25 1933


Uimhir 25 de 1933.


ACHT CÁIRDE TIONNSCAIL, 1933.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN CUIDEACHTAN DO BHUNÚ AGUS DO CHLÁRÚ AG A mBEIDH SÉ MAR PHRÍOMH-CHUSPÓIR CÁIRDE TIONNSCAIL DO CHUR AR FÁIL, AGUS CHUN AN AIRE AIRGID DO THÓGAINT SCAIR-CHAIPITAIL LEIS AN gCUIDEACHTAIN SIN AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [31adh Iúl, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Míniu.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid.

An Chuideachta Cháirde Thionnscail, Teoranta, do bhunú agus do chlárú.

2. —Díreach ar an Acht so do rith déanfaidh an tAire gach ní is dóich leis is gá no is maith chun a thabhairt chun críche cuideachta theoranta (dá ngairmtear an Chuideachta san Acht so) bheidh do réir na gcoinníoll atá leagtha síos sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do bhunú agus do chlárú i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924.

Iasacht don Chuideachtain chun costaisí a bunuithe d'íoc.

3. —(1) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas féadfaidh an tAire suim nách mó ná cúig mhíle déag púnt do thabhairt ar iasacht don Chuideachtain ar pé téarmaí agus coinníollacha, is ceart dar leis, maidir le ham agus modh aisíoctha, le ráta úis, le hurrús agus le nithe eile ar bith.

(2) Aon airgead do bhéarfar ar iasacht don Chuideachtain fén alt so déanfaidh an Chuideachta é do chur chun no mar chabhair chun íoctha na gcostaisí bhainfidh leis an gCuideachtain do chur ar aghaidh, do bhunú agus do chlárú agus chun no mar chabhair chun íoctha costaisí tosaigh eile na Cuideachtan agus ní chun crícheanna ar bith eile.

(3) Íocfar isteach sa Stát-Chiste na suimeanna uile íocfaidh an Chuideachta leis an Aire chun no mar chabhair chun aisíoctha aon airgid do tugadh ar iasacht don Chuideachtain fén alt so no chun íoctha an úis ar an airgead san.

Scair-chaipital leis an gCuideachtain do thabhairt amach.

4. —Ní tabharfar amach aon scair-chaipital leis an gCuideachtain (seachas scair-chaipital do bhéarfar amach do lucht sighnithe Mhemorandum Comhlachais na Cuideachtan) uair ar bith mara ndeinidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, an tabhairt-amach san d'údarú.

An tAire do dhul in urrús ar scaireanna do cheannach.

5. —Féadfaidh an tAire, fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leis, a chó-aontú leis an gCuideachtain, i gcás aon scaireanna sa Chuideachtain a beifear chun a thairiscint uair ar bith chun a gceannaithe do bheith gan tógaint ag an bpuiblíocht laistigh d'aimsir áirithe, go dtógfaidh na scaireanna san no cion éigin áirithe dhíobh agus go n-íocfaidh as an gcéanna.

Airgead do bheith ina mhuirear ar an bPrímh-Chiste.

6. —(1) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc an airgid uile theastóidh o am go ham chun íocaíochtaí do dhéanamh is gá don Aire do dhéanamh leis an gCuideachtain alos aon scaireanna thógfaidh fén Acht so.

(2) Chun airgid do chur ar fáil i gcóir na suimeanna cuirtear ina muirear ar an bPrímh-Chiste leis an alt so féadfaidh an tAire aon tsuim no suimeanna d'fháil ar iasacht o aon duine, agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna do roimh-íoc leis an Aire sin, chun íoctha na suimeanna cuirtear ina muirear ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis leis an alt so, agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire urrúis do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé pé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte no einní eile is oiriúnach leis.

(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrús do bhéarfar amach fén alt so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairt-amach na n-urrús san.

(4) Aon airgead a gheobhfar de bharr urrús do bhéarfar amach fén alt so cuirfear chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí na mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Dividenda, etc., d'íoc isteach sa Stát-Chiste.

7. —Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach dividendum, bonus agus airgead eile do gheobhaidh an tAire alos scaireanna leis an gCuideachtain a bheidh ar seilbh aige.

Comhachta an Aire mar scaireánach.

