2 1934


Uimhir 2 de 1934.


ACHT NA gCUAN (RÁTAÍ DO RIALÁIL), 1934.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN NA nÉILITHE DHEINEANN ÚDARÁIS CHUAIN DO RIALÁIL AGUS DO STIÚRADH, CHUN ACHTACHÁN ÁIRITHE I dTAOBH CUAN DO LEASÚ, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I gCÓIR NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [2adh Feabhra, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “údarás cuain” duine (le na n-áirmhítear bord, coiste, comhairle, no cólucht eile, pe'ca corpruithe no neamhinchorpruithe dho, ar n-a bhunú le reacht no fé, agus le n-a n-áirmhítear freisin comhairle chontae no údarás áitiúil eile, ach amháin Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn) ina bhfuil únaeracht, stiúradh, rialáil, no bainistí cuain dílsithe tré reacht, tré chonnradh, tré cheannach no tré shlí eile ar bith;

cialluíonn an focal “cuan” aon duga, piara, céibh, caladh, fánán no fánóg bhád chun, no a húsáidtear chun, cóiríochta, feistithe no ancaireachta árthach no chun, no a húsáidtear chun, earraí do chur ar bord luinge, do thógaint as luing, no d'aistriú o luing go luing, agus fós aon oibreacha, gléasra no feisteas ar n-a chur ar fáil no a húsáidtear maidir leis an gcéanna;

cialluíonn an focal “árthach” long, bád, no árthach eile de shaghas ar bith;

cialluíonn an focal “rátaí” rátaí, dleachta, custuim, agus éilithe eile, pé saghas iad, is inghearrtha ag údarás cuain alos árthach, earraí ceannaíochta de shaghas ar bith, no aer-árthach;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

Cosaint do Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn.

2. —Ní bhainfidh an tAcht so le cuan ar bith is cuan fé stiúradh no fé bhainistí Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn ná ní déanfar aon ordú fén Acht so i dtaobh na rátaí is inéilithe ag na Coimisinéirí sin alos aon chuain den tsórt san.

Orduithe cuan-rátaí do dhéanamh.

3. —(1) Más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire, ar iarratas údaráis chuain aon chuain no ar iarratas duine ar bith úsáideann an cuan san no ag á bhfuil leas in úsáid no i bhforbairt an chuain sin, no gan aon iarratas den tsórt san, féadfaidh, le hordú (dá ngairmtear ordú cuan-rátaí san Acht so), gach ráta no aon ráta dá n-éileoidh údarás cuain an chuain sin do shocrú no, más oiriúnach leis é, na rátaí maximum éileoidh an t-údarás san do shocrú, agus féadfaidh, chun na críche sin, ceiliúradh, maolú, atharú no leathnú do dhéanamh leis an ordú san ar aon fhoráil reachtúil no eile tré n-a ndeintear na rátaí no na rátaí maximum no minimum is inéilithe ag an údarás cuain sin do shocrú, do shrianadh no do rialáil ar shlí eile.

(2) Más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire, ar aon iarratas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so no gan aon iarratas den tsórt san, féadfaidh, le hordú, ordú cuan-rátaí do cheiliúradh no do leasú.

(3) Pé uair a bheidh beartaithe ag an Aire ordú cuan-rátaí do dhéanamh, do leasú no do cheiliúradh, féadfaidh, más oiriúnach leis é, a chur fé ndeár fiosrúchán puiblí do dhéanamh i dtaobh an orduithe sin do dhéanamh, do leasú no do cheiliúradh (pe'ca aca é).

(4) Raghaidh gach ordú cuan-rátaí in éifeacht o pé dáta (nách dáta roimh dháta déanta an orduithe sin) a luadhfar san ordú san.

(5) Foillseofar gach ordú cuan-rátaí san Iris Oifigiúil chó luath agus bheidh caoi ann chuige sin tar éis a dhéanta.

Iarrataisí ar orduithe cuanrátaí.

4. —(1) Féadfaidh aon údarás cuain, agus fós duine ar bith úsáideann aon chuan no ag á bhfuil leas in úsáid no i bhforbairt aon chuain, ordú cuan-rátaí alos an chuain sin d'iarraidh ar an Aire.

(2) Beidh gach iarratas ar ordú cuan-rátaí sa bhfuirm orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann.

(3) Gach údarás cuain no duine iarrfaidh orduithe cuan-rátaí fén alt so, déanfaidh, ar an Aire dá éileamh san air, pé mion-innste breise do thabhairt don Aire theastóidh ón Aire chun an iarratais sin do bhreithniú.

