24 1934


Uimhir 24 de 1934.


ACHT IASCAIGH (UISCÍ TAOIDE), 1934.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN AN CHIRT PHUIBLÍ IASCAIGH IN UISCÍ TAOIDE, GUR CREIDEADH IASCACH AR LEITHLIGH NO IASCACH AON-CHIRT DO BHEITH IONTA AGUS INAR hUSAIDEADH SAN MAR CHEART ROIMHE SEO, DO RIALÁIL AGUS DO STIÚRADH AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I gCÓIR NITHE EILE BHAINEAS NO GHABHAS LEIS NA NITHE ROIMH- RAITE. [21adh Meitheamh, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an focal “gnáth-cheadúnas” ceadúnas ar n-a thabhairt amach fén Fisheries (Ireland) Act, 1848;

nuair a húsáidtear an focal “bliain” gan teora do chur leis cialluíonn sé bliain chaileandair;

gach focal agus abairt eile a húsáidtear san Acht so agus a húsáidtear freisin sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925, tá leo fé seach san Acht so na bríonna céanna atá leo sna hAchtanna san.

Uiscí taoide le n-a mbaineann an tAcht so.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgid, a dhearbhú o am go ham, le hordú, go mbaineann an tAcht so le huiscí taoide aon abhann no inbhir áirithe gur creideadh iascach ar leithligh no iascach aon-chirt do bheith ionta agus inar húsáideadh san mar cheart ar feadh fiche blian ar a laighead roimh an 1adh lá d'Eanar, 1933, ach—

(a) go ndearnadh, maidir leis na huiscí taoide sin, tar éis an 1adh lá d'Eanar, 1933 (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) a chinneadh i gcúrsa breithiúnais i gcúirt dlighinse inniúla ná raibh aon iascach ar leithligh no iascach aon-chirt sna huiscí taoide sin, no

(b) an duine d'fheidhmigh mar cheart, an 1adh lá d'Eanar, 1933, an t-iascach ar leithligh no an t-iascach aonchirt sin sna huiscí taoide sin, na habrann seisean ná ná habrann duine ar bith eile, maidir leis na huiscí taoide sin, iascach ar leithligh no iascach aon-chirt do bheith aige ná do bheith á úsáid aige mar cheart sna huiscí sin.

(2) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so luadhfar ann na huiscí taoide, go n-a dteoranta, go dtugann an t-ordú san le tuiscint é do bheith ag cur an Achta so i mbaint leo agus, chó fada agus théigheann an líomatáiste le n-a mbainfidh an tAcht so, beidh an t-ordú san ina ordú dheiridh gan aon dul thairis d'ainneoin aon deifríocht do bheith idir achar na n-uiscí taoide mar a luaidhtear a dteoranta san san ordú san agus achar na n-uiscí taoide ina raibh iascach ar leithligh no iascach aon-chirt á úsáid roimhe sin.

(3) Gach ordú déanfar fé sna forálacha san roimhe seo den alt so déanfaidh, faid a bheidh an t-ordú san gan ceiliúradh agus fé réir aon leasuithe air fé sna forálacha san ina dhiaidh seo den alt so, déanfaidh an tAcht so do chur i mbaint agus d'fheidhmiú maidir leis na huiscí taoide bheidh luaidhte, go n-a dteoranta, san ordú san.

(4) Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgid, ceiliúradh no leasú do dhéanamh tráth ar bith, le hordú, ar aon ordú bheidh déanta aige roimhe sin fén alt so agus le n-a n-áirmhítear, maidir le leasú, ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so.

Ailt 8, 22 agus 29 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, d'athghairm go leathrannach.

3. —Scuirfidh ailt 8, 22 agus 29 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, mar a leasuítear san le haon achtacháin ina dhiaidh sin, scuirfid d'éifeacht do bheith acu maidir le húsáid do dhéanamh, in aon uiscí taoide le n-a mbaineann an tAcht so, d'innill, de líonta, d'ionstruimidí no d'fheistí chun breith ar bhradáin no ar bhric.

