42 1933


Uimhir 42 de 1933.


ACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA (CONVENSIÚIN UM SHÁBHÁLTACHT AGUS UM UALACH-LÍNE), 1933.


ACHT CHUN AN tSOCRUITHE SIN DO DHÉANAMH IS GÁ CHUN LÁN-ÉIFEACHTA DO THABHAIRT D'FHORÁLACHA CONVENSIÚIN EADARNÁISIÚNTA UM SHÁBHÁLTACHT ANAMA AR MUIR, DO SIGHNÍODH I LUNDAIN AN 31adh LÁ DE BHEALTAINE, 1929, AGUS D'FHORÁLACHA CONVENSIÚIN EADARNÁISIÚNTA UM UALACH-LÍNE, DO SIGHNÍODH I LUNDAIN AN 5adh LÁ D'IÚL, 1930, AGUS CHUN NA MERCHANT SHIPPING ACTS, 1894 TO 1921, DO LEASÚ SA MHÉID GUR GÁ SAN CHUN ÉIFEACHTA DO THABHAIRT DO SNA CONVENSIÚIN SIN. [3adh Mí na Samhna, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Sabhaltacht Anama ar Muir.

Déanamh agus Suirbhéireachtaí.

Rialacháin um dhéanamh agus um Shuirbhéireacht chun éifeachta do thabhairt do Chaibidil II den Chonvensiún um Shábháltacht.

1. —(1) Beidh sna rialacháin um dhéanamh is infheidhmithe maidir le galtáin phaisnéara théigheann ar thurusanna eadarnáisiúnta na héilithe sin a chífear don Aire bhéarfaidh éifeacht do sna forálacha bhaineann le déanamh, le meaisínteacht, le fearas agus le mareáil ualach-línte agus atá i gCaibidil II den Chonvensiún um Shábháltacht agus sna Rialacháin dá dtagartar sa Chaibidil sin (ach amháin sa mhéid go ndeintear ar shlí eile éifeacht do thabhairt do sna forálacha san leis na hAchtanna Loingis Cheannaíochta):

Ach—

(a) féadfaidh an tAire aon ghaltán paisnéara do rinneadh roimh an gcéad lá d'Iúl, naoi gcéad déag a haon triochad (nách galtán do haistríodh chun seirbhíse paisnéara an dáta san no dá éis) d'áireamh mar ghaltán atá do réir aon éilimh den tsórt san más deimhin leis an Aire go ndearnadh pé nithe, más éinní é, do bhí réasúnta agus dob fhéidir a dhéanamh, go ndearnadh san chun go mbeadh an galtán do réir an éilimh sin;

(b) féadfaidh an tAire, maidir le galtáin phaisnéara théigheann ar aon chósta-thurus eadarnáisiúnta, aon éileamh den tsórt san do mhaolú más deimhin agus sa mhéid gur deimhin leis an fionntar ina dtéigheann galtáin phaisnéara théigheann ar an turus san do bheith de shaghas do bhéarfadh é bheith mí-réasúnta no neariachtanach a chur mar cheangal galtáin a théigheann ar an turus san do bheith do réir an éilimh sin;

(c) féadfaidh an tAire, maidir le galtáin a bheidh de thurus na huaire ag gabháil d'aon trádáil phaisnéara ina mbeid ag iompar mórán paisnéirí gan chóir chodlata acu, aon éileamh den tsórt san do mhaolú más deimhin leis nách féidir do ghaltáin a bhíonn ag gabháil don trádáil sin déanamh do réir an éilimh sin agus san sa mhéid gur deimhin leis gur gá, toise cúrsaí na trádála, maolú do dhéanamh; agus

(d) féadfaidh an tAire, maidir le haon ghaltán a théigheann ar ghearr-thurusanna eadarnáisiúnta, maolú do dhéanamh ar aon cheann d'éilithe na rialachán um dhéanamh do bheireann éifeacht d'fhorálacha an Chonvensiúin um Shábháltacht agus atá i Rialacháin IX, X, XV agus XIX den Choinvensiún san más deimhin agus sa mhéid gur deimhin leis an Aire ná fuil an t-éileamh san réasúnta agus nách féidir déanamh dá réir i gcás an ghaltáin sin.

(2) Má chítear don Aire—

(a) galtáin phaisinéara théigheann ar aon turus eadarnáisiúnta do dhul i ró-fhionntar de dheascaibh cúrsaí síona agus tráchta, agus

(b) gur féidir, toisc a laighead atá an cion spáis atá ceaptha do last in aon ghaltán do rinneadh tar éis an deichiú lá fichead de Mheitheamh, naoi gcéad déag a haon triochad, no do haistríodh chun seirbhíse paisnéara tar éis an dáta san, níos mó fo-ranna do bheith sa ghaltán ná mar is gá do réir an Chonvensiúin um Shábháltacht;

ordóidh an tAire do shuirbhéir luinge deimhin do dhéanamh de, sara ndéarfaidh i ndearbhú suirbhéireachta go bhfuil an galtán oiriúnach ar dhul ar an turus san, go bhfuil an oiread fo-ranna sa bhreis sa ghaltán a chítear don Aire is féidir agus is oiriúnach a bheith ann ar mhaithe le sábháltacht.

(3) Beidh sna rialacháin um shuirbhéireacht is infheidhmithe maidir le galtáin phaisnéara théigheann ar thurusanna eadarnáisiúnta na héilithe sin a chífear don Aire bhéarfaidh éifeacht do sna forálacha bhaineann le suirbhéireachtaí agus atá i gCaibidil II den Chonvensiún um Shábháltacht agus sna Rialacháin dá dtagartar sa Chaibidil sin (ach amháin sa mhéid go ndeintear ar shlí eile éifeacht do thabhairt do sna forálacha san leis na hAchtanna Loingis Cheannaíochta).

Leasuithe maidir le dearbhuithe suirbhéireachta.

2. —(1) In ionad na mion-innste a héilítear le mír (d) d'fho-alt (3) d'alt a dhá chéad a dó seachtód den Phríomh-Acht do luadh i ndearbhú suirbhéireachta dhéanfaidh suirbhéir luinge alos galtáin phaisnéara luadhfar sa dearbhú san na turusanna no an saghas turus gurb é breithiúntas an tsuirbhéara go bhfuil an galtán, chó fada agus théigheann a déanamh agus a fearas, oiriúnach ar dhul ortha.

(2) In ionad na mion-innste a héilítear le mír (e) d'fho-alt (4) den alt san do luadh i ndearbhú suirbhéireachta dhéanfaidh suirbhéir innealltóireachta alos galtáin phaisnéara luadhfar sa dearbhú san na turusanna no an saghas turus gurb é breithiúntas an tsuirbhéara go bhfuil an galtán, chó fada agus théigheann a meaisínteacht, oiriúnach ar dhul ortha.

(3) Má sé breithiúntas aon tsuirbhéara den tsórt san go bhfuil galtán paisnéara oiriúnach ar dhul ar thurusanna cadarnáisiúnta agus gan ach trádáil speisialta phaisnéara ar siúl aice, luadhfar an méid sin ina dearbhú suirbhéireachta.

Longa d'atharú agus suirbhéireachtaí breise.

3. —(1) Déanfaidh únaer no máistir galtáin phaisnéara le n-a mbaineann an t-alt so, chó luath agus is féidir é tar éis aon atharú do dhéanamh ar chabhail no ar fhearas no ar mheaisínteacht an ghaltáin a dheineann deifir d'éifeachtúlacht an chéanna no d'intseoltacht an ghaltáin, fógra i scríbhinn, ina mbeidh eolas iomlán i dtaobh an atharuithe, do thabhairt don Aire agus, mara dtugtar fógra amhlaidh, beidh únaer no máistir an ghaltáin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

(2) Má bhíonn cúis ag an Aire chun a chreidiúint gur thárla, o rinneadh an dearbhú suirbhéireachta deiridh alos galtáin phaisnéara le n-a mbaineann an t-alt so—

(a) aon atharú den tsórt san roimhráite do dhéanamh ar chabhail no ar fhearas no ar mheaisínteacht an ghaltáin; no

(b) aon díobháil do dhéanamh do chabhail no d'fhearas no do mheaisínteacht an ghaltáin no an céanna do bheith nea-dhóthanach ar aon slí eile;

féadfaidh an tAire, gan dochar dá chomhachta fé alt a dhá chéad a naoi seachtód den Phríomh-Acht, a chur mar cheangal suirbhéireacht do dhéanamh arís ar an ngaltán sa mhéid is oiriúnach leis agus, mara ndeintear do réir an cheangail sin, féadfaidh deimhniú ar bith a bheidh tugtha amach alos an ghaltáin, fé alt a dhá chéad a ceathair seachtód den Phríomh-Acht no fén gCuid seo den Acht so, do chur ar nea-mbrí.

(3) Baineann an t-alt so le gach galtán paisnéara, pe'ca cláruithe i Saorstát Éireann di no nách eadh, go mbeidh aon deimhniú den tsórt san roimhráite i bhfeidhm ina taobh de thurus na huaire, agus chun críche an ailt seo foluíonn an focal “atharú,” maidir le cabhail no le fearas no le meaisínteacht ghaltáin, athnuachaint do dhéanamh ar aon chuid den chéanna.

Gléasanna Tárrthála.

Rialacha um ghléasanna tárrthála chun éifeacht do thabhairt do Chaibidil III den Chonvensiún um Shábháltacht.

4. —Beidh sna rialacha um ghléasanna tárrthála is infheidmithe maidir le galtáin phaisnéara théigheann ar thurusanna eadarnáisiúnta na héilithe sin a chífear don Aire bhéarfaidh éifeacht d'fhorálacha Caibidile III den Chonvensiún um Shábháltacht agus d'fhorálacha na Rialachán dá dtagartar sa Chaibidil sin (ach amháin sa mhéid go ndeintear ar shlí eile éifeacht do thabhairt do sna forálacha san leis na hAchtanna Loingis Cheannaíochta):

Ach—

(a) féadfaidh an tAire, ar pé coinníollacha is oiriúnach leis, aon ghaltán do rinneadh roimh an gcéad lá d'Iúl, naoi gcéad déag a haon triochad, do shaoradh o aon éileamh den tsórt san, más deimhin agus sa mhéid gur deimhin leis nách féidir déanamh do réir an éilimh sin no nách éileamh réasúnta é i gcás an ghaltáin sin;

(b) féadfaidh an tAire, maidir le galtáin phaisnéara théigheann ar aon chósta-thurus eadarnáisiúnta, aon éileamh den tsórt san do mhaolú más deimhin agus sa mhéid gur deimhin leis an fionntar ina dtéigheann galtáin a théigheann ar an turus san do bheith de shaghas do bhéarfadh é bheith mí-réasúnta no nea-riachtanach na galtáin sin do bheith do réir an éilimh sin;

(c) féadfaidh an tAire, maidir le galtáin phaisnéara bhíonn ag gabháil d'aon trádáil phaisnéara ina mbíd ag iompar mórán paisinéirí gan chóir chodlata acu, féadfaidh, más deimhin leis nách féidir do ghaltáin a bhíonn ag gabháil don trádáil sin déanamh do réir na n-éilithe sin, na héilithe sin do mhaolú i pé slí chífear do is gá no is oiriúnach chun éifeachta do thabhairt d'fhorálacha fo-mhíreanna (a), (b) agus (c) de mhír 5 d'Airtiogal a dó dhéag den Chonvensiún um Shábháltacht;

(d) féadfaidh an tAire, maidir le haon ghaltán paisnéara théigheann ar ghearr-thurusanna eadarnáisiúnta, pé maoluithe do dhéanamh ar na héilithe sin a chífear do bheith údaruithe leis na forálacha den Chonvensiún um Shábháltacht atá i bhfo-mhír (b) de mhir (2) d'Airtiogal a trí déag, i mír (4) de Rialachán XXXVI, i mír (11) de Rialachán XXXVII, i mír (2) de Rialachán XXXVIII agus i Rialachán XXXIX.

Na hAchtanna Loingis Cheannaíochta do leasú maidir le gléasanna tárrthála.

5. —(1) Beidh mar chuid de chomhacht an Aire fé alt a ceithre chéad a seacht fichead den Phríomh-Acht chun rialacha do dhéanamh mar gheall ar ghléasanna tárrthála comhacht chun rialacha do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, eadhon:—

(a) báid, báid tárrthála, raftaí tárrthála agus feisteas snámhach do mharcáil i dtreo go dtaisbeánfar cad is tuisí dhóibh agus cadé an méid daoine a húdaruítear d'iompar ortha;

(b) fóirne do cheapadh i gcóir bád agus i gcóir bád tárrthála agus cáilíochtaí agus deimhnithe fear báid tárrthála;

(c) an socrú bheidh le déanamh chun na bpaisnéirí agus na fuirinne do bhailiú le chéile agus chun iad do chur ar bord na mbád agus na mbád tárrthála (le n-a n-áirmhítear socrú i dtaobh páirteanna deifriúla den luing do shoillsiú agus i dtaobh na slí chun dul isteach ionta san agus chun dul amach asta);

(d) bád-drilleáil do chleachtadh;

(e) dualgaisí áirithe do cheapadh do gach ball den fhuirinn in aghaidh cáis phráinne;

(f) na modhanna bheidh le húsáid agus na gléasanna bheidh le hiompar chun tóiteáin do chose, do bhrath agus do mhúchadh;

(g) an méid agus an saghas gléasanna teilgthe téide bheidh le hiompar agus modh déanta na ngléasanna san.

(2) Déanfar fo-alt (1) d'alt a ceithre chéad agus triocha den Phríomh-Acht (fo-alt tré n-a bhforchuirtear pionóisí mar gheall ar theip i ndéanamh do réir na rialacha um ghléasanna tárrthála) do leasú tríd an mír seo leanas do chur isteach i ndiaidh míre (d) den fho-alt san:—

“ (e) if any provision of the rules for life-saving appliances applicable to the ship is contravened or not complied with.”

(3) Cuirfear an t-alt so leanas in ionad ailt a ceithre chéad a haon triochad den Phríomh-Acht:—

“ 431.—(1) A surveyor of ships may inspect any ship for the purpose of seeing that the rules for life-saving appliances have been complied with in her case, and for the purpose of any such inspection shall have all the powers of an Inspector of the Department of Industry and Commerce under this Act.

(2) If the surveyor finds that the rules for life-saving appliances have not been complied with, he shall give written notice to the owner or master stating in what respect the said rules have not been complied with, and what, in his opinion, is required to rectify the matter.

(3) Every notice so given shall be communicated in manner directed by the Minister to the Chief Officer of Customs of any port at which the ship may seek to obtain a clearance or transire, and a clearance or transire shall not be granted to the ship and the ship shall be detained until a certificate under the hand of a surveyor of ships is produced to the effect that the matter has been rectified.”

(4) Déanfar fo-alt (4) d'alt a dhá chéad a dó seachtód den Phríomh-Acht (fo-alt a bhaineann leis na ráitisí bheidh le cur sa dearbhú suirbhéireachta dhéanfaidh suirbhéir innealltóireachta) do leasú tré sna focail “appliances for the prevention, detection and extinction of fire” do chur i mír (c) dhe in ionad na bhfocal “fire hose,” agus scuirfidh fo-alt (2) d'alt a dhá chéad a cúig ochtód den Phríomh-Acht d'éifeacht do bheith aige.

(5) Déanfar fo-alt (1) d'alt a naoi den Merchant Shipping Act, 1906, (fo-alt tré n-a gceangailtear ar mháistir gach luinge le Saorstát Éireann gach ócáid ar a gcleachtuítear bad-drilleáil ar bórd na luinge do luadh sa leabhar turuis oifigiúil) do leasú tré sna focail “and if, in the case of a passenger steamer, boat drill is not practised on board the ship in any week, the master shall enter a statement of the reasons why boat drill was not practised in that week” do chur isteach i ndeireadh an fho-ailt sin.

Radio-Thelegrafaíocht.

Rialacha radiothelegrafaíochta chun éifeachta do thabhairt do Chaibidil IV den Chonvensiún um Shábháltacht.

