9 1934


Uimhir 9 de 1934.


ACHT UM CHUIT EAMH DO LUCHT OIBRE, 1934.


ACHT CHUN CODHLÚTHÚ AGUS LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ BHAINEAS LE CÚITEAMH DO LUCHT OIBRE I nDÍOBHÁIL DO THARLA DHÓIBH I gCÚRSA A bhFOSTAIOCHTA AGUS CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR ALT 18 DEN COAL MINES ACT, 1911.

[22adh Márta, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934, do ghairm den Acht so.

Tosach feidhme an Achta.

2. —Tiocfaidh an tAcht so i bhfeidhm pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire Tionnscail agus Tráchtála.

Feidhm an Achta.

3. —Ní bheidh feidhm ag an Acht so, ach amháin mar a foráltar leis go soiléir, in aon chás inar thárla an tionóisc roimh thosach feidhme an Achta so.

Mínithe.

4. —San Acht so:—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “an Chúirt” an Chúirt Chuarda;

tá na bríonna céanna leis na focail “long,” árthach,” “maraí” agus “port” fé seach atá leis na focail “ship,” “vessel,” “seaman” agus “port” fé seach sa Merchant Shipping Act, 1894;

cialluíonn an focal “bainisteoir,” nuair a húsáidtear é maidir le luing, céile na luinge no pé duine eile le n-ar thaobhuigh an t-únaér no le n-ar taobhuíodh thar ceann an únaera bainistí na luinge;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

“Oibrí”.

5. —(1) San Acht so cialluíonn an focal “oibrí” duine atá do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) gur duine é:—

(i) go bhfuil connradh seirbhíse no príntíseachta déanta aige no atá ag obair fé chonnradh seirbhíse no príntíseachta le fostóir, pe'ca chun obair láimhe, obair chléireachais no obair eile do dhéanamh é agus pe'ca ráite no iontuigthe no i mbriathra béil no i scríbhinn don chonnradh, no

(ii) thairgeann seirbhís do dhéanamh ar tuarastal le haon fheithicil no árthach do gheibhtear le húsáid o n-a húnaér fé aon chonnradh bannaíochta (seachas có-aontú cíos-cheannaigh) i gcomaoine suim áirithe no cion den tuilleamh d'íoc no i gcomaoine ní éigin eile, agus

(b) nách duine eiscithe é.

(2) Is duine eiscithe chun crícheanna an ailt seo gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) duine ar fostú chun obair seachas obair láimhe do dhéanamh agus a luach saothair os cionn tré chéad go leith púnt sa bhliain;

(b) duine gur fostaíocht ócáideach atá aige maran duine é:—

(i) atá ar fostú chun crícheanna trádála no gnótha a fhostóra, no

(ii) atá ar fostú chun crícheanna aon chluiche no caitheamh aimsire agus gur tré chlub a fostuítear no a híoctar é, no

(iii) atá ar fostú chun crícheanna aon oibre i dtigh no timpeal tighe a fhostóra;

(c) ball den Ghárda Síochána;

(d) ball d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann, agus ball den Chúltaca do bunuíodh fé Chuid III den Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923) , d'áireamh, maidir le tionóisc ar bith de dheascaibh agus i gcúrsa a sheirbhíse míleata no ní ar bith eile fé n-a chonnradh liostála;

(e) duine dá dtugtar amach earraí no abhair le déanamh suas, le glanadh, le nighe, le hatharú, le hórnáidiú no le deisiú, no le hoiriúnú chun a ndíolta, agus san ina áit chomhnaithe féin no in áitreabh eile ná fuil fé chúram no fé bhainistí an té bheireann amach na habhair no na hearraí;

(f) duine de líntighe an fhostóra chomhnuíonn i dtigh an fhostóra.

(3) Má chítear don Chúirt le linn aon imeacht chun cúitimh fén Acht so do bhaint amach gur connradh nea-dhleathach an connradh seirbhíse no príntíseachta fé n-a raibh an duine gortuithe ag obair nuair do thárla an tionóisc ba thrúig leis an ngortú féadfaidh an Chúirt, más dóich léi, ag féachaint do chúrsaí uile na cháis, gur ceart san do dhéanamh, deighleáil leis an scéal fé is dá mba dhuine ag obair fé chonnradh dhleathach seirbhíse no príntíseachta an duine gortuithe le linn na tionóisce do thárlachtaint.

(4) Déanfar tagairtí san Acht so d'oibrí do gortuíodh do léiriú, más marbh don oibrí, mar thagairtí fholuíonn tagairtí dá ionadaí phearsanta dhlíthiúil no dá chleithiúnaithe no do dhuine eile go mbeidh cúiteamh iníoctha leis no chun tairbhe dho.

An brí atá le “duine de líntighe”.

6. —San Acht so cialluíonn an abairt “duine den líntighe” bainchéile no fear céile, athair, máthair, sean-athair, seanamháthair, leas-athair, leas-mháthair, mac, inghean, duine de chlann chloinne, leas-mhac, leas-inghean, driotháir, drifiúr, leasdriotháir, leas-drifiúr.

An brí atá le “cleithiúnaithe”.

7. —(1) San Acht so cialluíonn an focal “cleithiúnaithe” na daoine sin de líntighe fir oibre do bhí i gcleithiúnas tuillimh an fhir oibre sin i bpáirt no go hiomlán le linn a bháis no do bheadh i gcleithiúnas amhlaidh mara mbeadh an mí-chumas do tháinig den tionóisc ba thrúig bháis don fhear oibre sin, agus i gcás oibrí is tuismitheoir no sean-athair no seana-mháthair dhuine chloinne thabhartha d'fhágaint duine chloinne den tsórt sin do bhí i gcleithiúnas a thuillimh amhlaidh, no i gcás oibrí is duine cloinne tabhartha d'fhágaint tuismitheora no sean-athar no seanamháthar do bhí i gcleithiúnas a thuillimh amhlaidh, folóidh an focal san an duine cloinne tabhartha agus an tuismitheoir no an sean-athair no an tseana-mháthair sin fé seach.

(2) Nuair a húsáidtear an abairt “cleithiúnaí fásta” san Acht so maidir le hoibrí marbh cialluíonn sí cleithiúnaí ar an oibrí sin nách fé bhun cúig bliana déag d'aois do ar dháta an oibrí sin d'fháil bháis agus foluíonn sí duine, seachas cleithiúnaí ar an bhfear oibre sin do réir bhrí fo-ailt (1) den alt so, nách fé bhun cúig bliana déag d'aois do ar dháta an oibrí sin d'fháil bháis agus do bhí in éintigheas leis an oibrí sin agus i lán-chleithiúnas ar a thuilleamh ar an dáta san.

(3) Nuair a húsáidtear an abairt “cleithiúnaí óg” san Acht so maidir le hoibrí marbh cialluíonn sí cleithiúnaí ar an bhfear oibre sin gur fé bhun cúig bliana déag d'aois do ar dháta ar oibrí sin d'fháil bháis agus foluíonn sí duine, seachas cleithiúnaí ar an oibrí sin do réir bhrí fo-ailt (1) den alt so, gur fé bhun cúig bliana déag do ar dháta an oibrí sin d'fháil bháis agus do bhí in éintigheas leis an oibrí sin agus i lán-chleithiúnas ar a thuilleamh ar an dáta san.

(4) Ní tuigfear, chun crícheanna an Achta so, duine do bheith ina pháirt-chleithiúnaí ar dhuine eile mara raibh sé i gcleithiúnas go leathrannach ar shíntiúisí ón duine eile sin chun na ngnáthriachtanaisí maireachtana do bheadh oiriúnach do dhaoine d'aon aicme agus ar aon chéim leis do sholáthar.

(5) Chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo tuigfear árachas do bheith ar cheann de sna gnáth-riachtanaisí maireachtana.

An brí atá le “fostóir”.

8. —(1) San Acht so foluíonn an focal “fostóir” duine ar bith agus ionadaí pearsanta dlíthiúil fostóra mhairbh.

(2) Má dheineann an té le n-a ndearna oibrí connradh seirbhíse no príntíseachta seirbhísí an oibrí sin do thabhairt ar iasacht do dhuine eile no do chur ar tuarastal chuige go sealadach tuigfear chun crícheanna an Achta so an chéad duine sin a luaidhtear do leanúint de bheith ina fhostóir don oibrí sin faid a bheidh sé ag obair don duine eile sin.

(3) Má bhíonn duine á thairisgint seirbhís do dhéanamh ar tuarastal le haon fheithicil no árthach do gheibhtear le húsáid o n-a húnaer fé chonnradh bhannaíochta, tuigfear chun crícheanna an Acht so gurb é an t-únaer sin is fostóir don duine sin.

(4) Má bhíonn duine ar fostú chun crícheanna aon chluiche agus gur tré chlub a fostuítear no a híoctar é tuigfear chun crícheanna an Achta so gurb é is fostóir don duine sin ná bainisteoir no baill choiste bhainistí an chlub san.

(5) Má bhíonn duine ar fostú ag únaerí luinge ná fuil cláruithe i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Loingis Cheannaíochta tuigfear chun crícheanna an Achta so gurb é gníomhaire na n-únaerí sin is fostóir don oibrí sin mara gcomhnuíonn na húnaerí sin no mara bhfuil áit ghnótha acu i Saorstát Éireann.

(6) Má bhíonn duine ar fostú fé údarás áitiúil no fé údarás phuiblí eile, tuigfear chun crícheanna an Achta so, agus d'ainneoin ceapadh an duine sin ag an údarás san no briseadh an duine sin ag an údarás san do bheith fé réir Aire Stáit dá cheadú, gurb é an t-údarás san is fóstóir don duine sin.

Údaráis áitiúla agus phuiblí.

9. —Tuigfear chun crícheanna an Achta so gurb é feidhmiú agus cólíonadh a gcomhacht agus a ndualgas ag údarás áitiúil no ag údarás puiblí eile trádáil no gnó an údaráis sin.

Dochtúirí réitigh.

10. —(1) Féadfaidh an tAire o am go ham pé dochtúirí réitigh (dá ngairmtear dochtúirí réitigh san Acht so) agus pé méid aca is dóich leis is gá, agus a cheadóidh an tAire Airgid, do cheapadh chun crícheanna an Achta so.

(2) Ní foláir gach dochtúir réitigh do bheith ina dhochtúir leighis chuibhe-cháilithe.

(3) Beidh gach dochtúir réitigh i seilbh oifige ar pé téarmaí agus ar pé coinníollacha, agus gheobha sé pé luach saothair agus liúntaisí, cheapfaidh an tAire le cead ón Aire Airgid.

(4) Má bhí dochtúir réitigh ar fostú mar dhochtúir leighis, i gcás ar bith fén Acht so, ag fostóir no ag oibrí no ag aon árachóirí go mbaint acu leis an gcás no thar ceann fostóra no oibrí no aon árachóirí den tsórt san ní ghníomhóidh sé mar dhochtúir réitigh sa chás san.

Rialacháin.

11. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh ní no ruda ar bith dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Costaisí.

12. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire agus an tAire Dlí agus Cirt fén Acht so.

Athghairm

13. —(1) Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Chéad Chuid den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san, ach san fé réir na bhforálacha so leanas:—

(a) leanfaidh na hachtacháin sin de bhaint do bheith aca le cásanna inar thárla an tionóisc roimh thosach feidhme an Achta so agus, chun na críche sin, aon scéim, ordú, riail, rialachán no có-aontú do deimhníodh, do tugadh amach no do rinneadh no éinní eile do rinneadh fé sna hachtacháin a hathghairmtear amhlaidh agus a bheidh i bhfeidhm le linn tosach feidhme an Achta so, leanfa sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige fé is ná déanfaí na hachtacháin sin d'athghairm;

(b) ní dhéanfaidh athghairm fo-ailt (2) d'alt 16 den Workmen's Compensation Act, 1906, deifir do bhaint na Workmen's Compensation Acts, 1897 and 1900, le cásanna go bhfuil baint le bheith ag na hAchtanna san leo de bhuadh an fho-ailt sin.

(2) Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Dara Cuid den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Méadú ar íocaíocht sheachtainiúil fé sna Workmen's Compensation Acts, 1897 and 1900, agus fén Workmen's Compensation Act, 1906, i gcásanna mí-chumais iomláin.

14. —Má bhíonn oibrí, aon uair tar éis tosach feidhme an Achta so, i dteideal íocaíochta seachtainiúla mar chúiteamh fén Workmen's Compensation Act, 1906, no fé sna Workmen's Compensation Acts, 1897 and 1900, alos mí-chumais iomláin do tháinig de dheascaibh tionóisce do thárla roimh thosach feidhme an Achta so, ansan, in ionad bheith i dteideal na breise do bheadh iníoctha fé sna Workmen's Compensation (War Addition) Acts, 1917 and 1919, i dteanta na híocaíochta seachtainiúla san dá gcoimeádtaí na hAchtanna san i bhfeidhm, beidh teideal ag an oibrí sin, faid a bheidh sé fé mhí-chumas iomlán, chun suim is có-ionann le trí cheathrú de mhéid na híocaíochta seachtainiúla san d'fháil i dteanta na híocaíochta seachtainiúla san agus, chun gach críche, deighleálfar leis an suim sin fé is dá mba chuid den íocaíocht sheachtainiúil sin í.

CUID II.

Cuiteamh i nDiobhail Phearsanta do Lucht Oibre agus Freagarthacht inti.

Fostóirí do bheith freagarthach do lucht oibre i ndíobháil.

15. —(1) Má deintear in aon fhostaíocht díobháil phearsanta d'oibrí de dheascaibh agus i gcúrsa na fostaíochta dlighfidh a fhostóir, fé réir forálacha an Achta so, cúiteamh d'íoc do réir forálacha an Achta so.

(2) Más bás no mí-chumas mór buan a thiocfaidh d'oibrí as tionóisc tuigfear chun crícheanna an Achta so gur de dheascaibh agus i gcúrsa a fhostaíochta do thárla an tionóisc sin d'ainneoin an oibrí sin do bheith, le linn na tionóisce sin do thárlachtaint, ag gníomhú contrárdha d'aon rialachán reachtúil no rialachán eile bhaineann le n-a fhostaíocht no contrárdha d'aon orduithe do thug a fhostóir uaidh no tugadh thar ceann a fhostóra no ag gníomhú gan ordú ó n-a fhostóir más chun críche trádála no gnótha a fhostóra agus maidir leis do rinne an t-oibrí sin an gníomh san.

Gan an fostóir do bheith freagarthach i gcásanna áirithe.

16. —(1) Ní bheidh fostóir freagarthach fén Acht so alos aon díobhála ná cuirfidh oibrí ar feadh tréimhse trí lá ar a laighead o bheith ábalta ar lán-phágh do thuilleamh san obair ina raibh sé ar fostú le linn na díobhála san d'eirghe dho.

(2) Ní bheidh fostóir freagarthach fén Acht so alos aon díobhála d'aon oibrí 'na gcruthófar gurbh é mí-iompar mór toiliúil an oibrí sin fé ndeár í mara dtagaidh bás no mí-chumas mór buan an oibrí sin de dheascaibh na díobhála san.

Toirmeasc ar chonnradh do dhéanamh chun dul saor ón Acht so.

17. —(1) Aon chonnradh idir fostóir agus éinne dá lucht oibre le n-a gcuirtear forálacha eile in ionad forálacha an Achta so, pe'ca roimh thosach feidhme an Achta so no dá éis sin do rinneadh é, beidh sé, fé réir forálacha an ailt seo, gan brí gan éifeacht.

(2) Ní bhainfidh an t-alt so le connradh ar bith a húdaruítear do dhéanamh fé sna forálacha den Acht so bhaineann le malairtiú freagarthachta fé scéim freagarthachta fén Acht so.

Daoine i dteideal cúitimh.

18. —(1) Má bhíonn cúiteamh iníoctha fén Acht so i ndíobháil d'oibrí nár thrúig bháis do íocfar an cúiteamh leis an oibrí sin no cuirfear é, sa tslí foráltar leis an Acht so, chun tairbhe don oibrí sin.

(2) Má bhíonn cúiteamh iníoctha fén Acht so i ndíobháil d'oibrí ba thrúig bháis do—

(a) déanfar mar leanas le pé méid (más aon mhéid é) den chúiteamh san gurb é an chnap-shuim do dhaoine fásta é—

(i) i gcás gan é d'fhágaint ach aon chleithiúnaí fásta amháin ina dhiaidh, íocfar é leis an gcleithiúnaí sin no cuirfear é, sa tslí foráltar leis an Acht so, chun tairbhe don chleithiúnaí sin;

(ii) i gcás é d'fhágaint beirt chleithiúnaithe fásta no níos mó ina dhiaidh, dáileofar é ar na cleithiúnaithe sin i pé cionúireachtaí ordóidh an Chúirt, agus an méid a dáileofar amhlaidh chun aon chleithiúnaí íocfar é leis an gcleithiúnaí sin no cuirfear é, sa tslí foráltar leis an Acht so, chun tairbhe don chleithiúnaí sin;

(b) déanfar mar leanas le pé méid (más aon mhéid é) den chúiteamh san gurb é an chnap-shuim do leanbhaí é—

(i) i gcás gan é d'fhágaint ach aon chléithiúnaí óg amháin ina dhiaidh, cuirfear é chun tairbhe don chleithiúnaí sin sa tslí foráltar leis an Acht so;

(ii) i gcás é d'fhágaint beirt chleithiúnaithe óga no níos mó ina dhiaidh, cuirfear é chun tairbhe do sna cleithiúnaithe sin sa tslí foráltar leis an Acht so;

(c) mara bhfága sé cleithiúnaí fásta ná cleithiúnaí óg ina dhiaidh, íocfar an cúiteamh san le n-a ionadaí pearsanta no, mara mbeidh aon ionadaí den tsórt san aige, íocfar é leis na dacine go mbeidh na costaisí freastail leighis agus adhlacain ag dul dóibh agus san i pé scaireanna ordóidh an Chúirt cheal có-aontuithe idir na daoine sin.

(3) I gcás cúiteamh gurb é bheidh ann, ar fad no go leathrannach, ná an chnap-shuim do dhaoine fásta do bheith iníoctha fén Acht so i ndíobháil d'oibrí ba thrúig bháis don oibrí sin agus an t-oibrí sin d'fhágaint lán-chleithiúnaithe fásta agus páirtchleithiúnaithe fásta ina dhiaidh ní léireofar ní ar bith san Acht so mar ní thoirmeascann an chnap-shuim do dhaoine fásta do dháiliú go leathrannach chun na lán-chleithiúnaithe sin agus go leathrannach chun na bpáirt-chleithiúnaithe sin.

(4) I gcás cleithiúnaí fásta no cleithiúnaí óg d'éag sara ndeintear éileamh fén Acht so no, má bhíonn éileamh déanta, sara ndeintear moladh, ní bheidh ceart ar bith ag ionadaí pearsanta dlíthiúil an chleithiúnaí chun cúitimh d'íoc leis agus déanfar méid an chúitimh d'áireamh agus do dháiliú fé is dá n-éagadh an cleithiúnaí roimh an oibrí.

Fo-chonnartha do dhéanamh.

19. —(1) Má dheineann duine ar bith (dá ngairmtear an príomh-pháirtí san alt so), i gcúrsa no chun críche a thrádála no a ghnótha, connradh le duine ar bith eile (dá ngairmtear an connarthóir san alt so) chun go ndéanfadh an connarthóir, no chun go ndeanfaí fén gconnarthóir iomlán aon oibre no aon chuid d'aon obair a geobhaidh an príomh-pháirtí de láimh, dlighfidh an príomh-pháirtí, fé réir forálacha an ailt seo, íoc do dhéanamh, le hoibrí ar bith a bheidh ar fostú chun aon obair den tsórt san do dhéanamh, in aon chúiteamh fén Acht so do dhlighfeadh d'íoc dá mba aige féin do bheadh an t-oibrí sin ar fostú.