Ceadúnaisí áitiúla speisialta agus an diúité ceadúnais ortha san.

4. —(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, a údarú don bhord choimeádaithe gur laistigh dá gceanntar a bheidh uiscí taoide áirithe le n-a mbainfidh an tAcht so ceadúnaisí (dá ngairmtear ceadúnaisí áitiúla speisialta san Acht so) do thabhairt amach, is ceadúnaisí chun úsáide do dhéanamh sna huiscí taoide sin d'aon tsaghas áirithe innill, lín, ionstruimide no feiste (eadhon, inneall, líon, ionstruimid no feiste de shaghas go ndeintear gnáth-cheadúnaisí do thabhairt amach ina thaobh) chun breith ar bhradáin no ar bhric, agus ní déanfar aon cheadúnas áitiúil speisialta, chun úsáide do dhéanamh in uiscí taoide áirithe le n-a mbainfidh an tAcht so d'aon tsaghas innill, lín, ionstruimide no feiste chun breith ar bhradáin no ar bhric, ní déanfar san do thabhairt amach mara mbeifear tar éis ordú do dhéanamh fén alt so á údarú don bhord choimeádaithe gur laistigh dá gceanntar a bheidh na huiscí taoide sin ceadúnaisí áitiúla speisialta do thabhairt amach is ceadúnaisí chun úsáide do dhéanamh sna huiscí taoide sin den tsaghas san innill, lín, ionstruimide no feiste.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú á údarú ceadúnaisí áitiúla speisialta do thabhairt amach is ceadúnaisí chun úsáide do dhéanamh in uiscí taoide áirithe le n-a mbainfidh an tAcht so d'aon tsaghas áirithe innill, lín, ionstruimide no feiste chun breith ar bhradáin no ar bhric, déanfaidh, leis an ordú céanna agus le toiliú an Aire Airgid, an diúité ceadúnais do cheapadh a bheidh le n'íoc alos na gceadúnas san.

(3) Féadfar diúitéthe deifriúla ceadúnais do cheapadh fén alt so alos ceadúnaisí áitiúla speisialta chun úsáide do dhéanamh in uiscí taoide áirithe le n-a mbainfidh an tAcht so de shaghsanna deifriúla inneall, líon, ionstruimidí, no feistí chun breith ar bhradáin no ar bhric agus féadfar diúitéthe deifriúla ceadúnais do cheapadh fén alt so alos uiscí taoide deifriúla le n-a mbainfidh an tAcht so.

(4) An diúité ceadúnais a bheidh le ceapadh fén alt so alos ceadúnaisí áitiúla speisialta chun úsáide do dhéanamh de shaghas áirithe innill, lín, ionstruimide no feiste chun breith ar bhradáin no ar bhric ní bheidh sé níos lugha in aon chás ná an diúité ceadúnais is iníoctha fé sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925, alos gnáth-cheadúnaisí chun úsáide do dhéanamh d'inneall, de líon, d'ionstruimid no d'fheiste den tsaghas chéanna.

(5) Féadfar a shocrú in aon ordú fen alt so go ndéanfar, i gcás ceadúnais áitiúla speisialta chun bradán d'iascach le slat agus ruaim do dheonadh in aghaidh bliana ar bith do dhuine dá mbeidh gnáth-cheadúnas den tsaghas chéanna deonta in aghaidh na bliana san, go ndéanfar an diúité ceadúnais is iníoctha alos an cheadúnais áitiúla speisialta san do laigheadú triocha scilling.

(6) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, ordú do dhéanamh fén bhfo-alt so ag leasú aon orduithe bheidh déanta aige roimhe sin fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so) sa mhéid go mbaineann an t-ordú san le diúitéthe ceadúnais.