6. —(1) Beidh sna rialacha radio-thelegrafaíochta is infheidhmithe maidir le longa théigheann ar thurusanna eadarnáisiúnta na héilithe sin a chífear don Aire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Puist agus Telegrafa, bhéarfaidh éifeacht d'fhorálacha Caibidile IV den Chonvensiún um Shábháltacht (ach amháin sa mhéid go ndeintear ar shlí eile éifeacht do thabhairt do sna forálacha san leis na hAchtanna Loingis Cheannaíochta).

(2) Eileofar fós leis na rialacha radio-thelegrafaíochta go mbeidh (tar éis pé dáta, nách déanaí ná an chéad lá d'Eanar naoi gcéad déag a cúig triochad, a hordófar leis na rialacha) mar chuid den fhearas radio-thelegrafaíochta a cuirfear ar ghaltáin phaisnéara, go mór-thonnáiste de chúig míle tonna no os a chionn san, radio-chompás, mar a héilítear le hAirtiogal a seacht is dachad agus le mír 17 d'Airtiogal a haon triochad den Chonvensiún um Shábháltacht.

An Merchant Shipping (Wireless Telegraphy) Act, 1919, do leasú.

7. —(1) Beidh mar chuid de chomhacht an Aire chun rialacha do dhéanamh, i gcomhairle leis an Aire Puist agus Telegrafa, fé fho-alt (2) d'alt a haon den Merchant Shipping (Wireless Telegraphy) Act, 1919, comhacht chun rialacha do dhéanamh—

(a) á chur mar cheangal ar mháistir luinge na mion-innste sin, i dtaobh an fhearais radio-thelegrafaíochta d'oibriú agus i dtaobh na seirbhíse radio-thelegrafaíochta do choinneáil ar siúl, a luadhfar sna rialacha do chur sa leabhar turuis oifigiúil; agus

(b) á shocrú cadiad na deimhnithe bheidh ag oibritheoirí agus ag fairtheoirí agus cadiad dualgaisí na ndaoine sin.

(2) Má theipeann ar mháistir luinge le Saorstát Éireann déanamh do réir aon cheangail den tsórt san, no má dheineann oibritheoir no fairtheoir ar bith ar aon luing den tsórt san na rialacha san do shárú, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire, do réir na gcomhacht a bronntar air leis an Acht san, aon long a théigheann ar thurusanna eadarnáisiúnta do shaoradh o sna hoblagáidí forchuirtear leis an Acht san mara bhfeictear do saoradh na luinge o sna hoblagáidí sin do bheith údaruithe le mír (2) d'Airtiogal a seacht fichead, no le hAirtiogal a hocht fichead, den Chonvensiún um Shábháltacht

(4) Chun crícheanna fo-ailt (2) d'alt a trí den Acht san beidh leis an bhfocal “paisnéirí” an brí céanna atá leis an bhfocal “passengers” chun crícheanna Coda III den Phríomh-Acht.

Suirbhéirí radiothelegrafaíochta do cheapadh.

8. —Féadfar duine bheidh ceaptha chun bheith ina shuirbhéir loingis fé alt a seacht gcéad a ceathair fichead den Phríomh-Acht do cheapadh mar shuirbhéir radio-thelegrafaíochta:

Ach ní déanfar feidhmeanna an Aire fén alt san maidir le suirbhéirí loingis ní déanfar iad san d'fheidhmiú maidir le suirbhéirí radio-thelegrafaíochta ach amháin le haontú an Aire Puist agus Telegrafa.

Suirbhéirí radiothelegrafaíochta do dhéanamh suirbhéireachta ar ghaltáin phaisnéara.

9. —(1) I gcás gach suirbhéireachta déanfar tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so maidir le galtán faraige ná beidh saor fén Merchant Shipping (Wireless Telegraphy) Act, 1919, o sna hoblagáidí forchuirtear leis an Acht san, beidh mar chuid den tsuirbhéireacht ar ghaltán phaisnéara a héilítear leis an bPríomh-Acht suirbhéireacht ag suirbhéir radio-thelegrafaíochta, agus dá réir sin déanfar fo-alt (1) d'alt a dhá chéad a dó seachtód den Acht san do leasú tré sna focail “and, in the case of a sea-going passenger steamer required to be provided with a wireless telegraph installation, by a wireless telegraphy surveyor” do chur isteach sa bhfo-alt san i ndiaidh na bhfocal “engineer surveyor of ships.”

(2) Déanfar an fo-alt so leanas do chur isteach i ndeireadh an ailt sin a dhá chéad a dó seachtód:—

“ (5) The declaration of the wireless telegraphy surveyor shall contain statements of the following particulars, namely:—

(a) the voyages or class of voyages on which, as regards wireless telegraphy, the steamer is fit to ply;

(b) that, having regard to the tonnage of the steamer and the voyages or class of voyages on which she is declared to be fit to ply, the wireless telegraph installation complies with the wireless telegraphy rules;

(c) that the certificates of the wireless telegraphy operators and watchers are such as are required by those rules.”

(3) Déanfar alt a dhá chéad a cúig seachtód den Phríomh-Acht (alt tré n-a ndeintear socrú i gcóir athchomharc chun cúirte suirbhéireachta o dhaoine ar a ngoillfidh an dearbhú suirbhéir eachta dhéanfaidh suirbhéir luinge no suirbhéir innealltóireachta) do leasú tré sna focail “or wireless telegraphy surveyor” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “engineer surveyor” sa dá áit ina bhfuil na focail sin.

Suirbhéirí radiothelegrafaíochta do dhéanamh suirbhéireachta ar longa seachas galtáin phaisnéara.

10. —Déanfaidh únaer gach luinge le Saorstát Éireann, go mór-thonnáiste de mhíle agus sé chéad tonna no os a chionn san, nách galtán paisnéara ná long a bheidh saor fén Merchant Shipping (Wireless Telegraphy) Act, 1919, o sna hoblagáidí forchuirtear leis an Acht san, déanfaidh, roimh an long do chéaddhul chun faraige ar thurus cadarnáisiúnta o phort i Saorstát Éireann tar éis an chéad lá d'Eanar naoi gcéad déag a ceathair triochad agus fós uair sa bhliain ina dhiaidh sin, a chur fé ndeár go ndéanfaidh suirbhéir radio-thelegrafaíochta suirbhéireacht ar an luing díreach fé is dá mba ghaltán paisnéara í gur ghá fearas radio-thelegrafaíochta do bheith uirthi agus beidh feidhm ag forálacha alt a dhá chéad a dó seachtód, a dhá chéad a trí seachtód, agus a dhá chéad a cúig seachtód den Phríomh-Acht dá réir sin.

Deimhnithe.

Deimhnithe sábháltachta agus deimhnithe saoirse um ghaltáin phaisnéara do thabhairt amach.

11. —(1) Más deimhin leis an Aire, ar dhearbhuithe suirbhéireachta maidir le galtán paisnéara d'fháil do, go bhfuil an galtán do réir na rialachán uile um dhéanamh, na rialacha uile um ghléasanna tárrthála agus na rialacha radio-thelegrafaíochta uile is infheidhmithe maidir le galtáin phaisnéara théigheann ar thurusanna eadarnáisiúnta déanfaidh, ar únaer an ghaltáin dá iarraidh sin, deimhniú sábháltachta do thabhairt amach maidir leis an ngaltán á rá go bhfuil an galtán do réir éilithe an Chonvensiúin um Shábháltacht, agus isé gairmtear feasta sa Chuid seo den Acht so d'aon deimhniú bhéarfar amach fén bhfo-alt so ná “deimhniú sábháltachta generálta.”

(2) Más rud é, ar dhearbhuithe suirbhéireachta d'fháil don Aire maidir le galtán paisnéara go ndearna sé ina cás na rialacháin um dhéanamh no na rialacha um ghléasanna tárrthála do mhaolú do réir na bhforálacha san roimhe seo den Acht so bhaineann le galtáin a théigheann ar ghearr-thurusanna cadarnáisiúnta, gur deimhin leis an Aire an galtán do bheith do réir na rialachán agus na rialacha san agus iad maoluithe amhlaidh, agus fós é do bheith do réir na rialacha radio-thelegrafaíochta is infheidhmithe maidir le galtáin a théigheann ar thurusanna eadarnáisiúnta, déanfaidh an tAire, ar únaer an ghaltáin dá iarraidh sin, deimhniú sábháltachta do thabhairt amach maidir leis an ngaltán á rá go bhfuil an galtán do réir na n-éilithe den Chonvensiún um Shábhál tacht is infheidhmithe maidir le gearr-thurus eadarnáisiúnta, agus isé gairmtear feasta sa Chuid seo den Acht so d'aon deimhniú bhéarfar amach fén bhfo-alt so ná “deimhniú sábháltachta gearr-thuruis.”

(3) Más deimhin leis an Aire, ar dhearbhuithe suirbhéireachta maidir le galtán paisnéara d'fháil do—

(a) go bhfuil an galtán do réir na rialachán uile um dhéanamh agus na rialacha uile um ghléasanna tárrthála is infheidhmithe maidir le galtáin phaisnéara théigheann ar thurusanna eadarnáisiúnta no go bhfuil sí do réir na rialachán agus na rialacha san fé mar a bheid maoluithe ina cás do réir na bhforálacha san roimhe seo den Acht so bhaineann le galtáin a théigheann ar ghearr-thurusanna eadarnáisiúnta, agus fós go bhfuil sí saor, fén Merchant Shipping (Wireless Telegraphy) Act, 1919, o sna hoblagáidí forchuirtear leis an Acht san; no

(b) go bhfuil an galtán do réir na rialachán um dhéanamh agus na rialacha um ghléasanna tárrthála is infheidhmithe maidir le galtáin a théigheann ar aon chóstathurus eadarnáisiúnta no le galtáin a bhíonn ag gabháil d'aon trádáil speisialta phaisnéara, agus fós go bhfuil sí do réir na rialacha radio-thelegrafaíochta is infheidhmithe maidir le galtáin a théigheann ar thurusanna eadarnáisiúnta no go bhfuil sí saor, fén Merchant Shipping (Wireless Telegraphy) Act, 1919, o sna hoblagáidí forchuirtear leis an Acht san;

ansan, ar únaer an ghaltáin dá iarraidh sin, bhéarfaidh amach maidir leis an ngaltán—

(i) deimhniú sábháltachta ag luadh na slite ina bhfuil an galtán do réir éilithe an Chonvensiúin um Shábháltacht; agus

(ii) deimhniú saoirse á rá go mbeidh an galtán, faid a bheidh sí ag dul ar na turusanna san agus ag gabháil do thrádála agus do réir na gcoinníollacha (más aon cheann é) a luadhfar sa deimhniú, go mbeidh sí saor ar shlite eile o éilithe an Chonvensiúin sin;

agus isé gairmtear feasta sa Chuid seo den Acht so d'aon deimhniú sábháltachta agus d'aon deimhniú saoirse bhéarfar amach fén bhfo-alt so ná “deimhniú teoranta sábháltachta” agus “deimhniú saoirse galtáin phaisnéara” fé seach.

(4) Chun crícheanna an ailt seo, féadfaidh an tAire—

(a) aon ghaltán paisnéara do rinneadh roimh an gcéad lá d'Iúl, naoi gcéad déag a haon triochad (nách galtán do haistríodh chun seirbhíse paisnéara an dáta san no dá éis) d'áireamh mar ghaltán atá do réir na rialachán um dhéanamh is infheidhmithe maidir leis an gcás; agus

(b) aon ghaltán paisnéara do rinneadh roimh an gcéad lá d'Iúl, naoi gcéad déag a haon triochad, d'áireamh mar ghaltán atá do réir na rialacha um ghléasanna tárrthála is infheidhmithe maidir leis an gcás;

más deimhin leis go ndearnadh pé nithe (más éinní é) do bhí réasúnta agus dob fhéidir a dhéanamh, go ndearnadh san chun go mbeadh an galtán do réir na rialachán no na rialacha san, do réir mar bheidh.

(5) Fé réir na bhforálacha atá anso ina dhiaidh seo sa Chuid seo den Acht so ní bhainfidh forálacha an ailt seo ach le galtáin phaisnéara bheidh cláruithe i Saorstát Éireann.

Atharú ar dheimhnithe sábháltachta maidir le gléasanna tárrthála.

12. —(1) Más rud é, le linn bheith ar aon turus eadarnáisiúnta do gháltán paisnéara bheidh cláruithe i Saorstát Éireann agus ’na mbeidh deimhniú sábháltachta i bhfeidhm ina taobh, gur lugha líon iomlán a mbeidh de dhaoine ar bord uirthi ná an líon go n-abartar sa deimhniú san gurb é an líon é go bhfuil gléasanna tárrthála ar an ngaltán ina chóir, féadfaidh an tAire no éinne go n-údarás chuige sin ón Aire, ar mháistir an ghaltáin dá iarraidh sin, memorandum do thabhairt amach á rá cé méid daoine ar fad atá ar bord an ghaltáin ar an turus san agus cadiad na hatharuithe féadfar dá dhruim sin a dhéanamh chun críche an turuis sin ar na mion-innste maidir le gléasanna tárrthála luaidhtear sa deimhniú, agus ceanglófar an memorandum san den deimhniú.

(2) Cuirfear gach memorandum den tsórt san thar n-ais chun an Aire ar bheith críochnuithe don turus le n-a mbaineann agus, mara gcuirtear thar n-ais amhlaidh é, beidh máistir an ghaltáin ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Deimhnithe radiothelegrafaíochta agus deimhnithe saoirse radiothelegrafaíochta do thabhairt amach.

13. —(1) Ar an Aire d'fháil dearbhuithe shuirbhéireachta do rinne suirbhéir radio-thelegrafaíochta maidir le luing le Saorstát Éireann nách galtán paisnéara déanfaidh, más deimhin leis an long do bheith do réir na rialacha radio-thelegrafaíochta is infheidhmithe maidir le longa (seachas galtáin phaisnéara) a théigheann ar thurusanna eadarnáisiúnta, deimhniú do thabhairt amach á rá go bhfuil an long do réir na n-éilithe den Chonvensiún um Shábháltacht a bhaineann le radio-thelegrafaíocht agus isé gairmtear feasta sa Chuid seo den Acht so d'aon deimhniú bhéarfar amach fén bhfo-alt so ná “deimhniú radio-thelegrafaíochta.”

(2) Má deintear aon long den tsórt san do shaoradh, fén Merchant Shipping (Wireless Telegraphy) Act, 1919, o sna hoblagáidí forchuirtear leis an Acht san, déanfaidh an tAire, ar únaer na luinge dá iarraidh sin, deimhniú saoirse do thabhairt amach á rá go bhfuil an long saortha o sna héilithe den Chonvensiún um Shábháltacht a bhaineann le radio-thelegrafaíocht agus ag luadh na dturus ar a bhfuil agus na gcoinníoll (más aon cheann é) gur fé n-a réir atá an long saortha amhlaidh, agus isé gairmtear feasta sa Chuid seo den Acht so d'aon deimhniú bhéarfar amach fén bhfo-alt so ná “deimhniú saoirse radiothelegrafaíochta.”

Toirmeasc ar dhul chun faraige gan deimhniú.

14. —(1) Ní raghaidh long ar bith le n-a mbaineann an t-alt so chun faraige ar thurus eadarnáisiúnta o phort i Saorstát Éireann tar éis an chéad lá d'Eanar naoi gcéad déag a ceathair triochad mara mbeidh i bhfeidhm maidir leis an luing—

(a) i gcás luinge is galtán paisnéara—

(i) deimhniú sábháltachta generálta; no

(ii) deimhniú sábháltachta gearr-thuruis; no

(iii) deimhniú teoranta sábháltachta agus deimhniú saoirse galtáin phaisnéara, eadhon, deimhniú no deimhnithe is infheidhmithe, do réir téarmaí an chéanna, maidir leis an turus ar a mbeidh an long chun dul agus leis an trádáil dá mbeidh sí ag gabháil de thurus na huaire;

(b) i gcás luinge nách galtán paisnéara—

(i) an deimhniú san no na deimhnithe sin ba ghá ina cás do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so dá mba ghaltán paisnéara í; no

(ii) deimhniú radio-thelegrafaíochta; no

(iii) deimhniú saoirse radio-thelegrafaíochta is infheidhmithe, do réir téarmaí an chéanna, maidir leis an turus ar a mbeidh an long chun dul.

