tarrac do lomháil agus atá sa Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1904, aistarrac d'íoc do réir na rátaí luaidhtear i gCuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(6) Má deintear lacáiste fé fho-alt (3) den alt so do lomháil agus má taisbeántar ná fuair an déantóir aon tobac do fásadh i Saorstát Éireann agus atá gan diúité máil do bheith íoctha air, déanfar, fé réir na bhforálacha bhaineann le hais-tarrac do lomháil agus atá sa Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1904, ais-tarrac d'íoc do réir na rátaí luaidhtear i gCuid III den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(7) Má gheibheann an déantóir tobac do fásadh i Saorstát Éireann agus atá gan diúité máil do bheith íoctha air, déanfar, fé réir na bhforálacha bhaineann le hais-tarrac do lomháil agus atá sa Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1904, ais-tarrac d'íoc do réir na rátaí ar a gcinnfidh na Coimisinéirí Ioncuim.

(8) Ní bheidh an liúntas a deontar le halt 9 den Finance Act, 1915, iníoctha alos aon tobac a fásfar i Saorstát Éireann sa bhliain 1932 no aon bhliain ina dhiaidh sin.

Atharú ar na rátaí diúité ar ghléasanna aer-thelegrafa.

21. —(1) Déanfar an diúité forchuirtear le halt 8 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar na hearraí uile is ionchurtha fén diúité sin agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin, do réir na rátaí seo leanas in ionad an ráta luaidhtear san alt san 8, sé sin le rá:—

(a) ar gach gléas lán-déanta no leath-dhéanta chun teachtaireachtaí no conbharsáidí eile do sheoladh agus do ghlacadh no chun a seolta amháin no chun a nglactha amháin tré aer-thelegraf (le n-a n-áirmhítear aerthelefón) agus ar gach earra gurb é atá sa chuid is mó dhi, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ná coda d'aon ghléas den tsaghas san agus iad curtha le chéile, méid is có-ionann le caoga per cent. de luach na hearra, agus

(b) ar gach cuid d'aon ghléas den tsaghas san agus ar gach cabhair d'aon ghléas den tsaghas san (ar a n-áirmhítear cásanna, caibinéadaí, agus gabhadáin eile) pe'ca lán-déanta no leath-dhéanta do sna coda agus do sna cabhartha san, méid is có-ionann le trí triochad agus trian per cent. de luach na hearra.

(2) Má cruthuítear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim go ndearnadh an diúité forchuirtear leis an alt san 8 den Acht Airgid, 1926 , d'íoc go cuibhe alos aon earra is ionchurtha fén diúité sin agus san do réir na rátaí forchuirtear leis an alt so agus nár húsáideadh an earra san i Saorstát Éireann ach amháin chun críche déantóireachta déanfar ais-tarrac is có-ionann le méid an diúité do híocadh amhlaidh do lomháil ar an earra san no ar aon earraí go dtaisbeánfar gur húsáideadh an earra san chun a ndéanta no a n-ullmahuithe, má deintear an earra no na hearraí sin (pe'ca aca é) d'easportáil mar earra no earraí ceannaíochta no do chur ar bord luinge le húsáid mar stóranna, no do chur i mbanna-stóras le cur ar bord luinge mar stóranna.

Diúité ar phacáistí áirithe.

22. —(1) I dteanta aon diúité eile is inéilithe, éileofar, gearrfar, agus íocfar ar gach pacáiste a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin, agus ina mbeidh aon tsubstaint le n-a mbaineann an t-alt so—

(a) más do réir mheáchainte a horduítear sna liostaí oifigiúla iomportála an tsubstaint sin d'iontráil ar í d'iomportáil agus má bhíonn meáchaint an phacáiste fé bhun seacht bpúnt, diúité custum do réir na rátaí seo leanas, sé sin le rá:—

(i) maran mó ná dhá phúnt meáchaint an phacáiste— dhá phingin, agus

(ii) in aon chás eile, pingin ar gach púnt no codán de phúnt de mheáchaint an phacáiste;

(b) más do réir tomhais a horduítear sna liostaí oifigiúla iomportála an tsubstaint sin d'iontráil ar í d'iomportáil agus más lugha ná sé piúnt luchtmhaireacht an phacáiste, diúité custum do réir na rátaí seo leanas, sé sin le rá:—

(i) maran mó ná dhá phiúnt luchtmhaireacht an phacáiste—dhá phingin, agus

(ii) in aon chás eile, pingin ar gach piúnt no codán de phiúnt de luchtmhaireacht an phacáiste.

(2) Má bhíonn aon phacáistí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so i bpacáiste do bheadh ionchurtha fén diúité sin mara mbeadh an fo-alt so, ansan, má deintear an diúité sin d'éileamh agus d'íoc ar na pacáistí sin uile a céad-luaidhtear ní héileofar an diúité sin ar an bpacáiste deiridh sin a luaidhtear.

(3) Ní déanfar an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh ná do ghearradh ar aon phacáiste ná beidh istigh ann ach sampla trádála bona fide d'aon earra agus a consighneofar sa ghnáthchúrsa trádála chun trádálaí in earraí den tsórt san agus ná beidh le díol.

(4) Pé uair is deimhin leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, é do bheith beartuithe bona fide ag duine feistisí agus saoráidí do bhunú i Saorstát Éireann chun aon tsubstainte le n-a mbaineann an t-alt so do phacáil i Saorstát Éireann, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú don duine sin, aon tráth no tráthanna roimh pé dáta (nách déanaí ná an 12adh lá de Mhí na Samhna, 1932), agus fé réir cólíonadh pé coinníollacha is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart do luadh sa cheadúnas san, pacáistí ina mbeidh an tsubstaint sin d'iomportáil gan an diúité forchuirtear leis an alt so do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora no í do dhéanamh fé réir gach teorann no aon teorann acu so leanas, sé sin le rá, ná hiomportálfar thar líon áirithe de phacáistí no ná hiomportálfar ach pacáistí de shaghas áirithe no pacáistí de thuise áirithe, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

(5) Ní bhainfidh alt 25 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), leis an diúité forchuirtear leis an alt so agus dá réir sin ní bheidh an muirear minimum a forchuirtear leis an alt san 25 inéilithe alos an diúité sin.

(6) D'ainneoin éinní atá san alt so, ní pacáiste chun crícheanna an ailt seo píosa cáise ná beidh timpeal air ach stán-duilleog agus nách truime ná dhá únsa.

(7) Baineann an t-alt so leis na substaintí seo leanas, sé sin le rá:—

(a) gach saghas bidh (pe'ca ag daoine, ag ainmhithe, no ag éin a bheid le caitheamh) ná heisctear leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so; agus

(b) gach saghas dighe ná heisctear leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so; agus

(c) cosmaidí; agus

(d) ullmhóidí leighis ná heisctear leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so; agus

(e) síolta torthaí, glasraí, no bláthanna.

(8) Ní bhaineann an t-alt so leis na substaintí seo leanas, sé sin le rá:—

(a) torthaí úra, no

(b) anbhruith ina fhliuchán, torthaí, iasc, paist éisc, feoil, no paist feola i mbuidéil, i gcrúscaí, i stáin, no i gcannaí agus iad séaluithe, no

(c) iasc úr a hiomportálfar roimh an 12adh lá de Mhí na Samhna, 1932, no

(d) uiscí mianaigh nádúrtha, no

(e) sérumaí, vacsuíní no ullmhóidí in ampoula, arán, brioscaí agus arbhar do lucht an ghalair chraosaigh, no insulin, no

(f) biadh no deoch nea-meisciúil a prímh-bheartuíodh i gcóir naoidhneán no breoiteachán dar leis na Coimisinéirí Ioncuim.

(9) San alt so cialluíonn an focal “pacáiste” aon bhuidéal, bosca, cártán, clúdach, cuairsceann no gabhadán eile d'aon tsaghas ar bith, agus léireofar tagairtí do mheáchaint phacáiste mar thagairtí do mheáchaint iomlán an phacáiste agus gach a mbeidh istigh ann.

Diúité ar íle gheal híodrocarbóin mhinearáil.

23. —(1) Déanfar diúité custum do réir caoga per cent. de luach na hearra d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar an íle gheal híodrocarbóin mhinearáil go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so, ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí íle gheal híodrocarbóin mhinearáil do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

(3) Má bhíonn aon íle gheal híodrocarbóin mhinearáil ina cuid no ina táthchuid d'aon earraí, déanta no ullamhuithe, a hiomportálfar agus más dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim nách meascáin ná cumaisc d'íleacha geala híodrocarbóin minearáil is mó atá sna hearraí sin agus ná fuilid oiriúnach chun iad d'úsáid ná ná fuiltear ar aigne iad d'úsáid in ionad aon íle gile híodrocarbóin minearáil no chun í do bhaint amach ina dhiaidh sin, ní bheidh feidhm ag alt 7 den Finance Act, 1901, maidir leis an íle gheal híodrocarbóin mhinearáil a bheidh sna hearraí sin.

(4) Déanfar, ar aon earraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so d'easportáil as Saorstát Éireann no ar iad do chur ar bord luinge no i mbanna-stóras le húsáid mar stóranna luinge, ais-tarrac do lomháil de mhéid is có-ionann le méid an diúité sin a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim do bheith íoctha alos na n-earraí sin.

(5) Chun crícheanna an ailt seo cialluíonn an abairt “íle gheal híodrocarbóin mhinearáil” íle gheal híodrocarbóin mhinearáil de shan-mheáchaint nách lugha ná .835 agus nách mó ná .950 agus ná fuil a bladhm-phuínte, mar a cinntear é leis an ngléas Pensky-Martens, níos ísle ná 285° Fahr. ná níos aoirde ná 410° Fahr., agus ná fuil a righneacht, mar a cinntear í le Viscomhéadar Redwood Uimh. 1 ag 70° Fahr., níos lugha ná 100 sec. ná níos mó ná 1,000 sec.

Diúité ar fheoil, ar éanlaithe clóis marbha agus ar éanlaithe fiadhaine marbha.

24. —(1) Déanfar diúité custum do réir reul an púnt d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar na hearraí seo leanas a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 7adh lá de Mheitheamh, 1932, no dá éis sin, sé sin le rá:—

(a) gach feoil acu so leanas (pe'ca bruithte no nea-bhruithte dhóibh) a hiomportálfar aon tráth áirithe i gcand aíochtaí is mó ná deich bpúint, sé sin le rá, mairtfheoil, laoighfheoil, caoirfheoil, agus uainfheoil, ach gan aon fheoil acu san a hiomportálfar i ngabhadáin séaluithe d'áireamh ná fós aon tsugh ná smior ná a leithéidí d'ullmhóidí as aon fheoil den tsórt san; agus

(b) na héanlaithe clóis marbha uile agus na héanlaithe fiadhaine marbha uile (pe'ca bruithte no nea-bhruithte dhóibh) a bheidh le húsáid mar bhia agus a hiomportálfar aon tráth áirithe i gcandaíochtaí ina mbeidh níos mó ná dhá éan, ach gan aon éanlaithe clóis ná éanlaithe fiadhaine den tsórt san a hiomportálfar i ngabhadáin séaluithe d'áireamh ná fós aon tsugh ná smior ná a leithéidí d'ullmhóidí as aon éanlaithe clóis no éanlaithe fiadhaine den tsórt san.

(2) Ní déanfar an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh ná do ghearradh ar aon earraí go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh ná fuil ionta ach laoighfheoil chuisnithe gan cnámh inti is de thoradh tíre is ball de Náisiúin an Chó-chiníochais Bhriotáinigh agus gur ón tír sin no o aon tír eile den tsórt san do consighníodh í agus ná beidh á hiomportáil ach amháin chun crícheanna déantóireachta i Saorstát Éireann.

(3) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí earraí is ionchurtha fén diúité sin do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

Leasuithe ar an diúité siamsa.

25. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “diúité siamsa” an diúité máil ar a dtugtar an ainm “entertainments duty” in alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, agus is inéilithe fén alt san mar a leasuítear é le hachtacháin ina dhiaidh sin ar a n-áirmhítear an t-alt so.

(2) Ar an 30adh lá de Bhealtaine, 1932, agus as san amach, léireofar alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, agus beidh éifeacht aige fé is dá bhfolódh an focal “entertainment,” mar a mínítear san alt san é, aon dáil rinnce no damhsa agus dá réir sin déanfar diúité siamsa d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc, an 30adh lá san de Bhealtaine, 1932, agus as san amach, ar gach íocaíocht chun dul isteach go dtí aon dáil rinnce no damhsa.

