13 1933


Uimhir 13 de 1933.


ACHT UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1933.


ACHT CHUN NA hACHTANNA UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1911 GO 1929, DO LEASÚ.

[14adh Iúl, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an abairt “na hAchtanna” na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1929;

cialluíonn an abairt “Acht 1911” an National Insurance Act, 1911;

foluíonn an abairt “cumann ceaduithe” brainse de chumann cheaduithe, ach ní fholuíonn sí Ciste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta);

cialluíonn an abairt “gnó árachais sláinte” gnó den tsórt atá, ar dháta an Achta so do rith, ar siúl ag cumainn cheaduithe fé sna hAchtanna;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fé alt 65 d'Acht 1911 mar a leathnuítear san leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire fén Acht so chun bheith mar lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

An lá ceaptha.

2. —Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh, nách déanaí ná trí bliana tar éis dáta an Achta so do rith, chun bheith mar lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

Cumann ar Arachais Náisiúnta ar Shláinte do bhunú.

3. —(1) Ar an Acht so do rith bunófar cumann (dá ngairmtear an Cumann Aontuithe san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Cumann an Arachais Náisiúnta ar Shláinte.

(2) Isiad cuspóirí bheidh ag an gCumann Aontuithe ná gnó árachais sláinte do dhéanamh agus gach ní do dhéanamh éileoidh na hAchtanna, sa mhéid go mbeidh feidhm acu maidir leis an gCumann Aontuithe, an tAcht so agus an tAire chun an ghnótha san do dhéanamh.

(3) Ní dhéanfaidh an Cumann Aontuithe gnó ar bith seachas gnó árachais sláinte.

(4) Isiad a bheidh ar an gCumann Aontuithe ná daoine fé árachas a haistreofar leis an Acht so o chumainn cheaduithe go dtí an Cumann Aontuithe agus daoine fé árachas a glacfar mar bhaill den Chumann Aontuithe fé rialacha an Chumainn Aontuithe.

(5) Féadfaidh an Cumann Aontuithe dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leo in ainmneacha iontaobhaithe an Chumainn Aontuithe.

Coiste bainistí an Chumainn Aontuithe.

4. —(1) Beidh coiste bainistí ann don Chumann Aontuithe agus is do réir forálacha an ailt seo có-dhéanfar agus a ceapfar an coiste sin.

(2) Déanfaidh coiste bainistí an Chumainn Aontuithe, fé réir rialacha an Chumainn Aontuithe, gnó an Chumainn Aontuithe do mhaoirseacht agus do stiúradh.

(3) Beidh éifeacht go dtí an lá ceaptha ag na forálacha so leanas maidir le coiste bainistí an Chumainn Aontuithe, sé sin le rá:—

(a) isiad a bheidh ar an gcoiste sin ná triúr ball a cheapfaidh an tAire agus ainmneoidh an tAire duine de sna baill sin chun bheith mar Chathaoirleach ar an gCoiste sin;

(b) féadfaidh an tAire aon bhall den choiste do chur as oifig;

(c) beidh gach ball den choiste i seilbh oifige mar bhall den tsórt san go dtí an lá ceaptha maran rud é, roimhe sin, go bhfuighidh bás no go n-eireoidh as oifig no go gcuirfidh an tAire as oifig é;

(d) i gcás folúntais (dá ngairmtear foth-fholúntas sa bhfo-alt so) do thárlachtaint imeasc ball an choiste de bhíthin ball de d'fháil bháis, d'eirghe as no do chur as oifig, déanfaidh an tAire, chó luath agus bheidh caoi ann chuige sin, duine do cheapadh chun an fholúntais sin;

(e) duine ceapfar chun foth-fholúntais imeasc ball an choiste, beidh sé i seilbh oifige mar bhall den tsórt san go dtí an lá ceaptha maran rud é, roimhe sin, go bhfuighidh bás no go n-eireoidh as oifig no go gcuirfidh an tAire as oifig é;

(f) íocfaidh an Cumann Aontuithe le gach ball den choiste pé luach saothair ar a gcinnfidh an tAire;

(g) déanfar tagairtí san Acht so don choiste sealadach do léiriú mar thagairtí do choiste bainistí an Chumainn Aontuithe mar a bheidh san có-dhéanta agus ceaptha fén bhfo-alt so.

(4) Beidh éifeacht an lá ceaptha agus dá éis sin ag na forálacha so leanas maidir le coiste bainistí an Chumainn Aontuithe, sé sin le rá:—

(a) cúig baill déag a bheidh ar an gcoiste sin, eadhon:—

(i) an triúr iontaobhaithe de thurus na huaire don Chumann Aontuithe,

(ii) naonbhar daoine (dá ngairmtear ionadaithe ball san alt so) bheidh ionadathach do bhaill den Chumann Aontuithe, agus

(iii) triúr daoine (dá ngairmtear ionadaithe fostóirí san alt so) bheidh ionadathach d'fhostóirí daoine fé árachas;

(b) beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hionadaithe na mball, sé sin le rá:—

(i) isiad baill an Chumainn Aontuithe thoghfaidh agus is sa tslí orduithe thoghfaid na hionadaithe sin,

(ii) socrófar le rialacha an Chumainn Aontuithe i dtaobh téarmaí oifige ionadaithe ball agus i dtaobh a gcurtha as oifig agus fós i dtaobh na slí ina líonfar foth-fholúntaisí imeasc ionadaithe ball;

(c) beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hionadaithe na bhfostóirí, sé sin le rá:—

(i) isé an tAire cheapfaidh na hionadaithe sin,

(ii) beidh gach ionadaí fostóirí, maran rud é roimhe sin go bhfuighidh bás no go n-eireoidh as oifig no go gcuirfidh an tAire as oifig é, i seilbh oifige ar feadh na tréimhse orduithe, ach beidh sé ionathcheaptha,

(iii) féadfaidh an tAire aon ionadaí fostóirí do chur as oifig,

(iv) i gcás folúntais (dá ngairmtear foth-fholúntas sa bhfo-alt so) do thárlachtaint imeasc ionadaithe na bhfostóirí, déanfaidh an tAire, chó luath agus bheidh caoi ann chuige sin, duine do cheapadh chun an fholúntais sin,

(v) duine ceapfar fén mír dheiridh sin roimhe seo chun foth-fholúntais imeasc ball an choiste bhainistí, beidh sé, maran rud é roimhe sin go bhfuighidh bás no go n-eireoidh as oifig no go gcuirfidh an tAire as oifig é, i seilbh oifige mar bhall de choiste bhainistí an Chumainn Aontuithe ar feadh an iarsma den téarma oifige do bheadh an ball, gur tré n-a fháil bháis, tré n-a eirghe as oifig no tré n-a chur as oifig do thárla an folúntas, i seilbh oifige mara mbeadh é d'fháil bháis, é d'eirghe as oifig, no é do chur as oifig;

(d) íocfaidh an Cumann Aontuithe le gach ball de choiste bhainistí an Chumainn Aontuithe pé liúntaisí ar a gcinnfidh an tAire.