(2) Má dheineann oibrí, de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo, cúiteamh d'éileamh ar an bpríomh-pháirtí no imeachta do bhunú ina aghaidh, déanfar tagairtí san Acht so d'fhostóir an oibrí sin do léiriú mar thagairtí don phríomh-pháirtí ach déanfar méid an chúitimh d'áireamh do réir thuillimh an oibrí fén gconnarthóir.

(3) Más le bualadh, le treabhadh no le hobair thalmhaíochta eile bhaineann an connradh idir an príomh-pháirtí agus an connarthóir agus má dheineann an connarthóir meaisínteacht a tiomáintear le hinneall-chomhacht do sholáthar agus d'úsáid chun críche na hoibre sin, isé an connarthóir amháin a dhlighfidh fén Acht so cúiteamh d'íoc le haon oibrí bheidh ar fostú aige san obair sin.

(4) Má dhligheann príomh-pháirtí de bhuadh an ailt seo cúiteamh d'íoc le hoibrí beidh sé i dteideal a shlánuithe, in aghaidh na freagarthachta san, ag duine ar bith do dhlighfeadh an cúiteamh san d'íoc gan spleáchas leis an alt so, agus cheal có-aontuithe isí an Chúirt a shocróidh gach ceist a bhaineann leis an gceart chun na slánaíochta san agus le n-a méid.

(5) Ní oibreoidh an t-alt so chun oibrí do thoirmeasc ar chúiteamh fén Acht so do bhaint den chonnarthóir in ionad é do bhaint den phríomh-pháirtí.

(6) Ní bheidh feidhm ag an alt so in aon chás inar thárla an tionóisc ba bhun leis an éileamh ar chúiteamh in aon áit seachas san áitreabh no timpeal an áitreibh gur ghaibh an príomhpháirtí de láimh an obair do dhéanamh ann no do bhí fé n-a stiúradh no fé n-a bhainistí ar shlí ar bith eile.

Fostóir do ghnó-bhriseadh.

20. —(1) I gcás connradh (dá ngairmtear connradh árachais san alt so) do bheith déanta ag aon fhóstóir le haon árachóirí i dtaobh freagarthachta ar bith fén Acht so a bheidh ar an bhfóstóir sin d'oibrí ar bith, ansan, má thagann an fostóir sin chun bheith gnó-bhriste no má dheineann socrú no réiteach le n-a chreidteoirí no más rud é, i gcás gur cuideachta an fostóir sin, go mbeidh tosnuithe ar ghnó na cuideachtan san do chríochnú no go mbeidh glacadóir no bainisteoir ceaptha go cuibhe do ghnó na cuideachtan san no go mbeidh seilbh tógtha, ag sealbhóirí no thar ceann sealbhóirí bintiúirí bheidh urruithe le muirear soghluaiste, ar aon mhaoin le n-a mbaineann an muirear san no bheidh fén muirear san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas:—

(a) d'ainneoin éinní atá in aon achtachán déanfar cirt an fhostóra san i gcoinnibh na n-árachóirí sin maidir leis an bhfreagarthacht san d'aistriú chun an oibrí agus dílseoid ann agus, ar aon aistriú den tsórt san do dhéanamh, beidh ag na hárachóirí sin na cirt agus na leigheasanna céanna do bheadh acu, agus beidh ortha na freagarthachtaí céanna do bheadh ortha, dá mb'iad an fostóir iad, ach san i slí ná beidh aon fhreagarthacht ar na hárachóirí sin don oibrí thar mar do bheadh ortha don fhostóir, agus

(b) más lugha freagarthacht na n-árachóirí ná freagarthacht an fhostóra don oibrí féadfaidh an t-oibrí an t-iarmhéid do chruthú sa ghnó-bhriseadh no sa ghnó-scaoileadh no féadfaidh an t-iarmhéid do bhaint den ghlacadóir no den bhainisteoir, pe'ca aca é.

(2) I gcás gan connradh árachais do bheith déanta ag fostóir (is duine aonair), ansan, má thagann an fostóir sin chun bheith gnó-bhriste no má dheineann socrú no réiteach le n-a chreidteoirí, áirmheofar ar na fiacha nach foláir fé alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, iad d'íoc roimh na fiacha eile go léir le linn maoin agus sócmhainní duine ghnóbhriste no féichimh réitigh do bheith á roinnt, áirmheofar ortha an méid a bheidh dlite ar an bhfostóir sin mar gheall ar aon chúiteamh no freagarthacht i gcúiteamh fén Acht so agus d'fhás roimh dháta an orduithe bhreithiúnúcháin, i gcás an fostóir sin do theacht chun bheith gnó-bhriste, no roimh dháta cumhduithe na hachuinghe um réiteach, i gcás an fostóir sin do theacht chun bheith ina fhéicheamh réitigh.

(3) I gcás gan connradh árachais do bheith déanta ag fostóir (is cuideachta), ansan, má bhíonn tosnuithe ar ghnó na cuideachtan do chríochnú áirmheofar ar na fiacha nách foláir, fé alt 209 den Companies (Consolidation) Act, 1908, iad d'íoc roimh na fiacha eile go léir le linn gnó cuideachtan do bheith á chríochnú, áirmheofar ortha an méid a bheidh dlite ar an gcuideachtain sin mar gheall ar aon chúiteamh no freagarthacht i gcúiteamh fén Acht so agus d'fhás roimh an dáta luaidhtear i bhfo-alt (5) den alt san 209.

(4) Nuair ná beidh connradh árachais déanta ag fostóir (is cuideachta), ansan, má bhíonn glacadóir no bainisteoir ceaptha go cuibhe do ghnó na cuideachtan, no seilbh tógtha ag sealbhóirí no thar ceann sealbhóirí bintiúirí bheidh urruithe le muirear so-ghluaiste ar aon mhaoin le n-a mbaineann an muirear san no bheidh fén muirear san, áirmheofar ar na fiacha nách foláir fé alt 107 den Companies (Consolidation) Act, 1908, iad d'íoc roimh aon éileamh ar airgead colna no ar ús mar gheall ar bhintiúirí, airmheofar ortha an méid a bheidh dlite ar an gcuideachtain mar gheall ar aon chúiteamh no freagarthacht i gcúiteamh fén Acht so agus d'fhás roimh an dáta ar ar ceapadh an glacadóir no an bainisteoir no ar ar tógadh seilbh mar a luaidhtear san alt san 107.

(5) Nuair is íocaíocht sheachtáiniúil an cúiteamh tuigfear, chun crícheanna fo-altanna (2), (3) agus (4) den alt so, gurb é méid atá dlite mar gheall air ná méid na cnap-shuime ar a bhféadfaí an íocaíocht sheachtainiúil d'fhuascailt dá mbeadh sí ionfhuascailte agus dá ndeineadh an fostóir iarratas chuige sin fén Acht so.

(6) Ní bheidh feidhm ag an alt so i gcás gnó cuideachtan do chriochnú go saor-thoileach chun na cuideachtan d'ath-chóiriú no do chó-nascadh le cuideachtain eile agus chuige sin amháin.

CUID III.

Meid an Chuitimh, agus Iocaiochtai Seachtainiula d'Athscrudu agus d'Fhuascailt.

“Tuilleamh” agus “Meántuilleamh seachtainiúil”.

21. —Chun crícheanna na bhforálacha den Acht so bhaineann le “tuilleamh” agus le “meán-tuilleamh seachtainiúil” oibrí beidh feidhm ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) áirmheofar meán-tuilleamh seachtainiúil sa tslí is fearr ina bhféadfar teacht ar ráta sheachtainiúil an luach saothair do bhí ag an oibrí;

(b) más rud é, toisc giorracht na haimsire do bhí an t-oibrí ar fostú ag á fhostóir no toisc an fhostaíocht do bheith ócáideach no toisc téarmaí na fostaíochta, gur ródheacair ar dháta na tionóisce an ráta luach saothair d'áireamh féadfar féachaint don mheán-mhéid sheachtainiúil do bhí, i gcaitheamh na bliana roimh an tionóisc, á thuilleamh ag duine sa ghrád chéanna agus é ar fostú san obair chéanna ag an bhfostóir gcéanna no, i gcás gan éinne do bheith ar fostú amhlaidh, ag duine sa ghrád chéanna agus é ar fostú sa tsaghas chéanna fostaíochta agus sa cheanntar chéanna;

(c) má rinne an t-oibrí connartha seirbhíse có-reathacha le beirt fhostóirí no níos mó agus má bhí sé ag obair fé sna connartha san ag fostóir acu san seal agus ag fostóir eile acu seal eile, áirmheofar a mheán-tuilleamh seachtainiúil fé is dá mba thuilleamh i bhfostaíocht an fhostóra dá raibh sé ag obair le linn na tionóisce a thuilleamh fé sna connartha san uile;

(d) tuigfear go gcialluíonn bheith ar fostú ag an bhfostóir gcéanna bheith ar fostú ag an bhfostóir gcéanna sa ghrád ina raibh an t-oibrí ar fostú le linn na tionóisce, gan bearna i dtréimhse na fostaíochta de dhruim bheith as láthair o obair de dheascaibh breoiteachta no aon chúise do-sheachanta eile;

(e) má ba ghnáth leis an bhfostóir suim d'íoc leis an oibrí in aghaidh aon chostaisí speisialta bhíodh ar oibrí toisc cineál na fostaíochta ní háirmheofar mar chuid den tuilleamh an tsuim a híoctaí amhlaidh;

(f) ar an oibrí dá iarraidh sin ar an bhfostóir a dhlighfidh cúiteamh d'íoc bhéarfaidh an fostóir sin uaidh i scríbhinn liost de thuillimh an oibrí sin gur féidir méid an mhéan-tuillimh sheachtainiúla d'áireamh dá réir chun méid aon íocaíochta seachtainiúla fén Acht so do dhéanamh amach.

Cúiteamh i gcás bás do theacht as tionóisc.

22. —(1) I gcás cúiteamh do bheith iníoctha fén Acht so i ndíobháil d'oibrí ba thrúig bháis don oibrí sin beidh feidhm ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má fhágann an t-oibrí sin cleithiúnaí fásta ina dhiaidh ach ná fágfaidh aon chleithiúnaí óg isé bheidh sa chúiteamh ná cnap-shuim (dá ngairmtear an chnap-shuim do dhaoine fásta san Acht so) de mhéid a háirmheofar do réir na rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

(b) má fhágann an t-oibrí sin cleithiúnaí fásta ina dhiaidh agus fós cleithiúnaí óg isé bheidh sa chúiteamh ná—

(i) an chnap-shuim do dhaoine fásta, agus

(ii) cnap-shuim (dá ngairmtear an chnap-shuim do leanbhaí san Acht so) de mhéid a háirmheofar do réir na rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

(c) mara bhfágaidh an t-oibrí sin aon chleithiúnaí fásta ina dhiaidh ach go bhfágfaidh cleithiúnaí óg, isé bheidh sa chúiteamh ná cnap-shuim (dá ngairmtear freisin san Acht so an chnap-shuim do leanbhaí) de mhéid a háirmheofar do réir na rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

(d) mara bhfágaidh an t-oibrí cleithiúnaí fásta ná cleithiúnaí óg ina dhiaidh, isé bheidh sa chúiteamh ná cnap-shuim ná raghaidh thar cúig púint déag agus a bheidh cóionann le costaisí réasúnta an fhreastail liaghachta do rinneadh air agus an adhlactha tugadh do.

(2) Má rinneadh aon íocaíochtaí seachtainiúla dob iníoctha le hoibrí d'fhuascailt le hordú ón gCúirt no tré chó-aontú do rinneadh fén Acht so no má fuascladh, tré chó-aontú do rinneadh fén Acht so, an fhreagarthacht in íocaíochtaí seachtainiúla do dhéanamh no más rud é, i gcás fostóir do shéanadh a fhreagarthachta in íocaíocht sheachtainiúil do dhéanamh le hoibrí fén Acht so, go ndearna an fostóir sin agus an t-oibrí sin có-aontú fén Acht so le n-a ndearna an t-oibrí sin, i gcomaoin an fostóir sin d'íoc cnap-shuime leis an oibrí sin, an fostóir sin do shaoradh o n-a fhreagarthacht, má b'ann di, sna híocaíochtaí seachtainiúla san do dhéanamh agus más có-ionann le sé chéad púnt no más mó ná san an tsuim do híocadh alos na fuascailte no an tsaortha san (pe'ca aca é), ní féadfar aon chúiteamh fén Acht so do mholadh alos báis an oibrí sin.

Méid an chúitimh i gcás gan an duine d'fháil bháis.

23. —Má bhíonn cúiteamh iníoctha fén Acht so i ndíobháil d'oibrí nár thrúig bháis don oibrí sin isé bheidh sa cúiteamh ná íocaíocht sheachtainiúil ar feadh tréimhse an mhí-chumais (ach amháin ar feadh an trí lá tosaigh de thréimhse an mhí-chumais sin más giorra ná ceithre seachtaine an tréimhse sin) de mhéid a háirmheofar do réir na rialacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Mí-chumas leathrannach d'áireamh mar mhí-chumas iomlán.

24. —(1) Má thárlann d'oibrí 'na mbeidh téarnuithe aige ón díobháil chó fada le bheith oiriúnach ar shaghas áirithe oibre do dhéanamh, go dteipfidh air obair d'fháil agus má chítear don Chúirt—

(a) gur dócha, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, go mbeadh ar chumas an oibrí, mara mbeadh iarsmaí na díobhála do bheith fós air, obair d'fháil sa ghrád chéanna sa chineál chéanna fostaíochta ina raibh sé roimh an tionóisc; no

(b) gurb í an díobháil amháin no gurb í is mó fé ndeár é theip air obair d'fháil,

ansan, fé réir forálacha an ailt seo, ordóidh an Chúirt mí-chumas an oibrí d'áireamh mar mhí-chumas iomlán, de dheascaibh na díobhála, ar feadh pé tréimhse agus fé réir pé coinníollacha a socrófar leis an ordú, ach san gan dochar don cheart athscrúduithe bronntar leis an Acht so.

(2) Ní déanfar ordú ar bith fén alt so más dóich leis an gCúirt ná dearna an t-oibrí gach ní réasúnta chun oibre d'fháil.

(3) Gach ordú déanfar fén alt so déanfar é fé réir an choinníll go scuirfe sé de bheith i bhfeidhm má gheibheann an t-oibrí sochar díomhaointis

(4) Féadfar ordú fén alt so do dhéanamh d'ainneoin aon ordú no orduithe do bheith déanta cheana maidir leis an oibrí céanna alos na díobhála céanna.

Ath-scrúduithe ar íocaíochtaí seachtainiúla.

25. —(1) Má bhíonn oibrí ag fáil iocaíochta seachtainiúla féadfaidh an Chúirt, ar n-a iarraidh sin don fhostóir no don oibrí, an íocaíocht sheachtainiúil sin d'ath-scrúdú agus ar an ath-scrúdú san do dhéanamh féadfaidh an íocaíocht sheachtainiúil sin do dhaingniú, do chur ar ceal, do laigheadú no do mhéadú, ach ní mhéadóidh sí an íocaíocht sheachtainiúil sin thar an méid maximum a foráltar fén Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) I gcás an t-oibrí do bheith fé bhun bliain is fiche d'aois ar dháta na tionóisce agus an t-ath-scrúdú do dhéanamh breis agus sé mhí tar éis na tionóisce agus an t-ath-scrúdú d'iarraidh roimh bhliain is fiche do bheith slán ag an oibrí no laistigh de shé mhí ina dhiaidh sin, féadfar méid na híocaíochta seachtainiúla do mhéadú go dtí pé méid do molfaí dá mbeadh an t-oibrí le linn na tionóisce ag tuilleamh na suime seachtainiúla is dócha do bheadh á tuilleamh aige ar dháta an ath-scrúduithe dá mbeadh sé gan díobháil do dhéanamh do.

(3) Má deintear an t-ath-scrúdú breis agus sé mhí tar éis na tionóisce agus má deirtear agus má cruthuítear, dá mbeadh an t-oibrí gan díobháil do dhéanamh do agus dá leanadh sé air i bhfostaíocht den tsaghas chéanna ina raibh sé ar dháta na tionóisce, go mbeadh a mheán-tuilleamh seachtainiúil i rith na bliana díreach roimh an ath-scrúdú breis agus fiche per cent. níos mó no níos lugha, toisc atharuithe ar rátaí luach saothair, ná a mheán-tuilleamh seachtainiúil i rith na bliana roimh an tionóisc no, má hatharuíodh an íocaíocht sheachtainiúil roimhe sin tar éis ath-scrúduithe, i rith na bliana roimh an ath-scrúdú san no roimh an ath-scrúdú deiridh den tsórt san, atharófar an íocaíocht sheachtainiúil i slí go mbeidh sí mar do bheadh sí i gcás na rátaí luach saothair do bhí i bhfeidhm i rith na bliana roimh an athscrúdú do bheith i bhfeidhm i rith na bliana roimh an tionóisc.

Srian le fostóir do chur íocaíochtaí seachtainiúla ar ceal no i laighead.

26. —(1) Ní bheidh fostóir i dteideal íocaíocht sheachtainiúil do chur ar ceal ná do laigheadú ach amháin fé ordú ón gCúirt no fé chó-aontú atharúcháin a bheidh cláruithe go cuibhe fé Chuid VI den Acht so no fén alt so agus dá réir.

(2) Beidh fostóir i dteideal íocaíocht sheachtainiúil do chur ar ceal no do laigheadú sna cásanna so leanas—

(a) i gcás oibrí do gheibheann íocaíocht sheachtainiúil alos mí-chumais iomláin do dhul thar n-ais chun oibre;

(b) i gcás tuilleamh seachtainiúil oibrí, do gheibheann íocaíocht sheachtainiúil alos mí-chumais leathrannaigh, do mhéadú.

(3) I gcás é bheith deimhnithe ag an dochtúir, do rinne oibrí do gheibheann íocaíocht sheachtainiúil do scrúdú fé sna forálacha den Acht so bhaineann le dochtúir leighis an fhostóra do dhéanamh scrúduithe dochtúra ar an oibrí, go bhfuil téarnuithe ag an oibrí i bpáirt no go hiomlán ón díobháil no nách í an tionóisc is trúig feasta i bpáirt ná go hiomlán leis an mí-chumas, agus i gcás cóip den deimhniú (agus cuirfear síos sa deimhniú san fáthanna tuairime an dochtúra leighis) do bheith seirbheálta ag an bhfostóir ar an oibrí maraon le fógra go bhfuil an fostóir ar aigne an íocaíocht sheachtainiúil do chur ar ceal, no do laigheadú pé méid adeirtear sa bhfógra, i gceann lá is fiche glan o dháta seirbheála an fhógra, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má chuireann an t-oibrí chun an fhostóra, sara mbeidh an lá is fiche glan san caithte, tuarasgabháil o dhochtúir leighis (agus cuirfear síos sa tuarasgabháil sin fáthanna a thuairime) ag easaontú leis an deimhniú do sheirbheáil an fostóir amhlaidh, ní déanfar an íocaíocht sheachtainiúil do chur ar ceal ná do laigheadú ach amháin do réir na tuarasgabhála san no, má chuireann agus sa mhéid go gcuirfidh an fostóir i gcoinnibh na tuarasgabhála san, do réir deimhnithe do bhéarfaidh an dochtúir réitigh uaidh do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le dochtúir réitigh do dhéanamh scrúduithe ar an oibrí;

(b) mara gcuirtear aon tuarasgabháil den tsórt san chun an fhostóra laistigh den aimsir sin, féadfaidh an fostóir an íocaíocht sheachtainiúil do chur ar ceal no do laigheadú do réir téarmaí an fhógra san.