(3) Ar an 30adh lá de Bhealtaine, 1932, agus dá éis sin ní déanfar diúité siamsa d'éileamh ná do ghearradh ar aon tsiamsa 'na gcruthófar ina thaobh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim gur club atá có-cheangailte go cuibhe le Cumann Lúithchleas Gaedhal no le Cumann Náisiúnta Lúithchleas agus Rothaíochta na hÉireann no atá díreach fé stiúradh ceachtar acu san atá ag cur an tsiamsa ar siúl agus ná fuil ann ar fad ach taisbeántas de gach ceann no d'aon cheann de sna cluichí no de sna spóirt seo leanas, sé sin le rá:—

(a) taisbeántaisí aicillíochta nách gá capaill, madraí, ná ainmhithe eile do bheith á n-úsáid ná páirteach ionta ná feithiclí inneall-ghluaiste do bheith á n-úsáid ionta;

(b) aon chluichí no spóirt gur gnáth beirt daoine no níos mó no dhá fhuirinn no níos mó de dhaoine á n-imirt no ag iomaidh ionta agus san amuich fén spéir agus nách gá capaill, madraí, ná ainmhithe eile do bheith á n-úsáid ná páirteach ionta ná feithiclí inneall-ghluaiste do bheith á n-úsáid ionta.

(4) Ní déanfar diúité siamsa d'éileamh ná do ghearradh ar aon tsiamsa 'na geruthófar ina thaobh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim ná fuil ann ar fad ach coimhlintí con go ndeintear i ngach coimhlint acu dhá choin do scaoileadh d'iallacha i ndiaidh girrfhéidh bheo.

(5) Ar an gcéad lá de Dheireadh Fomhair, 1932, agus dá éis sin déanfar diúité siamsa d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir na rátaí seo leanas in ionad na rátaí atá i bhfeidhm anois, sé sin le rá:—

Má bhíonn an íocaíocht chun dul isteach, gan an diúité d'áireamh,

Ráta an Diúité.

s.   d.

os cionn

4d.

gan bheith os cionn

6½d.

,,     ,,

6½d.

,,     ,,     ,,     ,,

8d.

2

,,     ,,

8d.

,,     ,,     ,,     ,,

1s.

0d.

3

,,     ,,

1s.

0d.

,,     ,,     ,,     ,,

1s.

8d.

4

,,     ,,

1s.

8d.

,,     ,,     ,,     ,,

2s.

0d.

6

,,     ,,

2s.

0d.

,,     ,,     ,,     ,,

3s.

0d.

9

,,     ,,

3s.

0d.

,,     ,,     ,,     ,,

4s.

0d.

 1   0

,,     ,,

4s.

0d.

1s. in aghaidh an chéad 4s. agus 1s. in aghaidh gach 4s., no coda de 4s., sa bhreis air sin.

(6) D'ainneoin éinní atá in aon achtachán eile no sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, ní déanfar diúité siamsa d'éileamh ná do ghearradh, an 30adh lá de Bhealtaine, 1932, ná dá éis sin. do réir ráta is mó ná pingin ar aon íocaíocht nách mó ná reul chun dul isteach go dtí siamsa ar bith 'na gcruthófar ina thaobh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim ná fuil ann ar fad ach taisbeántas cluiche gur gnáth dhá fhuirinn daoine á himirt agus san amuich fén spéir agus nách gá capaill, madraí, ná ainmhithe eile do bheith á n-úsáid ná páirteach ann ná feithiclí inneall-ghluaiste do bheith á n-úsáid ann.

Ceadúnas deighleálaí tobac.

26. —Más mó ná deich bpúint an luacháil, do rinneadh fé dhlí na mbocht, ar an áitreabh dá ndéanfaidh deighleálaí no díoltóir tobac agus snaoise ceadúnas fé alt 2 den Excise Licences Act, 1825, do thógaint amach, no dá mbeidh an ceadúnas san aige, éileofar, gearrfar, agus íocfar, an 6adh lá d'Iúl, 1932, agus ón lá san amach, agus i dteanta an diúité mháil is iníoctha ar an gceadúnas san anois, diúité máil a déanfar amach do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) más rud é gur áit chomhnaithe an t-áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san agus ná húsáidtear aon chuid de mar mhonarcha ná mar shiopa agus ná díoltar tobac ná snaois san áitreabh san fén gceadúnas san ach tré aon fhearas amháin is meaisín féin-oibritheach no is gléas eile meceaniciúil agus tríd an aon fhearas amháin sin, isé méid a bheidh sa diúité máil sin (fé réir na teorann a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) ná méid is có-ionann le leath d'aon per cent. den bhreis atá ag luacháil an áitreibh sin fé dhlí na mbocht ar dheich bpúint;

(b) i ngach cás eile, isé méid a bheidh sa diúité máil sin (fé réir na teorann a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) ná méid is có-ionann le haon per cent. den bhreis atá ag luacháil an áitreibh sin fé dhlí na mbocht ar dheich bpúint;

(c) an diúité máil is iníoctha anois agus an diúité máil sa bhreis a forchuirtear leis an alt so, ní mó ná deich bpúint a bheidh a suim san le chéile is inéilithe alos aon cheadúnais áirithe den tsórt san.

Diúité ar cheadúnaisí iasachtaithe airgid.

27. —(1) Déanfar diúité máil d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar gach ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas iasachtaí airgid san alt so), chun gníomhú agus chun gnótha do dhéanamh mar iasachtaí airgid, do bhéarfar amach fé Acht ar bith do ritheadh no a rithfear i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1932, diúité máil a bheidh do réir na rátaí seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ar cheadúnas iasachtaí airgid a raghaidh in éag an 31adh lá d'Iúl. 1933—deich bpúint;

(b) ar cheadúnas iasachtaí airgid a raghaidh in éag an 31adh lá d'Iúl bliain ar bith ach an bhliain 1933 agus a tógfar amach laistigh de shé mhí roimh dhul in éag do amhlaidh—deich bpúint;

(c) ar aon cheadúnas eile iasachtaí airgid—cúig púint déag.

(2) Má bhíonn beirt daoine no níos mó ag déanamh gnótha mar iasachtaithe airgid i bpáirtnéireacht agus má dheineann na daoine sin ceadúnaisí iasachtaí airgid do thógaint amach alos an áitreibh no na n-áitreabh uile ina mbeid ag déanamh gnótha amhlaidh i bpáirtnéireacht, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim maitheamh no, má bhíonn an diúité íoctha, aisíoc do thabhairt don pháirtnéireacht san—

(a) i gcás gan an gnó san do bheith á dhéanamh amhlaidh ach in aon áitreabh amháin, i suim is có-ionann leis an diúité iomlán ar gach ceann ach aon cheann amháin de sna ceadúnaisí iasachtaí airgid a thógfaidh na daoine sin amach amhlaidh alos an áitreibh sin, no

(b) i gcás an ghnótha san do bheith á dhéanamh amhlaidh i dhá n-áitreabh no níos mó, i suim is có-ionann leis an diúité iomlán ar gach ceadúnas iasachtaí airgid a thógfaidh na daoine sin amach amhlaidh alos aon áitreibh acu san de bhreis ar aon cheadúnas amháin den tsórt san in aghaidh gach áitreibh fé leith acu san.

(3) Má cruthuítear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim ceadúnas máil do bheith i bhfeidhm chun gnótha geall-bhrócaera do dhéanamh in aon áitreabh go ndéanfaidh an duine no na daoine dheineann an gnó san ceadúnas no ceadúnaisí iasachtaí airgid do thógaint amach ina thaobh, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) i gcás ná tógfar amach amhlaidh ach aon cheadúnas amháin iasachtaí airgid den tsórt san, maitheamh no, má bhíonn an diúité íoctha, aisíoc do thabhairt i leath an diúité ar an gceadúnas san, agus

(b) i gcás ina dtógfar amach amhlaidh dhá cheadúnas iasachtaí airgid den tsórt san no níos mó, maitheamh no, má bhíonn an diúité íoctha, aisíoc do thabhairt i leath an diúité ar pé ceadúnas acu san is túisce tógfar amach.

Deireadh le diúitéthe breise ar shiúicre.

28. —Scuirfear. an 31adh lá de Bhealtaine, 1932. agus as san amach. de sna diúitéthe breise custum agus de sna diúitéthe breise máil a forchuirtear le halt 6 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), d'éileamh no do ghearradh.

Na diúitéthe ar earraí bheidh déanta de shiúicre, etc., no ina mbeidh siúicre, etc., d'atharú.

29. —Déanfar, an 31adh lá de Bhealtaine, 1932, agus as san amach, na diúitéthe custum a forchuirtear le halt 8 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir na rátaí seo leanas in ionad na rátaí luaidhtear san alt san 8, sé sin le rá:—

(a) más do réir mheáchainte a horduítear sna liostaí oifigiúla iomportála na hearraí d'iontráil ar iad d'iomportáil, do réir pingne agus feoirlinge an púnt, agus

(b) más do réir tomhais a horduítear sna liostaí oifigiúla iomportála na hearraí d'iontráil ar iad d'iomportáil, do réir scillinge an galún.

Na diúitéthe ar fheithiclí inneall-ghluaiste áirithe do laigheadú.

30. —(1) Déanfar na diúitéthe máil is inéilithe fé alt 13 den Finance Act, 1920, ar na feithiclí inneall-ghluaiste luaidhtear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc, an 1adh lá d'Iúl, 1932, agus as san amach, do réir na rátaí luaidhtear sa Cheathrú Sceideal san in ionad na rátaí luaidhtear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929) .

(2) Beidh éifeacht ag fo-ailt (3) agus (5) d'alt 20 den Acht Airgid, 1926 , an 1adh lá d'Iúl, 1932, agus as san amach, fé is dá mba rátaí luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san na rátaí diúité luaidhtear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(3) I gcás ceadúnais do tógadh amach fé alt 13 den Finance Act, 1920, alos feithicle inneall-ghluaiste de shaghas a luaidhtear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus a bheidh i bhfeidhm an 30adh lá de Mheitheamh, 1932, ach ná raghaidh in éag go dtí tar éis an lae sin, no do tógadh amach roimh an Acht so do rith in aghaidh tréimhse dar tosach an 1adh lá d'Iúl, 1932. no lá éigin dá éis sin, aisíocfar leis an duine sin an méid a bheidh an diúité do híocadh fén alt san 13 alos na feithicle sin. agus an ceadúnas san á thógaint amach, ina bhreis ar an diúité is inéilithe, ag féachaint d'fhorálacha an ailt seo, alos na feithicle sin in aghaidh na tréimhse gur ina haghaidh do tógadh amach an ceadúnas san.

(4) Cuirfear leis na crícheanna agus beidh mar chuid de sna crícheanna chun a bhféadfar rialacháin do dhéanamh fé alt 12 den Roads Act, 1920. na crícheanna so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun a ordú conus a déanfar amach, chun crícheanna an ailt seo agus an Cheathrú Sceidil a ghabhann leis an Acht so, an méid ionad suidhte atá i ngach saghas no in aon tsaghas de sna feithiclí inneall-ghluaiste a luaidhtear sa Cheathrú Sceideal san, agus

(b) chun socruithe do dhéanamh chun aon diúité d'aisíoc go ndlightear fén alt so é d'aisíoc, agus

(c) chun socruithe do dhéanamah i gcóir gach ní no éinní tharlóidh toisc gur i rith bliana ceadúcháin a raghaidh na hatharuithe deintear leis an alt so ar na rátaí diúité in éifeacht.

Saoirsí ón diúité ar bhróga agus ar bhróga ísle.

31. —(1) Ní déanfar an diúité is inéilithe fé alt 19 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), ná an diúité sin mar do hatharuíodh é fén Acht Diúitéthe Custum (Gearradh Sealadach), 1931 (Uimh. 38 de 1931) , ná aon diúité do forchuireadh no a forchuirfear in ionad an diúité sin le haon Acht do ritheadh no a rithfear sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1932, d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra acu so leanas a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 23adh lá d'Abrán, 1932, no dá éis sin, sé sin le rá:—

(a) bróga agus bróga ísle de shaghas ar bith i gcóir naoidhneán agus de thuise ar bith o 0 go 6 (go huile), agus

(b) buinn chúmtha (pe'ca iomlán no ina gcoda dhóibh), sála cúmtha (pe'ca iomlán no ina gcoda dhóibh), agus uachtair chúmtha i gcóir naoidhneán agus de thuise ar bith o 0 go 6 (go huile), agus

(c) buinn chúmtha (pe'ca iomlán no ina gcoda dhóibh), sála cúmtha (pe'ca iomlán no ina gcoda dhóibh), agus uachtair chúmtha, i gcóir leanbhaí óga agus de thuise ar bith o 7 go 1 (go huile), a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann roimh an 23adh lá de Dheireadh Fomhair, 1932.

(2) Aisíocfar diúité ar bith do híocadh roimh an Acht so do rith ar aon earra saortar de bhuadh an ailt seo ón diúité sin.