Iontaobhaithe an Chumainn Aontuithe.

5. —(1) Beidh triúr iontaobhaithe ann don Chumann Aontuithe chun na bhfeidhmeanna forchuirfear ar na hiontaobhaithe le rialacha an Chumainn Aontuithe d'fheidhmiú.

(2) Go dtí an lá ceaptha isiad a bheidh mar iontaobhaithe an Chumainn Aontuithe ná na daoine gurb iad an coiste sealadach iad.

(3) Beidh éifeacht an lá ceaptha agus dá éis sin ag na forálacha so leanas maidir le hiontaobhaithe an Chumainn Aontuithe, sé sin le rá:—

(a) isé an tAire cheapfaidh na hiontaobhaithe sin;

(b) beidh gach iontaobhaí, maran rud é roimhe sin go bhfuighidh bás no go n-eireoidh as oifig no go gcuirfidh an tAire as oifig é, i seilbh oifige ar feadh na tréimhsc orduithe, ach beidh sé ion-athcheaptha;

(c) féadfaidh an tAire iontaobhaí do chur as oifig.

Comhachta iontaobhaithe an Chumainn Aontuithe maidir le talamh

6. —(1) Féadfaidh iontaobhaithe an Chumainn Aontuithe na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) aon talamh a bheidh ar seilbh acu thar ceann an Chumainn Aontuithe do dhíol no do chur ar léas;

(b) talamh do cheannach no do thógaint ar léas thar ceann an Chumainn Aontuithe.

(2) Ní déanfar na comhachta bronntar ar iontaobhaithe an Chumainn Aontuithe leis an alt so d'fheidhmiú ach le toiliú an Aire.

Rúnaí agus cisteoir an Chumainn Aontuithe.

7. —(1) Beidh rúnaí agus cisteoir ann don Chumann Aontuithe agus beidh gach duine acu ina oifigeach lán-aimsire.

(2) Beidh cisteoir an Chumainn Aontuithe mar rúnaí chonganta an Chumainn Aontuithe freisin.

(3) Isé coiste bainistí an Chumainn Aontuithe dhéanfaidh, fé réir aontuithe an Aire, an rúnaí agus an cisteoir do cheapadh.

(4) Íocfaidh an Cumann Aontuithe leis an rúnaí agus leis an gcisteoir pé luach saothair a cheapfaidh coiste bainistí an Chumainn Aontuithe le ceadú an Aire.

(5) Ní dhéanfaidh coiste bainistí an Chumainn Aontuithe an rúnaí ná an cisteoir do chur as oifig gan toiliú an Aire.

Toirmeasc ar bhaill den choiste bhainistí, etc., gabháil do ghnó árachais eile.

8. —Faid a bheidh ball de choiste bhainistí an Chumainn Aontuithe no oifigeach no fostaí don Chumann Aontuithe ina bhall, ina oifigeach no ina fhostaí amhlaidh, ní bheidh sé ina bhall de choiste bhainistí ná de bhord stiúrthóirí aon chumainn no cuideachtan a dheineann gnó árachais ná ní bheidh sé i bhfostaíocht mar oifigeach, mar ghníomhaire ná mar fhostaí d'aon chumann no cuideachtain den tsórt san.

Forálacha áirithe de sna hAchtanna do bhaint leis an gCumann Aontuithe.

9. —(1) Déanfar na tagairtí do chumainn cheaduithe atá in aon fhorálacha (seachas forálacha eiscithe) de sna hAchtanna, déanfar, fé réir na n-atharuithe is gá (más aon cheann é), iad do léiriú mar thagairtí don Chumann Aontuithe fé is dá mba chumann ceaduithe an Cumann Aontuithe agus fé is dá mba chumann ceaduithe riamh é.

(2) Is forálacha eiscithe chun crícheanna an ailt seo na forálacha uile is fé seach, de sna hachtacháin a luaidhtear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so, atá leagtha amach sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh gach achtacháin acu san.

Dualgaisí an choiste shealadaigh.

10. —Beidh sé de dhualgas ar an gcoiste sealadach na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) gach ní do dhéanamh is gá chun oblagáidí cumann ceaduithe d'aistriú chun an Chumainn Aontuithe roimh an lá ceaptha;

(b) pé rudaí do dhéanamh is gá chun na gcéad ionadaithe ball ar choiste bhainistí an Chumainn Aontuithe do thoghadh roimh an lá ceaptha;

(c) rialacha do dhéanamh, fé réir forálacha na nAchtanna sa mhéid go mbainid leis an gCumann Aontuithe agus fé réir forálacha an Achta so, agus le haontú an Aire, chun cúrsaí an Chumainn Aontuithe do riaradh;

(d) scrúdú do dhéanamh agus tuarasgabháil do thabhairt don Aire roimh an lá ceaptha i dtaobh an féidir scéim aois-liúntais oiriúnach do bhunú d'oifigigh agus d'fhostaithe don Chumann Aontuithe, ag féachaint don airgead a bheidh ar fáil ina cóir fé fhorálacha airgeadais na nAchtanna;

(e) feidhmiú do dhéanamh ar pé feidhmeanna cile ceaptar don choiste shealadach leis an Acht so.

Daoine do ghlacadh mar bhaill den Chumann Aontuithe.

11. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní bheidh an Cumann Aontuithe i dteideal diúltadh do thabhairt do dhuine iarrfaidh bheith ina bhall agus is duine fé árachas no is duine i dteideal teacht chun bheith ina dhuine fé árachas.

(2) Ní déanfar éinní san alt so do léiriú mar ní choisceann an Cumann Aontuithe ar dhiúltadh d'aon duine fé árachas do ghlacadh mar bhall mar gheall ar staid a shláinte más duine é—

(a) atá i dteideal sochar as Ciste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta); no

(b) atá tar éis seirbhíse do thabhairt uaidh i gCabhlach, in Arm no in Aer-Fhórsa na Breataine Móire agus ná raibh ina bhall de chumann cheaduithe sa Bhreatain Mhóir ná i dTuaisceart Éireann faid do bhí sé ag tabhairt seirbhíse uaidh amhlaidh agus a thagann chun bheith ina chómhnaí i Saorstát Éireann laistigh de shé mhí tar éis a scurtha as an gCabhlach, as an Arm no as an Aer-Fhórsa san agus iarrann bheith ina bhall den Chumann Aontuithe laistigh de bhliain tar éis dáta a scurtha amhlaidh.