(4) I gcás é bheith iarrtha, do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le dochtúir réitigh do dhéanamh scrúduithe ar an oibrí, an t-aighneas do chur fé bhráid dochtúra réitigh beidh sé dleathach don fhostóir na suimeanna so leanas d'íoc isteach sa Chúirt go dtí go socrófar an t-aighneas—

(a) má b'fhógra chun na híocaíochta seachtainiúla do chur ar ceal fógra an fhostóra, iomlán gach íocaíochta seachtainiúla thiocfaidh chun bheith iníoctha idir an dá linn;

(b) má b'fhógra chun na híocaíochta seachtainiúla do laigheadú fógra an fhostóra, pé méid a bheidh fé aighneas de gach íocaíocht sheachtainiúil a bheidh iníoctha amhlaidh;

agus ar shocrú an aighnis déanfar na suimeanna a híocfar isteach sa Chúirt amhlaidh d'íoc leis an bhfostóir no leis an oibrí do réir éifeachta deimhnithe an dochtúra réithigh no, má bhíonn easaontas i dtaobh éifeachta an deimhnithe sin, fé mar a chinnfidh an Chúirt cheal có-aontuithe.

(5) Bainfidh an t-alt so le híocaíochtaí seachtainiúla fén Workmen's Compensation Act, 1906, chó maith le híocaíochtaí seachtainiúla fén Acht so, agus chun críche na bainte sin le híocaíochtaí seachtainiúla fén Workmen's Compensation Act, 1906, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas—

(a) an tagairt atá i bhfo-alt (3) den alt so do sna forálacha den Acht so bhaineann le dochtúir leighis an fhostóra do dhéanamh scrúduithe dochtúra ar an oibrí léireofar í mar thagairt do mhír (14) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Workmen's Compensation Act, 1906, adubhradh; agus

(b) na tagairtí atá i bhfo-alt (3) agus (4) den alt so do sna forálacha den Acht so bhaineann leis an dochtúir réitigh do dhéanamh scrúduithe ar an oibrí léireofar iad mar thagairtí do mhír (15) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Workmen's Compensation Act, 1906.

Iocaíochtaí seachtainiúla d'fhuascailt.

27. —(1) Má leanadh ar feadh sé mí ar a laighead d'aon íocaíocht sheachtainiúil do dhéanamh le hoibrí gur buan a mhíchumas féadfaidh fostóir an oibrí sin, uair ar bith tar éis an oibrí sin do shlánú bliain agus fiche agus roimh shlánú caoga bliain do, ordú d'iarraidh ar an gCúirt ag fuascailt a fhreagarthachta san íocaíocht sheachtainiúil sin do dhéanamh agus ar n-a iarraidh sin ordóidh an Chúirt an fhreagarthacht san d'fhuascailt, o dháta an iarratais sin amach, tríd an bhfostóir sin d'íoc cnapshuime de mhéid do cheannódh don oibrí sin, dá gcuirtí í ar dháta an iarratais sin chun gar-bhlianachta saoil do cheannach, blianacht ba chó-ionann le cúig seachtód per cent. de luach bhliantúil na híocaíochta seachtainiúla san.

(2) Chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo tuigfear gur féidir blianacht shaoil do cheannach ar phraghas a déanfar amach do réir an Táible atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus ní har aon tslí eile.

(3) Má leanadh ar feadh sé mí ar a laighead d'aon íocaíocht sheachtainiúil do dhéanamh le hoibrí nách buan a mhí-chumas, féadfar, ar iarratas chun na Cúirte ón bhfostóir no thar a cheann, freagarthacht fostóra an fhir oibre sin san íocaíocht sheachtainiúil sin d'fhuascailt tré chnap-shuim d'íoc de mhéid a chinnfidh an Chúirt.

(4) Féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar aon chnap-shuim den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (1) no (3) den alt so do shúncáil no do chur ar shlí ar bith eile chun tairbhe don té bheidh ina teideal.

(5) Má deintear iarratas fé fho-alt (3) den alt so chun fuascailt do dhéanamh ar an íocaíocht sheachtainiúil a deintear le hoibrí bheidh fé bhun bliain agus fiche d'aois ar dháta an iarratais sin cuirfear san áireamh an ceart do bheadh ag an oibrí sin, mara ndeintí an fhuascailt, chun méadú d'fháil ar an íocaíocht sheachtainiúil sin tar éis ath-scrúdúithe fé alt 25 den Acht so (alt a bhaineann le hathscrúduithe ar íocaíochtaí seachtainiúla).

CUID IV.

Coinniollacha i dTaobh Cuitimh.

Fógra i dtaobh tionóisce go generálta.

28. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo agus an chéad ailt ina dhiaidh seo ní hionsuidhte imeachta chun cúitimh i ndíobháil do bhaint amach fén Acht so mara ndearnadh fógra (dá ngairmtear fógra i dtaobh tionóisce san Acht so) i dtaobh na tionóisce do thabhairt i scríbhinn chó luath agus dob' fhéidir é tar éis í thárlachtaint agus sarar fhág an t-oibrí dá dheoin féin an fhostaíocht ina ndearnadh an díobháil do.

(2) Ní dhéanfaidh easba fógra ná aon locht no nea-chruinneas i bhfógra i dtaobh tionóisce cosc do chur le himeachta chun cúitimh i ndíobháil do bhaint amach do shuidheamh má cruthuítear go bhfuair an fostóir eolas ar an tionóisc ar shlí éigin eile le linn no timpeal ama na tionóisce no más deimhin leis an gCúirt, ar éisteacht na n-imeacht san di, nách dochar do chosaint an fhostóra an easba, an locht no an nea-chruinneas san, no nár dhochar san amhlaidh dá ndeintí fógra no fógra leasuithe do thabhairt ansan agus an éisteacht do chur ar ath-ló, no gurbh carráid no bheith as láthair o Shaorstát Éireann no cúis réasúnta eile fé ndeár an easba, an locht no an nea-chruinneas san.

(3) Bhéarfar i bhfógra i dtaobh tionóisce ainm agus seoladh an té dá ndearnadh an díobháil agus luadhfar ann, i ngnáth-chaint, trúig na díobhála agus an dáta ar ar thárla an tionóisc.

(4) Féadfar fógra i dtaobh tionóisce do thabhairt don fhostóir no, má bhíonn níos mó ná aon fhostóir amháin ann, do dhuine de sna fostóirí sin, no d'aon tsaoiste no oifigeach eile go mbeidh an t-oibrí ag obair fé n-a mhaoirseacht no d'éinne ainmneoidh an fostóir chuige sin.

(5) Féadfar fógra i dtaobh tionóisce do thabhairt tré n-a sheachadadh in áit chomhnaithe no in áit ghnótha an té dá mbeidh sé le tabhairt no tré n-a chur tríd an bpost i litir chláruithe fé sheoladh na háite sin.

(6) Más cólucht de dhaoine corpruithe no nea-chorpruithe an fostóir féadfar fógra i dtaobh tionóisce do thabhairt freisin tré n-a sheachadadh, no tré n-a chur tríd an bpost i litir chláruithe bheidh dírithe chun an fhostóra, in oifig an chóluchta san no, má bhíonn níos mó ná aon oifig amháin ann, in aon cheann d'oifigí an chóluchta san.

Fógraí i dtaobh tionóiscí i mianaigh agus i monarchana.

29. —(1) Coimeádfar postálta suas i gcomhnaí ag gach mianach, coiréal, monarcha no siopa oibre no in aice leis, in áit éigin shofheicse inarbh uiriste don mhuintir ar fostú ansan é do léigheamh, achmaireacht sa bhfuirm orduithe ar na forálacha den Acht so bhaineann le fógra i dtaobh tionóisce agus ar an nós imeachta a leanfar i gcás galra tionnscail agus má thagann an achmaireacht san chun bheith agha-loitithe, scriosta amach no díthithe, athnuadhfar í chó luath agus is féidir é go réasúnta.

(2) Más rud é, in aon mhianach, coiréal, monarcha no siopa oibre, ná cólíonfar forálacha an fho-ailt sin roimhe seo beidh únaer, gníomhaire no bainisteoir an mhianaigh no an choiréil sin no sealbhaire na monarchan no an tsiopa oibre sin, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(3) Féadfaidh cigire mianach no monarchana aon imeachta fén bhfo-alt san roimhe seo do bhunú.

(4) Ní dhéanfaidh easba fógra ná aon locht no nea-chruinneas i bhfógra i dtaobh tionóisce cosc do chur le leanúint d'imeachta chun cúitimh do bhaint amach fén Acht so i gcás gur únaer mianaigh no coiréil no sealbhaire monarchan no siopa oibre an fostóir—

(a) más rud é nár postáladh suas an achmaireacht a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so no, i gcás í theacht chun bheith agha-loitithe, scriosta amach no díthithe, nár hathnuadhadh í do réir an fho-ailt sin; no

(b) má rinne an fostóir no má rinneadh thar a cheann an tionóisc do thuairisciú do chigire mhianach no mhonarchana; no

(c) má hiontráladh an tionóisc in aon chlár de thionóiscí choimeádann an fostóir no coimeádtar thar a cheann ag an mianach, ag an gcoiréal, ag an monarchain no ag an siopa oibre; no

(d) má cuireadh cóir leighis ar an díobháil in othar-sheomra ag an mianach, ag an gcoiréal, ag an monarchain no ag an siopa oibre.

(5) San alt so agus sa chéad alt eile ina dhiaidh seo foluíonn an abairt “monarcha no siopa oibre” aon oibreacha no áitreabh le n-a mbaineann aon cheann d'fhorálacha na Factory and Workshops Acts, 1901 to 1920.

Leabhar de thionóiscí ag mianaigh, etc.

30. —(1) Coimeádfar ag gach mianach, coiréal, monarcha no siopa oibre leabhar (dá ngairmtear an leabhar de thionóiscí san alt so) sa bhfuirm orduithe ina bhféadfaidh duine ar bith na mioninnste orduithe d'iontráil i dtaobh aon tionóisce thárlóidh do no ina bhféadfaidh duine éigin eile, ag gníomhú thar a cheann, na mion-innste sin d'iontráil.

(2) Coimeádfar an leabhar de thionóiscí in áit ina bhféadfaidh oibrí ar bith dá dtárlóidh díobháil agus do bhí ar fostú ag an mianach, ag an gcoiréal, ag an monarchain no ag an siopa oibre no duine ar bith a bheidh ag gníomhú bona fide thar a cheann teacht air go héascaidh gach tráth réasúnta.

(3) Má hiontráltar tionóisc sa leabhar de thionóiscí chó luath agus is féidir é tar éis na tionóisce do thárlachtaint tuigfear chun crícheanna an Achta so gur fógra dleathach i dtaobh na tionóisce an iontráil sin.

(4) Más rud é, in aon mhianach, coireál, monarcha no siopa oibre, ná cólíonfar forálacha fo-alt (1) agus (2) den alt so tuigfear gan an mianach, an coiréal, an mhonarcha no an siopa oibre sin do bheith á bhainistí ná á choimeád do réir na n-achtachán a bhaineann leis.

Teora ama chun imeachta do bhunú.

31. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní féadfar imeachta do bhunú chun cúitimh i ndíobháil do bhaint amach fén Acht so mara dtosnuítear ar na himeachta san laistigh de shé mhí tar éis na tionóisce ba thrúig leis an díobháil do thárlachtaint no, i gcás éaga, laistigh de shé mhí o dháta an éaga.

(2) Má thárlann teip maidir le tosnú ar imeachta laistigh den tréimhse luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo ní chuirfidh san cosc leis na himeachta san do bhunú má gheibhtear gur tré earráid, tré bheith as láthair o Shaorstát Éireann no tré chúis réasúnta eile do thárla an teip.

Coinníoll i dtaobh áite comhnaithe.

32. —(1) Má scuireann oibrí gheibheann íocaíocht sheachtainiúil de bheith ina chomhnaí i Saorstát Eirenan, scuirfidh ansan de bheith i dteideal íocaíocht sheachtainiúil ar bith d'fháil mara ndeimhnighidh dochtúir leighis an fhostóra gur mhaith an rud, mar gheall ar staid shláinte an oibrí, go gcomhnódh an t-oibrí lasmuich de Shaorstát Éireann no mara ndeimhnighidh dochtúir réitigh gur dócha gur buan don mhí-chumas do tháinig as an díobháil.

(2) Má dheimhníonn dochtúir leighis an fhostóra no dochtúir réitigh amhlaidh beidh an t-oibrí i dteideal suim na n-íocaíocht seachtainiúil sin d'fháil gach ráithe do tháinig chun bheith dlite i rith na ráithe roimhe sin faid a chruthóidh, i pé slí agus i gceann pé tréimhsí ceapfar le rialacha cúirte, gurb é an t-oibrí sin é agus go bhfuil sé fós fén mí-chumas 'na bhfuil an íocaíocht sheachtainiúil iníoctha mar gheall air.

Dochtúir leighis an fhostóra do dhéanamh scrúduithe dochtúra ar oibrí.

33. —(1) I gcás oibrí do thabhairt fógra i dtaobh tionóisce no i gcás tionóisc do thárlachtaint go gceaduítear déanamh in éamais an fhógra fén Acht so ina taobh déanfaidh, má cheanglann a fhostóir san air, dul os cóir dochtúra leighis chuibhe-cháilithe, ar n-a chur ar fáil agus ar n-a íoc ag á fhostóir, chun go scrúdófaí é agus má dhiúltann do dhul fén scrúdú san no má chuireann bac air i slí ar bith beidh a cheart chun cúitimh d'fháil agus chun aon imeachta do bhunú no do chur ar aghaidh fén Acht so i dtaobh cúitimh, beidh san ar fiunraoi go dtí go ndéanfar an scrúdú san.

(2) Má bhíonn oibrí ar bith ag fáil íocaíochtaí seachtainiúla fén Acht so déanfaidh o am go ham, má cheanglann a fhostóir san air, dul os cóir dochtúra leighis chuibhe-cháilithe, ar n-a chur ar fáil agus ar n-a íoc ag an bhfostóir, chun go scrúdófaí é agus má dhiúltann do dhul fén scrúdú san no má chuireann bac air i slí ar bith beidh a cheart chun na n-íocaíocht seachtainiúil sin ar fiunraoi go dtí go ndéanfar an scrúdú san.

(3) Ní bheidh sé de cheangal ar oibrí dul os cóir dochtúra leighis chun a scrúduithe fé aon cheann de sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so ach amháin do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire fén alt so ná níos minicí ná mar a hordófar leis na rialacháin sin.

Dochtúir réitigh do dhéanamh scrúduithe ar oibrí.

34. —(1) I gcás oibrí do dhul fé scrúdú, do réir an ailt deiridh sin roimhe seo, ag dochtúir leighis ar n-a chur ar fáil ag á fhostóir no é do dhul fé scrúdú ag dochtúir leighis a chuirfe sé féin ar fáil agus i gcás an fostóir no an t-oibrí sin, pe'ca aca é, do thabhairt chóipe de thuarasgabháil an dochtúra leighis sin, ar staid an oibrí sin, don duine eile laistigh de shé lá tar éis an scrúduithe sin, ansan mara gcó-aontuighidh an fostóir agus an t-oibrí sin i dtaobh staid an oibrí sin no i dtaobh a oiriúnachta chun oibre, féadfaidh an fostóir agus an t-oibrí sin no éinne acu a iarraidh ar an gclárathóir contae ordú (dá ngairmtear ordú réitigh san alt so) do dhéanamh ag cur an scéil fé bhráid dochtúra réitigh agus leis sin déanfaidh an clárathóir contae an t-ordú réitigh sin maran rud é gur iarratas o aon pháirtí amháin an t-iarratas agus gur dóich leis an gclárathóir gur cheart, mar gheall ar chineál an cháis, gurb í an Chúirt do bhéarfadh breith ar an scéal.

(2) Má dhiúltann an clárathóir contae d'ordú réitigh do dhéanamh no má dheineann sé ordú réitigh agus gan ach aon pháirtí amháin á iarraidh sin air, luighfidh athchomharc chun na Cúirte i gcoinnibh an diúltaithe sin no an orduithe réitigh sin (pe'ca aca é) agus ní bheidh dul thar an mbreith do bhéarfaidh an Chúirt ar an athchomharc san.

(3) Pé uair a géillfear d'iarratas ar ordú réitigh íocfaidh an t-iarratasóir no na hiarratasóirí leis an gclárathóir contae, sara dtabharfar amach an t-ordú, pé táille ná raghaidh thar púnt agus a socrófar le rialacháin a dhéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt le ceadú an Aire Airgid.

(4) Déanfaidh an clárathóir contae gach táille a híocfar leis fén bhfo-alt san roimhe seo d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(5) Pé uair a déanfar ordú réitigh déanfaidh an dochtúir réitigh a bheidh ainmnithe san ordú san an t-oibrí le n-a mbaineann an t-ordú do scrúdú láithreach agus bhéarfaidh uaidh, do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire, deimhniú i dtaobh staid an fhir oibre sin agus i dtaobh a oiriúnachta chun oibre agus luadhfaidh, más gá san, an saghas oibre ar a mbeidh an t-oibrí sin oiriúnach.

(6) Beidh gach deimhniú o dhochtúir réitigh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo ina fhianaise dho-chlaoite ar na nithe bheidh deimhnithe ann do réir an fho-ailt sin.

(7) Maran féidir d'fhostóir agus d'oibrí có-aontú i dtaobh ce'ca de dheascaibh na tionóisce tháinig mí-chumas an oibrí sin no nách eadh agus cadé an méid de tháinig amhlaidh beidh feidhm ag na forálacha san roimhe seo den alt so, fé réir aon rialachán a dhéanfaidh an tAire, fé is dá mba cheist i dtaobh staid an oibrí sin no i dtaobh a oiriúnachta chun oibre an cheist do bheadh ann.

(8) Más rud é, ar n-a cheangal ar oibrí dul, chun a scrúduithe, os cóir dochtúra réitigh gur cuireadh an scéal fé n-a bhráid le hordú réitigh, go ndiúltóidh do san do dhéanamh no go gcuirfidh bac ar an scrúdú san i slí ar bith beidh a cheart chun cúitimh d'fháil agus chun aon imeachta do bhunú no do chur ar aghaidh fén Acht so i dtaobh cúitimh no, i gcás oibrí gheibheann íocaíocht sheachtainiúil, a cheart chun na híocaíochta seachtainiúla san, beidh san ar fiunraoi go dtí go ndéanfar an scrúdú san.

(9) Féadfar rialacha cúirte do dhéanamh chun a shocrú conus scríbhinn do thabhairt no do sheirbheáil agus conus iarrataisí do dhéanamh fén alt so agus cadiad na fuirmeacha a húsáidfear chun na gcrícheanna san.

Ceart chun cúitimh do chur ar fiunraoi.

35. —Má cuirtear ceart chun cúitimh ar fiunraoi fén gCuid seo den Acht so ní bheidh aon chúiteamh iníoctha in aghaidh tréimhse na fiunraoíochta san.

CUID V.

Dlighinse na Cuirte Cuarda.

Dlighinse na Cúirte Cuarda.

36. —(1) Is ag an gCúirt Chuarda amháin a bheidh dlighinse chun gach éilimh ar chúiteamh eireoidh fén Acht so d'éisteacht agus chun breithe do thabhairt air agus (i dteanta gach comhachta agus dlighinse bronntar go sonnrách ar an gCúirt Chuarda leis an Acht so) beidh comhacht aici agus is aici amháin a bheidh dlighinse chun gach ní agus ceist eireoidh as aon éileamh den tsórt san no bhaineann leis d'éisteacht agus chun breithe do thabhairt ortha.

(2) Luighfidh athchomharc go díreach chun na Cúirte Uachtaraighe, i dtaobh ceiste dlí, i gcoinnibh aon bhreithe do bhéarfaidh an Chúirt Chuarda fén Acht so, ach lasmuich de sin beidh an bhreith sin ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi.

Rialacha Cúirte.

37. —Na Rialacha Cúirte atá ann chun crícheanna na nAcht a hathghairmtear leis an Acht so agus a bheidh i bhfeidhm le linn tosach feidhme an Achta so beidh feidhm acu, gus na hatharuithe is gá ortha, chun crícheanna an Achta so go dtí go ndéanfar Rialacha Cúirte chun crícheanna an Achta so.

An Chúirt Chuarda agus clárathóirí contae d'fheidhmiú dlighinse.

38. —(1) Isé fheidhmeoidh an dlighinse bronntar leis an Acht so ar an gCúirt Chuarda ná an Breitheamh den Chúirt Chuarda bheidh dáilithe de thurus na huaire don chuaird a bheidh ceaptha le Rialacha Cúirte agus san san áit sa chuaird sin a luaidhtear sna rialacha san.

