26 1933


Uimhir 26 de 1933.


ACHT TORTHAÍ TALMHAÍOCHTA (EASPORTÁIL DO RIALÁIL), 1933.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH TRÉ N-A bhFÉADFAR RIALÁIL AGUS STIÚRADH DO DHÉANAMH AR EASPORTÁIL THORTHAÍ TALMHAÍOCHTA Ó SHAORSTÁT ÉIREANN GO TÍR AR BITH A BHUNÓIDH CÓRAS AG SRIANADH NO AG RIALÚ IOMPORTÁLA NA dTORTHAÍ TALMHAÍOCHTA SAN ISTEACH SA TÍR SIN Ó SHAORSTÁT ÉIREANN, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [3adh Lúnasa, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

foluíonn an abairt “tora talmhaíochta” aon tora talmhaíochta no garnóireachta agus aon earra bhídh no dighe do rinneadh no do fuarthas, i bpáirt no go hiomlán, as aon tora den tsórt san agus lomraí agus seithí ainmhithe ach ní fholuíonn sí deoch mheisciúil.

Comhacht chun easportála torthaí talmhaíochta do rialáil agus do stiúradh.

2. —(1) I gcás aon tire chun a ndeintear de ghnáth aon tora talmhaíochta d'easportáil o Shaorstát Éireann do bhunú aon chórais ag srianadh no ag rialú iomportála an tora talmhaíochta san isteach sa tír sin o Shaorstát Éireann féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú easportála san Acht so), easportáil an tora talmhaíochta san chun na tíre sin o Shaorstát Éireann do rialáil agus do stiúradh i pé slí chífear do is deallrathach a chuirfidh in áirithe go bhfuighidh easportálaithe o Shaorstát Éireann an tairbhe maximum a lomhálfaidh an córas sriantachta agus rialuithe sin a bheidh bunuithe ag an tír sin amhlaidh agus go sonnrách féadfaidh, gan dochar do gheneráltacht na forála san roimhe seo, socrú do dhéanamh, leis an ordú san, i gcóir gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) daoine bhíonn ag casportáil an tortha san chun na tíre sin do chlárú;

(b) easportáil an tortha san chun na tíre sin o Shaorstát Éireann do rialú agus do shrianadh;

(c) a chur de cheangal ar dhaoine cláruithe easportáil do dhéanamh chun na tíre sin, i rith aon tréimhse no tréimhsí áirithe, ar chaindíocht áirithe den tora san nách mó ná an chaindíocht a bheidh geallta ag na daoine sin fé seach a easportáil i rith na tréimhse no na dtréimhsí sin;

(d) aon easportáil eile chun na tíre sin, a bheidh ceaduithe mar mhalairt de thurus na huaire, do rialáil agus do stiúradh;

(e) a chur in áirithe go dtabharfar cuntaisí;

(f) a shocrú sáruithe áirithe ar an ordú san do bheith ina gciontaí is ionphionósuithe ar dhaoine do chiontú ionta ar an slí achmair, agus na pionóisí gheobhaidh leis na ciontaí sin do cheapadh.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú do rinneadh roimhe sin fén alt so do cheiliúradh no do leasú.

(3) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Comhachta don Aire chun torthaí talmhaíochta do cheannach, d'easportáil agus do dhíol.

3. —(1) Pé uair a bheidh ordú easportála i bhfeidhm ag rialáil agus ag stiúradh easportála aon tortha talmhaíochta go tír áirithe féadfaidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Airgid, pé caindíochtaí den tora san is oiriúnach leis do cheannach, do dhíol agus d'easportáil chun na tíre sin o am go ham más dóich leis go raghadh san chun leasa na puiblíochta.