(2) Má théigheann long ar bith le n-a mbaineann an t-alt so chun faraige, no má thugann sí iarracht ar dhul chun faraige, contrárdha don alt so, ansan—

(a) i gcás luinge is galtán paisnéara beidh máistir no únaer an ghaltáin, agus san gan dochar d'aon leigheas no pionós eile fé sna hAchtanna Loingis Cheannaíochta, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air in aghaidh gach paisnéara a hiomparófar ar bord an ghaltáin, agus beidh máistir no únaer aon bháid fhreastail tré n-a dtabharfar paisnéirí ar bórd an ghaltáin ciontach i gcionta fén alt so freisin agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós den tsaghas chéanna do chur air in aghaidh gach paisnéara bhéarfar ar bord amhlaidh; agus

(b) i gcás luinge nách galtán paisnéara beidh máistir no únaer na luinge ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

(3) Déanfaidh máistir gach luinge le n-a mbaineann an t-alt so an deimhniú no na deimhnithe, is gá do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so do bheith i bhfeidhm nuair a raghaidh an long chun faraige, do thaisbeáint don oifigeach custum ar a n-éileofar réiteach don luing le haghaidh turuis eadarnáisiúnta agus ní deonfar réiteach go dtí go ndéanfar an deimhniú no na deimhnithe sin do thaisbeáint amhlaidh agus féadfar an long do chionneáil go dtí go ndéanfar san.

(4) Má luaidhtear i ndeimhniú saoirse galtáin phaisnéara no i ndeimhniú saoirse radio-thelegrafaíochta bhéarfar amach maidir le luing ar bith le n-a mbaineann an t-alt so aon choinníollacha gur fé n-a réir do bhéarfar amach an deimhniú agus má sáruítear na coinníollacha san, beidh máistir no únaer na luinge ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

(5) Baineann an t-alt so le longa le Saorstát Éireann is galtáin phaisnéara no is longa go mór-thonnáiste de mhíle agus sé chéad tonna no os a chionn san.

Forálacha ilghnéitheacha maidir le deimhnithe.

15. —(1) Ní bheidh deimhniú sábháltachta ná deimhniú radiothelegrafaíochta ná deimhniú saoirse bhéarfaidh an tAire amach, ní bheidh san i bhfeidhm ar feadh níos mó ná bliain o dháta a thabhartha amach ná tar éis don Aire fógra do thabhairt d'únaer no do ghníomhaire no do mháistir na luinge, gur ina taobh do tugadh amach an deimhniú, á rá go bhfuil an deimhniú curtha ar ceal ag an Aire.

(2) Má bhíonn long le Saorstát Éireann go mbeidh aon deimhniú den tsórt san tugtha amach ina taobh as láthair o Shaorstát Éireann ar an dáta ar a raghaidh an deimhniú in éag, féadfaidh an tAire no éinne go n-údarás chuige sin ón Aire, má chítear é do bheith ceart agus réasúnta san do dhéanamh, pé faidiú ar an deimhniú do dheonadh do bhéarfaidh uain don luing ar fhilleadh go Saorstát Éireann, ach ní bheidh éifeacht ag aon fhaidiú den tsórt san ar feadh tréimhse is sia ná cúig mhí ón dáta san.

(3) Is i pé fuirm a bheidh orduithe le rialacha ar n-a ndéanamh ag an Aire bheidh gach deimhniú den tsórt san, agus déanfar sna rialacha san pé socrú chítear don Aire is gá chun éifeachta do thabhairt d'fhorálacha Airtiogail a haon caogad den Chonvensiún um Shábháltacht, agus féadfar socrú do dhéanamh ionta chun deimhniú sábháltachta do chur san aon scríbhinn amháin le deimhniú saoirse galtáin phaisnéara.

(4) Féadfaidh éinne go n-údarás ón Aire chuige sin aon deimhniú den tsórt san, agus aon deimhniú saoirse galtáin phaisnéara bheidh curtha san aon scríbhinn amháin le deimhniú sábháltachta, do shighniú thar ceann an Aire, agus beidh deimhniú bhéarfaidh le tuiscint gur mar sin do sighníodh é ionghlactha i bhfianaise díreach fé is dá mba dhuine dá luaidhtear in alt a seacht gcéad a naoi déag den Phríomh-Acht do shighnigh é.

(5) Beidh baint ag na forálacha so leanas den Phríomh-Acht le gach deimhniú agus maidir le gach deimhniú den tsórt san do bhéarfaidh an tAire amach díreach fé mar atá baint acu le deimhniú agus maidir le deimhniú saoirse galtáin phaisnéara, eadhon, alt a dhá chéad a sé seachtód (alt a bhaineann leis an deimhniú do chur chun únaer an ghaltáin), alt a dhá chéad a seacht seachtód (alt a bhaineann leis na táillí bheidh le n'íoc as an deimhniú), alt a dhá chéad a naoi seachtód (alt a bhaineann leis an deimhniú do chur ar ceal), alt a dhá chéad agus ochtó (alt a bhaineann leis an deimhniú do thabhairt suas) agus alt a dhá chéad a haon ochtód (alt a bhaineann leis an deimhniú do phostáil suas sa luing).

(6) Féadfaidh an tAire a iarraidh ar Rialtas tíre le n-a mbaineann an Convensiún um Shábháltacht deimhniú sábháltachta generálta no deimhniú sábháltachta gearr-thuruis no deimhniú radio-thelegrafaíochta do thabhairt amach maidir le luing le Saorstát Éireann, agus deimhniú do bhéarfar amach do réir iarratais den tsórt san agus ina ndéarfar é do bheith tugtha amach amhlaidh beidh éifeacht aige chun crícheanna an Achta so fé is dá mb'é an tAire do bhéarfadh amach é.

Forálacha i dtaobh Long fén gConvensiún um Shábháltacht ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann.

Deimhnithe do longa fén gConvensiún ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann.

16. —(1) Féadfaidh an tAire, ar Rialtas tíre le n-a mbaineann an Convensiún um Shábháltacht dá iarraidh sin, deimhniú sábháltachta generálta no deimhniú sábháltachta gearr-thuruis no deimhniú radio-thelegrafaíochta do thabhairt amach maidir le luing leis an tír sin más deimhin leis fé mar is gá i gcás luinge le Saorstát Éireann go bhféadfa sé, do réir chirt, an deimhniú do thabhairt amach, agus má bheirtear amach deimhniú ar iarratas den tsórt san déarfar ann é bheith tugtha amach amhlaidh.

(2) D'fhonn a chinneadh an dleathach i Saorstát Éireann do dheimhnithe bheireann le tuiscint iad do bheith tugtha amach do réir an Chonvensiúin um Shábháltacht alos long fén gConvensiún um Shábháltacht ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann déanfaidh an tAire pé rialacháin a chífear do is gá chun éifeachta do thabhairt d'Airtiogal a cúig caogad den Chonvensiún um Shábháltacht, agus chun críche na bhforálacha atá ina dhiaidh seo sa Chuid seo den Acht so maidir le longa fén gConvensiún um Shábháltacht ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann cialluíonn an abairt “deimhniú dleathach fén gConvensiún um Shábháltacht” deimhniú no deimhnithe bheidh do réir pé rialachán acu san is infheidhmithe maidir leis an gcás.

(3) Má deintear deimhniú dleathach fén gConvensiún um Shábháltacht do thaisbeáint alos galtáin phaisnéara fén gConvensiún um Shábháltacht ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann, agus má bhíonn ceangailte den deimhniú memorandum—

(a) ar n-a thabhairt amach ag Rialtas no fé údarás Rialtais na tíre gur léi an galtán; agus

(b) a dheineann atharú chun críche aon turuis áirithe, mar gheall ar an méid daoine ar iompar ar an turus san, ar na mion-innste luaidhtear sa deimhniú maidir le gléasanna tárrthála;

beidh éifeacht ag an deimhniú chun críche an turuis sin fé is dá mbeadh sé atharuithe do réir an mhemorandum.

Atharuithe maidir le suirbhéireacht ar ghaltáin phaisnéara go ndeimhniú fén gConvensiún.

17. —(1) Má deintear deimhniú dleathach fén gConvensiún um Shábháltacht do thaisbeáint alos galtáin phaisnéara fén gConvensiún um Shábháltacht ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann—

(a) tuigfear go ndearnadh, i gcás an ghaltáin, cólíonadh ar na forálacha den Phríomh-Acht agus den Acht so bhaineann le suirbhéirí innealltóireachta agus radiothelegrafaíochta do dhéanamh suirbhéireachta ar ghaltáin phaisnéara;

(b) ní bheidh sa tsuirbhéireacht a dhéanfaidh an suirbhéir luinge ach suirbhéireacht chun a fháil amach cadé an líon paisnéirí atá an galtán oiriúnach chun a iompar, agus an dearbhú suirbhéireachta dhéanfaidh an suirbhéir sin ní gá aon mhion-innste bheith ann thar mar atá leagtha amach i mír (e) d'fho-alt (3) d'alt a dhá chéad a dó seachtód den Phríomh-Acht (mír a bhaineann leis an líon paisnéirí sin);

(c) ar dhearbhú den tsórt san d'fháil don Aire bhéarfaidh amach, fé alt a dhá chéad a ceathair seachtód den Phríomh-Acht, deimhniú ná beidh ann ach na mioninnste atá leagtha amach i mír (b) den alt san (mír a bhaineann leis an líon paisnéirí sin), agus deimhniú do bhéarfar amach amhlaidh beidh éifeacht aige mar dheimhniú shaoirse ghaltáin phaisnéara.

(2) Má taisbeántar, maidir le haon ghaltán paisnéara den tsórt san, deimhniú dleathach fén gConvensiún um Shábháltacht, agus fós deimhniú ar n-a thabhairt amach ag Rialtas no fé údarás Rialtais na tíre gur léi an galtán, á thaisbeáint cadé an líon paisnéirí atá an galtán oiriúnach chun a iompar, agus más deimhin leis an Aire gur cinneadh an líon san sa tslí chéanna nách mór ina gcinnfí é i gcás galtáin do bheadh cláruithe i Saorstát Éireann, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a shocrú nách gá an tsuirbhéireacht san do dhéanamh ar an ngaltán a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo agus a ordú go mbeidh éifeacht mar dheimhniú shaoirse ghaltáin phaisnéara ag an deimhniú deiridh sin a luaidhtear.

Príbhléidí ilghnéitheacha galtán paisnéara go ndeimhniú fén gConvensiún.

18. —(1) Má deintear deimhniú dleathach fén gConvensiún um Shábháltacht do thaisbeáint maidir le galtán paisnéara fén gConvensiún um Shábháltacht ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann—

(a) beidh an galtán saor o sna hachtacháin seo leanas, eadhon, míreanna (d) agus (f) d'fho-alt (1) d'alt a dhá chéad is nócha den Phríomh-Acht (alt a bhaineann le longa imirce do ghléasadh) agus ailt a ceithre chéad a seacht fichead go ceithre chéad a haon triochad den Acht san (ailt a bhaineann le gléasanna tárrthála); agus

(b) ní tuigfear an galtán do bheith nea-shábhálta chun crícheanna ailt a ceithre chéad a naoi caogad no a ceithre chéad a dó seascad den Phríomh-Acht de dheascaibh locht do bheith ina cabhail no ina fearas no ina meaisínteacht, mara bhfeictear nách féidir don ghaltán dul chun faraige gan na paisnéirí no an fhuireann do bheith i gcontabhairt, toisc gan staid an ghaltáin do bheith ar có-réir nách mór leis na mioninnste luaidhtear sa deimhniú.

Forálacha radiothelegrafaíochta is infheidhmithe maidir le longa go ndeimhniú fén gConvensiún.

19. —(1) Má deintear deimhniú dleathach fén gConvensiún um Shábháltacht do thaisbeáint maidir le luing fén gConvensiún um Shábháltacht ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann agus is galtán paisnéara no is long go mór-thonnáiste de mhíle agus sé chéad tonna no os a chionn san, ansan—

(a) más léir ón deimhniú go bhfuil an long saor ar fad o sna forálacha den Chonvensiún um Shabháltacht a bhaineann le radio-thelegrafaíocht beidh an long saor o fhorálacha an Merchant Shipping (Wireless Telegraphy) Act, 1919;

(b) más léir ón deimhniú ná fuil an long saor ar fad o sna forálacha san den Chonvensiún um Shábháltacht bainfidh na forálacha so leanas den alt so leis an luing in ionad forálacha an Achta san.

(2) Féadfaidh suirbhéir long an long d'iniúchadh chun féachaint an bhfuil an fearas radio-thelegrafaíochta agus líon na n-oibrithcoirí agus na bhfairtheoirí deimhnithe ar bord na luinge ar có-réir nách mór leis na mion-innste luaidhtear sa deimhniú.

(3) Má chítear don tsuirbhéir nách féidir don luing dul chun faraige gan na paisnéirí no an fhuireann do bheith i gcontabhairt, toisc gan an fearas radio-thelegrafaíochta no líon na n-oibritheoirí no na bhfairtheoirí do bheith ar có-réir nách mór leis na mioninnste sin, bhéarfaidh an suirbhéir fógra i scríbhinn don mháistir á chur in úil cád tá in easnamh agus á chur in úil freisin cad is gá, dar leis, chun an easnaimh do leigheas.

(4) Déanfar gach fógra do bhéarfar amhlaidh do chur in úil, i slí ordóidh an tAire, do phríomh-oifigeach custum aon phuirt ina mbeifear ad'iarraidh réiteach no transíré d'fháil don luing, agus fós don oifigeach consulta, don tír gur léi an long, ag an bport no is goire don phort ina mbeidh an long de thurus na huaire, agus ní deonfar réiteach ná transíré don luing go dtí go ndéanfar deimhniú fé láimh suirbhéara long, á rá go bhfuil an t-easnamh leighiste do thaisbeáint agus coinneofar an long go dtí go ndéanfar san.

E de dhualgas deimhniú fén gConvensiún do thaisbeáint.

20. —Déanfaidh máistir gach luinge fén gConvensiún um Shábháltacht ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann agus is galtán paisnéara no is long go mór-thonnáiste de mhíle agus sé chéad tonna no os a chionn san deimhniú dleathach fén gConvensiún um Shábháltacht do thaisbeáint don oifigeach custum ar a mbeidh réiteach don luing á éileamh maidir le turus eadarnáisiúnta o phort i Saorstát Éireann tar éis an chéad lá d'Eanar, naoi gcéad déag a ceathair triochad, agus ní dconfar an réiteach go dtí go ndéanfar deimhniú den tsórt san do thaisbeáint amhlaidh agus féadfar an long do choinneáil go dtí go ndéanfar san.

Atharú ar na forálacha atá ann fé láthair maidir le longa nách cláruithe i Saorstát Éireann dóibh do shaoradh.

21. —(1) Scuirfidh an provísó ghabhann le halt a ceathair den Merchant Shipping Act, 1906, maraon le haon Orduithe i gComhairle, fén gcéanna, ag á bhfuil feidhm dhlí i Saorstát Éireann scuirfid an chéad lá d'Eanar, naoi gcéad déag a ceathair triochad, de bhaint do bheith acu le galtáin phaisnéara fén gConvensiún um Shábháltacht a théigheann ar thurusanna eadarnáisiúnta.

(2) Scuirfidh alt a dhá chéad a ceathair ochtód den Phríomh-Acht (alt le n-a ndeintear socrú chun deimhniú galtán paisnéara ar n-a ndeonadh i bpáirt ar bith den Chó-chiníochas Bhriotáineach d'aithint) maraon le haon Ordú i gComhairle, fén gcéanna, ag á bhfuil feidhm dhlí i Saorstát Éireann agus alt a trí chéad a trí seascad den Acht san (alt le n-a ndeintear socrú chun galtán paisnéara ná beidh cláruithe i bpáirt ar bith den Chó-chiníochas Bhriotáineach do shaoradh o shuirbhéireacht) scuirfid, an chéad lá d'Eanar, naoi gcéad déag a ceathair triochad, de bhaint do bheith acu le galtáin phaisnéara fén gConvensiún um Shábháltacht a théigheann ar thurusanna eadarnáisiúnta.