(2) Má bhíonn éinní no aon rud le déanamh fén Acht so ag an gclárathóir contae no maidir leis, ansan isé an clárathóir contae a bheidh ceaptha chuige sin le Rialacha Cúirte a dhéanfaidh, no is maidir leis a déanfar, an céanna.

Liaigh-mheastóir do bheith i láthair.

39. —(1) Féadfaidh an Chúirt, i gcás ar bith, dochtúir réitigh do ghairm chun suidhe mar mheastóir don Chúirt.

(2) Féadfaidh páirtí ar bith in aon imeachta fén Acht so a iarraidh ar an gCúirt a chur fé ndeár dochtúir réitigh do ghairm chun suidhe mar mheastóir don Chúirt le linn éisteacht na n-ímeacht san agus, ar an iarratas san do dhéanamh agus ar an bpáirtí sin d'íoc pé táille leis an gclárathóir contae ceapfar le rialacháin a dhéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt le ceadú ón Aire Airgid, déanfaidh an Chúirt dochtúir réitigh do ghairm dá réir sin.

(3) Déanfaidh an clárathóir contae gach táille gheobha sé fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(4) Fé réir rialachán a dhéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt le có-aontú an Aire Airgid, féadfaidh an Chúirt éinní dheallróidh bheith táchtach i gcúrsaí aon cheiste eireoidh in imeachta fén Acht so bheidh os cóir na Cúirte do chur fé bhráid dochtúra réitigh chun tuarasgabhála do thabhairt air.

Ordú do rinne an Chúirt cheana d'atharú.

40. —Más rud é, ar iarratas do dhéanamh do réir Rialacha Cúirte, go bhfeicfear don Chúirt gur cheart, mar gheall ar bhaintreach do thabhairt faillí i leanbhaí no mar gheall ar atharú ar chúrsaí na gcleithiúnaithe iomdha no ar aon leor-chúis eile, atharú do dhéanamh ar ordú do rinne an Chúirt i dtaobh suime ar bith gurb í an chnap-shuim do dhaoine fásta í do híocadh mar chúiteamh do dháiliú ar na cleithiúnaithe uile agus fé seach no i dtaobh conus suim ar bith is iníoctha le haon chleithiúnaí den tsórt san do shúncáil no do chur chun críche, no conus deighleáil léi ar aon tslí eile, féadfaidh an Chúirt pé ordú do dhéanamh is dóich léi is ceart mar gheall ar chúrsaí an cháis chun an orduithe roimhe sin d'atharú.

Cúiteamh do chur chun críche.

41. —(1) Másé bheidh in aon chúiteamh is iníoctha fén Acht so i mbás oibrí ná an chnap-shuim do dhaoine fásta beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) mara mbeidh ann ach aon chleithiúnaí amháin déanfar an chnap-shuim do dhaoine fásta d'íoc leis an gcleithiúnaí no d'íoc isteach sa Chúirt, do réir mar ordóidh an Chúirt;

(b) ma bhíonn beirt chleithiúnaithe no níos mó ann déanfar an méid den chnap-shuim do dhaoine fásta dáileofar do gach cleithiúnaí fé leith acu san d'íoc leis an gcleithiúnaí sin no d'íoc isteach sa Chúirt, do réir mar ordóidh an Chúirt.

(2) Másé bheidh in aon chúiteamh is iníoctha fén Acht so i mbás oibrí ná an chnap-shuim do leanbhaí déanfar an chnapshuim do leanbhaí d'íoc isteach sa Chúirt.

(3) Má bhíonn íocaíocht sheachtainiúil iníoctha fén Acht so le duine bheidh fé mhí-ábaltacht dlíthiúil ar bith féadfaidh an Chúirt, ar iarratas do réir Rialacha Cúirte, a ordú go ndéanfar an íocaíocht sheachtainiúil d'íoc isteach sa Chúirt le ré na mí-ábaltachta san.

(4) Na forálacha atá sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh éifeacht acu maidir le hairgead a híocfar isteach sa Chúirt fén alt so agus maidir le n-a chur chun críche agus le n-a shúncáil.

(5) Is leor admháil an chlárathóra chontae mar ghlanadh ar airgead ar bith a híocfar isteach sa Chúirt fén alt so.

Táillí Cúirte.

42. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní bheidh aon táillí Cúirte iníoctha, ag aon pháirtí in imeachta ar bith a bhunóidh oibrí no a bunófar i gcoinnibh oibrí fén Acht so, roimh an gCúirt do dhéanamh an orduithe ag deonadh no ag diúltadh cúitimh.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt so maidir le táillí ar bith is iníoctha fé sna forálacha den Acht so bhaineann le dochtúir réitigh do scrúdú lucht oibre no le liaigh-mheastóir do bheith i láthair.

Cúiteamh agus costaisí d'íoc.

43. —Suim ar bith a molfar mar chúiteamh is ar admháil an té le n-a mbeidh sí iníoctha fé aon chó-aontú no ordú ón gCúirt a híocfar í mara n-íoctar isteach sa Chúirt fén Acht so í agus ní bheidh atúrnae neach éilithe cúitimh fén Acht so i dteideal aon chostaisí do bhain le himeachta fén Acht so do bhaint de ná nasc ar an suim do moladh no ar ar có-aontuíodh mar chúiteamh d'éileamh alos na gcostaisí sin ná na costaisí sin do bhaint as an suim sin, ach amháin pé suim a mholfaidh an Chúirt ar n-a iarraidh don neach éilithe cúitimh no dá atúrnae an méid costaisí a híocfar leis an atúrnae do chinneadh agus is fé réir a measiniúchta agus fé réir an scála de chostaisí bheidh ceaptha le Rialacha Cúirte molfar an tsuim sin.

CUID VI.

Co-Aontuithe i dTaobh Cuitimh.

Nithe gur gá gurb í an Chúirt a dhéanfaidh iad.

44. —Má bhíonn cúiteamh iníoctha fén Acht so i ndíobháil d'oibrí ba thrúig bháis don oibrí sin agus má fhágann an t-oibrí sin aon chleithiúnaí fásta no cleithiúnaí óg ina dhiaidh isí an Chúirt a dhéanfaidh agus ní har aon tslí eile déanfar na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) méid an chúitimh sin do chinneadh;

(b) a fháil amach cé hé an duine no cé hiad na daoine atá i dteideal an chúitimh sin;

(c) a chinneadh conus a dáileofar an cúiteamh san.

Cláracha de Chó-aontuithe fén Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934.

45. —Déanfar, chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an Achta so do rith, clár da ngairmfear agus ar a dtabharfar an Clár de Chó-aontuithe fén Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934, agus dá ngairmtear an clár sa Chuid seo den Acht so do bhunú i ngach Oifig Chúirte Cuarda agus déanfar, as san amach, an clár san do choimeád agus do choinneáil ar siúl ansan do réir rialachán ar n-a ndéanamh ag an Aire Dlí agus Cirt.

Is i scríbhinn a bheidh na có-aontuithe.

46. —Is i scríbhinn a bheidh gach có-aontú go n-iarrfar fén gCuid seo den Acht so é chlárú agus beidh sé sighnithe ag na páirtithe bheidh páirteach ann.

Có-aontú i dtaobh íocaíochta seachtainiúla.

47. —Má dheineann fostóir agus oibrí có-aontú (dá ngairmtear có-aontú i dtaobh íocaíochta seachtainiúla san Acht so) ag socrú méid na híocaíochta seachtainiúla déanfar leis an oibrí sin fén Acht so, ní oibreoidh an có-aontú san, ná ní oibreoidh íoc na suime is iníoctha fé, chun méid na híocaíochta seachtainiúla san do shocrú mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar é chlárú go cuibhe fén gCuid seo den Acht so, ach ar bheith cláruithe dho amhlaidh oibreoidh an có-aontú san agus beidh feidhm aige, ón dáta bheidh air, fé is dá mb'ordú é ón gCúirt ag socrú méid na híocaíochta seachtainiúla san.

Có-aontuithe atharúcháin.

48. —I gcás méid íocaíochta seachtainiúla dhéanfaidh fostóir le hoibrí fén Acht so do bheith socair ag an gCúirt no tré chó-aontú agus an fostóir agus an t-oibrí sin do dhéanamh có-aontuithe (dá ngairmtear có-aontú atharúcháin san Acht so) le n-a ndéanfar an íocaíocht sheachtainiúil sin do chur ar ceal, do laigheadú, no do mhéadú, ní oibreoidh an có-aontú san, mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar é chlárú go cuibhe fén Acht so, chun na híocaíochta seachtainiúla san do chur ar ceal, do laigheadú, ná do mhéadú (pe'ca aca é), ach ar bheith cláruithe amhlaidh don chó-aontú san oibreoidh sé agus beidh éifeacht aige, ón dáta bheidh luaidhte ann chuige sin, fé is dá mb'ordú é ón gCúirt ag cur na híocaíochta seachtainiúla san ar ceal no á laigheadú no á méadú (pe'ca aca é).

Iocaíocht sheachtainúil d'fhuascailt tré chó-aontú.

49. —I gcás méid íocaíochta seachtainiúla dhéanfaidh fostóir le hoibrí fén Acht so do bheith socair ag an gCúirt no tré chó-aontú idir na páirtithe agus i gcás na páirtithe do dhéanamh có-aontuithe (dá ngairmtear có-aontú fuascailte san Acht so) tré n-a gcó-aontóidh an t-oibrí sin, i gcomaoine an fostóir sin d'íoc cnap-shuime leis an oibrí sin, an fostóir sin do shaoradh o bheith freagarthach i leanúint den íocaíocht sheachtainiúil sin do dhéanamh, ní oibreoidh an có-aontú san ná íoc na cnap-shuime sin, mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar an có-aontú san do chlárú go cuibhe fén Acht so, chun an fhostóra san do shaoradh o bheith freagarthach i leanúint den íocaíocht sheachtainiúil sin do dhéanamh, ach ar bheith cláruithe amhlaidh do oibreoidh sé agus beidh éifeacht aige dá réir sin chun an fhostóra san do shaoradh ón bhfreagarthacht san ón dáta bheidh luaidhte chuige sin sa chó-aontú san.

Có-aontuithe malartaíochta.

50. —I gcás fostóir d'admháil a fhreagarthachta in íocaíocht sheachtainiúil do dhéanamh fén Acht so le hoibrí, ach gan méid na híocaíochta seachtainiúla san do bheith socair ag an gCúirt ná tré chó-aontú idir na páirtithe agus i gcás na páirtithe do dhéanamh có-aontuithe (dá ngairmtear có-aontú malartaíochta san Acht so) tré n-a gcó-aontóidh an t-oibrí sin, i gcomaoine an fostóir sin d'íoc cnap-shuime leis an oibrí sin, an fostóir sin do shaoradh ón bhfreagarthacht san ní oibreoidh an có-aontú san, mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar é chlárú go cuibhe fén Acht so, chun an fhostóra san do shaoradh ón bhfreagarthacht san, ach ar bheith cláruithe dho amhlaidh oibreoidh sé agus beidh éifeacht aige chun an fhostóra san do shaoradh ón bhfreagarthacht san.

Có-aontú i bhfuirm chó-rétigh i dtaobh éilimh a séanfar.

51. —Má shéanann fostóir a fhreagarthacht in íocaíocht sheachtainiúil do dhéanamh fén Acht so le hoibrí, féadfaidh an fostóir agus an t-oibrí sin có-aontú do dhéanamh (dá ngairmtear có-aontú i bhfuirm chó-réitigh san Acht so) tré n-a gcó-aontóidh an t-oibrí sin, i gcomaoine an fostóir sin d'íoc cnap-shuime leis an oibrí sin, an fostóir sin do shaoradh ón bhfreagarthacht san (más ann di) ní oibreoidh an có-aontú san, mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar é chlárú go cuibhe fén Acht so, chun an fhostóra san do shaoradh ón bhfreagarthacht san (más ann di), ach ar bheith cláruithe dho amhlaidh oibreoidh sé mar shaoradh ón bhfreagarthacht san (más ann di).

Có-aontuithe i dtaobh cnap-shuime.

52. —(1) Luadhfar i ngach có-aontú fuascailte, có-aontú malartaíochta agus có-aontú i bhfuirm chó-reitigh an méid (más aon mhéid é) d'íoc an fostóir no is iníoctha aige, mar chostaisí, le hatúrnae an oibrí fén gcó-aontú san no alos an chó-aontuithe sin.

(2) Más rud é, ar aon chó-aontú den tsórt san do chur chun an chlárathóra chontae chun a chláruithe fén Acht so, gur léir an méid do híocadh no is iníoctha fé alos na gcostaisí sin do bheith iomarcach féadfaidh an clárathóir contae a ordú don atúrnae le n-ar híocadh na costaisí sin no le n-a bhfuilid iníoctha bille de sna costaisí sin do thabhairt uaidh agus ar an mbille sin do thabhairt amhlaidh déanfaidh an clárathóir contae, fé réir an Chúirt do dhéanamh ath-scrúduithe, na costaisí do mheasiniúchadh do réir Rialacha Cúirte agus más rud é, ar dhéanamh an mheas-iniúchta san, go laigheadófar na costaisí sin cuirfear méid an laigheaduithe sin, agus deighleálfear leis, chun tairbhe don oibrí no íocfar leis an bhfostóir é no deighleálfar leis ar shlí eile do réir mar ordóidh an Chúirt.

Iarrataisí ar chó-aontuithe do chlárú.

53. —(1) Féadfaidh duine ar bith go leas aige in aon chó-aontú i dtaobh íocaíochta seachtainiúla, có-aontú atharúcháin, có-aontú fuascailte, có-aontú malartaíochta no có-aontú i bhfuirm chóréitigh an có-aontú san do chur chun an chlárathóra chontae maraon le hiarratas ar é chlárú sa chlár.

(2) Déarfar san iarratas san ce'ca duine fé árachas an t-oibrí is páirtí sa chó-aontú no nách eadh agus más duine fé árachas é luadhfar san iarratas ainm agus seoladh an chumainn cheaduithe riarann sochar breoiteachta no mí-chumais fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1933, is iníoctha leis an oibrí sin agus beidh ann freisin pé mion-innste eile is gá do réir Rialacha Cúirté.

(3) Ar aon chó-aontú agus iarratas den tsórt san d'fháil do, déanfaidh an clárathóir contae fógra go bhfuair sé iad do sheirbheáil ar gach duine go leas aige ionta agus fós, más duine fé árachas an t-oibrí, ar an gcumann ceaduithe le n-a mbaineann an scéal agus ní clárófar aon chó-aontú den tsórt san fén Acht so go ceann seacht lá tar éis dáta seirbheála an fhógra san.

(4) San Acht so gairmtear fógra-pháirtí de gach duine ar ar gá, do réir an ailt seo, fógra do sheirbheáil i dtaobh iarratais ar chó-aontú do chlárú.

Cur i gcoinnibh cláruithe.

54. —(1) Duine ar bith ar a seirbheálfaidh an clárathóir contae fógra i dtaobh iarratais ar chó-aontú do chlárú, féadfaidh, laistigh de sheacht lá tar éis seirbheála an fhógra san, fógra (dá ngairmtear fógra agóide san Acht so) do chur chun an chlárathóra chontae ag cur i gcoinnibh cláruithe an chó-aontuithe sin do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh duine ar bith den tsórt san cur i gcoinnibh cláruithe an chó-aontuithe sin ar aon scór no scóranna acu so leanas, eadhon—

(i) ná dearnadh aon chó-aontú den tsórt san;

(ii) nách leor an tsuim atá le n'íoc fén gcó-aontú san;

(iii) gur tré chalaois, tré fhábhar nea-chuibhe no ar shlí nea-cheart eile do fuarthas an có-aontú san;

(iv) ná fuil na téarmaí ar ar chó-aontuigh na páirtithe curtha síos sa cheart sa chó-aontú san;

(v) ná fuil an có-aontú san ar marthain ná infhoirfheidhmithe a thuilleadh;

(vi) aon scór, i dteanta na scór san roimhe seo, ar a ndéanfadh cúirt chothruim, dá mb'abhar do chúis dlí um shan-chólíonadh an có-aontú san, diúltadh do shan-chólíonadh an chéanna d'ordú; agus

(b) más có-aontú i dtaobh íocaíochta seachtainiúla an co-aontú san agus go n-iarrfaidh an t-oibrí go gclárófaí é féadfaidh an fostóir cur i gcoinnibh an chó-aontuithe sin do chlárú ar an scór go bhfuil an t-oibrí tar éis dul thar n-ais ag obair agus go bhfuil sé ag tuilleamh an pháigh chéanna do bhí á thuilleamh aige roimh an tionóisc.

(2) Gairmtear scór agóide reachtúil sa Chuid seo den Acht so d'agóid ar bith a bheidh bunuithe ar aon scór acu san roimhe seo.

Iarratas ar chlárú do chur fé bhráid na Cúirte.

55. —(1) Mara bhfuighidh an clárathóir contae, laistigh den aimsir a ceaptar leis an Acht so, aon fhógra agóide, bheidh agóide, bheidh bunuithe ar scór agóide reachtúil, i gcoinnibh có-aontú do chlárú is abhar d'iarratas ar chlárú fén Acht so ach gur dóich leis an gclárathóir contae, ar aon chúis is leor dar leis, nár cheart an có-aontú san do chlárú ach amháin do réir orduithe ón gCúirt cuirfidh an t-iarratas fé bhráid na Cúirte agus déanfaidh an Chúirt pé ordú sa chás is dóich léi is ceart.

(2) Má dheineann an clárathóir contae iarratas do chur fé bhráid na Cúirte fén alt so cuirfidh in úil do gach fógra-pháirtí go ndearna amhlaidh agus canathaobh go ndearna.

An nós imeachta leanfar mara gcuirtear i gcoinnibh cláruithe.

56. —(1) Mara bhfuighidh an clárathóir contae, laistigh den aimsir a ceaptar leis an Acht so, aon fhógra agóide, bheidh bunuithe ar scór agóide reachtúil, i gcoinnibh có-aontú do chlárú is abhar d'iarratas ar chlárú fén Acht so déanfaidh an clárathóir contae, mara gcuiridh an t-iarratas san fé bhráid na Cúirte fén alt deiridh sin roimhe seo, an có-aontú san do chlárú láithreach sa chlár de chó-aontuithe agus cuirfidh in úil go gach fógrapháirtí go ndearna an clárú san.

(2) I gcás có-aontú do rinneadh le duine fé mhí-chumas no aon chó-aontú atharúcháin, có-aontú fuascailte, no có-aontú i bhfuirm chó-réitigh do bheith cláruithe ag an gclárathóir contae do réir an ailt seo féadfaidh an Chúirt, ar n-a iarraidh sin uirthi d'aon fhógra-pháirtí laistigh de shé mhí o dháta an chláruithe sin, ordú do dhéanamh ag cur an chláruithe sin ar ceal más deimhin léi gur tré chalaois no tré fhábhar nea-chuibhe no ar shlí neacheart eile do tugadh an có-aontú san do dhéanamh.

(3) Má chuireann an Chúirt clárú có-aontuithe ar ceal fén alt so tuigfear nár cláruíodh riamh an có-aontú san.

An nós imeachta leanfar má cuirtear i gcoinnibh cláruithe.

57. —(1) Má gheibheann an clárathóir contae, laistigh den aimsir a ceaptar leis an Acht so, fógra agóide, bheidh bunuithe ar scór agóide reachtúil, i gcoinnibh có-aontú do chlárú is abhar d'iarratas ar chlárú fén Acht so diúltóidh an clárathóir contae don chó-aontú san do chlárú agus cuirfidh an diúltadh san in úil do gach fógra-pháirtí agus seirbheálfaidh cóip den fhógra san ar gach fógra-pháirtí seachas an páirtí do thug an fógra san.

