32 1933


Uimhir 32 de 1933.


ACHT AN GHÁRDA SÍOCHÁNA (PINSIN), 1933.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN PINSEAN DO DHEONADH DO CHOIMISINÉIRÍ DON GHÁRDA SÍOCHÁNA DO CUIREADH NO CUIRFEAR AS OIFIG AR CHÚIS SEACHAS MÍ-CHUMAS NO MÍ-IOMPAR. [29adh Meán Fhómhair, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Pinsin do dheonadh fén Acht so.

1. —(1) I gcás Coimisinéir don Ghárda Síochána do chur as an nGárda Síochána (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) agus an tUachtarán dá dheimhniú i scríbhinn fé n-a láimh, laistigh de pé tréimhse acu so leanas is déanaí bheidh caithte, sé sin le rá, mí tar éis an Achta so do rith no sé mhí tar éis an chur-as-oifig sin, gur ar chúis seachas mí-chumas no mí-iompar do cuireadh an Coimisinéir sin as oifig amhlaidh, féadfaidh an tAire Airgid, ar mholadh an Aire Dlí agus Cirt, pinsean de mhéid a déanfar amach do réir an ailt seo, agus a thosnóidh ar phágh an Choimisinéara san do scur, do dheonadh don Choimisinéir sin agus d'íoc leis le n-a bheo.

(2) Déanfar gach pinsean a deonfar fén Acht so d'áireamh do réir seascadú den phágh bhliantúil, do bhí ag an té dá ndeonfar an pinsean san á fháil mar Chomisínéir don Ghárda Síochána díreach roimh é do chur as an nGárda Síochána, in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís inphinsin (ar n-a áireamh do réir an ailt seo) agus ina theanta san, má mhair an tseirbhís inphinsin sin bliain is fiche de bhlianta iomlána no níos sia ná san, seascadú breise den phágh bhliantúil sin in aghaidh an aonú bliana is fiche iomláine agus gach bliana iomláine ina dhiaidh sin den tseirbhís inphinsin sin, ach san i dtreo ná raghaidh aon phinsean den tsórt san thar dhá dtrian den phágh bhliantúil sin.

(3) Tuigfear gurb é is seirbhís inphinsin duine ar bith chun crícheanna an Achta so ná an méid blian iomlán do thug ar seirbhís sa Ghárda Síochána agus, ina theanta san—

(a) más lugha ná deich mbliana an méid sin blian iomlán, breis (fé mar ordóidh an tAire Airgid) de pé méid blian a mhéadóidh an méid sin blian iomlán go dtí deich mbliana no de mhéid blian is có-ionann leis an méid sin blian iomlán, no

(b) más deich mbliana no más mó ná san an méid sin blian iomlán, breis de pé méid blian, nách mó ná dhá bhliain déag, ordóidh an tAire Airgid.

(4) Chun crícheanna an ailt so áirmheofar mar sheirbhís sa Ghárda Síochána seirbhís sa bhfórsa póilíneachta do bhí i Saorstát Éireann fén ainm “The Civic Guard” roimh Acht an Ghárda Síochána (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 37 de 1923) , do rith, agus seirbhís sa bhfórsa póilíneachta do bhí á choinneáil suas i Saorstát Éireann fén ainm “An Gárda Síochána” roimh thosach feidhme Achta Co-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 ( Uimh. 7 de 1925 ), agus seirbhís i bPóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath roimh thosach feidhme an Achta dheiridh sin a luaidhtear.

Forálacha generálta i dtaobh pinsean fén Acht so.

2. —(1) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach pinsean a deonfar fén Acht so.

(2) Féadfaidh an Ard-Chomhairle aon uair, le hordú, pinsean ar bith a deonfar fén Acht so do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi go ceann pé aimsire is dóich leo is ceart mar gheall ar réasúin a déarfar san ordú san, ach ní déanfar aon phinsean den tsórt san do cheiliúradh ná do chur ar fiunraoi amhlaidh mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar réasúin an cheiliúrtha bheartuithe sin do chur in úil i scríbhinn don té bheidh ag fáil an phinsin agus caoi réasúnta do thabhairt don duine sin ar pé míniú, freagra no cás eile is dóich leis is ceart, i dtaobh an cheiliúrtha bheartuithe sin no i dtaobh na réasún a bheidh leis, do chur fé bhráid na hArd-Chomhairle, agus gach ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén alt so foillseofar é san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

(3) Na forálacha, i dtaobh na nithe seo leanas, atá sna horduithe atá i bhfeidhm de thurus na huaire ag rialáil pinsean do dheonadh do bhaill den Ghárda Síochána agus d'íoc leo, sé sin le rá:—

(a) srian leis na pinsin sin do shannadh, agus

(b) na pinsin sin do gheallbhruideadh, agus

(c) na pinsin sin do chur ar fiunraoi, agus

(d) an tslí ina n-íocfar na pinsin sin, agus

(e) pionóisí mar gheall ar chalaois maidir leis na pinsin sin do dheonadh,

bainfid le gach pinsean a deonfar fén Acht so fé mar a bhainid le pinsin a deontar fé sna horduithe sin.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar Acht an Ghárda Síochána (Pinsin), 1933 , do ghairm den Acht so.