Tuille saoirsí ón diúité ar bhróga agus ar bhróga ísle.

32. —Pé uair is deimhin leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur gá do dhuine ar bith aon choda de bhróga, de bhróga ísle, de shlipéidí, de gholaisí, d'asa no de phaitíní d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann roimh an 1adh lá d'Iúl, 1933, chun iad d'úsáid chun bróga, bróga ísle, slipéidí, golaisí, asa, no paitíní (pe'ca aca é) do dhéanamh i Saorstát Éireann, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú don duine sin, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncuim d'fhorchur, na coda san d'iomportáil roimh an dáta san (gan teora no fé réir srianta, maidir le candaíocht, le saghas, no le héinní eile, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart) gan an diúité is inéilithe fé alt 19 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), do bheith íoctha ortha, ná an diúité sin mar do hatharuíodh é fén Acht Diúitéthe Custum (Gearradh Sealadach), 1931 (Uimh. 38 de 1931), ná aon diúité do forchuireadh no a forchuirfear in ionad an diúité sin le haon Acht do ritheadh no a rithfear sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1932.

Saoirsí o dhiúité ghluaisteáin.

33. —(1) Déanfar an diúité forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), mar a leasuítear é le hachtacháin ina dhiaidh sin, d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar na hearraí seo leanas do réir ráta is có-ionann le cúig déag per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear san alt san 11, sé sin le rá:—

Ar gach chassis gluaisteáin iomportálfaidh trádálaí gluaisteán an 6adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin, agus roimh an 7adh lá de Lúnasa, 1932, chun é do dhíol agus a hiomportálfar amhlaidh mar chuid de ghluaisteán iomlán gurb é tá ann, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, le linn é d'iomportáil ná gluaisteán nua atá déanta, ceaptha, agus beartuithe chun daoine d'iompar ar shlí eile seachas ar luach saothair.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité is inéilithe fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí na hearraí luaidhtear sa bhfo-alt san do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint ieo mar ráta tosaíochta.

(3) Ní déanfar an diúité forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), mar a leasuítear é le hachtacháin ina dhiaidh sin, d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra acu so leanas a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 6adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin, sé sin le rá:—

Coda de chabhla gluaisteáin agus cabhartha do chabhla gluaisteáin ná fuil, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ina gcur le chéile, iomlán no leathrannach, de sna coda no de sna cabhartha san le linn iad d'iomportáil.

(4) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, i dtaobh gluaisteáin a bheidh á iomportáil isteach i Saorstát Éireann an 6adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin agus atá dar leo déanta agus ceaptha chun daoine d'iompar—

(a) gur thosnuigh iomportálaí an ghluaisteáin sin laistigh de shé mhí roimh é d'iomportáil ar bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann no go bhfuil beartuithe aige bona fide tosnú ar bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann laistigh de shé mhí tar éis na hiomportála san agus, i gceachtar cás, go bhfuil beartuithe aige bona fide buan-chomhnaí do dhéanamh i Saorstát Éireann, agus

(b) go raibh an gluaisteán san in úsáid roimhe sin (ar shlí eile seachas chun daoine d'iompar ar luach saothair) ag an iomportálaí no ag á líntighe no ag á theaghlach, agus

(c) gur chun é bheith á úsáid (ar shlí eile seachas chun daoine d'iompar ar luach saothair) i Saorstát Éireann ag an iomportálaí no ag á líntighe no ag á theaghlach atá an gluaisteán san á iomportáil,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an gluaisteán san d'iomportáil gan an diúité forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), mar a leasuítear é le hachtacháin ina dhiaidh sin do bheith íoctha air, ná an diúité sin mar do hatharuíodh é fén Acht Diúitéthe Custum (Gearradh Sealadach), 1931 (Uimh. 38 de 1931) , no le haon Acht do ritheadh no a rithfear sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1932.

(5) Aisíocfar diúité ar bith do híocadh roimh an Acht so do rith agus atá, de bhuadh an ailt seo, gan bheith inéilithe.

Saoirsí o dhiúitéthe ar earraí fighte.

34. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis na diúitéthe le n-a mbaineann an t-alt so, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh na diúitéthe sin inéilithe ná inghearrtha ar aon earra fhighte bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis an 18adh lá de Bhealtaine, 1932, agus gur cuid í, le linn a hiomportála, d'éadach chumaiscthe go ndearnadh, roimh é d'iomportáil, é do chur no aon chuid de do chur fé oibriú do rinne do-fhlichte é;

(b) pé uair is deimhin leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur gá do dhéantóir hataí agus caipíní aon earra fhighte bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann chun iad d'úsáid chun hataí agus caipíní no ceachtar acu do dhéanamh i Saorstát Éireann. féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú don déantóir sin, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo do luadh sa cheadúnas san, earraí fighte bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta no aon tsaghas no saghsanna áirithe earraí fighte den tsórt san d'iomportáil gan na diúitéthe sin do bheith íoctha ortha agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham ná le n-a méid no go pé teoranta maidir le n-a ham agus le n-a méid no maidir le ceachtar acu is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncuim do luadh sa cheadúnas san;

(c) pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gurb é atá in aon earra fighte dob ionchurtha fé aon cheann de sna diúitéthe sin mara mbeadh an fhoráil seo ná—

(i) feilt no abhar plainceudaí agus go bhfuil sí oiriúnach chun í d'úsáid, agus ná fuil sí le húsáid ach amháin, in oibriú bhaineann le tionnscal eile seachas plainceudaí, súsaí, baill éadaigh no cóir ghléasta phearsanta do dhéanamh, no

(ii) abhar plainceudaí atá á iomportáil, chun go n-úsáidfeadh an t-iomportálaí féin é chun baill éadaigh no cóir ghléasta phearsanta do dhéanamh i Saorstát Éireann chun iad d'easportáil, fé chonnradh le n-a bhforáltar an t-abhar plainceudaí sin do chur ar fáil don iomportálaí sin chun é d'úsáid chun na rudaí sin do dhéanamh,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'ordú, a cheadú an earra fhighte sin d'iomportáil gan aon cheann de sna diúitéthe sin do bheith íoctha uirthi.

(2) Aisíocfar diúité ar bith do híocadh roimh an Acht so do rith agus atá, de bhuadh an ailt seo, gan bheith inéilithe.

(3) Baineann an t-alt so leis na diúitéthe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) an diúité is inéilithe fé alt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Stampa), 1929 ( Uimh. 5 de 1929 ), mar a leasuítear é le hachtacháin ina dhiaidh sin, ar earraí fighte do bhí déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta;

(b) an diúité sin mar do hatharuíodh é fén Acht Diúitéthe Custum (Gearradh Sealadach), 1931 (Uimh. 38 de 1931) ;

(c) aon diúité do forchuireadh no a forchuirfear, in ionad na ndiúitéthe luaidhtear sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so, le haon Acht do ritheadh no a rithfear sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1932;

(d) aon diúité do forchuireadh no a forchuirfear, fén Acht Diúitéthe Custum (Gearradh Sealadach), 1931 , no le haon Acht do ritheadh no a rithfear sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1932. ar aon earraí fighte do bhí no a bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta.

Biotáille do thógaint as áitreabhacha agus as stóraisí áirithe.

35. —Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim a ordú go mbeidh gach ceann na aon chinn áirithe de sna forálacha den Spirits Act, 1880. a bhaineann le biotáille do thógaint as áitreabh stilleuraí, no as áitreabh ceartuitheora, deighleálaí, no miondíoltóra biotáille no as banna-stóras, go mbeid san, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart d'fhorchur, gan aon fheidhm ar bith acu, no gan feidhm acu ach fé réir atharuithe áirithe, maidir le haon daoine áirithe no aicme áirithe daoine.

Saoirse ón diúité ar íleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil.

36. —Má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le haon bhiotáille gheal a bheidh á hiomportáil isteach i Saorstát Éireann, go bhfuil sí le húsáid in aon dathú no glanadh earraí fíodóireachta bhíonn ar siúl mar chéird, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an bhiotáille gheal san d'iomportáil gan an diúité forchuirtear le halt 5 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), do bheith íoctha uirthi.

Saoirsí maidir le longlanna.

37. —(1) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim clár (dá ngairmtear an Clár san alt so) ar a dtabharfar an Clár de Longlanna do bhunú agus do choimeád ar siúl i pé fuirm is dóich leo is ceart. agus cuirfid síos sa Chlár san gach ní ceangailtear ortha leis an alt so do chur síos ann.

(2) Pé uair a bheidh áitreabh ar bith á úsáid chun long do dhéanamh, do dheisiú no d'ath-fheistiú ann, féadfaidh an té go mbeidh san ar siúl aige san áitreabh san a iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncuim an t-áitreabh san do chlárú sa Chlár agus. ar bheith sásta dhóibh go bhfuil an t-áitreabh san á úsáid chun na críche sin agus ar an duine sin d'íoc pé táille (más aon cheann é) ordóidh an tAire Airgid, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim an t-áitreabh san do chlárú sa Chlár dá réir sin.

(3) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le haon áitreabh a bheidh cláruithe sa Chlár go bhfuiltear tar éis scur de bheith á úsáid chun long do dhéanamh, do dheisiú no d'ath-fheistiú ann, féadfaid an t-áitreabh san do scriosadh as an gClár.

(4) Pé uair a déanfar aon earraí is ionchurtha fé dhiúité custum a forchuirtear leis an Acht so no le haon Acht eile (pe'ca roimh an Acht so no ina dhiaidh do rithcadh é) d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann agus iad consighnithe díreach chun áitreibh a bheidh cláruithe sa Chlár agus is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun iad d'úsáid chun long do dhéanamh, do dheisiú no d'ath-fheistiú san áitreabh san atá na hearraí sin á n-iomportáil amhlaidh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú na hearraí sin d'iomportáil gan diúité do bheith íoctha ortha.

(5) Pé uair a bheidh aon earraí á dtabhairt o aon áit i Saorstát Éireann isteach in áitreabh a bheidh cláruithe sa Chlár agus is deimhin leis na Comisinéirí Ioncuim gur chun iad d'úsáid chun long do dhéanamh, do dheisiú no d'ath-fheistiú san áitreabh san atá na hearraí sin á dtabhairt isteach ann, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is ciriúnach lco d'fhorchur, deighleáil leis na hearraí sin, chun críche na bhforálacha de sna hAchtanna Custum a bhaineann le hais-tarrac, fé is dá mba earraí iad do heasportáladh amach as Saorstát Éireann.

(6) Gan dochar do gheneráltacht na gcomhacht chun coinníollacha d'fhorchur a bronntar ar na Coimisinéirí Ioncuim leis an ait so. féadfar aon choinníollacha forchuirfear amhlaidh do cheapadh i slí go gcuirfear in áirithe gur chun long do dhéanamh. do dheisiú no d'ath-fheistiú in áitreabh atá cláruithe sa Chlár a húsáidfear na hearraí le n-a mbaineann na coinníollacha san.

Saoirse ghenerálta d'earraí a hiomportálfar chun tuille déantóireachta do dhéanamh crtha.

38. —Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chuige atá iomportáil á dhéanamh ar aon earra no earraí is ionchurtha fé dhiúité chustum ná chun an chéanna do dhul fé oibriú déantóircachta i Saorstát Éireann agus chun é d'easportáil ina dhiaidh sin no chun go ndéanfaí i Saorstát Éireann é do chur isteach i dteanta earraí cile mar chuid no mar tháthchuid de ní dhéanta bheidh le heasportáil, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra no na hearraí sin (pe'ca aca é) d'iomportáil gan diúité do bheith íoctha uirthi no ortha.

Baint fhorálacha den Finance (No. 2) Act, 1915.

39. —Tuigfear forálacha alt 12 agus 13 den Finance (No. 2) Act, 1915, mar a leasuítear iad le hachtacháin ina dhiaidh sin, do bhaint riamh leis an diúité forchuirtear le fo-alt (2) d'alt 10 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), chó hiomlán is do bhaineadar leis na diúitéthe nua iomportála buanuítear le fo-alt (1) den alt san 10.

Saoirse ón diúité ar shiúicre, ar ghlúcós, etc.

40. —Pé uair is deimhin leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála. gur gá do dhuine bhíonn ag gabháil do ghnó na súdaireachta i Saorstát Éireann aon earraí is ionchurtha fé aon diúité dá bhforchuirtear le halt 21 den Acht Airgid. 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), no fén diúité forchuirtear le halt 8 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ). mar a leasuítear é leis an Acht so, d'iomportáil chun iad d'úsáid sa ghnó san i Saorstát Éireann, agus ná fuilid le fáil no nách deallrathach go mbeid le fáil i Saorstát Éireann. féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas. a údarú don duine sin. fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur. na hearraí sin d'iomportáil gan na diúitéthe sin no gan aon cheann áirithe acu do bheith íoctha ortha agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu. no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

Lacáiste ar bheoir do grúduíodh as arbhar do brachadh sa tSaorstát.