(2) Má dhiúltann an clárathóir contae, do réir an ailt seo, do chó-aontú do chlárú féadfaidh fógra-pháirtí ar bith a iarraidh ar an gCúirt a ordú go gclárófar é agus féadfaidh an Chúirt, ar dhéanamh an iarratais sin, ordú do dhéanamh ag daingniú an diúltuithe sin no á ordú go gclárófar an có-aontú san.

Nithe eireoidh ar an gCúirt do thabhairt bhreithe ar iarratas ar chlárú.

58. —(1) Más fostóir a chuirfidh i gcoinnibh có-aontú i dtaobh íocaíochta seachtainiúla do chlárú agus san ar an scór go bhfuil an t-oibrí imithe thar n-ais chun oibre agus gur féidir do oiread páigh do thuilleamh agus do bhí á thuilleamh aige roimh an tionóisc agus más deimhin leis an gCúirt gur fíor an scór san féadfaidh an Chúirt, má orduíonn an có-aontú do chlárú, a ordú go gclárófar an có-aontú ar pé téarmaí is dóich léi is cóir sa chás.

(2) I gcás inar diúltadh d'iarratas ar chó-aontú do chlárú fén gCuid seo den Acht so no ina ndearnadh clárú có-aontuithe do chur ar ceal le hordú ón gCúirt agus ina mbeidh suim ar bith íoctha fén gcó-aontú san déanfaidh an Chúirt, do réir Rialacha Cúirte, pé ordú i dtaobh na suime sin is dóich leis an gCúirt is cóir.

An clár de chó-aontuithe do cheartú.

59. —Féadfaidh an Chúirt aon uair a chur fé ndeár an clár do cheartú (tré atharú no cur leis no leigint ar lár) ar pé slí is gá do réir chirt.

CUID VII.

Malairt Leigheas do Lucht Oibre.

Leighis ar leithligh i gcoinnibh an fhostóra.

60. —(1) Másé is trúig le díobháil d'oibrí ná faillí phearsanta no gníomh toiliúil a fhostóra no duine éigin go mbeidh an fostóir sin freagarthach ina ghníomh no ina fhaillí ní dhéanfaidh éinní san Acht so deifir d'aon fhreagarthacht shíbhialta bheidh ar an bhfostóir sin ach sa chás san féadfaidh an t-oibrí sin cúiteamh d'éileamh fén Acht so no imeachta do bhunú gan spleáchas leis an Acht so fé mar is rogha leis.

(2) Ní léireofar éinní sa bhfo-alt san roimhe seo i slí do dhéanfadh fostóir freagarthach, gan spleáchas leis an Acht so agus fós fén Acht so, i gcúiteamh d'íoc i ndíobháil do rinneadh d'oibrí tré thionóisc d'eirigh as a fhostaíocht agus i gcúrsa a fhostaíochta, ná i slí go bhféadfaí aon imeachta do bhunú i gcoinnibh fostóra gan spleáchas leis an Acht so, ach amháin i gcás faillí pearsanta no gnímh thoiliúla den tsórt san roimhráite.

(3) Má deintear, laistigh den aimsir a ceaptar leis an Acht so chun imeacht do bhunú fén Acht so, aicsean do bhunú chun airgid damáiste i ndíobháil do rinneadh tré thionóisc do bhaint amach gan spleáchas leis an Acht so agus go gcinnfear san aicsean san, no ar athchomharc do dhéanamh, gur díobháil ná fuil an fostóir freagarthach inti san aicsean san an díobháil ach go mbeadh sé freagarthach i gcúiteamh d'íoc fé fhorálacha an Achta so, caithfear amach an t-aicsean, ach cromfaidh an Chúirt ina dtriailfear an t-aicsean no, más cinneadh (tar éis athchomhairc o cheachtar páirtí) o bhínse athchomharcach an cinneadh, ansan cromfaidh an bínse athchomarcach san, más rogha leis an ngearánaí é, ar an gcúiteamh san do mheas ach féadfaidh an Chúirt no an bínse sin na costaisí uile no cuid de sna costaisí do bhaint as is dóich léi no leis do tháinig as an ngearánaí do bhunú an aicsin in ionad imeachta do bhunú fén Acht so.

(4) In imeachta ar bith fén bhfo-alt san roimhe seo, nuair a dhéanfaidh an Chúirt ina dtriailfear an t-aicsean no an bínse athchomharcach cúiteamh do mheas, bhéarfaidh deimhniú i dtaobh an chúitimh do mhol agus i dtaobh na n-orduithe do thug maidir le costaisí do bhaint as an gcúiteamh agus beidh ag an deimhniú san an fheidhm agus an éifeacht chéanna do bheadh aige dá mba bhreith é ón gCúirt Chuarda ag moladh cúitimh fén Acht so.

(5) Más cinneadh ón gCúirt Uachtarach no ón Ard-Chúirt an cinneadh fé fho-alt (3) den alt so féadfaidh an Chúirt Uachtarach no an Ard-Chúirt, pe'ca aca é, in ionad cúiteamh do mheas do réir an fho-ailt seo, an cás do chur chun na Cúirte Cuarda chun cúitimh do mheas agus sa chás san féadfaidh a ordú don Chúirt Chuarda gach costas den tsórt san roimhráite no cuid díobh do bhaint as méid an chúitimh a bheidh measta aici.

Leighis i gcoinnibh fostóra agus stróinséara.

61. —I gcás an díobháil ina mbeidh cúiteamh iníoctha le hoibrí fén Acht so, no fé scéim ar bith a bheidh deimhnithe fén Acht so, do thárlachtaint i slí go mbeidh duine éigin seachas fostóir an oibrí sin freagarthach do réir dlí in airgead damáiste d'íoc inti, ansan beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an t-oibrí sin imeachta do bhunú i gcoinnibh an duine sin chun airgid damáiste do bhaint amach agus i gcoinnibh duine ar bith a bheidh freagarthach i gcúiteamh d'íoc fén Acht so no fén scéim sin ach ní bheidh i dteideal idir airgead damáiste agus cúiteamh do bhaint amach,

(b) má bhíonn cúiteamh bainte amach ag an oibrí fén Acht so no fén scéim sin dlighfidh an té bheidh freagarthach amhlaidh in airgead damáiste d'íoc mar adubhradh slánaíocht do thabhairt don té d'íoc an cúiteamh agus d'éinne ar ar glaodhadh chun slánaíochta d'íoc fé sna forálacha den Acht so bhaineann le fo-chonnarthaí do dhéanamh agus cheal có-aontuithe is tré aicsean a socrófar gach ceist a bhaineann le ceart chun na slánaíochta san agus le n-a méid.

Freagarthacht fé scéim do chur in ionad freagarthachta fén Acht.

62. —(1) Má dheimhníonn Clárathóir na gCara-Chumann i Saorstát Éireann (dá ngairmtear an Clárathóir san alt so), tar éis do beart do dhéanamh chun tuairimí an fhostóra agus an oibrí do dhéanamh amach—

(a) go ndeintear le haon scéim chúitimh, shochair no árachais do lucht oibre fostóra in aon fhostaíocht, pe'ca bhaineann an scéim sin le fostóirí eile agus le n-a lucht oibre no ná baineann, scálaí cúitimh do shocrú nách lugha a maitheas don lucht oibre agus dá gcleithiúnaithe ná na scálaí có-reire atá san Acht so, agus

(b) má socruítear leis an scéim i dtaobh síntiúisí ón lucht oibre, go mbronntar leis an scéim sochair atá chó maith ar a laighead leis na síntiúisí sin, i dteanta na sochar chun a mbeadh teideal ag an lucht oibre fén Acht so, agus

(c) go bhfuil an móráireamh den lucht oibre le n-a mbaineann an scéim i bhfábhar na scéime sin (ní a déanfar amach tré bhallóid);

féadfaidh an fostóir, faid a bheidh an deimhniú i bhfeidhm, connradh do dhéanamh le daoine ar bith dá lucht oibre go gcuirfear forálacha na scéime in ionad forálacha an Achta so agus leis sin beidh an fostóir gan bheith freagarthach maidir leis an lucht oibre sin ach amháin do réir na scéime.

(2) Féadfaidh an Clárathóir deimhniú do thabhairt uaidh a bheidh le dul in éag i gceann tréimhse teoranta de chúig bliana agus féadfaidh o am go ham deimhniú den tsórt san d'athnuachaint go n-atharú air no gan atharú agus raghaidh an deimhniú san in éag i gceann na tréimhse dar hathnuadh é.

(3) Ní deimhneofar amhlaidh aon scéim ina mbeidh oblagáid ar an lucht oibre, mar choinníoll ar a bhfostófar iad, páirt do thógaint sa scéim, no ná beidh forálacha inti chuireann ar chumas oibrí eirghe as an scéim.

(4) Ní dhéanfaidh an Clárathóir aon scéim den tsórt san do dheimhniú ná aon deimhniú uirthi d'athnuachaint maran deimhin leis leor-shocrú do bheith déanta chun a chur in áirithe go nglanfar fiachaisí eireoidh fén scéim, le linn ré na scéime agus tar éis na scéime do cheiliúradh no do dhul in éag, sa mhéid go mbeidh aon fhiachaisí gan glanadh ar dháta an cheiliúrtha no an dul in éag.

(5) Má dheineann lucht oibre fostóra ar bith gearán no má deintear gearán thar a gceann go bhfuil na sochair a bronntar le haon scéim áirithe gan bheith feasta do réir na gcoinníoll a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so no go bhfuil forálacha na scéime sin á sárú no ná fuil an scéim á riaradh go cothrom no go bhfuil cúiseanna sásúla ann chun an deimhnithe do cheiliúradh féachfaidh an Clárathóir isteach sa ghearán agus, más deimhin leis cúis mhaith do bheith leis an ngearán san, ceiliúrfaidh an deimhniú mara gcuirtear deireadh le cúis an ghearáin.

(6) Nuair a ceiliúrfar deimhniú no a ragha sé in éag déanfar, tar éis socruithe chuibhe do dhéanamh chun na bhfiachas a bheidh fásta cheana féin do ghlanadh, aon airgead no urrúis a bheidh ar seilbh chun críche na scéime do roinnt fé mar a socrófar idir an fostóir agus an lucht oibre no, mara mbeifear ar aon aigne ina thaobh, fé mara chinnfidh an Clárathóir.

(7) Pé uair a bheidh scéim deimhnithe mar adubhradh beidh sé de dhualgas ar an bhfostóir gach ceist a chuirfidh, agus gach cuntas éileoidh, an clárathóir i dtaobh na scéime do fhreagairt no do thabhairt uaidh.

(8) Má socruítear le scéim a bheidh deimhnithe fén Acht so i dtaobh cara-chumann d'íoc cúitimh ní bhainfidh na forálacha so leanas den Friendly Societies Act, 1896, leis an gcumann san maidir leis an scéim sin, sé sin le rá, an províso ghabhann le fo-alt (1) d'alt 8, alt 16, agus alt 41.

(9) Déanfaidh an Clárathóir na mion-innste ar a imeachta fén Acht so do chur síos ina thuarasgabháil bhliantúil.

(10) Féadfaidh an Clárathóir rialacháin do dhéanamh chun an ailt seo do chur in éifeacht.

Cosaint maidir le fíneála fé Achtanna Mianach agus Monarchan.

63. —Ní dhéanfaidh éinní san Acht so deifir d'aon imeachta chun fíneála do ghearradh fé sna hachtacháin a bhaineann le mianaigh, le monarchana no le siopaí oibre ná d'aon fhíneáil den tsórt san do chur chun críche.

CUID VIII.

Baint an Achta so le hAicmi Airithe Daoine.

A bhaint le lucht oibre ar fostú ag an Stát.

64. —(1) Baineann an tAcht so le lucht oibre ar fostú ag an Stát no fén Stát le n-a mbainfeadh an tAcht so dá mba dhuine príobháideach an fostóir agus, chun crícheanna na bainte sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear gurb é an tAire Airgid an fostóir, agus

(b) d'ainneoin éinní atá in aon achtachán eile féadfar imeachta fén Acht so do bhunú i gcoinnibh an Aire sin gan fiat an Phríomh-Atúrnae d'fháil.

(2) Féadfaidh an tAire Airgid, tré bharántas a leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas, atharú do dhéanamh, chun crícheanna an Achta so, ar an mbarántas do rinneadh fé alt 7 den Superannuation Act, 1887, agus féadfaidh d'ainneoin éinní atá san Acht san, no d'ainneoin aon bharántais den tsórt san, scéimeanna do cheapadh d'fhonn go ndéanfadh Clárathóir na gCara-Chumann i Saorstát Éireann iad do dheimhniú fén Acht so.

A bhaint le fir a bheidh á dtréineáil in obair thárrthála i mianaigh no ag gabháil don obair sin.

65. —(1) Nuair a bheidh socrú déanta do réir rialachán fén Coal Mines Act, 1911, no fé ordú ar bith go n-éifeacht aige fé is dá mba fén Acht so déanfaí é, chun briogáide tárrthála do bhunú no do thréineáil, ansan, tionóisc ar bith a thárlóidh d'oibrí, a bheidh ar fostú i mianach no timpeal mianaigh le n-a mbaineann an tAcht san agus a bheidh le toiliú a fhostóra á thréineáil mar bhall den bhriogáid tárrthála, agus a thiocfaidh as a thréineáil agus i gcúrsa a thréineála tuigfear, chun críche an Achta so, í do theacht as a fhostaíocht agus i gcúrsa a fhostaíochta sa mhianach.

(2) Oibrí ar bith a bheidh ag gabháil d'aon obair thárrthála no obair chéad-fhóirthne ag aon mhianach den tsórt san, tuigfear, chun crícheanna an Achta so, faid a bheidh sé ag gabháil don obair sin amhlaidh, é bheith ar fostú ag únaer an mhianaigh, mar a mínítear san leis an Coal Mines Act, 1911.

Baint an Achta le fóirne long áirithe.

66. —(1) Baineann an tAcht so le máistrí, le maraithe, agus le príntísigh sa tseirbhís mhara agus le príntísigh sa tseirbís mhuiriascaireachta is lucht oibre do réir bhrí an Achta so agus is baill d'fhuirinn aon luinge le n-a mbaineann an t-alt so, fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) marab é an máistir an té dá ndearnadh an díobháil féadfar an fógra i dtaobh tionóisce do thabhairt do mháistir na luinge fé is dá mb'é an fostóir é ach más ar bord na luinge do thárla an tionóisc agus do thosnuigh an mí-chumas ní gá aon fhógra do thabhairt i dtaobh na tionóisce;

(b) bainfidh forálacha fo-alt (1) agus (2) d'alt 29 den Acht so (alt a bhaineann le fógraí i dtaobh tionóiscí i mianaigh agus i monarchana) le longa agus le n-a máistrí fé mar a bhaineann sé le monarchana agus le n-a sealbhairí;

(c) i gcás an máistír, an maraí, no an príntíseach d'fháil bháis déanfar imeachta chun cúitimh do bhaint amach do thosnú laistigh de shé mhí tar éis scéala i dtaobh an bháis tré thionóisc d'fháil don éilitheoir;

(d) más rud é—

(i) go scaoilfear chun siúil no go bhfágfar i dtír ar bith lasmuich de Shaorstát Éireann máistir, maraí no príntíseach dar thárla díobháil, agus

(ii) go ndéanfaidh an máistir, an maraí no an príntíseach san no go ndéanfar thar a cheann imeachta do bhunú fén Acht so, agus

(iii) go mbeidh teastaíocht aon fhínné i dtaobh cúrsaí agus cineál na díobhála tógtha fé mhionn in aon tír den tsórt san ag duine go dteideal do réir dlí chun dearbhóidí do thógaint sa tír sin chun iad d'úsáid i gcúrsaí bheidh os cóir na hArd-Chúirte, agus

(iv) go dtabharfaidh an teastaíocht san le tuisgint í bheith séaluithe le séala an duine sin agus a shighniú do bheith uirthi:

ansan, ar n-a chruthú go cuibhe ná fuil an fínné sin i Saorstát Éireann, glacfar an teastaíocht san sna himeachta san mar fhianaise prima facie ar na nithe bheith ráite inti gan cruthúnas ar shéala ná ar shighniú an duine sin ná ar status ná ar cháilíocht oifigiúil an duine sin;

(e) i gcás máistir, maraí no príntíseach d'fháil bháis gan aon chleithiúnaithe d'fhágaint ina dhiaidh ní bheidh cúiteamh ar bith iníoctha má dhligheann únaer na luinge, fén Merchant Shipping Act, 1894, na costaisí adhlacain d'íoc;

(f) ní bheidh an íocaíocht sheachtainiúil iníoctha in aghaidh na tréimhse go ndlighfidh únaer na luinge, fén Merchant Shipping Act, 1894, mar a leasuítear é le haon achtacháin ina dhiaidh sin, no ar shlí ar bith eile, costaisí an mháistir, an mharaí no an phríntísigh dá ndearnadh an díobháil d'íoc le n-a linn;

(g) déanfar suim ar bith is iníoctha mar chúiteamh ag únaer luinge fén Acht so d'íoc ina hiomlán d'ainneoin éinní in alt 503 den Merchant Shipping Act, 1894, ach an teora chuireann an t-alt san le freagarthacht an únaera bainfe sí leis an méid is ionbhainte amach mar shlánaíocht fé alt 61 den Acht so (alt a bhaineann le leighis i gcoinnibh fostóra agus i gcoinnibh stróinséara), fé is dá mb' airgead damáiste i gcailliúint anama no maoine pearsanta an tslánaíocht;

(h) beidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) d'alt 174 den Merchant Shipping Act, 1894, maidir le himeachta, ag cleithiúnaithe máistrí, maraithe agus príntíseach do cailleadh maraon le n-a luing, chun cúitimh do bhaint amach fé mar atá feidhm acu maidir le himeachta chun páigh do bhaint amach a bhíonn dlite do mharaithe agus do phríntísigh agus sa chás san is ionsuidhte imeachta chun cúitimh do bhaint amach má bunuítear iad laistigh de 18 mí ón dáta tuigfear do bádhadh an long agus gach éinne bhí ar bord uirthi.

(2) Ní bhainfidh an tAcht so, de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo, leis na baill sin d'fhuirinn bháid iascaireachta is long le n-a mbaineann an t-alt so gurb é is luach saothair ar fad no nách mór ar fad dóibh ná scaireanna den bhrabús no den mhór-thuilleamh a thagann as an mbád san d'oibriú.

(3) Le linn píolóta le n-a mbaineann an Pilotage Act, 1913, do bheith ar fostú ar aon luing le n-a mbaineann an t-alt so tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur maraí é agus gur ball d'fhuirinn na luinge sin é.

(4) Baineann an t-alt so—

(a) le gach luing atá cláruithe i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Loingis Cheannaíochta, agus fós

(b) le gach luing ná fuil cláruithe amhlaidh agus atá do réir na gcoinníoll so leanas, eadhon—

(i) is long í atá i dteideal a cláruithe i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Loingis Cheannaíochta no long atá i dteideal a cláruithe lasmuich de Shaorstát Éireann fé sna hAchtanna san no long atá cláruithe lasmuich de Shaorstát Éireann fé sna hAchtanna san; agus

(ii) is long í gur i Saorstát Éireann atá áit chomhnaithe no príomh-áit ghnótha a húnaera no (má tá níos mó ná únaer amháin ann) a húnaera bhainistí no a bainisteora.

Baint an Achta le daoine (seachas maraithe) ar fostú ar longa áirithe.

67. —Baineann an tAcht so le duine ar bith, seachas máistir no maraí no príntíseach sa tseirbhís mhara no sa tseirbhís mhuiriascaireachta, ar fostú ar bord aon luinge le n-a mbaineann an t-alt deiridh sin roimhe seo más chun crícheanna na luinge sin atá sé ar fostú amhlaidh no chun crícheanna aon phaisnéirí no lasta no postanna iompruíonn an long san agus más oibrí ar gach slí eile é do réir bhrí an Achta so.

An tAcht do chur i mbaint le scair-iascairí áirithe.

68. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní bhainfidh an tAcht so leis na baill sin d'fhuirinn bháid iascaireachta gurb é is luach saothair ar fad no nách mór ar fad dóibh ná scaireanna den bhrabús no den mhór-thuilleamh a thagann as an mbád san d'oibriú.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú fén alt so a dhearbhú go mbainfidh an tAcht so, fé réir pé atharuithe bheidh luaidhte san ordú san, leis na baill sin d'fhuirinn bháid iascaireachta gurb é is luach saothair ar fad no nách mór ar fad dóibh ná scaireanna den bhrabús no den mhór-thuilleamh a thagann as an mbád san d'oibriú agus pé uair a déanfar ordú den tsórt san agus a thiocfa sé i bhfeidhm bainfidh an tAcht so, agus na hathruithe sin déanta air a bheidh luaidhte san ordú san, leis na baill sin.

(3) Ní thiocfaidh ordú fén alt so i bhfeidhm go dtí go leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas ar feadh tréimhse de lá agus fiche ar a laighead a shuidhfidh an Tigh sin agus má dheineann ceachtar Tigh, i rith na tréimhse sin, rún do rith, i gcoinnibh an orduithe sin no i gcoinnibh aon choda dhe ní déanfar a thuilleadh dá réir ach beidh san gan dochar d'ordú nua do dhéanamh.

Longa do choinneáil.

69. —(1) Má deirtear go ndligheann únaerí luinge ar bith, mar únaerí den tsórt san, cúiteamh d'íoc fén Acht so agus go bhfuighfear an long san uair ar bith in aon phort no abhainn i Saorstát Éireann no i ngiorracht trí mhíle do chósta Shaorstáit Éireann, ansan, ar aon duine dhéanfaidh iarratas do réir Rialacha na Cúirte dá chruthú do bhreitheamh den Ard-Chúirt no den Chúirt Chuarda gur dócha go ndligheann na húnaerí, mar únaerí, an cúiteamh san d'íoc agus ná comhuíonn éinne de sna húnaerí i Saorstát Éireann, féadfaidh an breitheamh san ordú do thabhairt amach, agus é dírithe chun aon oifigigh custum agus máil no duine eile ainmneoidh an breitheamh, á cheangal air an long san do choinneáil go dtí pé am a dhéanfaidh a húnaerí, a gníomhaire, a máistir no a consighní an cúiteamh san d'íoc no urrús le n-a mbeidh an breitheamh sásta do thabhairt ar fhanúint ar thora aon imeacht a bunófar chun an chúitimh sin do bhaint amach agus ar pé cúiteamh agus costaisí molfar de dhruim na n-imeacht san d'íoc; agus aon oifigeach custum agus máil no duine eile chun a ndíreofar ordú den tsórt san coinneoidh sé an long dá réir sin.

(2) An té bhéarfaidh urrús uaidh isé is cosantóir in aon imeacht dlí chun an chúitimh sin do bhaint amach agus beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite ar fhreagarthacht an chosantóra maidir leis an imeacht an t-ordú do thabhairt i láthair do rinne an breitheamh i dtaobh an urrúis.

(3) Más rud é, maidir le luing go mbeidh iarratas le déanamh ina taobh fén alt so, go ndéanfar gearán leis an Aire go mbeidh sí imithe, sarar féidir an t-iarratas san do dhéanamh, lasmuich de sna teoranta gur féidir í do ghabháil laistigh díobh, déanfar, má orduíonn an tAire é, an long do choinneáil go ceann pé aimsir is leor chun an iarratais do dhéanamh agus a thora do chur in úil don oifigeach no don duine choinneoidh an long agus ní dhlighfidh an t-oifigeach no an duine sin aon chostaisí ná airgead damáiste d'íoc mar gheall ar an gcoinneáil sin más do réir orduithe an Aire do rinneadh an choinneáil.

(4) Bainfidh alt 692 den Merchant Shipping Act, 1894, le luing do choinneáil fén Acht so fé mar a bhaineann le luing do choinneáil fén Acht san agus, más corpráid únaer luinge, tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur i Saorstát Éireann a chomhnuíonn sí má bhíonn oifig aici i Saorstát Éireann inar féidir seirbheáil do dhéanamh.

(5) I gcás long do leithliú d'fhostóirí bainfidh forálacha an ailt seo le héilithe i gcoinnibh fostóirí na luinge fé mar a bhainid le héilithe i gcoinnibh únaerí luinge ach fostóirí do bheith in ionad únaerí; ach beidh san fé réir na forála so, eadhon, ná coinneofar aon long de bhíthin éilimh i gcoinnibh fostóirí na luinge tar éis deireadh an téarma gur ar a feadh a bheidh an long leithlithe dhóibh.

Convensiúin le Stáit eile.

70. —I gcás aon Chonvensiún do bheith déanta ag Saorstát Éireann no thar a cheann le haon Stát eile ag socrú i dtaobh comhair i gcúrsaí bhaineann le cúiteamh do lucht oibre i ndíobháil de dheascaibh tionóisce no i gcás daingniú do bheith déanta go cuibhe ag Saorstát Éireann agus ag aon Stát eile no thar a gceann ar aon Chonvensiún le Cóghléasa Eadarnáisiúnta Chumann na Náisiún ag socrú i dtaobh comhair i gcúrsaí bhaineann le cúiteamh do lucht oibre i ndíobháil de dheascaibh tionóisce beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle socrú do dhéanamh le hordú i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas—

(a) an tAcht so d'atharú maidir le n-a bhaint le cásanna dá ndeineann an Convensiún san deifir, ach san i slí ná hatharófar méid an chúitimh in aon chás le n-a mbainfidh an tAcht so;

(b) breith do thabhairt, i gcásanna ina n-eireoidh cirt chun cúitimh fén Acht so agus fé dhlí an Stáit eile sin, ar an gceist i dtaobh ce'ca fén Acht so no fé dhlí an Stáit eile sin a bheidh an t-oibrí i dteideal cúiteamh do bhaint amach;

(c) comhachta do bhronnadh ar an gCúirt chun glacadh le fianaise tógfar lasmuich de Shaorstát Éireann agus fianaise d'fháil agus do thógaint chun í d'úsáid lasmuich de Shaorstát Éireann no chun éinní eile do dhéanamh chun a chur in usacht imeachta do bhunú chun cúitimh do bhaint amach fé dhlithe Shaorstáit Éireann agus an Stáit eile sin fé seach.

(2) Le haon ordú déanfar fén alt so féadfar go sonnrách, ach gan baint o gheneráltacht forálacha an fho-ailt sin roimhe seo, pé atharuithe do dhéanamh ar an Acht so, sa mhéid go mbaineann sé le lucht oibre is saoránaigh Fhrancacha, is dóich leis an Ard-Chomhairle is gá chun éifeachta do thabhairt do Chonvensiún (go bhfuil cóip de leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Workmen's Compensation (Anglo-French Convention) Act, 1909) do sighníodh i bParis an tríú lá d'Iúl, sa bhliain naoi gcéad déag agus a naoi, agus is fé réir na n-atharuithe bheidh san ordú san a bhainfidh an tAcht so le lucht oibre den tsórt san.

CUID IX.

Foralacha Riarachain.

Cúiteamh d'aistriú chun a riartha i Stát eile.

71. —(1) Más rud é, fé dhlí ar bith a bheidh i bhfeidhm o am go ham in aon Stát eile, go mbeidh cúiteamh iníoctha i ndíobháil do lucht oibre beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle socrú sealadach do dhéanamh le Rialtas an Stáit eile sin tré n-a bhféadfar suimeanna molfar sa Stát eile sin fén dlí sin do dhaoine bheidh no thiocfaidh chun bheith ina gcomhnaí i Saorstát Éireann d'aistriú chun Breithimh den Chúirt Chuarda bheidh ceaptha le Rialacha Cúirte agus tré n-a bhféadfaidh an Breitheamh san na suimeanna san do riaradh agus tré n-a bhféadfar suimeanna molfar i Saorstát Éireann mar chúiteamh fén Acht so do dhaoine bheidh no thiocfaidh chun bheith ina gcomhnaí sa Stát eile sin d'aistriú chun údaráis inniúla sa Stát eile sin agus tré n-a bhféadfaidh an t-údarás san na suimeanna san do riaradh.

(2) Pé uair a déanfar aon tsocrú sealadach den tsórt san beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle éifeacht reachtúil do thabhairt, le hordú, don tsocrú shealadach san agus leis sin beidh éifeacht ag an socrú sealadach san, o dháta an orduithe sin no a aon dáta ina dhiaidh sin luadhfar san ordú san ach fé réir forálacha an ailt seo, fé is dá mba san alt so do hachtófaí é.

(3) Ní bheidh éifeacht de bhuadh an ailt seo ag ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén alt so ach amháin i gcás agus le linn éifeacht dlí do bheith ag an socrú le n-a mbainfidh an t-ordú san, sa Stát eile le n-a ndéanfar an socrú san, sa mhéid go mbainfidh an socrú san le suimeanna d'aistriú chun na Cúirte i Saorstát Éireann a molfar sa Stát eile sin, fén dlí bhaineann le cúiteamh i ndíobháil do lucht oibre, do dhaoine bheidh no thiocfaidh chun bheith ina gcomhnaí i Saorstát Éireann.

(4) Pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chomhairle ordú fén alt so féadfar, le Rialacha Cúirte, socrú do dhéanamh—

(a) chun aon airgid a híocfar isteach sa Chúirt fén Acht so agus fé rialacha déanfar fén Acht so d'aistriú, i pé slí forálfar leis an socrú le n-a mbainfidh an t-ordú san, chun an Stáit le n-a ndéanfar an socrú san, mar airgead is ionchurtha chun tairbhe d'éinne bheidh ina chomhnaí no chun bheith ina chomhnaí sa Stát san;

(b) chun na Cúirte d'fháil agus do riaradh aon airgid a bheidh, fé aon tsocrú den tsórt san, curtha ón Stát san mar airgead is ionchurtha chun tairbhe d'éinne bheidh ina chomhnaí no chun bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann.

Toirmeasc ar íocaíochtaí seachtainiúla do chur fé mhuirear no do shannadh.

72. —Ní féadfar suim ar bith is iníoctha fén Acht so no fé aon scéim a deimhneofar fén Acht so ná suim ar bith is iníoctha fé ordú ón gCúirt le n-a bhfuasclófar íocaíocht sheachtainiúil no fé chó-aontú fuascailte, fé chó-aontú mhalartaíochta no fé chó-aontú i bhfuirm chó-réitigh do shannadh ná do chur fé mhuirear no fé cheangal, agus ní raghaidh chun éinne eile tré oibriú dlí, ná ní cuirfear aon éileamh i gcoinnibh an chéanna.

Iocaíocht as cóir leighis no mháinliaghachta.

73. —I gcás—

(a) cúiteamh do bheith iníoctha fén Acht so i ndíobháil d'oibrí, agus

(b) an t-oibrí sin d'fháil chórach leighis no máinliaghachta don díobháil sin, pe'ca in óspidéal no in áit eile é, agus

(c) aon táillí do bheith ag dochtúir leighis ar an oibrí sin ar son na córach san, agus

(d) an cúiteamh san do shocrú le hordú ón gCúirt no fé chó-aontú i dtaobh íocaíochta seachtainiúla, fé chó-aontú mhalartaíochta no fé chó-aontú i bhfuirm chó-réitigh do cláruíodh le hordú na Cúirte fé Chuid VI den Acht so,

féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi é, ar n-a iarraidh sin don dochtúir leighis sin díreach ar dhéanamh an orduithe sin, a ordú don fhostóir pé suim nách mó ná cúig púint a cheapfaidh an Chúirt d'íoc leis an dochtúir leighis sin alos na dtáillí sin chó maith leis an gcúiteamh d'íoc agus má bheirtear an t-ordú san tuigfear gurb ionann an fostóir sin d'íoc na suime ceapfar amhlaidh leis an dochtúir leighis sin agus an t-oibrí sin do dhéanamh íocaíochta leis an dochtúir leighis sin alos na dtáillí sin.

Tuairisceáin o fhostóirí.

74. —(1) Ar an lá orduithe no roimhe sin gach bliain orduithe cuirfidh gach fostóir in aon tionnscal orduithe chun an Aire tuairisceán ceart ina luadhfar an méid díobhálanna inar íoc sé cúiteamh fén Acht so i rith na bliana roimhe sin, méid an chúitimh sin agus pé mion-innste eile bheidh orduithe.

(2) Má dheineann aon fhostóir in aon tionnscal orduithe faillí do thabhairt san alt so do chólíonadh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Alt 18 den Coal Mines Act, 1911, do leasú.

75. —Deintear leis seo mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 18 den Coal Mines Act, 1911, do leasú tré sna focail ‘and disabled, for more than three days, any person employed in or about the mine from earning full wages at the work at which he was employed’ do chur in ionad na bhfocal ‘and disabled, for more than seven days, any person employed in or about the mine from working at his ordinary work’ atá anois sa mhír sin agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

CUID X.

An tAcht do Bhaint le Galair Airithe Tionnscail.

An tAcht do bhaint le galair thionnscail.

76. —(1) I gcás—

(a) an máinliaigh deimhniúcháin a bheidh ceaptha fén Factory and Workshop Act, 1901, don cheanntar ina mbeidh oibrí ar fostú dá dheimhniú go bhfuil an t-oibrí sin fé ghalar (dá ngairmtear galar sceidealta san Acht so) a luaidhtear sa chéad cholún den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus go bhfuil sé dá dheascaibh sin gan bheith ábalta ar lán-phágh do thuilleamh san obair ina raibh sé ar fostú; no

(b) oibrí do chur ar fiunraoi, do réir aon rialacha no rialachán speisialta bheidh déanta fén Factory and Workshop Act, 1901, o n-a ghnáth-fhostaíocht de dheascaibh aon ghalair sceidealta do thógaint; no

(c) bás oibrí do theacht de dheascaibh aon ghalair sceidealta;

agus an galar san do theacht de dheascaibh cineál aon fhostaíochta ina raibh an t-oibrí sin ar fostú aon am i rith na bliana roimh dháta an mhí-chumais no an churtha-ar-fiunraoi sin, pe'ca fé fhostóir amháin é no níos mó, beidh an t-oibrí sin no, má éagann, beidh a chleithiúnaithe i dteideal cúitimh fén Acht so fé is dá mba dhíobháil phearsanta tré thionóisc do thiocfadh de dheascaibh agus i gcúrsa na fostaíochta san an galar san no an cur-ar-fiunraoi sin adubhradh, ach beidh san fé réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) tuigfear gurb ionann an mí-chumas no an cur-arfiunraoi sin agus an tionóisc do thárlachtaint;

(ii) má cruthuítear go ndearna an t-oibrí sin, le linn dul leis an bhfostaíocht san do, a chur síos i scríbhinn go toiliúil agus go bréagach ná raibh an galar san air roimhe sin ní bheidh cúiteamh iníoctha;

(iii) féadfar an cúiteamh do bhaint den fhostóir is déanaí ag á raibh an t-oibrí sin ar fostú i rith na bliana san sa bhfostaíocht san gurb é a cineál ba thrúig leis an ngalar, ach beidh san fé réir na nithe seo leanas:—

I. Déanfaidh an t-oibrí sin no a chleithiúnaithe má ceangailtear san air no ortha pé eolas a bheidh aige no acu do thabhairt don fhostóir sin maidir le hainmneacha agus seolta na bhfostóirí eile go léir ag á raibh sé ar fostú i rith na bliana san agus, mara dtugtar an t-eolas san no maran leor é chun a chur ar chumas an fhostóra san imeachta do bhunú fén gcéad fho-mhír ina dhiaidh seo, ansan ar an bhfostóir sin dá chruthú nách le linn an oibrí sin do bheith ar fostú aige do tógadh an galar san, ní dhlighfe sé cúiteamh d'íoc;

II. má deir an fostóir sin gur le linn an oibrí sin do bheith ar fostú ag fostóir éigin eile agus nách le linn é do bheith ar fostú aige féin do tógadh an galar san féadfa sé an fostóir eile sin do thabhairt isteach sna himeachta mar pháirtí agus, má cruthuítear gur fíor a n-abrann sé amhlaidh, isé an fostóir eile sin an fostóir dá mbeidh an cúiteamh ionbhainte; agus

III. más galar a tógtar diaidh ar ndiaidh an galar san dlighfidh aon fhostóirí eile ag á raibh an t-oibrí sin ar fostú i rith na bliana san i bhfostaíocht gurb é a cineál ba thrúig leis an ngalar san íoc do dhéanamh, leis an bhfostóir dá mbeidh cúiteamh ionbhainte, i pé rann-íoca chinnfidh an Chúirt, cheal có-aontuithe, sna himeachta bheidh os cóir na Cúirte chun méid an chúitimh do shocrú no, más tré chó-aontú cinnfear méid an chúitimh sin, i pé rann-íoca chinnfidh an Chúirt;

(iv) isé slí ina n-áirmheofar méid an chúitimh sin ná do réir tuillimh an oibrí sin fén bhfostóir dá mbeidh an cúiteamh ionbhainte;

(v) isé fostóir dá dtabharfar fógra i dtaobh an oibrí sin d'fháil bháis, do theacht fé mhí-chumas no do chur ar fiunraoi ná an fostóir is déanaí ag á raibh an t-oibrí sin ar fostú i rith na bliana sa bhfostaiocht gurb é a cineál ba thrúig leis an ngalar agus féadfar an fógra san do thabhairt d'ainneoin an oibrí sin d'fhágaint a fhostaíochta dá thoil féin;

(vi) má ghoilleann sé ar fhostóir no ar oibrí máinliaigh deimhniúcháin no máinliaigh eile do thabhairt no do dhiúltú do thabhairt deimhnithe mhí-chumais uaidh no do chur no do dhiúltú do chur oibrí ar fiunraoi chun críche an ailt seo déanfar, do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire, an scéal do chur fé bhráid dochtúra réitigh agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean agus nuair a bheidh an dochtúir réitigh ag tabhairt bhreithe ar an scéal deimhneoidh sé i dtaobh staid sláinte an oibrí le linn é bheith á scrúdú aige agus ní bheidh dul thar an deimhniú san an dochtúra réitigh.

(2) Chun crícheanna an ailt seo isé is dáta mí-chumais ná pé dáta go ndeimhneoidh an máinliaigh deimhniúcháin gurb é dáta tosnuithe an mhí-chumais é no, mara bhféadfaidh an dáta san do dheimhniú, dáta tabhartha an deimhnithe sin ach beidh san fé réir na nithe seo leanas:—

(a) má ghéilleann an dochtúir réitigh d'athchomharc i gcoinnibh diúltuithe o mháinliaigh deimhniúcháin maidir le deimhniú mí-chumais do thabhairt uaidh isé is dáta mí-chumais ná pé dáta chinnfidh an dochtúir réitigh;

(b) má éagann oibrí gan deimhniú mí-chumais do bheith faighte aige no má bhíonn, le linn a bháis, gan bheith ag fáil íocaíochta seachtainiúla alos mí-chumais isé is dáta mí-chumais ná dáta báis an oibrí sin.

(3) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú fén alt so, forálacha an ailt seo do chur i mbaint le galair eile agus le próisisí eile agus le díobhála gurb é cineál na fostaíochta bheidh luaidhte san ordú sna is trúig leo agus nách díobhála de dheascaibh tionóisce, agus san gan atharuithe no fé réir pé atharuithe is oiriúnach leis.

(4) Ní léireofar éinní san alt so mar ní dheineann deifir do chirt oibrí chun cúitimh do bhaint amach alos galair ná baineann an t-alt so leis de thurus na huaire más díobháil phearsanta tré thionóisc do réir bhrí an Achta so an galar san.

Forálacha breise maidir le galair thionnscail.

77. —(1) Má bhí an t-oibrí, ar dháta no díreach roimh dháta míchumais no curtha-ar-fiunraoi den tsórt a luaidhtear san alt san roimhe seo, ar fostú in aon phróiseas a luaidhtear sa dara colún den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus gurb é an galar atá curtha síos sa chéad cholún den Sceideal san os coinne tuairisce an phróisis an galar do tógadh, ansan, lasmuich de chás ina ndeimhneoidh an máinliaigh deimhniúcháin gurb é a thuairim nách é cineál na fostaíochta ba thrúig leis an ngalar, tuigfear gurb é cineál na fostaíochta san ba thrúig leis an ngalar mara gcruthuighidh an fostóir a mhalairt.