(2) Déanfar aon airgead do gheobhfar as aon díolachán fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(3) Féadfaidh an tAire in aon ordú easportála a fhoráil, í gcás é do dhul fé chostas fén alt so de bhíthin no de dheascaibh é do theip ar dhuine ar bith éinní áirithe do dhéanamh a húdaruítear don duine sin no a cuirtear mar cheangal ar an duine sin leis an ordú san no fé a dhéanamh, go bhféadfaidh an tAire an costas san do bhaint den duine sin mar fhiacha gnáth-chonnartha agus féadfaidh an tAire leis an ordú san a fhoráil go mbeidh deimhniú ón Aire ina fhianaise dho-chlaoite ar é do dhul fén gcostas san agus fós ar mhéid an chostais sin.

(4) Déanfar aon airgead a bhainfidh an tAire amach fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Forálacha custum.

4. —(1) Féadfaidh aon oifigeach Custum agus Máil tora talmhaíochta ar bith, a bheidh á easportáil no go mbeifear a d'iarraidh é d'easportáil contrárdha d'ordú easportála do choinneáil agus do thógaint agus chuige sin féadfaidh pacáid ar bith d'oscailt ina mbeidh tora talmhaíochta ar bith den tsórt san no ’na mbeidh amhras aige a leithéid do bheith inti, agus na forálacha den Customs Consolidation Act, 1876, i dtaobh earraí tógfar fén Acht san d'ordú a bheith geallbhruidthe agus do chur de láimh bainfid le tora talmhaíochta ar bith tógfar fén alt so fé is dá mba fén Acht san do tógfaí é.

(2) Na forálacha, maidir le heasportáil tora talmhaíochta ar bith do rialú agus do shrianadh, a bheidh in ordú easportála beidh éifeacht acu fé is dá mbeadh na forálacha san sa Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh baint dá réir sin ag an Acht san agus ag aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san agus má deintear tora talmhaíochta ar bith go dtoirmeasctar a easportáil leis an ordú san d'easportáil contrárdha don ordú san no é do thabhairt go dtí aon ché no áit eile chun é d'easportáil amhlaidh no é d'iompar ar uisce chun é d'easportáil amhlaidh dlighfear an pionós céanna do chur ar an easportálaí no ar a ghníomhaire dlightear do chur ar dhuine, fé alt 186 den Acht san, mar gheall ar earraí toirmiscthe d'iomportáil go nea-dhleathach.

Comhairlí comhairlitheacha.

5. —(1) Déanfaidh an tAire pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, le toiliú an Aire Airgid agus tar éis do dul i gcomhairle le pé cóluchta agus daoine is dóich leis is fearr ionaduíonn na dreamanna uile le n-a mbaineann, comhairle chomhairlitheach do bhunú le hordú chun comhairle agus congnamh do thabhairt do i dtaobh na nithe (eadhon, nithe bhaineann le horduithe easportála do dhéanamh, do cheiliúradh, agus do leasú) luadhfaidh san ordú san.

(2) Isiad a bheidh ar chomhairle chomhairlitheach a bunófar fén alt so ná pé daoine, go dtaithí no go n-eolas fé leith acu ar na nithe go bhféadfaidh an chomhairle sin comhairle no congnamh do thabhairt don Aire ina dtaobh, a dhéanfaidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle mar adubhradh, a ainmniú o am go ham chun bheith ina mbaill di.

(3) Marab éag no eirghe as roimhe sin do beidh gach ball de chomhairle chomhairlitheach a bunófar fén alt so ina bhall amhlaidh go ceann dhá bhlian, agus go ceann na tréimhse sin amháin, o dháta a ainmnithe, ach beidh sé ion-athainmnithe.

(4) Tiocfaidh comhairle chomhairlitheach a bunófar fén alt so le chéile pé uair a ghairmfidh an tAire le chéile iad agus fós ar pé ócáidí eile ar a gcinnfidh an chomhairle sin o am go ham.

(5) Féadfaidh an tAire íocaíochtaí, i pé méideanna cheadóidh an tAire Airgid, d'íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le baill de chomhairle chomhairlitheach a bunófar fén alt so no le baill de choiste dhi, ar scór aisíoca costaisí taistil agus íoca liúntais chothuithe.

Costaisí.

6. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so.

Gearr-theideal.

7. —Féadfar an tAcht Torthaí Talmhaíochta (Easportáil do Rialáil), 1933 , do ghairm den Acht so.