Forálacha Ilghnéitheacha chun Cabhruithe le Sábháltacht Anama ar Muir.

Dualgaisí maidir le dóirse díonmhara agus feistí eile.

22. —Na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so i dtaobh dóirse díonmhara agus feistí eile, déanfar dá réir i ngach galtán paisnéara bheidh cláruithe i Saorstát Éireann agus, má deintear aon cheann de sna rialacha san do shárú i gcás aon ghaltáin den tsórt san, beidh máistir an ghaltáin sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíncáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

Ualach-línte fo-roinne do chur fé uisce.

23. —(1) I gcás—

(a) galtán paisnéara bheidh cláruithe i Saorstát Éireann do bheith marcálta le hualach-línte fo-roinne, sé sin le rá, ualach-línte thaisbeánann cadé an doimhneas chun ar ceaduithe an galtán do chur, de dhruim ládála, ag féachaint don méid fo-ranna bheidh déanta dhe agus don spás a bheidh ceaptha de thurus na huaire i gcóir paisnéirí; agus

(b) an ualach-líne fho-roinne oiriúnach, sé sin le rá, an ualach-líne fho-roinne is oiriúnach don spás a bheidh ceaptha de thurus na huaire i gcóir paisnéirí ar an ngaltán, do bheith níos ísle ná an ualach-líne thaisbeánann cadé an doimhneas maximum chun ar ceaduithe de thurus na huaire, fé Chuid II den Acht so, an galtán do chur de dhruim ládála;

ní ládálfar an galtán i slí go ndéanfaí an ualach-líne fho-roinne oiriúnach ar gach taobh den ghaltán do chur fé uisce agus gan aon liosta ar an ngaltán.

(2) Má deintear aon ghaltán den tsórt san do ládáil contrárdha don alt so, beidh únaer no máistir an ghaltáin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air, maraon le pé fíneáil bhreise, ná raghaidh thar an suim a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, is oiriúnach leis an gcúirt do ghearradh, ag féachaint do mhéid an bhisithe do chuaidh no do raghadh ar chumas tuillimh na luinge de dhruim na hualach-líne fo-roinne oiriúnaighe do chur fé uisce.

(3) Ní raghaidh an fhíneáil bhreise sin thar céad púnt in aghaidh gach orlaigh no coda d'orlach do cuireadh an ualach-líne fho-roinne oiriúnach ar gach taobh den luing fé uisce, no do cuirfí fé uisce í dá mba ná beadh aon liosta ar an luing.

(4) Gan dochar d'aon imeachta fé sna forálacha san roimhe seo den alt so, féadfar aon ghaltán den tsórt san a bheidh ládálta contrárdha don alt so do choinneáil go dtí go scuirfidh de bheith ládálta amhlaidh.

(5) Bainfidh na forálacha san roimhe seo den alt so le galtáin phaisnéara, ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann, faid a bheid san laistigh d'aon phort i Saorstát Éireann fé mar a bhainfid le galtáin phaisnéara bheidh cláruithe i Saorstát Éireann.

Nithe atá contabharthach do loingseoireacht do thuairisciú.

24. —(1) Ar mháistir aon luinge le Saorstát Éireann do theangmháil le leac-oighir chontabharthach, le hárthach tréigthe contabharthach, le stoirm theo-chreasach no le héinní eile do bheadh ina chontabhairt díreach do loingseoireacht cuirfidh scéala dá réir sin, ar gach slí bheidh ar fáil aige agus do réir rialacha déanfar chun crícheanna an ailt seo, go dtí longa sa chomharsanacht agus go dtí pé údaráis ar tír a bheidh orduithe leis na rialacháin sin.

(2) Déanfaidh an tAire rialacha chun crícheanna an ailt seo agus déanfar tríotha san pé socrú chífear do is gá chun éifeachta do thabhairt d'fhorálacha Airtiogail a ceathair is dachad (sa mhéid go mbaineann le comharthaí sábháltachta) agus d'fhorálacha Rialacháin XLVI den Chonvensiún um Shábháltacht.

(3) Má theipeann ar mháistir luinge déanamh do réir forálacha an ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

(4) Gach duine bheidh i mbun stáisiúin radio-thelegrafaíochta, is ceann fé urláimh an Aire Puist agus Telegrafa no ceann ar n-a bhunú no ar n-a chur suas fé cheadúnas ón Aire Puist agus Telegrafa, agus a gheobhaidh an comhartha bheidh orduithe leis na rialacha san chun a chur in úil go bhfuiltear chun teachtaireachta do chur amach fén alt so, staonfaidh, ar fháil an chomhartha san, o theachtaireachtaí do chur amach go ceann tamaill is leor chun caoi do thabhairt chun na teachtaireachta d'fháil i stáisiúin eile, agus, má éilíonn an tAire amhlaidh, cuirfidh an teachtaireacht ar aghaidh i pé slí éileoidh an tAire, agus tuigfear, maidir le gach ceadúnas ar n-a dheonadh ag an Aire Puist agus Telegrafa fén Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 , é bheith ina choinníoll a ghabhann leis go ndéanfar do réir an fho-ailt seo;

Ach ní chuirfidh éinní sa bhfo-alt so isteach ar aon chomhartha ghuaise no phráinne, bheidh orduithe fén gcéad alt ina dhiaidh seo den Acht so, do chur ar aghaidh tré radio-thelegrafaíocht.

(5) Chun crícheanna an ailt seo cialluíonn an abairt “stoirm theo-chreasach” eascair, saidhneán cuafaidh, gaoth guairneáin, no stoirm eile dá shamhail sin, agus tuigfear máistir luinge do theangmháil le stoirm theo-chreasach má bhíonn cúis aige chun a chreidiúint go bhfuil stoirm den tsórt san ina chomharsanacht.

(6) Scuirfidh an Derelict Vessels (Report) Act, 1896, d'éifeacht do bheith aige.

Forálacha maidir le comharthaí.

25. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú cadiad na comharthaí bheidh ina gcomharthaí guaise agus práinne agus tuigfear na comharthaí a hordófar amhlaidh do bheith ina gcomharthaí guaise agus práinne fé seach.

(2) Féadfaidh an tAire rialacha do dhéanamh á ordú cadiad na cásanna ina n-úsáidfear agus na crícheanna chun a n-úsáidfear aon chomhartha bheidh orduithe le hordú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, agus fós cadiad na cásanna ina mbeidh an comhartha san le ceiliúradh agus cadé an luas ar a mbeidh aon teachtaireacht a cuirfear amach tré radio-thelegrafaíocht mar gheall ar an gcomhartha le cur ar aghaidh, agus déanfar sna rialacha san pé socrú chífear don Aire is gá chun éifeachta do thabhairt d'Airtiogail a dó is dachad agus a trí is dachad den Chonvensiún um Shábháltacht agus d'Airtiogal a ceathair is dachad den chéanna sa mhéid go mbaineann an tAirtiogal san le comharthaí guaise agus práinne.

(3) Má dheineann máistir luinge, no má chuireann fé ndeár no má cheaduíonn do dhuine ar bith fé n-a údarás—

(a) aon chomhartha bheidh orduithe le hordú fén alt so d'úsáid no do thaisbeáint ach amháin sna cásanna agus chun na gcrícheanna bheidh orduithe leis na rialacha ar n-a ndéanamh fén alt so; no

(b) aon chomhartha príobháideach, pe'ca cláruithe dho no nách eadh, d'úsáid no do thaisbeáint, gur baolach go gceapfaí gur aon chomhartha é bheidh orduithe amhlaidh le hordú;

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air agus fós dlighfidh cúiteamh d'íoc as aon obair do rinneadh no as aon fhionntar ina ndeachthas no as aon chailliúint do thárla de dheascaibh a cheapadh gur chomhartha guaise no práinne an comhartha, agus féadfar, gan dochar do leigheas ar bith eile, an cúiteamh san do bhaint amach sa tslí chéanna inar féidir cúiteamh alos sábhála do bhaint amach.

(4) Scuirfidh alt a ceithre chéad a ceathair triochad den Phríomh-Acht d'éifeacht do bheith aige ach ní dhéanfaidh éinní sa Chuid seo den Acht so deifir d'aon rialacha ar n-a ndéanamh fén alt san agus a bheidh i bhfeidhm le linn tosach feidhme na Coda so den Acht so agus, go dtí go gceiliúrfar iad, beidh éifeacht ag aon rialacha den tsórt san fé is dá mba fé sna forálacha san roimhe seo den alt so déanfaí iad.

(5) I dteanta na gcomharthaí príobháideacha go bhféadfaidh an tAire, fé alt a seacht gcéad a trí triochad den Phríomh-Acht, diúltú d'iad do chlárú, féadfaidh an tAire diúltú d'aon chomhartha príobháideach do chlárú nách uiriste, dar leis, é d'aithint thar comharthaí práinne no thar comharthaí ar n-a n-ordú chun a thaisbeáint go bhfuiltear chun teachtaireachta do chur amach maidir le contabhairt do loingseoireacht, agus féadfaidh an tAire ceiliúradh do dhéanamh ar chlárú aon chomhartha den tsórt san a bheidh cláruithe fén alt san den Phríomh-Acht más rud é, dar leis, nách uiriste é d'aithint amhlaidh.

E bheith d'oblagáid congnamh do thabhairt ar radio-ghlaoch guaise d'fháil.

26. —(1) Ar mháistir luinge le Saorstát Éireann d'fháil chomhartha ghuaise ar a luing, tré radio-thelegrafaíocht, o luing ar bith eile raghaidh má luaithe i gcabhair ar an muintir a bheidh i nguais maran rud é ná beidh ar a chumas san do dhéanamh no gur dóich leis, do réir chúrsaí speisialta an cháis, é do bheith nea-réasúnta no nea-riachtanach san do dhéanamh no mara mbeidh sé fuascailte fé fhorálacha fo-ailt (3) no fo-ailt (4) den alt so.

(2) Féadfaidh máistir luinge ar bith a bheidh i nguais, féadfaidh, tar éis do dul i gcomhairle sa mhéid gur féidir é le máistrí na long a fhreagróidh a chomhartha guaise, éileamh chun teacht i gcabhair air do dhéanamh ar pé ceann no cinn de sna longa san is dóich leis is fearr fhéadfaidh cabhrú leis, agus beidh sé de dhualgas ar mháistir luinge ar bith le Saorstát Éireann ar a ndéanfar éileamh amhlaidh déanamh do réir an éilimh tré leanúint de dhul má luaithe i gcabhair ar an muintir a bheidh i nguais.

(3) Beidh máistir fuascailte ón oblagáid a forchuirtear le fo-alt (1) den alt so chó luath agus a dhéanfaidh máistir na luinge ar a ndearnadh éileamh no, i gcás éileamh do dhéanamh ar níos mó ná long amháin, máistrí na long uile ar a ndearnadh éileamh, a chur in úil go bhfuil sé no siad ag déanamh do réir an éilimh.

(4) Beidh máistir fuascailte ón oblagáid a forchuirtear le fo-alt (1) den alt so agus, i gcás ina mbeifear tar éis éileamh do dhéanamh ar a luing, ón oblagáid a forchuirtear le fo-alt (2) den alt so, má gheibheann sé scéala ná fuil gá a thuilleadh le congnamh.

(5) Má theipeann ar mháistir luinge le Saorstát Éireann déanamh do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so beidh sé ciontach i mí-iompar.

(6) Más rud é, ar mháistir luinge le Saorstát Éireann d'fháil chomhartha ghuaise ar a luing tré radio-thelegrafaíocht o luing eile, ná beidh ar a chumas dul i gcabhair no gur dóich leis, do réir chúrsaí speisialta an cháis, é do bheith nea-réasúnta no nea-riachtanach dul i gcabhair ar an muintir a bheidh i nguais, cuirfe sé teachtaireacht uaidh láithreach tré radio-thelegrafaíocht á rá san le máistir na luinge eile sin agus cuirfidh síos sa leabhar thuruis oifigiúil na cúiseanna bheidh aige chun gan dul i geabhair ar an muintir sin, agus má theipeann air déanamh amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

(7) Ní dhéanfaidh éinní san alt so deifir d'fhorálacha ailt a sé den Maritime Conventions Act, 1911, agus ní dhéanfa sé deifir do cheart mháistir luinge chun cúitimh alos sábhála, ná do cheart éinne eile chun an chúitimh sin, an máistir luinge sin do dhéanamh do réir forálacha an ailt seo.

Lampaí comharthaíochta.

27. —Ní raghaidh long ar bith le Saorstát Éireann, is long gur breis agus céad agus caoga tonna a mór-thonnáiste, chun faraige ar thurus eadarnáisiúnta mara mbeidh lampa comharthaíochta ar an luing de shaghas a bheidh ceaduithe ag an Aire agus má théigheann long ar bith chun faraige no má thugann fé dhul chun faraige contrárdha don alt so beidh únaer no máistir na luinge sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Earraí dainséaracha d'iompar.

28. —(1) Déanfaidh an tAire pé rialacha, i dtaobh earraí d'iompar ar ghaltáin phaisnéara théigheann ar thurusanna eadarnáisiúnta, a chífear do is gá chun éifeachta do thabhairt d'fhorálacha míre 1 d'Airtiogal a ceathair fichead den Chonvensiún um Shábháltacht.

(2) Má deintear, i gcás aon ghaltáin phaisnéara bheidh cláruithe i Saorstát Éireann, aon riail dá ndéanfar do réir an ailt seo do shárú beidh máistir no únaer an ghaltáin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar trí chéad púnt do chur air agus tuigfear, chun crícheanna ailt a ceithre chéad a naoi caogad den Phríomh-Acht, an galtán do bheith nea-shábhálta de dheascaibh í bheith ládálta go nea-chuibhe.

(3) Earraí ar bith a dearbhófar leis na rialacha déanfar fén alt so do bheith de chineál dainséarach tuigfear iad do bheith ina n-earraí dainséaracha chun críche Coda V den Phríomh-Acht.

(4) Tuigfear gur forálacha de bhreis ar aon achtachán eile gus an cuspóir céanna forálacha an ailt seo agus nách forálacha iad atá á gcur in ionad aon achtacháin den tsórt san ná a dheineann srianadh air, ach san i slí ná tuigfear ní ar bith san alt so do thabhairt údaráis chun dul chun dlí le héinne fé dhó no chun éinne do chúiseamh fé dhó mar gheall ar an aon chúrsa amháin.

(5) Bainfidh na forálacha san roimhe seo den alt so, maraon leis na rialacha déanfar fén alt so, le galtáin phaísnéara, ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann, faid a bheid san laistigh d'aon phort i Saorstát Éireann fé mar a bhainfid le galtáin phaisnéara bheidh cláruithe i Saorstát Éireann.

Atharú ar an modh chun orduithe stiúrach do thabhairt.

29. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith ar aon luing le Saorstát Éireann, agus an long san ag dul chun tosaigh, ordú stiúrach do thabhairt uaidh ina mbeidh an focal “bord na scearaighe” no an focal “deiseal” no aon fhocal atá ar chóbhrí le ceachtar de sna focail sin mara mbeidh an duine sin ar intinn ceann na luinge sin do dhul deiseal, ná ordú stiúrach do thabhairt uaidh ina mbeidh an focal “bord na heangaighe” no an focal “tuathal” no aon fhocal atá ar chó-bhrí le ceachtar de sna focail sin mara mbeidh an duine sin ar intinn ceann na luinge do dhul tuathal.

(2) Gach duine dhéanfaidh aon ghníomh is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

Loingseoireacht chúramach in aice leac oighre.

30. —(1) Ar mháistir luinge le Saorstát Éireann d'fháil tuairisce go bhfuil leac oighre ina chúrsa no in aice le n-a chúrsa, raghaidh sé ar aghaidh fé réidh-luas istoíche no atharóidh a chúrsa istoíche chun coinneáil leor-fhaid amach ón leac oighre ar a mbeidh tuairisc faighte aige agus o líomatáiste an dainséir.

(2) Má theipeann ar mháistir aon luinge den tsórt san déanamh do réir an ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

Fógraí i dtaobh cúrsaí san Atlantach.