(2) Má deir oibrí go bhfuil galar air le n-a mbaineann na forálacha san roimhe seo den Chuid seo den Acht so agus go bhfuil sé fé mhí-chumas dá dheascaibh féadfaidh an fostóir có-aontú leis an oibrí go ndligheann sé cúiteamh d'íoc gan a cheangal ar an oibrí an deimhniú, ón mainliaigh deimhniúcháin, a luaidhtear sna forálacha san d'fháil agus leis sin beidh an t-oibrí i dteideal cúitimh, fé mar do bheadh i gcás díobhála tré thionóisc, o dháta an chó-aontuithe no o pé dáta eile ar a gcó-aontófar.

(3) I pé cásanna agus fé réir pé coinníollacha ordóidh an tAire beidh ag dochtúir leighis a cheapfaidh an tAire chuige na comhachta agus na dualgaisí bheidh ag máinliaigh deimhniúcháin fé sna forálacha san roimhe seo den Chuid seo den Acht so agus léireofar na forálacha san dá réir sin.

(4) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, rialacha do dhéanamh ag rialáil dualgaisí agus táillí mainliagha deimhniúcháin agus máinliagha eile (ar a n-áirmhítear fiaclóirí) fé sna forálacha san roimhe seo den Chuid seo den Acht so.

Fostóirí i dtionnscail do dhul fé chomharárachas.

78. —(1) Más rud é, tar éis fiosrúcháin do dhéanamh ar iarratas o aon fhostóirí no lucht oibre i dtionnscal ar bith le n-a mbaineann na forálacha san roimhe seo den Chuid seo den Acht so, gur léir go bhfuil cuideachta no cumann comhar-árachais trádála bunuithe don tionnscal chun árachú in aghaidh na bhfionntar fé sna forálacha san agus go bhfuil furmhór na bhfostóirí sa tionnscal san árachuithe, in aghaidh na bhfionntar san, sa chuideachtain no sa chumann agus go dtoilíonn an chuideachta no an cumann chuige féadfaidh an tAire, le hOrdú Sealadach, a cheangal ar gach fostóir sa tionnscal san árachú sa chuideachtain no sa chumann ar pé téarmaí agus fé pé coinníollacha agus fé réir pé eisceachtaí bheidh leagtha amach san Ordú.

(2) I gcás cuideachta no cumann den tsórt san do bheith bunuithe ach gan é bheith ceaptha ach d'fhostóirí in aon áit áirithe no d'fhostóirí d'aon aicme áirithe féadfaidh an tAire, chun crícheanna an ailt seo, deighleáil leis an tionnscal, mar a bhíonn sé ar siúl ag fostóirí san áit sin no den aicme sin, mar thionnscal ar leithligh.

(3) Ní bheidh éifeacht ar bith ag Ordú Sealadach a déanfar fén alt so mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar é do dhaingniú le hAcht den Oireachtas agus más rud é, le linn Bille daingnithe aon Orduithe den tsórt san do bheith ar feitheamh i gceachtar Tigh den Oireachtas, go dtíolacfar achuinge in aghaidh an Orduithe féadfar an Bille do chur fé bhráid Rogha-Choiste agus leigfear don achuingeoir teacht i láthair agus cur i gcoinnibh do dhéanamh fé mar a deintear i gcás Billí Príobháideacha, agus féadfar Acht ar bith le n-a ndaingneofar aon Ordú Sealadach fén alt so d'athghairm, d'atharú no do leasú le hOrdú Sealadach a déanfar agus a daingneofar sa tslí chéanna.

Comacht chun an Achta do chur i mbaint, tré scéim, le lucht oibre ar a mbeidh silicósis.

79. —(1) Féadfaidh an tAire, le scéim, socrú do dhéanamh chun cúitimh do bheith le n'íoc ag fostóirí lucht oibre bheidh in aon tionnscal no próiseas áirithe no in aon ghrúpa áirithe de thionnscail no de phróisisí ina mbítear i mbaol o dheannach silica agus—

(a) go ndeimhneofar, i pé slí ceapfar leis an scéim, an bás no mí-chumas iomlán do theacht ortha de dheascaibh an ghalair ar a dtugtar phthisis fibróideach no silicósis na scamhóg (dá ngairmtear silicósis san alt so) no de dheascaibh an ghalair sin agus túberculósis le chéile; no

(b) ná beidh fé mhí-chumas iomlán ach go bhfuighfear, ar scrúdú dochtúra do dhéanamh ortha, silicósis no silicósis agus túberculósis le chéile do bheith chó holc san ortha go mbeadh sé contabharthach iad do leanúint ag obair sa tionnscal no sa phróiseas, agus a cuirfear ar fiunraoi o bheith ar fostú mar gheall air sin.

(2) Isé scála cúitimh a ceapfar leis an scéim i gcás báis no mí-chumais iomláin de dheascaibh silicósis no silicósis agus túberculosis le chéile ná an scála cúitimh a ceaptar leis an Acht so agus, in aon chás eile, pé scála cúitimh a ceapfar leis an scéim.

(3) Féadfar socrú do dhéanamh leis an scéim—

(a) chun ciste cúitimh generálta do bhunú agus é á riaradh tré chuideachtain no tré chumann chomhar-árachais d'fhostóirí no i pé slí eile socrófar leis an scéim;

(b) chun a cheangal ar fhostóirí síntiúisí do thabhairt don chiste, agus chun síntiúisí den tsórt san do bhaint amach, agus chun gach cúiteamh fén scéim d'íoc amach as an gciste agus do bhaint amach agus fós aon chostaisí eireoidh fén scéim agus go n-ordófar leis an scéim iad d'íoc amhlaidh, agus san fé réir pé eisceachtaí, i gcásanna speisialta, a ceapfar leis an scéim;

(c) chun coistí d'ionadaithe o sna fostóirí agus ón lucht oibre, go gcathaoirleach nea-spleách, do shocrú éilithe agus nithe eile eireoidh fén scéim, agus i dtaobh an nósimeachta leanfar i láthair na gcoistí sin;

(d) chun dochtúirí oifigiúla, búird leighis agus cóluchtaí comhairlitheacha leighis do cheapadh agus luach saothair do thabhairt dóibh, agus i dtaobh na ndualgaisí bheidh ortha agus na gcomhacht a bheidh acu maidir leis an scéim;

(e) chun a cheangal ar lucht oibre le n-a mbaineann an sceim:—

(i) dul fé pé scrúdú dochtúra tréimhsiúil a luadhfar sa scéim; agus

(ii) pé eolas a luadhfar sa scéim do thabhairt uatha i dtaobh fostaíochta bhí acu roimhe sin in aon tionnscal a luadhfar sa scéim mar thionnscal ina mbítear i mbaol o dheannach silica;

agus chun é do chur mar choinníoll ná beidh ceart chun cúitimh ag an lucht oibre gan na héilithe sin do chólíonadh, agus chun lucht oibre do chur ar fiunraoi o n-a bhfostaíocht má gheibhtear aon uair silicósis no silicósis agus túberculósis le chéile do bheith ortha no má gheibhtear, ar scrúdú dochtúra do dhéanamh ortha den chéad uair do réir na scéime, iad do bheith neamhoiriúnach d'obair sa tionnscal no sa phróiseas toisc é do theip ortha bheith do réir pé éilithe i dtaobh nirt chuirp a hordófar leis an scéim; agus

(f) chun aon cheann d'fhorálacha an Achta so, no aon achtachán a bhaineann le cúiteamh fén Acht so, d'fheidhmiú agus na hatharuithe is gá déanta air, agus chun a mhíniú cadiad na tionnscail agus na próisisí le n-a mbaineann an scéim agus, i gcoitinne, i dtaobh pé nithe eile no nithe breise do chífear is gá chun lánéifeachta do thabhairt don scéim agus ortha san forálacha maidir le breith do thabhairt ar aighnis eireoidh idir fostóirí agus an t-údarás a bheidh ag riaradh an chiste.

(4) Féadfar aon scéim a déanfar fén alt so do leathnú no d'atharú le haon scéim a déanfar ina dhiaidh sin sa tslí chéanna, agus beidh éifeacht aici fé is dá mba san Acht so do hachtófaí í.

100

(5) Gach scéim a déanfar fén alt so leagfar í fé bhráid gach Tighe den Oireachtas láithreach agus má dheineann ceachtar Tigh acu laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis aon scéime den tsórt san do leagadh fé n-a bhráid rún do rith ag cur na scéime sin ar nea-mbrí beidh an scéim sin curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén scéim sin.

CEAD SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Cuid I

Siosón agus Caibideal no Uimhir agus Bliain

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

Edw. VII., c. 58.

An Workmen's Compensation Act, 1906.

An tAcht iomlán sa mhéid ná hathghairmtear é.

9 Edw. VII., c. 16.

An Workmen's Compensation (Anglo-French Convention) Act, 1909.

An tAcht iomlán.

1 & 2 Geo. V., c. 50.

An Coal Mines Act, 1911.

Alt 110.

8 & 9 Geo. V., c. 8.

An Workmen's Compensation (Illegal Employment) Act, 1918.

An tAcht iomlán.

8 & 9 Geo. V., c. 14.

An Workmen's Compensation (Silicosis) Act, 1918.

An tAcht iomlán.

Cuid II

Siosón agus Caibideal

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

7 & 8 Geo. V., c. 42.

An Workmen's Compensation (War Addition) Act, 1917.

An tAcht iomlán.

9 & 10 Geo. V., c. 83.

An Workmen's Compensation (War Addition) Amendment Act, 1919.

An tAcht iomlán.

DARA SCEIDEAL.

Rialacha chun Cuitimh d'Aireamh i gCasanna Bais.

1. Má fhágann an t-oibrí ina dhiaidh aon chleithiúnaí fásta do bhí i lán chleithiúnas ar a thuilleamh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, fé réir Rialach 5 den Sceideal so, maidir leis an gcnapshuim do dhaoine fásta, sé sin le rá:—

(a) fé réir forálacha míre (b) den riail seo, isé is cnap-shuim do dhaoine fásta ann ná an tsuim is mó acu so leanas, sé sin le rá:—

(i) suim £200, no

(ii) suim is có-ionann leis an suim is lugha acu so leanas, sé sin le rá:—

I. suim £300,

II. suim is có-ionann le tuilleamh an oibrí sin i bhfostaíocht an aon fhostóra amháin i rith na dtrí mblian díreach roimh an díobháil ba thrúig bháis do no, má ba ghiorra ná na trí bliana san tréimhse fhostaíochta an oibrí sin ag an bhfostóir sin, ansan suim is có-ionann le hiolrú fé chéad go leith ar mheán-tuilleamh seachtainiúil an oibrí sin i rith tréimhse a fhostaíochta fén bhfostóir sin;

(b) más rud é go mbeadh an chnap-shuim do dhaoine fásta níos mó ná £200 dá mba do réir mhíre (a) den riail seo do háirmheofaí í agus go ndearnadh aon íocaíochtaí seachtainiúla leis an oibrí roimh a bhás isé is cnap-suim do dhaoine fásta ann ná an tsuim is mó acu so leanas, sé sin le rá:—

(i) suim £200;

(ii) an deifríocht do bheadh idir an chnap-shuim do dhaoine fásta, agus í d'áireamh do réir na míre sin (a), agus méid na n-íocaíocht seachtainiúil sin.

2. Mara bhfágaidh an t-oibrí sin ina dhiaidh aon chleithiúnaí fásta do bhí i lán-chleithiúnas ar a thuilleamh, ach go bhfágfaidh ina dhiaidh aon chleithiúnaí fásta do bhí i gcleithiúnas amhlaidh go leathrannach, ansan, fé réir Rialach 5 den Sceideal so, isé is cnap-shuim do dhaoine fásta ann ná pé suim, nách mó i gcás ar bith ná méid na cnap-shuime do dhaoine fásta do bheadh iníoctha fén riail deiridh sin roimhe seo dá mbeadh an cleithiúnaí fásta san i lán-chleithiúnas ar an tuilleamh san, a shocróidh an Chúirt do bheith réasúnta agus do réir mhéide na díobhála don chleithiúnaí fhásta san no, má fhágann an t-oibrí beirt chleithiúnaithe fásta no níos mó ina dhiaidh, do sna cleithiúnaithe sin.

3. (1) Má fhágann oibrí cleithiúnaí óg no cleithiúnaithe óga ina dhiaidh agus go raibh an cleithiúnaí sin no na cleithiúnaithe sin uile i lán-chleithiúnas ar a thuilleamh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, fé réir Rialach 5 den Sceideal so, maidir leis an gcnap-shuim do leanbhaí, sé sin le rá:—

(a) ní raghaidh an chnap-shuim do leanbhaí gcás ar bith thar sé chéad púnt;

(b) má bhíonn an cúiteamh có-dhéanta den chnap-shuim do leanbhaí agus den chnap-shuim do dhaoine fásta le chéile agus ná beidh ach aon chleithiúnaí óg amháin ann isé is cnap-shuim do leanbhaí ann ná suim is cóionann leis an méid do gheobhfar tré £2 1s. 8d. d'iolrú fé uimhir is có-ionann leis an líon de mhíosa caileandair iomlána bheidh idir dáta báis an oibrí agus an dáta ar a slánóidh an cleithiúnaí óg san a chúig bliana déag;

(c) má bhíonn an cúiteamh có-dhéanta den chnap-shuim do leanbhaí agus den chnap-shuim do dhaoine fásta le chéile agus go mbeidh beirt chleithiúnaithe óga no níos mó ann, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) i gcás gan ach beirt chleithiúnaithe óga do bheith ann, isé is cnap-shuim do leanbhaí ann ná suim is có-ionann le hiomlán na méideanna so leanas, sé sin le rá:—

I. an méid do gheobhfar tré £3 6s. 8d. d'iolrú fé uimhir is có-ionann leis an líon de mhíosa caileandair iomlána bheidh idir dáta báis oibrí agus an dáta ar a slánóidh an té is sine de sna cleithiúnaithe óga san a chúig bliana déag, agus

II. an méid a gheobhfar tré £2 1s. 8d. d'iolrú fé uimhir is có-ionann leis an líon de mhíosa caileandair iomlána bheidh idir an dáta ar a slánóidh an té is sine de sna cleithiúnaithe óga san a chúig bliana déag agus an dáta ar a slánóidh an té is óige de sna cleithiúnaithe óga san an aois sin;

(ii) i gcás gan ach triúr cleithiúnaithe óga do bheith ann isé is cnap-shuim do leanbhaí ann ná suim is cóionann le hiomlán na méideanna so leanas, sé sin le rá:—

I. an méid do gheobhfar tré £3 15s. 0d. d'iolrú fé uimhir is có-ionann leis an líon de mhíosa caileandair iomlána bheidh idir dáta báis an oibrí agus an dáta ar a slánóidh an té is sine de sna cleithiúnaithe óga san a chúig bliana déag, agus

II. an méid do gheobhfar tré £3 6s. 8d. d'iolrú fé uimhir is có-ionann leis an líon de mhíosa caileandair iomlána bheidh idir an dáta ar a slánóidh an té is sine de sna cleithiúnaithe óga san a chúig bliana déag agus an dáta ar a slánóidh an dara duine de sna cleithiúnaithe óga san an aois sin, agus

III. an méid do gheobhfar tré £2 1s. 8d. d'iolrú fé uimhir is có-ionann leis an líon de mhíosa caileandair iomlána bheidh idir an dáta ar a slánóidh an dara duine de sna cleithiúnaithe óga san a chúig bliana déag agus an dáta ar a slánóidh an té is óige de sna cleithiúnaithe óga san an aois sin;

(iii) i gcás gan ach ceathrar cleithiúnaithe óga do bheith ann, isé is cnap-shuim do leanbhaí ann ná suim is có-ionann le hiomlán na méideanna so leanas, sé sin le rá:—

I. an méid do gheobhfar tré £4 3s. 4d. d'iolrú fé uimhir is có-ionann leis an líon de mhíosa caileandair iomlána bheidh idir dáta báis an oibrí agus an dáta ar a slánóidh an té is sine de sna cleithiúnaithe óga san a chúig bliana déag, agus

II. an méid do gheobhfar tré £3 15s. 0d. d'iolrú fé uimhir is có-ionann leis an líon de mhíosa caileandair iomlána bheidh idir an dáta ar a slánóidh an té is sine de sna cleithiúnaithe óga san a chúig bliana déag agus an dáta ar a slánóidh an dara duine de sna cleithiúnaithe óga san an aois sin, agus

III. an méid do gheobhfar tré £3 6s. 8d. d'iolrú fé uimhir is có-ionann leis an líon de mhíosa caileandair iomlána bheidh idir an dáta ar a slánóidh an dara duine de sna cleithiúnaithe óga san a chúig bliana déag agus an dáta ar a slánóidh an tríú duine de sna cleithiúnaithe óga san an aois sin, agus

IV. an méid do gheobhfar tré £2 1s. 8d. d'iolrú fé uimhir is có-ionann leis an líon de mhíosa caileandair iomlána bheidh idir an dáta ar a slánóidh an tríú duine de sna cleithiúnaithe óga san a chúig bliana déag agus an dáta ar a slánóidh an té is óige de sna cleithiúnaithe óga san an aois sin;

(iv) i gcás cúigear cleithiúnaithe óga no níos mó do bheith ann, isé is cnap-shuim do leanbhaí ann ná suim is có-ionann le hiomlán na méideanna so leanas, sé sin le rá:—

I. an méid do gheobhfar tré £4 3s. 4d. d'iolrú fé uimhir is có-ionann leis an líon de mhíosa caileandair iomlána bheidh idir dáta báis an oibrí agus an dáta ar a slánóidh an té is sine den cheathrar is óige de sna cleithiúnaithe óga san a chúig bliana déag, agus

II. an méid do gheobhfar tré £3 15s. 0d. d'iolrú fé uimhir is có-ionann leis an líon de mhíosa caileandair iomlána bheidh idir an dáta ar a slánóidh an té is sine den cheathrar is óige de sna cleithiúnaithe óga san a chúig bliana déag agus an dáta ar a slánóidh an dara duine den cheathrar is óige de sna cleithiúnaithe óga san an aois sin, agus

III. an méid do gheobhfar tré £3 6s. 8d. d'iolrú fé uimhir is có-ionann leis an líon de mhíosa caileandair iomlána bheidh idir an dáta ar a slánóidh an dara duine den cheathrar is óige de sna cleithiúnaithe óga san a chúig bliana déag agus an dáta ar a slánóidh an tríú duine den cheathrar is óige de sna cleithiúnaithe óga san an aois sin, agus

IV. an méid do gheobhfar tré £2 1s. 8d. d'iolrú fé uimhir is có-ionann leis an líon de mhíosa caileandair iomlána bheidh idir an dáta ar a slánóidh an tríú duine den cheathrar is óige de sna cleithiúnaithe óga san a chúig bliana déag agus an dáta ar a slánóidh an té is óige de sna cleithiúnaithe óga san an aois sin;

(d) mara mbeidh sa chúiteamh ach an chnap-shuim do leanbhaí agus ná beidh ach aon chleithiúnaí óg amháin ann isé is cnap-shuim do leanbhaí ann ná an méid is mó acu so leanas, sé sin le rá:—

(i) an méid do gheobhfar tré £2 1s. 8d. d'iolrú fé uimhir is có-ionann leis an líon de mhíosa caileandair iomlána bheidh idir dáta báis an oibrí agus an dáta ar a slánóidh an cleithiúnaí óg san a chúig bliana déag, no

(ii) an méid do bheadh sa chnap-shuim do dhaoine fásta ar n-a háireamh fé Riail 1 den Sceideal so dá mb'í an chnap-shuim do dhaoine fásta an cúiteamh no dá mba chuid den chúiteamh an chnap-shuim sin;

(e) mara mbeidh sa chúiteamh ach an chnap-shuim do leanbhaí agus go mbeidh beirt chleithiúnaithe óga no níos mó ann, isé is cnap-shuim do leanbhaí ann ná an méid is mó acu so leanas, sé sin le rá:—

(i) an méid do bheadh sa chnap-shuim do leanbhaí ar n-a háireamh fé fho-mhír (b) den mhír seo dá mbeadh an cúiteamh có-dhéanta den chnap-shuim do dhaoine fásta agus den chnap-shuim do leanbhaí le chéile, no

(ii) an méid do bheadh sa chnap-shuim do dhaoine fásta ar n-a háireamh fé Riail 1 den Sceideal so dá mb'í an chnap-shuim do dhaoine fásta an cúiteamh no dá mba chuid den chúiteamh an chnapshuim sin.

