44 1934


Uimhir 44 de 1934.


ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (LEASÚ) (UIMH. 2), 1934.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH CHUN NÍOS MO NA AON CHEANNTAR SLÁINTE CONTAE AMHÁIN DO BHUNÚ I gCONTAE, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I gCÓIR NITHE DO LEANFADH AS AN mBUNU SAN NO DO BHAINFEADH LEIS, AGUS CHUN NA hACHTANNA RIALTAIS ÁITIÚLA, 1925 GO 1933, DO LEASÚ CHUN NA gCRÍCHEANNA SAN. [21adh Mí na Nodlag, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal, luadh agus léiriú.

1. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Leasú) (Uimh. 2), 1934 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 go 1934, do ghairm de sna Príomh-Achtanna agus den Acht so le chéile.

(3) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na Príomh-Achtanna.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an abairt “na Príomh-Achtanna” na hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 go 1933;

cialluíonn an abairt “Acht 1925” an t Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) .

Costaisí an Aire.

3. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Fiosrúcháin phuiblí.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, sara bhfeidhmeoidh aon chomhacht dá mbronntar air leis an Acht so, fiosrúchán puiblí do dhéanamh i dtaobh an ní go mbeidh an chomhacht san le feidhmiú ina thaobh amhlaidh.

(2) Beidh feidhm ag Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, maidir le gach fiosrúchán puiblí déanfar fén alt so den Acht so fé mar atá feidhm ag an Airtiogal san maidir leis na fiosrúcháin áitiúla luaidhtear ann.

CUID II.

Contaethe do Roinnt ina dha gCeanntar Slainte Contae no nios mo.

Orduithe roinnte.

5. —(1) Ar n-a iarraidh sin do chomhairle chontae uair ar bith (roimh an Acht so do rith no dá éis) féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ordú do dhéanamh (dá ngairmtear ordú roinnte san Acht so)—

(a) á dhearbhú go mbeidh, o thosach feidhme an orduithe sin, líon áirithe (nách lugha ná dhá cheann) de thuathcheanntair shláintíochta sa chontae sin, agus

(b) ag luadh na coda den chontae sin a bheidh i ngach tuathcheanntar sláintíochta fé leith dhíobh san agus is ionann agus gach tuath-cheanntar sláintíochta fé leith dhíobh agus, sa mhéid gur gá san, ag síneadh amach teorann gach tuath-cheanntair shláintíochta fé leith dhíobh, agus

(c) ag ceapadh lae, nách luaithe ná trí mhí tar éis dáta an orduithe sin, chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an orduithe sin.

(2) Tiocfaidh gach ordú roinnte i ngníomh an lá ceapfar leis an ordú san chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an chéanna.

Líon ball chomhairle contae d'atharú.

6. —(1) Pé uair a bheidh ordú roinnte déanta ag an Aire féadfa sé, más oiriúnach leis é, ar n-a iarraidh sin do chomhairle na contae le n-a mbainfidh an t-ordú roinnte sin, líon ball na comhairle sin d'atharú, i pé slí is oiriúnach leis, le hordú déanfar tráth ar bith roimh an lá is lá ceaptha chun crícheanna an orduithe roinnte sin.

(2) Gan an tOireachtas do dhaingniú orduithe dhéanfaidh an tAire fén alt so tiocfaidh an t-ordú san i ngníomh nuair a déanfar an chéad toghadh bheidh ann tar éis an lae cheaptha do bhaill na comhairle le n-a mbainfidh an t-ordú san agus beidh éifeacht ag an ordú san as san amach.

Togh-líomatáistí contae d'atharú.

7. —(1) Má bhíonn ordú roinnte déanta ag an Aire agus an scéal ar shlí no ar an dá shlí acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) ceann no cinn de sna togh-líomatáistí contae sa chontae le n-a mbainfidh an t-ordú roinnte sin do bheith, ar dháta an orduithe sin, go leathrannach i gceann agus go leathrannach i gceann no i gcinn eile de sna tuathcheanntair shláintíochta nua bunófar leis an ordú san, agus

(b) atharú do bheith déanta ag an Aire, fén gcomhacht a bronntar air chuige sin leis an Acht so, ar líon ball comhairle na contae sin,

déanfaidh an tAire, i bhfeidhmiú na gcomhacht a dílsítear ann chuige sin le halt 1 den Local Government (Ireland) Act, 1919, an chontae sin do roinnt as an nua ina togh-líomatáistí contae agus déanfaidh an roinnt sin i slí go mbeidh iomlán gach toghlíomatáiste contae sa chontae sin laistigh de cheann éigin de sna tuath-cheanntair shláintíochta nua san.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire, do réir an ailt seo, contae do roinnt ina togh-líomatáistí contae ceapfa sé an líon de bhaill chomhairle na contae sin a bheidh le toghadh do gach toghlíomatáiste contae fé leith acu.