31. —(1) Déanfaidh únaer aon líne de ghaltáin phaisnéara théigheann trasna ar an Atlantach Thuaidh o aon phort no chun aon phuirt i Saorstát Éireann, ar chúrsaí rialta, fógra puiblí do thabhairt, i pé slí ordóidh an tAire, i dtaobh na gcúrsaí bheidh beartuithe do longa na líne sin, agus i dtaobh aon atharú déanfar ar na cúrsaí sin.

(2) Má theipeann ar únaer aon líne de ghaltáin phaisnéara den tsórt san déanamh do réir an ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Foirlíontach.

Alt 267 den Phríomh-Acht do leasú.

32. —Chun críche Choda III den Phríomh-Acht ní iholóidh an focal “paisnéir” duine ar bith a bheidh ar bord luinge toisc na hoblagáide bhíonn ar an máistir daoine dá dtárlann longbhriseadh no bhíonn i nguais, no daoine eile, d'iompar no de bhíthin ní ar bith ná féadfadh máistir ná únaer na luinge ná fostóir na luinge (más ann do) é do bhac ná do réamh-chosc agus dá réir sin déanfar alt a dhá chéad a seacht seascad den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “and person on board the ship either in pursuance of the obligation laid upon the master to carry shipwrecked, distressed or other persons or by reason of any circumstance which neither the master nor the owner nor the charterer (if any) could have prevented or forestalled” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “family and servants.”

Comhacht chun rialacha agus rialacháin do leasú do réir leasuithe ar an gConvensiún um Shábháltacht.

33. —I gcás ina gceangailtear ar an Aire leis an gCuid seo den Acht so feidhm no éifeacht do thabhairt, le haon rialacha no rialacháin, d'aon fhoráil den Chonvensiún um Shábháltacht agus ina ndéanfar an fhoráil sin do leasú do réir Airtiogail a haon seascad den Chonvensiún san, féadfaidh an tAire na rialacha no na rialacháin do leasú dá réir sin.

Rialacha agus rialacháin áirithe do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

34. —(1) Má bhíonn in aon cheann de sna rialacháin um dhéanamh no de sna rialacháin um shuirbhéireacht no de sna rialacha um ghléasanna tárrthála is infheidhmithe maidir le galtáin phaisnéara théigheann ar thurusanna eadarnáisiúnta, no in aon cheann de sna rialacha radio-thelegrafaíochta is infheidhmithe maidir le longa théigheann ar thurusanna eadarnáisiúnta, agus is rialachán no riail ar n-a dhéanamh tar éis an Achta so do rith agus a bheidh i bhfeidhm le linn tosach feidhme na Coda so den Acht so, má bhíonn ann, dar leis an Aire, éileamh—

(a) atá buiniscionn le haon éileamh áirithe den Chonvensiún um Shábháltacht; agus

(b) ná raibh sna rialacháin ná sna rialacha do bhí i bhfeidhm le linn an Achta so do rith;

déanfar an rialachán no an riail, do réir mar bheidh, do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so.

(2) Má bhíonn in aon cheann de sna rialacháin um dhéanamh no de sna rialacháin um shuirbhéireacht no de sna rialacha radiothelegrafaíochta, is rialachán no riail is infheidhmithe mar adubhradh agus is ceann ar n-a dhéanamh tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, má bhíonn ann, dar leis an Aire, éileamh den tsórt san roimhráite, déanfar é do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

(3) Na rialacha uile um ghléasanna tárrthála déanfar tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so leagfar iad fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a ndéanta, maraon le tuarasgabháil ina luadhfar i dtaobh na rialacha is infheidhmithe maidir le galtáin phaisnéara théigheann ar thurusanna eadarnáisiúnta, ce'ca tá no ná fuil, dar leis an Aire, aon éileamh den tsórt san roimhráite in aon cheann acu san agus má tá, cadé an ceann acu é, agus na rialacha uile um ghléasanna tárrthála déanfar roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so agus ná beidh tagtha i bhfeidhm roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so leagfar iad fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so maraon le tuarasgabháil den tsórt san roimhráite.

(4) Má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidfidh an Tigh sin—

(a) tar éis aon rialacháin no rialach do leagadh fé n-a bhráid do réir fo-ailt (1) no fo-ailt (2) den alt so; no

(b) tar éis aon rialach do leagadh fé n-a bhráid go dtuairisceofar do réir fo-ailt (3) den alt so éileamh den tsórt san roimhráite do bheith ann;

a bheartú le rún go gcuirfear an rialachán no an riail ar neambrí, beidh an rialachán no an riail gan bhrí as san amach, ach beidh san gan dochar d'éinní do rinneadh roimhe sin fén gcéanna agus fós do rialachán nua no riail nua do dhéanamh.

(5) Scuirfidh fo-alt (2) d'alt a ceithre chéad a seacht fichead den Phríomh-Acht d'éifeacht do bheith aige.

Léiriú ar Chuid I.

35. —Sa Chuid seo den Acht so tá leis na habairtí seo leanas na bríonna ceaptar dóibh fé seach leis seo, sé sin le rá:—

Cialluíonn “rialacháin um dhéanamh” na cinn sin de sna rialacháin a bheidh déanta fé alt a seacht gcéad a ceathair fichead den Phríomh-Acht le n-a n-orduítear na nithe nách foláir suirbhéir long do bheith sásta ina dtaobh sara ndéarfa sé i ndearbhú suirbhéireachta galtán paisnéara do bheith oiriúnach ar dhul ar aon turusanna áirithe no ar aon chineál áirithe turasanna luaidhtear sna rialacháin;

Cialluíonn “tír le n-a mbaineann an Convensiún um Shábháltacht”—

(a) tír go mbeidh dearbhuithe i dtaobh a Rialtais go ndearna sé an Convensiún um Shábháltacht do dhaingniú no glacadh leis agus ná beidh dearbhuithe i dtaobh a Rialtais go ndearna sé an Convensiún san do shéanadh;

(b) tír go mbeidh dearbhuithe ina taobh an Convensiún um Shábháltacht do bheith curtha i mbaint léi fé fhorálacha Airtiogail a dó seascad den Chonvensiún san, agus nách tír go mbeidh dearbhuithe ina taobh an Convensiún san do scur de bheith i mbaint léi fé fhorálacha an Airtiogail sin;

Cialluíonn “dearbhú suirbhéireachta” dearbhú ar n-a dhéanamh fé alt a dhá chéad a dó seachtód den Phríomh-Acht;

Cialluíonn “turus eadarnáisiúnta” turus o phort i dtír go port i dtír eile agus ceachtar tír acu ina tír le n-a mbaineann an Convensiún um Shábháltacht, cialluíonn “gearr-thurus eadarnáisiúnta” turus eadarnáisiúnta ná téigheann long thar dhá chéad míle o thalamh le n-a linn, agus cialluíonn “cósta-thurus eadarnáisiúnta” turus eadarnáisiúnta ná téigheann long thar fiche míle o thalamh le n-a linn, ach chun críche na forála so—

(a) ní háirmheofar aon chlaonadh dhéanfaidh long ón turus a bheidh beartuithe dhi agus gur drochaimsir amháin fé ndeár san no ní ar bith eile ná féadfadh máistir ná únaer na luinge ná fostóir na luinge (más ann do) é do bhac ná do réamh-chosc; agus

(b) tuigfear gur tír fé leith gach coilíneacht, críoch thar lear, coimirceas no críoch fé thiarnas, agus gach críoch go mbeidh glactha le mandáid ina taobh thar ceann Chumann na Náisiún;

Cialluíonn “rialacha um ghléasanna tárrthála” na rialacha bheidh déanta fé alt a ceithre chéad a seacht fichead den Phríomh-Acht;

Cialluíonn “long fén gConvensiún um Shábháltacht” long le tír le n-a mbaineann an Convensiún um Shábháltacht, agus déanfar an abairt “galtán paisnéara fén gConvensiún um Shábháltacht” do léiriú dá réir sin;

Cialluíonn “trádáil speisialta phaisnéara” trádáil go mbeidh maolú déanta ag an Aire ina taobh ar na rialacháin um dhéanamh no na rialacha um ghléasanna tárrthála do réir na Coda so den Acht so;

Cialluíonn “rialacháin shuirbhéireachta” na cinn sin de sna rialacháin a bheidh déanta fé alt a seacht gcéad a ceathair fichead den Phríomh-Acht le n-a n-orduítear an tslí ina mbeidh suirbhéireachtaí ar ghaltáin phaisnéara le déanamh;

Cialluíonn “rialacha radio-thelegrafaíochta” na rialacha bheidh déanta fé fho-alt (2) d'alt a haon den Merchant Shipping (Wireless Telegraphy) Act, 1919.

Tosach feidhme Coda I agus athghairm.

36. —(1) Tiocfaidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm pé dáta cheapfaidh an tAire le hordú.

(2) Beidh na hachtacháin atá leagtha amach i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmthe, sa mhéid a luaidhtear sa dara colún den Chuid sin den Sceideal san, o thosach feidhme na Coda so den Acht so.

CUID II.

Ualach-line agus Ladail.

Roimhráiteach.

Longa atá saor o Chuid II.

37. —(1) Beidh na longa so leanas saor on gCuid seo den Acht so, eadhon—

(a) longa seoil fé bhun ochtó tonna do réir an chláir ná bíonn ag gábháil ach do thrádáil fan chósta;

(b) longa saorfar ón gCuid seo den Acht so fé fho-alt (2) den alt so;

(c) longa ná bíonn ag gábháil ach d'iascach;

(d) luaimh áineasa.

(2) Féadfaidh an tAire, ar pé coinníollacha is oiriúnach leis, saoradh ón gCuid seo den Acht so do dhéanamh—

(a) ar luing ar bith a théigheann ar thurusanna éadarnáisiúnta idir phuirt ghar-chomharsanachta i dhá dtír no níos mó más deimhin leis an Aire agus le Rialtaisí na dtíortha san go mbeadh sé mí-réasúnta no do-dhéanta, toisc fothainiúlacht agus coinníollacha na dturus idir na puirt sin, forálacha na Coda so den Acht so do chur i mbaint le longa théigheann ar na turusanna san;

(b) ar luing ar bith a théigheann ar aon turus eile idir phuirt ghar-chomharsanachta más deimhin leis an Aire mar adubhradh; agus

(c) ar aon tsaghas galtán fé bhun ochtó tonna do réir an chláir ná bíonn ag gabháil ach do thrádáil fan chósta, faid a bheid gan ualach d'iompar.

Longa do roinnt chun críche Coda II.

38. —(1) Isé gairmtear feasta san Acht so de longa ná beidh saor ón gCuid seo den Acht so de bhuadh an ailt deiridh sin roimhe seo ná “longa ualach-líne,” agus chun crícheanna na Coda so den Acht so deintear na longa san do roinnt sna cineálacha so leanas, eadhon—

(a) longa ualach-líne eadarnáisiúnta, sé sin le rá, longa go mór-thonnáiste de chéad agus caoga tonna no os a chionn san a iompruíonn ualach no paisnéirí; agus

(b) longa ualach-líne áitiúla, sé sin le rá, longa go mórthonnáiste de chéad agus caoga tonna no os a chionn san ná hiompruíonn ualach ná páisnéirí, agus longa go dtonnáiste is lugha ná san.

(2) Isé gairmtear feasta san Acht so do longa ualach-líne eadarnáisiúnta is le tíortha le n-a mbaineann an Convensiún um Ualach-líne ná “longa fén gConvensiún um Ualach-líne.”

Ualach-línte do mharcáil agus do chur fé uisce.

Rialacha ualach-líne.

39. —(1) Déanfaidh an tAire pé rialacha (dá ngairmtear feasta san Acht so “na rialacha ualach-líne”) a chífear do is gá chun éifeachta do thabhairt d'fhorálacha Airtiogal 6 go 10 den Chonvensiún um Ualach-líne agus Fo-scríbhinne I agus Fo-scríbhinne II a ghabhann leis sin.

(2) Isé gairmtear feasta san Acht so de sna cinn sin de sna rialacha ualach-líne déanfar chun éifeachta do thabhairt do Chuid II d'Fho-scríbhinn I a ghabhann leis an gConvensiún san ná “na coinníollacha um cheapadh ualach-línte.”

Leibheann-líne agus ualachlínte do mharcáil.

40. —(1) Ní raghaidh aon long ualach-líne le Saorstát Éireann, is long do rinneadh tar éis an deichiú lá fichead de Mheitheamh, naoi gcéad déag a dó triochad, ní ragha sí chun faraige maran rud é—

(a) go mbeidh suirbhéireacht déanta ar an luing do réir na rialacha ualach-líne; agus

(b) go mbeidh an long do réir na gcoinníollacha um cheapadh ualach-línte; agus

(c) go mbeidh an long marcálta ar gach taobh le marc (dá ngairmtear “leibheann-líne” feasta san Acht so) a thaisbeánfaidh ionad na lán-leibhinne is uachtaraí mar a bheidh san mínithe leis na rialacha ualach-líne, agus le marcanna (dá ngairmtear “ualach-línte” feasta san Acht so) a thaisbeánfaidh cadé an doimhneas chun ar féidir an long do chur, de dhruim ládála, gan baint o n-a sábháltacht i ngach cás fé leith de chásanna iomdha do réir mar bheidh orduithe leis na rialacha ualach-líne; agus

(d) go mbeidh an leibheann-líne agus na hualach-línte den tsaghas is gá do réir na rialacha ualach-líne, agus go mbeidh an leibheann-líne san ionad is gá do réir na rialacha san, agus gurb é líon na n-ualach-línte ná an líon is gá do réir pé rialacha acu san is infheidhmithe maidir leis an luing; agus

(e) go mbeidh na hualach-línte san ionad is gá do réir pé cinn de sna rialacha ualach-líne is infheidhmithe maidir leis an luing.

(2) Ní raghaidh aon long ualach-líne le Saorstát Éireann, is long do rinneadh roimh an gcéad lá d'Iúl, naoi gcead déag a dó triochad, ní ragha sí chun faraige maran rud é—

(a) go mbeidh suirbhéireacht déanta ar an luing agus í marcálta do réir mhíreanna (a), (c) agus (d) den fho-alt deiridh sin roimhe seo; agus

(b) go mbeidh an long do réir phrínsiobail na gcoinníollacha um cheapadh ualach-línte agus fós do réir mion-phuintí na gcoinníollacha san sa mhéid go bhfuil san réasúnta agus gur féidir é, dar leis an Aire, ag féachaint d'éifeachtúlacht díon na n-oscailtí, na ráileacha gárda, na ndóirse éaluithe uisce, agus na slí chun dul isteach chun ceathrún na fuirinne a bheidh curtha ar fáil tré sna socruithe, na feistisí agus na gléasanna bheidh ar an luing le linn suirbhéireachta do dhéanamh uirthi den chéad uair fén alt so; agus

(c) go mbeidh na hualach-línte san ionad is gá do réir mhíre (e) den fho-alt deiridh sin roimhe seo no san ionad is gá do réir na dtáiblí do bhí i bhfeidhm i Saorstát Éireann díreach roimh an gcúigiú lá d'Iúl, naoi gcéad déag agus triocha, chun ionaid ualach-línte do cheapadh.

(3) Má théigheann long ar bith chun faraige no má thugann sí iarracht ar dhul chun faraige contrárdha don alt so beidh máistir no únaer na luinge sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

(4) Long ar bith a bhéarfaidh iarracht ar dhul chun faraige gan suirbhéireacht do bheith déanta uirthi agus gan í bheith marcálta mar is gá do réir an ailt seo féadfar í do choinneáil go dtí go ndéanfar suirbhéireacht uirthi agus í do mharcáil amhlaidh, agus long ar bith ná beidh do réir na gcoinníollacha um cheapadh ualach-línte sa mhéid gur gá é ina cás do réir an ailt seo tuigfear í do bheith nea-shábhálta chun críche ailt a ceithre chéad a naoi caogad den Phríomh-Acht.

Ualach-líne do chur fé uisce.

41. —(1) Ní déanfar long ualach-líne le Saorstát Éireann do ládáil i slí go gcuirfí fé sháile, agus gan aon liosta ar an luing, an ualach-líne oiriúnach ar gach taobh den luing, sé sin le rá, an ualach-líne bheidh á thaisbeáint no bheidh in ainm bheith á thaisbeáint cadé an doimhneas maximum chun ar ceaduithe de thurus na huaire, fé sna rialacha ualach-líne, an long do chur de dhruim ládála.