(3) Déanfar aon aighneas idir an Cumann Aontuithe agus duine bheidh á éileamh go nglacfaí é mar bhall den Chumann Aontuithe do shocrú fé is dá mb'aighneas é idir an Cumann Aontuithe agus duine fé árachas is ball den chéanna.

Toirmeasc ar chumainn do cheadú agus ar chumainn cheaduithe do ghlacadh ball nua.

12. —(1) Ní dhéanfaidh an tAire aon chumann do cheadú fé alt 23 d'Acht 1911 tar éis an Achta so do rith.

(2) Ní glacfar éinne mar bhall de chumann cheaduithe tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1933.

Srian le luach saothair, etc., oifigeach, etc., cumann ceaduithe do mhéadú.

13. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'aon chumann ceaduithe, gan toiliú an Aire, luach saothair, in aghaidh aon tréimhse tar éis an Achta so do rith, d'íoc le héinne do bhí, ar an 5adh lá d'Abrán, 1933, ag tabhairt seirbhíse don chumann san in aon fheadhmannas (pe'ca mar oifigeach, mar bhall den choiste bhainistí, mar fhostaí no ar shlí eile é) do réir ráta is aoirde ná an ráta luach saothair do bhí don duine sin ar an 5adh lá d'Abrán, 1933.

(2) Ní bheidh sé dleathach d'aon chumann ceaduithe, gan toiliú an Aire, luach saothair, in aghaidh aon tréimhse tar éis an Achta so do rith, d'íoc le héinne do ceapadh, tar éis an 5adh lá d'Abrán, 1933, agus roimh an Acht so do rith, chun seirbhíse do thabhairt don chumann san in aon fheadhmannas (pe'ca mar oifigeach, mar bhall den choiste bhainistí, mar fhostaí no ar shlí eile é) do réir ráta is aoirde ná ráta luach saothair dhuine ar fostú ag an gcumann san i bhfeadhmannas den tsaghas chéanna ar an 5adh lá d'Abrán, 1933.

(3) Ní bheidh sé dleathach d'aon chumann ceaduithe, gan toiliú an Aire, luach saothair éinne ceapfar, tar éis an Acht so do rith, chun seirbhíse do thabhairt don chumann san in aon fheadhmannas (pe'ca mar oifigeach, mar bhall den choiste bhainistí, mar fhostaí no ar shlí eile é) do shocrú ná d'atharú.

Lá an aistrithe.

14. —(1) Déanfaidh an coiste sealadach, le haontú an Aire, lá, is luaithe ná an lá ceaptha, do shocrú maidir le gach cumann ceaduithe (seachas an St. James's Gate Health Insurance Society agus an Dublin United Tramways and Omnibus Employees' Health Insurance Society) chun bheith mar lá an aistrithe chun crícheanna an Achta so agus féadfar laetheanta deifriúla do shocrú amhlaidh maidir le cumainn cheaduithe dheifriúla den tsórt san.

(2) Chun crícheanna an Achta so—

(a) isé is lá an aistrithe maidir le gach cumann ceaduithe (seachas an St. James's Gate Health Insurance Society agus an Dublin United Tramways and Omnibus Employees' Health Insurance Society) ná an lá socrófar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo chun bheith mar lá an aistrithe maidir leis an gcumann san; agus

(b) isé is lá an aistrithe maidir leis an St. James's Gate Health Insurance Society agus an Dublin United Tramways and Omnibus Employees' Health Insurance Society ná an 1adh lá d'Eanar, 1934.

Oblagáidí cumann ceaduithe d'aistriú, etc.

15. —Ar lá an aistrithe maidir le gach cumann ceaduithe—

(a) déanfar oblagáidí an chumainn cheaduithe sin fé sna hAchtanna d'aistriú chun an Chumainn Aontuithe; agus

(b) scuirfidh an cumann ceaduithe sin de ghnó árachais sláinte do dhéanamh; agus

(c) déanfar na baill fé árachas den chumann cheaduithe sin d'aistriú chun an Chumainn Aontuithe agus tiocfaid chun bheith ina mbaill den chéanna; agus

(d) cuirfear deireadh le seirbhís gach duine bheidh ag gabháil do riarachán gnótha árachais sláinte dheineann an cumann san.

Buanú ceart ball aistrithe chun sochar breise.

16. —Beidh ag baill de chumann cheaduithe go ndéanfar a oblagáidí fé sna hAchtanna d'aistriú chun an Chumainn Aontuithe na cirt chéanna (más aon cheann é), maidir le sochair bhreise, do bhí acu díreach roimh an aistriú san i gcoinnibh an chumainn cheaduithe sin.

Maoin chumann ceaduithe d'aistriú chun an Chumainn Aontuithe.

17. —(1) Ar lá an aistrithe maidir le gach cumann ceaduithe, tiocfaidh an leas-chun-tairbhe i ngach maoin, réalta no pearsanta (agus rudaí-ar-fiunraoi d'áireamh) a bheidh, díreach roimh an dáta san, dílsithe sa chumann san ina ainm féin mar gheall ar ghnó árachais sláinte no ar seilbh ag iontaobhaithe an chumainn sin don chumann san mar gheall ar ghnó árachais sláinte, tiocfaidh chun bheith dílsithe sa Chumann Aontuithe agus san gan leithliú ná sannadh ar bith do dhéanamh air ach go ndéanfar, i gcás in ar gá é, é d'aistriú i leabhair aon bhainc, corparáide, no cuideachtan.

(2) Más talamh aon mhaoin a dílseofar sa Chumann Aontuithe de bhuadh an ailt so tuigfear, gan aon leithliú ná sannadh do dhéanamh ar an talamh san, é do leithliú no do shannadh, lá a dhílsithe amhlaidh, do sna daoine is iontaobhaithe de thurus na huaire don Chumann Aontuithe, dá n-oighrí, dá seiceadúirí, dá riarthóirí agus dá sannaithe (do réir chinéil agus shealbhaíochta an tailimh sin) mar chó-thionóntaithe.

(3) Gach airgead, stoc, scair, agus urrús a dílsítear sa Chumann Aontuithe leis an alt so agus a bheidh, lá a ndílsithe amhlaidh, iontrálta i leabhair aon bhainc, cuideachtan, no corparáide in ainm chumainn cheaduithe no in ainm iontaobhaithe an chumainn sin déanfar, ar iarratas iontaobhaithe an Chumainn Aontuithe, iad d'aistriú chun ainmneacha na n-iontaobhaithe deiridh sin a luaidhtear.