(7) San Acht so nuair a deintear an abairt “an diúité ceadúnais áitiúla speisialta oiriúnach” d'úsáid maidir le ceadúnas áitiúil speisialta chun úsáide do dhéanamh in uiscí taoide áirithe le n-a mbainfidh an tAcht so de shaghas áirithe innill, lín, ionstruimide no feiste chun breith ar bhradáin no ar bhric cialluíonn an abairt sin an diúité ceadúnais a bheidh ceaptha fén alt so alos ceadúnaisí áitiúla speisialta chun úsáide do dhéanamh sna huiscí taoide sin d'inneall, de líon, d'ionstruimid no d'fheiste den tsaghas san chun breith ar bhradáin no ar bhric.

Fuirm agus éifeacht cheadúnaisí áitiúla speisialta.

5. —(1) Maidir le gach ceadúnas áitiúil speisialta alos uiscí taoide áirithe le n-a mbainfidh an tAcht so—

(a) beidh sé sa bhfuirm sin agus beidh na mion-innste sin ann ordóidh an tAire;

(b) beidh sé séaluithe le séala an bhúird choimeádaithe don cheanntar gur laistigh de bheidh na huiscí taoide sin;

(c) luadhfa sé an bhliain gur ina haghaidh a tugtar amach an ceadúnas san.

(2) Déanfar ceadúnas áitiúil speisialta ar leithligh do thabhairt amach in aghaidh gach innill, lín, ionstruimide no feiste fé leith chun breith ar bhradáin no ar bhric.

(3) Gach ceadúnas áitiúil speisialta alos uiscí taoide áirithe le n-a mbainfidh an tAcht so déarfa sé agus déanfa sé a údarú don duine dá dtugtar an ceadúnas san amach úsáid do dhéanamh sna huiscí taoide sin, ar feadh na bliana gur ina haghaidh a tugtar an ceadúnas san amach, d'inneall, de líon, d'ionstruimid no d'fheiste, den tsaghas áirithe luaidhtear sa cheadúnas san, chun breith ar bhradáin no ar bhric, ach san fé réir forálacha na nAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925, agus aon ordú no fo-dhlí ar n-a ndéanamh fé sna hAchtanna san, agus fé réir an Achta so agus aon rialachán ar na ndéanamh fén Acht so.

Ceadúnaisí áitiúla speisialta do thabhairt amach.

6. —I gcás ina mbeidh sé údaruithe do bhord choimeádaithe le hordú ón Aire fén Acht so ceadúnaisí áitiúla speisialta do thabhairt amach is ceadúnaisí chun úsáide do dhéanamh in uiscí taoide áirithe, le n-a mbainfidh an tAcht so agus a bheidh in a gceanntar, d'aon tsaghas áirithe innill, lín, ionstruimide no feiste chun breith ar bhradáin no ar bhric, déanfaidh an bord san, ar dhuine ar bith d'iarraidh ortha ceadúnas áitiúil speisialta do thabhairt amach is ceadúnas chun úsáide do dhéanamh sna huiscí taoide sin d'inneall, de líon, d'ionstruimid no d'fheiste den tsaghas san chun breith ar bhradáin no ar bhric agus ar an duine sin d'íoc an diúité cheadúnais áitiúla speisialta oiriúnaigh leo, déanfaid, tré n-a gcléireach, an ceadúnas áitiúil speisialta san do thabhairt amach don duine sin.

Pionós alos duine neacheadúnuithe do dhéanamh iascaigh in uiscí taoide.

7. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith úsáid do dhéanamh in aon uiscí taoide áirithe le n-a mbainfidh an tAcht so d'aon tsaghas innill, lín, ionstruimide no feiste chun breith ar bhradáin no ar bhric maran sealbhóir an duine sin ar cheadúnas áitiúil speisialta bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire á údarú don duine sin inneall, líon, ionstruimid no feiste den tsaghas áirithe sin d'úsáid sna huiscí taoide sin.

