10 1934


Uimhir 10 de 1934.


ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1934.


ACHT CHUN NA hACHTANNA FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923 GO 1933, DO BHUANÚ. [22adh Márta, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Buanú ar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1933.

1. —Leanfaidh na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1933, i bhfeidhm go dtí an 31adh lá d'Iúl, 1934, agus raghaid in éag ansan.

Gearr-theideal agus léiriú.

2. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1934 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1933, agus féadfar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1934, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.