(2) Má deintear aon long den tsórt san do ládáil contrárdha don alt so beidh únaer no máistir na luinge ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air, maraon le pé fíneáil bhreise, ná raghaidh thar an suim a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, is oiriúnach leis an gcúirt do ghearradh, ag féachaint do mhéid an bhisithe do chuaidh no do raghadh ar chumas tuillimh na luinge de dhruim na hualach-líne oiriúnaighe do chur fé uisce.

(3) Ní raghaidh an fhíneáil bhreise sin thar céad púnt in aghaidh gach orlaigh no coda d'orlach do cuireadh an ualach-líne oiriúnach ar gach taobh den luing fé uisce no do cuirfí fé uisce í dá mba ar sáile bheadh an long agus gan aon liosta uirthi.

(4) Beidh sé ina chosaint mhaith, in aon imeachta i gcoinnibh únaera no máistir mar gheall ar an alt so do shárú, a chruthú ná raibh de chúis leis an sárú ach claonadh no moill ba chlaonadh no moill do thárla de dheascaibh droch-aimsire, no ní eile ná féadfadh an máistir ná an t-únaer ná an fostóir (má b'ann do) é do bhac ná do réamh-chosc, agus dá dheascaibh sin amháin.

(5) Gan dochar d'aon imeachta fé sna forálacha san roimhe seo den alt so, féadfar aon long a bheidh ládálta contrárdha don alt so do choinneáil go dtí go scuirfidh de bheith ládálta amhlaidh.

Ciontaí ilghnéitheacha maidir le marcanna.

42. —Más rud é—

(a) go dteipfidh ar únaer no ar mháistir luinge ualach-líne le Saorstát Éireann a bheidh marcálta do réir na bhforálacha san roimhe seo den Chuid seo den Acht so, go dteipfidh air, gan chúis réasúnta, an long do choinneáil marcálta amhlaidh; no

(b) go ndéanfaidh duine ar bith no go gceadóidh do dhuine ar bith fé n-a smacht aon mharc a bheidh curtha ar aon luing den tsórt san do réir na bhforálacha san roimhe seo den Chuid seo den Acht so do cheilt, do bhaint di, d'atharú, d'agha-lot no do scriosadh amach, ach amháin le húdarás duine bheidh i dteideal fé sna rialacha ualach-líne a údarú an marc d'atharú no d'fhonn dul o ghabháil ag namhaid;

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

Longa d'iniúchadh maidir le hualach-líne.

43. —Féadfaidh suirbhéir luinge no suirbhéir innealltóireachta aon long ualach-líne le Saorstát Éireann d'iniúchadh féachaint an mbeidh forálacha na Coda so den Acht so cólíonta i gcás na luinge agus chun críche aon iniúchta den tsórt san beidh ag aon tsuirbhéir den tsórt san na comhachta uile bhíonn ag cigire don Roinn Tionnscail agus Tráchtála fén bPríomh-Acht.

Deimhnithe.

Deimhnithe ualach-líne do thabhairt amach agus a n-éifeacht san.

44. —(1) Má deintear suirbhéireacht ar luing ualach-líne le Saorstát Éireann, agus í do mharcáil, do réir na bhforálacha san roimhe seo den Chuid seo den Acht so, agus má bhíonn an long do réir na gcoinníollacha um cheapadh ualach-línte sa mhéid gur gá san ina cás do réir na bhforálacha san, bhéarfar amach d'únaer na luinge ar n-a iarraidh sin do agus ar íoc na táille orduithe—

(a) i gcás luinge ualach-líne eadarnáisiúnta, deimhniú ualachlíne dá ngairmtear feasta san Acht so “deimhniú fén gConvensiún um Ualach-Líne”; agus

(b) i gcás luinge ualach-líne áitiúla, deimhniú ualach-líne dá ngairmtear feasta san Acht so “deimhniú ualachlíne le Saorstát Éireann.”

(2) Isé an tAire, no pé duine eile bheidh údaruithe ag an Aire chuige sin, do bhéarfaidh amach gach deimhniú den tsórt san, agus is i pé fuirm agus slí bheidh orduithe leis na rialacha ualach-líne do bhéarfar amach é agus déanfar sna rialacha san pé socrú maidir le deimhnithe fén gConvensiún um Ualach-Líne a chífear don Aire is gá, ag féachaint d'fhorálacha Rialacha IV agus LXVIII den Chonvensiún um Ualach-Líne, chun éifeachta do thabhairt d'fhorálacha Airtiogail a trí déag den Chonvensiún san.

(3) Féadfaidh duine ar bith a bheidh údaruithe ag an Aire chuige sin aon deimhniú den tsórt san do bhéarfaidh an tAire amach do shighniú thar ceann an Aire, agus deimhniú do bhéarfaidh le tuiscint gur sighníodh amhlaidh é beidh sé ionghlachta i bhfianaise díreach fé is dá mba dhuine dá luaidhtear in alt a seacht gcéad a naoi déag den Phríomh-Acht do shighneodh é.

(4) Féadfaidh an tAire a iarraidh ar Rialtas tíre le n-a mbaineann an Convensiún um Ualach-Líne deimhniú fén gConvensiún um Ualach-Líne do thabhairt amach maidir le luing fén gConvensiún um Ualach-Líne bheidh cláruithe i Saorstát Éireann, agus deimhniú do bhéarfar amach do réir iarratais den tsórt san agus ina mbeidh sé ráite gur dá réir sin do tugadh amach é beidh éifeacht aige chun críche na Coda so den Acht so fé is dá mb'é an tAire do bhéarfadh amach é.

(5) Má deintear deimhniú ualach-líne, ar n-a thabhairt amach do réir an ailt seo agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, do thaisbeáint maidir le luing, tuigfear, chun críche na bhforálacha san roimhe seo den Chuid seo den Acht so, suirbhéireacht do bheith déanta ar an luing fé mar is gá do réir na bhforálacha san, agus, má sé is líon agus is saghas don leibheann-líne agus do sna hualach-línte ar an luing ná an líon agus an saghas is gá do réir na rialacha ualach-líne agus má bhíonn ionad na leibheann-líne agus na hualach-líne ar có-réir leis an ionad a bheidh luaidhte sa deimhniú, tuigfear an long do bheith marcálta fé mar is gá do réir na bhforálacha san.

Ré deimhnithe agus iad d'athnuachaint agus do chur ar ceal.

45. —(1) Gach deimhniú ualach-líne do bhéarfaidh an tAire amach no do bhéarfar amach fé údarás an Aire raghaidh in éag, mara ndeintear é d'athnuachaint do réir forálacha fo-ailt (2) den alt so, i ndeireadh pé tréimhse, nách sia ná cúig bliana o dháta a thabhartha amach, a bheidh luaidhte ann.

(2) Féadfaidh an tAire no éinne go n-údarás ón Aire chun deimhniú ualach-líne do thabhairt amach, féadfaidh athnuachaint do dhéanamh o am go ham agus go ceann pé tréimhse (nách sia ná cúig bliana aon tráth) is oiriúnach leis an Aire no leis an duine eile bheidh ag déanamh na hathnuachainte, ar aon deimhniú ualach-líne den tsórt san tar éis suirbhéireachta do bheith déanta nách lugha éifeachtúlacht ná an tsuirbhéireacht ba ghá, do réir na rialacha ualach-líne, do dhéanamh roimh an deimhniú do thabhairt amach.

(3) Déanfaidh an tAire aon deimhniú ualach-líne den tsórt san a bheidh i bhfeidhm maidir le luing, déanfaidh san do chur ar ceal má bhíonn cúis aige chun a chreidiúint—

(a) go ndearnadh atharuithe substainteacha ar chabhail no ar bharra-dhéanmhais na luinge dheineann deifir d'ionad na n-ualach-línte; no

(b) ná dearnadh feistisí agus gléasanna díonta na n-oscailtí, no na ráileacha gárda, no na dóirse éaluithe uisce, no an tslí chun dul isteach chun ceathrún na fuirinne, do choinneáil, ar an luing, i dtreo chó héifeachtúil agus do bhíodar nuair a tugadh an deimhniú amach.

(4) Déanfaidh únaer gach luinge go mbeidh aon deimhniú den tsórt san tugtha amach ina taobh, déanfaidh, faid a bheidh an deimhniú i bhfeidhm, a chur fé ndeár suirbhéireacht do dhéanamh ar an luing sa tslí orduithe, uair amháin ar a laighead gach bliain tar éis an deimhnithe do thabhairt amach, d'fhonn a fháil amach ar cheart an deimhniú d'fhanúint i bhfeidhm, ag féachaint don fho-alt deiridh sin roimhe seo, agus mara ndeintear suirbhéireacht ar an luing amhlaidh cuirfidh an tAire an deimhniú ar ceal:

Ach féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é in aon chás áirithe,, an tréimhse sin de bhliain d'fhaidiú.

(5) I gcás aon deimhniú ualach-líne den tsórt san do dhul in éag no do chur ar ceal féadfaidh an tAire a cheangal ar únaer no ar mháistir na luinge le n-a mbaineann an deimhniú an deimhniú do thabhairt suas fé mar ordóidh, agus féadfar an long do choinneáil go dtí go ndéanfar do réir an cheangail sin agus má thárlann don únaer no don mháistir é do theip air, gan chúis réasúnta, déanamh do réir an cheangail sin beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(6) Ar shuirbhéireacht do dhéanamh ar luing ar bith do réir an ailt seo íocfaidh únaer na luinge pé táille bheidh orduithe.

Ní raghaidh longa chun faraige gan deimhniú.

46. —(1) Ní raghaidh aon long le Saorstát Éireann, is long ualach-líne eadarnáisiúnta, chun faraige mara mbeidh deimhniú fén gConvensiún um Ualach-Líne i bhfeidhm maidir leis an luing.

(2) Ní raghaidh aon long le Saorstát Éireann, is long ualachlíne áitiúil, chun faraige mara mbeidh deimhniú ualach-líne le Saorstát Éireann i bhfeidhm maidir leis an luing.

(3) Taisbeánfaidh máistir gach luinge ualach-líne le Saorstát Éireann don oifigeach Custum ar a n-éileofar réiteach no transíré don luing an deimhniú is gá do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so do bheith i bhfeidhm ar an luing do dhul chun faraige, agus ní deonfar réiteach ná transíré go dtí go ndéanfar an deimhniú san do thaisbeáint amhlaidh agus féadfar an long do choinneáil go dtí go ndéanfar san.

(6) Beidh maistir gach luinge raghaidh chun faraige no bhéarfaidh iarracht ar dhul chun faraige contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

Deimhniú ualach-líne d'fhoillsiú maraon le mion-innste i dtaobh doimhnis ládála.

47. —(1) Nuair a bheidh deimhniú ualach-líne tugtha amach do réir na bhforálacha san roimhe seo den Chuid seo den Acht so maidir le luing ualach-líne le Saorstát Éireann—

(a) déanfaidh únaer na luinge láithreach ar an deimhniú d'fháil a chur fé ndeár é do chur i bhfráma agus do chur suas in áit éigin sho-fheisce ar bord na luinge agus fós a chur fé ndeár é do choimeád i bhfráma agus curtha suas amhlaidh, agus é so-léighte, faid a bheidh an deimhniú i bhfeidhm agus a bheidh an long in úsáid; agus

(b) déanfaidh máistir na luinge, sara n-iontrálfaidh éinní eile in aon leabhar turuis oifigiúil, na mion-innste i dtaobh ionaid na leibheann-líne agus na n-ualach-línte bheidh luaidhte sa deimhniú d'iontráil sa leabhar san.

(2) Sara bhfágaidh aon long ualach-líne le Saorstát Éireann aon duga, caladh, cuan no áit eile chun dul chun faraige déanfaidh máistir na luinge sin—

(a) pé mion-innste bheidh orduithe ag an Aire le rialacháin d'iontráil sa leabhar turuis oifigiúil i dtaobh an doimhnis ládála bheidh sa luing de thurus na huaire; agus

(b) a chur fé ndeár fógra, agus é i pé fuirm agus pé cinn de sna mion-innste sin ann is gá do réir na rialachán san, do chur suas in áit éigin sho-fheisce ar bord na luinge agus é do choimeád curtha suas amhlaidh, agus é so-léighte, go dtí go sroichfidh an long malairt duga, calaidh, cuain no áite:

Ach féadfaidh an tAire, leis na rialacháin sin, longa trádála dúthchais no aon tsaghas áirithe longa trádála dúthchais do shaoradh o éilithe míre (b) den fho-alt so.

(3) Má theipeann ar mháistir no ar únaer aon luinge ualachlíne le Saorstát Éireann déanamh do réir forálacha an ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Mion-innste i dtaobh ualach-líne do chur isteach i gcó-aontuithe déanfar leis an bhfuirinn.

48. —(1) Sara ndeinidh ball ar bith d'fhuirinn aon luinge ualach-líne le Saorstát Éireann ’na mbeidh deimhniú ualach-líne i bhfeidhm ina taobh có-aontú leis an bhfuirinn do shighniú cuirfidh máistir na luinge isteach sa chó-aontú na mion-innste i dtaobh ionaid na leibheann-líne agus na n-ualach-línte bheidh luaidhte sa deimhniú agus má theipeann air san do dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(2) I gcás luinge ualach-líne le Saorstát Éireann is long a théigheann go tíortha coigríche ní raghaidh maoirseoir ar aghaidh le fostú na fuirinne go dtí—

(a) go dtaisbeánfar do deimhniú ualach-líne bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir leis an luing; agus

(b) gur deimhin leis na mion-innste is gá do réir an ailt seo do bheith curtha isteach sa chó-aontú leis an bhfuirinn.

Forálacha speisialta i dtaobh long fén gConvensiún um Ualach-Line ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann.

Deimhnithe ualach-líne do longa fén gConvensiún ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann.

49. —(1) Féadfaidh an tAire, ar Rialtas tíre le n-a mbaineann an Convensiún um Ualach-Líne dá iarraidh sin, deimhniú fén gConvensiún um Ualach-Líne do thabhairt amach maidir le luing ualach-líne eadarnáisiúnta leis an tír sin más deimhin leis fé mar is gá i gcás luinge le Saorstát Éireann go bhféadfa sé, do réir chirt, an deimhniú do thabhairt amach, agus má bheirtear amach deimhniú ar iarratas den tsórt san déarfar ann é bheith tugtha amach amhlaidh.

(2) D'fhonn a chinneadh an dleathach i Saorstát Éireann do dheimhnithe bheireann le tuiscint iad do bheith tugtha amach do réir an Chonvensiúin um Ualach-Líne alos longa fén gConvensiún um Ualach-Líne ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann déanfaidh an tAire pé rialacháin a chífear do is gá chun éifeachta do thabhairt d'Airtiogal a seacht déag den Chonvensiún um Ualach-Líne, agus chun críche na bhforálacha atá ina dhiaidh seo sa Chuid seo den Acht so maidir le longa fén gConvensiún um Ualach-Líne ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann cialluíonn an abairt “deimhniú dleathach fén gConvensiún um Ualach-Líne” deimhniú bheidh do réir pé rialachán acu san is infheidhmithe maidir leis an gcás.

Longa fén gConvensiún ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann d'iniúchadh agus do rialú.

50. —(1) Féadfaidh suirbhéir luinge no suirbhéir innealltóireachta dul ar bord aon luinge fén gConvensiún um Ualach-Líne ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann, le linn í do bheith laistigh d'aon phort i Saorstát Éireann, chun a éileamh go dtaisbeánfaí aon deimhniú ualach-líne bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir leis an luing.