(4) O lá an aistrithe maidir le gach cumann ceaduithe, féadfaidh iontaobhaithe an Chumainn Aontuithe dul chun dlí ina n-ainmneacha féin mar gheall ar gach banna, oblagáid, urrús no rud-ar-fiunraoi eile do rinneadh leis an gcumann ceaduithe sin no chúcha agus go ndeintear leis an alt so a thairbhe do dhílsiú sa Chumann Aontuithe agus ní gá do sna hiontaobhaithe sin fógra i dtaobh an dílsithe deintear leis an alt so do thabhairt don té ar a mbeidh an banna, an oblagáid, an t-urrús no an rud-ar-fiunraoi sin ina cheangal.

Fiachaisí cumann ceaduithe d'aistriú.

18. —Na fiacha agus na fiachaisí eile go léir a bheidh ar chumann cheaduithe agus fé n-a ndeachthas mar gheall ar ghnó árachais sláinte agus a bheidh dlite agus gan íoc díreach roimh an lá is lá an aistrithe maidir leis an gcumann san tiocfaid chun bheith agus beid, ar an dáta san, ina bhfiacha agus ina bhfiachas ar an gCumann Aontuithe agus déanfaidh an Cumann Aontuithe iad d'íoc no do ghlanadh, agus féadfar iad do bhaint den Chumann Aontuithe no iad do chur i bhfeidhm ina choinnibh, dá réir sin.

Cúrsaí gnótha cumann ceaduithe do chríochnú.

19. —Pé uair a déanfar de bhuadh an Achta so, oblagáidí cumainn cheaduithe áirithe d'aistriú chun an Chumainn Aontuithe, déanfaidh coiste bainistí an Chumainn Aontuithe gach ní is gá chun cúrsaí gnótha an chumainn cheaduithe sin do chríochnú sa mhéid go mbainid san le gnó árachais sláinte.

Sean-oifigigh agus costí bainistí cumann ceaduithe aistrithe do thabhairt chongnaimh uatha.

20. —(1) Gach duine do bhí, díreach roimh lá an aistrithe maidir le haon chumann cheaduithe, ina oifigeach don chumann san no ina bhall de choiste bhainistí an chumainn sin, déanfaidh gach ní cheanglóidh an tAire no an coiste sealadach air go réasúnta chun éifeachta do thabhairt d'aistriú oblagáidí de chuid an chumainn sin chun an Chumainn Aontuithe agus d'aistriú maoine an chumainn sin chun an Chumainn Aontuithe agus go generálta chun a chur ar chumas an choiste shealadaigh na feidhmeanna cuirtear ortha leis an Acht so, maidir leis an gcumann ceaduithe sin, d'fheidhmiú.

(2) Má theipeann ar dhuine ar bith no má thugann faillí maidir le déanamh do réir aon cheangail a chuirfidh an tAire no an coiste sealadach air fén alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Scríbhinní áirithe do sheachadadh don Chumann Aontuithe.

21. —(1) Ar lá an aistrithe maidir le haon chumann ceaduithe, gach cárta síntiúis no scríbhinn eile bhaineann le duine fé árachas nár bhall den chumann cheaduithe sin agus a bheidh i gcoimeád no fé n-a chúram ag éinne do bhí, díreach roimh an lá san, ina oifigeach no ina fhostaí don chumann san, déanfaidh an duine deiridh sin a luaidhtear é do sheachadadh don Chumann Aontuithe.

(2) Má theipeann ar dhuine ar bith déanamh do réir an ailt seo beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(3) Má ciontuítear duine i gcionta fén alt so féadfaidh an chúirt a chiontóidh é pé ordú is dóich leis an gcúirt is ceart do dhéanamh chun a chur in áirithe go seachadfar don Chumann Aontuithe an cárta sintiúis no an scríbhinn eile gur ina thaobh do rinneadh an cionta.

Aiscí do sheana-rúnaithe agus fós do shean-fhostaithe áirithe do chumainn cheaduithe.

22. —(1) Gach duine—

(a) ba shealbhóir ar phost ion-chúitimh fé chumann cheaduithe an 30adh lá de Mheitheamh, 1932, agus

(b) ba shealbhóir ar phost ion-chúitimh fé chumann cheaduithe díreach roimh lá an aistrithe maidir leis an gcumann ceaduithe sin, agus

(c) a bhí, díreach roimh lá san an aistrithe, tar éis bliana iomláine ar a laighead de sheirbhís ion-chúitimh do chur isteach, agus

(d) nár thairg an Cumann Aontuithe dho, lá san an aistrithe, buan-fhostaíocht do réir ráta luach saothair do bhí réasúnta, ag féachaint don luach saothair do gheibheadh sé roimhe sin alos seirbhísí árachais sláinte náisiúnta,

beidh sé, fé réir forálacha an ailt seo, i dteideal cúitimh d'fháil ón gCumann Aontuithe fén alt so.

(2) An cúiteamh is iníoctha le duine bheidh i dteideal cúitimh fén alt so isé bheidh ann ná aisce, agus isé méid a bheidh san aisce sin ná:—

(a) i gcás an duine sin do bheith tar éis níos lugha ná cúig bliana iomlána de sheirbhís ion-chúitimh do chur isteach, suim a háirmheofar do réir na cúigiú coda dá luach saothair bliantúil in aghaidh gach bliana iomláine de sheirbhís ion-chúitimh;

(b) i gcás an duine sin do bheith tar éis cúig blian iomlán no níos mó de sheirbhís ion-chúitimh do chur isteach, suim a háirmheofar do réir na séú coda dá luach saothair bliantúil in aghaidh gach bliana iomláine de sheirbhís ion-chúitimh maraon le suim (nách mó in aon chás ná deich séú dá luach saothair bliantúil) a háirmheofar do réir na séú coda dá luach saothair bliantúil in aghaidh gach dhá bhliain iomlána de sheirbhís ion-chúitimh.