41. —Má dheineann éinne ghrúduíonn beoir chun a dhíolta a chur ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim, maidir leis an mbeoir go léir is ionchurtha fé dhiúité agus do ghrúduigh sé an bhliain dar thosach an 1adh lá d'Iúl, 1932, no an bhliain dar thosach aon ladh lá d'Iúl ina dhiaidh sin, gur i Saorstát Éireann do brachadh no do róstadh ceithre fichid per cent. ar a luighead den arbhar do húsáideadh chun na beorach san do ghrúdú, beidh an grúdaire sin i dteideal lacáiste do réir chúig scillinge an bairille caighdeánach d'fháil ar an gcéad chúig mhíle bairille caighdeánach den bheoir sin do ghrúduigh sé an bhliain sin.

Saoirse d'earraí is chun úsáide pearsanta an iomportálaí.

42. —Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le haon earra is ionchurtha fé dhiúité chustum a forchuirtear leis an Acht so no le haon Acht cile (pe'ca roimh an Acht so no ina dhiaidh do ritheadh é)—

(a) gur thosnuigh iomportálaí na hearra san laistigh de shé mhí roimh í d'iomportáil ar bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann no go bhfuil beartuithe aige bona fide tosnú ar bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann laistigh de shé mhí tar éis na hiomportála san agus, i gceachtar cás, go bhfuil beartuithe aige bona fide buan-chomhnaí do dhéanamh i Saorstát Éireann, agus

(b) go raibh an earra san in úsáid roimhe sin ag an iomportálaí no ag á líntighe no ag á theaghlach, no go raibh sí in úsáid roimhe sin (ar shlí eile seachas mar stoc trádála no mar stoc, déanta no leath-dhéanta, chun a dhíolta no mar abhar, táthchuid, no cuid chun stuic den tsórt san do dhéanamh) ag an iomportálaí i gcóir a chéirde no a ghnótha, agus

(c) gur chun í bheith á húsáid ag an iomportálaí no ag á líntighe no ag á theaghlach, no chun í bheith á húsáid (ar shlí eile seachas mar adubhradh) ag an iomportálaí i gcóir a chéirde no a ghnótha, atá an earra san á hiomportáil isteach i Saorstát Éireann.

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra san d'iomportáil gan diúité do bheith íoctha uirthi.

Alt 10 den Finance Act, 1901, do leasú.

43. —Bainfidh alt 10 den Finance Act, 1901, mar a leasuítear é le halt 7 den Finance Act, 1902, bainfe sé, ón 12adh lá de Bhealtaine, 1932, amach le connradh chun aon earra do dhéanamh, chun aon déanmhais do thógáil, no chun aon oibre do dhéanamh agus chun gach abhair no aon abhair do sholáthar is gá chun na hearra, an déanmhais, no na hoibre sin do chumadh no is gá a chur isteach sa chéanna agus, chun crícheanna na bainte sin, léireofar tagairtí san alt san 10 d'earraí do sheachadadh mar thagairtí fholuíonn an earra, an déanmhas, no an obair sin do chumadh as abhair no abhair do chur isteach sa chéanna.

Luach earra no earraí do dhéanamh amach.

44. —Tuigfear gurb é is luach d'aon earra no earraí chun crícheanna na Coda so den Acht so agus an Chéad Sceidil agus an Dara Sceidil a ghabhann leis an Acht so ná an praghas do bhéarfadh iomportálaí ar an earra no ar na hearraí dá ndeintí an earra no na hearraí do sheachadadh fé bhanna in áit na hiomportála agus an luach fartha agus an t-árachas íoctha uirthi no ortha, agus ar an luach san, mar a shocróidh na Coimisinéirí Ioncuim é, iscadh a híocfar diúité.

Pionós mar gheall ar choinníoll do shárú

45. —Má dheineann duine ar bith éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar choinníoll ar bith a bheidh forchurtha ag na Coimisinéirí Ioncuim fén gCuid seo den Acht so no fén gCéad Sceideal no fén Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fé sna hAchtanna Custum agus ragha sé fé phionós caogad púnt in aghaidh gach cionta den tsórt san agus déanfar aon earra is ionchurtha fé dhiúité agus gur ina taobh do rinneadh an cionta san do gheallbhruideadh.

CUID III.

Diuitethe Bais.

Léagáidí agus comharbaisí do chrícheanna déirciúla.

46. —(1) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun crícheanna déirciúla in Éirinn do cuireadh no a cuirfear iomlán léagáide do tugadh chun crícheanna déirciúla le huacht duine do fuair bás tar éis an Achta so do rith, beidh an léagáid sin saor ar fad o dhiúité léagáide.

(2) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun crícheanna déirciúla in Éirinn do cuireadh no a cuirfear cuid de léagáid do tugadh chun crícheanna déirciúla le huacht duine do fuair bás tar éis an Achta so do rith, beidh an chuid sin den léagáid sin saor o dhiúité léagáide.

(3) Aon chomharbas no cuid de chomharbas do bheadh, dá mba léagáid no cuid de léagáid é do bhéarfaí le huacht an roimhshealbhadóra. saor fén alt so o dhiúité léagáide beidh sé saor o dhiúité chomharbais.

CUID IV.

Cain Phroifite Corparaide.

Atharuithe ar an gcáin phroifite corparáidc.

47. —(1) Maidir le gach tréimhse chuntasaíochta do chríochnuigh no chríochnóidh tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1930:—

(a) léireofar fo-alt (3) d'alt 52 den Finance Act, 1920, agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “so constituted that the liability of its members is limited” d'fhágaint ar lár sa mhíniú atá sa bhfo-alt san ar an bhfocal “company” agus go ndéanfaí na focail “nor a private company the liability of whose members is unlimited nor any corporate body which by its constitution is precluded from distributing any profits amongst its members” do chur leis an míniú san ina dheireadh;

(b) ní fholóidh an abairt “cuideachta mhaitheasa puiblí” in aon áit ina bhfuil sí in alt 33 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), aon chuideachta 'na mbíonn aon ghnó geas, uisce, leictreachais, tram-bhealaigh no uiscechomhacht ar siúl acu, agus déanfar an t-alt san, mar a leathnuítear é le halt 30 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), do léiriú agus beidh éifeacht aige dá réir sin;

(c) léireofar fo-alt (1) d'alt 52 den Finance Act, 1920, agus beidh éifcacht aige fé is dá ndeintí na focail “seven and one-half per cent.” do chur in ionad na bhfocal “five per cent.” atá anois sa bhfo-alt san;

(d) léireofar alt 31 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “deich per cent.” do chur in ionad na bhfocal “seacht go leith per cent.” atá anois i bhfo-alt (1) den alt san;

(e) ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 45 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), ná ag fo-alt (2) d'alt 30 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), agus ina ionad san léireofar mír (a) den phrovísó ghabhann le halt 52 den Finance Act, 1920, agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “five thousand pounds” do chur in ionad na bhfocal “five hundred pounds” i ngach áit ina bhfuil na focail sin sa mhír sin.

(2) I gcás gach tréimhse cuntasaíochta do thosnuigh roimh an 1adh lá d'Eanar, 1931, agus do chríochnuigh an lá san no dá éis sin, déanfar an brabús d'fhás i rith na tréimhse cuntasaíochta do roinnt idir an chuid den tréimhse do bhí roimh an dáta san agus an chuid den tréimhse do bhí tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1930, do réir na bhfaideanna bhí fé seach sna coda san, agus—

(a) ní héilcofar aon cháin ar an méid sin, den bhrabús roinnte a cuirfear i leith na céad coda luaidhtear den tréimhse, go mbeidh idir é agus deich míle púnt an cothrom céanna bheidh idir an chéad chuid sin a luaidhtear den tréimhse agus bliain, agus

(b) ní héileofar aon cháin ar an méid sin, den bhrabús roinnte a cuirfear i leith na dara coda luaidhtear den tréimhse, go mbeidh idir é agus cúig mhíle púnt an cothrom céanna bheidh idir an dara cuid sin a luaidhtear den tréimhse agus bliain, agus

(c) i gcás cuideachtan gur le dlithe Shaorstáit Éireann no fútha do hionchorparuíodh í agus i gcás cuideachtan coigríche do chuir ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go ndearnadh na coinníollacha a horduítear le fo-alt (2) d'alt 31 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ). do chólíonadh, éileofar cáin do réir cúig per cent. ar an gcion, de bhrabús na céad coda luaidhtear den tréimhse, a fhanfaidh ionchurtha fé cháin. agus éileofar cáin do réir seacht go leith per cent. ar an gcion, de bhrabús na dara coda luaidhtear den tréimhse, a fhanfaidh ionchurtha fé cháin, agus

(d) i gcás cuideachtan coigríche nár chuir ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go ndearnadh na coinníollacha a horduítear le fo-alt (2) d'alt 31 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), do chólíonadh, éileofar cáin do réir seacht go leith per cent. ar an gcion, de bhrabús na céad coda luaidhtear den tréimhse, a fhanfaidh ionchurtha fé cháin, agus éileofar cáin do réir deich per cent ar an gcion, de bhrabús na dara coda luaidhtear den tréimhse, a fhanfaidh ionchurtha fé cháin.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 45 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), ná ag fo-alt (2) d'alt 30 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), maidir le haon tréimhse chuntasaíochta le na mbaineann fo-alt (1) no fo-alt (2) den alt so.

(4) Aon cháin phroifite corparáide sa bhreis is iníoctha, de bhuadh na n-atharuithe deintear ar an dlí leis an alt so. alos tréimhse cuntasaíochta do chríochnuigh no chríochnóidh tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1930, féadfar í do mheas agus do bhaint amach d'ainneoin go ndearnadh cáin phroifite corparáide do mheas cheana alos na tréimhse sin.

(5) San alt so tá an chiall chéanna leis an abairt “tréimhse chuntasaíochta” atá leis an abairt “accounting period” sna hachtacháin a bhaineann le cáin phroifite corparáide.

CUID V.

Diuite Oll-Shochair.

Comhacht chun diúité oll-shochair do mhaitheamh.

48. —Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, i dtaobh duine dhligheann diúité oll-shochair d'íoc—

(a) gur thug sé do sna Coimisinéirí Ioncuim dá dheoin féin gach colas do bhí ar seilbh no ar fáil aige agus is gá chun méid an diúité sin do dhéanamh amach go cuibhe: no

(b) go bhfuil sé ina leithéid sin de chás maidir le cúrsaí airgid nách féidir leis méid iomlán an diúité sin d'íoc gan cruatan nea-chuibhe do chur air féin; no

(c) gur thug sé an t-eolas san roimhráite uaidh amhlaidh agus fós go bhfuil sé sa chás san adubhradh maidir le cúrsaí airgid,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, i gcomaoine an eolais sin no mar gheall ar an gcás san no ar an dá scór san, an t-ús go léir (más ann do) is iníoctha alos an diúité sin do mhaitheamh agus fós pé maitheamh do thabhairt sa diúité sin is dóich leo do bheith cóir.

CUID VI.

Diuitethe Stampa.

Diúité stampa alos nótaí bainc có-dhlúite.

49. —(1) In aghaidh na leath-bhliana dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1932, agus in aghaidh gach leath-bhliana ina dhiaidh sin éileofar ar gach banc, agus íocfaidh gach banc, a bheidh de thurus na huaire in a bhanc scair-shealbhach do réir bhrí an Achta Airgid Reatha, 1927 ( Uimh. 32 de 1927 ), diúité stampa do réir trí per cent. per annum ar an méid nótaí bainc có-dhlúite gurb é an quota do réir bhrí ailt 54 den Acht é, i rith na leath-bhliana san, a bheidh ceaptha de thurus na huaire don bhanc san fén alt san.

(2) Gach banc a dhlighfidh an diúité forchuirtear leis an alt so d'íoc beidh teideal aige creidiúint, i gcoinnibh an méid den diúité sin is iníoctha aige in aghaidh aon leath-bhliana, d'fháil i ngach íocaíocht 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh go ndearna no go ndligheann an bane san í d'íoc le Coimisiún an Airgid Reatha in aghaidh na leath-bhliana san ar scór na suime is iníoctha fé mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 65 den Acht Airgid Reatha, 1927 , no ar scór na suime (a háirmhítear do réir aon go leith per cent. per annum) is iníoctha fé mhír (b) den fho-alt san.