(2) Má dheineann duine ar bith in aon uiscí taoide áirithe le n-a mbainfidh an tAcht so úsáid, contrárdha don alt so, d'aon inneall, líon, ionstruimid no feiste chun breith ar bhradáin no ar bhric, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear, i gcás ina mbeidh sé údaruithe ag an Aire ceadúnaisí áitiúla speisialta do thabhairt amach is ceadúnaisí chun úsáide do dhéanamh sna huiscí taoide sin d'inneall, de líon, d'ionstruimid no d'fheiste chun breith ar bhradáin no ar bhric is den tsaghas d'úsáid an duine sin amhlaidh, fíneáil do chur ar an duine sin nách mó ná trí oiread an diúité cheadúnais áitiúla speisialta oiriúnaigh alos na gceadúnaisí áitiúla speisialta san no, i gcás ar bith eile, fíneáil do chur air ná raghaidh thar caoga púnt.

(3) Déanfar, i gcás duine do chiontú i gcionta fén alt so, an líon, an t-inneall, an ionstruimid no an fheiste do húsáideadh i ndéanamh an chionta san do gheallbhruideadh agus (do réir mar ordóidh an chúirt) an céanna do dhíthiú no do dhíol, agus má díoltar é déanfar sochar an díola san do chur de láimh fé is dá mba fíneála ar n-a ngearradh alos ciontaí fén Acht so é.

Rialacháin i dtaobh sealbhóirí ceadúnaisí áitiúla speisialta do dhéanamh iascaigh.

8. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) na tráthanna ar a bhféadfaidh agus na háiteanna ina bhféadfaidh sealbhóirí ceadúnaisí áitiúla speisialta iascach do dhéanamh fé sna ceadúnaisí sin fé seach;

(b) ordúlacht do choimeád imeasc sealbhóirí ceadúnaisí áitiúla speisialta ag na huiscí taoide áirithe no ar na huiscí taoide áirithe le n-a mbaineann na ceadúnaisí sin.

(2) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar rialachán ar n-a dhéanamh fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

(3) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar neambrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Ceadúnaisí áitiúla speisialta do thaisbeáint.

9. —(1) Féadfaidh oifigeach ar bith don Aire, no oifigeach ar bith don bhord choimeádaithe gur laistigh dá gceanntar a bheidh aon uiscí taoide áirithe le n-a mbainfidh an tAcht so, no ball ar bith den Ghárda Síochána, a éileamh ar dhuine ar bith a bheidh ag iascach sna huiscí taoide sin no ag á mbeidh, sna huiscí taoide sin no in aice leo, aon inneall, líon, ionstruimid no feiste chun breith ar bhradáin no ar bhric, féadfaidh a éileamh ar an duine sin a cheadúnas áitiúil speisialta do thaisbeáint agus má dhiúltuíonn an duine sin no má theipeann air an ceadúnas san do thaisbeáint ar an láthair sin beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(2) Más rud é go ndéanfaidh duine ar bith ar a n-éileofar san go dleathach fén alt so a cheadúnas áitiúil speisialta do thaisbeáint ach go ndiúltóidh no go dteipfidh air leigint don oifigeach no don bhall den Ghárda Síochána dhéanfaidh an t-éileamh san an ceadúnas san do léigheamh beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Pé uair a dhiúltóidh duine ar bith no theipfidh ar dhuine ar bith ar a n-éileofar san go dleathach fén alt so a cheadúnas áitiúil speisialta do thaisbeáint no a thaisbeánfaidh an ceadúnas san ach go dteipfidh air leigint don oifigeach no don bhall den Ghárda Síochána dhéanfaidh an t-éileamh an ceadúnas san do léigheamh, féadfaidh an t-oifigeach no an ball san a ainm agus a sheoladh d'éileamh ar an duine sin, agus má dhiúltuíonn an duine sin no má theipeann air a ainm no a sheoladh do thabhairt uaidh no má bheireann uaidh ainm no seoladh bheidh bréagach no mí-threorach beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so.