Eifeacht Orduithe roinnte.

8. —Pé uair a bheidh ordú roinnte déanta ag an Aire beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, an lá is lá ceaptha chun crícheanna an orduithe sin agus dá éis, maidir leis an gcontae le n-a mbainfidh an t-ordú san, sé sin le rá:—

(a) an méid den chontae sin is tuath-cheanntar sláintíochta ar dháta an orduithe sin scuirfe sé de bheith ina thuath-cheanntar sláintíochta;

(b) bunófar sa chontae sin, de bhuadh an orduithe sin, an méid tuath-cheanntar sláintíochta bheidh luaidhte san ordú san, agus beidh i ngach tuath-cheanntar sláintíochta fé leith acu san an chuid den chontae sin a bheidh luaidhte chuige sin san ordú san;

(c) isí comhairle na contae sin a bheidh mar údarás sláintíochta do gach tuath-cheanntar sláintíochta fé leith dá mbunófar amhlaidh;

(d) beidh gach tuath-cheanntar sláintíochta fé leith acu san ina cheanntar shláinte chontae do réir bhrí na bPríomh-Achtanna agus bhéarfar mar ainm air “Ceanntar Sláinte . . .” (maraon le hainm na contae agus pé ainm aitheantais ordóidh an tAire);

(e) fé réir forálacha an Achta so beidh feidhm agus éifeacht ag na Príomh-Achtanna i ngach tuath-cheanntar sláintíochta agus ceanntar sláinte contae den tsórt san agus maidir leo fé is dá mba le hordú déanfaí fé fho-alt (2) d'alt 9 d'Acht 1925 a bunófaí an ceanntar san;

(f) má bhíonn bord sláinte puiblí sa chontae sin agus don chontae sin ar dháta an orduithe sin scuirfear an bord san agus ní bheidh sé ann feasta.

Búird sláinte cheanntracha nua.

9. —(1) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag Rialacha 1, 2, 6, 7 agus 8 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1925 maidir le bord sláinte ceanntair shláinte chontae a bunófar fén Acht so.

(2) Isé bheidh i mbord sláinte gach ceanntair shláinte chontae fé leith a bunófar fén Acht so—

(a) an lá is lá ceaptha chun crícheanna an orduithe roinnte bhaineann leis an gcás agus d'éis an lae sin go dtí an chéad chruinniú cinn bliana, a comórfar tar éis dáta an orduithe roinnte sin, de chomhairle na contae ina mbeidh an ceanntar sláinte contae sin suidhte, ná pé baill agus pe méid ball ordóidh an chomhairle sin agus a thoghfaid as a mbaill féin, agus

(b) ón gcéad chruinniú cinn bliana san agus dá éis, ná na baill den chomhairle sin a toghfar don togh-líomatáiste no do sna togh-líomatáistí contae bheidh sa cheanntar shláinte chontae sin.

CUID III.

Foralacha de dhruim Contae do roinnt ina Ceanntair Shlainte Chontae.

Feidhm agus léiriú na Coda so den Acht so.

10. —(1) Pé uair a bheidh ordú roinnte déanta ag an Aire tiocfaidh an Chuid seo den Acht so i ngníomh agus beidh feidhm agus éifeacht aige, maidir leis an gcontae le n-a mbainfidh an t-ordú san, an lá is lá ceaptha chun crícheanna an orduithe sin agus d'éis an lae sin agus, dá réir sin, tá leis na habairtí seo leanas, sna haltanna ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht so, na bríonna ceaptar dóibh fé seach anso ina dhiaidh seo, sé sin le rá:—

cialluíonn an abairt “an t-ordú roinnte” an t-ordú roinnte sin gurb é a dhéanamh fé ndeár an Chuid seo den Acht so do theacht i ngníomh;

cialluíonn an abairt “an chontae” an chontae le n-a mbainfidh an t-ordú roinnte sin;

cialluíonn an abairt “an chomhairle” comhairle na contae sin;

cialluíonn an abairt “an seana-cheanntar” an ceanntar sláinte contae bheidh sa chontae sin ar dháta an orduithe roinnte sin;

cialluíonn an abairt “an seana-bhord” an bord sláinte puiblí no an bord sláinte agus conganta phuiblí (pe'ca aca é) don cheanntar shláinte chontae bheidh sa chontae sin mar adubhradh;

cialluíonn an focal “ceanntar nua” ceanntar sláinte contae bheidh bunuithe do réir an orduithe roinnte sin;

cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá is lá ceaptha chun crícheanna an orduithe roinnte sin.