8. —Féadfaidh an tAire, faid a bheidh i seilbh aon choda de scaireanna na Cuideachtan, feidhmiú do dhéanamh ar gach ceann no ar aon cheann de sna cirt agus de sna comhachta is infheidhmithe o am go ham ag sealbhóir na scaireanna san, agus i gcás na gceart no na gcomhacht san do bheith infheidhmithe tré atúrnae féadfaidh an tAire, más dóich leis san do bheith ceart, na cirt no na comhachta san d'fheidhmiú tré n-a atúrnae.

Comhacht an Aire maidir le scaireanna bheidh ar seilbh aige.

9. —(1) Féadfaidh an tAire na scaireanna leis an gCuideachtain a bheidh ceannuithe aige fén Acht so do choimeád chó fada agus is oiriúnach leis é agus féadfaidh na scaireanna san uile no aon chuid acu do dhíol fé mar agus nuair is oiriúnach leis é.

(2) Déanfar, gach uair a dhíolfaidh an tAire scaireanna leis an gCuideachtain a bheidh ar seilbh aige, sochar glan an díola san d'íoc isteach sa Stát-Chiste.

Memorandum agus Airtiogail Chomlachais na Cuideachtan d'atharú.

10. —D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, ní bheidh aon atharú déanfar i Memorandum Comhlachais no in Airtiogail Chomhlachais na Cuideachtan dleathach ná éifeachtúil más le linn aon scaireanna leis an gCuideachtain do bheith ar seilbh ag an Aire a déanfar é mara bhfuighfear aontú roimh ré ón Aire tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

E bheith mar oblagáid cuntaisí cothromaíochta, etc., do thabhairt don Aire.

11. —(1) Bhéarfaidh an Chuideachta don Aire, laistigh de nócha lá tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta, cuntas cothromaíochta in aghaidh na bliana cuntasaíochta san agus fós cuntas sochair agus dochair in aghaidh na bliana cuntasaíochta céanna agus an dá chuntas san iniúchta go cuibhe ag iniúchóir na Cuideachtan.

(2) An cuntas cothromaíochta agus an cuntas sochair agus dochair do bhéarfar mar adubhradh déanfar amach iad ar pé slí bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, agus beidh sa chuntas chothromaíochta san (i dteanta éinní is gá do réir na rialachán san do bheith ann) achmaireacht ar chaipital, ar shócmhainní, agus ar fhiachaisí na Cuideachtan, maraon leis na mion-innste sin is gá chun a thaisbeáint cadé an saghas na sócmhainní agus na fiachaisí sin agus conus a rinneadh amach luach na sócmhainní.

(3) Bheárfaidh an Chuideachta don Aire, ar san d'éileamh, pé mínithe is dóich leis an Aire is ceart d'iarraidh maidir le haon chuntas cothromaíochta na cuntas sochair agus dochair do tugadh do do réir an ailt seo.

(4) Déanfaidh an tAire cóip de gach cuntas cothromaíochta agus de gach cuntas sochair agus dochair do bhéarfar do do réir an ailt seo do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas laistigh de mhí tar éis an chuntais chothromaíochta agus an chuntais shochair agus dhochair sin do thabhairt do amhlaidh.

(5) Má thugann an Chuideachta faillí maidir le déanamh do réir aon cheann d'fhorálacha an ailt seo, beidh an Chuideachta agus fós gach stiúrthóir, bainisteoir agus oifigeach eile don Chuideachtain a rinne go feasach agus go toiliúil an fhaillí sin d'údarú no do cheadú ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur ortha in aghaidh gach lae leanfaidh an fhaillí.

(6) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní dá dtagartar san alt so mar ní bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so.

Gearr-theideal.

12. —Féadfar an tAcht Cáirde Tionnscail, 1933 , do ghairm den Acht so.

SCEIDEAL.

Coinniollacha go nDeanfaidh an Chuideachta da Reir.

1. Ní mór aontú an Aire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, d'fháil le Memorandum agus Airtiogail Chomhlachais na Cuideachtan.