(4) Duine ar bith a bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear ar a chiontú ann ar an slí achmair fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

(5) Duine ná déanfaidh, ar san d'éileamh air go dleathach fén alt so, a cheadúnas áitiúil speisialta do thaisbeáint, toisc nách sealbhóir ar cheadúnas áitiúil speisialta é, tuigfear é do theip air a cheadúnas áitiúil speisialta do thaisbeáint do réir bhrí an ailt seo.

Cuntaisí o shealbhóirí ceadúnaisí áitiúla speisialta.

10. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) na cuntaisí bheidh le tabhairt uatha ag sealbhóirí ceadúnaisí áitiúla speisialta;

(b) na daoine gur chúcha a cuirfear na cuntaisí sin;

(c) na tráthanna do bhéarfar na cuntaisí sin;

(d) na fuirmeacha ina dtabharfar na cuntaisí sin.

(2) Gach duine go gceanglófar air le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so aon chuntas do thabhairt uaidh agus ar a dteipfidh no dhiúltóidh an cuntas san do thabhairt uaidh do réir na rialachán san ar gach slí no chuirfidh in aon chuntas den tsórt san aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Ceadúnaisí áitiúla speisialta do gheallbhruideadh.

11. —(1) I gcás sealbhóra cheadúnais áitiúla speisialta do chiontú i gcionta fé sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925, no i gcionta fé aon ordú no fo-dhlithe ar n-a ndéanamh fé sna hAchtanna san, no in aon chionta fén Acht so, féadfaidh an chúirt a chiontóidh an duine sin, féadfaidh, i dteanta aon phionóis eile do chur air, a ordú an ceadúnas san do gheallbhruideadh.

(2) Má horduítear ceadúnas áitiúil speisialta do gheallbhruideadh fén alt so scuirfidh an ceadúnas san, leis sin, de bheith i bhfeidhm.

Sealbhóirí ceadúnaisí áitiúla speisialta do vótáil i dtoghacháin do choimeádaithe.

12. —(1) Chun crícheanna ailt 7 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, mar a leasuítear san le halt 13 den Fisheries (Ireland) Act, 1850, tuigfear gach duine go mbeifear tar éis ceadúnais áitiúla speisialta, alos uiscí taoide áirithe le n-a mbainfidh an tAcht so agus a bheidh i dtogh-roinn áirithe, do dheonadh dho in aghaidh bliana ar bith, tuigfear é bheith ceadúnuithe fén Fisheries (Ireland) Act, 1848, adubhradh, laistigh den togh-roinn sin an bhliain sin.

(2) Bainfidh alt 9 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, mar a leasuítear san le halt 8 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ), le gach duine is sealbhóir ar cheadúnas áitiúil speisialta in aghaidh bliana áirithe alos uiscí taoide áirithe, le n-a mbainfidh an tAcht so agus a bheidh i dtogh-roinn áirithe, fé mar a bhainfidh an t-alt san le gach duine bheidh tar éis diúité cheadúnais fén Fisheries (Ireland) Act, 1848, adubhradh, d'íoc laistigh den toghroinn sin agus ina haghaidh an bhliain sin, ach san fé réir an atharuithe seo leanas, sé sin le rá, go dtuigfear an sealbhóir sin do bheith tar éis íoca do dhéanamh, i dtaobh gach ceadúnais áitiúla speisialta den tsórt san a bheidh ar seilbh aige in aghaidh na bliana san alos na n-uiscí taoide sin, íoc i ndiúité ceadúnais de mhéid is có-ionann le méid an diúité cheadúnais do bheadh íoctha aige fé sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925, dá mbé bheadh sa cheadúnas áitiúil speisialta san ná gnáth-cheadúnas á údarú úsáid do dhéanamh d'inneall, de líon, d'ionstruimid no d'fheiste den tsaghas chéanna leis sin le n-a mbaineann an ceadúnas áitiúil speisialta san.

Búird choimeádaithe do dhéanamh íocaíochtaí leis an Aire.