(2) Gan dochar ná díobháil d'oibriú agus d'éifeacht na forála den Acht so le n-a bhforáltar an tAcht so do léiriú mar éinní amháin leis na Príomh-Achtanna dearbhuítear leis seo go bhfuil an bhrí chéanna leis an bhfocal “có-cheanntar” sa Chuid seo den Acht so a cuirtear leis i bhfo-alt (2) d'alt 1 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 ( Uimh. 3 de 1927 ), agus go mbeidh éifeacht dá réir sin ag an bprovíso a ghabhann leis an bhfo-alt san.

Maoin seana-bhúird d'aistriú.

11. —(1) Gach maoin, réalta no pearsanta (agus rudaí-arfiunraoi d'áireamh), a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe sa tseana-bhord no dá gcuid féin acu no i seilbh ar iontaoibh dóibh agus gach ceart, comhacht, agus príbhléid a bhaineann no a ghabhann le haon mhaoin den tsórt san, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, dílsithe sa chomhairle agus dá gcuid féin acu no i seilbh ar iontaoibh dóibh, gan leithliú ná sannadh ar bith do dhéanamh ortha ach amháin go ndéanfar, i gcás inar gá é, iad d'aistriú i leabhair aon bhaine, corpráide, no cuideachtan, agus san uile chun an estáit, an téarma, no an leasa uile chun a mbeid, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe sa tseanabhord no dá gcuid féin acu no i seilbh ar iontaoibh dóibh, ach fé réir na n-iontaobhas agus na gcothrom uile dheineann deifir don chéanna agus a bheidh ar marthain agus ionchólíonta an tráth san.

(2) Aon mhaoin, ceart, comhacht no príbhléid a thiocfaidh chun bheith dílsithe sa chomhairle no dá gcuid féin acu no i seilbh ar iontaoibh dóibh, féadfaidh an chomhairle, le hordú fé n-a séala, san do leithliú no d'aistriú, an lá ceaptha no dá éis, chun an bhúird sláinte phuiblí no chun an bhúird sláinte agus chonganta phuiblí (pe'ca aca é) do cheanntar nua agus oibreoidh gach ordú den tsórt san mar leithliú no mar aistriú éifeachtúil ar an maoin, ar an gceart, ar an gcomhacht no ar an bpríbhléid sin do réir téarmaí an orduithe sin ach ní gá an t-ordú san do stampáil mar leithliú no mar aistriú ar mhaoin.

(3) Más bord sláinte agus conganta phuiblí an seana-bhord ní oibreoidh an t-alt so chun aon mhaoin, ceart, comhacht no príbhléid, do bhí in úsáid ag an seana-bhord i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna maidir le fóirithin na mbocht no do bhí dílsithe sa bhord san no i seilbh ar iontaoibh acu le húsáid sa bhfeidhmiú san, do leithliú ná d'aistriú chun na comhairle.

(4) Má eiríonn aon amhras, aighneas, no ceist i dtaobh ce'ca dheineann no ná deineann an fo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so aon mhaoin, ceart, comhacht no príbhléid áirithe d'eisceacht ón leithliú no ón aistriú dheineann an t-alt so isé an tAire bhéarfaidh breith ar an amhras, ar an aighneas no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar a bhreith ar an gcéanna.

Fiachaisí seana-bhúird d'aistriú.

12. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, na fiacha agus na fiachaisí go léir (ar a n-áimhítear stoc agus fiacha morgáiste agus fós fiachaisí nea-shocruithe d'éirigh as tortanna no as sáruithe connartha) a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dlite ar an seana-bhord no fé n-a ndeachadar agus a bheidh gan íoc no gan glanadh acu, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha agus dá éis, ina bhfiacha no ina bhfiachaisí ar an gcomhairle agus déanfaidh an chomhairle iad d'íoc no do ghlanadh agus féadfar iad do bhaint díobh no a chur fhiachaint ortha iad d'íoc dá réir sin.

(2) Más bord sláinte agus conganta phuiblí an seana-bhord ní oibreoidh an t-alt so chun aon fhiacha ná fiachas, fé n-a ndeachaidh an seana-bhord i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna maidir le fóirithin na mbocht, d'aistriú chun na comhairle.

(3) Má eiríonn aon amhras, aighneas, no ceist i dtaobh ce'ca dheineann no ná deineann an fo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so aon fhiacha no fiachas áirithe d'eisceacht ón aistriú chun na comhairle dheineann an t-alt so isé an tAire bhéarfaidh breith ar an amhras, ar an aighneas no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar a bhreith ar an gcéanna.