(3) Chun crícheanna an ailt seo beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) is sealbhóir ar phost ion-chúitimh fé chumann cheaduithe gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

(i) rúnaí an chumainn sin,

(ii) fostaí lán-aimsire don chumann san,

(iii) fostaí páirt-aimsire don chumann san a chruthóidh chun sástachta an choiste shealadaigh gurb é an tuilleamh do gheibheadh sé ón gcumann san ba phríomh-abhar maireachtana dho;

(b) nuair a beifear ag déanamh amach seirbhíse ion-chúitimh duine ba shealbhóir ar phost ion-chúitimh fé chumann cheaduithe díreach roimh lá an aistrithe maidir leis an gcumann san déanfar iomlán na tréimhse, díreach roimh an lá san, gur ar a feadh do bhí an duine sin ina shealbhóir ar phost no ar phostanna ion-chúitimh go leanúnach in aon chumann no cumainn cheaduithe, agus ní déanfar aon tréimhse ná tréimhsí eile, d'áireamh mar sheirbhís ion-chúitimh;

(c) i gcás duine ba shealbhóir ar phost ion-chúitimh fé chumann cheaduithe do bheith as láthair go sealadach ón bpost san agus é do bheith, ar feadh na haimsire go léir do bhí sé as láthair amhlaidh, ar seirbhís in aon chó-ghléasadh acu so leanas, sé sin le rá, Oglaigh na hÉireann (Arm Poblachta na hÉireann), The Irish Volunteers, The Irish Citizen Army, Fianna Éireann, The Hibernian Rifles agus Cumann na mBan le linn Eirghe Amach an Abráin agus na Bealtaine, 1916, no in aon cheann de sna fórsaí mileata do bhí ag fónamh fé údarás an Chéad Dáil Éireann, an Dara Dáil Éireann, no Rialtais Shealadaigh na hÉireann, no san Arm, sa Chabhlach, no san Aer-Fhórsa Bhriotáineach no i gceachtar de sna fórsaí do bhí i gcoinnibh a chéile le linn an imreasáin chathardha sna blianta 1922, 1923, 1924, no i gcoinneáil no i bpríosún de dheascaibh na seirbhíse sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas chun crícheanna an fho-ailt seo, sé sin le rá:—

(i) tuigfear an duine sin do bheith, ar feadh na haimsire sin do bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh, ina shealbhóir ar phost ion-chúitimh fén gcumann ceaduithe sin agus déanfar an tréimhse do bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh d'áireamh mar sheirbhís ion-chúitimh dá réir sin, agus

(ii) má ath-shealbhuigh an duine sin a ionad mar shealbhóir ar phost ion-chúitimh fén gcumann ceaduithe sin ar dháta nár dhéanaí ná sé mhí tar éis deireadh na tréimhse do bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh ní tuigfear aon eatramh aimsire do bheith idir an deireadh sin agus dáta an athshealbhuithe sin, agus

(iii) má ath-shealbhuigh an duine sin a ionad mar shealbhóir ar phost ion-chúitimh fén gcumann ceaduithe sin laistigh de thréimhse réasúnta tar éis deireadh na tréimhse do bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh agus gurbh é fé ndeár an mhoill do bhain leis an ath-shealbhú san ná créachta no breoiteacht is ionchurtha i leith na seirbhíse, na coinneála no na príosúntachta san no gan aon fholúntas do bheith ar fáil sa chumann san, ní tuigfear aon eatramh aimsire do bheith idir an deireadh sin agus dáta an ath-shealbhuithe sin;

(d) i gcás duine ba shealbhóir ar phost ion-chúitimh fé chumann cheaduithe do bheith as láthair go sealadach ón bpost san le linn achrann oibreachais do bhain leis an gcumann san, tuigfear chun crícheanna an fho-ailt seo an duine sin do bheith ina shealbhóir ar phost ionchúitimh fén gcumann san ar feadh na haimsire do bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh, agus déanfar an tréimhse do bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh d'áireamh mar sheirbhís ion-chúitimh dá réir sin;

(e) tuigfear gurb é is luach saothair bliantúil duine bheidh i dteideal cúitimh fén alt so ná—

(i) i gcás an duine sin do bheith tar éis cúig blian iomlán no níos mó de sheirbhís ion-chúitimh do chur isteach an 30adh lá de Mheitheamh, 1932, meán-mhéid a luacha saothair bhliantúla mar shealbhóir ar phost no ar phostanna ion-chúitimh fé aon chumann no cumainn cheaduithe ar feadh na gcúig mblian dar chríoch an 30adh lá de Mheitheamh, 1932, agus

(ii) in aon chás eile, meán-mhéid a luacha saothair bhliantúla mar shealbhóir ar phost no ar phostanna ion-chúitimh fé aon chumann no cumainn cheaduithe ar feadh pé méid dá thréimhse sheirbhíse ion-chúitimh dar chríoch an 30adh lá de Mheitheamh, 1932,

agus nuair a beifear ag áireamh meán-mhéid a luacha saothair bhliantúla ní háirmheofar mar chuid dá luach saothair aon tsuim no suimeanna do híocadh leis an duine sin alos congnaimh chléireachais d'fháil no alos caiteachaisí eile no i bhfuirm bonus.

(4) I gcás—

(a) duine, cé go raibh sé ar fostú ag duine no ag cólucht éigin eile, do bheith i gcúrsa na fostaíochta san ag gabháil d'obair árachais sláinte do chumann cheaduithe, agus

(b) an duine sin do scur de bheith ar fostú ag an duine no ag an gcólucht eile sin de bhíthin oblagáidí an chumainn sin d'aistriú fén Acht so, agus

(c) an duine sin, mara raibh sé ag gabháil don obair sin don chumann san ach go páirt-aimsearach, do chruthú chun sástachta an choiste shealadaigh gurb é an luach saothair d'íocadh an duine no an cólucht eile sin leis alos na hoibre sin ba phríomh-abhar maireachtana dho,

tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, an duine sin do bheith ina shealbhóir ar phost ion-chúitimh fén gcumann san in aghaidh gach tréimhse do bhí sé ag gabháil don obair sin don chumann san, ach nuair a beifear, fé fho-alt (3) den alt so, ag áireamh meán-mhéid a luacha saothair bhliantúla mar shealbhóir ar phost ion-chúitimh fén gcumann san ní déanfar aon íocaíochtaí, nách íocaíochtaí alos na hoibre sin don chumann san, do chur san áireamh.

(5) I gcás—

(a) duine ba shealbhóir ar phost ion-chúitimh fé chumann cheaduithe do bheith i dteideal cúitimh fén alt so mara mbeadh go ndearna an Cumann Aontuithe, lá an aistrithe maidir leis an gcumann san, buan-fhostaíocht do thairiscint do do reir ráta luacha saothair do bhí réasúnta, ag féachaint don luach saothair do gheibheadh sé roimhe sin alos seirbhísí árachais sláinte náisiúnta, agus

(b) an duine sin do ghlacadh leis an tairiscint sin, agus

(c) an Chumainn Aontuithe do bhriseadh an duine sin (ar chúis seachas mí-iompar no breoiteacht) laistigh de chúig bliana tar éis lae sin an aistrithe,

féadfaidh an duine sin a iarraidh ar an Aire a dhearbhú é do bheith i dteideal cúitimh fén alt so agus leis sin féadfaidh an tAire, más dóich leis é do bheith réasúnta san do dhéanamh ag féachaint do gach ní bhaineann leis an gcás, a dhearbhú an duine sin do bheith i dteideal cúitimh fén alt so agus ar an dearbhú san do dhéanamh beidh an duine sin, d'ainneoin míre (d) d'fho-alt (1) den alt so i dteideal cúitimh d'fháil ón gCumann Aontuithe fén alt so.