(3) Pé uair a dhéanfaidh Coimisiún an Airgid Reatha, do réir fo-ailt (4) d'alt 65 den Acht Airgid Reatha, 1927 , deimhniú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san do chur amach déanfaidh Coimisiún an Airgid Reatha san am gcéanna cóip den deimhniú san do chur go dtí na Coimisinéirí Ioncuim, agus, chun na gcrícheanna bhaineann le halt 32 den Acht san agus le gach mionn do bhéarfar fén alt san, tuigfear, maidir le gach deimhniú cuirfear chucha amhlaidh, na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ag gníomhú i bhfeidhmiú an Achta san agus tuigfear é do bheith riachtanach chun crícheanna an Achta san an deimhniú san do chur amach.

(4) Gach bane is bane scair-shealbhach de thurus na huaire do réir bhrí an Achta Airgid Reatha, 1927 , bhéarfa sé do sna Coimisinéirí Ioncuim, laistigh de cheithre lá déag tar éis aon deimhniú den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (4) d'alt 65 den Acht san d'fháil o Choimisiún an Airgid Reatha, cuntas ina dtaisbeánfar—

(a) an quota bheidh ceaptha don bhanc san, fé alt 54 den Acht san, in aghaidh na leath-bhliana le n-a mbaineann an deimhniú san, agus

(b) an méid do rinne no dhligheann an bane san d'íoc le Coimisiún an Airgid Reatha fé fho-alt (1) d'alt 65 den Acht san in aghaidh na leath-bhliana san agus na mion-innste i dtaobh conus a rinneadh suas an tsuim sin, agus

(c) pé eolas eile theastóidh o sna Coimisinéirí Ioncuim.

(5) Má thárlann d'aon bhanc, ar a gceangailtear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so aon chuntas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san do thabhairt do sna Coimisinéirí Ioncuim, go dteipfidh air an cuntas san do thabhairt amhlaidh laistigh den aimsir a ceaptar leis an bhfo-alt san, dlighfear pionós céad púnt do chur ar an mbanc san maraon le pionós eile de chéad púnt in aghaidh gach lae (tar éis an chéad lae) a leanfaidh an teip sin.

(6) Beidh an diúité stampa forchuirtear leis an alt so iníoctha, ag gach bane ar a mbeidh sé inéilithe, ar thabhairt an chuntais a luaidhtear i bhfo-alt (4) den alt so i dtaobh na leath-bhliana gur ina haghaidh a bheidh an diúité sin iníoctha.

(7) In ainncoin éinní atá sa Stamp Duties (Ireland) Act, 1815, bainfidh an t-alt so le Banc na hÉireann faid is bane scairshealbhach do réir bhrí an Achta Airgid Reatha, 1927 , an Bane san.

Diúité ar scuab-ghill áirithe.

50. —(1) Déanfar maidir leis an mbarrachas ionfhálta i ngach scuab-gheall a cuireadh no a cuirfear ar siúl fén Acht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Forálacha Sealadacha), 1930 (Uimh. 12 de 1930) . agus gur tar éis an 1adh lá de Mhárta, 1932, a rinneadh no a déanfar an crannchur no aon cheann de sna crannchurtha duaiseanna sa scuab-gheall san, diúité stampa do réir na rátaí seo leanas d'éileamh, sé sin le rá:—

(a) i gcás aon scuab-ghill den tsórt san gur roimh an séú lá d'Abrán, 1932, do críochnuíodh an crannchur no gach crannchur duaiseanna ann, do réir seacht déag go leith per cent. de mhéid an bharrachais ionfhálta sa scuabgheall san, agus

(b) i gcás gach scuab-ghill eile den tsórt san, do réir cúig is fiche per cent. de mhéid an bharrachais ionfhálta sa scuab-gheall san.

(2) Déanfaidh an coiste, is coiste chun crícheanna an scuabghill inar fhás an barrachas ionfhálta is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so, an diúité sin d'íoc leis na Coimisinéirí Ioncuim, agus déanfar é d'íoc amhlaidh ar thabhairt an chuntais a héilítear leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so agus déanfaidh an coiste sin é do bhaint as an mbarrachas ionfhálta san agus déanfar é do bhaint amhlaidh sara bhfuighfear amach an dá dtrian agus an trian a luaidhtear fé seach in ailt 5 agus 6 den Acht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Leasú), 1931 (Uimh. 24 de 1931) .

(3) Déanfaidh gach coiste, is coiste chun crícheanna scuab-ghill go mbeidh an barrachas ionfhálta ann ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so, déanfaid, laistigh de cheithre lá déag tar éis iniúchta cuntaisí an scuab-ghill sin do bheith críochnuithe do réir ailt 6 den Acht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Forálacha Sealadacha), 1930 , no (i gcás an iniúchta san do chríochnú roimh an Acht so do rith) laistigh de cheithre lá déag tar éis an Achta so do rith, cuntas do thabhairt do sna Coimisinéirí Ioncuim ina dtaisbeánfar cadé méid an bharrachais ionfhálta san agus ina mbeidh pé mion-innste eile theastóidh o sna Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh an scuab-ghill sin.

(4) Má thárlann do choiste, ar a gceangailtear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so cuntas do thabhairt do sna Coimisinéirí Ioncuim, go dteipfidh ortha an cuntas san do thabhairt laistigh den aimsir a ceaptar leis an bhfo-alt san, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé alt 47 den Succession Duty Act, 1853, agus ar gach slí fé is dá mb'é an cuntas san an cuntas a luaidhtear san alt san agus gurbh é an teip sa chuntas san do thabhairt an fhaillí luaidhtear san alt san, chur d'fhiachaibh ar an gcoiste sin no ar aon bhall de an cuntas san do thabhairt.

(5) San alt so—

cialluíonn an focal “coiste” coiste ar n-a cheapadh fé alt 2 den Acht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Forálacha Sealadacha), 1930 ; agus

tá an brí céanna leis an abairt “barrachas ionfhálta” atá léi in ailt 5 agus 6 den Acht um Oispidéil Phuiblí Dhéireiúla. 1931.

CUID VII.

Generalta.

Cúram agus ainistí cánacha gus diúitéthe.

51. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo gach cáin agus diúité (ach amháin na diúitéthe máil ar fheithiclí inncall-ghluaiste) a forchuirtear no a buanuítear leis an Acht so.

Athghairm.

52. —Deintear leis seo na hachtacháin uile agus fé seach a luaidhtear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san agus beidh an athghairm sin fé mar de bheadh éifeacht aici ar na dátaí uile agus fé seach a luaidhtear sa cheathrú colún den Sceideal san agus o sna dátaí sin amach.

Gearr-theideal, éiriú, agus tosach feidhme.

53. —(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1932 , do ghairm den Acht so.

(2) Léircofar Cuid I den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim, agus léireofar Cuid II den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum, agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin.

(3) Ach amháin sa mhéid go bhforáltar go soiléir a mhalairt, tuigfear Cuid I den Acht so do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1932, agus beidh éifeacht aici an lá san agus as san amach.

CEAD SCEIDEAL.

Diuitethe Custum Ad Valorem.

Uimh. Thag.

An Saghas Earraí is ionchurtha fé Dhiúité

Ráta an Diúité fén gCéad

Ráta an Diúité Thosaíochta fén gCéad

Forálacha Speisialta

1

Cloch (nách slinn) i gcóir séadchomharthaí no ailtireachta no tógála agus i cóirithe no líomhtha no oibrithe ar aon tslí eile; ach gan cloch ná dearnadh d'oibriú uirthi ach í do ghearradh le sábh no í do bhrúghadh d'áireamh.

50%

331/3%

Má chítear do sna Coimisinéirí Ioncuim gur chun i d'úsáid chun foirginte do thógáil do bhí á tógáil an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, atá earra is ionchurtha fén diúité seo á hiomportáil, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra san d'iomportáil gan an diúité seo do bheith ioctha uirthi no aon diúité den tsórt san do hiocadh ar an earra san d'aisioc.

2

Cruidhte capall a bheidh déanta d'iarann no de chruaidh ar fad no nách mór ar fad.

50%

331/3%

--

3

Aruistí tighe d'iarann oibrithe ghalbhánuithe no de chruaidh, ar a n-áirmhítear guitéiri, píopai, agus caipíní mullaigh galbhánuithe, gur dóich leis na Coimisinéiri Ioncuim gur chun uisce fearthanna do bhreith chun siúil do prímhbheartuíodh iad.

30%

20%

--

4

Earraí bheidh déanta d'iarann no de chruaidh chun iad d'úsáid in obair thógála (sailteacha cearchaill, cainéil, trasnáin, uillinneacha, colúin, postaí, T-eanna, agus a leithéidí) agus iad ullamh le húsáid no níos mó déanta leo ná iad do bhualadh, do rolláil, no do mhúnláil.

50%

331/3%

Má chitear do sna Coimisinéiri Ioncuim gur chun i d'úsáid chun foirginte do thógáil do bhí á tógáil an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, atá earra is ionchurtha fén diúité seo á hiomportáil, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólionadh pé coinniollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra san d'iomportáil gan an diúité seo do bheith iochta uirthi no aon diúité den tsórt san do híocadh ar an earra san d'aisíoc.

Pé uair is deimhin leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur bun-abhair atá riachtanach i gcóir oibriú déantóireachta atá ar siúl no atáthar ar aigne do chur ar siúl i Saorstát Éireann aon earraí is ionchurtha fén diúité seo agus ná fuil na hearraí sin le fáil no nách deallrathach go mbeid le fáil i Saorstát Éireann agus gur gá do dhéantóir iad d'iomportáil chun iad d'úsáid i Saorstát Éireann san oibriú san, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú don déantóir sin, fé réir cólionadh pé coinniollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, na hearraí sin d'iomportáil gan an diúité seo do bheith íoctha ortha agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

5

Frámai dorais miotail, frámaí fuinneoige miotail, saiseanna fuinneoige miotail, agus tarfhuinneoga miotail, ach gan frámaí, saiseanna, ná tarfhuinneoga d'áireamh atá, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ceaptha, déanta, agus beartuithe chun iad d'úsáid mar ghabhadáin do ghloine dhaithte.

50%

331/3%

--

6

Málai bheidh déanta de pháipeur ar fad no nách mór ar fad, agus nách truime ná ocht n-únsa, agus a bheidh folamh le linn iad d'iomportáil.

50%

331/3%

--

7

Plainceudaí agus abhar plainceudaí, bán no daithte, is cuma cad chuige iad, agus fós súsai seachas súsaí a beifear ar aigne d'úsáid mar chlúdaigh urláir.

30%

20%

Is diúité in ionad an diúité forchuirtear le halt 17 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), an diúité seo.

Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gurb é atá in earra dob ionchurtha fén diúité seo mara mbeadh an fhoráil seo ná—

(a) feilt no abhar plainceudaí agus go bhfuil sí oiriúnach chun í d'úsáid, agus ná fuil sí le húsáid ach amháin, in oibriú bhaineann le tionnscal eile seachas plainceudaí, súsaí, baill éadaigh no cóir ghléasta phearsanta do dhéanamh, no

(b) abhar plainceudaí atá á iomportáil, chun go n-úsáidfeadh an t-iomportálaí féin é chun baill éadaigh no cóir ghléasta phearsanta do dhéanamh i Saorstát Éireann chun iad d'easportáil, fé chonnradh le n-a bhforáltar an t-abhar plainceudaí sin do chur ar fáil don iomportálaí sin chun é d'úsáid chun na rudaí sin do dhéanamh,

féadfaidh na Coimisinéiri Ioncuim, fé réir cólionadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra san d'iomportáil gan an diúité seo do bheith íoctha uirthi no aon diúité den tsórt san do híocadh ar an earra san d'aisíoc.

8

Taos gloine i bhfuirm ar bith agus péinteanna agus uisce-phéinteanna ina bhfliuchán no ina bpaist (ach gan luadh bán, pe'ca tirm no ina phaist righin do, ná dathanna pictiúra i dtúibini, ná aon dathanna tiorrua d'áireamh).

30%

20%

Is diúité mar bhreis ar aon diúité is inéilithe alos aon bhiotáille bheidh san earra no do húsáideadh chun na hearra do dhéanamh no d'ullamhú an diúité seo, ach is diúité é in ionad aon diúité is inéilithe alos aon táthchoda eile bheidh san earra no do húsáideadh chun na hearra do dhéanamh no d'ullamhú.

Pé uair is deimhin leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur bun-abhair atá riachtanach i gcóir oibriú déantóireachta atá ar siúl no atáthar ar aigne do chur ar siúl i Saorstát Éireann aon earraí is ionchurtha fén diúité seo agus ná fuil na hearraí sin le fáil no nách deallrathach go mbeid le fáil i Saorstát Éireann agus gur gá do dhéantóir iad d'iomportáil chun iad d'úsáid i Saorstát Éireann san oibriú san, féadfaidh na Coimisinéiri Ioncuim, le ceadúnas, a údarú don déantóir sin, fé réir cólionadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, na hearrai sin d'iomportáil gan an diúité seo do bheith ioctha ortha agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéiri Ioncuim is ceart.

