21 1933


Uimhir 21 de 1933.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH (ORDUITHE DO DHAINGNIÚ), 1933.


ACHT CHUN DAINGNITHE DO DHÉANAMH AR ORDUITHE ÁIRITHE DO RINNE AN ARD-CHOMHAIRLE FÉN ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH GO PRÁINNEACH, 1932 .

[29adh Iúl, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

Orduithe do dhaingniú.

1. —Daingnítear leis seo na hOrduithe uile agus fé seach a hainmnítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do rinne an Ard-Chomhairle fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht chun Diúitéthe do Ghearradh (Orduithe do Dhaingniú), 1933 , do ghairm den Acht so.


SCEIDEAL.

1. An tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 5), 1932.

2. An tOrdú chun Díúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 11), 1933.