(4) An t-aistriú chun na comhairle dheineann an t-alt so ar aon fhiacha no fiachas ní dhéanfa sé deifir d'ionmhuirearacht chostaisí íoctha no glanta na bhfiacha no an fhiachais sin.

(5) I gcás an líomatáiste muirir do sna costaisí fé n-a raghaidh an chomhairle in íoc no i nglanadh fiacha no fiachais de chuid an tseana-bhúird do bheith có-theorannach le ceanntar nua no ar fad laistigh de cheanntar nua is tré bhord sláinte an cheanntair nua sin a déanfar agus isé an bord san a dhéanfaidh gach íocaíocht a dhéanfaidh an chomhairle in íoc no i nglanadh na bhfiacha no an fhiachais sin.

Líomatáistí muirir d'fhiachaisí seana-bhúird.

13. —(1) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir leis an líomatáiste muirir d'aon chostaisí fé n-a raghaidh an chomhairle in íoc fiachais de chuid an tseana-bhúird fé n-a ndeachthas i bhfeidhmiú Achtanna na Sclábhaithe (Éirinn), 1883 go 1931, (agus costaisí aisíoctha iasachtaí do fuarthas chun crícheanna na nAchtanna san d'áireamh), sé sin le rá:—

(a) más roimh an 1adh lá d'Abrán, 1933, do chuadhthas fén bhfiachas san cuirfear na costaisí sin de mhuirear ar an gceanntar nua ina mbeidh an líomatáiste ar ar muirearadh na costaisí sin ar an dáta ar a ndeachthas fútha amhlaidh; no, i gcás an líomatáiste sin do bheith i níos mó ná aon cheanntar nua amháin, ar na ceanntair nua san ina gcionúireachtaí do réir luacháil na coda den líomatáiste sin a bheidh i ngach ceanntar nua fé leith acu san fé seach;

(b) más ar an 1adh lá d'Abrán, 1933, no dá éis do chuadhthas fén bhfiachas san, ansan, an méid sin de sna costaisí sin fé n-a ndeachthas chun iostán do chur ar fáil i líomatáiste is cuid de cheanntar nua no maidir le haon iostáin do cuireadh ar fáil amhlaidh i líomatáiste den tsórt san, cuirfear iad de mhuirear ar an gceanntar nua san.

(2) Fé réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so agus fé réir aon choigeartuithe ar a gcó-aontófar fén Acht so agus gan dochar d'aon chomhacht chun líomatáiste mhuirir d'atharú is infheidhmithe de thurus na huaire fé aon Acht eile (pe'ca roimh an Acht so no dá éis do ritheadh é) déanfar, an lá ceaptha agus dá éis, costaisí aisíoctha aon fhiachais de chuid an tseana-bhúird a haistrítear chun na comhairle leis an gCuid seo den Acht so do chur de mhuirear ar an líomatáiste ar a raibh sé de mhuirear díreach roimh an lá ceaptha.

(3) Má eiríonn aon amhras, aighneas, no ceist i dtaobh an líomatáiste mhuirir do chostaisí aisíoctha aon fhiachais de chuid an tseana-bhúird a haistreofar chun na comhairle fén Acht so isé an tAire bhéarfaidh breith ar an amhras, ar an aighneas no an gceist sin agus ní bheidh dul thar a bhreith ar an gcéanna.

Orduithe íocaíochta seana-bhúird.

14. —Aon ordú íocaíochta bheidh tugtha amach ag an seanabhord agus ná beidh tíolaicthe chun a íoctha roimh an lá ceaptha no aon údarás a bheidh tugtha uaidh ag seana-bhord chun méid an orduithe íocaíochta san d'íoc ní bheidh sé nea-dhleathach ná ní déanfar deifir do toisc deireadh do chur leis an seana-bhord no aon cheann dá gcomhachta d'aistriú leis an Acht so agus déanfaidh an chomhairle socrú chun go n-íocfar gach ordú íocaíochta den tsórt san no, más bord sláinte agus conganta phuiblí an seana-bhord, gach ordú íocaíochta den tsórt san do bhéarfar amach chun fiachais do ghlanadh fé n-a ndeachthas chun críche ar bith eile seachas fóirithin na mbocht, ar é thíolacadh go cuibhe laistigh d'am réasúnta tar éis an lae cheaptha.

Comhachta speisialta seana-bhúird d'aistriú.

15. —(1) Gach comhacht, ceart, príbhléid, no údarás do bronnadh ar an seana-bhord no do dílsíodh ionta le haon chonnradh, có-aontú, no ceadúnas no fén gcéanna agus a bheidh ann díreach roimh an lá ceaptha tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, ar an lá ceaptha agus sa mhéid go mbeidh sé le feidhmiú i gceanntar nua no maidir le ceanntar nua no sa chó-cheanntar no maidir leis an gcó-cheanntar a bheidh có-theorannach le ceanntar nua no ina mbeidh ceanntar nua, aistrithe chun búird sláinte agus conganta phuiblí an cheanntair nua san agus dílsithe ionta agus as san amach beidh sé infheidhmithe ag an mbord san.