9

Cuilteanna d'abhar ar bith agus iad lionta, agus clúdaigh fholmha d'abhar ar bith a beifear ar aigne do líonadh d'aon tsaghas lionta agus d'úsáid mar chuilteanna.

37½%

25%

Is diúité in ionad an diúité forchuirtear le halt I den Acht Airgid (Diúitéthe Nua Custum), 1930 (Uimh. 4 de 1930) , an diúité seo.

10

(a) Cneas-ghallúnach (le n-a n-ármhítear gallúnach bhearrtha), púdar gallúnaí, agus abhair a húsáidtear in ionad gallúnaí.

37½%

25%

Is diúitéthe in ionad na ndiúitéthe forchuirtear le halt 21 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), agus le halt 22 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), fé seach, na diúitéthe seo.

(b) Gach saghas eile gallúnaí, púdair ghallúnai, agus abhair a húsáidtear in ionad gallúnaí.

22½%

15%

Ní déanfar na diúitéthe seo d'éileamh ná do ghearradh ar aon tsubstaint acu so leanas nuair a heasportálfar í ar aon tsli eile seachas mar chuid no mar tháthchuid d'aon earra no d'aon ullmhóid, sé sin le rá, sóide charbonáide, sóide shillicáide, sóda dóiteach, potáise carbonáide, pobual dóiteach, amóine, bórax.

11

Dubhach scríbhneoireachta ina fhliuchán no ina phúdar.

37½%

25%

Is diúité mar bhreis ar aon diúité is inéilithe alos aon bhiotáille bheidh san earra no do húsáideadh chun na hearra do dhéanamh no d'ullamhú an diúité seo, ach is diúité é in ionad aon diúité is inéilithe alos aon táthchoda eile bheidh san earra no do húsáideadh chun na hearra do dhéanamh no d'ullamhú.

12

Paist ghreamuitheach gur chun a húsáide in oifig do prímh-bheartuiodh í.

37½%

25%

Is diúité mar bhreis ar aon diúité is inéilithe alos aon bhiotáille bheidh san earra no do húsáideadh chun na hearra do dhéanamh no d'ullamhú an diúité seo, ach is diúité é in ionad aon diúité is inéilithe alos aon táthchoda eile bheidh san earra no do húsáideadh chun na hearra do dhéanamh no d'ullamhú.

13

Snasáin gur chun iad d'úsáid ar bhróga, ar bhróga isle, agus ar a leithéidi, no ar urláir, no ar throscán, no ar fheithicli do primhbheartuiodh iad.

37½%

25%

Is diúité mar bhreis ar aon diúité is inéilithe alos aon bhiotáille bheidh san earra no do húsáideadh chun na hearra do dhéanamh no d'ullamhú an diúité seo, ach is diúité é in ionad aon diúité is inéilithe alos aon táthchoda eile bheidh san earra no do húsáidcadh chun na hearra do dhéanamh no d'ullamhú.

14

(a) Gréasáin linéadaigh ach gan na gréasáin seo leanas d'áireamh, eadhon:—

25%

Saor

--

(1) gréasáin línéadaigh phriontálta;

(2) gréasáin de linéadach dhamaisceach o sheol chomhachta agus níos mó ná céad is ceithre fichid snáithe san órlach cearnach díobh;

(3) gréasáin de linéadach dhamaisceach o sheol láimhe;

(4) gréasáin de linéadach dhamaisceach phéinteálta;

(5) gréasáin linéadaigh, tureach agus chenille i gcóir tobháilli;

(6) gach saghas eile gréasán linéadaigh go mbeidh níos mó ná céad is trí fichid snáithe san órlach cearnach díobh;

(7) éadach íle.

(b) Gréasáin d'abhair mheasctha, sé sin le rá, aon ghréasáin ina mbeidh dhá cheann no nios mó de sna habhair seo leanas, eadhon:cadás, líon, cnáib, ráimí, iút, agus fionnadh, ach gan gréasáin d'abhair mheasctha, turcach agus chenille, i gcóir tobháillí, ná éadach íle d'áireamh.

25%

Saor

--

(c) Gréasáin chadáis i gcóir scaróidi, ach gan éadach íle d'áireamh.

25%

Saor

--

(d) Gréasáin chadáis i gcóir tobháilli, ach gan abhar tobháillí, turcach agus chenille, d'áireamh.

25%

Saor

--

(e) Earraí fighte de sna saghsanna so leanas:—

(1) scaróidí agus naipcini seachas—

25%

15%

--

(a) scaróidí no naipcíni damaisceacha, mara mbeidh ach sioda no sioda saordha san inneach no sa dlúth,

(b) scaróidí agus naipcini damaisceacha péinteálta,

(c) scaróidí agus naipcini de línéadach dhamaisceach o sheol chomhachta agus nios mó ná céad is ceithre fichid snáithe san órlach cearnach diobh,

(d) scaróidi agus naipcini de lineadach dhamaisceach o sheol láimhe.

(e) scaróidi bheidh déanta d'éadach íle.

(2) matai cláir, éadaighe tráidire, éadaighe té, mion-scaróidi agus foirne d'éadaighe gléasáin;

25%

15%

--

(3) tobháillí agus éadaighe tighis, go leitreacha no gan leitreacha, ach gan tobháilli turcacha agus chenille, ná tobháilli péinteálta, ná éadaighe spúinse cadáis d'áireamh;

25%

15%

--

(4) braithliní ach gan braithliní linéadaigh go mbeidh níos mó ná céad is trí fichid snáithe san órlach cearnach díobh d'áireamh;

25%

15%

--

(5) tarpól de linéadach, d'abhair mheasctha, no de chadás, pe'ca rinneadh dofhlichte é no ná dearnadh, ach gan tarpól iúit d'áireamh.

25%

15%

--

15

(a) Abhar a bheidh clóbhuailte ar pháipeur agus a hiomportálfar ina choda móra, ach gan abhar d'áireamh a bheidh clóbhuailte ar pháipeur a bheidh, le linn é d'iomportáil, greamuithe le paist no greamuithe go daingean ar aon tslí eile d'aon earra no d'aon tsubstaint eile agus fós gan leabhair, páipéirí nuachta, tréimhseacháin, ceol clóbhuailte, páipeur falla, mapaí. pátrúin chun earraí eile do dhéanamh, beannachtai órnáideacha, foillseacháin o rialtaisí coigríche agus o chumann na náisiún, fuirmeacha bheidh orduithe go hoifigiúil ag rialtaisí coigríche, ná earraí is ionchurtha fé dhiúité Uimh. 16 sa Sceideal so d'áireamh.

15%

10%

Ní bhainfidh alt 25 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), leis an diúité seo, agus dá réir sin ní bheidh an t-éileamh minimum a forchuirtear leis an alt san inéilithe alos an diúité seo.

Pé uair is deimhin leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur bun-abhair atá riachtanach i gcóir oibriú déantóireachta atá ar siúl no atáthar ar aigne do chur ar siúl i Saorstát Éireann aon earrai luaidhtear i mír (a) sa dara colún agus is ionchurtha fén diúité seo agus ná fuil na hearrai sin le fáil no nách deallrathach go mbeid le fáil i Saorstát Éireann agus gur gá do dhéantóir iad d'iomportáil chun iad d'úsáid i Saorstát Éireann san oibriú san, feadfaidh

(b) Leabhair de gach saghas (seachas leabhair is úrscéalta dar leis na Coimisinéirí Ioncuim) a bheidh clóbhuailtc i mBéarla agus ceangailte i leathar no in aon abhar a húsáidtear mar leathar.

30%

20%

na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú don déantóir sin, fé réir cólionadh pé coinníollacha is oiriúnach lco d'fhorchur, na hearraí sin d'iomportáil gan an diúité seo do bheith íoctha ortha agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

Más deimhin leis na Coimisinéiri Ioncuim aon leabhair is ionchurtha fén diúite seo do bheith á n-iomportáil chun úsáide leabharlainne. nách leabharlann dilseánaigh gur chun brabúis is mó coimeádtar ar siúl i, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinniollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú na leabhair sin d'iomportáil gan an diúité seo do bheith íoctha ortha.

Ní déanfar an diúité seo d'éileamh ná do ghearradh ar aon leabhair atá, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ina leabhair oideachais go mbíonn gá leo do ghnáth i scoileanna, i gcoláistí, agus i bpríomh-scoileanna, no ina leabhair eolaiochta.

Ní déanfar an diúité seo d'éileamh ná do ghearradh ar aon leabhair dá ndearnadh roinnt mhaith úsáide sarar hiomportáladh iad, no bhi ar únaeracht phriobháidcach ar feadh tamaill mhaith sarar hiomportáladh iad, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim.

16

Páipeurachas d'aon tsaghas acu so leanas, cadhon:—

(a) clúdaigh, páipeur leitreach, bluic de pháipeur scríbhneoireachta:

(b) leabhair láimhscríbhinne, go línte no gan línte, agus go mírchinn no gan mirchinn;

(c) páipeurachas tráchtála, ceangailte no nea-cheangailte;

(d) duillíní agus teaigeanna (seachas duillíní agus teaigeanna d'abhair fhighte) a hiomportálfar ina mórchoda;

(e) clár-liostaí trádála (seachas clár-liostai ná beidh ionta ach somplaí de pháipeur falla), a hiomportálfar ina mórchoda;

(f) ticéadaí clóbhuailte a hiomportálfar ina mór-choda.

30%

331/3%

Pé uair is deimhin leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur bun-abhair atá riachtanach i gcóir oibriú déantóireachta atá ar siúl no atáthar ar aigne do chur ar siúl i Saorstát Éireann aon earraí is ionchurtha fén diúité seo agus ná fuil na hearraí sin le fáil no nách deallrathach go mbeid le fáil i Saorstát Éireann agus gur gá do dhéantóir iad d'iomportáil chun iad d'úsáid i Saorstát Éireann san oibriú san. féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú don déantóir sin, fé réir cólíonadh pé coinniollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, na hearraí sin d'iomportáil gan an diúité seo do bheith íoctha ortha agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

17

Déantúisí de shreang iarainn no de shreang cruaidhe ach gan na hearrai sco leanas d'áireamh, eadhon, sreang dheilgncach, sreang-lion go mogaill sé-uilleacha, cáblaí agus rópai, bioráin de gach saghas, tarraingi agus tarraingini de gach saghas, luasca, agus sreang scrobhach.

22½%

15%

Pé uair is deimhin leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur bun-abháir atá riachtanach i gcóir oibriú déantóireachta atá ar siúl no atáthar ar aigne do chur ar siúl i Saorstát Éireann aon earrai is ionchurtha fén diúité seo agus ná fuil na hearraí sin le fáil no nách deallrathach go mbeid le fáil i Saorstát Éireann agus gur gá do dhéantóir iad d'iomportáil chun iad d'úsáid i Saorstát Éireann san oibriú san, féadfaidh na Coimisinéiri Ioncuim, le ceadúnas, a údarú don déantóir sin, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, na hearraí sin d'iomportáil gan an diúité seo do bheith íoctha ortha agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ióncuim is ceart.

18

Earraí bheidh déanta d'adhmad i bpáirt no go hiomlán (ach gan adhmad plánuithe no cóirithe, múnlaí, bráicíni, trasnáin bhóthair iarainn, spéici scafaill, cuaillí telegrafa agus telcfóna, srathadhmad, ná athchroiceann adhmaid, a hiomportálfar mar earraí den tsórt san. d'áireamh), sé sin le rá:—

Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim ná fuil sa méid adhmaid atá in aon earra is ionchurtha fén diúité seo ach fíorbheagán d'iomlán na hearra san, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólionadh pé coinniollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra san d'iomportáil gan an diúité seo do bheith íoctha uirthi no aon diúité den tsórt san do híocadh ar an earra san d'iomportáil d'aisíoc.

(a) obair adhmaid tógála agus coda den obair sin:

22½%

15%

(b) na húirlisi seo leanas má bhionn cosa adhmaid ionta agus más mar úirlisi iomlána a bheid á n-iomportáil, sé sin le rá, casúir, tuaghanna, táil, piocóidi, matóga, scríobáin, rácaí agus picí, agus fós cosa adhmaid a hiomportálfar ar leithligh agus atá, dar leis na Coimisinéirí loncuim, ceaptha, déanta, agus beartuithe chun iad d'úsáid mar chosa d'úirlis no d'úirlisí acu san;

50%

331/3%

Pé uair is deimhin leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur bun-abhair atá riachtanach i gcóir oibriú déantóireachta atá ar siúl no atáthar ar aigne do chur ar siúl i Saorstát Éireann aon earraí is ionchurtha fén diúité seo agus ná fuil na hearraí sin le fáil no nách deallrathach go mbeid le fáil i Saorstát Éireann agus gur gá do dhéantóir iad d'iomportáil chun iad d'úsáid i Saorstát Éireann san oibriú san, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú don déantóir sin, fé réir

(c) gach déantús eile adhmaid (ach amháin earrai saortar leis an bhforáil atá sa chúigiú colún) agus coda de sha déantúisí sin (ach amháin mar adubhradh).