(2) Má deintear deimhniú dleathach fén gConvensiún um Ualach-Líne do thaisbeáint don tsuirbhéir ar é do dhéanamh aon éilimh den tsórt san ní bheidh i gcomhachta an tsuirbhéara chun na luinge d'iniúchadh maidir leis an ualach-líne ach comhachta chun féachaint—

(a) ná fuil an long ládálta thar mar a lomhálann an deimhniú;

(b) go bhfuil ionad na n-ualach-línte ar an luing ar có-réir leis an ionad a bheidh luaidhte sa deimhniú;

(c) ná dearnadh aon atharuithe substainteacha ar chabhail ná ar bharra-dhéanmhais na luinge a dheineann deifir d'ionad na n-ualach-línte;

(d) go ndearnadh feistisí agus gléasanna dícnta na n-oscailtí, agus na ráileacha gárda, agus na dóirse éaluithe uisce, agus an tslí chun dul isteach chun ceathrún na fuirinne, do choinneáil, ar an luing, i dtreo chó héifeachtúil agus do bhíodar nuair a tugadh an deimhniú amach;

agus chun críche aon iniúchta den tsórt san beidh ag an suirbhéir na comhachta uile bhíonn ag cigire don Roinn Tionnscail agus Tráchtála fén bPríomh-Acht.

(3) Má gheibhtear, ar aon iniúchadh den tsórt san do dhéanamh, go bhfuil an long ládálta thar mar a lomhálann an deimhniú, féadfar an long do choinneáil agus féadfar imeachta do bhunú in aghaidh a máistir no a húnaera, fé sna forálacha atá ina dhiaidh seo sa Chuid seo den Acht so maidir le hualach-línte ar longa ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann do chur fé uisce.

(4) Má gheibhtear, ar aon iniúchadh den tsórt san do dhéanamh, ná fuil na hualach-línte ar an luing san ionad a bheidh luaidhte sa deimhniú féadfar an long do choinneáil go dtí go gceartófar an ní sin chun sástachta an tsuirbhéara.

(5) Má gheibhtear, ar aon iniúchadh den tsórt san do dhéanamh, go bhfuil an long atharuithe chó substainteach san maidir leis na nithe dá dtagartar i míreanna (c) agus (d) d'fho-alt (2) den alt so gur léir ná féadfadh an long dul chun faraige gan anam daoine do chur i gcontabhairt, tuigfear an long do bheith nea-shábhálta chun críche ailt a ceithre chéad a naoi caogad no ailt a ceithre chéad a dó seascad, do réir mar bheidh, den Phríomh-Acht:

Ach má coinnítear an long fé cheachtar den dá alt deiridh sin a luaidhtear ordóidh an tAire an long do scaoileadh chó luath agus is deimhin leis go bhféadfadh an long dul chun faraige gan anam daoine do chur i gcontabhairt.

(6) Mara ndeintear deimhniú dleathach fén gConvensiún um Ualach-Líne do thaisbeáint don tsuirbhéir ar é do dhéanamh éilimh den tsórt san roimhráite beidh an chomhacht chéanna, chun na luinge d'iniúchadh, ag an suirbhéir, chun féachaint go bhfuil forálacha na Coda so den Acht so cólíonta, do bheadh aige dá mba long le Saorstát Éireann an long.

(7) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear long do bheith ládálta thar mar a lomhálann an deimhniú má bhíonn sí ládálta i slí go gcuirfí fé sháile, agus gan aon liosta ar an luing, an ualach-líne oiriúnach ar gach taobh den luing, sé sin le rá, an ualach-líne chífear ón deimhniú do bheith á thaisbeáint cadé an doimhneas maximum chun ar ceaduithe de thurus na huaire, fén gConvensiún um Ualach-Líne, an long do chur de dhruim ládála.

Deimhnithe do longa fén gConvensiún do thaisbeáint d'oifigigh Chustum.

51. —Taisbeánfaidh máistir gach luinge fén gConvensiún um Ualach-Líne ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann, taisbeánfaidh don oifigeach Custum ar a n-éileofar réiteach no transíré don luing o aon phort i Saorstát Éireann—

(a) i gcás réiteach d'éileamh maidir le turus cadarnáisiúnta, deimhniú dleathach fén gConvensiún um Ualach-Líne;

(b) i gcás réiteach no transíré d'éileamh maidir le turus ar bith eile, deimhniú dleathach fén gConvensiúin um Ualach-Líne no deimhniú ualach-líne le Saorstát Éireann a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir leis an luing;

agus ní deonfar réiteach na transíré go dtí go ndéanfar an deimhniú is gá do réir an ailt seo do thaisbeáint amhlaidh agus féadfar an long do choinneáil go dtí go ndéanfar san.

Forálacha Generálta i dtaobh Long ná beidh Cláruithe i Saorstát Éireann.

Suirbhéireacht, marcáil, agus coinníollacha um cheapadh ualach-línte i gcás long ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann.

52. —Bainfidh forálacha ailt a dachad den Acht so le longa ualach-líne ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann agus a bheidh ag dul chun faraige no ag tabhairt iarrachta ar dhul chun faraige o phuirt i Saorstát Éireann fé mar a bhainid le longa ualach-líne le Saorstát Éireann, ach san fé réir an atharuithe seo leanas, eadhon:—

(a) ní bhainfidh an t-alt san le luing fén gConvensiún um Ualach-Líne ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann má deintear deimhniú dleathach fén gConvensiún um Ualach-Líne do thaisheáint maidir leis an luing; agus

(b) fé réir forálacha míre (a) den alt so, tuigfear, maidir le luing le tír ar bith lasmuich den Chó-chiníochas Bhriotáineach ná beidh do réir na gcoinníollacha um cheapadh ualach-línte sa mhéid go gceangailtear san ina cás leis an alt sin a dachad, an long san do bheith nea-shábhálta chun críche ailt a ceithre chéad a dó seascad den Phríomh-Acht.

Ualach-líne ar longa ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann do chur fe uisce.

53. —Bainfidh forálacha ailt a haon is dachad den Acht so le longa ualach-líne ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann, le linn iad do bheith laistigh d'aon phort i Saorstát Éireann, fé mar a bhainid le longa ualach-líne le Saorstát Éireann, ach san fé réir na n-atharú so leanas, eadhón:—

(a) ní déanfar aon long fén gConvensiún um Ualach-Líne do choinneáil ná ní déanfar aon imeachta i gcoinnibh a húnaera ná a máistir do bhunú, de bhuadh an ailt sin, ach amháin tar éis do shuirbhéir luinge no suirbhéir innealltóireachta iniúchadh do dhéanamh uirthi mar a foráltar anso roimhe seo; agus

(b) ciallóidh an abairt “an ualach-líne oiriúnach,” maidir le luing ar bith ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann—

(i) i gcás luinge fén gConvensiún um Ualach-Líne ’na dtaisbeánfar ina taobh, ar iniúchadh den tsórt san roimhráite do dhéanamh, deimhniú dleathach fén gConvensiún um Ualach-Líne, an ualach-líne chífear ón deimhniú do bheith á thaisbeáint cadé an doimhneas maximum chun ar ceaduithe de thurus na huaire, fén gConvensiún um Ualach-Líne, an long do chur de dhruim ládála;

(ii) i gcás ar bith eile, an ualach-líne bheidh ar có-réir leis an ualach-líne thaisbeánann cadé an doimhneas maximum chun ar ceaduithe de thurus na huaire, fé sna rialacha ualach-líne, an long do chur de dhruim ládála no, mara mbeidh aon ualach-líne ar an luing ar có-réir mar adubhradh, an ualachlíne is ísle ar an luing.

Longa na beidh cláruithe i Saorstát Éireann d'iniúchadh.

54. —Bainfidh forálacha ailt a trí is dachad den Acht so le longa ualach-líne, seachas longa le Saorstát Éireann no longa fén gConvensiún um Ualach-Líne, ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann, faid a bheid laistigh d'aon phort i Saorstát Éireann fé mar a bhainfid le longa ualach-líne le Saorstát Éireann.

Deimhnithe ualach-líne do longa ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann.

55. —(1) Na forálacha den Chuid seo den Acht so i dtaobh deimhniú ualach-líne le Saorstát Éireann do thabhairt amach agus i dtaobh éifeacht, ré, athnuachaint agus cur ar ceal na ndeimhniú san bainfid le longa ualach-líne ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann fé mar a bhainfid le longa ualach-líne le Saorstát Éireann, ach san fé réir na n-atharú so leanas, eadhon:—

(a) féadfar aon deimhniú den tsórt san do thabhairt amach maidir le luing ualach-líne eadarnáisiúnta fé mar do bhéarfaí amach deimhniú dá shaghas maidir le luing ualach-líne áitiúil, ach san i slí ná beidh aon deimhniú den tsórt san do bhéarfar amach maidir le luing fén gConvensiún um Ualach-Líne dleathach ach faid ná beidh an long ag dul ar thurusanna eadarnáisiúnta, agus cuirfear ráiteas sa chéill sin mar chúl-scríbhinn ar an deimhniú agus cuirfidh an tAire an deimhniú ar ceal má bhíonn cúis aige chun a chreidiúint go dtéigheann an long ar thurusanna den tsórt san; agus

(b) an tsuirbhéireacht is gá d'fhonn a fháil amach ar cheart an deimhniú d'fhanúint i bhfeidhm is ar an Aire dá éileamh san a déanfar í.

(2) Más deimhin leis an Aire—

(a)    (i) socrú do bheith déanta, sa dlí bheidh i bhfeidhm in aon pháirt den Chó-Chiníochas Bhriotáineach, i dtaobh ualach-línte ar longa (no ar aon chineál no saghas long) a bheidh cláruithe sa pháirt sin den Chó-Chiníochas Bhriotáineach do cheapadh agus do mharcáil agus do dheimhniú; no

(ii) scerú do bheith déanta mar adubhradh, sa dlí bheidh i bhfeidhm in aon tír lasmuich den Chó-Chiníochas Bhriotáineach, maidir le longa (no le haon chineál no saghas long) leis an tír sin agus socrú do bheith déanta amhlaidh freisin (no é do bheith có-aontuithe socrú do dhéanamh amhlaidh) chun glactha le deimhnithe ualach-líne le Saorstát Éireann mar dheimhnithe ag á mbeidh i bpuirt sa tír sin an éifeacht chéanna le deimhnithe ar n-a dtabhairt amach fén socrú san; agus

(b) an socrú san i dtaobh ualach-línte do cheapadh agus do mharcáil agus do dheimhniú do bheith bunuithe ar na prínsiobail chéanna ar a bhfuil na socruithe có-réire a foráltar leis an gCuid seo den Acht so bunuithe agus é bheith chó héifeachtúil leo san;

féadfaidh an tAire a ordú, le hordú, an éifeacht chéanna bheidh ag deimhnithe ualach-líne le Saorstát Éireann do bheith, chun críche na Coda so den Acht so, ag deimhnithe ualach-líne ar n-a dtabhairt amach do réir an tsocruithe sin maidir le longa (no leis an gcineál no an saghas san long) a bheidh cláruithe sa pháirt sin den Chó-Chiníochas Bhriotáineach no maidir le longa (no leis an gcineál no an saghas san long) leis an tír sin, lasmuich den Chó-Chiníochas Bhriotáineach, pe'ca aca é:

Ach ní bhainfidh aon Ordú déanfar fén bhfo-alt so le longa fén gConvensiún um Ualach-Líne théigheann ar thurusanna eadarnáisiúnta.

Máistrí longa ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann do thaisbeáint deimhniú d'oifigigh Chustum.

56. —Déanfaidh máistir gach luinge ualach-líne, seachas long le Saorstát Éireann no long fén gConvensiún um Ualach-Líne ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann, deimhniú ualach-líne le Saorstát Éireann, no deimhniú go n-éifeacht aige fén Acht so mar dheimhniú den tsórt san agus is deimhniú bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir leis an luing, do thaisbeáint don oifigeach Custum ar a n-éileofar réiteach no transíré don luing o aon phort i Saorstát Éireann, agus ní deonfar réiteach ná transíré go dtí go ndéanfar an deimhniú is gá do réir an ailt seo do thaisbeáint amhlaidh agus féadfar an long do choinneáil go dtí go ndéanfar san.

Adhmad do Ládáil.

Ualach adhmaid d'iompar ar an leibhinn.

57. —(1) Déanfaidh an tAire rialacháin (dá ngairmtear feasta san alt so na “rialacháin um ualach adhmaid”) i dtaobh na gcoinníollacha ar ar ceaduithe adhmad d'iompar mar ualach in aon spás nea-chlúduithe ar leibhinn aon luinge ualach-líne.

(2) Beidh sna rialacháin um ualach adhmaid pé rialacháin a chífear don Aire is gá chun éifeachta do thabhairt do mhír a dó d'Airtiogal a sé den Chonvensiún um Ualach-Líne.

(3) Fé réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo féadfar a ordú go generálta leis na rialacháin um ualach adhmaid cadiad na coinníollacha ar ar ceaduithe adhmad d'iompar mar adubhradh in aon luing ualach-líne ar gach turus no ar aon chineál áirithe turusanna agus i ngach saosúr no in aon tsaosúr áirithe, agus go sonnrách féadfar a ordú leo cadé an tslí agus an t-ionad ina mbeidh an t-adhmad le stabháil agus cadé an socrú bheidh le déanamh ar an luing chun sábháltachta na fuirinne.

(4) Má deintear aon fhoráil de sna rialacháin um ualach adhmaid do shárú i gcás aon luinge ualach-líne le Saorstát Éireann beidh máistir na luinge ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig céad púnt do chur air:

Ach beidh sé ina chosaint mhaith, in aon imeachta i gcoinnibh máistir mar gheall ar na rialacháin um ualach adhmaid do shárú, a chruthú ná raibh de chúis leis an sárú ach claonadh no moill ba chlaonadh no moill do thárla de dheascaibh drochaimsire, no ní eile ná féadfadh an máistir ná an t-únaer ná an fostóir (má b'ann do) é do bhac ná do réamh-chosc, agus dá dheascaibh sin amháin.

(5) Chun a chur in áirithe go ndéanfar do réir na rialachán um ualach adhmaid beidh ag aon oifigeach, go n-údarás generálta no speisialta chuige sin ón Aire, comhacht chun iniúchta do dhéanamh ar aon luing ualach-líne bheidh ag iompar ualaigh adhmaid in aon spás nea-chlúduithe ar a leibheann, agus chun na críche sin beidh aige na comhachta uile bhíonn ag cigire don Roinn Tionnscail agus Tráchtála fén bPríomh-Acht.

(6) Bainfidh na forálacha san roimhe seo den alt so maraon leis na rialacháin um ualach adhmaid le longa ualach-líne ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann, faid a bheid laistigh d'aon phort i Saorstát Éireann, fé mar a bhainfid le longa ualach-líne le Saorstát Éireann.

Foirlíontach.

Ailt 436 agus 454 den Phríomh-Acht do léasú.

58. —(1) Déanfar, i bhfo-ailt (1) agus (3) d'alt a ceithre chéad a sé triochad agus i bhfo-alt (1) d'alt a ceithre chéad a ceathair caogad den Phríomh-Acht, an abairt “free board” do chur in ionad na habairte “clear side.”

(2) Scuirfidh fo-alt (3) den alt san a ceithre chéad a sé triochad d'éifeacht do bheith aige maidir le longa ualach-líne.

(3) Cuirfear an fo-alt so leanas in ionad fo-ailt (5) den alt san a ceithre chéad a sé triochad, eadhon—

“ (5) In this section the expression ‘free board’ means, in the case of any ship which is marked with a deck-line, the height from the water to the upper edge of the deck-line, and, in the case of any other ship, the height amidship from the water to the upper edge of the deck from which the depth of hold as stated in the register is measured.”

Comhacht chun rialacha do leasú do réir leasuithe ar an gConvensiún um Ualach-Líne.

59. —Má deintear aon fhoráil den Chonvensiún um Ualach-Líne go gceangailtear ar an Aire leis an gCuid seo den Acht so éifeacht do thabhairt di le haon rialacha no rialacháin, má deintear san do leasú, do réir Airtiogail a fiche den Chonvensiún um Ualach-Líne, féadfaidh an tAire na rialacha no na rialacháin do leasú dá réir sin.

Léiriú ar Chuid II.