(2) Más bord sláinte agus conganta phuiblí an seana-bhord ní oibreoidh an t-alt so chun aistrithe do dhéanamh ar aon chomhacht, ceart, príbhléid no údarás a bheidh bronnta ar an seanabhord no dílsithe ionta i dtaobh feidhmiú a bhfeidhmeanna maidir le fóirithin na mbocht.

(3) Má éiríonn aon amhras, aighneas no ceist i dtaobh ce'ca dheineann no ná deineann an fo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so aon chomhacht, ceart, príbhléid no údarás áirithe d'eisceacht ón aistriú dheineann an t-alt so, isé an tAire bhéarfaidh breith ar an amhras, ar an aighneas no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar a breith ar an gcéanna.

Connartha leanúnacha do choimeád i bhfeidhm.

16. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, gach banna, urraíocht, no urrús eile de shaghas leanúnach do rinne an seana-bhord no do thugadar do dhuine eile no do rinne duine ar bith no do thug sé don tseana-bhord agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha agus gach connradh no có-aontú i scríbhinn do rinneadh idir an seana-bhord agus duine eile agus ná beidh feidhmithe go hiomlán an lá ceaptha, leanfaid i bhfeidhm an lá ceaptha agus dá éis d'ainneoin deireadh do chur leis an seana-bhord no comhachta d'aistriú ón seana-bhord (pe'ca aca é) leis an Acht so, ach sa mhéid go mbainfid le ceanntar nua no le có-cheanntar a bheidh có-theorannach le ceanntar nua no ina mbeidh ceanntar nua léireofar iad agus beidh éifeacht acu fé is dá gcuirtí ainm bhúird sláinte an cheanntair nua san isteach ionta in ionad ainme an tseana-bhúird agus beidh an t-urrús, an connradh no an có-aontú san ionfhoirfheidhmithe ag bord sláinte an cheanntair nua san agus ortha dá réir sin.

(2) Más bord sláinte agus conganta phuiblí an seana-bhord ní dhéanfaidh an t-alt so aon deifir do léiriú ná d'fhoirfheidhmiú aon urrúis, connartha, no có-aontuithe áirithe do rinne no le n-ar ghlac no fé n-a ndeachaidh an seana-bhord i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna maidir le fóirithin na mbocht.

(3) Má eiríonn aon amhras, aighneas no ceist i dtaobh ce'ca dheineann no ná deineann an fo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so cosc do chur leis an alt so do dhéanamh deifreach do léiriú no d'fhoirfheidhmiú aon urrúis, connartha no có-aontuithe áirithe isé an tAire bhéarfaidh breith ar an amhras, ar an aighneas no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar a bhreith ar an gcéanna.

Fo-dhlithe, etc., do bhuanú.

17. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, gach fo-dhlí, riail no rialachán a bheidh déanta go dleathach ag an seana-bhord roimh an lá ceaptha maidir le haon líomatáiste a bheidh no 'na mbeidh aon chuid de i gceanntar nua no i gcócheanntar a bheidh có-theorannach le ceanntar nua no ina mbeidh ceanntar nua agus a bheidh i bhfeidhm sa líomatáiste sin díreach roimh an lá ceaptha leanfa sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige an lá ceaptha agus dá éis sa méid sin den líomatáiste sin a bheidh laistigh den cheanntar nua no den chó-cheanntar san (pe'ca aca é) mar fho-dhlí, mar riail no mar rialachán (pe'ca aca é) do dhéanfadh bord sláinte an cheanntair sin an lá ceaptha maidir leis an líomatáiste sin no leis an gcuid sin fé seach go ceann a mbeidh gan caitheamh an uair sin den tréimhse dá ndearna an seana-bhord an céanna, agus dá réir sin féadfaidh bord sláinte an cheanntair nua san gach fo-dhlí, riail, agus rialachán den tsórt san do bhuanú, d'atharú, no do cheiliúradh agus pionóisí agus geallbhruideanna eireoidh dá ndruim an lá ceaptha no dá éis do bhaint amach agus d'fhoirfheidhmiú sa tslí chéanna ina bhféadfadh agus chó hiomlán agus d'fhéadfadh an seana-bhord an céanna do bhunú, d'atharú, do cheiliúradh, do bhaint amach, no d'fhoirfheidhmiú dá mba ná tiocfadh an t-ordú roinnte i bhfeidhm.