(2) Déanfar tagairtí sa Riail seo don dáta ar a slánóidh cleithiúnaí óg a chúig bliana déag do léiriú mar thagairtí don dáta ar a slánóidh an cleithiúnaí óg san a chúig bliana déag mara bhfuighe sé bás roimhe sin.

4. Má fhágann an t-oibrí cleithiúnaí óg no cleithiúnaithe óga ina dhiaidh agus go raibh an cleithiúnaí óg no na cleithiúnaithe óga san no éinne acu i gcleithiúnas leathrannach ar thuilleamh an oibrí, ansan, fé réir Rialach 5 den Sceideal so, isé is cnap-shuim do leanbhaí ann ná pé cionúireacht a shocróidh an Chúirt do bheith réasúnta den tsuim do bheadh iníoctha fén riail deiridh sin roimhe seo dá mbeadh an cleithiúnaí óg san no na cleithiúnaithe óga san uile i lán-chleithiúnas ar thuilleamh an oibrí.

5. (1) Má rinneadh aon íocaíochtaí seachtainiúla dob iníoctha le hoibrí d'fhuascailt le hordú ón gCúirt no tré chó-aontú do rinneadh fén Acht so no má fuascladh, tré chó-aontú do rinneadh fén Acht so, an fhreagarthacht in íocaíochtaí seachtainiúla do dhéanamh no más rud é, i gcás fostóir do shéanadh a fhreagarthachta in íocaíocht sheachtainiúil do dhéanamh le hoibrí fén Acht so, go ndearna an fostóir sin agus an t-oibrí sin có-aontú fén Acht so le n-a ndearna an t-oibrí sin, i gcomaoin an fostóir sin d'íoc cnap-shuime leis an oibrí sin, an fostóir sin do shaoradh o n-a fhreagarthacht (má b'ann di) sna híocaíochtaí seachtainiúla san do dhéanamh agus más lugha ná sé chéad púnt an méid do híocadh alos na fuascailte no an tsaortha san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) mara mbeidh sa chúiteamh i mbás an oibrí sin ach an chnap-shuim do dhaoine fásta no an chnap-shuim do leanbhaí laigheadófar an chnap-shuim do dhaoine fásta no an chnap-shuim do leanbhaí (pe'ca aca é) oiread agus is có-ionann leis an méid do híocadh alos na fuascailte no an tsaortha san;

(b) má bhíonn an cúiteamh san có-dhéanta den chnap-shuim do dhaoine fásta agus den chnap-shuim do leanbhaí le chéile déanfar an tsuim do híocadh alos na fuascailte no an tsaortha san do roinnt ina dhá páirt go mbeidh an cothrom céanna eatorra bheidh idir an chnap-shuim do dhaoine fásta agus an chnap-shuim do leanbhaí agus déanfar méid is có-ionann leis an bpáirt is mó acu san do bhaint as an gceann is mó de sna cnapshuimeanna san agus méid is có-ionann leis an bpáirt eile acu san do bhaint as an gceann is lugha de sna cnap-shuimeanna san.

(2) Má bhíonn an cúiteamh is iníoctha i mbás oibrí có-dhéanta den chnap-shuim do dhaoine fásta agus den chnap-shuim do leanbhaí le chéile agus gur mó ná sé chéad púnt iomlán na gcnapshuimeanna san, agus iad laigheaduithe fé mhír (1) den Riail seo más gá san sa chás, déanfar an deifríocht idir suim sé chéad púnt agus an t-iomlán san do roinnt ina dhá páirt go mbeidh an cothrom céanna eatorra bheidh idir an chnap-shuim do dhaoine fásta agus an chnap-shuim do leanbhaí agus déanfar méid is cóionann leis an bpáirt is mó aca san do bhaint as an gceann is mó de sna cnap-shuimeanna san agus méid is có-ionann leis an bpáirt eile aca san do bhaint as an gceann is lugha de sna cnapshuimeanna san.

TRIU SCEIDEAL.

Rialacha chun meid Iocaiochtai Seachtainiula d'Aireamh.

1. Sna Rialacha so—

cialluíonn an abairt “meán-tuilleamh seachtainiúil roimh an tionóisc” maidir le hoibrí meán-tuilleamh seachtainiúil an oibrí i rith na bliana díreach roimh an tionóisc má bhí sé an fhaid sin ar fostú ag an aon fhostóir amháin ach, mara raibh, ansan i rith aon tréimhse níos giorra ná san, díreach roimh an tionóisc, do bhí sé ar fostú ag an aon fhostóir amháin;

cialluíonn an abairt “meán-mhéid seachtainiúil tar éis na tionóisce” maidir le hoibrí an meán-mhéid seachtainiúil a bheidh á thuilleamh aige no is féidir do a thuilleamh i bhfostaíocht no gnó éigin oiriúnach tar éis na tionóisce.

2. Ní raghaidh an íocaíocht sheachtainiúil i gcás ar bith thar triocha scilling.

3. I gcásanna mí-chumais iomláin is mar leanas a bheidh an íocaíocht sheachtainiúil i rith tréimhse an mhí-chumais iomláin:—

(a) marar mhó ná púnt meán-tuilleamh seachtainiúil an oibrí roimh an tionóisc, suim is có-ionann le hochtó per cent. den tuilleamh san;

(b) má ba mhó ná púnt meán-tuilleamh seachtainiúil an oibrí roimh an tionóisc, suim is có-ionann le cúig seachtód per cent. den tuilleamh san no suim sé scillinge déag, pé suim acu san is mó.

4. Is mar leanas a bheidh an íocaíocht sheachtainiúil i gcásanna mí-chumais leathrannaigh:—

(a) maran mó ná púnt an deifríocht idir an meán-tuilleamh seachtainiúil roimh an tionóisc agus an meán-tuilleamh seachtainiúil tar éis na tíonóisce, suim is có-ionann le cúig seachtód per cent. den deifríocht san, agus

(b) más mó ná púnt an deifríocht idir an meán-tuilleamh seachtainiúil roimh an tionóisc agus an meán-mhéid seachtainiúil tar éis na tionóisce, suim is có-ionann le hochtó per cent. den deifríocht san.

CEATHRU SCEIDEAL.

Taible ina dTaisbeantar Praghas Blianachta £1 ar Shaoi Amhain.

An Aois do bhí ag an mBlianachtaí Beartuithe ar a Lá Beireatais deiridh

Praghas Blianachta £1

Fir

Mná

 

£

s. 

 d.

£

s. 

 d.

21

bliana

...

...

...

24

0

 11

25

0

9

22

,,

...

...

...

23

17

0

24

17

0

23

,,

...

...

...

23

13

0

24

13

2

24

,,

...

...

...

23

8

 11

24

9

3

25

,,

...

...

...

23

4

 10

24

5

3

26

,,

...

...

...

23

0

7

24

1

3

27

,,

...

...

...

22

16

3

23

17

2

28

,,

...

...

...

22

11

9

23

13

0

29

,,

...

...

...

22

7

3

23

8

9

30

,,

...

...

...

22

2

7

23

4

6

31

,,

...

...

...

21

17

 10

23

0

2

32

,,

...

...

...

21

13

0

22

15

9

33

,,

...

...

...

21

8

0

22

11

3

34

,,

...

...

...

21

2

 11

22

6

8

35

,,

...

...

...

20

17

9

22

2

0

36

,,

...

...

...

20

12

5

21

17

3

37

,,

...

...

...

20

6

 11

21

12

6

38

,,

...

...

...

20

1

4

21

7

6

39

,,

...

...

...

19

15

7

21

2

6

40

,,

...

...

...

19

9

9

20

17

5

41

,,

...

...

...

19

3

9

20

12

2

42

,,

...

...

...

18

17

7

20

6

 10

43

,,

...

...

...

18

11

4

20

1

5

44

,,

...

...

...

18

5

0

19

15

9

45

,,

...

...

...

17

18

5

19

10

0

46

,,

...

...

...

17

11

8

19

4

2

47

,,

...

...

...

17

4

 10

18

18

1

48

,,

...

...

...

16

17

 10

18

11

 11

49

,,

...

...

...

16

10

7

18

5

7

CUIGIU SCEIDEAL.

Foralacha i dTaobh iocaiochtai d'Ioc isteach sa Chuirt agus i dTaobh Suncala.

1. Fé réir Rialacha Cúirte agus forálacha an Sceidil seo déanfaidh an Chúirt aon tsuim, seachas an chnap-shuim do leanbhaí, a híocfar isteach sa Chúirt fén Acht so do shúncáil no do chur chun críche, no déanfaidh ní eile léi, ar pé slí is oiriúnach leis an gCúirt féin, chun tairbhe don té bheidh ina teideal fén Acht so.

2. Má éagann duine ar bith (dá ngairmtear cleithiúnaí marbh sa mhír seo agus sa chéad mhír ina dhiaidh seo) a bheidh, mar chleithiúnaí, i dteideal airgid gurb é an chnap-shuim do dhaoine fásta do híocadh isteach sa Chúirt fén Acht so é no gur cuid den chnap-shuim sin é, ansan, mara mbeidh aon ordú déanta roimhe sin ag an gCúirt i dtaobh an céanna do chur chun tairbhe do chleithiúnaithe eile i gcás báis an chleithiúnaí mhairbh sin, féadfaidh an Chúirt, fé réir forálacha na céad mhíre ina dhiaidh seo, agus san gan a chur mar cheangal go mbunófaí ionadaíocht d'estát an chleithiúnaí mhairbh sin, an tsuim sin do roinnt ar pé daoine is léir don Chúirt, o pé fianaise le n-a mbeidh an Chúirt sásta, do bheith i dteideal do réir dlí an céanna d'fháil no, más nea-dhlisteanach an cleithiúnaí marbh san agus go n-éagfaidh gan uacht do dhéanamh, ar pé daoine is dóich leis an gCúirt do bheadh ina theideal dá mba dhlisteanach an cleithiúnaí marbh san agus, mara mbeidh daoine ar bith ann is léir do bheith i dteideal amhail mar adubhradh no do bheadh i dteideal amhail mar adubhradh (pe'ca aca é), íocfaidh an Chúirt an tsuim sin leis an Aire Airgid chun í d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste.

3. Más mó ná céad púnt luach colna estáit chleithiúnaí mhairbh beidh aon tsuim, a híocfar fén mír sin roimhe seo gan promháid ná litreacha riaracháin do thaisbeáint, ionchurtha fé dhiúité estáit mar chuid den mhéid ar a n-éileofar an diúité sin agus, roimh aon íocaíocht den tsórt san do dhéanamh di, cuirfidh an Chúirt mar cheangal go ndéanfaidh an t-éilitheoir no duine de sna héilitheoirí dearbhú reachtúil nách fiú níos mó ná céad púnt luach colna estáit an chleithiúnaí mhairbh sin, agus an tsuim a bheidh i gceist d'áireamh, tar éis na bhfiach agus costaisí na sochraide do bhaint as, no go dtaisbeánfar litir no deimhniú o sna Coimisinéirí Ioncuim á rá gur híocadh na diúitéthe uile dob iníoctha alos na suime bheidh i gceist no ná fuil aon diúité iníoctha uirthi.

4. (1) Má bhíonn beirt chleithiúnaithe óga no níos mó i dteideal tairbhe na cnap-shuime do leanbhaí déanfaidh an Chúirt, tar éis di méid an chéanna do shocrú, an chnap-shuim sin do roinnt ar na cleithiúnaithe óga san do réir an lín de mhíosa caileandair iomlána bheidh idir dáta a roinnte amhlaidh agus an dáta ar a slánódh gach duine de sna cleithiúnaithe óga san fé seach a chúig bliana déag.

(2) Déanfar tagairtí sa Sceideal so do chion cleithiúnaí óig do léiriú—

(a) má bhíonn beirt chleithiúnaithe óga no níos mó i dteideal tairbhe na cnap-shuime do leanbhaí, mar thagairtí don méid den chnap-shuim do leanbhaí dáileofar fén mír seo do gach cleithiúnaí óg acu san agus a bheidh gan cur chun críche de thurus na huaire;

(b) mara mbeidh ach cleithiúnaí óg amháin i dteideal tairbhe na cnap-shuime do leanbhaí, mar thagairtí don méid den chnap-shuim do leanbhaí bheidh gan cur chun críche de thurus na huaire.

5. (1) Ordóidh an Chúirt cion gach cleithiúnaí óig fé leith d'íoc amach chun tairbhe don chleithiúnaí óg san i rith na tréimhse bheidh idir an dáta ar a ndéanfar amach cion an chleithiúnaí óig sin ar dtúis agus an dáta ar a slánóidh an cleithiúnaí óg san a chúig bliana déag.

(2) Le linn í do dhéanamh orduithe go n-íocfar cion no cuid de chion aon chleithiúnaí óig féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar an íocaíocht san i dtráthchoda de mhéideanna cothroma no neachothroma go tráth-rialta no ar dhátaí ceaptha agus féadfaidh a ordú go scuirfear d'aon tráthchoda den tsórt san d'íoc i gcionn téarma ceapfar no ar thárlachtaint do ní luadhfar san ordú san.

6. Má thárlann do chleithiúnaí óg a bheidh i dteideal ceana (dá ngairmtear an cion céad-luaidhte sa mhír seo) bás d'fháil agus é fé bhun cúig bliana déag d'aois beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) mara bhfágaidh an cleithiúnaí óg san ina dhiaidh ach duine amháin fé bhun cúig bliana déag d'aois a bheidh i dteideal ceana (as an gcnap-shuim do leanbhaí gurbh aisti don chion chéad-luaidhte) cuirfear an cion céadluaidhte le cion an duine sin agus beidh ina chuid de;

(b) ma fhágann an cleithiúnaí óg san ina dhiaidh beirt no níos mó fé bhun cúig bliana déag d'aois agus gach duine acu i dteideal ceana (as an gcnap-shuim do leanbhaí gurbh aisti don chion chéad-luaidhte) déanfaidh an Chúirt an cion céad-luaidhte do roinnt ar na daoine sin do réir méid a mbun-cheanacha fé seach agus déanfar an méid a dáileofar d'aon duine acu do chur le n-a bhun-chion agus beidh ina chuid de;

(c) mara bhfágaidh an cleithiúnaí óg san ina dhiaidh duine ar bith fé bhun cúig bliana déag d'aois a bheidh i dteideal ceana (as an gcnap-shuim do leanbhaí gurbh aisti don chion chéad-luaidhte) déanfar an cion céadluaidhte sin d'íoc leis an ngaol is goire don chleithiúnaí óg san.

7. Má bhíonn cion no cuid de chion chleithiúnaí óig súncálta de thurus na huaire déanfar airgead ar bith a thiocfaidh as an súncáil sin do chur leis an gcion san agus beidh ina chuid de.

8. Féadfar socrú do dhéanamh le Rialacha Cúirte chun airgid a híocfar isteach sa Chúirt fén Acht so d'aistriú o Bhreitheamh den Chúirt Chuarda chun Breithimh eile den Chúirt Chuarda.

9. Suim ar bith a hordófar fén Sceideal so do shúncáil féadfaidh an clárathóir contae í go léir no cuid di do shúncáil i mBanc Taisce Oifig an Phuist no i gCairteacha Coigiltis ina ainm féin mar chlárathóir chontae.

10. Suim ar bith a bheidh le súncáil amhlaidh féadfaidh an tAire Puist agus Telegrafa glacadh léi mar thaisce in ainm an chlárathóra chontae mar chlárathóir chontae agus, na forálacha d'aon reacht no rialacháin a bhaineann le teoranta taiscí i mbancanna taisce agus leis an dearbhú is déanta do thaisceoir, ní bhainfid le suimeanna den tsórt san.

11. Ní déanfar cuid ar bith d'aon airgead a bheidh súncálta in ainm chlárathóra chontae i mBanc Taisce Oifig an Phuist no i gCairteacha Coigiltis fén Acht so d'íoc amach ach amháin ar údarás a bheidh dírithe chun an Aire Puist agus Telegrafa ag Breitheamh den Chúirt Chuarda no ag an gclárathóir contae sin.

12. Duine ar bith do gheobhaidh aon tsochar as airgead ar bith a bheidh súncálta i mbanc taisce post-oifige fé fhorálacha an Achta so, féadfaidh, dá ainneoin sin, cuntas d'oscailt i mbanc taisce post-oifige no i mbanc taisce ar bith eile ina ainm féin gan aon phionóisí do bheith ionchurtha air a forchuirtear le haon achtachán maidir le cuntaisí d'oscailt i dhá mbanc taisce no maidir le dhá chuntas san aon bhanc taisce amháin.

SEU SCEIDEAL.

Galair Thionnscail.

Tuairisc an Ghalair

Tuairisc an Phróisis

(1)

(2)

Antrax     ...     ...     ...     ...     ...

Olann, fionnadh, guairí, seithí agus croicne do láimhsiú.

Nimhiú o luaidh, no a iarsmaí     ...

Próiseas ar bith gur gá luaidh no ullmhóidí no cumaisc luaidhe d'úsáid ann.

Nimhiú o airgead bheo, no a iarsmaí

Próiseas ar bith gur gá airgead beo no ullmhóidí no cumaisc airgid bheo d'úsáid ann.

Nimhiú o fhospor, no a iarsmaí     ...

Próiseas ar bith gur gá fospar no ullmhóidí no cumaisc fospuir d'úsáid ann.

Nimhiú o airsin no a iarsmaí     ...

Próiseas ar bith gur gá airsin no ullmhóidí no cumaisc airsine d'úsáid ann.

Ankylostomiasis     ...     ...     ...

Mianadóireacht.

Nimhiú o bheinséin agus a aoinchinidhigh, no a iarsmaí.

Beinséin no aon cheann dá aoinchinidhigh do láimhsiú, no próiseas ar bith a bhaineann le n-a dhéanamh no gur gá é d'úsáid ann.

Nimhiú ó néalta níotrúla no a iarsmaí.

Próiseas ar bith ina ngeintear néalta níotrúla.

Dermatítis de dheascaibh deannaigh no leacht.

--

Canncar epiteliomátúil no othrasú an chroicinn de dheascaibh tarra, pice, biothamhna, íle minearáil no pairifin, no aon chumaisc, toraidh no iarmhair d'aon tsubstaint acu san.

Tarra, pic, biothamhain, íle mhinearáil no pairifín, no aon chumasc, toradh no iarmhar d'aon tsubstaint acu san do láimhsiú no d'úsáid.

Fionn ar oibritheoirí gloine     ...

Próiseas ar bith a bhaineann le gloine do dhéanamh agus gur gá bheith fé dhian-lonnradh gloine leaghta ann.

Más rud é, do réir rialacha speisialta no rialachán do rinneadh fé aon Reacht Briotáineach no Acht den Oireachtas chun daoine ar fostú in aon tionnscal do chosaint ar bhaol a nimhithe o luaidh, gur gá go ndéanfadh máinliaigh deimhniúcháin no máinliaigh eile roinnt no gach éinne de sna daoine ar fostú i bpróisisí áirithe luaidhtear sna rialacha speisialta no sna rialacháin do scrúdú go tréimhsiúil, ansan, le linn an Sceidil seo do chur i mbaint leis an tionnscal san, folóidh an abairt “próiseas” na próisisí luaidhtear amhlaidh agus iad san amháin mara n-orduighidh an tAire a mhalairt.