(4) Féadfaidh an tAire a chur mar cheangal, maidir le ráiteas ar bith a bheidh in iarratas ar ordú cuan-rátaí no cuirfear chun an Aire mar fhreagra ar éileamh ar mhion-innste fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, go ndéanfaidh duine éigin go n-eolas pearsanta ar an ráiteas san é d'fhíorú i pé slí éileoidh an tAire.

(5) Má theipeann ar aon údarás cuain no ar dhuine ar bith mion-innste no fíorú ar bith do thabhairt uaidh éileoidh an tAire air fén alt so do thabhairt uaidh féadfaidh an tAire, ar scór an teipthe sin agus gan dochar dá dhiscréid maidir leis an ordú san do dhéanamh no diúltú d'é do dhéanamh, diúltú do ghéilleadh don iarratas gur ina thaobh do héilíodh na mion-innste no an fíorú san amhlaidh.

Fógra i dtaobh orduithe cuanrátaí do dhéanamh, etc.

5. —(1) Pé uair a bheidh beartaithe ag an Aire ordú cuan-rátaí do dhéanamh, do leasú no do cheiliúradh bhéarfaidh fógra d'údarás cuain an chuain le n-a mbaineann an t-ordú beartaithe sin agus foillseoidh an t-údarás cuain sin, pé tráth no tráthanna agus i pé slí ordóidh an tAire, fógra ina mbeidh na mion-innste sin, maidir leis an ordú beartaithe sin, ordóidh an tAire.

(2) Beidh i ngach fógra fhoillseoidh údarás cuain do réir an ailt seo, i dteanta na mion-innste luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, treoracha do sna daoine uile ag á bhfuil leas sa scéal maidir le hagóidí do dhéanamh agus cúiseanna do phlé leis an Aire alos an orduithe bheartaithe sin maraon le treoracha i dtaobh an ama, na slí agus na háite ina bhféadfar na hagóidí sin do dhéanamh agus na cúiseanna san do phlé.

(3) Isé duine ar a mbeidh íoc na gcostaisí fé n-a raghaidh údarás cuain i bhfoillsiú fógra fhoillseoid do réir an ailt seo ná pé duine ordóidh an tAire.

(4) Pé uair ordóidh an tAire, maidir leis na costaisí fé n-a raghaidh údarás cuain i bhfoillsiú fógra fhoillseoid do réir an ailt seo, gur ar dhuine ar bith seachas an t-údarás cuain sin a bheidh íoc na gcostaisí sin, féadfaidh an t-údarás cuain sin na costaisí sin do bhaint den duine sin mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

(5) Gach údarás cuain go dteipfidh ortha déanamh do réir treorach do bhéarfaidh an tAire dhóibh fén alt so beid ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur ortha.

(6) Pé uair a theipfidh ar údarás cuain aon fhógra d'fhoillsiú ordóidh an tAire dhóibh a fhoillsiú fén alt so no déanamh do réir aon treorach eile bhéarfaidh an tAire dhóibh fén alt so, féadfaidh an tAire féin, gan dochar d'aon imeachta eile i gcoinnibh an údaráis chuain sin, an fógra san d'fhoillsiú no a mbeidh luaidhte sa treoir sin do dhéanamh, agus is ar an údarás cuain sin a bheidh íoc na gcostaisí uile fé n-a raghaidh an tAire chuige sin agus féadfaidh an tAire na costaisí sin do bhaint den údarás cuain sin mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

E bheith mar oblagáid rátaí socrófar le hordú d'éileamh.

6. —(1) Pé uair a bheidh ordú cuan-rátaí i bhfeidhm maidir le cuan, déanfaidh an t-údarás cuain, alos gach abhair éilimh dá mbeidh rátaí socair leis an ordú san, na rátaí bheidh socair amhlaidh agus ní haon rátaí eile is mó no is lugha ná san d'éileamh agus déanfaid, alos gach abhair éilimh dá mbeidh rátaí maximum socair leis an ordú san, rátaí nách mó ná an maximum a bheidh socair amhlaidh d'éileamh.

(2) Gach údarás cuain éileoidh aon ráta contrárdha don alt so beid ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur ortha.