(2) Más bord sláinte agus conganta phuiblí an seana-bhord ní dhéanfaidh an t-alt so aon deifir d'oibriú aon fho-dhlí, rialach no rialacháin a bheidh déanta ag an seana-bhord i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna maidir le fóirithin na mbocht.

(3) Má eiríonn aon amhras, aighneas no ceist i dtaobh ce'ca dheineann no ná deineann an fo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so cosc do chur leis an alt so do dhéanamh deifreach d'oibriú aon fho-dhlí, rialach no rialacháin áirithe isé an tAire bhéarfaidh breith ar an amhras, ar an aighneas no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar a bhreith ar an gcéanna.

Rúin, etc., do bhuanú.

18. —Gach rún a bheidh rithte agus gach ordú bheidh déanta agus gach fógra bheidh seirbheálta ag an seana-bhord roimh an lá ceaptha i dtaobh ní ar bith seachas fóirithin na mbocht agus go mbeidh a n-oibriú no a n-éifeacht no a dtéarma gan bheith scurtha no caithte roimh an lá san, leanfaidh gach ceann acu i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige an lá ceaptha agus dá éis, sa mhéid go mbainfidh le haon cheanntar nua no le haon chó-cheanntar a bheidh có-theorannach le ceanntar nua no ina mbeidh ceanntar nua no sa mhéid go mbeidh éifeacht aige sa chéanna, fé is dá mba rún é do rithfeadh no ordú do dhéanfadh no fógra do sheirbheálfadh bord sláinte an cheanntair nua san ar an dáta ar ar rith no ar a ndearna no ar ar sheirbheáil an seana-bhord an céanna agus fé is dá mbeadh comhachta agus feidhmeanna an tseana-bhúird, maidir le nithe seachas fóirithin na mbocht, aistrithe cheana féin chun búird sláinte an cheanntair nua san ar an dáta deiridh a luaidhtear.

Imeachta dlí ar feitheamh do bhuanú.

19. —(1) I ngach aicsean, agra, cúiseamh no imeacht eile, maidir le haon chomhachta no feidhmeanna de chuid an tseanabhúird seachas comhachta agus feidhmeanna bhaineann le fóirithin na mbocht, a bheidh ar feitheamh an lá ceaptha in aon chúirt no bínse agus inar páirtí an seana-bhord tiocfaidh comharba no comharbaí an tseana-bhúird do réir bhrí an ailt seo chun bheith agus beidh sé no siad, an lá ceaptha, ina pháirtí no ina bpáirtithe (do réir mar a bheidh) san imeacht san in ionad an tseana-bhúird agus leanfar den imeacht san idir an comharba no na comharbaí sin agus na páirtithe eile inti dá réir sin agus ní thuitfidh aon imeacht den tsórt san ar lár ná ní heireofar aisti ná ní déanfar dochar di toisc deireadh do chur leis an seana-bhord.

(2) Chun crícheanna an ailt seo isí an chomhairle comharba an tseana-bhúird, agus gach bord sláinte do cheanntar nua bheidh, de bhuadh aon aistrithe déanfar ar chomhachta no ar fheidhmeanna leis an Acht so no fé, tagtha chun baint do bheith aige leis na himeachta bheidh i gceist agus dá dtagartar sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so no chun bheith i mbaol na himeachta san do dhéanamh deifreach do beidh sé sin freisin, chun na gcrícheanna san, ina chomharba don tseana-bhord.

(3) Isiad a bhéarfaidh breith ar gach amhras, aighneas no ceist i dtaobh ce'ca tá no ná fuil duine áirithe ina chomharba don tseana-bhord do réir bhrí an ailt seo ná an chúirt no an bínse ina mbeidh no gur ina láthair a bheidh an imeacht san ar feitheamh gur eirigh an t-amhras, an t-aighneas no an cheist sin ina taobh agus ní bheidh dul thar breith na cúirte no an bhínse sin ar an gcéanna.

Leabhair an tseana-bhúird do bheith ionghlactha i bhfianaise.

20. —(1) Gach leabhar agus scríbhinn eile go mbeidh orduithe no údaruithe don tseana-bhord, le haon reacht no fé, iad do choimeád agus do bheadh ionghlactha i bhfianaise díreach roimh an lá ceaptha déanfar, d'ainneoin deireadh do chur leis an seana-bhord no feidhmeanna d'aistriú ón seana-bhord leis an Acht so no fé, iad do ghlacadh i bhfianaise tar éis an lae cheaptha chó hiomlán is dá mba ná déanfaí an t-ordú roinnte.