2. Forálfar le Memorandum Comhlachais na Cuideachtan—

(a) gurb é ainm a bheidh ar an gCuideachtain ná Cuideachta an Cháirde Thionnscail, Teoranta;

(b) gur i mBaile Atha Cliath a bheidh oifig chláruithe na Cuideachtan;

(c) go mbeidh ar phríomh-chuspóirí na Cuideachtan dul in urrús ar scaireanna, stuic, debentiúirí, agus urrúis eile do cheannach, do bhéarfaidh aon Chuideachta amach a bheidh cláruithe i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, agus dar príomh-chuspóir bheidh ag gabháil d'aon chéird no tionnscal i Saorstát Éireann, agus an céanna d'fháil, do shealbhú, agus do dhíol, agus deighleáil leo ar shlí eile agus beidh ar na príomh-chuspóirí sin freisin airgead, ar pé urrús is ceart dar le stiúrthóirí na Cuideachtan, do thabhairt ar iasacht do dhuine ar bith no do roimh-íoc le duine ar bith a bheidh ag gabháil no chun bheith ag gabháil d'aon chéird no tionnscal i Saorstát Éireann chun na céirde no an tionnscail sin do bhunú, do bheith ar siúl aige, no do leathnú;

(d) go mbeidh teora le fiachas ball na Cuideachtan;

(e) gur cúig milleoin púnt a bheidh mar scair-chaipital ag an gCuideachtain agus go mbeidh san roinnte ina scaireanna de phúnt an scair no de pé méid eile no de pé méideanna luadhfar sa Mhemorandum san.

3. Luadhfar in Airtiogail Chomhlachais na Cuideachtan líon stiúrthóirí na Cuideachtan (agus an cathaoirleach d'áireamh ar an líon san) agus isé líon a luadhfar amhlaidh ná seachtar no cúigear.

4. Forálfar le hAirtiogail Chomhlachais na Cuideachtan—

(a) faid a bheidh an tAire i seilbh leath ar a laighead (in ainm-luach) de sna scaireanna leis an gCuideachtain a bheidh tugtha amach go ndéanfaidh an tAire—

(i) i gcás gur seachtar is líon do stiúrthóirí na Cuideachtan, ceathrar de sna stiúrthóirí sin d'ainmniú o am go ham fé mar is gá,

(ii) i gcás gur cúigear is líon do stiúrthóirí na Cuideachtan, triúr de sna stiúrthóirí sin d'ainmniú o am go ham fé mar is gá,

(iii) Cathaoirleach na stiúrthóirí d'ainmniú o am go ham as líon na stiúrthóirí bheidh ainmnithe ag an Aire féin;

(b) go mbeidh stiúrthóir bainisteoireachta ar an gCuideachtain agus, fé réir na céad fo-mhíre ina dhiaidh seo, go ndéanfaidh stiúrthóirí na Cuideachtan duine dá líon do cheapadh o am go ham mar stiúrthóir bainisteoireachta ar an gCuideachtain;

(c) gurb é bheidh mar chéad stiúrthóir bainisteoireachta ar an gCuideachtain ná an duine sin de stiúrthóirí na Cuideachtan a cheapfaidh an tAire, agus go mbeidh an duine sin i seilbh oifige mar stiúrthóir bainisteoireachta ar feadh pé tréimhse, nách sia ná cúig bliana, agus ar pé téarmaí, agus fé réir pé coinníollacha ordóidh an tAire;

(d) go mbeidh comhacht ag an gCuideachtain airgead do chruinniú, tré dhebentiúirí, chun crícheanna na Cuideachtan, ach san fé réir na nithe seo leanas:—

(i) nách mó aon uair an méid a cruinneofar amhlaidh ná scair-chaipital íoctha na Cuideachtan, agus

(ii) ná beidh an chomhacht san, gan toiliú an Aire, infheidhmithe aon uair faid bheidh an tAire i seilbh níos mó ná an cúigiú cuid (in ainm-luach) de sna scaireanna leis an gCuideachtain a bheidh tugtha amach;

(e) faid a bheidh aon scaireanna leis an gCuideachtain ar seilbh ag an Aire, nách féidir duine ar bith do cheapadh mar iniúchóir don Chuideachtain mara mbeidh aontuithe ag an Aire leis an duine sin d'ainmniú chun oifige mar iniúchóir.