(6) I gcás an Chumainn Aontuithe do thairiscint fostaíochta sealadaighe do dhuine bheidh i dteideal cúitimh fén alt so agus é do ghlacadh léi, ní bheidh sé i dteideal an chúitimh sin d'fháil go dtí go scuirfidh de bheith ar fostú ag an gCumann Aontuithe.

(7) I gcás cúitimh d'íoc fén alt so le duine do bhí, díreach roimh lá an aistrithe maidir le cumann ceaduithe, ina shealbhóir ar phost ion-chúitimh fén gcumann san, agus buan-fhostaíochta fén gCumann Aontuithe do thairiscint don duine sin agus é do ghlacadh léi, laistigh de thrí bliana o lá san an aistrithe, aisíocfaidh an duine sin leis an gCumann Aontuithe, do réir mar a chinnfidh an tAire, iomlán an chúitimh sin no pé cuid den chúiteamh san a shocróidh an tAire agus féadfar aon tsuim a bheidh ionaisíoctha amhlaidh d'íoc ina tráthchoda leanfaidh ar feadh pé tréimhse is dóich leis an Aire do bheith réasúnta.

(8) Beidh aon airgead is iníoctha ag duine leis an gCumann Aontuithe fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo ina fhiacha bheidh dlite ag an gCumann Aontuithe ar an duine sin agus féadfar é do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla.

(9) Má eiríonn aon cheist maidir le ceart duine ar bith chun cúitimh fén alt so no maidir le méid an chúitimh sin, cuirfear an cheist sin fé bhráid an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthi.

Aiscí d'oifigigh agus d'fhostaithe áirithe páirt-aimsire do chumainn cheaduithe.

23. —(1) Gach duine—

(a) ba shealbhóir ar phost ion-chúitimh fé chumann cheaduithe an 30adh lá de Mheitheamh, 1932, agus

(b) ba shealbhóir ar phost ion-chúitimh fé chumann cheaduithe díreach roimh lá an aistrithe maidir leis an gcumann ceaduithe sin, agus

(c) a bhí, díreach roimh lá san an aistrithe, tar éis bliana iomláine ar a laighead de sheirbhís ion-chúitimh do chur isteach, agus

(d) nár thairg an Cumann Aontuithe dho, lá san an aistrithe, buan-fhostaíocht do réir ráta luach saothair do bhí réasúnta, ag féachaint don luach saothair do gheibheadh sé roimhe sin alos seirbhísí árachais sláinte náisiúnta,

beidh sé, fé réir forálacha an ailt seo, i dteideal cúitimh d'fháil ón gCumann Aontuithe fén alt so.

(2) An cúiteamh is iníoctha le duine bheidh i dteideal cúitimh fén alt so isé bheidh ann ná aisce agus isé méid a bheidh san aisce sin ná suim (nách mó in aon chás ná méid a luacha saothair bhliantúla) a háirmheofar do réir na dara coda déag dá luach saothair bliantúil in aghaidh gach bliana iomláine de sheirbhís ion-chúitimh.

(3) Chun crícheanna an ailt seo beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) is sealbhóir ar phost ion-chúitimh fé chumann cheaduithe gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

(i) oifigeach páirt-aimsire don chumann san;

(ii) fostaí páirt-aimsire don chumann san nárbh é an tuilleamh do gheibheadh sé ón gcumann san ba phríomh-abhar maireachtana dho;

(b) nuair a beifear ag déanamh amach seirbhíse ion-chúitimh duine ba shealbhóir ar phost ion-chúitimh fé chumann cheaduithe díreach roimh lá an aistrithe maidir leis an gcumann san déanfar iomlán na tréimhse, díreach roimh an lá san, gur ar a feadh do bhí an duine sin ina shealbhóir ar phost no ar phostanna ion-chúitimh go leanúnach in aon chumann no cumainn cheaduithe, agus ní déanfar aon tréimhse ná tréimhsí eile, d'áireamh mar sheirbhís ion-chúitimh;

(c) beidh feidhm ag forálacha míreanna (c) agus (d) d'fho-alt (3) den alt deiridh sin roimhe seo maidir le duine ba shealbhóir ar phost ion-chúitimh fé chumann cheaduithe, do réir bhrí an ailt seo, fé mar atá feidhm ag na forálacha san maidir le duine ba shealbhóir ar phost ion-chúitimh do réir bhrí an ailt deiridh sin roimhe seo adubhradh;

(d) tuigfear gurb é is luach saothair bliantúil duine bheidh i dteideal cúitimh fén alt so ná dhá oiread déag meánmhéid a luacha saothair mhíosúla in aghaidh na bliana 1932 mar shealbhóir ar phost no ar phostanna ionchúitimh, fé chumann no cumainn cheaduithe, agus nuair a beifear ag áireamh a luacha saothair bhliantúla ní háirmheofar mar chuid dá luach saothair aon tsuim no suimeanna do híocadh leis an duine sin alos congnaimh chléireachais d'fháil no alos caiteachaisí eile no i bhfuirm bonus.

(4) I gcás—

(a) duine, cé go raibh sé ar fostú ag duine no ag cólucht éigin eile, do bheith i gcúrsa na fostaíochta san ag gabháil go páirt-aimsearach d'obair árachais sláinte do chumann cheaduithe, agus

(b) nárbh é luach saothair an duine sin alos na hoibre sin ba phríomh-abhar maireachtana dho,

tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, an duine sin do bheith ina shealbhóir ar phost ion-chúitimh fén gcumann san in aghaidh gach tréimhse do bhí sé ag gabháil don obair sin don chumann san, ach nuair a beifear, fé fho-alt (3) den alt so, ag áireamh a luacha saothair bhliantúla mar shealbhóir ar phost ion-chúitimh fén gcumann san ní déanfar aon íocaíochtaí, nách íocaíochtaí alos na hoibre sin don chumann san, do chur san áireamh.