(2) Pé uair a bheadh sliocht as lánas no deimhniú ar lánas aon leabhair no scríbhinne eile, go mbeidh orduithe no údaruithe don tseana-bhord, le haon reacht no fé, é do choimeád, i bhfeidhmiú aon fheidhmeanna seachas fóirithin na mbocht, ionghlactha mar fhianaise ar an lánas san díreach roimh an lá ceaptha ach an sliocht no an deimhniú san do bheith fíoruithe ar shlí áirithe ag oifigeach áirithe don tseana-bhord, déanfar sliocht as lánas no deimhniú ar lánas an leabhair no na scríbhinne sin, ach san do bheith fíoruithe ar an slí áirithe sin ag an oifigeach don chomhairle no do bhord sláinte ceanntair nua is có-ionann leis an oifigeach áirithe sin, do ghlacadh an lá ceaptha agus dá éis mar fhianaise ar an lánas san sa mhéid chéanna go ndéanfaí an sliocht no an deimhniú san a céad-luaidhtear do ghlacadh amhlaidh dá mba ná déanfaí an t-ordú roinnte.

Cuntaisí an tseana-bhúird d'iniúchadh.

21. —(1) Déanfar na cuntaisí ar fháltaisí agus ar chaiteachas uile an tseana-bhúird agus oifigeacha fé seach an tseana-bhúird go dtí an lá ceaptha d'iniúchadh chó luath agus is féidir é tar éis an lae sin agus déanfar, bainfear amach agus foirfheidhmeofar nea-lomhála, formhuirir, muirir agus pionóisí maidir leis na cuntaisí, leis na fáltaisí agus leis an gcaiteachas san sa tslí céanna, sa mhéid gur féidir é, ina ndéanfaí san dá mba ná déanfaí an t-ordú roinnte.

(2) Gach oifigeach don tseana-bhord dar dualgas aon chuntaisí ar fháltaisí no ar chaiteachas an tseana-bhúird do dhéanamh suas no cuntas do thabhairt in aon chuid díobh tuigfear, go dtí go gcríochnófar iniúchadh cuntaisí na bhfáltas agus an chaiteachais sin go dtí an lá ceaptha agus chun crícheanna an iniúchta san, é do leanúint in oifig agus é bheith de cheangal air na dualgaisí céanna do chólíonadh agus na cuntaisí céanna do thabhairt uaidh agus an fhreagarthacht chéanna do bheith air fé is ná déanfaí an t-ordú roinnte.

Forálacha i dtaobh oifigeacha don tseana-bhord.

22. —(1) Déanfaidh an seana-bhord scéim (dá ngairmtear an scéim san alt so) d'ullamhú, lá nách déanaí ná dhá mhí roimh an lá ceaptha, ag déanamh socruithe, i gcás gach oifigigh don tseana-bhord, chun a sheirbhíse do bhunú no chun deireadh do chur léi an lá ceaptha no dá éis agus nuair a bheidh an scéim ullamhuithe amhlaidh cuirfidh an seana-bhord chun an Aire í agus cuirfid in úil do gach oifigeach den tsórt san na nithe bheidh beartuithe ina thaobh sa scéim.

(2) Déanfar socrú leis an scéim i dtaobh gach oifigigh le n-a mbainfidh—

(a) chun an oifigigh sin do bhuanú i seirbhís bhúird sláinte cheanntair de sna ceanntair nua san oifig do bhí aige díreach roimh an lá ceaptha no in oifig chó-réire go ndualgaisí có-réire, no

(b) chun an oifigigh sin do cheapadh, do réir dlí agus le n-a thoil, chun oifige i seirbhís bhúird sláinte cheanntair nua no i seirbhís na Comhairle, no

(c) chun an oifigigh sin do chur as oifig.

(3) Má deintear leis an scéim oifigeach do bhuanú in oifig i seirbhís bhúird sláinte cheanntair nua no é do cheapadh chun oifige i seirbhís aon bhúird den tsórt san no i seirbhís na Comhairle agus ná tógfaidh dualgaisí na hoifige sin a chuid aimsire go léir féadfar freisin, fé réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, an t-oifigeach san do bhuanú in oifig no oifigí eile no é do cheapadh chun oifige no oifigí eile i seirbhís an bhúird sin no i seirbhís aon bhúird sláinte eile cheanntair nua no i seirbhís na Comhairle agus féadfar socrú do dhéanamh dá réir sin leis an scéim.

(4) Isé an tAire bhéarfaidh breith ar gach aighneas i dtaobh ce'ca tá no ná fuil oifig i gcó-réir le hoifig eile no dualgaisí oifige i gcó-réir le dualgaisí oifige eile no i dtaobh ce'ca thógann no ná tógann dualgaisí oifige aimsir uile oifigigh do réir bhrí an ailt seo agus ní bheidh dul thar a bhreith ar an gcéanna.