50%

331/3%

cólionadh pé coinniollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, na hearraí sin d'iomportáil gan an diúité seo do bheith íoctha ortha agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

Ní déanfar an diúité seo d'éileamh ná do ghearradh ar fheithiclí bheidh ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad d'úsáid ar bhóithre no chun iad d'úsáid ar rálacha, ná ar aon earrai acu so leanas ná ar aon choda de pé earraí acu so leanas is earraí iomlána, sé sin le rá:—

(a) meaisínteacht;

(b) comhacht-árduitheoirí;

(c) troscán (ach gan frámaí pictiúra, a hiomportálfar gan pictiúir, d'áircamh);

(d) ughmacha agus earraí dialladóireachta;

(e) earraí i gcóir spóirt;

(f) instruimidí agus fearaistí eolaíochta agus leighis;

(g) coda de bhoscaí is boscaí i gcóir margairín dar leis na Coimisinéirí Ioncuim;

(h) boscaí i gcóir ime, boscaí i gcóir ubh, bairillí, cascanna, agus ceaigeanna;

(i) úirlisí, ach gan na húirlisí ná na coda dhiobh a luaidhtear sa dara colún d'áireamh;

(j) spóil;

(k) meadracha;

(l) goradáin;

(m) coda d'fhoscadáin;

(n) clúdaigh nea-chríochnuithe i gcóir leabhar cuntais go nduilleoga scaoilte;

(o) oirnise ceoil;

(p) gabhadáin a bheidh lán d'earraí eile le linn iad d'iomportáil;

(q) gabhadáin fholmha taisbeánfar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim gur chuige atáid á n-iomportáil ná chun iad d'úsáid mar ghabhadáin i gcóir earraí bheidh le heasportáil;

(r) cléibhíni, boscai agus boscaodaí sliseogacha;

(s) earraí bheidh déanta, ceaptha, agus beartuithe chun iad d'úsáid chun críchcanna oideachais i scoileanna, i gcoláistí, no i bhfundúireachtaí eile oideachais;

(t) crosanna;

(u) bréagán ar bith nách fiú níos mó ná scilling;

(v) arthaí agus báid atá prímh-dhéanta agus prímh-cheaptha chun iad do thiomáint le seolta, no chun iad do thiomáint le hinneall, no chun earraí d'iompar, no atáthar ar aigne d'úsáid i ngnó an iascaigh no i gcóir seirbhisc na mbád tárrthála, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim;

(w) framai i gcóir cruiceoige.

19

Earraí is nea-ghalrán, cuilnimh, geirmnimh, milnimh, cnuimhnimh no múiscnimh agus a haithnitear i gcúrsai tráchtála fé ainm thrádála dhílsithe no chosanta

22½%

15%

--

20

Earrai d'iarann mhúnlálta de sna saghsanna so leanas, cadhon—

22½%

15%

--

(a) píopaí húsáidtear lasmuich i gcóir uisce agus salachair, guitéirí, agus ceangail;

(b) tromáin saisc;

(c) iomair agus miasa bídh do mhuca;

(d) stuic chrinlíní agus suidheachán;

(e) clúdaigh agus frámaí de gach méid, i gcóir poll i dtalamh, agus iad galbhánuithe no gan a bheith;

(f) clúdaigh hidrant agus comhlan;

(g) trapanna linntéara;

(h) stuic acastóra thrucaille;

(i) frámai soluis chasáin, go ngloinc no gan í;

(j) foirléasanna agus comhlaí súl luinge;

(k) grátaí do phiopai no do thrapanna camra;

(l) rothai seachas rothaí tarraicire agus leantóra, agus rothaí bheidh, le linn iad d'iomportáil, ina gcuid d'fhcithicil, de mheaisin no d'earra eile chríochnuithe;

(m) cuaillí lampa agus sráide;

(n) múnlanna;

(o) dabhcháin taisce bheidh folamh le linn iad d'iomportáil;

(p) barraí teine, gléasanna spártha guail, agus íochtair bhréige;

(q) colúin agus postaí bheidh déanta, ceaptha, agus beartuithe chun iad d'úsáid mar phostaí geata;

(r) boscaí coca choisc;

(s) plátaí urláir;

(t) tochaird agus bollaird;

(u) stuic bhúird ar a n-áirmhítear búird d'iarann mhúnlálta;

(v) caidéil ná beidh le húsáid i ngnóthaí tionnscail.

21

Forfhospráidí, fospráidí minearálta meilte, agus leasuithe cumaiscithe.

20%

Saor

--

22

Cartacha láimhe agus roth-bharraí a bheidh déanta d'adhmad ar fad no nách mór ar fad, agus coda (a bheidh déanta d'adhmad ar fad no nách mór ar fad) de chartacha láimhe agus de roth-bharraí.

75%

50%

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh le n-a socrófar earraí is ionchurtha fén diúité seo, agus do bhéarfaidh daoine ná beidh ag fanúint i Saorstát Éireann ach ar feadh tamaill isteach i Saorstát Éireann, do bheith saor i bpáirt no go hiomlán ón diúité seo ar feadh tréimhse teoranta.

23

Rothair agus rothair thrianacha agus iad críochnuithe no an chuid is mó de gach ceann acu curtha le chéile (seachas rothair agus rothair thrianacha inneallghluaiste), agus feithiclí ar rothaí (seachas feithiclí inneall-ghluaiste) a húsáidtear do ghnáth chun páisti d'iompar.

37½%

25%

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh le n-a socrófar earrai is ionchurtha fén diúité seo, agus do bhéarfaidh daoine ná beidh ag fanúint i Saorstát Éireann ach ar feadh tamaill isteach i Saorstát Éireann, do bheith saor i bpáirt no go hiomlán ón diúité seo ar feadh tréimhse teoranta.

Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim earra is ionchurtha fén diúité seo do bheith de shaghas atá ceaptha chun úsáide breoiteachán no daoine laga féadfaid, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra san d'iomportáil gan an diúité seo do bheith ioctha uirthi no aon diúité den tsórt san do híocadh ar an earra san d'iomportáil d'aisíoc.

24

Priontaí grianghrafacha nách lugha a n-achar ná ocht gcinn déag d'órlaighe cearnacha agus do clóbhuaileadh díreach o scannán ghrianghrafach no o phláta ghrianghrafach, ach gan priontaí grianghrafacha d'áireamh atá, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ina bpriontaí bhaineann le cúrsaí teicniciúla no le cúrsaí eolaíochta.

50%

331/3%

--

25

Cóir leapthan, ar a n-áirmhítear tochtaí nách ionchurtha fé dhiúité ar aon tslí eile, ach gan plainceudaí, abhar plainceudaí, ná súsaí, ná braithlíní, cuilteanna líonta, ná clúdaigh chuilte fholmha, ná fós cuilteanna alhambra ná cuilteanna círeach meala d'áireamh.

37½%

25%

--

26

Cúisíní agus suidheacháin chúisínithe nách ionchurtha fé dhiúité ar aon tslí eile, pe'ca bheid ceangailte d'aon earra eile le linn iad d'iomportáil no ná beid, agus fós cásanna, do sna cúisíní agus do sna suidheacháin sin, nách ionchurtha fé dhiúité ar aon tslí eile.

37½%

25%

--

27

Aon earra acu so leanas a bheidh déanta, i bpáirt no go hiomlán, de chruaidh no d'iarann, sé sin le rá:—

15%

10%

--

(a) sceana, beara faobhair i gcóir sceana, forcanna, spúnóga, agus tlúighte i gcóir búird, agus coda de sna hearraí sin,

(b) rásúir, agus coda de rásúir.

28

Fearaistí grianghrafacha agus coda dhíobh agus cabhartha dhóibh, ach gan fearaistí ná coda d'fhearaistí ná cabhartha d'fhearaistí i gcóir oibre óispidéil no máinliaghachta d'áireamh. agus fós gan scannáin, plátaí, páipeur ná cártaí motháluithe nea-nochttha d'áireamh.

15%

10%

Ní déanfar au diúité seo d'éileamh ná do ghearradh ar aon earraí ná ar aon choda d'earraí atá, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, de shaghas atá ceaptha agus prímh-bheartuithe chun. iad d'úsáid i saotharlainn

29

Geas-mhéadair

15%

10%

--

30

Iarann no cruaidh rocach galbhánuithe ach gan leatháin chothroma neamh-oibrithe d'iarann no de chruaidh den tsórt san d'áireamh.

15%

10%

--

31

Piopaí bheidh déanta d'adhmad ar iad no nách mór ar fad agus a bheidh ceaptha no beartuithe chun iad d'úsáid chun tobac no substaintí eile do chaitheamh, agus fós coda (bheidh déanta d'adhmad ar fad no nách mór ar fad) de phíopaí den tsórt san.

15%

10%

--

32

Feilt dín agus abhair a húsáidtear in ionad feilte, agus substaintí eile den tsórt san atáthar le húsáid mar abhar dín.

15%

10%

--

33

Clúdaigh urláir, ar a n-áirmhítear brait urláir, abhar brat urláir, agus súsaí nách ionchurtha fé dhiúité ar aon tslí eile, ach gan éadach íle, linóleum, ná substainti de shaghas is cosúil le héadach íle no linóleum d'áireamh agus fós gan clúdaigh urláir a bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad de chúitsiúc d'áireamh.

15%

10%

--

34

Leatháin luadha, píopaí luadha, agus earraí bheidh déanta, ar fad no nách mór ar fad, de phrás no de stán (ar a n-áirmhítear stánphláta) no de mheascán phráis agus stáin (ar a n-áirmhítear stánphláta) ach gan na hearraí saortar leis an bhforáil atá sa chúigiú colún d'áireamh.

15%

10%

Ní déanfar an diúité seo d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra acu so leanas ná ar aon choda de pé earraí acu so leanas is earraí iomlána, sé sin le rá:—

(a) feistisí, fearaistí, instruimidí agus córacha leictreachais agus geas;

(b) fearaistí, instruimidí, agus córacha máinliaghachta, eolaíochta, agus spéacladóireachta;

(c) fearaistí, instruimidí, agus córacha atá, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ceaptha, déanta, agus beartuithe chun iad d'úsáid chun cricheanna oideachais i scoileanna, i gcoláistí, no i bhfundúireachtaí eile oideachais;

(d) stán-duilleog, capsúlacha, coróin-chuirc;

(e) sreang phráis (scrobhach no nea-scrobhach) bioráin phráis, seamanna práis, scrobhanna práis, feadáin phráis agus slata práis neamh-oibrithe;

(f) scárdairí, gléasanna spréidheála, agus gléasanna scárdtha agus spréidheála, de phrás no de stán (ar a n-áirmhítear stánphláta) no de mheascán phráis agus stáin (ar a n-áirmhítear stánphláta);

(g) bréagáin;

(h) bluic chlódóra;

(i) gabhadáin líonta;

(j) coda de mheaisíni curtha cló;

(k) coda de mheaisíní talmhaíochta seachas meaisíní déiriochta;

(l) aon earra bhaineann le creideamh agus a bheidh déanta de phrás no de stán (ar a n-áirmhítear stánphláta) agus nách fiú nios mó ná scilling;

(m) meaisíní (seachas pumpaí) a bheidh déanta, ar fad no nách mór ar fad, de phrás agus atá, dar leis na Coimininéirí Ioncuim, déanta agus ceaptha go speisialta chun dilseánach tithe bainne agus uachtarlanna do dhéanamh úsáide dhíobh san obair a bhaineann le n-a ngnó;

(n) gabhadáin a bheidh déanta, ar fad no nách mór ar fad, de stánphláta agus nách lugha ná deich ngalúin an méid do raghadh isteach in aon cheann acu agus atá, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, déanta agus ceaptha go speisialta chun dílseánach tithe bainne agus uachtarlanna do dhéanamh úsáide dhíobh san obair a bhaineann le n-a ngnó;

(o) rialacha práis do chlódóirí.