13. —(1) I gcás búird choimeádaithe do thabhairt aon cheadúnaisí áitiúla speisialta amach aon mhí áirithe, déanfaidh an bord san, triocha lá ar a dhéanaí tar éis an mhí sin do bheith caithte, íoc leis an Aire, i dtaobh gach ceadúnais áitiúla speisialta do thugadar amach an mhí sin, i suim is có-ionann leis an deifríocht a bheidh idir—

(a) an diúité ceadúnais do bheadh íoctha fén sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925, i dtaobh an cheadúnais sin dá mbé bheadh sa cheadúnas áitiúil speisialta san ná gnáth-cheadúnas á údarú úsáid do dhéanamh d'inneall, de líon, d'ionstruimid no d'fheiste den tsaghas chéanna leis sin le n-a mbaineann an ceadúnas áitiúil speisialta san, agus

(b) an diúité ceadúnais áitiúla speisialta bheidh íoctha fén Acht so i dtaobh an cheadúnais áitiúla speisialta san.

(2) An t-airgead uile do gheobhaidh an tAire fén alt so déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Deontaisí do bhúird choimeádaithe áirithe.

14. —(1) Déanfaidh an tAire, i ngach bliain iascaigh, íoc amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le gach bord coimeádaithe 'na mbeidh aon uiscí taoide le n-a mbainfidh an tAcht so laistigh dá gceanntar i rith na bliana san no i rith coda den bhliain sin, íoc i méid is có-ionann leis an bpercentáiste sin, den tsuim ba luacháil iomlán fé dhlí na mbocht do sna hiascaigh sna huiscí taoide sin an 1adh lá d'Eanar, 1933, a ceaptar chun críche an ráta is inghearrtha in aghaidh na bliana san ar na hiascaigh eile sa cheanntar san fé alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ).

(2) Más deimhin leis an Aire go mbeidh, aon bhliain iascaigh áirithe, fáltaisí (agus an t-airgead is iníoctha an bhliain sin fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo d'áireamh) aon bhúird choimeádaithe áirithe 'na mbeidh aon uiscí taoide le n-a mbaineann an tAcht so laistigh dá gceanntar i rith na bliana san no i rith coda den bhliain sin, go mbeidh na fáltaisí sin neadhóthanach chun an chaiteachais fé n-a raghaidh an bord san an bhliain sin do ghlanadh féadfaidh, le toiliú an Aire Airgid, deontas nách mó ná an t-easnamh measta d'íoc leis an mbord san amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(3) Chun crícheanna an ailt seo is bliain iascaigh gach tréimhse acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) an tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1934, agus

(b) an tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1935.

Cad déanfar le hairgead a híocfar le búird choimeádaithe.

15. —Aon airgead a híocfar le bord coimeádaithe fén Acht so déanfaidh an bord san é do chur chun crícheanna na nAchtanna bhaineann le hiascach bradán agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus chun crícheanna an Achta so.

Scéith bhradán i dTuaisceart Éireann do chosaint.

16. —I gcás gurb é bheidh i gcuid d'abhainn ná uiscí taoide áirithe le n-a mbainfidh an tAcht so agus i gcás coda eile (is cuid ina scéitheann bradáin) den abhainn sin do bheith i dTuaisceart Éireann féadfaidh an bord coimeádaithe gur laistigh dá gceanntar a bheidh na huiscí taoide sin, féadfaid, le ceadú an Aire, pé socruithe no có-aontuithe do dhéanamh is dóich leo do bheith oiriúnach chun a chur in áirithe go ndéanfar bradáin agus bric agus a gcuid eochrach agus a gcuid bláthán do chosaint sa chuid sin den abhainn sin a bheidh i dTuaisceart Éireann agus féadfaid, chun críche na socrú no na gcó-aontú san, íocaíochtaí do dhéanamh amach as a gcistí.

Costaisí.

17. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Gearr-theideal agus ré.

18. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 , do ghairm den Acht so.

(2) Leanfaidh an tAcht so i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1935, agus raghaidh in éag ansan.