60. —Sa Chuid seo den Acht so tá leis na habairtí seo leanas na bríonna ceaptar dóibh fé seach leis seo, sé sin le rá:—

Cialluíonn “tír le n-a mbaineann an Convensiún um Ualach-Líne”—

(a) tír go mbeidh dearbhuithe i dtaobh a Rialtais go ndearna sé an Convensiún um Ualach-Líne do dhaingniú no glacadh leis agus ná beidh dearbhuithe i dtaobh a Rialtais go ndearna sé an Convensiún san do shéanadh;

(b) tír go mbeidh dearbhuithe ina taobh an Convensiún um Ualach-Líne do bheith curtha i mbaint léi fé fhorálacha Airtiogail a haon is fiche den Chonvensiún san, agus nách tír go mbeidh dearbhuithe ina taobh an Convensiún san do scur de bheith i mbaint léi fé fhorálacha an Airtiogail sin;

Cialluíonn “turus eadarnáisiúnta” turus o phort i dtír go port i dtír eile agus ceachtar tír acu ina tír le n-a mbaineann an Convensiún um Ualach-Líne, ach chun críche an mhínithe seo—

(a) ní háirmheofar aon chlaonadh dhéanfaidh long ón turus a bheidh beartuithe dhi agus gur drochaimsir amháin fé ndeár san no ní ar bith eile ná féadfadh máistir ná únaer na luinge ná fostóir na luinge (más ann do) é do bhac ná do réamh-chosc; agus

(b) tuigfear gur tír fé leith gach coilíneacht, críoch thar lear, coimirceas no críoch fé thiarnas, agus gach críoch go mbeidh glactha le mandáid ina taobh thar ceann Chumann na Náisiún;

Cialluíonn “orduithe” orduithe leis na rialacha ualach-líne.

Tosach feidhme Coda II agus athghairm.

61. —(1) Fé réir forálacha an fho-ailt seo tiocfaidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm an lá ceaptha:

Ach—

(a) i gcás deimhnithe, ar n-a thabhairt amach fé alt a ceithre chéad a trí is dachad den Phríomh-Acht, do bheith i bhfeidhm maidir le haon luing le linn an Achta so do rith agus an deimhnithe sin do scur de bheith i bhfeidhm roimh an lá ceaptha; no

(b) i gcás ina ndéanfaidh an tAire no ina ndéanfar fé údarás an Aire, roimh an lá ceaptha, deimhniú ualachlíne do thabhairt amach do réir na Coda so den Acht so maidir le haon luing;

tiocfaidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm maidir leis an luing sin ón dáta ar a scuirfidh an deimhniú de bheith i bhfeidhm no ar a dtabharfar amach é, do réir mar bheidh.

(2) Na hachtacháin atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so scuirfid, sa mhéid a luaidhtear sa dara colún den Chuid sin den Sceideal san, d'éifeacht do bheith acu maidir le haon luing, ón dáta ar a dtiocfaidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm maidir leis an luing sin agus beid athghairmthe ón lá ceaptha.

(3) Chun críche an ailt seo cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” pé lá cheapfaidh an tAire le hOrdú.

CUID III.

Generalta.

Forálacha i dtaobh rialacha agus rialachán.

62. —(1) D'ainneoin aon rialacha no rialachán a déanfar do réir an Achta so chun feidhme no éifeachta do thabhairt d'aon fhoráil den Chonvensiún um Shábháltacht no den Chonvensiún um Ualach-Líne le n-a n-éilítear feisteas no gléas no fearas áirithe, no saghas áirithe den chéanna, d'fheistiú no d'iompar i luing no aon tsocrú áirithe do dhéanamh i luing, féadfaidh an tAire a cheadú aon fheisteas no gléas no fearas eile, no aon tsaghas den chéanna, d'fheistiú no d'iompar no aon tsocrú eile do dhéanamh más deimhin leis an feisteas no an gléas no an fearas eile sin, no an saghas san den chéanna, no an socrú eile sin, do bheith chó héifeachtúil ar a laighead leis sin a héilítear leis an gConvensiún.

(2) Má bhíonn se de cheangal ar an Aire fén Acht so na rialacháin no rialacha san do dhéanamh a chífear do is gá chun éifeachta do thabhairt d'aon cheann d'fhorálacha an Chonvensiúin um Shábháltacht no an Chonvensiúin um Ualach-Líne, ansan, i gcás forála go bhfuil a téarmaí de shaghas a dhílsíonn sna Rialtaisí uile agus fé seach is páirtithe sa Chonvensiún discréid i dtaobh ar cheart éinní do dhéanamh no cadé an ní ba cheart do dhéanamh fén bhforáil sin, léirecfar an ceangal mar údarás don Aire chun pé socrú (más aon cheann é) do dhéanamh le rialacháin no le rialacha, i dtaobh an ní bheidh i gceist, is dóich leis an Aire, i bhfeidhmiú na discréide sin, do bheith ceart.

Fógra bheidh le tabhairt d'oifigeach Chonsulta i gcás imeachta do bhunú mar gheall ar longa coigríche.

63. —I gcás long ar bith le haon tír lasmuich den Chochiníochas Bhriotáineach do choinneáil fén Acht so, agus i gcás aon imeachta do bhunú fén Acht so i gcoinnibh máistir no únaera aon luinge den tsórt san, seirbheálfar fógra láithreach ar an oifigeach consulta, don tír le n-a mbaineann an long, a bheidh ag an bport no is goire don phort ina mbeidh an long de thurus na huaire, agus luadhfar sa bhfógra san na scóranna ar ar coinníodh an long no ar ar bunuíodh na himeachta.

Costas coinnithe long.

64. —Má coinnítear long do réir aon fhorála den Acht so le n-a bhforáltar long do choinneáil go dtí go dtárlóidh teagmhas áirithe, beidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt a ceithre chéad is seasea den Phríomh-Acht (fo-alt le n-a ndeintear socrú i dtaobh costaisí an Aire mar gheall ar choinneáil agus suirbhéireacht na luinge agus maidir leis an gcéanna) fé is dá ndeintí an long do choinneáil go buan do réir bhrí an fho-ailt sin.

Deimhnithe bréige do dhéanamh.

65. —Beidh feidhm ag forálacha ailt a dhá chéad a dó ochtód den Phríomh-Acht (alt le n-a bhforchuirtear pionóisí mar gheall ar dheimhnithe bréige galtán paisnéara do dhéanamh) maidir le haon deimhniú is gá chun crícheanna an Achta so fé mar a bhíonn feidhm acu maidir le deimhniú galtáin phaisnéara.

Míniú agus léiriú.

66. —(1) San Acht so tá leis na habairtí seo leanas na bríonna ceaptar dóibh fé seach leis seo, sé sin le rá:—

Cialluíonn “an Convensiún um Shábháltacht” an Convensiún Eadarnáisiúnta um Shábháltacht Anama ar Muir do sighníodh i Lundain an 31adh lá de Bhealtaine, 1929;

Cialluíonn “an Convensiún um Ualach-Líne” an Convensiún um Ualach-Líne Eadarnáisiúnta do sighníodh i Lundain an 5adh lá d'Iúl, 1930;

Cialluíonn “Aire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

Cialluíonn “long le Saorstát Éireann” aon long gur i Saorstát Éireann atá a port clárathachta;

Cialluíonn “long ualach-líne le Saorstát Éireann” aon long ualach-líne gur i Saorstát Éireann atá a port clárathachta;

Foluíonn “sarú,” maidir le foráil ar bith, é do theip ar dhuine an fhoráil sin do chólíonadh, agus léireofar an focal “sáruíonn” dá réir sin;

Cialluíonn “na hAchtanna Loingis Cheannaíochta” na Merchant Shipping Acts, 1894 to 1921, agus an tAcht so;

Tá an brí céanna le “paisnéir” atá le “passenger” chun críche Coda III den Phríomh-Acht;

Cialluíonn “galtán paisnéara” galtán ar a mbeidh níos mó ná dhá phaisnéir déag á n-iompar;

Cialluíonn “an Príomh-Acht” an Merchant Shipping Act, 1894.

(2) San Acht so déanfar tagairtí do luing do rinneadh roimh aon dáta no dá éis do léiriú mar thagairtí do luing gur roimh an dáta san no dá éis, do réir mar bheidh, do leagadh síos a cíle.

(3) Déanfar aon tagairtí atá san Acht so d'fhoráil ar bith de sna Merchant Shipping Acts, 1894 to 1921, do leasuíodh le haon Acht ina dhiaidh sin, agus an tAcht so d'áireamh, déanfar iad do léiriú mar thagairtí don fhoráil sin agus í leasuithe amhlaidh.

Gearr-theideal, luadh agus athghairm.

67. —(1) Féadfar an tAcht Loingis Cheannaíochta (Convensiúin um Shábhaltacht agus um Ualach-Líne), 1933 , do ghairm den Acht so agus léireofar é mar éinní amháin leis na Merchant Shipping Acts, 1894 to 1921, agus féadfar na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1933, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.

(2) Beidh na hachtacháin atá leagtha amach i gCuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmthe, sa mhéid a luaidhtear sa dara colún den Chuid sin den Sceideal san, o dháta an Achta so do rith.

CEAD SCEIDEAL.

ALT 22.


Rialacha Maidir le Doirse Dionmhara agus Feisti Eile.


1. Dúnfar na feistí seo leanas go daingean, i dtreo go mbeid díonmhar, sara raghaidh an galtán chun faraige, agus coimeádfar dúnta i gcomhnaí iad faid a bheidh an galtán ar faraige, sé sin le rá:—

(a) dóirse díonmhara ar tuislí, laistíos den imeall-líne, a bheidh sna príomh-roinnteáin trasnacha a roinneann ualach-spásanna eadar-leibheannacha;

(b) taobh-rumaí in aon spás eadar-leibheannach ina mbeidh slat aon taobh-ruma is féidir d'oscailt laistíos de líne ar n-a tarrac ar thaobh an ghaltáin agus có-threormhar leis an leibheann roinnteáin agus an puínte is ísle dhi ceithre troithe go leith, maraon le dó go leith per centum de leithead an ghaltáin, os cionn an uisce ar a mbeidh an galtán ar snámh agus ar í do dhul chun faraige;

(c) taobh-rumaí laistíos den imeall-líne ná féadfar a shroichint faid a bheidh an galtán ar faraige, maraon le n-a gcomhlaí;

(d) oscailtí do dhaoine, d'ualach agus do ghual laistíos den imeall-líne;

Ach le linn soininne in uiscí teo-chreasa beidh éifeacht ag fomhír (b) den mhír seo fé is dá ndeinti “trí troithe go leith” do chur in ionad “ceithre troithe go leith.”

Chun críche na míre seo, tuigfear feiste do bheith laistíos den imeall-líne má bhíonn a slat laistíos den líne sin, agus ní tuigfear taobh-ruma luaidhtear i bhfo-mhír (b) den mhír seo do bheith dúnta go dtí go mbeidh an glas air.

2. Déanfar gach doras díonmhar a bheidh i bpríomh-roinnteán trasnach, agus nách doras a luaidhtear i bhfo-mhír (a) den mhír dheiridh sin roimhe seo, do choimeád dúnta faid a bheidh an galtán ar faraige ach amháin sa mhéid gur gá é d'oscailt chun an ghaltáin d'oibriú, agus nuair a bheidh sé ar oscailt coimeádfar fé réir é chun é do dhúnadh láithreach.

3. Gach pláta so-aistrithe ag dúnadh oscailte i roinnteán, is oscailt atá fén imeall-líne i bpáirt no go hiomlán, beidh sé ina áit sara raghaidh an galtán chun faraige, agus ní déanfar aon phláta den tsórt san do bhaint anuas le linn bheith ar faraige ach amháin i gcás géar-gháidh, agus nuair a beifear ag cur aon phláta den tsórt san thar n-ais ina áit féin déanfar gach ní réasúnta is gá chun a chur in áirithe go mbeidh na siúntaí díonmhar.

4. Déanfar clúdach agus comhla gach líméar luaithrigh, líméar dríodair no feiste eile den tsórt san, gur laistíos den imeall-líne a bheidh a oscailt inmheánach, do choimead dúnta go daingean nuair ná beidh an fheiste in úsáid.

5. Déanfar, uair sa tseachtain agus fós sara raghaidh an galtán chun faraige ar aon turus is deallrathach a thógfaidh níos mó ná seachtain, cleachtadh ar gach doras díonmhar agus feiste eile, den tsórt a luaidhtear i bhfo-mhíreanna (a), (b) agus (c) de mhír 1 agus i míreanna 2 agus 4 den Sceideal so, agus ar inneallach dúnta gach scuipéara gur laistíos den imeall-líne a bheidh a oscailt inmheánach, cleachtadh ortha san uile d'oscailt agus do dhúnadh:

Ach faid a bheidh an galtán ar faraige—

(a) déanfar cleachtadh gach lá ar gach doras díonmhar den tsórt san a bheidh in úsáid, agus a bheidh ar tuislí no bheidh á oibriú le comhacht, d'oscailt agus do dhúnadh;

(b) ní tuigfear éinní sa mhír seo do bheith á údarú aon doras díonmhar no feiste eile d'oscailt is gá do réir mhíre 1 den Sceideal so do choimeád dúnta.

6. Déanfar iniúchadh, uair sa tseachtain ar a laighead, ar gach comhla is gá do dhúnadh chun seoimrín ar bith do dhéanamh díonmhar agus ar gach doras díonmhar i bpríomh-roinnteán trasnach agus ar an inneallach agus ar na faisnéisirí ghabhann leis an gcéanna.

7. Cuirfear iontráil ar breacadh sa leabhar turuis oifigiúil—

(a) i dtaobh an ama a hosclófar agus a dúnfar gach doras díonmhar a bheidh á oibriú le comhacht agus a bheidh feistithe idir buncaerí sna spáis eadar-leibheannacha laistíos den leibheann roinnteáin, agus gach pláta so-aistrithe den tsórt a luaidhtear i mír 3 den Sceideal so, agus gach doras díonmhar agus feiste eile den tsórt a luaidhtear i mír 1 den Sceideal so; agus

(b) i dtaobh gach ócáide ar a ndéanfar cleachtadh ar bord na luinge, do réir an Sceidil seo, ar dhóirse díonmhara agus feistí eile d'oscailt agus do dhúnadh; agus

(c) i dtaobh gach ócáide ar a ndéanfar iniúchadh ar dhóirse díonmhara agus feistí eile do réir an Sceidil seo.

8. Sa Sceideal so tá an brí céanna leis na habairtí “leibheann roinnteáin” agus “imeall-líne” fé seach atá leis na habairtí “bulkhead deck” agus “margin line” sna rialacháin um dhéanamh.

DARA SCEIDEAL.


ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.

Cuid I.

ACHTACHAIN A BHEIDH ATHGHAIRMTHE O DHATA TOSACH FEIDHME CODA I.

Gearr-Theideal

Méid na hAthghairme

An Merchant Shipping Act, 1894.

In alt a dhá chéad a dó seachtod), mir (d) d'fho-alt (3), agus mír (e) d'fho-alt (4); fo-alt (2) d'alta a dhá chéad a cúig ochtód; fo-alt (2) d'alt a ceithre chéad a seacht fichead; alt a ceithre chéad a ceathair triochad.

An Derelict Vessels (Report) Act, 1896.

An tAcht iomlán.

An t Acht Loingis Cheannaíochta (Orduithe Stiúrach), 1932 .

An tAcht iomlán.

Cuid II.

ACHTACHAIN A BHEIDH ATHGHAIRMTHE ON LA CEAPTHA.

Gearr-Theideal

Méid na hAthghairme

An Merchant Shipping Act, 1894.

Ailt a ceithre chéad a seacht triochad go dtí n-a ceithre chéad a cúig is dachad.

An Merchant Shipping Act, 1906.

Ailt a haon, a seacht, a hocht agus a deich.

Cuid III.

ACHTACHAIN A BHEIDH ATHGHAIRMTHE O DHATA AN ACHTA DO RITH.

Gearr-Theideal

Méid na hAthghairme

An Merchant Shipping (Convention) Act, 1914.

An tAcht iomlán.

An Merchant Shipping (Wireless Telegraphy) Act, 1919.

An provísó ghabhann le fo-alt (2) d'alt a haon; i bhfo-alt (4) d'alt a haon na focail “or a wireless telegraphy inspector,” agus na focail “or inspector” sa dá áit ina bhfuil na focail sin; i bhfo-alt (5) d'alt a haon, na focail “or by the Merchant Shipping (Convention) Act, 1914”; i bhfo-alt (2) d'alt a trí, na focail o “and wireless telegraphy inspector” go dti deireadh an fho-ailt sin.