Údaráis chuain do thabhairt eolais uatha.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, a cheangal ar aon údarás cuain colas do thabhairt uatha, i pé fuirm ordóidh an tAire, maidir le gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) líon agus tonnáiste iomlán na n-árthach go léir no na n-árthach d'aon tsaghas áirithe do chaluigh i gcuan an údaráis sin no do bhain úsáid as ar shlí eile i rith aon tréimhse áirithe;

(b) cineál agus méid an lasta do cuireadh, do ládáladh no do tógadh ar na hárthaigh sin no isteach ionta;

(c) cineál agus méid an lasta do dí-ládáladh as na hárthaigh sin no do haistríodh uatha go hárthaigh eile;

(d) na rátaí d'éiligh an t-údarás san alos na n-árthach san agus an lasta san fé seach;

(e) ioncum agus caiteachas an údaráis sin in aghaidh aon tréimhse áirithe;

(f) sócmhainní agus fiachaisí (más ann dóibh) an údaráis sin aon tráth áirithe;

(g) éinní bhaineann no ghabhann le ní ar bith a luaidhtear in aon cheann de sna míreanna san roimhe seo den alt so.

(2) Pé uair a thárlóidh d'údarás cuain, ar an Aire do cheangal ortha fén alt so eolas do thabhairt don Aire, go dteipfidh ortha no go ndéanfaidh diúltú maidir leis an eolas san do thabhairt uatha amhlaidh, beidh an t-údarás cuain sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur ortha.

Fiosrúcháin phuiblí.

8. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach fiosrúchán puiblí déanfar fén Acht so, sé sin le rá:—

(a) isé dhéanfaidh an fiosrúchán san ná pé duine, agus isé am a déanfar é ná pé am, a cheapfaidh an tAire;

(b) déanfaidh údarás cuain an chuain le n-a mbaineann an fiosrúchán san a chur fé ndeár fógra i dtaobh déanta an fhiosrúcháin sin do thabhairt, i pé slí ordóidh an tAire, don phuiblíocht agus do pé daoine áirithe luadhfaidh an tAire;

(c) beidh ag an duine bheidh ag déanamh an fhiosrúcháin sin, chun a chur d'fhiachaibh ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a scrúduithe fé mhionn (agus údaruítear leis seo don duine sin fínnithe do chur fé mhionn) no ar shlí eile, agus chun a chur d'fhiachaibh scríbhinní do thabhairt i láthair, na comhachta, na cearta agus na príbhléidí sin uile atá dílsithe san Ard-Chúirt no i mBreitheamh den Ard-Chúirt maidir le triail aicsin, agus beidh gairm fé láimh an duine sin có-ionann agus chó héifeachtúil le próiseas fuirmeálta ar n-a thabhairt amach ag an Ard-Chúirt chun a chur d'fhiachaibh ar fhínnithe teacht i láthair agus a chur d'fhiachaibh scríbhinní do thabhairt i láthair;

(d) má thárlann do dhuine ar bith—

(i) ar n-a ghairm go cuibhe mar fhínné ag fiosrúchán puiblí, go dteipfidh air teacht i láthair, no

(ii) ar bheith i láthair mar fhínné, go ndiúltóidh do mhionn do thabhairt a cheanglóidh neach déanta an fhiosrúcháin sin air do réir dlí do thabhairt, no d'aon scríbhinn do thabhairt i láthair a cheanglóidh neach déanta an fhiosrúcháin sin air do réir dlí do thabhairt i láthair, no d'aon cheist d'fhreagairt a cheanglóidh neach déanta an fhiosrúcháin sin air do réir dlí d'fhreagairt, no

(iii) go ndéanfaidh éinní eile bheadh, dá mba Chúirt Bhreithiúnais go gcomhacht daoine do dhaoradh mar gheall ar dhísbeagadh cúirte neach déanta an fhiosrúcháin sin, ina dhísbeagadh cúirte,

féadfaidh neach déanta an fhiosrúcháin sin cionta an duine sin do dheimhniú fé n-a láimh don Ard-Chúirt agus féadfaidh an Chúirt sin, tar éis pé fiosrú is oiriúnach léi do dhéanamh, an duine sin de phionósú no pé ní do dhéanamh is gá chun é do phionósú díreach fé is dá mbeadh sé ciontach sa Chúirt sin do dhísbeagadh;

(e) beidh teideal ag fínné, i láthair fhiosrúcháin phuiblí ar n-a dhéanamh fén Acht so, chun na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhínné i láthair na hArd-Chúirte é;

(f) na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire chun fiosrúcháin phuiblí do dhéanamh i dtaobh ar cheart ordú cuanrátaí, d'iarr údarás cuain no aon duine no cólucht daoine, do dhéanamh, do leasú no do cheiliúradh (pe'ca aca é) no nár cheart, déanfaidh an duine no na daoine sin ordóidh an tAire iad d'íoc leis an Aire agus san, i gcás níos mó ná duine amháin den tsórt san dá n-íoc, i pé cionúireachtaí ordóidh an tAire, agus isé an tAire shocróidh méid na gcostaisí sin agus ar san do shocrú amhlaidh féadfaidh an tAire an méid sin do bhaint amach dá réir sin mar fhiacha síbhialta in aon chúirt dlighinse inniúla;