(5) Féadfaidh oifigeach ar bith don tseana-bhord, lá nách déanaí ná mí roimh an lá ceaptha, a chur in úil don Aire go bhfuil sé i gcoinnibh na nithe atá beartuithe ina thaobh sa scéim.

(6) Daingneoidh an tAire an scéim, roimh an lá ceaptha, go pé atharuithe (más aon cheann é) is dóich leis is ceart do dhéanamh uirthi (tré chur léi no tré fhágaint ar lár no ar shlí eile).

(7) Beidh éifeacht ag an scéim, mar a bheidh sí daingnithe ag an Aire fén alt so, an lá ceaptha agus dá éis, agus dá réir sin déanfar gach oifigeach le n-a mbainfidh an scéim do bhuanú in oifig no do cheapadh chun oifige no do chur as oifig do réir a mbeidh beartuithe sa scéim agus í daingnithe amhlaidh.

(8) Chun crícheanna na n-achtachán a bhaíneann le haoisliúntas agus le cúiteamh mar gheall ar chailiúint oifige tuigfear, roimh an lá ceaptha, gach oifigeach a cuirfear as oifig do réir an ailt seo do bheith curtha as oifig ag an seana-bhord agus, tar éis an lae cheaptha, é do bheith curtha as oifig ag an gcomhairle agus san (i ngach cás) ar chúis eile seachas mí-iompar no mí-ábaltacht.

Orduithe coigeartuithe.

23. —(1) Má bhíonn aon fheidhm de chuid an tseana-bhúird á fheidhmiú roimh an lá ceaptha maidir le líomatáiste ná beidh ar fad in aon cheanntar nua amháin agus, chun go bhféadfar an fheidhm sin d'fheidhmiú go cuibhe tar éis an lae cheaptha, gur gá éinní no aon rud do choigeartú agus ná deintear aon tsocrú ar aon tslí eile leis an Acht so i dtaobh an choigeartuithe sin féadfaidh an tAire ordú coigeartuithe (dá ngairmtear ordú coigeartuithe san Acht so) do dhéanamh ag coigeartú an ní no an ruda san.

(2) Féadfar ordú coigeartuithe do dhéanamh roimh an lá ceaptha no dá éis ach ní thiocfaidh aon ordú coigeartuithe i ngníomh roimh an lá ceaptha.

(3) Féadfaidh forálacha d'aon tsórt acu so leanas bheith in ordú coigeartuithe, sé sin le rá:—

(a) forálacha chun dhá bhord sláinte no níos mó do cheanntair nua do chó-úsáid mhaoine;

(b) forálacha chun búird sláinte cheanntair nua d'fheidhmiú feidhmeanna maidir le ceanntar nua eile ar pé téarmaí is dóich leis an Aire is réasúnta;

(c) forálacha chuirfidh mar cheangal ar bhord sláinte ceanntair nua íocaíochtaí do dhéanamh le bord sláinte ceanntair nua eile;

(d) forálacha chun na comhairle féin d'fheidhmiú aon fheidhme de chuid an tseana-bhúird agus ag ceapadh an líomatáiste mhuirir maidir leis an bhfeidhmiú san;

(e) i gcás comhacht do bheith ag an seana-bhord no dualgas do bheith ortha daoine do thoghadh no d'ainmniú chun bheith ina mbaill de chólucht phuiblí eile, forálacha chun na comhachta no an dualgais sin do roinnt idir dhá bhord sláinte no níos mó do cheanntair nua agus chun a chinneadh cadé an méid daoine den tsórt san a thoghfaidh no ainmneoidh gach bord fé leith den tsórt san fé seach;

(f) ag déanamh socruithe i dtaobh éinní no aon ruda eile is dóich leis an Aire is gá chun na feidhme sin de chuid an tseana-bhúird le n-a mbainfidh an t-ordú coigeartuithe d'fheidhmiú go cuibhe agus go héifeachtúil tar éis an lae cheaptha.

(4) Sara ndéanfaidh an tAire ordú coigeartuithe bhéarfa sé fógra míosa ar a laighead don chomhairle agus (más tar éis an lae cheaptha déanfar an t-ordú coigeartuithe) do gach bord sláinte ceanntair nua dá ndéanfaidh an t-ordú san deifir á rá go bhfuil sé chun an t-ordú coigeartuithe do dhéanamh, agus breithneoidh aon chúis a phléifidh an chomhairle no aon bhord den tsórt san leis i rith an mhí sin.

(5) Gach foráil a cuirfear go dleathach in ordú coigeartuithe beidh lán-fheidhm agus lán-éifeacht reachtúil aici ar theacht i ngníomh don ordú choigeartuithe sin agus dá éis.