(5) I gcás—

(a) duine ba shealbhóir ar phost ion-chúitimh fé chumann cheaduithe do bheith i dteideal cúitimh fén alt so mara mbeadh go ndearna an Cumann Aontuithe, lá an aistrithe maidir leis an gcumann san, buan-fhostaíocht do thairiscint do do réir ráta luacha saothair do bhí réasúnta, ag féachaint don luach saothair do gheibheadh sé roimhe sin alos seirbhísí árachais sláinte náisiúnta, agus

(b) an duine sin do ghlacadh leis an tairiscint-sin, agus

(c) an Chumainn Aontuithe do bhriseadh an duine sin (ar chúis seachas mí-iompar no breoiteacht) laistigh de chúig bliana tar éis lae sin an aistrithe,

féadfaidh an duine sin a iarraidh ar an Aire a dhearbhú é do bheith i dteideal cúitimh fén alt so agus leis sin féadfaidh an tAire, más dóich leis é do bheith réasúnta san do dhéanamh ag féachaint do gach ní bhaineann leis an gcás, a dhearbhú an duine sin do bheith i dteideal cúitimh fén alt so agus ar an dearbhú san do dhéanamh beidh an duine sin, d'ainneoin míre (d) d'fho-alt (1) den alt so, i dteideal cúitimh d'fháil on gCumann Aontuithe fén alt so.

(6) I gcás an Chumainn Aontuithe do thairiscint fostaíochta sealadaighe do dhuine bheidh i dteideal cúitimh fén alt so agus é do ghlacadh léi, ní bheidh sé i dteideal an chúitimh sin d'fháil go dtí go scuirfidh de bheith ar fostú ag an gCumann Aontuithe.

(7) I gcás cúitimh d'íoc fén alt so le duine do bhí, díreach roimh lá an aistrithe maidir le cumann ceaduithe, ina shealbhóir ar phost ion-chúitimh fén gcumann san, agus buan-fhostaíochta fén gCumann Aontuithe do thairiscint don duine sin agus é do ghlacadh léi laistigh de thrí bliana o lá san an aistrithe, aisíocfaidh an duine sin leis an gCumann Aontuithe, do réir mar a chinnfidh an tAire, iomlán an chúitimh sin no pé cuid den chúiteamh san a shocróidh an tAire agus féadfar aon tsuim a bheidh ionaisíoctha amhlaidh d'íoc ina tráthchoda leanfaidh ar feadh pé tréimhse is dóich leis an Aire do bheith réasúnta.

(8) Beidh aon airgead is iníoctha ag duine leis an gCumann Aontuithe fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo ina fhiacha bheidh dlite ag an gCumann Aontuithe ar an duine sin agus féadfar é do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla.

(9) Má eiríonn aon cheist maidir le ceart duine ar bith chun cúitimh fén alt so no maidir le méid an chúitimh sin, cuirfear an cheist sin fé bhráid an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthi.

Airgead do chur ar fáil chun cúitimh d'íoc.

24. —(1) An t-airgead uile is gá chun cúitimh d'íoc fén dá alt dheiridh sin roimhe seo déanfaidh an tAire o am go ham é do roimh-íoc amach as an gCiste Árachais Sláinte Náisiúnta agus déanfaidh an Cumann Aontuithe gach roimh-íoc d'aisíoc leis an gCiste sin, maraon le hús air o dháta a dhéanta do réir pé ráta ar a gcinnfidh an tAire Airgid, i pé slí a hordófar amach as airgead a bheidh ar fáil i gcóir costaisí riaracháin.

(2) An t-airgead uile a híocfar mar chúiteamh fén dá alt dheiridh sin roimhe seo tuigfear gur caiteachas ar riarachán é ach ní bhainfidh forálacha ailt 3 d'Acht 1911, mar atá san leasuithe le fo-alt (4) d'alt 1 den National Health Insurance Act, 1920, leis an airgead san, ach bainfid leis an airgead is gá do réir an fho-ailt dheiridh sin roimhe seo d'aisíoc leis an gCiste Arachais Sláinte Náisiúnta.

Suncála bheidh ar seilbh ag Aire thar ceann cumann ceaduithe.

25. —Aon airgead no suncála bheidh ar seilbh ag an Aire no ag an Aire Airgid thar ceann cumainn cheaduithe go n-aistreofar a oblagáidí fén Acht so chun an Chumainn Aontuithe beid, o dháta an aistrithe sin, ar seilbh ag an Aire no ag an Aire Airgid (fé mar bheidh) i gcóir agus thar ceann an Chumainn Aontuithe.

Luachála fé alt 36 d'Acht 1911.

26. —(1) Ní déanfar aon luacháil, tar éis an Achta so do rith, fé alt 36 d'Acht 1911 ar shócmhainní agus ar fhiachaisí aon chumainn cheaduithe.

(2) An chéad luacháil a déanfar, tar éis an Achta so do rith, fé alt 36 d'Acht 1911 ar shócmhainní agus ar fhiachaisí an Chumainn Aontuithe tuigfear, nuair a beifear á déanamh, sócmhainní agus fiachaisí gach cumainn cheaduithe bheidh ann ar an dáta gur go dtí é déanfar an luacháil sin do bheith mar chuid de shócmhainní agus d'fhiachaisí an Chumainn Aontuithe agus baill fé árachas gach cumainn den tsórt san do bheith ina mbaill fé árachas den Chumann Aontuithe.

(3) Na forálacha atá sna hAchtanna mar gheall ar bharrachais agus easnaimh bainfid le luacháil sócmhainní agus fiachaisí an Chumainn Aontuithe fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo fé is dá mbeadh baill gach cumainn cheaduithe ina mbaill den Chumann Aontuithe ar an dáta gur go dtí é déanfar an luacháil sin.

Luachála speisialta ar an St. James's Gate Health Insurance Society agus ar an Dublin United Tramways and Omnibus Employees' Health Insurance Society.

27. —Chun a fháil amach an raibh easnamh, ar an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1933, sa St. James's Gate Health Insurance Society no sa Dublin United Tramways and Omnibus Employees' Health Insurance Society, ach ní chun críche ar bith eile, déanfar luacháil go dtí an dáta san ar na sócmhainní agus ar na fiachaisí bhí tar éis fáis fé sna hAchtanna i ngach cumann acu san, agus is ar pé foras a hordófar a déanfar gach luacháil den tsórt san agus má gheibhtear amach easnamh do bheith i gceachtar cumann acu san slánófar é do réir rialacha an chumainn sin.

Forálacha speisialta maidir leis an St. James's Gate Health Insurance Society.

28. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an St. James's Gate Health Insurance Society (dá ngairmtear an Cumann san san alt so) sé sin le rá:—

(a) déanfar aon tsuimeanna bheidh, ar an 31adh lá de Mhí na Nodlag. 1933, i gcreidiúint don Chuntas Chongnaimh Airgid, don Chiste Fhóirlíontach agus don Chiste Sochair Bhreise do bunuíodh fé Rialacha an Chumainn sin, d'aistriú chun an Chumainn Aontuithe an 1adh lá d'Eanar, 1934;

(b) déanfar aon tsuimeanna bheidh dlite fé sna Rialacha san ar Messrs Arthur Guinness Son and Co., Limited, in aghaidh na tréimhse dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1933, d'íoc leis an gCumann Aontuithe chó luath agus a bheidh a méid faighte amach do réir na Rialacha san;

(c) déanfaidh an Cumann Aontuithe maidir leis na suimeanna so leanas, sé sin le rá, aon tsuimeanna bheidh i gcreidiúint don Chiste Chongnaimh Airgid, don Chiste Fhóirlíontach, agus don Chiste Sochair Bhreise sin adubhradh agus aon tsuimeanna a híocfar fén mír dheiridh sin roimhe seo, déanfaidh na nithe sin uile (ar a n-áirmhítear easnamh (más ann do) do shlánú le hairgead as an gCiste Fóirlíontach san) ba ghá do dhéanamh fé sna Rialacha san dá leanadh an Cumann san adubhradh de bheith ann;

(d) tar éis gach coigeartuithe do dhéanamh do réir na Rialacha san déanfar an t-airgead a bheidh sa Chiste Sochair Bhreise sin do chur chun na gcrícheanna so leanas agus chúcha san amháin, sé sin le rá:—

(i) go dtí an 5adh lá d'Iúl, 1936, chun íoctha costais na scéime sochar breise atá ann le linn an Achta so do rith i gcóir ball den Chumann san, agus

(ii) ina dhiaidh sin chun sochair do dhaoine fé árachas ba bhaill den Chumann san an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1933, fé scéim le n-a mbeidh aontuithe ag an Aire.

Deacrachtaí do réiteach.

29. —Má eiríonn aon deacracht maidir le có-dhéanamh an Chumainn Aontuithe no ar shlí eile maidir le haon chuid de sna forálacha san roimhe seo den Acht so do chur i bhfeidhm, féadfaidh an tAire, le hordú ar n-a dhéanamh roimh an lá ceaptha, ceapachán ar bith do dhéanamh agus éinní do dhéanamh is gá no is oiriúnach dar leis chun na bhforálacha san do chur i bhfeidhm, agus féadfar le haon ordú den tsórt san forálacha an Achta so d'atharú sa mhéid go bhfeicfear gur gá no gur oiriúnach san do dhéanamh chun an orduithe do chur in éifeacht.

Coigeartuithe i gcistí fé chúram an Aire.

30. —Déanfaidh an tAire sna Cistí i dtaobh Arachais Shláinte Náisiúnta a bheidh fé n-a chúram na coigeartuithe airgeadais sin is gá de bhíthin oblagáidí cumainn cheaduithe d'aistriú chun an Chumainn Aontuithe.

Rialacháin ghenerálta.

31. —Beidh ar na crícheanna chun a bhféadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh fé alt 65 d'Acht 1911 éinní no aon rud d'ordú dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Athchomhairc fé alt 67 d'Acht 1911.

32. —(1) Chun an Aire do thabhairt a bhreithe ar aon athchomharc no aighneas a cuirfear fé n-a bhráid fé alt 67 d'Acht 1911 féadfaidh duine amháin no beirt no níos mó ná beirt do cheapadh chun an athchomhairc no an aighnis sin d'éisteacht ach ní go gcomhacht chun breithe do thabhairt air.

(2) An duine no na daoine ceapfar fén alt so chun aon athchomhaire no aighnis den tsórt san d'éisteacht beidh comhacht aige no acu, tré fhógra do thabhairt i scríbhinn, fínnithe do ghairm agus a chur mar cheangal leabhair agus scríbhinní do thabhairt i láthair, agus duine ar bith a gairmfear amhlaidh agus go dteipfidh air teacht, no dhiúltóidh d'fhianaise do thabhairt uaidh, os cóir an duine no na ndaoine ceapfar amhlaidh, agus duine ar bith go dteipfidh air no dhiúltóidh aon leabhar no scríbhinn eile do thabhairt i láthair agus é de cheangal air amhlaidh san do thabhairt i láthair, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(3) An duine no na daoine ceapfar fén alt so chun aon athchomhairc no aighnis den tsórt san d'éisteacht beidh comhacht aige no acu fianaise do ghlacadh fé mhionn agus chuige sin féadfaidh an duine sin no, más beirt no níos mó ná beirt a ceapfar amhlaidh, féadfaidh éinne de sna daoine sin daoine bheidh i láthair mar fhínnithe ag an éisteacht san do chur fé mhionn.

(4) Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 67 d'Acht 1911 agus fós na focail “or referee” atá anois i bhfo-alt (4) den alt san 67.

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

33. —(1) Féadfar an tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1933 , do ghairm den Acht so agus léireofar é mar éinní amháin leis na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1929.

(2) Féadfar na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1933, do ghairm de sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1929, agus den Acht so le chéile.

SCEIDEAL.

ACHTACHAIN NACH INFHEIDHMITHE MAIDIR LEIS AN gCUMANN AONTUITHE.

Siosón agus Caibideal, no Uimhir agus Bliain.

Gearr-Theideal.

An méid nách infheidhmithe dhíobh.

(1)

(2)

(3)

1 & 2 Geo. V., c. 55.

An National Insurance Act, 1911.

Fo-alt (5) d'alt 14; ailt 23, 24 agus 25; fo-alt (2) d'alt 26; fo-ailt (1) agus (3) d'alt 27; ailt 28 agus 29; fo-alt (2) d'alt 30; alt 34; fo-ailt (3) agus (4) d'alt 35; mír (c) d'fho-alt (I) d'alt 37; alt 40; an províso ghabhann le fo-alt (5) d'alt 57; míreanna (c) agus (d) d'fho-alt (I) d'alt 67; ailt 72, 73, 75 agus 76; fo-alt (7) d'alt 87.

3 & 4 Geo. V., c. 37

An National Insurance Act, 1913.

Fo-ailt (I), (2), (3) agus (4) d'alt 16; na focail uile i ndiaidh “thereof” i bhfo-alt (I) d'alt 27; míreanna A (i), B agus C den Chéad Sceideal.

7 & 8 Geo. V., c. 62.

An National Health Insurance Act, 1918.

Fo-ailt (3), (4), (5), (6) agus (7) d'alt 3; alt 14; míreanna (a), (c) agus (e) d'alt 17; ailt 21 agus 43; míreanna (I), (2) agus (3) de Chuid I den Cheathrú Sceideal.

Uimh. 42 de 1929 .

An tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1929 .

Alt 5; fo-ailt (2) agus (3) d'alt 6 mír 7 den Chéad Sceideal.