(g) na costaisí fé n-a raghaidh údarás cuain chun a chur fé ndeár fógra do thabhairt do réir an ailt seo déanfaidh an duine sin ordóidh an tAire iad d'íoc agus (marab é an t-údarás cuain sin an duine sin) féadfaidh an t-údarás cuain sin iad do bhaint den duine sin mar fhiacha síbhialta in aon chúirt dlighinse inniúla;

(h) féadfaidh an duine dhéanfaidh fiosrúchán puiblí fén alt so, más dóich leis san do bheith ceart, a ordú go n-íocfaidh aon duine áirithe do bhí i láthair no go raibh ionadaí uaidh i láthair ag an bhfiosrúchán san na costaisí agus na caiteachaisí fé n-a ndeachaidh duine ar bith eile (le n-a n-áirmhítear údarás cuain) tré theacht i láthair no tré ionadaí uaidh do theacht i láthair agus tré fhianaise do thabhairt i láthair ag an bhfiosrúchán san;

(i) pé uair ordóidh an duine dhéanfaidh fiosrúchán puiblí fén alt so go n-íocfaidh duine áirithe na costaisí agus na caiteachaisí fé n-a ndeachaidh duine eile, déanfaidh máistir measaireachta den Ard-Chúirt na costaisí agus na caiteachaisí sin do mheas agus d'fháil amach ar éileamh an té le n-ar horduíodh amhlaidh no ar éileamh an té dar horduíodh amhlaidh na costaisí agus na caiteachaisí sin d'íoc agus nuair a bheidh na costaisí agus na caiteachaisí sin measta agus faighte amach amhlaidh féadfaidh an té le n-ar horduíodh amhlaidh iad d'íoc méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin do bhaint den té dar horduíodh amhlaidh iad d'íoc mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

Alt 18 den Pilotage Act, 1913, do leasú.

9. —(1) An chomhacht chun fo-dhlithe do cheiliúradh no d'atharú, no chun cur leo, a bronntar ar an Aire agus a dílsítear ann le halt 18 den Pilotage Act, 1913, mar atá san oiriúnuithe leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922) , no fé, féadfaidh an tAire, maidir le haon fho-dhlithe chun dleachta píolóideachta do shocrú, an chomhacht san d'fheidhmiú uaidh féin d'ainneoin gan aon chúis den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt san 18 do phlé leis an Aire i dtaobh an fho-dhlí sin, ach an feidhmiú san do bheith fé réir na bhforálacha eile den alt san.

(2) San alt so tá an bhrí chéanna leis an abairt “dleachta píolóideachta” atá leis an abairt “pilotage dues” san Pilotage Act, 1913.

An Ministry of Transport Act, 1919, do leasú.

10. —(1) Féadfaidh ordú déanfar fé fho-alt (1) d'alt 2 den Ministry of Transport Act, 1919, i dtaobh aistrithe comhacht agus dualgas a bhaineann le cuanta, duganna agus piaranna, féadfaidh gan feidhm do bheith aige ach maidir le comhachta agus dualgaisí bhaineann le cuan, duga agus piara áirithe amháin no níos mó no le haon cheann acu san, agus féadfaidh fós gan feidhm do bheith aige ach maidir le comhacht agus dualgas áirithe no níos mó no comhacht no dualgas áirithe no níos mó bhaineann leis na cuanta, na duganna agus na piaranna no le haon cheann acu san gur maidir leo no leis a bheidh feidhm ag an ordú san.

(2) Aistriú déanfar ar chomhachta no dualgaisí le hordú déanfar fé fho-alt (1) den alt san 2 den Ministry of Transport Act, 1919, agus go dteorainn le n-a fheidhm sa tslí a húdaruítear leis an alt so, tuigfear, chun crícheanna fo-ailt (2) den alt san 2, an t-aistriú san do dhéanamh fén alt san.

Rialacháin.

11. —Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Ciontaí do chúiseamh.

12. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir gach cionta fé alt ar bith den Acht so do chúiseamh.

Costaisí.

13. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghfar chun an Achta so do chur in éifeacht.

Gearr-theideal.

14. —Féadfar Acht na gCuan (Rátaí do Rialáil), 1934 , do ghairm den Acht so.