Pé uair is deimhin leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur bun-abhair atá riachtanach i gcóir oibriú déantóireachta atá ar siúl no atáthar ar aigne do chur ar siúl i Saorstát Éireann aon earraí is ionchurtha fén diúité seo agus ná fuil na hearraí sin le fáil no nách deallrathach go mbeid le fáil i Saorstát Éireann agus gur gá do dhéantóir iad d'iomportáil chun iad d'úsáid i Saorstát Éireann san oibriú san, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú don déantóir sin, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, na hearraí sin d'iomportáil gan an diúité seo do bheith íoctha ortha agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

35

Córacha, fearaisti, cabhartha, agus riachtanaisí i gcóir spóirt, cluichí, cleas aicillíochta, agus lúithchleas, ach gan troscán, baill éadaigh agus cóir ghléasta phearsanta, bróga, bróga ísle, slipéidi, golaisí, asa ná paitíní, ná earraí dialladóireachta ná ughmacha ná coda d'earraí dialladóireachta no d'ughmacha d'áireamh.

15%

10%

Pé uair is deimhin leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, go bhfuil aon bhád rámhaíochta no aon fhearas a ghabhann leis sin, bád no fearas atá, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, déanta, ceaptha agus beartuithe i gcóir rásanna, go bhfuil san gan bheith le fáil no nách deallrathach go mbeidh san le fáil i Saorstát Éireann, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú do dhuine ar bith, fé réir pé coinniollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, an earra san d'iomportáil gan diúité do bheith íoctha uirthi agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

36

Téadra, cáblaí, rópaí, agus sreangán de chnáib no d'abhair eile den tsórt san, ach gan sreangán ceangaltóra, abhras caighir, ná sais-téada trílsithe no cábla-chasta d'áireamh, agus fós gan aon earra d'áireamh is cuid d'earra eile le linn i d'iomportáil.

15%

10%

Pé uair is deimhin leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur bun-abhair atá riachtanach i gcóir oibriú déantóireachta atá ar siúl no atáthar ar aigne do chur ar siúl i Saorstát Éireann aon earraí is ionchurtha fén diúité seo agus ná fuil na hearraí sin le fáil no nách deallrathach go mbeid le fáil i Saorstát Éireann agus gur gá do dhéantóir iad d'iomportáil chun iad d'úsáid i Saorstát Éireann san oibriú san, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú don déantóir sin, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, na hearraí sin d'iomportáil gan an diúité seo do bheith íoctha ortha agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

37

Gach sórt déantúis chniotálta a hiomportálfar ina ghréasán ach gan déantúisí cniotálta bheidh déanta ar fad de shíoda no de shíoda shaordha no de mheascán de shíoda agus de shíoda shaordha d'áireamh.

45%

30%

Pé uair is deimhin leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur bun-abhair atá riachtanach i gcóir oibriú déantóireachta atá ar siúl no atáthar ar aigne do chur ar siúl i Saorstát Éireann aon earraí is ionchurtha fén diúité seo agus ná fuil na hearraí sin le fáil no nách deallrathach go mbeid le fáil i Saorstát Éireann agus gur gá do dhéantóir iad d'iomportáil chun iad d'úsáid i Saorstát Éireann san oibriú san, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú don déantóir sin, fé réir cólíonaon pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, na hearraí sin d'iomportáil gan an diúité seo do bheith íoctha ortha agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

38

Lastóirí meceaniciúla, sé sin le rá, boscaí spuinnc, lastóirí spuinnc, agus gléasanna meceaniciúla so-iompartha eile chun spréiche no lasrach do dhéanamh.

37½%

25%

--

DARA SCEIDEAL.

Diuitethe Airithe Custum.

Uimh. Thag.

An Saghas Earraí is ionchurtha fé Dhiúité

Ráta an Diúité

Ráta an Diúité Thosaíochta

Forálacha Speisialta

1

Líomhnán ná beidh déanta le biotáille ná ná beidh biotáille ann.

an galún 7s. 6d.

an galún 5s. od.

Tá feidhm ag forálacha Ailt 8 den Finance Act. 1919, maidir leis an diúité seo.

2

Cumaisc a bheidh déanta de dhóib bháin agus iad ina leatháin no ina leacacha.

an tslat chearnach reul

an tslat chearnach tuistiún

Tá feidhm ag forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, maidir leis an diúité seo.

3

Páipéirí nuachta agus tréimhseacháin, i mBéarla ar fad no nách mór ar fad (ach gan páipéirí nuachta laethiúla d'áireamh ná foillseacháin o Rialtaisí coigríche ná fós páipéirí nuachta agus tréimhseacháin atá, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim ina bhfoillseacháin a bhaineann le trádáil no céird, no le ceárd-chumann no le heolaíocht no le creideamh, no le hoideachas) a hiomportálfar ina mór-choda agus nách mó ná tri chéad is fiche d'órlaighe cearnacha achar an leathanaigh ionta no an chlúdaigh éadain ortha.

an chóip pingin

an chóip trí feoirlingí

Tá feidhm ag forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, maidir leis an diúité seo.

Má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim, i dtaobh aon pháipéir nuachta no tréimhseacháin ar ar híocadh an diúité seo, ná dearnadh an céanna d'úsáid i Saorstát Éireann agus go ndearna a iomportálaí é d'easportáil agus do chur thar n-ais chun lucht a fhoillsithe agus go ndearna na foillsitheoirí sin creidiúint do lomháil don iomportálaí sin alos an pháipéir nuachta no an tréimhseacháin sin, féadfaidh na Coimisinéiri Ioncuim, fé réir cólionadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur. an diúité sin do híocadh amhlaidh ar an bpáipeur nuachta no ar an tréimhseachán san d'aisíoc.

Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim aon earra is ionchurtha fén diúité seo do bheith á hiomportáil chun úsáide leabharlainne, nách leabharlann dílseánaigh gur chun brabúis is mó coimeádtar ar siúl í, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólionadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra san d'iomportáil gan an diúité seo do bheith íoctha uirthi.

4

Lasáin gur clár-pháipeur no aon tsubstaint seachas adhmad is abhar no is ceann de sna habhair dá gcosa:—

Is diúité in ionad an diúité forchuirtear le hAlt II den Acht Airgid, 1927 (Uimh. 18 de 1927) , an diúité seo.

Nuair a bheid i mboscaí no i ngabhadáin cile:—

ná beidh níos mó ná 20 lasán ionta.

an 1,000 gabhadán 20s. Sd.

go mbeidh níos mó ná 20 lasán ach ná beidh níos mó ná 50 lasán ionta.

an 144 gabhadáin 7s. 8d.

go mbeidh níos mó ná 50 lasán ach ná beidh níos mó ná 75 lasáin ionta.

11s. 6d.

go mbeidh níos mó ná 75 lasáin ionta, ar gach 25 lasáin no cuid de 25 lasáin a bheidh ionta amhlaidh.

2s. 8d.

5

Cártaí imeartha

an dosaen paca 9s. od.

an dosaen paca 6s. od.

Is diúité in ionad an diúité forchuirtear leis an Customs Tariff Act, 1876, an diúité seo.

Tá feidhm ag forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, maidir leis an diúité seo.

6

Leabhair is úrscéalta, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, agus atá clóbhuailte i mBéarla agus ceangailte in abhar ar bith.

an chóip trí leathphingne

an chóip pingin

Tá feidhm ag forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, maidir leis an diúité seo.

Ní bhainfidh alt 25 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), leis an diúité seo, agus dá réir sin ní bheidh an t-éileamh minimum a forchuirtear leis an alt san inéilthe alos an diúité seo.

Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim aon earra is ionchurtha fén diúité seo do bheith á hiomportáil chun úsáide leabharlainne, nách leabharlann dílseánaigh gur chun brabúis is mó coimeádtar ar siúl í, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra san d'iomportáil gan an diúité seo do bheith íoctha uirthi.

TRIU SCEIDEAL

Ratai Diuite agus Ais-tarraic ar Thobac.

Cuid I.

DIUITETHE CUSTUIM.

An Ráta Iomlán (per lb.) Can Lascaine

An Ráta Tosaíochta (per lb.)

Tobac Nea-dhéanta:—

s.

d.

s.

d.

Má bhíonn sé scamhaite no na loirgne bainte as:—

agus 10 lb. no níos mó d'fhliuchra i ngach

100 lb. meáchainte dhe

..

..

..

9

--

agus níos lugha ná 10 lb. d'fhliuchra i ngach

100 lb. meáchainte dhe

..

..

..

10

--

Má bhíonn sé gan bheith scamhaite no gan na loirgne bheith bainte as:—

s.

d.

s.

d.

agus 10 lb. no níos mó d'fhliuchra i ngach

100 lb. meáchainte dhe

..

..

..

9

4

--

agus níos lugha ná 10 lb. d'fhliuchra i ngach

100 lb. meáchainte dhe

..

..

..

10

4

--

Tobac Déanta, eadhon:—

s.

d.

s.

d.

Todóga

..

..

..

..

..

..

17

10

14

101/3

Toitíní

..

..

..

..

..

..

14

5

12

0⅙

Cavendish no Negrohead

..

..

..

..

13

7

11

3⅚

Cavendish no Negrohead do Rinneadh fé Bhanna

11

10

9

101/3

Tobac Déanta eile

..

..

..

..

11

10

9

101/3

Snaois agus níos mó ná 13 lb. d'fhliuchra i

ngach 100 lb. meáchainte dhi

..

..

11

2

9

Snaois agus gan nios mó ná 13 lb. d'fhliuchra i

ngach 100 lb. meáchainte dhi

..

..

13

7

11

3⅚

Cuid II.

RATAI AIS-TARRAIC I gCASANNA INA FUARTHAS AON LASCAINE DHIUITE.

s.

d.

Todóga

..

..

..

..

..

..

an lb.

10

Toitíní

..

..

..

..

..

..

,,

10

Tobac gearrtha, rollaí no cácaí tobac, no tobac

déanta eile

..

..

..

..

..

,,

10

1

Snaois (nách snaois fuighligh)

..

..

..

,,

9

Gais, iarsmaí, no fuighleach eile tobac (agus

snaois fuighligh d'áireamh)

..

..

..

..

,,

9

7

Cuid III.

RATAI AIS-TARRAIC I gCASANNA INA bhFUARTHAS LASCAINE DHIUITE.

s.

d.

Todóga

..

..

..

..

..

..

an lb.

9

11½

Toitíní

..

..

..

..

..

..

9

Tobac gearrtha, rollaí no cácaí tobac, no tobac

déanta eile

..

..

..

..

..

9

Snaois (nách snaois fuighligh)

..

..

..

9

Gais, iarsmai, no fuighleach eile tobac (agus snaois

fuighligh d'áireamh)

..

..

..

..

8

11¾

CEATHRU SCEIDEAL

Ratai Diuite ar Fheithicli Inneall-Ghluaiste Airithe.

Feithiclí inneall-ghluaiste (seachas tramanna) is caráistí ar tuarastal do réir mar a mínítear san in Alt 4 den Customs and Inland Revenue Act, 1888, agus—

ionaid suidhte ionta do líon daoine is mó ná

seisear ach nách mó ná 14 dhuine

...

...

£46 13   4

ionaid suidhte ionta do líon daoine is mó ná 14

dhuine ach nách mó ná 20 duine

...

...

£66 13   4

ionaid suidhte ionta do líon daoine is mó ná 20

duine ach nách mó ná 26 dhuine

...

...

£86 13   4

ionaid suidhte ionta do líon daoine is mó ná 26

dhuine ach nách mó ná 32 dhuine

...

£106 13   4  

ionaid suidhte ionta do 33 dhuine no níos mó

£3 6 8 in aghaidh gach duine acu san.

Chun críche an Sceidil seo ní háirmhítear mar cheann d'ionaid suidhte feithicle an suidheachán no an spás ina mbíonn tiománaí na feithicle.

CUIGIU SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Siosón agus Caibideal no Uimhir agus Bliain

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

Dáta na hAthghairme

S & 9 Geo. V., c. 40.

Income Tax Act, 1918.

I bhfo-alt (2) d'alt 7, na focail “who is chargeable with or liable to be assessed to income tax as.”

6adh Abrán, 1932.

Uimh. 28 de 1925 .

Acht Airgid, 1925 .

Alt 29.

30adh Bealtaine, 1932.

Uimh. 35 de 1926 .

Acht Airgid, 1926 .

Alt. 18.

30adh Bealtaine, 1932.

Uimh. 35 de 1926 .

Acht Airgid, 1926 .

I bhfo-alt (1) d'alt 32, na focail “agus ni féadfar aon cháinmheas ná cáinmheas breise i gcóir diúité oll-shochair do dhéanamh”; i bhfo-alt (1) d'alt 36, na focail “tré aon chalaois no tré aon fhailli thoiliúil o” agus fós na focail “an diúité sin” sa chéad áit in a bhfuilid sa bhfo-alt san.

22adh Iúl, 1926.

Uimh. 31 de 1931 .

Acht Airgid, 1931

Alt 2.

6adh Abrán, 1932.